EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021SC0632

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

SWD/2021/632 final

An Bhruiséil,14.7.2021

SWD(2021) 632 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{COM(2021) 559 final} - {SEC(2021) 560 final} - {SWD(2021) 631 final} - {SWD(2021) 637 final} - {SWD(2021) 638 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Athbhreithniú ar Threoir 2014/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Mar fhreagairt ar an uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid le haghaidh 2030 a leagtar amach leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an bPlean um Sprioc Aeráide ón gCoimisiún, deimhnítear leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go bhfuil gá le glacadh gasta feithiclí agus soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha. Tá gá le líonra dlúth, forleathan de bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí chun tacú leis an nglacadh sin. Léiríodh sa mheastóireacht nach bhfuil an Treoir oiriúnach chun freastal ar an mbonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá chun freagairt don uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid le haghaidh 2030. Mar gheall ar easnaimh i bhforálacha na Treorach atá ann faoi láthair, áirítear ar na príomhfhadhbanna 1) nach bhfuil, ar an meán, an leibhéal uaillmhéine agus comhleanúnachais is gá sa phleanáil bonneagair ag na Ballstáit faoin Treoir, rud is cúis le bonneagar easnamhach atá dáilte go míchothrom; 2) tá saincheisteanna idir-inoibritheachta fós ann maidir le naisc fhisiceacha agus caighdeáin chumarsáide, lena n-áirítear nascacht leis an eangach leictreachais agus 3) tá easpa ann maidir le faisnéis thrédhearcach do thomhaltóirí agus córais íocaíochta atá éasca le húsáid, rud a imríonn tionchar ar inghlacthacht úsáideoirí. Gan tuilleadh idirghabhála a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, an easpa maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe idir-inoibritheach atá éasca le húsáid, is dócha gur bac í an easpa sin ar an bhfás is gá teacht ar mhargadh na bhfeithiclí agus na soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhfianaise na huaillmhéine méadaithe maidir leis an aeráid le haghaidh 2030.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Chun cur leis an iarracht an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chun rannchuidiú leis an truailliú aeir a laghdú, féachann an tionscnamh seo le hinfhaighteacht agus inúsáidteacht líonra dhlúith, fhorleathain de bhonneagar breoslaí ionadúla ar fud an Aontais a áirithiú. Beidh úsáideoirí uile feithiclí breosla ionadúil (lena n-áirítear soithí agus aerárthaí) in ann gluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais, rud a bheifear in ann a dhéanamh trí bhíthin bonneagar ríthábhachtach amhail mótarbhealaí, calafoirt agus aerfoirt. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: 1) bonneagar íosta a áirithiú chun tacú leis an nglacadh is gá le feithiclí breosla ionadúil sna móid uile agus i ngach Ballstát chun cuspóir an Aontais maidir leis an aeráid a bhaint amach, 2) idir-inoibritheacht iomlán an bhonneagair a áirithiú agus 3) faisnéis iomlán úsáideoirí agus roghanna íocaíochta leordhóthanacha a áirithiú.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Chun sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála iompair a laghdú agus maidir le cómhargadh iompair de chuid an Aontais a fhorbairt, is réamhriachtanais iad an nascacht iomlán agus taithí shaoráideach ar fud an líonra iompair Eorpaigh i gcás feithiclí agus soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, rud a áirithítear le bonneagar de chainníocht leordhóthanach agus d'idir-inoibritheacht iomlán thar theorainneacha. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach amháin trí bhíthin comhchreat reachtach Eorpach. Leis an athbhreithniú ar an Treoir rannchuideofar le forbairt agus leathadh amach comhleanúnach a dhéanamh ar fhlíteanna feithiclí, ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus ar fhaisnéis agus seirbhísí d'úsáideoirí.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? 

Rinneadh anailís ar thrí rogha beartais, ar roghanna iad uile lena n-áiritheofar go mbeidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe leordhóthanach, idir-inoibritheach agus soláimhsithe ar fáil chun tacú le glacadh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha faoi 2030 agus ina dhiaidh sin. Cé go leagtar síos spriocanna maidir le himscaradh éigeantach ar an leibhéal náisiúnta sna roghanna uile, tá éagsúlacht iontu ó thaobh shuíomh an bhonneagair sin, ó thaobh leibhéal comhchuibhithe na nascóirí fisiceacha agus na bprótacal cumarsáide agus ó thaobh na faisnéise agus na seirbhísí atá le tairiscint do thomhaltóirí. Is í rogha beartais 2 rogha na tosaíochta ós rud é go n-áiritheofar léi bonneagar de chainníocht leordhóthanach i gcoitinne agus áiritheofar léi freisin bonneagar leordhóthanach ar ghréasán TEN-T, agus is trína bhíthin a bheidh solúbthacht ag na Ballstáit maidir le suíomh agus acmhainn bheacht an bhonneagair san am céanna. Ina theannta sin, áirithítear idir-inoibritheacht na faisnéise agus na seirbhísí ábhartha uile agus áirithítear go mbeidh rochtain iomlán ag an úsáideoir orthu.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo? 

Tacaíonn tionscal na ngluaisteán, monaróirí agus oibreoirí bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe go leor, earnáil an leictreachais agus comhlachais go leor de chuid na sochaí sibhialta le beartas rogha na tosaíochta (rogha bheartais 2), cé go bhfuil tuairimí éagsúla ann i ndáil leis na ceanglais maidir le cainníocht. Mar sin féin, chuir calafoirt agus aerfoirt in iúl gur cúis imní dóibh é na costais bhreise a bhaineann le bonneagar gaolmhar a sholáthar, go háirithe i dtaca le soláthar cumhachta cois cladaigh agus soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí do-aistrithe. Ar an mórchóir tacaíonn na húdaráis phoiblí le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir, go háirithe maidir le hidir-inoibritheacht agus soláimhsitheacht, ach tá réimse níos leithne barúlacha ann a mhéid a bhaineann le spriocanna éigeantacha maidir le himscaradh, go háirithe i ndáil le spriocanna flítbhunaithe le haghaidh bonneagar athluchtaithe.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Eascróidh sochair shochaíocha ón laghdú ar astaíochtaí CO2 agus ar astaíochtaí truailleáin aeir. Ar an mórchóir, ní bheidh de thoradh díreach ag infheistíochtaí i gcainníocht agus i gcáilíocht an bhonneagair go mbeidh glacadh is mó le feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha de bharr, óir is rud é sin a spreagtar le beartais eile, e.g. na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna. Mar sin féin, ní féidir coinne a bheith leis go gcuirfear na feithiclí ar an margadh a mhéid is gá chun cuspóir phlean um Sprioc Aeráide an Aontais a bhaint amach ach amháin má tá bonneagar leordhóthanach agus idir-inoibritheach ar fáil lena soláthraítear seirbhísí íosta do thomhaltóirí. Meastar gur timpeall EUR 445 bhilliún, i gcoibhneas leis an mbonnlíne le linn na tréimhse 2021-2050, a bheidh sa laghdú ar chostais sheachtracha a bhaineann le hastaíochtaí CO2, méid arna shloinneadh de réir an luacha reatha, agus meastar gur EUR 75 bhilliún a bheidh sa laghdú ar chostais sheachtracha a bhaineann le truailliú aeir. Cé go bhfuil na laghduithe sin bunaithe ar bheartais eile, is féidir iad a dhéanamh a bhuí le glacadh an bhonneagair. Meastar go mbeidh tionchar dearfach ag rogha na tosaíochta ar an nuálaíocht, go háirithe i réimse forbartha feithiclí agus soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, i seirbhísí nuálacha d'úsáideoirí a bheidh ag tógáil ar bhonneagar sonraí coiteann, i samhlacha gnó gaolmhara agus meastar go mbeidh tionchar dearfach aici i bhforbairt teicneolaíochtaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe is nuálaí freisin. Is dócha go neartófar iomaíochas thionscal na hEorpa leis na nuálaíochtaí sin. 

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Meastar gur EUR 67.1-70.5 billiún i gcomparáid leis an mbonnlíne le linn na tréimhse 2021-2050, méid arna shloinneadh de réir an luacha reatha, a bheidh sna costais iomlána bonneagair, lena n-áirítear costais chaipitil agus oibríochta le haghaidh bonneagar atá idir-inoibritheach go hiomlán agus atá soláimhsithe, ar méid é a n-úsáidfear EUR 60.3-63.7 billiún de le haghaidh bonneagar bóthair, EUR 5.9 billiún de le haghaidh na hearnála iompair uisce-iompartha agus EUR 0.9 billiún de le haghaidh na hearnála eitlíochta. Níl aon tionchar diúltach díreach suntasach ar réimsí eacnamaíocha, sóisialta ná comhshaoil.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Leis na roghanna beartais cuirtear leis an gcinnteacht maidir le héileamh margaidh fadtéarmach i ngach Ballstát. Is gnách go rachaidh sin chun tairbhe do na fiontair uile atá gníomhach sa mhargadh sin. I margadh na soghluaisteachta leictrí go háirithe, is minic gurb éard atá sna gníomhaithe margaidh nua na fiontair bheaga agus mheánmhéide a thairbheoidh d'imscaradh luathaithe an bhonneagair athluchtaithe faoin Treoir agus de na forálacha maidir le comhroinnt sonraí trí bhíthin phointí rochtana náisiúnta na mBallstát. Cuirfear le hiomaíochas na bhfiontar atá gníomhach i suiteáil agus in oibriú bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe faoi na roghanna beartais uile, ós rud é go dtiocfaidh méadú ar bhrabúsacht oibríochtaí, agus go dtiocfaidh laghdú ar chostas teicneolaíochtaí san am céanna, a bhuí le héileamh níos mó ar a bheith ar chleachtas athluchtaithe agus athbhreoslaithe a eascraíonn ó chaighdeáin cáilíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, ach le haghaidh feithiclí tromshaothair freisin.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Na costais atá sa bhonnlíne, is ionann iad agus na costais a bhíonn ar údaráis phoiblí de bharr na gceanglas maidir le hathbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar chreataí náisiúnta beartais agus maidir le tuairisciú ar an gcur chun feidhme. Sa bhonnlíne meastar gur EUR 3,400,000 (EUR 126,000 in aghaidh an Bhallstáit) a bheidh sna costais sin i gcás gach ciorcail tuairiscithe faoi na Creataí Beartais Náisiúnta atá beartaithe gach 3 bliana. D’fhéadfadh méadú áirithe teacht ar chostais faireacháin i bhfianaise an tuairiscithe a dhéanfar ar chomhlíonadh na spriocanna dochta atá leagtha síos. Ní féidir na costais bhreise i gcoibhneas leis an mbonnlíne a mheas, áfach; agus simpleofar an tuairisciú foriomlán faoin Treoir le soláthar formáidí sonraí caighdeánaithe, aistriú digitithe sonraí agus córas tuairiscithe coiteann trí bhíthin phointí rochtana náisiúnta na mBallstát. Meastar gur le hinfheistíochtaí príobháideacha den chuid is mó a chumhdófar na hinfheistíochtaí a dhéanfar sa bhonneagar. Mar sin féin, go háirithe ag luathchéim forbartha an mhargaidh, beidh ar na húdaráis phoiblí tacaíocht airgeadais a thabhairt do chuid de na hinfheistíochtaí margaidh, ar tacaíocht í a dtiocfaidh laghdú ar a déine cúnaimh le himeacht ama. Suas le 2030, meastar go mbeidh ar na húdaráis phoiblí EUR 0.64 billiún a ranníoc in aghaidh na bliana ar an meán (41 % de na hinfheistíochtaí iomlána). I dtaca leis an tréimhse 2031-2050, meastar gur EUR 0.45 billiún in aghaidh na bliana ar an meán a bheidh sa tacaíocht phoiblí (10 % de na hinfheistíochtaí iomlána).

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Bonneagar atá leordhóthanach agus idir-inoibritheach go hiomlán, faisnéis agus seirbhísí gaolmhara, is nithe iad sin a mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu, nithe lenar ndéanfar taisteal le feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar fud an Aontais níos áisiúla agus níos intuartha toisc go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna a bhaineann le faisnéis iomlán d'úsáideoirí agus roghanna íocaíochta leordhóthanacha a áirithiú. Mar sin féin, ní féidir na sochair sin a mheas.

Comhréireacht

Ní théann aon cheann de na roghanna beartais thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais foriomlána a bhaint amach. Leis an idirghabháil atá beartaithe áirithítear an glacadh le bonneagar leordhóthanach athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh feithiclí breoslaí ionadúla san Aontas, rud atá riachtanach chun an uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid agus fuinneamh le haghaidh 2030 a bhaint amach agus chun an cuspóir foriomlán maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas ag deireadh 2026 chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a imscaradh bonneagar breoslaí ionadúla i ndáil le glacadh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus i ndáil le forbairtí teicneolaíochta, go háirithe san earnáil iompair uisce-iompartha agus san earnáil eitlíochta, ach san earnáil iarnróid freisin, chun an gá atá le bonneagar breoslaí ionadúla sna hearnálacha sin a chinneadh.

Top