Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0163

Cás C-163/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Mercantil N° 7 de Barcelona – an Spáinn) – AD agus páirtithe eile v PACCAR Inc, DAF TRUCKS NV, DAF Trucks Deutschland GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Slánú an damáiste arna dhéanamh trí chleachtas a bhfuil cosc air faoi Airteagal 101(1) CFAE – Socruithe claonpháirteacha maidir le praghsanna a shocrú agus méadú ar ollphraghsanna ar thrucailí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) – Treoir 2014/104/AE – Rialacha lena rialaítear caingne le haghaidh damáistí sa dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh – Airteagal 22(2) – Infheidhmeacht ratione temporis – An chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) – Coincheap na fianaise ábhartha i seilbh an chosantóra nó tríú páirtí – Airteagal 5(2) – Fianaise áirithe nó catagóirí ábhartha fianaise a sholáthar ar bhonn sonraí fíorasacha a bhfuil fáil orthu go réasúnta – Airteagal 5(3) – Scrúdú ar chomhréireacht na hiarrata ar fhianaise a sholáthar – Leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus tríú páirtithe a chothromú – Raon feidhme na n-oibleagáidí a leanann ó na forálacha sin)

IO C 7, 9.1.2023, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

9.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 7/5


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Mercantil No 7 de Barcelona – an Spáinn) – AD agus páirtithe eile v PACCAR Inc, DAF TRUCKS NV, DAF Trucks Deutschland GmbH

(Cás C-163/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Slánú an damáiste arna dhéanamh trí chleachtas a bhfuil cosc air faoi Airteagal 101(1) CFAE - Socruithe claonpháirteacha maidir le praghsanna a shocrú agus méadú ar ollphraghsanna ar thrucailí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) - Treoir 2014/104/AE - Rialacha lena rialaítear caingne le haghaidh damáistí sa dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh - Airteagal 22(2) - Infheidhmeacht ratione temporis - An chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) - Coincheap na fianaise ábhartha i seilbh an chosantóra nó tríú páirtí - Airteagal 5(2) - Fianaise áirithe nó catagóirí ábhartha fianaise a sholáthar ar bhonn sonraí fíorasacha a bhfuil fáil orthu go réasúnta - Airteagal 5(3) - Scrúdú ar chomhréireacht na hiarrata ar fhianaise a sholáthar - Leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus tríú páirtithe a chothromú - Raon feidhme na n-oibleagáidí a leanann ó na forálacha sin)

(2023/C 7/06)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado Mercantil no 7 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AD agus páirtithe eile

Cosantóirí: PACCAR Inc, DAF TRUCKS NV, DAF Trucks Deutschland GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

baineann an tagairt a dhéantar inti d’fhianaise ábhartha i seilbh an chosantóra nó tríú páirtí freisin le fianaise ar chóir don pháirtí leis a sheoltar an iarraidh ar sholáthar fianaise a chruthú ex novo, tríd an bhfaisnéis, an t-eolas nó na sonraí atá ina sheilbh a thiomsú nó a rangú, faoi réir dhianchomhlíonadh Airteagal 5(2) agus (3) den Treoir sin, lena gcuirtear oibleagáid ar na cúirteanna náisiúnta a bhfuil cás faoina mbráid soláthar fianaise a theorannú don mhéid atá ábhartha, comhréireach agus a bhfuil gá leis, agus leasanna dlisteanacha agus cearta bunúsacha an pháirtí sin á gcur san áireamh.


(1)  IO C 252 an 28.06.2021


Top