AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.6.2021
COM(2021) 330 final
2018/0250(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
2018/0250 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
1.Cúlra
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2018) 472 final – 2018/0250 COD):
|
An 13 Meitheamh 2018
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
An 17 Deireadh Fómhair 2018
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
An 13 Márta 2019
|
An dáta a glacadh an cur chuige ginearálta páirteach ón gComhairle:
|
An 7 Meitheamh 2019
|
An dáta a glacadh an cur chuige ginearálta ón gComhairle:
|
An 12 Deireadh Fómhair 2020
|
Dáta an chúigiú cruinniú tríthaobhach inar thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach ar phointí tábhachtacha polaitiúla:
|
An 10 Nollaig 2020
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
An 14 Meitheamh 2021
|
|
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
I gcomhthéacs Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, chuir an Coimisiún isteach a thogra maidir le Ciste Slándála Inmheánaí a bheadh athnuaite agus treisithe chun cur le hardleibhéal slándála san Aontas. Bhí an togra dírithe ar bhuiséad foriomlán an Aontais a threisiú i dtaca leis an tslándáil inmheánach.
Aithníonn an Ciste go bhfuil gné thrasteorann ag baint leis an tslándáil inmheánach agus go bhfuil gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus tugtar aghaidh air sin ann. Tá sé ina aidhm ag an gCiste, an leibhéal slándála a mhéadú go háirithe san Aontas tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, trí chúnamh a thabhairt d’íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint, agus trí ullmhú le haghaidh teagmhas, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil.
Mar a sainaithníodh le linn na clárthréimhse a bhí ann roimhe seo, bhí gá le níos mó solúbthachta i mbainistiú an chiste a bhí ann roimhe seo chun tacaíocht níos fearr a thabhairt dá chuspóirí. Agus solúbthacht den sórt sin á cur ar fáil ag an am céanna, áirithíodh sa togra maidir leis an gCiste nua freisin go stiúrfaí an cistiú i dtreo thosaíochtaí agus ghníomhaíochtaí an Aontais lena gcuirfear leas suntasach ar fáil don Aontas. Mhol an Coimisiún sásraí nua chun cistiú a leithdháileadh i gcás bainistíocht chomhroinnte, idir dhíreach agus indíreach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar thosaíochtaí oibríochtúla a bhíonn ag athrú.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
An seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh, léiríonn sé go soiléir an comhaontú polaitiúil ar thángthas air idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, rud a tugadh i gcrích an 10 Nollaig 2020. Is iad seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe sin:
Cuspóirí agus aithris maidir le comhar i réimse na faisnéise: Tháinig siad ar chomhaontú, aithris a chur ann seachas an ceathrú cuspóir sonrach nua maidir leis an gcomhar faisnéise.
Buiséad: Rinneadh an t‑imchlúdach airgeadais a ailíniú leis na méideanna a comhaontaíodh le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, i.e. EUR 1.9 billiún de réir praghsanna reatha. Laghdaíodh sciar na Saoráide Téamaí den imchlúdach airgeadais iomlán ó 40 % go 30 %. Thairis sin, coinníodh an togra ón gCoimisiún i dtaca leis an gcoinníollacht a bhaineann le cistiúchán breise a fháil ag céim an athbhreithnithe lár téarma. Faoi mar a mhol an Coimisiún ní mór do Bhallstát iarratais ar íocaíochtaí a chur isteach a chumhdaíonn 10 % ar a laghad den leithdháileadh tosaigh dá chlár le bheith incháilithe chun leithdháileadh breise a fháil dá chlár san athbhreithniú lár téarma.
Íoschéatadáin: Seo a leanas na híoschéatadáin maidir le leithdháileadh cistí i dtreo na gcuspóirí sonracha:
(a)Ar a laghad 10 % de na hacmhainní ar chláir na mBallstát a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach atá le malartú faisnéise;
(b)Ar a laghad 10 % de na hacmhainní ar chláir na mBallstát a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach atá leis an gcomhar oibríochtúil.
Féadfaidh na Ballstáit gan cloí leis na híoschéatadáin chistiúcháin ina gcláir i gcásanna a bhfuil údar cuí acu.
Raon feidhme na tacaíochta: Is mar a leanas a dhéanfar na gníomhaíochtaí incháilithe faoi chuspóirí an chiste a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le ISF a bhainistiú:
(a)Fanfaidh Iarscríbhinn III ina liosta oscailte chun críoch na gclár a tharraingeoidh na Ballstáit suas;
(b)Chun críoch na gclár saoráidí téamacha, fanfaidh Iarscríbhinn III ina liosta oscailte. Cuireadh solúbthacht ar fáil leis an gcomhaontú sna gníomhaíochtaí atá le glacadh, ós rud é nach mbeidh gníomhaíochtaí an Choimisiúin teoranta do na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn III, ach beidh an fhéidearthacht aige raon feidhme níos leithne gníomhaíochtaí a chur de chun dul i ngleic le bagairtí slándála nua atá ag dul i méid.
Tríú tíortha agus gné sheachtrach an Chiste: Tháinig siad ar chomhaontú ar bhonn an mhéid seo a leanas:
(a)Coimircí breise a áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha (e.g. teastaíonn formheas roimh ré ón gCoimisiún le haghaidh thionscadail na mBallstát i dtríú tíortha nó i ndáil le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, agus ní fhéadfaidh eintitis incháilithe atá bunaithe i dtríú tíortha cistiú a fháil ach amháin má tá siad ina gcuid de chuibhreannas a bhfuil eintiteas amháin de ar a laghad bunaithe i mBallstát);
(b)Forálacha a áirítear chun béim a leagan ar chineál inmheánach an chiste agus cé go bhféadfadh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha a bheith ann fós, ba cheart go príomha gur do bheartas inmheánach an Aontais a bheadh na cláir ag fónamh.
Gníomhaireachtaí díláraithe a mhaoiniú: Go heisceachtúil féadfaidh gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe do chistiú faoi ghníomhaíochtaí an Aontais, i gcás ina dtagann na gníomhaíochtaí sin faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí agus nach gcumhdaítear iad le ranníocaíocht an Aontais isteach i mbuiséad na ngníomhaireachtaí.
Nósanna imeachta maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh: Cláir oibre na saoráide téamaí atá le glacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme faoin nós imeachta scrúdúcháin (leis an ‘gclásal níl aon tuairim ann’). Áiríodh an nós imeachta níos tapúla maidir le gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach le haghaidh cúnamh éigeandála. Déanfar teimpléad na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme atá faoi réir an nóis imeachta chomhairligh.
An tsaoráid théamach: Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar úsáid agus dáileadh na saoráide idir na comhpháirteanna atá ann, lena n‑áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí an Aontais. Nuair a dhéanann Parlaimint na hEorpa moltaí faoi ghníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin tsaoráid théamach, moltaí ar bhonn na faisnéise a cuireadh faoina bhráid, féachfaidh an Coimisiún leis na moltaí sin a chur san áireamh.
Gníomhaíochtaí neamhincháilithe ba cheart a bheith incháilithe i gcásanna éigeandála: Tháinig siad ar chomhaontú nach bhféadfadh ach gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta atá teoranta don ord poiblí a choinneáil a bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin i gcás éigeandála.
Tacaíocht oibriúcháin: Céatadán an leithdháilte a d’fhéadfaí a thabhairt don tacaíocht oibriúcháin, méadaíodh é go 20 % (ó 10 % sa togra ón gCoimisiún).
Uaschéatadán an trealaimh, na modhanna iompair agus na saoráidí ábhartha slándála mar aon le hincháilitheacht an trealaimh chaighdeánaigh: Méadaíodh céatadán an leithdháilte is féidir leis na Ballstáit a chaitheamh ar threalamh, modhanna iompair agus ar shaoráidí slándála ábhartha go 35 % (ó 15 % sa togra ón gCoimisiún). Comhaontaíodh freisin gan airteagal a áireamh ach aithris maidir le neamh‑incháilitheacht an trealaimh chaighdeánaigh, na modhanna iompair agus na saoráidí ábhartha slándála.
Trealamh ilchuspóireach: Comhaontaíodh go bhféadfaí trealamh a mhaoiniú ón gCiste, más féidir an trealamh sin a úsáid chun críocha bainistithe teorainneacha agus víosaí freisin, ar choinníoll gurb é an tslándáil inmheánach an príomhchuspóir.
Eagraíochtaí idirnáisiúnta: Rinneadh forálacha nua maidir le hiniúchadh agus rialú eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhtháthú sa téacs.
Táscairí feidhmíochta: Rinneadh na táscairí toraidh agus táscairí aschuir in Iarscríbhinní V agus VIII a chuíchóiriú.
Cúlghabhálacht: Ós amhlaidh nach nglacfar an gníomh roimh dheireadh na bliana 2020, cuireadh forálacha cúlghabhálachta san áireamh.
Tríd agus tríd, an comhaontú ar thángthas air, is comhaontú é a chloíonn le cuspóirí an togra tosaigh ón gCoimisiún, cé go b'fhéidir go bhfuil níos lú solúbthachta agus simpliú ann ná a moladh ar dtús. An leibhéal uaillmhéine a bhí sa togra tosaigh, sin é an leibhéal a choinníonn an comhaontú ar bun, agus cuireann sé bunús dlí inoibrithe ar fáil le cuspóirí an Chiste a chur chun feidhme.
Chuir an Coimisiún in iúl sa chruinniú tríthaobhach polaitiúil deireanach a bhí ann an 10 Nollaig 2020 go bhféadfadh sé glacadh leis na heilimintí a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun críocha comhaontaithe chríochnaithigh fhoriomláin.
4.Conclúid
Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.