EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG0421(01)

Conclúidí ón gComhairle maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a fheabhsú, go háirithe soghluaisteacht Eorpach, le linn a n-oideachais agus a n-oiliúna tosaigh agus inseirbhíse 2022/C 167/02

ST/7923/2022/INIT

OJ C 167, 21.4.2022, p. 2–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 167/2


Conclúidí ón gComhairle maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a fheabhsú, go háirithe soghluaisteacht Eorpach, le linn a n-oideachais agus a n-oiliúna tosaigh agus inseirbhíse

(2022/C 167/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

I gCOMHTHÉACS AN MHÉID SEO A LEANAS:

1.   

Na Conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha (1) don todhchaí, ina n-iarrtar ar na Ballstáit institiúidí oideachais agus oiliúna a spreagadh chun soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a leabú (2) ina gcuid straitéisí foghlama, forbartha agus idirnáisiúnúcháin.

2.   

An Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030), lena mbunaítear mar an dara tosaíocht straitéiseach aige “foghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách”, lena n-áirítear do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí múinteoirí agus mar an tríú tosaíocht straitéiseach aige “inniúlachtaí agus inspreagadh a fheabhsú i ngairm an oideachais”.

3.   

Gealltanas Sóisialta Porto an 7 Bealtaine 2021, atá bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a fógraíodh ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg 2017 agus lena n-iarrtar infheistíocht a dhéanamh i scileanna, i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus in oiliúint a fhreagraíonn ar riachtanais an gheilleagair agus na sochaí, chun an sprioc 60 % ar a laghad d’Eorpaigh a bheith ag dul faoi oiliúint gach bliain a bhaint amach, faoi 2030.

4.   

Na Conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas a chur chun cinn do chách, ina n-iarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais múinteoirí go háirithe san oideachas riachtanas speisialta agus i dtimpeallachtaí ilchultúrtha agus ilteangacha. Is féidir leis an tsoghluaisteacht tionchar dearfach bheith aici ar ghanntanais múinteoirí tríd an ngairm a dhéanamh níos tarraingtí.

An cúlra polaitiúil Á MHEABHRÚ DI, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é,

I bhFIANAISE AN MHÉID SEO A LEANAS:

5.   

Tuarascáil Eurydice 2021: “Teachers in Europe: Careers, Development and Well-being” [Múinteoirí san Eoraip: Gairmeacha, Forbairt agus Dea-bhail], na príomhthorthaí seo a leanas go háirithe:

a)

Cuireann an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta le forbairt raon leathan inniúlachtaí i measc múinteoirí. However, only a minority of teachers in Europe have been abroad for professional purposes. In 2018, 40.9 % of teachers in the EU had been mobile at least once as a student, as a teacher, or both [Mar sin féin, ní raibh ach mionlach de mhúinteoirí san Eoraip thar lear ar chúiseanna gairmiúla. In 2018, bhí 40.9 % de mhúinteoirí san Aontas ag taisteal uair amháin ar a laghad mar mhac léinn, mar mhúinteoir, nó sa dá cháil sin araon] (3). Tá difríochtaí suntasacha sa ráta rannpháirtíochta idir tíortha Eorpacha, agus idir na hábhair a mhúintear freisin, toisc gur rómhinic fós an tsoghluaisteacht a bheith ina saincheart ag múinteoirí teanga. Léiríonn treochtaí sa tsoghluaisteacht múinteoirí laistigh den chlár Erasmus+ freisin go nglacann formhór na múinteoirí páirt i gcúrsaí thar lear, agus nach minic a bhaintear leas as postscáthú i scoileanna ná poist mhúinteoireachta in ainneoin an tionchair níos láidre a bhíonn acu (4).

b)

Tá sé tábhachtach go mbeadh an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta mar chuid d’oideachas tosaigh múinteoirí. Chomh maith leis an tairbhe a bhaineann léi don mhúinteoir ionchasach, mar gheall ar an tsoghluaisteacht sin, méadaítear rannpháirtíocht sa tsoghluaisteacht ag amanna eile le linn a ghairme. Mar sin féin, níl soghluaisteacht múinteoirí ionchasacha le linn a gcuid staidéir coitianta. In 2018, níor thuairiscigh ach thart ar an gcúigiú cuid de mhúinteoirí meánscoile sóisearaí (20.9 %) san Aontas go ndeachaigh siad thar lear le linn a gcuid staidéar. Cuirtear soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí chun cinn agus tugtar urraíocht di ar leibhéal an Aontais agus féadfaidh sí tacaíocht a fháil ó scéimeanna cistiúcháin ar an leibhéal náisiúnta freisin.

6.   

Na príomhbhaic ar shoghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí, lena n-áirítear saincheisteanna airgeadais agus aitheantais.

a)

Maidir le múinteoirí ionchasacha agus oiliúnóirí, is fiú a thabhairt ar aire go laghdaítear luach na scéimeanna soghluaisteachta uaireanta de bharr deacrachtaí lena n-aithint go hacadúil. Ní féidir i gcónaí, i ngeall ar chláir oideachais na múinteoirí, tréimhsí soghluaisteachta a chaitheamh thar lear. Ina theannta sin, ní bhíonn oiliúnóirí i gcónaí páirteach i dtréimhsí soghluaisteachta [...] ar feadh gach leibhéal dá gcuid oideachais. D’fhéadfaí nach n-aithneofaí na cúntóireachtaí múinteoireachta agus oiliúna is féidir a dhéanamh i dtíortha Eorpacha eile mar dhlúthchuid d’oideachas tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí, go háirithe mar thaithí atá comhionann le hoiliúint ionscoile in institiúid náisiúnta oideachais agus oiliúna.

b)

I gcás múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme, áirítear ar na baic freagrachtaí teaghlaigh agus deacrachtaí maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí ionaid a shocrú.

c)

Thairis sin, is saincheist trasghearrtha í an easpa inniúlachtaí teanga.

d)

Ina theannta sin, tá leibhéal suntasach rialála ar an leibhéal náisiúnta i ngairm na múinteoireachta agus tá difríochtaí i struchtúrú na mblianta scoile idir na Ballstáit. Cé gur comhartha é sin ar éagsúlacht agus ar shaibhreas na gcóras náisiúnta oideachais agus oiliúna san Aontas, d’fhéadfadh sin bac a chur ar oiliúint ionscoile a eagrú, mar shampla, postscáthú, cúntóireacht nó post múinteoireachta.

7.   

Na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, lenar léiríodh gur gá sealbhú agus úsáid scileanna agus inniúlachtaí digiteacha sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim a chur san áireamh in oideachas agus oiliúint tosaigh agus inseirbhíse múinteoirí agus oiliúnóirí. Maidir le cineálacha cumaiscthe gníomhaíochta lena gcomhcheanglaítear soghluaisteacht fhisiciúil le foghlaim fhíorúil nó le malartú ar líne, cuirtear na dálaí a ghabhann le forbairt den sórt sin chun cinn agus is féidir dea-chleachtais a mhalartú.

AITHNÍONN SÍ AN MÉID SEO A LEANAS:

8.   

Is iad na múinteoirí agus na hoiliúnóirí bunchloch an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO) agus tá ról ríthábhachtach acu inár sochaí. Is barrrshamhail iad múinteoirí agus oiliúnóirí d’éascaíocht sealbhaithe eolais agus luachanna agus de chur chun cinn na saoránachta gníomhaí do gach foghlaimeoir. Ionas go gcothófar cuimsiú, cothromas, oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán, nuálaíocht oideolaíoch agus torthaí foghlaimeoirí níos fearr, ní mór do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a bheith ina ngairmithe ardcháilithe agus ardspreagtha agus ní mór [...] do lucht bainistíochta na scoile tacú leo.

9.   

Rannchuidíonn malartuithe tuairimí agus taithí i measc piaraí agus dlúthchomhar idir múinteoirí agus oiliúnóirí, chomh maith le staidéar agus/nó taithí oibre thar lear, go mór le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus oiliúnóirí ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna.

10.   

Tá an tsoghluaisteacht ar cheann de na príomheilimintí le aghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha. Is cabhair í chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna atá os comhair na mBallstát maidir le gairm na múinteoireachta. Go háirithe, le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha táthar ag súil go ndéanfar an méid seo a leanas:

a)

cur le forbairt phearsanta agus acadúil múinteoirí agus oiliúnóirí, agus a bhféinmhuinín a chothú ag an am céanna;

b)

feabhas a chur ar chleachtas gairmiúil múinteoirí agus oiliúnóirí agus ar a n-eolas, scileanna agus inniúlachtaí oideolaíocha, agus ar a n-inoiriúnaitheacht, infhostaitheacht agus forbairt gairme;

c)

cabhrú le múinteoirí agus le hoiliúnóirí acmhainneacht a fhorbairt chun tionchar a imirt ar na cleachtais ina n-institiúidí oideachais agus oiliúna féin, agus sa chóras oideachais agus oiliúna i gcoitinne, agus na cleachtais sin a fheabhsú;

d)

cur le mealltacht ghairm na múinteoireachta.

11.   

Anuas ar na héifeachtaí dearfacha a bhíonn ag an tsoghluaisteacht ar spreagadh, eolas, scileanna agus inniúlachtaí agus ar chonairí gairmiúla múinteoirí agus oiliúnóirí, téann an tsoghluaisteacht Eorpach go háirithe chun tairbhe freisin do chórais náisiúnta oideachais agus oiliúna agus d’fhéadfadh sí iad a fheabhsú ós rud go ndéanann sí an méid seo a leanas:

a)

treisíonn sí acmhainneacht múinteoirí agus oiliúnóirí a bheith nuálach agus a marana dhéanamh ar chleachtais d’fhonn freastal níos fearr ar riachtanais foghlaimeoirí;

b)

cabhraíonn sí le braistint na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí go mbaineann siad le pobal múinteoireachta agus foghlama Eorpach trí na naisc a chruthaítear le linn agus i ndiaidh eispéiris soghluaisteachta, spreagann sí soghluaisteacht foghlaimeoirí, agus, ar bhonn níos ginearálta, is cabhair í chun gné Eorpach a fhorbairt i ngníomhaíochtaí agus i dtionscadail a n-institiúidí oideachais agus oiliúna, agus i straitéisí idirnáisiúnta, tá, dá bhrí sin, tionchar aici ar an gcóras oideachais agus oiliúna ina iomláine.

c)

eispéireas foghlama cumhachtach is ea an tsoghluaisteacht, a d’fhéadfadh tionchar mór a imirt ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha chomh maith. Ba cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na deiseanna soghluaisteachta atá ar fáil agus ba cheart iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht le linn a n-oideachais agus a n-oiliúna tosaigh agus inseirbhíse.

d)

tacaíonn sí le forbairt líonraí múinteoirí agus oiliúnóirí ar fud na hEorpa.

12.   

Is príomheilimint í soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí san Eoraip chun muinín a chothú, an comhar a fheabhsú agus chun an chomhthuiscint a chur chun cinn i measc na mBallstát i dtaca lena gcórais oideachais agus oiliúna. Tá sí ríthábhachtach freisin luachanna coiteanna Eorpacha a chothú, chomh maith leis an ilteangachas agus an t-ilchultúrachas a chur chun cinn.

AONTAÍONN SÍ LEIS AN MÉID SEO A LEANAS:

13.   

Ba cheart Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) uaillmhianach a bheith bunaithe ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí ardinniúla díograiseacha. Ba cheart féachaint ar an tsoghluaisteacht Eorpach mar thairbhe d’oideachas agus d’oiliúint múinteoirí agus oiliúnóirí ionas go ndéantar an rochtain ar na cineálacha éagsúla cur chuige i leith na múinteoireachta ardcháilíochta a leathnú agus chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí. Leis an ngné Eorpach d’fhéadfaí breisluach a thabhairt don oiliúint ghairmiúil agus/nó do chleachtas na múinteoirí nó na n-oiliúnóirí faoi seach faoi chuimsiú na gcóras náisiúnta oideachais.

14.   

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhúinteoirí agus ar oiliúnóirí ionchasacha agus ar an rochtain atá acu ar an tsoghluaisteacht, go háirithe ar an tsoghluaisteacht Eorpach, mar chuid dá n-oideachas agus dá n-oiliúint tosaigh i gcomhréir leis na córais náisiúnta oideachais agus oiliúna. Réitíonn sé sin an bealach le haghaidh na soghluaisteachta ag céimeanna níos faide anonn ina ngairm.

15.   

Chun go mbeidh LEO ann faoi 2025 agus chun deiseanna soghluaisteachta a chur ar fáil do gach múinteoir agus oiliúnóir, ní mór na bacainní atá ann cheana a bhaint, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na córais agus na beartais náisiúnta oideachais.

16.   

Beidh an méid seo a leanas go háirithe chun tairbhe do shoghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí:

a)

cláir chistiúcháin amhail Erasmus+;

b)

an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile a bheidh ann amach anseo, ina n-áireofar r-Nascadh agus an Tairseach Oideachais Scoile, EPALE, chomh maith le haon tionscnaimh lena gcuirtear comhpháirtíochtaí idir institiúidí oideachais agus oiliúna chun cinn san Aontas;

c)

Acadaimh Múinteoirí Erasmus+, a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu i bhfianaise tuilleadh forbairtí tar éis 2025;

d)

tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, i gcás inarb ábhartha.

17.   

Ba cheart leanúint den tsoghluaisteacht do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a chur chun cinn agus a leathnú chun cleachtas coiteann a dhéanamh díobh. D’fhéadfaí faireachán a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais ar mhéid soghluaisteachta múinteoirí agus oiliúnóirí san oideachas agus san oiliúint tosaigh agus inseirbhíse. Ba cheart sainordú a thabhairt don Bhuanghrúpa um Tháscairí agus Tagarmharcanna scrúdú a dhéanamh ar fhoirmeacha iomchuí bailithe sonraí chun soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a thomhas. Ba cheart torthaí na scrúduithe sin a chur san áireamh maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an gcreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (5).

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH I gCOMHRÉIR LEIS NA hIMTHOSCA NÁISIÚNTA AGUS LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA:

18.

Deiseanna a chothú le haghaidh soghluaisteacht Eorpach múinteoirí agus oiliúnóirí, trí, mar shampla, deireadh a chur leis na baic atá ann cheana i gcás inarb iomchuí, tacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais a chur ar fáil nuair is féidir, réitigh a chomhroinnt maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí ionaid a eagrú, agus cláir shoghluaisteachta a chur chun cinn.

19.

Deiseanna a chothú le haghaidh soghluaisteacht ceannairí scoile agus an tsoghluaisteacht sin a spreagadh ina measc, ar mhaithe leis na tairbhí dá ngairm féin agus dá n-institiúidí oideachais agus oiliúna, ach mar mhodh freisin chun tacú le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí agus í a chur chun cinn.

20.

An tsoghluaisteacht a chomhtháthú i gcórais oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh oideachas agus oiliúint tosaigh agus inseirbhíse araon. Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Erasmus+ a chur chun cinn, e.g. Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus Ollscoileanna Eorpacha. D’fhéadfadh an taithí dhéthaobhach ar an gcomhar a bheith mar thúsphointe agus mar spreagadh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh.

21.

Aitheantas foirmiúil a éascú, i gcás inarb iomchuí, do thorthaí tréimhsí soghluaisteachta, go háirithe do thréimhsí múinteoireachta agus oiliúna thar lear, in oideachas tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí, le haghaidh forbairt ghairmiúil nó dul chun cinn gairme.

22.

Féachaint ar bhealaí chun foghlaim teangacha iasachta ar ardchaighdeán a chothú i gcórais oideachais agus oiliúna tosaigh agus inseirbhíse do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí, i gcás inarb iomchuí, chun a rannpháirtíocht i gcláir shoghluaisteachta a mhéadú, chun na hinniúlachtaí a theastaíonn chun obair a dhéanamh le hacmhainní eachtracha agus le hábhair eachtracha a fhorbairt.

23.

Chun ligean do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ar mian leo a bheith soghluaiste, idirthréimhsí soghluaisteachta a shainaithint agus a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí agus aird chuí á tabhairt ar neamhspleáchas na n-institiúidí, le haghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí agus oiliúnóirí ionchasacha araon, is é sin, tréimhsí den scoilbhliain agus/nó de curaclaim oideachais tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí a mholtar a ceapadh chun rannpháirtíocht sa tsoghluaisteacht a chumasú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tréimhsí a shainaithint a bheadh oiriúnach d’institiúidí oideachais agus oiliúna chun gníomhaíochtaí oiliúna ionscoile a óstáil le haghaidh múinteoirí atá i mbun a ngairme agus múinteoirí ionchasacha araon chomh maith le gníomhaíochtaí conaire oideachais d’oiliúnóirí.

24.

Úsáid modúl oiliúna is ábhartha agus atá dírithe ar an Eoraip a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, san oideachas agus san oiliúint tosaigh agus inseirbhíse do mhúinteoirí agus oiliúnóirí, lena bhféadfaí cláir amhail gníomhaíochtaí Jean Monnet a áireamh freisin maidir le bunoideachas agus oideachas meánscoile.

25.

Fothú acmhainneachta a chothú, i gcás inarb iomchuí, trí chomhar áitiúil agus réigiúnach de chineálacha éagsúla a chur chun cinn, amhail cuibhreannais Erasmus+, faoi stiúir údaráis scoile/institiúidí réigiúnacha a áirithíonn go mbeidh tionchar níos leithne ag tionscadail soghluaisteachta agus go dtacóidh siad le rannpháirtíocht fhisiciúil nó ar líne múinteoirí agus oiliúnóirí ó institiúidí oideachais agus oiliúna níos lú nó níos iargúlta i ndáil le deiseanna forbartha gairmiúla thar lear.

26.

Tacaíocht a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, d’institiúidí oideachais agus oiliúna agus feabhas á chur ar a n-acmhainneacht a bheith ina n-óstach ar agus tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí soghluaisteachta na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí atá i mbun a ngairme agus na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí ionchasacha araon.

27.

Úsáid uirlisí agus ardáin dhigiteacha a chur chun cinn, lena n-áirítear r-Nascadh agus EPALE, chun an tsoghluaisteacht fhisiciúil a chomhlánú agus a ullmhú, chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú agus chun tuilleadh comhar trasnáisiúnta a chur chun cinn.

28.

Deiseanna do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a spreagadh i ndáil le forbairt ghairmiúil fhianaisebhunaithe inseirbhíse, a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí soghluaisteachta, agus a d’fhéadfadh staidéir a chur chun cinn a bhaineann le hiarrachtaí Bhallstáit an Aontais maidir le soghluaisteacht múinteoirí, agus gnéithe eile sineirge a lorg le taighde.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LEIS NA CONARTHAÍ AGUS LE LÁN-URRAIM Á TABHAIRT AR AN gCOIMHDEACHT, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

29.

Deiseanna a chur chun cinn maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí tríd an gclár Erasmus+, lena n-áirítear tríd an tacaíocht is gá a chur ar fáil do ghníomhaíocht Acadaimh Múinteoirí Erasmus+, a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu i bhfianaise tuilleadh forbairtí tar éis 2025.

30.

Na huirlisí atá ann cheana chun soghluaisteacht do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a spreagadh a mhapáil, agus na huirlisí sin a chur chun cinn trí úsáid a bhaint, mar shampla, as ardáin amhail an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile a bheidh ann amach anseo, (lena n-áireofar r-Nascadh agus an Tairseach Oideachais Scoile atá ann faoi láthair), agus EPALE.

31.

Féachaint an bhféadfaí creat beartais a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach, i gcomhar leis na Ballstáit, chun líon agus cáilíocht na ndeiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ionchasacha agus iad siúd atá i mbun a ngairme san Eoraip araon, bunaithe ar a bhfíor-riachtanas soghluaisteachta. D’fhéadfadh creat den chineál sin, mar shampla, tacú le haghaidh a thabhairt ar na baic ar an tsoghluaisteacht, tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun an tsoghluaisteacht agus gné Eorpach den mhúinteoireacht a chur chun cinn san oideachas agus san oiliúint tosaigh múinteoirí inseirbhíse, deiseanna soghluaisteachta foghlama a fhorbairt a thuilleadh, agus faisnéis a chur ar fáil maidir le cistiú agus deiseanna soghluaisteachta.

32.

Aghaidh a thabhairt ar shoghluaisteacht san obair lena bhfiosrófar an fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar threoir Eorpach chun creataí náisiúnta gairme agus treoir ar feadh an tsaoil a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin, tacú le dul chun cinn gairme múinteoirí agus oiliúnóirí.

33.

Leanúint d’aitheantas frithpháirteach uathoibríoch do cháilíochtaí a chur chun cinn, agus go háirithe do thréimhsí soghluaisteachta thar lear agus oideachas agus oiliúint á gcur ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí (6).

34.

A bheith ag comhoibriú leis na Ballstáit maidir le hanailís a dhéanamh ar indéantacht agus breisluach na n-idirthréimhsí soghluaisteachta i gcláir staidéir do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ionchasacha.

35.

Dul ar ais chuig an gCoiste Oideachais le haghaidh cinntí breise i dtaca le torthaí obair an Bhuanghrúpa maidir le Táscairí agus Tagarmharcanna maidir le faireachán a dhéanamh ar shoghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí, d’fhonn an poitéinseal le haghaidh na soghluaisteachta a chur chun cinn agus a leathnú.

(1)  I gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha don todhchaí (IO C 193, 9.6.2020, lch. 11), chun críocha na gconclúidí seo, is ionann múinteoir agus duine a aithnítear stádas múinteora (nó a chomhionann) a bheith aige nó aici de réir na reachtaíochta agus an chleachtais náisiúnta, agus is éard is oiliúnóir ann aon duine a chomhlíonann gníomhaíocht amháin nó níos mó atá nasctha leis an bhfeidhm oiliúna (teoiriciúil nó praiticiúil), in institiúid oideachais nó oiliúna nó san ionad oibre. Cuimsíonn sé sin múinteoirí san oideachas ginearálta agus san ardoideachas, múinteoirí agus oiliúnóirí sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, idir thosaigh agus leanúnach, mar aon le gairmithe oideachais agus cúraim luath-óige agus oideachasóirí aosach.

Tá éagsúlacht mhór idir cúlra oideachais agus struchtúir ghairme na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí ó thaobh réimsí éagsúla oideachais agus oiliúna de. Dá réir sin, tá ábharthacht roinnt gnéithe de na conclúidí seo ag brath ar struchtúr na gcóras náisiúnta agus na n-earnálacha aonair oideachais agus oiliúna.

(2)  Chun críocha na gconclúidí seo, comhfhreagraíonn “soghluaisteacht” do choincheap na “soghluaisteacht foghlama” mar a shainmhínítear í i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, eadhon bogadh go fisiciúil go tír nach í an tír chónaithe í, chun staidéar, oiliúint nó foghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a dhéanamh. Féadfar í a chomhcheangal le “foghlaim fhíorúil”, rud a chiallaíonn eolas, scileanna agus inniúlachtaí a shealbhú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a ligeann do rannpháirtithe taithí foghlama fóinteach trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta a bheith acu.

(3)  Eurydice, “Múinteoirí san Eoraip: Gairmeacha, Forbairt agus Dea-bhail”, 2021, lch. 21.

(4)  Léiríonn an iarscríbhinn staidrimh a ghabhann le tuarascáil bhliantúil Erasmus+ 2019 gur réamh-mheasadh go mbeadh thart ar 40 600 duine páirteach i dtionscadail KA 101 (soghluaisteacht foirne in oideachas scoile) a ndearnadh conradh ina leith in 2019, i gcúrsaí agus in imeachtaí oiliúna (isteach agus amach ar 75 % de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta), go mbeadh 13 209 rannpháirtí i bpostscáthú (thart ar 24 % de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta) agus go mbeadh 389 rannpháirtí i bpoist mhúinteoireachta (níos lú ná 1 % de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta).

(5)  Mar a cuireadh i dtreis sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030), foilseoidh an Coimisiún tuarascáil iomlán maidir le LEE in 2025. “Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcreat straitéiseach – lena n-áirítear spriocanna ar leibhéal an Aontais, struchtúr rialachais agus modhanna oibre” (aistriúchán neamhoifigiúil) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 10).

(6)  I gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cúlra polaitiúil

An Chomhairle Eorpach

Conclúidí ón Uachtaránacht – Liospóin, an 23 agus an 24 Márta 2000

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile (IO C 302, 12.12.2009, lch. 6)

Conclúidí ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile (IO C 175, 15.6.2011, lch. 8)

Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le hoideachas éifeachtach do mhúinteoirí (IO C 183, 14.6.2014, lch. 22)

Conclúidí ón gComhairle maidir le forbairt scoile agus teagasc den scoth (IO C 421, 8.12.2017, lch. 2)

Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le comhluachanna, oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn (IO C 195, 7.6.2018, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais (IO C 195, 7.6.2018, lch. 7)

Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1)

Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4)

Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith múineadh agus foghlaim teangacha (IO C 189, 5.6.2019, lch. 15)

Rún ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le córais oideachais agus oiliúna atá dírithe ar an todhchaí (IO C 389, 18.11.2019, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha don todhchaí (IO C 193, 9.6.2020, lch. 11)

Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) e haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1)

Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas a chur chun cinn do chách (IO C 221, 10.6.2021, lch. 3)

Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – an t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (IO C 221, 10.6.2021, lch. 14)

Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua le haghaidh na foghlama aosaigh 2021-2030 (IO C 504, 14.12.2021, lch. 9)

An Coimisiún Eorpach

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025] (COM(2020) 625 final)

Education and training monitor 2021: education and well-being [An Tuarascáil Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint 2021: oideachas agus dea-bhail], Oifig na bhFoilseachán, 2021.


Top