EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0143

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

COM/2022/143 final

An Bhruiséil,30.3.2022

COM(2022) 143 final

2022/0092(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 166 final} - {SWD(2022) 85 final} - {SWD(2022) 86 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 114 agus Airteagal 169 CFAE) agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (Airteagal 38), éilítear ardleibhéal cosanta tomhaltóirí san Aontas. Le reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais freisin cuidítear le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair. Is é is aidhm di an caidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a dhéanamh cothrom agus trédhearcach agus, i ndeireadh thiar thall, tacú le leas thomhaltóirí na hEorpa agus le geilleagar an Aontais.

Is é is aidhm don togra seo cearta tomhaltóirí a fheabhsú trí leasú a dhéanamh ar dhá threoir lena gcosnaítear leas tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais: an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma 2005/29/CE 1 agus Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí 2011/83/AE 2 . Go sonrach, tá sé mar aidhm ag an togra cur le geilleagar ciorclach, glan agus glas san Aontas trí chur ar a gcumas do thomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le ceannacháin agus, ar an mbealach sin, rannchuidiú le tomhaltas níos inbhuanaithe. Dírítear leis freisin ar chleachtais tráchtála éagóracha a chuireann tomhaltóirí ar míthreoir maidir le roghanna tomhaltais inbhuanaithe. Thairis sin, áirithítear leis go gcuirfear rialacha tomhaltóirí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos comhsheasmhaí.

Bhí an togra ar cheann de na tionscnaimh a leagadh amach sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí 3 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 4 agus leanann sé an Comhaontú Glas don Eoraip 5 . Is cuid ríthábhachtach den chreat beartais táirge inbhuanaithe é tomhaltóirí a chumhachtú agus deiseanna a thabhairt dóibh airgead a shábháil. Bainfear é sin amach trí rannpháirtíocht fheabhsaithe tomhaltóirí sa gheilleagar ciorclach, go háirithe trí fhaisnéis níos fearr a sholáthar maidir le marthanacht agus le hindeisitheacht táirgí áirithe do thomhaltóirí roimh an gconradh a thabhairt chun críche agus dlús a chur le cosaint tomhaltóirí i gcoinne cleachtais tráchtála éagóracha a choisceann ceannacháin inbhuanaithe, amhail: 

·cleachtais ghlassnasúcháin (i.e. maímh chomhshaoil atá míthreoracha),  

·cleachtais dífheidhmeachta luaithe (i.e. cliseadh róluath earraí), agus

·lipéid inbhuanaitheachta agus uirlisí faisnéise atá neamhiontaofa agus neamhthrédhearcach a úsáid.

Níos beaichte fós, tá sé d’aidhm ag an togra:

·Faisnéis a sholáthar faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta a bheith ann le haghaidh gach cineál earra, agus faoi fhad na ráthaíochta sin, nó faoi easpa ráthaíochta den sórt sin a bheith ann i gcás earraí a úsáideann fuinneamh.

·Faisnéis a sholáthar maidir le hinfhaighteacht nuashonruithe bogearraí saor in aisce le haghaidh gach earra ag a bhfuil gnéithe digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha.

·Faisnéis a sholáthar maidir le hindeisitheacht táirgí, trí scór indeisitheachta nó trí fhaisnéis ábhartha eile faoi dheisiú, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, le haghaidh gach cineál earra.

·A áirithiú nach gcuirfidh trádálaithe tomhaltóirí ar míthreoir faoi thionchair chomhshaoil agus shóisialta, faoi mharthanacht agus faoi indeisitheacht táirgí.

·A áirithiú nach féidir le trádálaí maíomh comhshaoil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gealltanais shoiléire i gceist leis sin.

·A áirithiú nach féidir le trádálaí buntáistí a fhógairt do thomhaltóirí a mheastar a bheith ina ngnáthchleachtas sa mhargadh ábhartha.

·A áirithiú nach féidir le trádálaí comparáid a dhéanamh idir táirgí, lena náirítear trí uirlis faisnéise um inbhuanaitheacht, ach amháin má thugann siad faisnéis faoin modh comparáide, faoi na táirgí agus na soláthróirí a chumhdaítear, agus faoi na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta.

·Toirmeasc ar lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nár bhunaigh údaráis phoiblí.

·Toirmeasc ar mhaímh chomhshaoil chineálacha a úsáidtear chun i margaíocht a dhírítear ar thomhaltóirí, i gcás nach féidir feidhmíocht shármhaith chomhshaoil an táirge nó an trádálaí a léiriú i gcomhréir le Rialachán (CE) 66/2010 (Éicilipéad an AE), le scéimeanna éicilipéadaithe atá aitheanta go hoifigiúil sna Ballstáit, nó le dlíthe eile de chuid an Aontais is infheidhme, de réir mar atá ábhartha don mhaíomh.

·Toirmeasc ar mhaíomh comhshaoil a dhéanamh faoin táirge foriomlán, nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge.

·Toirmeasc ar cheanglais a fhorchuirtear leis an dlí ar gach táirge sa chatagóir táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais a chur i láthair mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí.

·Toirmeasc ar chleachtais áirithe a bhaineann le dífheidhmeacht luath earraí.

Tá gá leis na bearta sin chun an dlí maidir le tomhaltóirí atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go gcosnófar tomhaltóirí agus go bhféadfaidh siad rannchuidiú go gníomhach leis an aistriú glas. Faoi láthair, ceanglaítear ar thrádálaithe leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi phríomhthréithe na nearraí nó na seirbhísí. Áirítear ann ceanglais faisnéise shonracha maidir leis an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht a bheith ann, chomh maith le ráthaíochtaí tráchtála breise. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil aon cheanglas ann faisnéis a sholáthar maidir le heaspa ráthaíochtaí tráchtála marthanachta, ní thugtar spreagadh leordhóthanach do tháirgeoirí leis an Treoir seo na ráthaíochtaí sin a sholáthar do thomhaltóirí. Léiríonn taighde, i gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí le ráthaíocht tráchtála, gur minic a bhíonn an fhaisnéis faoi ráthaíochtaí tráchtála den sórt sin, agus an chaoi a ngearrtar táille ar thomhaltóirí, doiléir, neamhbheacht nó neamhiomlán, rud a fhágann gur deacair do thomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir táirgí agus an ráthaíocht tráchtála a idirdhealú ón ráthaíocht dhlíthiúil (éigeantach) 6 . Leis an togra seo tabharfar aghaidh ar an tsaincheist sin trína áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil do thomhaltóirí maidir le ráthaíocht tráchtála marthanachta níos mó ná dhá bhliain a bheith ann, ráthaíocht a chumhdaíonn an tearra iomlán, aon uair a chuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil.

Thairis sin, níl ceanglais shonracha sa Treoir chun faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le hindeisitheacht earraí. Ina ionad sin, ní gá ach faisnéis maidir le ‘seirbhísí iardhíola’ a sholáthar ar bhonn ‘más infheidhme’. An fhaisnéis sin, a chabhródh le deisiú earraí a chur chun cinn agus dá bhrí sin a bheith anluachmhar chun cabhrú le tomhaltóirí rannchuidiú le geilleagar ciorclach, níl sé ar fáil ag an díolphointe den chuid is mó. Léiríonn staidéir a rinneadh le déanaí go maíonn suas le 80 % de thomhaltóirí san Aontas go bhfuil deacracht acu eolas a fháil ar cé chomh héasca is atá sé táirge a dheisiú 7 .

Is féidir na rialacha ginearálta sa Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha maidir le cleachtais mhíthreoracha a chur i bhfeidhm ar chleachtais ghlassnasúcháin nuair a bhíonn tionchar diúltach acu ar thomhaltóirí, agus leas á bhaint as measúnú cás ar chás. Níl aon rialacha sonracha sa Treoir, áfach, ná in Iarscríbhinn I (an dúliosta) ina sainítear cleachtais den sórt sin atá éagórach i ngach uile chás. Seiceálacha a rinne údaráis an Ghréasáin um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí le déanaí ar shuíomhanna gréasáin chun maímh chomhshaoil mhíthreoracha a bhrath, deimhníodh leo gur gá na rialacha a neartú chun forfheidhmiú sa réimse seo a éascú. Thairis sin, i staidéar a rinne an Coimisiún le déanaí rinneadh measúnú ar 150 maíomh comhshaoil agus fuarthas amach go dtugann sciar suntasach díobh (53.3 %) díobh faisnéis doiléir, mhíthreorach nó gan bhunús faoi shaintréithe comhshaoil táirgí ar fud an Aontais agus i raon leathan grúpaí táirgí (i bhfógraíocht agus ar an táirge araon) 8 .

Is amhlaidh an cás maidir le dífheidhmeacht luath. Mar gheall ar an easpa rialacha sonracha agus an gá atá le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí nithiúla an chleachtais ar thomhaltóirí, is deacair an Treoir a fhorfheidhmiú sa réimse seo. Is léiriú air sin gur luaigh 76 % de na freagróirí, ina bhfreagra ar an gComhairliúchán Poiblí Oscailte a rinneadh agus an togra seo á ullmhú, gur theip gan choinne ar tháirge le 3 bliana anuas 9 .

1.2.Comhsheasmhacht leis na rialacha atá ann cheana

Le Treoir (AE) 2019/771 10 (an Treoir maidir le Díolachán Earraí), cuirtear marthanacht earraí chun cinn tríd an ráthaíocht dhlíthiúil, lena dtugtar cearta áirithe do thomhaltóirí ar feadh íostréimhse dhá bhliain, ar féidir leis na Ballstáit síneadh a chur léi faoi choinníollacha áirithe. Déantar foráil ann freisin maidir le coinníollacha faoina bhféadfaidh táirgeoir ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta a thairiscint do thomhaltóir.

Leis an togra seo cuirfear méadú ar thrédhearcacht do thomhaltóirí maidir le ráthaíochtaí tráchtála agus, dá bhrí sin, tabharfar spreagadh do tháirgeoirí freisin ráthaíochtaí tráchtála i leith marthanachta níos faide ná dhá bhliain a thairiscint trí ceangal a chur ar thrádálaithe faisnéis a chur ar fáil ag an díolphointe maidir le ráthaíochtaí tráchtála i leith marthanachta a sholáthraíonn táirgeoirí a bheith ann (nó gan a bheith ann i gcás earraí a úsáideann fuinneamh) agus maidir le fad na ráthaíochtaí.

Áirithítear leis an Treoir maidir le Díolacháin Earraí agus leis an Treoir maidir le hÁbhar Digiteach 11 araon go soláthrófar nuashonruithe bogearraí do thomhaltóirí ionas go leanfaidh táirge de bheith comhréireach ar feadh fhad an chonartha, nó, de rogha air sin, ar feadh tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún.

Mar sin féin, ní thugtar aghaidh ar inchomparáideacht táirgí ag an díolphointe bunaithe ar infhaighteacht nuashonruithe bogearraí. Déantar foráil leis an togra seo d’oibleagáid tomhaltóirí a chur ar an eolas sula dtabharfar an conradh chun críche maidir le nuashonruithe bogearraí a bheith ann agus maidir leis an tréimhse ar lena linn a sholáthróidh an táirgeoir iad, nuair a chuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil. I gcás ina gcuirtear ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta níos faide ná dhá bhliain ar fáil cheana féin, níl ann don oibleagáid faisnéise ar thrádálaithe maidir le nuashonruithe bogearraí ach amháin nuair atá an tréimhse níos faide ná fad na ráthaíochta tráchtála i leith marthanachta, chun nach dtugtar faisnéis nach bhfuil gá léi do thomhaltóirí.

Ós rud é go leasaítear leis an togra seo treoracha an Aontais maidir le dlí tomhaltóirí atá ann cheana, beidh forálacha an togra in ann brath ar raon iomlán na sásraí forfheidhmithe atá ann i ndlí tomhaltóirí an Aontais cheana, rud a neartaíodh le déanaí leis an Treoir maidir le Forfheidhmiú Níos Fearr agus Nuachóiriú 12 , leis an Treoir maidir le Gníomhaíochtaí Ionadaíocha 13 agus leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí 14 .

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais Eorpaigh

Cé is moite de mhaoluithe áirithe, tá feidhm ag an dá threoir maidir le dlí na dtomhaltóirí a leasaítear leis an togra seo, i ngach earnáil eacnamaíoch. Mar gheall ar a raon feidhme ginearálta, tá feidhm acu maidir le go leor gnéithe d’idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a d’fhéadfaí a chumhdach freisin le reachtaíocht eile níos sonraí de chuid an Aontais i réimsí éagsúla. Is leis an bprionsabal lex specialis a rialáiltear an t‑idirghníomhú idir na corpais dhifriúla de dhlí an Aontais. Faoin bprionsabal sin, tá feidhm ag na treoracha ginearálta maidir leis an dlí tomhaltóirí i gcás nach ndéantar na gnéithe ábhartha d’idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a rialáil le forálacha níos sonraí de dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, is mar ‘líontán sábhála’ a fheidhmíonn na treoracha ginearálta maidir leis an dlí tomhaltóirí, lena n‑áirithítear gur féidir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a choinneáil i ngach earnáil, lena gcomhlánaítear dlí earnáilsonrach an Aontais agus lena líontar bearnaí sa dlí sin.

Chomhlánófaí an togra seo le dhá thionscnamh eile ar leibhéal an Aontais: an tionscnamh um Maímh Ghlasa agus an tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe. Is é is cuspóir don tionscnamh um Maímh Ghlasa tuilleadh ceanglas a thabhairt isteach maidir le maímh chomhshaoil a dhéantar faoi tháirgí agus eagraíochtaí, nuair a luann gnólachtaí na maímh sin do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí eile.

Cuireann an Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe (SPI) leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht 15 atá ann faoi láthair chun ceanglais inbhuanaitheachta a thabhairt isteach le haghaidh táirgí a dhíoltar san Aontas. Tá na trí thionscnamh comhsheasmhach agus comhlántach go frithpháirteach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Tagann cosaint tomhaltóirí faoi shainchúram comhpháirteach (‘inniúlacht chomhroinnte’) an Aontais agus na mBallstát. Mar a leagtar síos in Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní mór don Aontas cuidiú le leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint agus a gceart chun faisnéise agus oideachais a chur chun cinn, chun a leasanna a chosaint. Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114 arb é, i gcomhréir le hAirteagal 169(2)(a), an bunús dlí chun bearta a ghlacadh a rannchuidíonn le cuspóirí Airteagal 169 a bhaint amach i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.

Chomh maith le cuspóirí maidir leis an margadh aonair agus le cosaint tomhaltóirí a bhaint amach, saothrófar leis an togra ardleibhéal cosanta comhshaoil trí dheiseanna a chur ar fáil a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, glan agus glas. Ós rud é go gcomhlánaíonn na tairbhí comhshaoil sin na príomhchuspóirí maidir le cosaint tomhaltóirí agus le comhlánú an mhargaidh aonair, is é Airteagal 114 CFAE maidir le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh an bunús dlí iomchuí go fóill, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 169 CFAE.

·Coimhdeacht (i gcás inniúlacht chomhroinnte)

Leis an togra seo leasaítear rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, ar measadh go raibh gá lena nglacadh agus go bhfuil an glacadh sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ní féidir margadh aonair a fheidhmíonn níos fearr a bhaint amach le dlíthe náisiúnta amháin. Tá rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí ag éirí níos ábhartha de réir mar a théann an margadh aonair i ndoimhneacht, agus de réir mar a mhéadaíonn líon na n‑idirbheart tomhaltóirí san Aontas idir na Ballstáit. Na fadhbanna a dtéann na leasuithe seo i ngleic leo, is fadhbanna iad atá ar fud an Aontais agus tá na cúiseanna céanna leo. Dá bhrí sin, ní bheidh ach bearta a ghlacfar ar leibhéal an Aontais éifeachtach.

Laistigh den Aontas, tá méid agus déine na trádála trasteorann ard go leor le go mbeidh feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh aonair leochaileach dá roghnódh na Ballstáit beartais neamhréireacha – nó beartais éagsúla fiú. Thairis sin, is féidir le trádálaithe tomhaltóirí a shroicheadh thar theorainneacha na mBallstát. D’fhéadfadh sé sin fadhbanna a chruthú nach mbeadh reachtóirí agus rialtóirí náisiúnta in ann dul i ngleic leo go cuí leo iad féin agus iad ag gníomhú ina n‑aonar.

In éagmais gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh ilroinnt ar an margadh aonair a bheith mar thoradh ar thionscnaimh náisiúnta, cé go mbeadh tairbhí áirithe á gcur ar fáil do thomhaltóirí agus do na margaí náisiúnta, rud a chruthódh éiginnteacht dhlíthiúil agus a mhéadódh costais chomhlíontachta.

Áirithítear le Treoir 2005/29/CE comhchuibhiú iomlán na rialacha náisiúnta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a dhéanann dochar do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí. Foráiltear i bprionsabal le Treoir 2011/83/AE go ndéanfar na rialacha maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí a chomhchuibhiú go hiomlán.

Bheadh aon reachtaíocht nua náisiúnta a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha seo i gcoinne an chreata dhlíthiúil atá go hiomlán comhchuibhithe. Leis an togra seo cuidítear le maolú a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhíonn ag údaráis náisiúnta agus iad ag forfheidhmiú na rialacha prionsabalbhunaithe atá ann cheana i dTreoir 2005/29/CE i réimsí casta amhail maímh chomhshaoil mhíthreoracha, cleachtais dífheidhmeachta luaithe, agus lipéid inbhuanaitheachta agus uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta nach bhfuil trédhearcach. Trí thuilleadh faisnéise a shonrú maidir le cathain agus conas a cháileodh cleachtais den sórt sin mar chleachtais éagóracha, mhéadódh sé éifeachtacht na cosanta tomhaltóirí laistigh den Aontas.

Leis an togra seo leasaítear Treoir 2011/83/AE freisin trí cheangal a chur ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le marthanacht agus le hindeisitheacht táirgí sula dtugtar conradh chun críche, chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí roghanna níos eolasaí a dhéanamh maidir le ceannacháin. Áiritheoidh sé sin go mbeidh tomhaltóirí in ann leas a bhaint as an bhfaisnéis sin agus táirgí á gceannach acu sa mhargadh aonair.

·Comhréireacht

Tá na bearta sa togra comhréireach leis na cuspóirí maidir le cinntí eolasacha ceannaigh a bheith á ndéanamh ag tomhaltóirí, tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, deireadh a chur le cleachtais éagóracha tráchtála ag trádálaithe a dhéanann damáiste don gheilleagar inbhuanaithe agus a chuireann tomhaltóirí ar míthreoir maidir le roghanna tomhaltais inbhuanaithe, agus a áirithiú go gcuirfear rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos comhsheasmhaí.

Ní gá an ceanglas faisnéis a sholáthar faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta níos mó ná dhá bhliain a bheith ann ach amháin nuair a chuireann táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil don trádálaí. Thairis sin, i gcás earraí a úsáideann fuinneamh, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin nár chuir an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil. Níl trádálaithe faoi réir an cheanglais sin ach amháin i ndáil le hearraí a úsáideann fuinneamh ar féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ar a marthanacht agus ar suim le tomhaltóirí an fhaisnéis sin a fháil fúthu den chuid is mó.

Maidir le hearraí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, ní cheanglaítear faisnéis faoi nuashonruithe bogearraí atá ar fáil a sholáthar ach amháin nuair a sholáthraítear nuashonruithe ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse atá cumhdaithe ag ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta, agus nuair a sholáthraíonn an táirgeoir an fhaisnéis sin don trádálaí. Thairis sin, níor cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ach amháin i gcás go soláthraítear na heilimintí digiteacha atá i gceist in aon ghníomh amháin.

I gcás seirbhísí digiteacha agus ábhair dhigitigh, ní cheanglaítear faisnéis maidir le nuashonruithe bogearraí atá ar fáil a sholáthar ach amháin nuair a thugann an soláthraí an fhaisnéis sin don trádálaí nuair nach ionann an soláthraí agus an trádálaí. Thairis sin, níor cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ach amháin i gcás go soláthraítear an tseirbhís dhigiteach nó an t‑ábhar digiteach atá i gceist in aon ghníomh amháin.

Ní cheanglaítear faisnéis maidir le hindeisitheacht táirgí a sholáthar trí scór indeisitheachta nó trí fhaisnéis ábhartha eile faoi dheisiú ag an díolphointe ach amháin má tá scór indeisitheachta bunaithe cheana féin le haghaidh an táirge sin faoi dhlí an Aontais, nó nuair a chuireann an táirgeoir faisnéis ábhartha eile faoi dheisiú ar fáil. Níl oibleagáid ar thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas ag an díolphointe mura bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil.

Leis an toirmeasc ar mhaímh chineálacha chomhshaoil a úsáidtear chun táirge a mhargú do thomhaltóirí, tá coinne leis go mbeidh tairbhí suntasacha ann do thomhaltóirí agus go gcuirfear teorainn leis an ualach ar thrádálaithe ag an am céanna. Tugtar cead do thrádálaithe maímh chineálacha chomhshaoil a dhéanamh i gcásanna inar féidir a léiriú, i gcomhréir le Rialachán (CE) 66/2010 (Éicilipéad an AE), go bhfuil dea-fheidhmíocht chomhshaoil ag táirgí nó trádálaithe, trí scéimeanna éicilipéadaithe atá aitheanta go hoifigiúil sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) 66/2010, nó i gcomhréir le dlíthe infheidhme eile de chuid an Aontais.

Leis an toirmeasc ar mhaímh chomhshaoil a dhéanamh i leith an táirge fhoriomláin nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge, tá coinne leis freisin go mbeidh tairbhí suntasacha ann do thomhaltóirí agus go ndéanfar na rialacha do thrádálaithe a shoiléiriú, rud a áiritheoidh go mbeidh cothrom na Féinne eatarthu. Ligfidh sé do thrádálaithe leanúint de mhaímh chomhshaoil a dhéanamh maidir le gné áirithe de tháirge ar choinníoll go gcuirtear in iúl go soiléir don tomhaltóir go mbaineann an maíomh le gné áirithe seachas leis an táirge foriomlán.

Tá an toirmeasc ar chleachtais a bhaineann le dífheidhmeacht luath táirgí dírithe ar chleachtais shonracha dhea-shainithe atá ann cheana agus is é is aidhm dó deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus forfheidhmiú a éascú, toisc nach mbeidh ar údaráis forfheidhmiúcháin a chruthú gur ceapadh táirge chun go mbeidh dífheidhmeachta luath aige, arb é is aidhm dó sin tomhaltóirí a spreagadh leagan nua a cheannach.

·Rogha ionstraime

Ós rud é go leasaítear leis an togra seo dhá Threoir atá ann cheana, is é treoir an ionstraim is iomchuí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2017, rinneadh seiceáil oiriúnachta maidir le Dlí Tomhaltóirí agus le Dlí Margaíochta an Aontais agus meastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí. Sna torthaí ón ngníomh sin léiríodh go príomha an gá atá le feabhas a chur ar fheasacht agus ar fhorfheidhmiú na rialacha agus na ndeiseanna atá ann do thomhaltóirí sásamh a lorg, an úsáid is fearr a bhaint as an reachtaíocht atá ann cheana chomh maith, agus leagadh béim ar raon teoranta athruithe riachtanacha i ngeall ar dhigitiú.

I bhfianaise na béime ar fhorfheidhmiú agus ar dhigitiú, ní raibh aon chonclúidí sonracha ann maidir leis an méid a chuireann dlí tomhaltóirí an Aontais le tomhaltas inbhuanaithe, saincheist a raibh tosaíocht pholaitiúil bhreise aici roinnt blianta ina dhiaidh sin nuair a fógraíodh an Comhaontú Glas don Eoraip. Mar sin féin, nuair is féidir agus nuair is ábhartha, baineann an ionstraim seo leas as na torthaí agus na conclúidí a bailíodh sa ghníomh a rinneadh in 2017 16 .

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an togra seo á ullmhú aige, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara trí na nithe seo a leanas:

sásra aiseolais maidir leis an measúnú tionchair tosaigh;

comhairliúchán poiblí ar líne;

comhairliúcháin spriocdhírithe leis na príomhpháirtithe leasmhara, ina raibh thart ar 150 agallamh grinn leis na príomhghrúpaí lena mbaineann an tionscnamh: údaráis náisiúnta, comhlachais ghnó an Aontais agus náisiúnta agus comhlachais tomhaltóirí an Aontais agus náisiúnta;

agallaimh teileafóin ríomhchuidithe le breis agus 100 cuideachta;

suirbhé tomhaltóirí ar líne de bheagnach 12 000 tomhaltóir i ngach tír san Aontas;

ceithre cheardlann saineolaithe le grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara.

An Comhairliúchán Poiblí Oscailte ar líne

Fuarthas amach sa chomhairliúchán poiblí oscailte seo gurb é fíorú iontaofacht na maíomh comhshaoil i leith táirgí an bhacainn ba mhó a bhí roimh rannpháirtíocht níos fearr tomhaltóirí san aistriú glas agus i dtreo iompraíocht tomhaltais níos inbhuanaithe. Ba mhó an seans go n‑aithneodh eagraíochtaí tomhaltóirí é sin mar bhacainn ná na comhlachais ghnó.

Bhí teip gan choinne ar tháirge le trí bliana anuas ag formhór na bhfreagróirí. Aithníodh gur mó na fadhbanna a bhaineann le táirgí TFC, agus fearais bheaga tí, éadaí agus coisbheart ina dhiaidh sin.

Aithníodh gurb é ‘faisnéis faoi indeisitheacht an táirge’ an rogha is dóichí a chuirfidh ar a gcumas do thomhaltóirí táirgí níos inbhuanaithe a roghnú agus páirt a ghlacadh sa gheilleagar ciorclach. Bhí údaráis phoiblí agus saoránaigh go mór i bhfabhar an méid sin, ach ní raibh cuideachtaí/eagraíochtaí gnó i bhfabhar ‘faisnéis faoi lorg saolré comhshaoil agus aeráide an táirge’ a sholáthar. Roghnaíodh é sin freisin mar an dara rogha is fearr ar an iomlán.

Aithníodh gurb é soláthar faisnéise níos fearr faoi mharthanacht/faoi shaolré na dtáirgí an rogha is fearr chun tomhaltóirí a chumasú san aistriú glas. Bhí eagraíochtaí tomhaltóirí agus saoránaigh go mór i bhfabhar an mhéid sin, ach ní raibh eagraíochtaí cuideachtaí/gnó ná comhlachais ghnó i bhfabhar an mhéid sin – bhí siad i bhfabhar ‘feasacht a mhúscailt faoi ról na dtomhaltóirí sa gheilleagar ciorclach agus san aistriú glas’.

Comhairliúchán spriocdhírithe

Sa chomhairliúchán seo – a rinneadh chun an t‑aiseolas a bailíodh sa Chomhairliúchán Poiblí Oscailte ar líne a leathnú, d’aontaigh beagnach gach páirtí leasmhar (seachas iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal) nach dtugtar faisnéis do thomhaltóirí maidir le (i) tionchar comhshaoil táirgí, (ii) saolré earraí, (iii) gnéithe atá sonrach ó thaobh an táirge de a bhféadfadh cliseadh luath teacht astu, agus (iv) infhaighteacht páirteanna spártha, seirbhísí deisiúcháin agus nuashonruithe/uasghráduithe bogearraí, sin nó níl rochtain leordhóthanach acu ar an bhfaisnéis sin.

Mheas formhór na n‑eagraíochtaí tomhaltóirí go ndírítear ‘glas‑snasú’ ar thomhaltóirí agus gurb ann do ‘dhífheidhmeacht anabaí’ go pointe áirithe. Níor aontaigh ionadaithe an tionscail den chuid is mó. D’aithin formhór na bpáirtithe leasmhara gur fadhb é iomadú na lipéad inbhuanaitheachta freisin.

Suirbhé trí agallaimh ríomhchuidithe teileafóin

Iarradh ar mhonaróirí agus ar mhiondíoltóirí scála an tionchair agus an chostais a bhaineann le ceanglais dhlíthiúla éagsúla a thabhairt isteach ar a n‑eagraíocht a thabhairt le fios. Seo a leanas na freagraí ar gach ceanglas:

·'Faisnéis a sholáthar faoi ghnéithe de dhearadh an táirge a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cliseadh luath', ba é sin an ceanglas a mbeadh an tionchar is mó agus an costas is airde aige.

·Bheadh an tionchar is ísle ag ‘cosaint tomhaltóirí níos láidre ar chleachtais dífheidhmeachta atá beartaithe (a dhéantar d’aon ghnó)’

·Is iad an ‘Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar faoi fhad na ráthaíochta tráchtála le haghaidh gach táirge’ agus an ‘Oibleagáid chun an tomhaltóir a chur ar an eolas go sainráite nach soláthraítear aon ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta le haghaidh an táirge ar leith’ a mbeadh an costas is ísle ag baint leo.

Suirbhé tomhaltóirí ar líne

Fuarthas amach sa suirbhé go ndealraíonn sé go bhfuil tomhaltóirí sásta páirt a ghlacadh san aistriú glas. Ní raibh formhór na bhfreagróirí toilteanach íoc as faisnéis (e.g. trí aip) faoi mharthanacht agus faoi indeisitheacht ‘earraí marthanacha’. Dúirt thart ar leath de na bhfreagróirí go raibh siad toilteanach níos mó a íoc sa bhreis ar an bpraghas tosaigh as táirge a mhaireann níos faide agus nach gá é a dheisiú, agus dúirt sciar den chineál céanna go raibh siad toilteanach níos mó a íoc as táirge comhionann a mhaireann níos faide i ngeall ar mhiondeisiúcháin/ar dheisiúcháin réasúnta. Dúirt sciar níos mó fós go raibh siad toilteanach breis a íoc as táirge comhionann atá cumhdaithe ag ráthaíocht tráchtála a chlúdódh costas na ndeisiúchán. Aithníodh gurb é ‘Praghas níos airde a bhraitear a bheith ar tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol’ an phríomhbhacainn a chuireann cosc ar thomhaltóirí glacadh le hiompraíocht níos inbhuanaithe agus aithníodh gurb iad ‘Faisnéis níos fearr a sholáthar faoi mharthanacht/shaolré na dtáirgí’ agus ‘Faisnéis níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí maidir le lorg comhshaoil agus aeráide saolré an táirge’ na roghanna is éifeachtaí chun cabhrú le tomhaltóirí táirgí níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a roghnú.

Ceardlanna saineolaithe

An chéad cheardlann

Bailíodh tuairimí faoi mhéid na bhfadhbanna agus samplaí de ghníomhaíocht éifeachtach. Rinneadh go leor de na torthaí ó na sraitheanna comhairliúcháin eile a dheimhniú. Comhaontaíodh den chuid is mó gurb ann do ghlas‑snasú agus go mbíonn sé deacair faisnéis a fháil maidir le marthanacht táirgí. Cuireadh amhras in iúl go bhfuil táirgí deartha d’aon ghnó chun cliseadh go luath.

An dara ceardlann

Bailíodh tuairimí ó chomhlachais tionscail maidir leis an gcaoi ar féidir modhanna digiteacha a úsáid chun faisnéis faoi tháirgí a chur ar fáil. Leagadh béim ann ar roinnt de na deiseanna a chuireann uirlisí digiteacha (e.g. cóid QR, ríomhlipéid) ar fáil chun faisnéis éigeantach faoi tháirgí a chur in iúl agus chun lipéid táirgí a shimpliú.

Leagadh béim freisin ar chuid de na dúshláin, go háirithe do FBManna a bhféadfadh tacaíocht airgeadais a bheith ag teastáil uathu chun na huirlisí sin a chur chun feidhme agus do thomhaltóirí leochaileacha nach bhfuil rochtain acu orthu, nó nach féidir leo iad a úsáid.

An tríú ceardlann

Bailíodh aiseolas faoi roghanna féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna éagsúla. D’athdhearbhaigh rannpháirtithe na ceardlainne go leor de na pointí céanna a luadh sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin roimhe seo agus dheimhnigh siad tacaíocht do roghanna beartais áirithe atá á scrúdú.

An ceathrú ceardlann

Bailíodh tuairimí na n‑údarás forfheidhmiúcháin um chosaint tomhaltóirí (údaráis CC) faoi dhúshláin forfheidhmiúcháin. Leag na rannpháirtithe béim ar a dheacra atá sé rún a chruthú maidir leis an dífheidhmeacht phleanáilte.

Thug na húdaráis phoiblí dá n‑aire nach bhfuil saineolas teicniúil acu chun maímh chomhshaoil a fhorfheidhmiú, agus ní raibh siad ar aon intinn faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil forfheidhmiú na rialacha reatha sa Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha éifeachtach.

·Measúnú tionchair

Tá an togra seo bunaithe ar mheasúnú tionchair 17 . D’eisigh Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an Choimisiúin tuairim dhiúltach (le barúlacha cuimsitheacha) ar dtús an 5 Feabhra 2021.

Tar éis athbhreithniú suntasach a dhéanamh ar an gcéad dréacht, thug an Bord tuairim dhearfach ina raibh tuilleadh barúlacha an 17 Meán Fómhair 2021 18 . Mínítear in Iarscríbhinn I den mheasúnú tionchair an chaoi ar tugadh aghaidh ar bharúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála.

Sainaithnítear sa mheasúnú tionchair dhá fhadhb atá roinnte i roinnt fo-fhadhbanna. Is iad seo a leanas an dá fhadhb a sainaithníodh:

(1)Níl faisnéis iontaofa ag an díolphointe ag tomhaltóirí chun roghanna tomhaltais a dhéanamh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(2)Bíonn ar thomhaltóirí dul i ngleic le cleachtais tráchtála mhíthreoracha a bhaineann le hinbhuanaitheacht táirgí.

Déantar fadhb 1 a mhiondealú a thuilleadh sna fo-fhadhbanna seo a leanas:

1.1)    Easpa faisnéise iontaofa maidir le saintréithe comhshaoil táirgí

1.2)    Easpa faisnéise iontaofa maidir le saolré earraí

1.3)    Easpa faisnéise iontaofa faoi indeisitheacht táirgí

Déantar fadhb 2 a mhiondealú a thuilleadh sna fo-fhadhbanna seo a leanas:

2.1)    Díoltar táirgí le tomhaltóirí nach maireann chomh fada is a d’fhéadfaidís nó a is mbeadh tomhaltóirí ag súil leis (‘dífheidhmeacht luath)

2.2)    Luann cuideachtaí maímh chomhshaoil dhoiléire nó nach bhfuil réasúnaithe go maith le tomhaltóirí (‘glassnasú’)

2.3)    Bíonn ar thomhaltóirí plé le lipéid agus le huirlisí faisnéise digití i leith inbhuanaitheachta nach mbíonn trédhearcach ná iontaofa i gcónaí.

Rinneadh roinnt roghanna beartais a mheas i gcás gach fo-fhaidhbe. Bunaithe ar anailís ilchritéar, mar aon le hanailís (pháirteach) costas/sochar agus measúnú cáilíochtúil ar chomhréireacht na roghanna éagsúla a breithníodh, moladh meascán de chúig rogha beartais tosaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin:

(1)Faisnéis a chur ar fáil maidir le faisnéis a bheith ann nó gan a bheith ann faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta a bheith ann, agus maidir leis an tréimhse ama ar lena linn a sholáthraítear nuashonruithe bogearraí saor in aisce (chun aghaidh a thabhairt ar fho-fhadhb 1.2)

(2)Scór indeisitheachta a sholáthar, nó faisnéis ábhartha eile faoi dheisiú, i gcás inarb infheidhme nó ina bhfuil sí ar fáil (chun aghaidh a thabhairt ar fho-fhadhb 1.3)

(3)Toirmeasc ar chleachtais shainaitheanta áirithe a bhaineann le dífheidhmeacht luath (chun aghaidh a thabhairt ar fho-fhadhb 2.1)

(4)Toirmeasc ar mhaímh chomhshaoil chineálacha nó dhoiléire gan bhunús, agus critéir a leagan síos chun cothroime na maíomh comhshaoil a mheas chun a áirithiú go mbeidh na maímh trédhearcach agus go gcreidfidh tomhaltóirí iad (chun aghaidh a thabhairt ar fho-fhadhb 2.2)

(5)Critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar chothroime lipéad inbhuanaitheachta agus uirlisí faisnéise digití, chun a áirithiú go mbeidh siad trédhearcach agus go gcreidfidh tomhaltóirí iad (chun aghaidh a thabhairt ar fho-fhadhb 2.3)

Fo-fadhb 1.1 (easpa faisnéise iontaofa maidir le saintréithe comhshaoil táirgí)

Measadh gur le reachtaíocht earnála is fearr a dhéanfadh ceanglais faisnéise éigeantacha a thabhairt isteach maidir le saintréithe comhshaoil, toisc go bhfuil difríocht shuntasach idir na saintréithe atá i gceist de réir chatagóir an táirge. Dá bhrí sin, níor moladh sa mheasúnú tionchair rogha beartais tosaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an bhfo-fhadhb sin.

Fo-fadhb 1.2 (easpa faisnéise iontaofa maidir le saolré na n‑earraí)

Leis an rogha thosaíochta, d’áiritheofaí go mbeadh eolas níos fearr ag tomhaltóirí ar mharthanacht na n‑earraí a cheannaíonn siad, ós rud é go léiríonn an ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta an t‑earra go sármhaith.

Thairis sin, spreagfadh an oibleagáid atá ar thrádálaithe an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi fhad na ráthaíochta, nó easpa ráthaíochta más amhlaidh an cás, trádálaithe dul san iomaíocht maidir le soláthar agus fad ráthaíochtaí den sórt sin, rud a spreagfadh go hindíreach táirgí a mhonarú a bhfuil saolré níos faide acu.

Rogha eile a measadh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfo-fhadhb sin is ea oibleagáid chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaolré ionchasach na n‑earraí. Níor roghnaíodh é sin, áfach, toisc nach raibh sé indéanta saolré ionchasach a ríomh ar bhealach caighdeánaithe do gach cineál táirge atá faoin raon feidhme.

Fo-fadhb 1.3 (easpa faisnéise iontaofa maidir le hindeisitheacht táirgí)

Leis an rogha beartais thosaíochta, d’áiritheofaí go bhfaigheadh tomhaltóirí faisnéis iontaofa ag an díolphointe faoi indeisitheacht earra i bhfoirm scór indeisitheachta, más ann do cheann don chatagóir táirgí áirithe sin agus má tá sé sainordaithe faoi dhlí an Aontais.

Mura mbeadh feidhm ag scór indeisitheachta den sórt sin nó mura mbeadh ceann ar fáil, d’áiritheofaí leis an rogha seo go gcuirfí faisnéis ábhartha eile faoi dheisiú ar fáil do thomhaltóirí (má tá sí ar fáil), amhail infhaighteacht páirteanna spártha (lena n‑áirítear nós imeachta chun iad a ordú) nó lámhleabhair deisiúcháin.

Fo-fadhb 2.1 (táirgí nach maireann chomh fada agus ba chóir dóibh)

D’áiritheofaí leis an rogha thosaíochta go mbeadh cosaint níos fearr ag tomhaltóirí ar earraí nó seirbhísí a mhargú gan a chur in iúl go bhfuil siad ceaptha ar bhealach a fhágann go rachaidh siad as feidhm níos luaithe ná mar a d’fhéadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leis.

Trí chleachtais shonracha a ainmniú mar ‘chleachtais dífheidhmeachta luaithe’, éascófar obair forfheidhmiúcháin na n‑údarás cosanta tomhaltóirí.

Rogha eile a measadh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfo-fhadhb seo is ea fianaise a bhailiú maidir le teipeanna luatha táirgí a sainaithníonn comhlachtaí údaraithe. Níor roghnaíodh an rogha seo, áfach, toisc nár measadh gur dhócha go rachadh sé go suntasach chun tairbhe tomhaltóirí.

Fo-fhadhb 2.2 (maímh chomhshaoil dhoiléire nó gan bhunús)

D’áiritheofaí leis an rogha thosaíochta go mbeadh tomhaltóirí cosanta ar an nglas‑snasú, ós rud é go mbeidh caighdeán áirithe ag teastáil uathu siúd a dhéanann na maímh sin. D’éascódh sé forfheidhmiú ag údaráis cosanta tomhaltóirí freisin.

Fo-fhadhb 2.3 (lipéid/uirlisí faisnéise digití inbhuanaitheachta doiléire/gan bhunús)

D’áiritheofaí leis an rogha thosaíochta go mbeadh tomhaltóirí cosanta ar a bheith curtha ar míthreoir ag lipéid agus uirlisí den sórt sin.

Rogha eile a measadh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfo-fhadhb sin is ea lipéid inbhuanaitheachta agus uirlisí faisnéise digití inbhuanaitheachta a cheadú roimh ré ag comhlacht de chuid an Aontais. Níor roghnaíodh an rogha seo, áfach, toisc gur measadh go raibh an t‑ualach ar thrádálaithe neamhréireach.

Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú EUR 12.5-19.4 billiún ar a laghad ar leas tomhaltóirí thar thréimhse 15 bliana (thart ar EUR 1 billiún in aghaidh na bliana ar an meán) leis an gcomhcheangal de roghanna beartais tosaíochta. Rachaidh sé chun tairbhe don chomhshaol freisin, agus is é an meastachán páirteach go sábhálfar CO2e de 5-7 MtCO2e thar thréimhse 15 bliana ar an iomlán. Ag an am céanna, beidh ar ghnólachtaí iad féin a athrú, agus meastar go mbeidh costas idir EUR 9.1-10.4 billiún ag gabháil leis sin. Is ionann é sin agus meánchostas aonuaire in aghaidh na cuideachta de idir EUR 556-568, agus ina dhiaidh sin beidh costas athfhillteach bliantúil idir EUR 64-79 i gceist don tréimhse a chumhdaítear. Ar an taobh eile, déanfar tairbhí an‑tábhachtacha do ghnólachtaí a bhaineann le cothrom na Féinne, mar go mbeadh ar ghnólachtaí a chuirfeadh tomhaltóirí ar míthreoir faoi láthair a gcleachtais a ailíniú leo siúd atá inbhuanaithe i ndáiríre. Meastar go mbeidh costas thart ar EUR 440 000-500 000 in aghaidh na bliana ar an meán in aghaidh an Bhallstáit ann, de bharr na roghanna tosaíochta a fhorfheidhmiú ag údaráis phoiblí.

Chun comhleanúnachas iomlán a áirithiú le tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin atá á n‑ullmhú, cuid de na gnéithe de na roghanna beartais tosaíochta a roghnaíodh sa mheasúnú tionchair chun dul i ngleic le fo-fhadhb 2.2 (maímh chomhshaoil dhoiléire nó gan bhunús) agus le fo-fhadhb 2.3 (lipéid/uirlisí faisnéise digití inbhuanaitheachta doiléire/gan bhunús), cinneadh gan iad a chur chun feidhme tríd an tionscnamh seo ach trí na tionscnaimh eile.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Léiríodh sa tuarascáil ar sheiceáil oiriúnachta a foilsíodh in 2017 nach bhfuil ualach anmhór ag baint le reachtaíocht ghinearálta tomhaltóirí an Aontais, i ndearbhthéarmaí nó i gcomparáid le réimsí eile de rialáil an Aontais 19 . Dá bhrí sin, i bhfianaise na sochar a bhaineann le reachtaíocht an Aontais ó thaobh tomhaltóirí a chosaint agus an margadh aonair a éascú, níor sainaithníodh sna meastóireachtaí sin ach raon teoranta chun an tualach a laghdú.

I bhfianaise na béime ar fhorfheidhmiú agus ar dhigitiú, ní raibh aon chonclúidí sonracha ann maidir leis an méid a rannchuidíonn dlí tomhaltóirí an Aontais le tomhaltas inbhuanaithe. Mar sin féin, nuair is féidir agus nuair is ábhartha, baintear leas as na torthaí agus na conclúidí a bailíodh sa ghníomh sin leis an ionstraim seo.

·Cearta bunúsacha

Tá an togra i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha ar i gcomhréir leis nach mór don Aontas ardleibhéal chosaint tomhaltóirí a áirithiú. Is mar seo a leanas a áiritheofar sin

(a)iontaofacht na faisnéise marthanachta agus indeisitheachta a sholáthraítear ag an díolphointe a fheabhsú, agus

(b)aghaidh a thabhairt ar chleachtais mhíthreoracha tráchtála a bhaineann le glassnasú agus le lipéid inbhuanaitheachta agus uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta atá neamhiontaofa agus neamhthrédhearcach a úsáid, agus le dífheidhmeacht luath.

Leis an soiléiriú ar cad is cleachtas tráchtála éagórach ann maidir le maíomh comhshaoil a dhéanamh, ar lipéid inbhuanaitheachta agus uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta a úsáid, agus ar dhífheidhmeacht luath, rannchuideofar le cur chun feidhme Airteagal 16 den Chairt, lena ráthaítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

Ar deireadh, trí chumhacht a thabhairt do thomhaltóirí cinntí ceannaigh a dhéanamh atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, urramaítear sa togra an ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol agus feabhais maidir le mianach an chomhshaoil, atá leagtha amach in Airteagal 37 den Chairt.



4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon iarmhairtí ann do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis a glactha. Déanfar measúnú sa tuarascáil seo ar chur i bhfeidhm na Treorach.

·Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ós rud é go dtugtar isteach leis an togra leasuithe sonracha ar dhá threoir atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit téacs na leasuithe sonracha ar rialacha náisiúnta a sholáthar don Choimisiún nó, in éagmais na leasuithe sin, ba cheart dóibh a mhíniú cén fhoráil shonrach den dlí náisiúnta a chuireann na leasuithe dá bhforáiltear sa togra chun feidhme cheana féin.

·Míniúchán mionsonraithe ar na rialacha sonracha sa togra

Airteagal 1 – Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE

Le hAirteagal 1 den togra leasaítear Treoir 2005/29/CE tríd an liosta de shaintréithe an táirge a thabhairt cothrom le dáta, ar féidir a mheas gur gníomhaíocht mhíthreorach é má dhéanann trádálaí dallamullóg a chur ar thomhaltóirí ina leith. Áirítear dhá chleachtas tráchtála nua freisin ar liosta na ngníomhaíochtaí a mheastar a bheith míthreorach má bhíonn siad ina gcúis, nó más dócha go mbeidís ina gcúis, le cinneadh idirbhirt a bheith déanta ag ghnáth‑thomhaltóir nach ndéanfaidís murach sin. Cuirtear mír nua amháin leis an liosta faisnéise a mheasfar a bheith ábhartha i gcás cleachtas tráchtála ar leith, a bhféadfaí a mheas go bhfuil an cleachtas tráchtála atá i gceist míthreorach dá bhfágfaí ar lár é. Thairis sin, déantar liosta na gcleachtas tráchtála a mheastar a bheith éagórach i ngach cúinse a leathnú chuig cleachtais a bhaineann le dífheidhmeacht luath táirgí agus le glas‑snasú.

Maidir leis an liosta de shaintréithe an táirge in Airteagal 6(1) de Threoir 2005/29/CE nár cheart do thrádálaí dallamullóg a chur ar thomhaltóirí ina leith, leasaítear é chun go n‑áireofaí 'tionchar comhshaoil nó sóisialta’, 'marthanacht' agus 'indeisitheacht'. Maidir leis na cleachtais tráchtála a mheasfar a bheith ina ngníomhartha míthreoracha má bhíonn siad ina gcúis, nó más dócha go mbeidís ina gcúis, le cinneadh idirbhirt a bheith déanta ag ghnáth‑thomhaltóir nach ndéanfaidís murach sin, cuirtear dhá chleachtas bhreise le hAirteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE:

maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo gan gealltanais agus spriocanna soiléire, oibiachtúla, infhíoraithe agus gan córas faireacháin neamhspleách a bheith ann.

tairbhí a fhógairt do thomhaltóirí a mheastar a bheith ina ngnáthchleachtas sa mhargadh ábhartha.

In Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE, leathnaítear an liosta faisnéise a mheasfar a bheith ábhartha i gcás cleachtas tráchtála ar leith, ar faisnéis í a bhféadfadh a bheith ina cúis le cleachtas tráchtála míthreorach dá bhfágfaí ar lár í, chun an mhír seo a leanas a áireamh:

i gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís lena ndéantar comparáid idir táirgí, lena náirítear trí uirlis faisnéise inbhuanaitheachta, faisnéis faoin modh comparáide, na táirgí is ábhar don chomparáid agus soláthraithe na dtáirgí sin, agus na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta.

Is iad seo a leanas na deich gcleachtas tráchtála bhreise a cuireadh le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a mheasfar a bheith éagórach i ngach uile chás:

Lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nár bhunaigh údaráis phoiblí.

Maíomh comhshaoil cineálach a dhéanamh nach bhfuil an trádálaí in ann feidhmíocht comhshaoil den scoth a léiriú ina leith atá ábhartha don mhaíomh.

Maíomh comhshaoil a dhéanamh i dtaobh an táirge fhoriomláin nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge.

Ceanglais a fhorchuirtear le dlí ar na táirgí uile laistigh den chatagóir táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais a chur i láthair mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí.

Gan an tomhaltóir a chur ar an eolas go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí ar úsáid na nearraí ag a bhfuil gnéithe digiteacha nó ar ghnéithe áirithe de na hearraí sin, fiú má fheabhsaíonn an nuashonrú bogearraí feidhmiú na ngnéithe eile.

Gan an tomhaltóir a chur ar an eolas gurb ann do ghné earra a tugadh isteach chun srian a chur lena mharthanacht.

Ag maíomh go bhfuil marthanacht áirithe ag earra ó thaobh achar nó déine na húsáide de nuair nach bhfuil sé aige.

Ag cur in iúl gur féidir táirgí a dheisiú nuair nach féidir nó gan an tomhaltóir a chur ar an eolas nach féidir na hearraí a dheisiú i gcomhréir le ceanglais dlí.

Ag cur ina luí ar an tomhaltóir tomhaltáin earra a athsholáthar níos luaithe ná mar atá riachtanach chun críocha teicniúla.

Gan a chur in iúl go ndeartar earra chun srian a chur lena fheidhmíocht nuair a úsáidtear tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh.

Airteagal 2 Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE

Le hAirteagal 2 den togra leasaítear Treoir 2011/83/AE maidir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach atá le soláthar do thomhaltóirí agus cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh á dtabhairt i gcrích acu chomh maith le conarthaí nach cianchonarthaí nó conarthaí seacháitribh iad, go háirithe maidir le faisnéis faoi mharthanacht agus faoi indeisitheacht earraí.

Leasaítear leis freisin an Treoir a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis nach mór tomhaltóirí a chur ar an eolas fúithi go díreach sula ndéanfaidh siad a n‑ordú, i gcás cianchonarthaí atá le tabhairt i gcrích trí mheán leictreonach.

Maidir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach atá le soláthar do thomhaltóirí agus conarthaí nach cianchonarthaí nó conarthaí seacháitribh á dtabhairt i gcrích, cuirtear sé mhír bhreise leis an liosta faoi Airteagal 5(1) de Threoir 2011/83/AE, ina gcuimsítear an fhaisnéis atá le cur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe.

Is iad seo a leanas na sé mhír bhreise sin:

faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta maidir le gach cineál earra a bheith ann agus faoi fhad na ráthaíochta sin, nuair a chuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil;

faisnéis a chuireann in iúl nár sholáthair an táirgeoir aon fhaisnéis faoi ráthaíocht táirgeora i leith marthanachta a bheith ann i gcás earraí a úsáideann fuinneamh;

tréimhse a bheith ann a ngeallann an táirgeoir nuashonruithe bogearraí a sholáthar lena linn le haghaidh earraí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, agus fad na tréimhse sin;

tréimhse a bheith ann a ngeallann an táirgeoir nuashonruithe bogearraí a sholáthar lena linn le haghaidh ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, agus fad na tréimhse sin;

scór indeisitheachta an earra mar is infheidhme faoi dhlí an Aontais;

faisnéis eile faoi dheisiú mura bhfuil scór indeisitheachta ar fáil ar leibhéal an Aontais – amhail faisnéis maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha agus lámhleabhar deisiúcháin.

Maidir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach atá le soláthar do thomhaltóirí agus cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh á dtabhairt i gcrích, cuirtear na sé mhír chéanna leis an liosta faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE (faisnéis le cur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe).

Maidir leis an bhfaisnéis nach mór tomhaltóirí a chur ar an eolas fúithi go díreach sula ndéanann siad a n‑ordú, i gcás cianchonarthaí atá le tabhairt i gcrích go leictreonach, faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta a bheith ann agus faoi fhad na ráthaíochta sin atá le soláthar faoi Airteagal 8(2) de Threoir 2011/83/AE (nó nár soláthraíodh aon fhaisnéis den sórt sin i gcás earraí a úsáideann fuinneamh).

2022/0092 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 20  

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí roghanna tomhaltais inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe cleachtais a bhaineann le dífheidhmeacht luath earraí, maímh chomhshaoil mhíthreoracha (‘snasú glas’), lipéid inbhuanaitheachta nach bhfuil trédhearcach ná dochreidte nó uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach i ndlí tomhaltóirí an Aontais. Chuirfeadh sé sin ar chumas do na comhlachtaí inniúla náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin.  Trína áirithiú go mbeidh maímh chomhshaoil cothrom, beidh tomhaltóirí in ann táirgí a roghnú atá níos fearr don chomhshaol i ndáiríre ná na táirgí sin atá in iomaíocht leo. Spreagfaidh sé sin iomaíocht i dtreo táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, rud a laghdóidh an tionchar diúltach ar an gcomhshaol.

(2)Ba cheart na rialacha nua sin a thabhairt isteach trí leasú a dhéanamh ar Airteagail 6 agus 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 maidir leis na cleachtais tráchtála sin a mheasfar a bheith míthreorach agus, dá bhrí sin, toirmiscthe, ar bhonn measúnú cás ar chás, agus trí leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE agus cleachtais mhíthreoracha shonracha a chur léi, cleachtais a mheastar a bheith éagórach i ngach cás, atá toirmiscthe dá réir sin.

(3)Chun trádálaithe a dhíspreagadh ó mheabhlú tomhaltóirí maidir le tionchar comhshaoil nó sóisialta, marthanacht nó indeiseacht a dtáirgí, lena náirítear trí na táirgí a chur i láthair go foriomlán, ba cheart Airteagal 6(1) de Threoir 2005/29/CE a leasú trí thionchar comhshaoil nó sóisialta, marthanacht agus deisiúchán an táirge a chur le liosta de phríomhthréithe an táirge ar féidir a mheas go bhfuil cleachtais an trádálaí míthreorach ina leith, tar éis measúnú cás ar chás. An fhaisnéis a chuireann trádálaithe ar fáil maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta táirgí, amhail dálaí oibre, ranníocaíochtaí do charthanais nó do charthanais leasa ainmhithe, níor cheart go gcuirfeadh sí tomhaltóirí ar míthreoir ach oiread.

(4)Baineann maímh chomhshaoil, go háirithe maímh a bhaineann leis an aeráid, níos mó agus níos mó le feidhmíocht amach anseo i bhfoirm aistriú chuig neodracht carbóin nó aeráide, nó cuspóir comhchosúil, faoi dháta áirithe. De thoradh na maíomh sin, is léir do thrádálaithe go rannchuidíonn tomhaltóirí le geilleagar ísealcharbóin trína dtáirgí a cheannach. Chun cothroime agus inchreidteacht na maíomh den sórt sin a áirithiú, ba cheart Airteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE a leasú chun cosc a chur ar mhaímh den sórt sin, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, nuair nach dtacaíonn gealltanais agus spriocanna atá soiléir, oibiachtúil agus infhíoraithe atá ag an trádálaí leo. Ba cheart córas faireacháin neamhspleách a bheith i bhfeidhm chun tacú leis na maímh sin freisin agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an trádálaí maidir leis na gealltanais agus na spriocanna.

(5)Cleachtas tráchtála eile a d’fhéadfadh bheith míthreorach agus ba cheart a chur leis na cleachtais shonracha ar a ndíríonn Airteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE is ea tairbhí a fhógairt do thomhaltóirí ar cleachtas coiteann iad go hiarbhír sa mhargadh ábhartha. Mar shampla, más cleachtas coiteann ar mhargadh sonrach táirgí é a thabhairt le fios go bhfuil táirge ar leith gan substaint cheimiceach agus dá gcuirfí sin cun cinn mar ghné ar leith den táirge, d’fhéadfadh sin bheith ina chleachtas éagórach tráchtála.

(6)Is teicníc mhargaíochta atá ag éirí níos coitianta é comparáid a dhéanamh idir táirgí atá bunaithe ar a ngnéithe comhshaoil nó sóisialta, lena náirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta. Chun a áirithiú nach gcuirfidh comparáidí den sórt sin tomhaltóirí ar míthreoir, ba cheart Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE a leasú chun a cheangal go gcuirfear faisnéis ar fáil don tomhaltóir faoi mhodh na comparáide, faoi na táirgí atá faoi réir comparáide agus faoi sholáthróirí na dtáirgí sin, agus faoi na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart go náiritheofaí leis sin go ndéanfaidh tomhaltóirí cinntí idirbhirt ar bhonn eolais mhaith agus iad ag úsáid na seirbhísí sin. Ba cheart go mbeadh an chomparáid oibiachtúil go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu, trí mhodh coiteann agus toimhdí coiteanna a úsáid, agus trí chomparáid a dhéanamh idir gnéithe ábhartha agus infhíoraithe na dtáirgí atá á gcur i gcomparáid le chéile.

(7)Ba cheart toirmeasc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí trí chleachtais den sórt sin a áireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. Ba cheart don scéim deimhniúcháin íoschoinníollacha trédhearcachta agus creidiúnachta a chomhlíonadh. Is féidir lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint gan scéim deimhniúcháin i gcás ina mbunóidh údarás poiblí lipéid den sórt sin, nó i gcás modhanna breise chun bia a léiriú agus a chur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Leis an riail sin, comhlánaítear pointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE lena gcuirtear toirmeasc ar an maíomh go bhfuil trádálaí, cleachtais tráchtála trádálaí, nó táirge formheasta, formhuinithe nó údaraithe ag comhlacht poiblí nó príobháideach i gcás nach bhfuil, nó maíomh den sórt sin á dhéanamh aige gan téarmaí an fhormheasta, an fhormhuinithe ná an údaraithe a chomhlíonadh.

(8)I gcásanna ina bhfuil cumarsáid tráchtála ag baint le lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint lena moltar nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach ag táirge ar an gcomhshaol nó nach bhfuil aon tionchar aige ar an gcomhshaol, nó nach ndéanann sé dochar don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí atá in iomaíocht leo, ba cheart a mheas freisin gur maíomh comhshaoil é an lipéad inbhuanaitheachta.

(9)Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun cosc a chur ar mhaímh chomhshaoil chineálacha a dhéanamh gan feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth atá ábhartha don maíomh. Samplaí de mhaímh chomhshaoil chineálacha den sórt tá siad ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘garach don chomhshaol’, ‘éicea-chairde’, ‘glas’, ‘cara an dúlra’, ‘éiceolaíoch’, ‘ceart don chomhshaol’, ‘neamhdhíobhálach don aeráid’, ‘comhshaol caoin ceansa’, ‘comhshaol ísealcharbóin’, ‘neodrach ó thaobh carbóin de’, ‘dearfach ó thaobh carbóin de’, ‘aeráidneodrach’, ‘fuinneamhéifeachtúil’, ‘inbhithdhíghrádaithe’, ‘bithbhunaithe’ nó ráitis chomhchosúla, mar aon le ráitis is leithne fós amhail ‘coinsiasach’ nó ‘freagrach’ lena moltar nó lena bhfuiltear ag tabhairt feidhmíocht chomhshaoil den scoth le tuiscint. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh chomhshaoil chineálacha den sórt sin aon uair nach léireofar feidhmíocht chomhshaoil den scoth nó aon uair nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna, amhail an mhír fógraíochta chéanna, pacáistíocht táirge nó comhéadan díolacháin ar líne. Mar shampla, maidir leis an maíomh ‘inbhithdhíghrádaithe’, a thagraíonn do tháirge, bheadh sé ina mhaíomh cineálach, ach ag an am céanna a mhaíomh go mbeadh ‘an phacáistíocht inbhithmhillte trí mhúiríniú baile laistigh de mhí amháin’ ina mhaíomh sonrach, nach dtagann faoin toirmeasc sin.

(10)Is féidir feidhmíocht chomhshaoil den scoth a léiriú trí Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , nó trí scéimeanna éicilipéadaithe atá aitheanta go hoifigiúil sna Ballstáit, nó trí chomhlíontacht feidhmíochta comhshaoil barrfeabhais do ghné chomhshaoil shonrach a chomhlíonadh i gcomhréir le dlíthe infheidhme eile de chuid an Aontais, amhail aicme A i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 . Ní mór an fheidhmíocht chomhshaoil den scoth atá i gceist a bheith bainteach leis an maíomh. Mar shampla, d’fhéadfaí maíomh cineálach a bheith ‘fuinneamhéifeachtúil’ a dhéanamh bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil den scoth i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369. Os a choinne sin, ní fhéadfaí maíomh cineálach ‘inbhithdhíghrádaithe’ a dhéanamh bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil den scoth i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, a mhéid nach bhfuil aon cheanglas maidir le bithdhíghrádaitheacht i gcritéir shonracha Éicilipéad an AE a bhaineann leis an táirge i dtrácht.

(11)Cleachtas tráchtála míthreorach eile ba cheart a thoirmeasc i ngach cás agus ar an gcaoi sin a chur leis an liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE, is ea maíomh comhshaoil a dhéanamh i leith an táirge ina iomláine i nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge. B’amhlaidh an cás, mar shampla, nuair a dhéantar táirge a mhargú mar tháirge ‘déanta le hábhar athchúrsáilte’, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil an táirge iomlán déanta d’ábhar athchúrsáilte, nuair nach bhfuil ann ach an phacáistíocht atá déanta d’ábhar athchúrsáilte.

(12)Déantar foráil sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 24  maidir leis an ngá atá ann na rialacha a leagan síos maidir le maímh chomhshaoil ag baint úsáide as modhanna Lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta. Ní mór ceanglais bhreise maidir le maímh chomhshaoil a leagan síos i reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais. Cuirfidh na ceanglais nua sin le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 25 , is é sin á chur ar chumas do cheannaitheoirí cinntí níos inbhuanaithe a dhéanamh agus an baol a laghdú go ndéanfar glassnasú trí fhaisnéis iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe.

(13)Cur i láthair ceanglas a fhorchuirtear leis an dlí ar na táirgí go léir sa chatagóir táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais, lena náirítear táirgí allmhairithe, mar ghné shainiúil den tairiscint ón trádálaí, ba cheart an cur i láthair sin a thoirmeasc i ngach cás freisin agus é a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an toirmeasc sin, mar shampla, i gcás ina bhfuil trádálaí ag fógairt nach bhfuil substaint cheimiceach shonrach i dtáirge ar leith agus cosc dlí ar an tsubstaint sin cheana le haghaidh gach táirge atá sa chatagóir táirge sin san Aontas. Os a choinne sin, níor cheart a chumhdach leis an toirmeasc cleachtais tráchtála a chuireann chun cinn comhlíonadh ceanglas dlíthiúil ag trádálaithe nó ag táirgí, ar ceanglais iad nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le táirgí áirithe ach nach bhfuil feidhm acu maidir le táirgí iomaíocha eile den chatagóir chéanna ar mhargadh an Aontais, amhail táirgí nach de thionscnamh an Aontais iad.

(14)Chun feabhas a chur ar leas na dtomhaltóirí, sna leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath, lena náirítear cleachtais dhífheidhmeachta pleanáilte, a thuigtear mar bheartas tráchtála lena mbaineann táirge a phleanáil nó a dhearadh agus saol úsáideach teoranta aige d’aon ghnó ionas go mbeidh sé dífheidhmithe roimh am nó go mbeidh sé neamhfheidhmiúil tar éis tréimhse áirithe ama. Is cúis díobhála do thomhaltóirí táirgí a cheannach a bhfuil coinne leis go mairfidh siad níos faide ná mar a mhaireann siad i ndáiríre. Thairis sin, tá tionchar diúltach foriomlán ar an gcomhshaol ag cleachtais dífheidhmeachta luaithe, i bhfoirm níos mó dramhaíl ábhair. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar na cleachtais sin, is dócha go laghdófar an méid dramhaíola, rud a rannchuideodh le tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach.

(15)Ba cheart é a bheith toirmiscthe gan an tomhaltóir a chur ar an eolas go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí, lena náirítear nuashonrú slándála, ar úsáid earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó gnéithe áirithe de na hearraí sin, fiú má chuireann an nuashonrú feabhas ar fheidhmiú gnéithe eile. Mar shampla, agus cuireadh á thabhairt do thomhaltóirí an córas oibriúcháin ar a bhfón cliste a nuashonrú, beidh ar an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas más rud é go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú den sórt sin ar fheidhmiú aon cheann de ghnéithe an fhóin chliste.

(16)Ba cheart é a bheith toirmiscthe freisin gan an tomhaltóir a chur ar an eolas maidir le gné den earra a tugadh isteach chun a mharthanacht a theorannú. Mar shampla, d‘fhéadfadh a bheith i gceist le gné den sórt sin bogearraí a stopann nó a íosghrádaíonn feidhmiúlacht an earra tar éis tréimhse áirithe ama, nó píosa crua-earraí atá deartha sa chaoi go dteipfidh sé tar éis tréimhse áirithe ama. An toirmeasc ar gan tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ghnéithe den sórt sin de chuid na nearraí, tá sé ina chomhlánú ar na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí nuair is ionann iad agus easpa comhréireachta faoi Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 agus ní dhéanann sé difear do na leigheasanna sin. Chun go measfaí cleachtas tráchtála den sórt sin a bheith éagórach, níor cheart gur gá a léiriú gurb é cuspóir na gné a spreagadh go gcuirfí earra eile in ionad an earra atá i gceist. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir úsáid gnéithe a chuireann teorainn le marthanacht na nearraí agus cleachtais mhonaraíochta ina núsáidtear ábhair nó próisis ar cháilíocht atá íseal go ginearálta agus a mbíonn marthanacht theoranta na nearraí mar thoradh orthu. Maidir le heaspa comhréireachta earra de thoradh ábhair nó próisis ar cháilíocht íseal a úsáid, ba cheart leanúint dá rialú leis na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

(17)Cleachtas eile is ceart a thoirmeasc faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea an cleachtas lena néilítear go bhfuil marthanacht áirithe ag an earra nuair nach bhfuil. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, nuair a chuireann trádálaí tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil coinne leis go mairfidh meaisín níocháin líon áirithe timthriallta níocháin, ach go léirítear nach amhlaidh atá agus an meaisín níocháin á úsáid i ndáiríre.

(18)Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar tháirgí a chur i láthair mar tháirgí is féidir a dheisiú nuair nach féidir deisiú den sórt sin a dhéanamh, agus ar gan tomhaltóirí a chur ar an eolas nach féidir earraí a dheisiú i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla.

(19)Leis an toirmeasc ar na cleachtais sin i ndáil le marthanacht agus le indeisitheacht i dTreoir 2005/29/CE, sholáthrófaí uirlis forfheidhmiúcháin bhreise d’údaráis cosanta tomhaltóirí na mBallstát chun cosaint níos fearr a thabhairt do leasanna tomhaltóirí sna cásanna sin nuair nach gcomhlíonann trádálaithe na ceanglais maidir le marthanacht agus indeisitheacht earraí faoi reachtaíocht táirge an Aontais.

(20)Cleachtas eile a bhaineann le dífheidhmeacht luath is ceart a thoirmeasc agus a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is é an tomhaltóir a spreagadh chun tomhaltáin nua a chur in ionad tomhaltáin táirge níos luaithe ná mar ba ghá murach sin ar chúiseanna teicniúla. Cuireann cleachtais den sórt sin an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann sé nach bhfeidhmeoidh na hearraí níos mó mura gcuirtear tomhaltáin nua in ionad a dtomhaltán, rud a fhágann go gceannaíonn sé níos mó tomhaltán ná mar is gá. Mar shampla, bheadh toirmeasc ar an gcleachtas faoina spreagtar don tomhaltóir, trí shocruithe an phrintéara, cartúis dúigh an phrintéara a athrú sula mbíonn siad folamh i ndáiríre chun ceannach cartús breise dúigh a spreagadh.

(21)Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar gan an tomhaltóir a chur ar an eolas go bhfuil an tearra deartha chun a fheidhmiúlacht a theorannú agus úsáid á baint as tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh. Mar shampla, maidir le printéirí atá deartha chun a bhfeidhmiúlacht a theorannú agus cartúis dúigh á núsáid nach soláthraíonn táirgeoir bunaidh an phrintéara, bheadh toirmeasc ann iad a chur ar an margadh gan an fhaisnéis sin a nochtadh don tomhaltóir. D‘fhéadfadh an cleachtas sin tomhaltóirí a chur ar míthreoir maidir le cartús dúigh malartach a cheannach nach féidir a úsáid le haghaidh an phrintéara sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh costais deisiúcháin gan gá, sruthanna dramhaíola nó costais bhreise ann i ngeall ar an oibleagáid úsáid a bhaint as tomhaltáin an táirgeora bhunaidh, rud nach bhféadfadh an tomhaltóir a thuar tráth an cheannaigh. Ar an gcaoi chéanna, maidir le gléasanna cliste a chur ar an margadh atá deartha sa chaoi go dteorannófaí a bhfeidhmiúlacht agus úsáid á baint as luchtairí nó páirteanna spártha nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, bheadh toirmeasc ann freisin iad a chur ar an margadh gan an fhaisnéis sin a nochtadh don tomhaltóir.

(22)Chun gur féidir le tomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus chun an téileamh ar earraí níos marthanaí, agus soláthar na nearraí sin, a spreagadh, ba cheart faisnéis shonrach maidir le marthanacht agus indeisitheacht táirge a chur ar fáil le haghaidh gach cineál earra sula dtabharfar an conradh i gcrích. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin tréimhse ama a bhfuil nuashonruithe saor in aisce ar bhogearraí ar fáil lena linn. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 a leasú chun faisnéis réamhchonarthach a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le marthanacht, indeisitheacht agus infhaighteacht nuashonruithe. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882 28 . Comhlánaíonn an oibleagáid an fhaisnéis sin a chur ar fáil do thomhaltóirí cearta tomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/770 29 agus i dTreoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , agus ní dhéanann sí difear dóibh.

(23)Dea-tháscaire ar mharthanacht an earra is ea ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta de réir bhrí Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/771. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE a leasú chun a cheangal go sonrach ar thrádálaithe a dhíolann earraí tomhaltóirí a chur ar an eolas gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta le haghaidh gach cineál earra, i gcás ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil.

(24)Is ábhartha fadhb na marthanachta teoranta contrártha d’ionchais tomhaltóirí maidir le hearraí a úsáideann fuinneamh, ar earraí iad a fheidhmíonn ó fhoinse fuinnimh sheachtrach. Is mó is suim le tomhaltóirí freisin faisnéis a fháil faoi mharthanacht ionchais na catagóire earraí sin. Ar na cúiseanna sin, agus i ndáil leis an gcatagóir earraí sin amháin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas nár chuir an táirgeoir ar fáil an fhaisnéis gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta de bhreis agus dhá bhliain.

(25)Earraí a bhfuil comhpháirteanna iontu a úsáideann fuinneamh, i gcás nach bhfuil sna comhpháirteanna sin ach gabhálais agus nach rannchuidíonn siad le príomhfheidhm na nearraí sin, amhail soilse maisiúla ar éadaí nó ar choisbheart nó solas leictreach ar rothar, níor cheart iad a aicmiú mar earraí a úsáideann fuinneamh.

(26)I bhfianaise na tréimhse íosta dhá bhliain atá leagtha síos maidir le dliteanas an díoltóra i leith easpa comhréireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771 agus i bhfianaise go dteipeann ar go leor táirgí tar éis dhá bhliain, i gcás ráthaíochtaí a mhaireann níos faide ná dhá bhliain, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid atá ar an trádálaí tomhaltóirí a chur ar an eolas gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta agus faoi fhad na ráthaíochta sin.

(27)Chun gur fusa do thomhaltóirí cinntí idirbhirt a dhéanamh ar bhonn eolas maith agus earraí á gcur i gcomparáid acu sula dtugtar conradh i gcrích, ba cheart do thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta, agus faoi fhad na ráthaíochta sin, le haghaidh an earra iomláin agus ní le haghaidh comhpháirteanna sonracha den earra.

(28)Ba cheart an saoirse a bheith ag an táirgeoir agus ag an díoltóir i gcónaí cineálacha eile ráthaíochtaí tráchtála agus seirbhísí iardhíola d’aon fhad a thairiscint. Níor cheart, áfach, don fhaisnéis a chuirtear ar fáil don tomhaltóir faoi ráthaíochtaí tráchtála nó seirbhísí eile den sórt sin mearbhall a chur ar an tomhaltóir a mhéid a bhaineann le ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta a bheith ann, agus le fad na ráthaíochta sin, ar ráthaíocht í a chumhdaíonn an tearra iomlán agus a mhaireann níos faide ná dhá bhliain.

(29)Chun iomaíocht a chur chun cinn idir táirgeoirí a mhéid a bhaineann le marthanacht earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do na trádálaithe a dhíolann na hearraí sin tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin íostréimhse ama ar lena linn a gheallann an táirgeoir nuashonruithe bogearraí a sholáthar do na hearraí sin. Chun róualú faisnéise a sheachaint do thomhaltóirí, áfach, níor cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil ach amháin nuair atá an tréimhse sin níos faide ná tréimhse ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta, ós rud é go bhfuil sé i gceist leis an ráthaíocht sin nuashonruithe a sholáthar, lena náirítear nuashonruithe slándála, a bhfuil gá leo chun na feidhmeanna a cheanglaítear agus feidhmíocht na nearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, níl faisnéis faoi ghealltanas an táirgeora nuashonruithe bogearraí a sholáthar ábhartha ach amháin i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha do ghníomh aonair soláthair an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a bhfuil feidhm ag pointe (a) d’Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2019/771 ina leith. I gcodarsnacht leis sin, níor cheart aon oibleagáid nua a bheith ann chun an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina bhforáiltear sa chonradh díolacháin maidir le soláthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama, ós rud é, i gcás na gconarthaí sin, go sonraítear, le pointe (b) d’Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2019/771, trí thagairt d’Airteagal 10 (2) nó (5), an tréimhse ama ar lena linn nach mór don díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe agus go dtabharfar nuashonruithe dó.

(30)Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do thrádálaithe a thairgeann ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoin íostréimhse ina dtugann soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, i gcás nach ionann an soláthraí agus an trádálaí, gealltanas go soláthróidh siad nuashonruithe bogearraí, lena náirítear nuashonruithe slándála, a bheidh riachtanach chun an tábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir. Níl faisnéis faoi ghealltanas an tsoláthraí nuashonruithe bogearraí a sholáthar ábhartha ach amháin i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do ghníomh aonair soláthair nó do shraith gníomhartha aonair soláthair a bhfuil feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 8(2) de Threoir 2019/770 ina leith. I gcodarsnacht leis sin, níor cheart aon oibleagáid nua a bheith ann chun an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama, ós rud é, i gcás na gconarthaí sin, go sonraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(2) de Threoir (AE) 2019/770, an tréimhse ama ar lena linn nach mór don trádálaí a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe agus go dtabharfar nuashonruithe dó.

(31)Ionas go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí idirbhirt a dhéanamh ar bhonn eolas maith agus earraí a roghnú ar fusa iad a dheisiú, ba cheart do thrádálaithe, sula dtabharfar an conradh i gcrích, foráil a dhéanamh do gach cineál earra, i gcás inarb infheidhme, scór indeisitheachta an earra dá bhforáiltear ag an táirgeoir i gcomhréir le dlí an Aontais.

(32)De bhun phointe (e) d’Airteagal 5(1), agus phointe (m) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE, tá oibleagáid ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar don tomhaltóir sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh faisnéis a sholáthar don tomhaltóir faoi na seirbhísí iardhíola agus faoi na coinníollacha a bhaineann leo, lena náirítear seirbhísí deisithe, i gcás ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil. Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas maidir le hindeisitheacht na nearraí a cheannaíonn siad, i gcás nach mbunaítear scór indeisitheachta i gcomhréir le dlí an Aontais, ba cheart do thrádálaithe foráil a dhéanamh, maidir le gach cineál earra, faisnéis ábhartha eile faoi dheisiúchán a chuireann an táirgeoir ar fáil, amhail faisnéis maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha, agus lámhleabhar úsáideora agus deisiúcháin.

(33)Ba cheart do thrádálaithe faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta, faoin tréimhse íosta le haghaidh nuashonruithe agus faoin bhfaisnéis faoi dheisiú seachas an scór indeisitheachta, i gcás ina gcuireann táirgeoir nó soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, i gcás nach ionann é agus an trádálaí, an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Go háirithe, a mhéid a bhaineann le hearraí, ba cheart don trádálaí an fhaisnéis a thug an táirgeoir don trádálaí nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile í a chur ar fáil go héasca don tomhaltóir roimh thabhairt i gcrích an chonartha a chur in iúl do thomhaltóirí trína léiriú ar an táirge féin, a phacáistíocht nó a chlibeanna agus lipéid a rachadh an tomhaltóir i gcomhairle leo de ghnáth sula dtabharfaí an conradh i gcrích. Níor cheart a chur de cheangal ar an trádálaí an fhaisnéis sin a chuardach go gníomhach ón táirgeoir, mar shampla, ar na suíomhanna gréasáin atá sonrach ó thaobh an táirge de.

(34)Ba cheart do Threoir 2005/29/CE agus do Threoir 2011/83/AE leanúint de bheith ag obair mar ‘líontán sábhála’ lena náirithítear gur féidir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a choinneáil ar bun i ngach earnáil, trí dhlí an Aontais atá sonrach do tháirgí agus a bhfuil forlámhas acu i gcás coinbhleachta a chomhlánú.

(35)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cinntí idirbhirt níos eolasaí ag tomhaltóirí a chumasú chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, cleachtais a dhéanann damáiste don gheilleagar inbhuanaithe a dhíchur agus tomhaltóirí a chur ar míthreoir ó roghanna tomhaltais inbhuanaithe, agus a áirithiú go gcuirtear creat dlíthiúil tomhaltóirí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus go comhsheasmhach, a ghnóthú go leordhóthanach ina naonar ach gur fearr, de bharr chineál uile-Aontais na faidhbe, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(36)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 31 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE

Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí (o) go (y) seo a leanas:

‘(o) ‘ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó aon uiríoll nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n‑áirítear téacs, léiriú pictiúrtha, grafach nó siombalach, i bhfoirm ar bith, lena n‑áirítear lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáide tráchtála, lena sonraítear nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach nó nach bhfuil aon tionchar ag táirge nó trádálaí ar an gcomhshaol nó nach ndéanann sé dochar don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí nó trádálaithe eile, faoi seach, nó a bhfuil a dtionchar feabhsaithe le himeacht ama;

(p) ciallaíonn ‘maíomh follasach comhshaoil’ maíomh comhshaoil atá i bhfoirm téacs nó atá i lipéad inbhuanaitheachta;

(q) ciallaíonn ‘maíomh cineálach comhshaoil’ aon mhaíomh follasach comhshaoil, nach bhfuil i lipéad inbhuanaitheachta, i gcás nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálach ar an meán céanna;

(r) ciallaíonn ‘lipéad inbhuanaitheachta’ aon mharc iontaoibhe saorálach, aon mharc cáilíochta nó a choibhéis, poiblí nó príobháideach, a bhfuil sé d’aidhm aige táirge, próiseas nó gnó a shocrú óna chéile agus a chur chun cinn faoi threoir a ghnéithe comhshaoil nó sóisialta, nó iad araon. Ní chumhdaítear leis an méid sin aon lipéad éigeantach a cheanglaítear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(s) ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim fíoraithe tríú páirtí atá oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma agus neamh‑idirdhealaitheacha do na trádálaithe uile atá toilteanach agus atá in ann ceanglais na scéime a chomhlíonadh, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge ceanglais áirithe, agus a bhfuil an faireachán ar chomhlíonadh oibiachtúil ina leith, bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, de chuid an Aontais nó náisiúnta agus arna ndéanamh ag páirtí atá neamhspleách ar úinéir na scéime agus ar an trádálaí araon;

(t) ciallaíonn ‘uirlis faisnéise inbhuanaitheachta’ bogearraí, lena n‑áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, arna oibriú ag trádálaí nó thar a cheann, a chuireann faisnéis ar fáil do thomhaltóirí faoi ghnéithe comhshaoil nó sóisialta táirgí, nó a dhéanann comparáid idir táirgí maidir leis na gnéithe sin;

(u) ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth’ feidhmíocht chomhshaoil a chomhlíonann Rialachán (CE) 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha EN ISO 14024 um éicilipéadú chineál I arna n‑aithint go hoifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) 66/2010, nó príomhfheidhmíocht chomhshaoil i gcomhréir le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais;

(v) ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear í i bpointe 2 d’Airteagal 13 de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;

(w) ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú saor in aisce, lena n‑áirítear nuashonrú slándála, is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 agus Treoir (AE) 2019/771;

(x) ciallaíonn ‘tomhaltán’ aon chomhpháirt d’earra a úsáidtear arís agus arís eile agus is gá a athsholáthar chun go bhfeidhmeoidh an t‑earra mar a bhí beartaithe;

(y) ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear í i bpointe (9) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/771.

________

* Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).

** Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).’;

(2)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) príomhthréithe táirge, amhail a infhaighteacht, a thairbhí, a rioscaí, a chur i gcrích, a chomhdhéanamh, a thionchar comhshaoil nó sóisialta, a oiriúintí, a mharthanacht, a indeisitheacht, cúnamh custaiméara tar éis díolacháin agus láimhseáil gearán, modh agus dáta an mhonaraithe nó an tsoláthair, a sheachadadh, a oiriúnacht dá fheidhm, a úsáid, a chainníocht, a shonraíocht, a thionscnamh geografach nó tráchtála nó na torthaí a mbeifear ag súil leo ar a úsáid, nó torthaí agus gnéithe ábhartha na dtástálacha nó na seiceálacha a dhéantar ar an táirge.’;

(b)i mír 2, cuirtear na pointí (d) agus (e) seo a leanas isteach:

‘(d) maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo gan gealltanais agus spriocanna soiléire, oibiachtúla agus infhíoraithe agus gan córas faireacháin neamhspleách;

(e) tairbhí a fhógairt do thomhaltóirí a mheastar a bheith ina ngnáthchleachtas sa mhargadh ábhartha.’

(3)in Airteagal 7, cuirtear mír (7) seo a leanas leis:

‘7.  I gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís lena ndéantar comparáid idir táirgí, lena n‑áirítear trí uirlis faisnéise inbhuanaitheachta, measfar gur ábhar iad faisnéis faoin modh comparáide, na táirgí ar ábhar comparáide iad agus soláthraithe na dtáirgí sin, chomh maith leis na bearta atá i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a choimeád cothrom le dáta.’;

(4)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE

Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an pointe (3a) seo a leanas isteach:

‘(3a) ciallaíonn ‘earra a úsáideann fuinneamh’ aon earra a bhraitheann ar ionchur fuinnimh (leictreachas, breoslaí iontaise agus foinsí inathnuaite fuinnimh) le go n‑oibreoidh sé mar a bhí beartaithe;’;

(b)cuirtear na pointí (14a) go (14e) seo a leanas isteach:

‘(14a) ‘ciallaíonn ‘ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta’ ráthaíocht tráchtála táirgeora i leith marthanachta dá dtagraítear in Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/771, faoina bhfuil an táirgeoir faoi dhliteanas díreach don tomhaltóir le linn thréimhse iomlán na ráthaíochta sin chun na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar;

(14b) ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear í i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/771;

(14c) ciallaíonn ‘táirgeoir’ táirgeoir mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/771;

(14d) ciallaíonn ‘scór indeisitheachta’ scór lena léirítear cumas an earra atá le deisiú, bunaithe ar mhodh arna bhunú i gcomhréir le dlí an Aontais;

(14e) ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú saor in aisce, lena n‑áirítear nuashonrú slándála, is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 agus Treoir (AE) 2019/771;’;

(2)in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear pointí (ea) go (ed) seo a leanas isteach:

‘(ea) i gcás gach earra, i gcás ina gcuireann an táirgeoir é ar fáil, faisnéis go dtairbhíonn na hearraí de ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta agus d’fhad na ráthaíochta in aonaid ama, i gcás ina gcumhdaíonn an ráthaíocht sin an t‑earra ina iomláine agus ar faide ná dhá bhliain í;

(eb) i gcás earraí a úsáideann fuinneamh, i gcás nach gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (ea) ar fáil, faisnéis nár thug an táirgeoir faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta is faide ná dhá bhliain a bheith ann. Beidh an fhaisnéis sin chomh feiceálach céanna ar a laghad le haon fhaisnéis eile maidir le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (e) a bheith ann agus maidir le coinníollacha na seirbhísí iardhíola agus na ráthaíochtaí tráchtála sin;

(ec) i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i gcás ina gcuireann an táirgeoir faisnéis den sórt sin ar fáil, an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nuashonruithe bogearraí, mura rud é go bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama. I gcás ina dtugtar faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta a bheith ann i gcomhréir le pointe (ea), soláthrófar an fhaisnéis faoi nuashonruithe má sholáthraítear na nuashonruithe sin ar feadh tréimhse is faide ná an ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta;

(ed) i gcás ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteacha, i gcás nach ionann a soláthraí agus an trádálaí agus go gcuireann siad an fhaisnéis sin ar fáil, an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an soláthraí nuashonruithe bogearraí, mura rud é go bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama;’

(b)cuirtear isteach na pointí (i) agus (j) seo a leanas:

‘(i) i gcás inarb infheidhme, an scór indeisitheachta do na hearraí;

(j) nuair nach infheidhme pointe (i), faisnéis arna cur ar fáil ag an táirgeoir faoi infhaighteacht páirteanna spártha, lena n‑áirítear an nós imeachta chun iad a ordú, agus faoi infhaighteacht lámhleabhar úsáideora agus deisiúcháin.’;

(3) in Airteagal 6, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear pointí (ma) go (md) seo a leanas isteach:

‘(ma) i gcás gach cineál earra, i gcás ina gcuireann an táirgeoir é ar fáil, faisnéis go dtairbhíonn na hearraí de ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta agus d’fhad in aonaid ama, i gcás ina gcumhdaíonn an ráthaíocht sin an t‑earra ina iomláine agus ar faide í ná dhá bhliain;

(mb) i gcás earraí a úsáideann fuinneamh, i gcás nach gcuireann an táirgeoir faisnéis dá dtagraítear i bpointe (ma) ar fáil, faisnéis nár thug an táirgeoir faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta is faide ná dhá bhliain a bheith ann. Beidh an fhaisnéis sin chomh feiceálach céanna ar a laghad le haon fhaisnéis eile maidir le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (m) a bheith ann agus maidir le coinníollacha na seirbhísí iardhíola agus na ráthaíochtaí tráchtála sin;

(mc) i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i gcás ina gcuireann an táirgeoir faisnéis den sórt sin ar fáil, an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nuashonruithe bogearraí, mura rud é go bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama. I gcás ina dtugtar faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta a bheith ann i gcomhréir le pointe (ma), soláthrófar an fhaisnéis faoi nuashonruithe má sholáthraítear na nuashonruithe sin ar feadh tréimhse is faide ná an ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta;

(md) i gcás ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteacha, i gcás nach ionann a soláthraí agus an trádálaí agus go gcuireann siad an fhaisnéis sin ar fáil, an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an soláthraí nuashonruithe bogearraí, mura rud é go bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama;’

(b)cuirtear isteach na pointí (u) agus (v) seo a leanas:

‘(u) i gcás inarb infheidhme, an scór indeisitheachta do na hearraí;

(v) nuair nach infheidhme pointe (u), faisnéis arna cur ar fáil ag an táirgeoir faoi infhaighteacht páirteanna spártha, lena n‑áirítear an nós imeachta chun iad a ordú, agus faoi infhaighteacht lámhleabhar úsáideora agus deisiúcháin.’;

(4)in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Má chuirtear an tomhaltóir faoi oibleagáid íocaíocht a dhéanamh mar gheall ar chianchonradh atá le tabhairt i gcrích trí mhodh leictreonach, cuirfidh an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas ar bhealach soiléir feiceálach, agus díreach sula gcuirfidh an tomhaltóir a ordú isteach, maidir leis a bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (e), (ma), (o) agus (p) d’Airteagal 6(1).’.

Airteagal 3

Tuairisciú ón gCoimisiún agus athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi [5 bliana ó ghlacadh na Treorach].

Beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Trasuí

1.Na dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú laistigh de [18 mí ar a dhéanaí óna nglacadh] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [24 mhí ó ghlacadh na Treorach].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(2)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(3)    COM(2020)696 final, 13 Samhain 2020.
(4)    COM(2020)98 final, 11 Márta 2020.
(5)    COM(2019)640 final, 11 Nollaig 2019. 
(6)

   An Coimisiún Eorpach, Consumer market study on the functioning of legal and commercial guarantees for consumers in the EU [Staidéar ar an Margadh Tomhaltóirí maidir le feidhmiú ráthaíochtaí dlíthiúla agus tráchtála do thomhaltóirí san Aontas], 2015. An Coimisiún Eorpach, staidéar tacaíochta a ghabhann le Measúnú Tionchair: Study on Empowering Consumers Towards the Green Transition [Staidéar ar Chumhachtú Tomhaltóirí i dTreo an Trasdula Ghlas], Iúil 2021. Commercial warranties: are they worth the money? ECC-Net, Aibreán 2019.

(7)

   An Coimisiún Eorpach, Behavioural Study on Consumers’ engagement in the circular economy [Staidéar Iompair ar Rannpháirtíocht na dTomhaltóirí sa gheilleagar ciorclach], 2018, lch. 81.

(8)    An Coimisiún Eorpach, Environmental claims in the EU – inventory and reliability assessment [Maímh Chomhshaoil san Aontas – fardal agus measúnú iontaofachta], 2020.
(9)    An Coimisiún Eorpach, A New Consumer Agenda Factual summary report – public consultation [Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí, Tuarascáil achomair fhíorasach – comhairliúchán poiblí], 2020, lch. 20.
(10)    Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena naisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28)
(11)    Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1)
(12)    Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7)
(13)    Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1)
(14)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, IO L 345, 27.12.2017, lch. 1)
(15)    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach do tháirgí a bhaineann le fuinneamh (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10)
(16)

   Torthaí na Seiceála Oiriúnachta maidir le dlí tomhaltóirí agus le dlí margaíochta agus torthaí na meastóireachta ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí 
https://ec.europa.eu/newsroom/just/items/59332

(17)    SWD(2022) 82
(18)    SEC(2022) 165
(19)    Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Caibidil 6.2.4. den Tuarascáil ar Sheiceáil Oiriúnachta https://ec.europa.eu/newsroom/just/items/59332  
(20)        IO C , , lch. .
(21)    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1):
(23)    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena naisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017).
(24)    COM(2020)98 final, Dé Céadaoin 11 Márta 2020.
(25)    COM(2019)640 final, Dé Céadaoin 11 Nollaig 2019.
(26)    Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena naisghairtear Treoir 1999/44/CE ( IO L 136, 22.5.2019, lch. 28 ).
(27)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(28)    Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(29)    Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).
(30)    Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena naisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
(31)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
Top

An Bhruiséil,30.3.2022

COM(2022) 143 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togradh le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

{SEC(2022) 166 final} - {SWD(2022) 85 final} - {SWD(2022) 86 final}


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)Cuirtear isteach an pointe 2a seo a leanas:

‘2a. Lipéad inbhuanaitheachta nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nár bhunaigh údaráis phoiblí a chur ar taispeáint.’;

(2)cuirtear isteach na pointí 4a agus 4b seo a leanas:

‘4a. Maíomh comhshaoil cineálach a dhéanamh nach bhfuil an trádálaí in ann feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú ina leith atá ábhartha don mhaíomh.

4b. Maíomh comhshaoil a dhéanamh faoin táirge iomlán i gcás nach mbaineann sé ach amháin le gné amháin den táirge.’;

(3)cuirtear isteach an pointe 10a seo a leanas:

‘10a. Ceanglais a fhorchuirtear le dlí ar na táirgí uile laistigh den chatagóir táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais a chur i láthair mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí.’;

(4)cuirtear isteach na pointí 23d agus 23i seo a leanas:

‘23d. Gan an tomhaltóir a chur ar an eolas go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí ar úsáid na n‑earraí ag a bhfuil gnéithe digiteacha nó ar ghnéithe áirithe de na hearraí sin, fiú má fheabhsaíonn an nuashonrú bogearraí feidhmiú na ngnéithe eile.

23e. Gan an tomhaltóir a chur ar an eolas gurb ann do ghné earra a tugadh isteach chun srian a chur lena mharthanacht.

23f. Ag maíomh go bhfuil marthanacht áirithe ag earra ó thaobh achar nó dhéine na húsáide de nuair nach bhfuil sé aige.

23g. Ag cur in iúl gur féidir earraí a dheisiú nuair nach féidir nó gan an tomhaltóir a chur ar an eolas nach féidir na hearraí a dheisiú i gcomhréir le ceanglais dlí.

23h. Ag cur ina luí ar an tomhaltóir tomhaltáin earra a athsholáthar níos luaithe ná mar atá riachtanach chun críocha teicniúla.

23i. Gan a chur in iúl go ndeartar earra chun srian a chur lena fheidhmíocht nuair a úsáidtear tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh.’.

Top