EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0324

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit

COM/2018/324 final - 2018/0136 (COD)

An Bhruiséil,2.5.2018

COM(2018) 324 final

2018/0136(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí

Mar a míníodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i bhFeabhra 2018 A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that delivers efficiently on its priorities post-2020 [Creat Airgeadais Ilbhliantúil úr nua-aimseartha le haghaidh Aontas Eorpach a bhainfidh a thosaíochtaí amach tar éis 2020] 1 , is pobal faoin dlí é an tAontas agus is iad luachanna an Aontais bunús agus croí an Aontais féin.. Tá na luachanna sin ina gcuid lárnach dá struchtúr institiúideach agus dleathach iomlán agus de gach beartas agus clár atá aige. Dá bhrí sin, ní mór a áirithiú go ndéantar iad a urramú feadh bheartais uile an Aontais. Tá buiséad an Aontais san áireamh ansin, áit a bhfuil urraim do na luachanna bunúsacha ina réamhchoinníoll riachtanach le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE. Tá an urraim don smacht reachta tábhachtach do shaoránaigh Eorpacha, agus do thionscnaimh ghnó, don nuálaíocht agus don infheistíocht chomh maith. Bíonn an borradh is mó faoin ngeilleagar Eorpach nuair a bhíonn an creat dlí agus institiúideach ag cloí go hiomlán le luachanna comónta an Aontais.

Ní féidir leas iomlán a bhaint as buiséad an Aontais ach amháin má tá timpeallacht eacnamaíoch, rialála agus riaracháin na mBallstát in ann tacú leis. Faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, ceanglaítear cheana féin ar gach Ballstát agus ar gach tairbhí a thaispeáint go bhfuil an creat rialála don bhainistíocht airgeadais láidir, go bhfuil rialacháin ábhartha an Aontais á gcur chun feidhme i gceart, agus go bhfuil an cumas riaracháin agus institiúideach is gá ann le go mbeidh rath ar chistiú AE. Ina theannta sin, is féidir le coinníollacht ó thaobh beartais de comhar a chothú idir Ballstáit i réimsí ina bhfuil suntas le barainneachtaí scála nó le seachtrachtaí. Tugadh forálacha nua isteach freisin faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2014 – 2020 chun cásanna a sheachaint ina mbainfí an bonn d’éifeachtacht chistiú ó AE de dheasca beartais eacnamaíocha agus fhioscacha neamhfhónta.

Is réamhriachtanas é urraim éifeachtach don smacht reachta le go mbeidh muinín ann go bhfuil cosaint leordhóthanach do chaiteachas AE sna Ballstáit. Mar a míníodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2014 A new EU Framework to strengthen the Rule of Law [Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú] 2 , is é an smacht reachta an cnámh droma atá ag gach daonlathas bunreachtúil nua-aimseartha. Tá sé ar cheann de na prionsabail bhunaitheacha a eascraíonn as na traidisiúin chomónta bhunreachtúla atá ag Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh. Mar sin, tá sé ar cheann de na príomhluachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe, mar a mheabhraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus sa Bhrollach don Chonradh agus sa Bhrollach don Chairt um Chearta Bunúsacha chomh maith. Áirithíonn sé go dtarlaíonn na gníomhaíochtaí a dhéanann an Stát faoi chreat dlí éifeachtach iontaofa, gur féidir grinnscrúdú a dhéanamh orthu agus agóid a dhéanamh ina gcoinne más gá, agus go bhfuil modhanna sásaimh ann ina dhiaidh sin.

Tá na bunreachtanna agus córais bhreithiúnacha éagsúla i mBallstáit an Aontais Eorpaigh deartha go maith i bprionsabal chun an smacht reachta a áirithiú agus tá coimircí de dhlúth agus d’inneach iontu chun saoránaigh a chosaint i gcoinne aon bhagairt don smacht reachta. Léirigh roinnt imeachtaí a thit amach le déanaí laigí ginearálta sna córais srianta agus ceartúchán náisiúnta, áfach, agus léirigh siad an chaoi ar féidir le heaspa urraime don smacht reachta a bheith ina ábhar imní tromchúiseach agus comónta laistigh den Aontas Eorpach. Is é an toradh a bhí leis sin gur iarr institiúidí amhail Parlaimint na hEorpa, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, go soiléir ar an Aontas Eorpach bearta a dhéanamh chun an smacht reachta a chosaint.

Rinneadh bearta den sórt sin leis na huirlisí atá ar fáil agus tá torthaí bainte amach. Mar sin féin, i bhfianaise an naisc idir an urraim don smacht reachta ar thaobh amháin agus iontaoibh fhrithpháirteach agus dlúthpháirtíocht airgeadais i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ar an taobh eile, agus ós rud é nach féidir leis na sásraí rialaithe a bheith éifeachtach ach amháin má thacaítear leo trí rialuithe riaracháin agus dlíthiúla agus réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart oibleagáidí atá ann cheana chun córais éifeachtacha rialaithe a áirithiú a fhorlíonadh le bearta chun urraim don smacht reachta a áirithiú.

Chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint ar an riosca go mbeadh caillteanas airgeadais ann arb iad easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát is cúis leo, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt don Aontas Eorpach bearta iomchuí a ghlacadh i gcásanna den sórt sin. Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhonn cinneadh ón gComhairle tar éis togra a fháil ón gCoimisiún. Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle, ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a ghlactha ag an gCoimisiún. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach ag gach céim freisin.

Ní mór na bearta a ghlacadh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na trédhearcachta agus do phrionsabal na comhréireachta. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go mbeidh nasc leordhóthanach idir iarmhairtí na mbeart agus aidhm an chistithe. Tugann sé sin le fios freisin gur gá a áirithiú gurb orthu siúd atá freagrach as an heaspaí arna shainaithint a leagfar na hiarmhairtí. Ba cheart a léiriú iontu, dá bhrí sin, nach féidir tairbhithe aonair cistithe ó AE, amhail mic léinn Erasmus, taighdeoirí nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, nach féidir a mheas gurb iad atá freagrach as sáruithe den sórt sin.

Bunaítear leis an togra seo na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit. D’fhéadfaí é a chuimsiú sa Rialachán Airgeadais, atá bunaithe ar an mbonn dlí céanna, an tráth a dhéanfar athbhreithniú air amach anseo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Rannchuideoidh an togra chun urraim don smacht reachta a áirithiú i ngach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 2 CAE agus chun buiséad an Aontais a chosaint.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Trí chabhrú le hurraim don smacht reachta agus cur chun feidhme cuí bhuiséad an Aontais a áirithiú, beidh an togra ag tacú le gach beartas eile de chuid an Aontais, go háirithe nuair is úsáid chistí an Aontais atá i gceist.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 322(1)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ní fhéadfaí rialacha airgeadais lena rialaítear buiséad an Aontais faoi Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a ghlacadh ar leibhéal na mBallstát.

Comhréireacht

Leis an togra, tá sé beartaithe bearta a dhéanamh a bheadh comhréireach leis na heasnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta, lena n-áirítear cistiú faoi ghealltanais atá ann cheana a chur ar fionraí agus a laghdú, nó toirmeasc ar ghealltanais nua a chur i gcrích le catagóirí sonracha faighteoirí. Déanfar comhréireacht a áirithiú go háirithe trí aird chuí a thabhairt ar thromchúis an cháis, an méid ama atá imithe thart ó tharla an t-iompar ábhartha, an fad a mhair an t-iompar agus an méid uaireanta a tharla sé, rún an Bhallstáit nó leibhéal an chomhoibrithe ón mBallstáit chun deireadh a chur leis an sárú ar an smacht reachta agus ar iarmhairtí na easnaimh ar na cistí Aontais lena mbaineann.

An rogha ionstraime

I bhfianaise gurb é an cuspóir atá leis an togra cabhrú le cur chun feidhme cuí bhuiséad ginearálta an Aontais; tá sé i bhfoirm Rialachán neamhspleách bunaithe ar Airteagal 322 CFAE, an bunús dlí céanna leis an Rialachán Airgeadais 3 .

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Níl aon chlár inchomparáide ann faoi láthair. Tá taithí ar fáil, áfach, a fuarthas ó bheith ag dul i ngleic ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le fadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit. Léirigh sin, d’ainneoin go bhfuil roinnt uirlisí ann, nach bhfuil siad ceaptha go sonrach chun dul i ngleic le cásanna ina bhféadfaí cur chun feidhme chistí an Aontais a chur i mbaol de dheasca easnaimh i ndáil leis an smacht reachta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Níor reáchtáladh aon chomhairliúchán ar leith leis na páirtithe leasmhara, ach rinneadh díospóireacht fhorleathan ar an ábhar, díospóireachtaí i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle san áireamh.

Saineolas seachtrach

Rinneadh foinsí seachtracha, go háirithe Comhairle na hEorpa, a mheas agus na rialacha reatha á gceapadh. Tá sé i gceist saineolas seachtrach ó Chomhairle na hEorpa a úsáid freisin, nuair is iomchuí, agus na bearta atá beartaithe á gcur chun feidhme.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair toisc nach bhfuil d’aon chuspóir amháin ag an mbeart, is é sin a sheachaint go ndéanfaí dochar do bhuiséad an Aontais de dheasca cásanna ina ndéanann easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát difear do bhainistíocht fhónta airgeadais agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó go bhfuil an baol ann go ndéanfadh sé difear dóibh sin. Is iad na roghanna a bhí ann dá bhrí sin an status quo a choinneáil, agus gan nós imeachta sonrach airgeadais a bheith ann i gcás fadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhainistíocht fhónta chistí an Aontais, é sin nó nós imeachta den sórt sin a cheapadh.

Cearta bunúsacha

Trí mhéadú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta atá ann faoi láthair i gcoinne easnaimh i ndáil leis an smacht reatha, beidh tionchar dearfach ag an togra ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Trí mhéadú a dhéanamh ar an gcosaint i gcoinne cleachtais, faillíocha nó bearta féideartha ag údaráis phoiblí a dhéanann difear don smacht reachta sa Bhallstát lena mbaineann agus a dhéanann difear do chumas an Bhallstáit sin a oibleagáidí buiséadacha a chur chun feidhme, nó a chuireann an cumas sin i mbaol, beidh tionchar dearfach ag an togra ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad ginearálta an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás sa Bhallstát lena mbaineann chun cinneadh a dhéanamh an féidir a mholadh bearta a chur i leataobh nó nach féidir.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an togra ag tarraingt ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún ón mbliain 2014 A new European Union Framework to strengthen the Rule of Law [Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú] 4 agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún i bhFeabhra 2018 A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that delivers efficiently on its priorities post-2020 [Creat Airgeadais Ilbhliantúil úr nua-aimseartha le haghaidh Aontas Eorpach a bhainfidh a thosaíochtaí amach tar éis 2020] 5 , agus ar chaighdeáin agus prionsabail atá ceaptha ag Comhairle na hEorpa chomh maith.

In Airteagal 1, mínítear an t-ábhar agus an gá atá ann buiséad an Aontais a chosaint ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhainistíocht fhónta airgeadais agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó a bhfuil an baol ann go ndéanfadh siad difear dóibh sin.

In Airteagal 2 leagtar amach na sainmhínithe.

In Airteagal 3 tugtar sonraí faoi na bearta atá le déanamh le dul i ngleic le cás ina bhfuil easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta. Mínítear ann cé na feidhmeanna ar leith de chuid an Stáit a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar bhainistiú fónta airgeadais chistí an Aontais.

In Airteagal 4 liostaítear na cineálacha birt is féidir a dhéanamh agus tugtar soiléiriú gur cheart iad seo a dhíriú ar na Ballstáit mar fhaighteoirí chistí an Aontais.

In Airteagal 5 leagtar amach na nósanna imeachta is ceart don Choimisiún a leanúint agus bearta á moladh aige don Chomhairle, ar cheart di cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le vóta trí thromlach cáilithe aisiompaithe.

In Airteagal 6 leagtar amach an nós imeachta chun bearta a chur i leataobh nuair a bheidh aghaidh tugtha ar an gcás ar a rabhthas ag díriú sa Bhallstát i dtrácht, agus na hiarmhairtí a bheidh leis an gcur i leataobh i dtéarmaí buiséadacha.

Baineann Airteagal 7 leis an bhfaisnéis atá le soláthar do Pharlaimint na hEorpa.

Tá na forálacha críochnaitheacha in Airteagal 8.


2017/ (COD)

2018/0136 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(1)(a) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá an smacht reachta ar cheann de na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Mar a mheabhraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin.

(2)Leis an smacht reachta, ceanglaítear ar na cumhachtaí poiblí gníomhú laistigh de na srianta atá leagtha amach faoin dlí, i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach, agus faoi smacht ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta. Éilítear leis, go háirithe, prionsabal na dlíthiúlachta 7 , prionsabal na deimhneachta dlíthiúla 8 , prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin 9 , prionsabal scaradh na gcumhachtaí 10 agus prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí ag cúirteanna neamhspleácha 11 a urramú 12 .

(3)Is réamhriachtanas é an smacht reachta chun na luachanna bunúsacha eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint, luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus urraim do chearta an duine. Tá dlúthbhaint idir an urraim don smacht reachta agus an urraim don daonlathas agus do na cearta bunúsacha: ní féidir daonlathas agus urraim do chearta bunúsacha a bheith ann gan urraim don smacht reachta, agus vice versa.

(4)Aon uair a chuireann na Ballstáit buiséad an Aontais chun feidhme, agus beag beann ar an modh cur chun feidhme a úsáideann siad, is réamhchoinníoll riachtanach é an urraim don smacht reachta chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais atá cumhdaithe in Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

(5)Ní féidir leis na Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má fheidhmíonn údaráis phoiblí de réir dlí, agus má dhéanann seirbhísí imscrúdaitheacha agus seirbhísí ionchúisimh sáruithe ar an dlí a leanúint go héifeachtach, agus más féidir cinntí na n-údarás poiblí a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(6)Ba cheart do chomhlachtaí breithiúnacha feidhmiú go neamhspleách agus go neamhchlaonta agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhm a chur i gcrích go cuí. Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bhronnadh orthu le feidhmiú go héifeachtach agus le lánurraim don cheart chun triail chóir. Tá na dálaí sin riachtanach chun cosaint íosta a áirithiú ar chinntí neamhdhleathacha treallacha ag údaráis phoiblí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.

(7)Glactar leis go háirithe, má tá an córas breithiúnach neamhspleách, go bhfuil an comhlacht lena mbaineann in ann a chúraimí breithiúnacha a fheidhmiú ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srianta ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, agus go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a chinntiú tá gá le rialacha, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta agus maidir le ceapachán, fad seirbhíse agus forais lena chomhaltaí a dhiúltú agus a chur as oifig, chun deireadh a chur le haon dabht réasúnach in intinn daoine maidir leis an gcomhlacht sin a bheidh beag beann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair.

(8)Tá an urraim don smacht reachta tábhachtach do shaoránaigh an Aontais, ach tá sí tábhachtach freisin do thionscnaimh ghnó, don nuálaíocht, don infheistíocht agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a mbeidh an borradh is mó fúthu má bhíonn creat daingean dlí agus institiúideach i bhfeidhm.

(9)In Airteagal 19 CAE, ina léirítear go nithiúil an luach atá leis an smacht reachta atá sonraithe in Airteagal 2 CAE, ceanglaítear ar na Ballstáit cosaint dlí éifeachtach a sholáthar sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais, lena n-áirítear na réimsí sin a bhfuil baint acu le buiséad an Aontais a chur chun feidhme. Is é an t-athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, atá ceaptha comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú, croí an smachta reachta, agus tá cúirteanna neamhspleácha de dhíth chuige sin 13 . Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas na gcúirteanna a choinneáil, mar atá dearbhaithe sa dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 14 . Is fíor sin, go háirithe, don athbhreithniú breithiúnach ar bhailíocht na mbeart, na gconarthaí nó na n-ionstraimí eile a n-eascraíonn caiteachas poiblí nó fiachas poiblí astu, inter alia i gcomhthéacs nósanna imeachta um sholáthar poiblí a fhéadfar a thabhairt os comhair na gcúirteanna freisin.

(10)Dá bhrí sin tá gaol soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtach bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

(11)Easnaimh ghinearálaithe sna Ballstáit i ndáil leis an smacht reachta a dhéanann difear go háirithe d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.

(12)Tá gá le measúnú cáilíochtúil ón gCoimisiún chun easnamh ginearálaithe a shainaithint. D’fhéadfadh an measúnú sin a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis ó gach foinse atá le fáil agus ó gach institiúid aitheanta, lena n-áirítear breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, amhail comhlachtaí Chomhairle na hEorpa agus na líonraí Eorpacha de chúirteanna uachtaracha agus de chomhairlí na mbreithiúna.

(13)Ba cheart na bearta féideartha atá le glacadh i gcás easnaimh ghinearálaithe agus an nós imeachta is inleanta lena nglacadh a chinneadh. Ba cheart a bheith san áireamh sna bearta sin íocaíochtaí agus gealltanais a chur ar fionraí, cistiú faoi ghealltanais reatha a laghdú, agus toirmeasc ar ghealltanais nua a chur i gcrích le faighteoirí.

(14)Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhréireachta agus na bearta atá le glacadh á gcinneadh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar thromchúis an cháis, an méid ama atá imithe thart ó thosaigh an t-iompar ábhartha, an fad a mhair an t-iompar agus an méid uaireanta a tharla sé, rún an Bhallstáit lena mbaineann agus leibhéal an chomhoibrithe ón mBallstát chun deireadh a chur leis an easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta, agus iarmhairtí an easnaimh sin ar na cistí ón Aontas lena mbaineann.

(15)Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus i bhfianaise a thábhachtaí agus atá iarmhairtí airgeadais na mbeart arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, ar cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun glacadh cinntí atá de dhíth chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a éascú, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid.

(16)Sula molfaidh an Coimisiún aon bheart a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi gcúis a measann sé go bhféadfadh easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bheith ann sa Bhallstát sin. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát a mbarúlacha a chur isteach. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle na barúlacha sin a chur san áireamh.

(17)Ba cheart don Chomhairle bearta a chur i leataobh le héifeacht fionraíochta ar thogra ón gCoimisiún, más rud é go bhfuil an cás as ar eascair forchuir na mbeart sin réitithe go leordhóthanach.

(18)Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas maidir le haon bheart arna mholadh agus arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)tagraíonn ‘an smacht reachta’ don luach de chuid an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, luach a chuimsíonn prionsabal na dlíthiúlachta, a dhéanann talamh slán de go bhfuil próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann chun dlíthe a achtú; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí ag cúirteanna neamhspleácha, cosaint ar chearta bunúsacha san áireamh; scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal an chomhionannais faoin dlí;

(b)ciallaíonn ‘easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta’ cleachtas nó faillí fhorleathan nó athfhillteach, nó beart ag údaráis phoiblí a dhéanann difear don smacht reachta;

(c)ciallaíonn ‘eintiteas rialtais’ gach údarás poiblí agus gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí [phointe 42 d’Airteagal 2] de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. […] (an ‘Rialachán Airgeadais’).

Airteagal 3
Bearta

1.Déanfar bearta iomchuí i gcás ina ndéanann easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát difear do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó go bhfuil an baol ann go ndéanfadh sé difear dóibh sin, go háirithe maidir leo seo a leanas:

(a)feidhmiú cuí údaráis an Bhallstáit sin a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais, agus nuair a dhéantar faireachán agus rialuithe;

(b)feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a ionchúiseamh;

(c)athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó faillí na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(d)cosc ar chalaois, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus forchur smachtbhannaí ina leith, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;

(e)gnóthú cistí a íocadh go mícheart;

(f)an comhar éifeachtach tráthúil leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun a ngníomhartha dlí ábhartha agus de bhun phrionsabal an chomhair dhílis.

2.Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a mheas a bheith ina n-easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta:

(a)neamhspleáchas na mbreithiúna a chur i mbaol;

(b)gan cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí nó gan a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;

(c)teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, gan breithiúnais a chur chun feidhme, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannaí ar sháruithe ar an dlí.

Airteagal 4
Ábhar na mbeart

1.Féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta iomchuí seo a leanas a ghlacadh

(a)i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach nó indíreach de bhun phointe (a) agus phointe (c) d’Airteagal 62 den Rialachán Airgeadais, agus i gcás inarb eintiteas rialtais an faighteoir:

(1)íocaíochtaí nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí nó an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de bhun Airteagal [131(3)] den Rialachán Airgeadais;

(2)toirmeasc ar ghealltanais dhlíthiúla nua a thabhairt i gcrích;

(b)i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte de bhun [phointe (b) d’Airteagal 62] den Rialachán Airgeadais:

(1)formheas ceann amháin nó níos mó de na cláir nó formheas leasuithe ar na cláir a chur ar fionraí;

(2)gealltanais a chur ar fionraí;

(3)gealltanais a laghdú, lena n-áirítear trí cheartuithe airgeadais nó aistrithe chuig cláir chaiteachais eile;

(4)réamh-mhaoiniú a laghdú;

(5)sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh;

(6)íocaíochtaí a chur ar fionraí.    

2.Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sa chinneadh lena nglactar na bearta, ní dhéanfaidh forchur beart iomchuí difear don oibleagáid atá ar eintitis rialtais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó atá ar Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 an clár nó an ciste a ndéanann an beart difear dó a chur chun feidhme, agus go háirithe an oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh.

3.Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach le cineál, tromchúis agus raon feidhme an easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta. A mhéad is féidir, díreofar na bearta ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna an t-easnamh sin difear dóibh nó a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dóibh.

Airteagal 5
Nós imeachta

1.I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil coinníollacha Airteagal 3 comhlíonta, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát sin, ina leagfar amach na forais ar ar bhunaigh sé a chinneadh.

2.Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile a chur san áireamh, lena n-áirítear cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.

3.Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise atá de dhíth dá mheasúnú a iarraidh, roimh cinneadh a dhéanamh de bhun mhír 1 agus ina dhiaidh.

4.Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis uile atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a dhéanamh laistigh de theorainn ama arna sonrú ag an gCoimisiún, teorainn nach mbeidh níos lú ná 1 mhí ó dháta an fhógra a thabhairt faoin gcinneadh. Sna barúlacha uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí beart feabhais.

5.Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a thíolacfaidh nó nach dtíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh maidir leis na bearta iomchuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a fhaigheann sé agus aon bharúlacha a dhéanann an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar.

6.I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta cruthaithe, cuirfidh sé togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí faoi bhráid na Comhairle.

7.Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle, ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a ghlactha ag an gCoimisiún.

8.Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiún a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh mar chinneadh ón gComhairle.

Airteagal 6
Bearta a chur i leataobh

1.Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, fianaise a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena thaispeáint go ndearnadh an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a leigheas nó nach ann dó a thuilleadh.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás sa Bhallstát lena mbaineann. A luaithe nach mbeidh na heasnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bhí ina bhforas le bearta iomchuí a ghlacadh ann a thuilleadh, go hiomlán nó i bpáirt, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena ndéantar na bearta sin a chur i leataobh go hiomlán nó i bpáirt. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2, 4, 5, 6 agus 7 d’Airteagal 5.

3.I gcás ina gcuirtear bearta i leataobh a bhaineann le fionraí formheasa ceann amháin nó níos mó de na cláir nó formheasa leasuithe ar na cláir dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 4(2)(b) nó a bhaineann le fionraí gealltanas dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 4(2)(b), iontrálfar méideanna a fhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí sa bhuiséad faoi réir Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XXXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil sa bhuiséad tar éis bhliain n+2.

Airteagal 7
Faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoi aon bheart arna mholadh nó arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2018) 98 final.
(2)    COM(2014) 158 final.
(3)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, IO L 298, 26.10.2012, lch. 1–96.
(4)    COM(2014) 158 final.
(5)    COM(2018) 98 final
(6)    […]
(7)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 29 Aibreán 2004, CAS Succhi di Frutta, C-496/99 PECLI:EU:C:2004:236, mír 63.
(8)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Samhain 1981, Amministrazione delle finanze dello Stato v Srl Meridionale Industria Salumi agus daoine eile Ditta Italo Orlandi & Figlio agus Ditta Vincenzo Divella v Amministrazione delle finanze dello Stato. Cásanna uamtha 212 go 217/80, ECLI:EU:C:1981:270, mír 10.
(9)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst, Cásanna uamtha 46/87 agus 227/88, ECLI:EU:C:1989:337, mír 19.
(10)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C-477/16, ECLI:EU:C:2016:861, mír 36; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, PPU Poltorak, C-452/16, ECLI:EU:C:2016:858, mír 35; agus Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Nollaig 2010, DEB,C-279/09, ECLI:EU:C:2010:811, mír 58.
(11)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas C-64/16, ECLI:EU:C:2018:117, míreanna 31, 40-41.
(12)    Teachtaireacht ón gCoimisiún A new EU Framework to strengthen the Rule of Law [Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú], COM(2014) 158 final, Iarscríbhinn I.
(13)    Cás C-64/16, mír 32-36.
(14)    Cás C-64/16, mír 40-41.
Top