EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0040

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús

/* COM/2014/040 final - 2014/0017 (COD) */

An Bhruiséil,29.1.2014

COM(2014) 40 final

2014/0017(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

{SWD(2014) 30 final}
{SWD(2014) 31 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Léirigh géarchéim dhomhanda na bliana 2008 gurb ann sa chóras airgeadais do bhearnaí móra rialála, do mhaoirseacht neamhéifeachtach, d'easpa soiléireachta sna margaí agus dó tháirgí róchasta. Tá raidhse beart glactha ag an AE d'fhonn an córas baincéireachta a dhéanamh níos stóinsithe agus níos cobhsaí, go háirithe ceanglais níos láidre maidir le caipiteal, rialacha maidir le rialáil níos fearr agus córais chun maoirseacht agus réitigh a dhéanamh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh Aontas Baincéireachta a bhunú.

An togra maidir le hathchóiriú struchtúrach a dhéanamh ar earnáil bhaincéireachta an AE, atá ag gabháil leis an togra seo ina phacáiste, is é an píosa deireanach den chreat nua rialála é, creat a áiritheoidh go simpleofar na bainc is mó fiú amháin san AE agus go bhféadfar iad a réiteach ar dhóigh éifeachtach, agus sin lena laghad ainiarsmaí ar an gcáiníocóir is féidir.

Ina theannta sin, thaispeáin an ghéarchéim gur gá feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar fhaireachán, ní amháin san earnáil bhaincéireachta thraidisiúnta, ach i réimsí eile, leis, ina mbíonn gníomhaíochtaí creidmheasa neamhbhainc, ar a dtugtar "scáthbhaincéireacht", ar siúl 1 . Sa phraitic, déanann eintitis scáthbhaincéireachta maoiniú a bhfuil tréithe taiscechineálacha ann a thiomsú, déanann siad tiontú aibíochta nó leachtachta, ceadaíonn siad aistriú riosca creidmheasa agus úsáideann siad giaráil dhíreach nó indíreach. Ag deireadh 2012 is é EUR 53 trilliún an luach a bhí ar shócmhainní scáthbhaincéireachta 2 sin nach mór leath na méide a bhí sa chóras baincéireachta rialáilte. Is san Eoraip (tuairim is EUR 23 trilliún) agus san Stáit Aontaithe (tuairim is EUR 19.3 trilliún) a bhí an chuid is mó de na sócmhainní sin cruinnithe.

Na bearta a rinneadh i leith an chúrsa seo go dtí seo, is ar leibhéal idirnáisiúnta a rinneadh iad agus bhí siad á gcomhordú ag tíortha an G20 agus ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA), agus rinne an ceann deireanach acu sin obair fhorleathan féachaint na príomhrioscaí a bhaineann leis an gcóras scáthbhaincéireachta a aithint 3 . Is é an cuspóir ginearálta atáthar ag iarraidh a bhaint amach, cuspóir atá dearbhaithe roinnt uaireanta ag tíortha an G20, deireadh a chur le cúinní dorcha na hearnála airgeadais a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar rioscaí sistéamacha, nó ar toradh iad ar arbatráiste rialála, agus rialáil agus maoirseacht a leathnú chun na hinstitiúidí airgeadais, na hionstraimí agus na margaí uile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a chumhdach. Sin an cúlra a bhí ann nuair a ghlac an BCA in 2013 creat beartas ina raibh aon cheann déag de mholtaí féachaint dul i ngleic leis na rioscaí a leanann an scáthbhaincéireacht ó thaobh iasachtaí urrús agus comhaontuithe athcheannaigh. Ghlac ceannairí thíortha an G20 leis na moltaí sin i Meán Fómhair 2013. Cuimsíonn an creat: trédhearcacht iasachtaí urrús agus idirbheart comhaontuithe athcheannaigh idir institiúidí airgeadais agus údaráis agus idir bainisteoirí cistí agus infheisteoirí deiridh; íoschaighdeáin maidir le comhthaobhacht in airgead tirim a athinfheistiú; athfhiachurrú sócmhainní; íoschaighdeáin rialála maidir le comhthaobhacht a luacháil; agus bainistiú agus measúnú a dhéanamh ar thabhairt isteach contrapháirtithe lárnacha i margaí comhaontuithe athcheannaigh idirdhéileálaithe. Tá an Rialachán seo ceaptha trédhearcacht iasachtaí urrús agus idirbhearta comhaontuithe athcheannaigh a mhéadú. Tá tábhacht ag baint leis an trédhearcacht ó thaobh deimhin a dhéanamh de go bhfuil tuiscint chuí ag údaráis agus ag gach gníomhaí margaidh ar an gcaoi a noibríonn margaí agus ar mhéid agus cineál na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann. Sa chomhthéacs seo, is ceist ríthábhachtach an trédhearcacht de bhrí gur tríthi a fhaightear an fhaisnéis is gá chun uirlisí beartais atá éifeachtach éifeachtúil a fhorbairt chun cosc a chur ar rioscaí sistéamacha.

I nDeireadh Fómhair 2012, thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil Liikanen 4 nach bhfuil na hathchóirithe rialála a ceapadh cheana agus atá á gcur i bhfeidhm faoi láthar, nach bhfuil siad ag dul i ngleic le fadhbanna bunúsacha earnáil bhaincéireachta an AE, agus rinneadh roinnt moltaí ina leith sa tuarascáil chéanna. Tugadh aird ar na moltaí sin sa Rialachán maidir le hathchóiriú struchtúrach earnáil na baincéireachta, rud a glacadh san am céanna leis an togra seo, arae cuirfidh an Rialachán sin srianta struchtúracha ar ghníomhaíochtaí áirithe trádála a bhíonn á ndéanamh ag bainc. Mar sin féin, mar a dúradh sa Pháipéar Uaine maidir leis an mbaincéireacht, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 19 Márta 2012, d'fhéadfadh sé gurb é a thiocfadh as athneartú na rialála a dhéantar ar earnáil na baincéireachta go dtiomáinfí cuid mhór gníomhaíochtaí baincéireachta amach thar teorainneacha na baincéireachta traidisiúnta i dtreo na scáthbhaincéireachta. Thiocfadh de sin córas airgeadais ní ba theimhní fós ar dheacra ag maoirseoirí é a rialú. Ghéaródh sin ar na naisc sheanbhunaithe atá ann cheana idir an earnáil bhaincéireachta rialáilte agus earnálacha na scáthbhaincéireachta. Laghdódh a leithéid sin d'arbatráiste rialála éifeacht na nathchóirithe airgeadais atáthar a iarraidh a chur i bhfeidhm san Eoraip agus ar fud an domhain agus mhéadódh sí go mór an baol go mbeadh éagobhsaíocht airgeadais ann. Sin é an chúis ar gá trédhearcacht cheangailteach agus ceanglais tuairiscithe i leith idirbheart maoinithe urrús a leagan síos leis an togra dlí. Ar an dóigh sin, bheadh an dá thacar de bhearta rialála ag comhlánú agus ag neartú a chéile.

Agus na bearta nua reachtacha seo in earnáil na baincéireachta os a gcomhair amach, d'fhéadfadh sé go naistreodh na bainc roinnt dá gcuid gníomhaíochtaí chuig réimsí scáthbhaincéireachta nach ndéantar an méid céanna rialála orthu. Ionas go bhféadfar treochtaí margaidh na neintiteas a meastar a gcuid gníomhaíochtaí a bheith ina ngníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta a leanúint go géar, go háirithe i gcás idirbheart maoinithe urrús, is gá ceanglais trédhearcachta a chur chun feidhme a d'fhéadfadh a bheith ina gcuidiú ag maoirseoirí agus ag údaráis rialála agus iad ag féachaint le laigí a aithint agus iad ag cinneadh ar na bearta is gá a dhéanamh chun dul i ngleic le haon saincheisteanna atá aitheanta acu.

D'fhonn deimhin a dhéanamh de nach dtiocfaidh aon lagú ar bhuntáistí a ghnóthófar trí athléimneacht gníomhaithe agus margaí áirithe a neartú as rioscaí airgeadais a bheith á naistriú chuig earnálacha nach ndéantar an méid céanna rialála orthu, tá sé sárriachtanach an trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí a neartú a fhad a bhaineann le gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta. Faoi mar a dúradh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an scáthbhaincéireacht agus i Rún Pharlaimint na hEorpa maidir leis an scáthbhaincéireacht (Samhain 2012) 5 , tá sé sárriachtanach an trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí a neartú, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a dhéantar go minic in earnáil na scáthbhaincéireachta, gníomhaíochtaí amhail comhaontuithe athcheannaigh agus iasachtaí urrús, ar a dtugtar idirbhearta maoinithe urrús freisin 6 . Maidir leis sin, de bharr na hoibre atá déanta ag an BCA is féidir a mheas le cruinneas éigin cén leibhéal trédhearcachta a theastaíonn. Ina theannta sin, tá an neartú sin antábhachtach chun na rioscaí a bhrath a d'fhéadfadh teacht as an earnáil airgeadais rialáilte a bheith idirnasctha le hearnáil na scáthbhaincéireachta, as róghiaráil agus as iompraíocht chomhthimthriallach. Tá an cur chuige sin ag teacht go hiomlán leis na moltaí a rinne an BCA maidir leis an scáthbhaincéireacht 7 , in 2013 agus ar glacadh leo ag cruinniú mullaigh thíortha an G20 i gCathair Pheadair, féachaint maolú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dhreasachtaí comhthimthriallacha a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús agus le hathfhiachurrú a d'fhéadfadh géarú ar theannas maoiniúcháin in aimsir struis.

Tá ról ríthábhachtach ag idirbhearta maoinithe urrús, struchtúir maoiniúcháin eile choibhéiseacha agus ag athfhiachurrú sa chóras domhanda airgeadais. Is éard is idirbheart maoinithe urrús ann aon idirbheart ina núsáidtear sócmhainní ar leis an gcontrapháirtí iad chun dóigheanna maoiniúcháin a chruthú. Bunús mór an ama is é a bhíonn i gceist le hidirbhearta den sórt sin iasacht nó tabhairt ar iasacht urrús agus tráchtearraí, idirbhearta athcheannaigh nó idirbheartha athcheannaigh droim ar ais, nó idirbhearta ceannachathdhíola nó idirbhearta díolathcheannaigh. Na héifeachtaí eacnamaíocha a bhíonn ag na hidirbhearta sin go léir, is cosúil le chéile iad, nó is ionann le chéile iad. Úsáideann gníomhaithe uile an chórais airgeadais, geall leis, na teicnící seo – bainc, déileálaithe urrús, comhlachtaí árachais, cistí pinsin agus cistí infheistíochta. Cuireann siad breis leachtachta ar fáil don mhargadh, éascaíonn siad an fháil atá ag gníomhaithe margaidh ar mhaoiniú, tacaíonn siad le praghasaimsiú sócmhainní intrádála agus tugann siad caoi le hoibríochtaí maoiniúcháin airgeadais na mbanc ceannais a dhéanamh. Mar sin féin, is féidir cruthú creidmheasa a bheith mar thoradh orthu trí bhíthin tiontú aibíochta agus leachtachta agus fágann siad gur féidir le gníomhaithe margaidh neamhchosaintí móra a chnuasach ar a chéile. Nuair a dhéantar comhthaobhach a athfhiachurrú chun tacú le ilbhearta, go háirithe idirbhearta maoinithe urrús, fágtar gur féidir breis leachtachta a bheith ann agus go méadaítear ar ghiaráil fholaithe agus ar idirnascthacht sa chóras.

Nuair a chuaigh an mhuinín a bhí ag an margadh i luach sócmhainní, sábháilteacht contrapháirtithe agus cosaint tomhaltóirí ar ceal spreagadh ollráchairt i margaí mórdhíola rud as ar tháinig díghiaráil agus/nó líontán sábháilteachta poiblí (e.g. saoráidí creidmheasa banc ceannais). Sa chomhthéacs sin, chuaigh trust agus leachtacht maoiniúcháin ar ceal agus níorbh fhéidir leis na bainc is mó agus is láidre féin maoiniú gearrthéarmach ná fadtéarmach a fháil. Méadaíonn siad giaráil agus neartaíonn siad nádúr comhthimthriallach an chórais airgeadais, rud a fhágann an córas sin i mbaol ag ollráchairtí ar na bainc agus ag díghiaráil thobann. Cé gur féidir tionchar nach beag a bheith ag na teicnící sin ar fheidhmíocht cistí infheistíochta, is amhlaidh nach nochtar an fhaisnéis ar fad ina dtaobh d'infheisteoirí. Murab ionann agus institiúidí airgeadais eile, is airgead de chuid infheisteoirí a úsáideann bainisteoirí cistí infheistíochta nuair a bhíonn siad ag gabháil do gníomhaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús. Gan faisnéis iomlán agus cruinn maidir le húsáid idirbheart maoinithe urrús agus maidir leis na coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann, ní féidir d'infheisteoirí bheith in ann cinntí eolacha a dhéanamh. Dá bhrí sin, is den riachtanas an easpa trédhearcachta a bhaineann le hidirbheart maoinithe urrús, le struchtúir choibhéiseacha eile agus le hathfhiachurrú a laghdú.

Sin é an cúlra atá leis an Rialachán seo atá ceaptha córas airgeadais níos sábháilte níos trédhearcaí a chruthú agus lena dtugtar isteach bearta chun an trédhearcacht a mhéadú i dtrí cinn de phríomhréimsí: (1) faireachán a dhéanamh ar mhéadú ríoscaí sistéamacha a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús sa chóras airgeadais; (2) faisnéis faoi idirbhearta den sórt sin a nochtadh d'infheisteoirí a bhfuil a gcuid sócmhainní á núsáid sna hidirbhearta sin nó in idirbhearta coibhéiseacha; agus (3) trédhearcacht chonarthach gníomhaíochtaí athfhiachurraithe. I bpraitic, cuimseoidh na bearta atá beartaithe moltaí 1 agus 2 ón BCA lena gceanglófaí ar údaráis inniúla sonraí breise a bhailiú maidir le húsáid idirbheart maoinithe urrús, moladh 5 lena gceanglófaí ar bhainisteoirí cistí a bheith trédhearcach i leith a gcuid infheisteoirí agus moladh 7 lena gceanglófaí go sonrach ar idirghabhálaithe leordhóthain faisnéise a nochtadh dá gcliaint faoi athfhiachurrú a gcuid sócmhainní. Dá bhrí sin, cuimsíonn na moltaí sin go léir gach gné de thrédhearcacht na húsáide a bhaintear as idirbhearta maoinithe urrús. Sa mhéid sin, is comhlánú an Rialachán seo ar an togra le haghaidh Rialacháin maidir le hathchóiriú struchtúrach banc.

2.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí san am céanna lena Pháipéar Uaine maidir leis an scáthbhaincéireacht, an 19 Márta 2012. Is forleathan agus is substaintiúil an taiseolas a thug geallsealbhóirí uathu. Bhí tacaíocht ghinearálta do thionscnamh ón gCoimisiún sa réimse seo agus comhaontú, atá ag méadú, go bhfuil gá le maoirsiú agus creat rialála neartaithe chun dul i ngleic leis an gcóras scáthbhaincéireachta. I dtuarascáil féintionscnaimh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an scáthbhaincéireacht, leis, luadh a thábhachtaí atá sé bearta iomchuí a dhéanamh sa réimse seo. Ina cheann sin, i Samhain 2012, agus é ag ullmhú a gcuid moltaí maidir leis an scáthbhaincéireacht, rinne an BCA comhairliúchán poiblí i leith fadhbanna ábhartha i margaí na nidirbheart maoinithe urrús, an trédhearcacht ar cheann acu. Léirigh an comhairliúchán tacaíocht mhór do thuilleadh trédhearcachta a bheith i margaí na niasachtaí urrús agus na gcomhaontuithe athcheannaigh, agus mhol go leor freagróirí na ceanglais maidir le tuairisciú atá ann cheana agus sonraí eile margaidh a chur san áireamh. Lena chois sin, dúirt neart geallsealbhóirí gur stórtha trádála a úsáid an dóigh is fusa le sonraí cuimsitheacha margaidh maidir le comhaontuithe athcheannaigh agus iasachtaí urrús a bhailiú.

Rinneadh comhairliúchán poiblí níos spriocdhírithe in 2012 ar shaincheisteanna éagsúla a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), inar fiafraíodh de gheallsealbhóirí cén gá a mheas siad a bheith leis na ceanglais trédhearcachta i leith cistí infheistíochta a mhéadú. Fuair an Coimisiún lear faisnéise faoi na caighdeáin trédhearcachta atá ann faoi láthair san earnáil bhainistithe sócmhainní, mar aon le tuairimí faoi na dóigheanna a bhféadfaí an trédhearcacht d'infheisteoirí a mhéadú.

Cuireadh san áireamh, leis, cainteanna leis na príomhgheallsealbhóirí, rialóirí urrús agus baincéireachta, an BCE, agus gach saghas gníomhaí margaidh san áireamh. Ina theannta sin cuireadh san áireamh na tuairimí a nochtadh i gcomhairliúchán poiblí maidir leis an scáthbhaincéireacht in 2012. Iarradh ar na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt freisin.

I Márta 2013 bunaíodh Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse a raibh ionadaithe ó hArdStiúrthóireachtaí COMP, ECFIN, EMPL, ENTR, JUST, MARKT, SG, SJ, TAXUD agus ón JRC ina mbaill de. Tionóladh cruinniú de Ghrúpa Stiúrtha an Mheasúnaithe Tionchair i Márta, Aibreán agus Meán Fómhair 2013 chun cuidiú le hullmhú an Mheasúnaithe Tionchair. Pléadh an DréachtMheasúnú Tionchair le Bord an Choimisiúin um Measúnú Tionchair, an 16 Deireadh Fómhair 2013. I ndiaidh tuairm dhiúltach a bheith tugtha, cuireadh isteach Measúnú Tionchair Athbhreithnithe i Nollaig 2013.

Sainaithnítear sa Mheasúnú Tionchair trí phríomhfhadhb a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús: rialóirí gan a bheith in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear astu; an baol go mbítear á núsáid ar chaoi a ndéanann aimhleas infheisteoirí i gcistí; agus athfhiachurrú a bheith á úsáid chun rioscaí dlí agus eacnamaíocha sa mhargadh a aistriú. Laistiar de na fadhbanna sin go léir tá na saincheisteanna ríthábhachtach a shainaithin an BCA, mar atá, gan aon sonraí cuimsitheacha mionsonraithe maidir le hidirbhearta maoinithe urrús a bheith ar fáil go rialta, agus an baol go dtiocfadh as idirbhearta den sórt sin coinbhleachtaí leasa idir bainisteoirí cistí agus infheisteoirí.

D'fhonn dul i ngleic leis an fadhbanna sin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil comhcheangal de bhearta éagsúla ag teastáil, lena náirítear idirbhearta maoinithe urrús a thuairisciú do stórtha trádala, an úsáid a bhaintear as idirbhearta maoinithe urrús a nochtadh d'infheisteoirí i gcistí, agus an gá toiliú a fháil sula ndéantar ionstraimí airgeadais a athfhiachurrú agus an gá na hionstraimí airgeadais sin a aistriú chuig cuntas a osclaíodh faoi ainm an chontrapháirtí fála sula ndéanfar an tathfhiachurrú. D'áiritheodh an méid sin go ndéanfaí maoirsiú agus rialáil mar is ceart ar na gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta a thiocfadh as idirbhearta maoinithe urrús a úsáid. Ní bheidh toirmeasc sainráite ar idirbhearta maoinithe urrús a úsáid ná ní theorannófaí í d'idirbhearta ar leith, ach is é an chaoi an ndéanfar í níos trédhearcaí. Dá bhrí sin, na roghanna a mholtar a choinneáil sa Mheasúnú Iarmharta, meastar nach mbeidh aon tionchar struchtúrach acu ar mhargadh na nidirbheart maoinithe urrús. Cuirfidh na roghanna sin leis na costais tuairiscithe a sheasann na contrapháirtithe, ach is mó ná an míbhuntáiste sin na buntáistí a leanfaidh breis trédhearcachta a bheith ann do na húdaráis inniúla, do chliaint, agus don tsochaí i gcoitinne.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceadaítear bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta a bhaineann le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhfhogasú.

Na moltaí ón BCA agus na forbairtí atá beartaithe i ndiaidh an athchóirithe struchtúraigh ar earnáil bhaincéireachta an Aontais, is dealraitheach go sporfaidh siad na Ballstáit chun bearta rialála a dhéanamh féachaint méadú a chur ar thrédhearcacht na ngníomhaíochtaí sin a d'fhéadfadh imeacht ó ghrúpaí baincéireachta a ndéantar rialáil orthu go grúpaí scáthbhaincéireachta nach féidir leis na maoirseoirí an méid céanna rialála a dhéanamh orthu. Tá gá, dá bhrí sin, le rialacha aonfhoirmeacha trédhearcachta chun feabhas a chur ar chobhsaíocht airgeadais, infheisteoirí a chosaint, soláthar trasteorann seirbhísí a fheabhsú agus arbatráiste rialála a chosc, agus cosc a chur ar bhearta difriúla náisiúnta bheith ina mbac le deafheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

3.2.Coimhdeacht

De réir phrionsabal na coimhdeachta faoi mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den CFAE, níor cheart don AE gníomhú i réimsí nach dtagann faoina fhreagracht eisiach ach amháin sa chás nach féidir leis na Ballstáit, agus sa mhéid nach féidir leo é, cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach, ar cuspóirí iad is fearr is féidir, de dhroim fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, a ghnóthú ar leibhéal an AE.

Is é is aidhm don togra seo féachaint chuige go mbeidh idirbhearta maoinithe urrús, athfhiachurrú agus struchtúir eile airgeadais trédhearcach. I ngeall ar idirnaisc atá ag na gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta sin le gníomhaíochtaí eile laistigh den Mhargadh Inmheánach agus i ngeall ar a nádúr sistéamach, is gá gníomhú ar leibhéal an Aontais.

Formhór na nidirbheart maoinithe urrús agus na ngníomhaíochtaí athfhiachurrúcháin a dhéantar, is ar bhonn trasteorann a dhéantar iad idir eintitis a mbíonn an áit bhunaíochta i ndlínsí difriúla acu go minic, agus bíonn sócmhainní agus airgeadraí a eisíodh i ndlínsí difriúla i gceist leo. Ní mór gníomhú ar leibhéal an Aontais chun, ar a laghad, raon leathan idirbheart a chumhdach agus chun caoi a thabhairt do na húdaráis rialála ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais forléargas a bheith acu ar mhargadh na nidirbheart maoinithe urrús i ngach cearn den AE. Aon bearta leighis a chuirfeadh Ballstáit aonair i bhfeidhm ar neamhchead do na Ballstáit eile agus ar dhóigh neamhchomhordaithe, is dealraitheach go mbeidís ar fhíorbheagán éifeachtachta de bhrí nach gcuimseoidís ach cuid bheag den mhargadh. Ina theannta sin, i bhfianaise nádúr sistéamach na bhfadhbanna, is amhlaidh a d'fhéadfadh bearta neamhchomhordaithe cor chun donais a thabhairt de dheasca ilroinnt sonraí agus neamhsheasmhachta. Is ó shonraí comhiomlána ó gach cearn den Aontas, agus uaidh sin amháin, a gheofar an forléargas maicreacnamaíoch a theastaíonn chun faireachán a dhéanamh ar úsáid idirbheart maoinithe urrús.

Maidir le cistí infheistíochta, tá gné trasteorann antábhachtach ag roinnt leis an tionscal cistí Eorpach. Le deich mbliana anuas tá méadú faoi dhó tagtha ar an sciar den tionscal cistí infheistíochta Eorpach ina iomláine (sócmhainní de chineál GCUI agus sócmhainní nach de chineál GCUInna) ar sócmhainní trasteorann é. Ó bhí 2012 ann, is ciste nach dá thír chónaithe é gach ciste atá ceannaithe ag infheisteoir de gach beirt infheisteoirí. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, caighdeáin maidir le cosaint infheisteoirí a bheith á gcur chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud an AE ionas go rachaidh trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús ar sochar d'infheisteoirí uile na hEorpa.

3.3.Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta, faoi mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den CFAE, níor cheart ábhar ná foirm ghníomhaíocht an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

Ós rud é nach ndéantar de rialáil leis an togra seo ach idirbhearta maoinithe, athfhiachurrú agus struchtúir eile maoiniúcháin a dhéanamh níos trédhearcaí, níl sé ag dul thar a bhfuil gá leis chun caoi a thabhairt deireadh a chur go héifeachtach leis na rioscaí a bhaineann leis an scáthbhaincéireacht.

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.4.Míniú mionsonraithe ar an togra

Sa Rialachán atá beartaithe tá bearta maidir le hidirbhearta maoinithe urrús a thuairisciú do stórtha trádála (Caibidlí I agus II), ceanglais maidir le tuairisciú (Caibidil IV) agus ceanglais maidir le contrapháirtithe a bhíonn ag gabháil d'athfhiachurrú. Na caibidlí eile, mar atá, Caibidil I (raon feidhme agus sainmhínithe), Caibidil II (maoirsiú agus údaráis inniúla), Caibidil VII (caidreamh le tríú tíortha), Caibidil VIII (smachtbhannaí agus bearta riaracháin) agus Caibidlí IX agus X (athbhreithniú agus forálacha deireanacha), tá feidhm acu maidir leis na codanna sin go léir.

Seo thíos gearrachoimre ar phríomhchodanna an Rialacháin.

3.4.1.Raon feidhme an togra (Caibidil I)

Is é is aidhm don Rialachán seo cobhsaíocht airgeadais san AE a neartú trí bhíthin trédhearcacht gníomhaíochtaí áirithe margaidh a mhéadú, gníomhaíochtaí amhail idirbhearta maoinithe urrús, athfhiachurrú, agus struchtúir eile margaidh a bhfuil a néifeacht eacnamaíoch coibhéiseach le héifeacht eacnamaíoch idirbheart maoinithe urrúis. Tá feidhm aige maidir le contrapháirtithe uile mhargaí na nidirbheart maoinithe urrús faoi mar atá sainmhínithe le Treoir 2009/65/CE agus 2011/61/EU agus maidir le haon pháirtí eile a bhíonn ag gabháil d'athfhiachurrú. Cumhdaíonn an Rialachán atá molta gach ionstraim airgeadais a chuirtear ar fáil mar chomhthaobhach faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Chuid C de Threoir 2004/39/CE.

3.4.2.Trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús, lena náirítear clárú agus maoirsiú stórtha trádála

Leis an Rialachán seo cruthaítear creat trína ndéanfaidh contrapháirtithe airgeadais nó neamhairgeadais in idirbheart maoinithe urrús sonraí an idirbhirt a thuairisciú do stórtha trádála ar dhóigh éifeachtach. Stórálfar an fhaisnéis sin i mbunachar lárnach agus beidh rochtain dhíreach shaoráideach uirthi ag na húdaráis ábhartha, amhail an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, an Córas Eorpach Banc Ceannais, chun críche rioscaí cobhsaíochta airgeadais a leanann gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta eintiteas a ndéantar rialáil orthu agus eintiteas nach ndéantar rialáil orthu a aithint agus faireachán a dhéanamh orthu. Tá na forálacha sin ag teacht le moltaí an BCA a deir gur chóir do gach dlínse cinneadh ar an dóigh is oiriúnaí le sonraí a bhailiú agus cur le próisis bhailithe sonraí atá ann cheana agus le hinfreastruchtúir margaidh nuair is cuí sin. Lena chois sin, deir an BCA gur dócha gur caoi éifeachtach le sonraí den sórt sin a bhailiú a bheidh i stórtha trádála.

Ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh sa chaoi is go laghdófar, a oiread is féidir é, na costais oibriúcháin a sheasann rannpháirtithe margaidh, agus ba cheart, dá bhrí sin, infreastruchtúir agus próisis atá ann cheana a úsáid chuige. Agus na caighdeáin theicniúla rialála a bhfuil foráil déanta maidir leo sa Rialachán seo á dtarraingt suas aige, nó athbhreithniú na gcaighdeán sin á bheartú aige, ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí na caighdeáin a bunaíodh cheana le Rialachán 648/2012/CE agus stórtha trádála rialála le haghaidh conarthaí díorthacha agus an forás atá i ndán dóibh a chur san áireamh.

3.4.3.Trédhearcacht d'infheisteoirí (Caibidil IV)

Na forálacha nua trédhearcachta a leagtar síos leis an Rialachán seo i leith úsáid idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr eile maoiniúcháin, tá dlúthbhaint acu le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE ós rud é gurb iad na Treoracha sin an creat dlí a rialaíonn bunú, bainistiú agus margú gnóthas comhinfheistíochta. D'fhonn infheisteoirí a chur ar an eolas maidir leis na rioscaí a ghabhann le húsáid idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr eile maoiniúcháin, ba cheart do bhainisteoirí cistí faisnéis mhionsonraithe faoi aon úsáid a bhain siad as na teicnící sin a thabhairt go tráthrialta i dtuarascáil. Beidh an fhaisnéis bhreise sin ina forlíonadh ar na tuarascálacha tréimhsiúla a chaithfidh comhlachtaí bainistithe nó infheistíochta GCUInna agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a ullmhú cheana. Tá na rialacha nua trédhearcachta ina bhforlíonadh ar fhorálacha Threoir 2009/65/CE agus Threoir 2011/61/AE maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha. Na rialacha nua sin maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr eile maoiniúcháin, ba cheart feidhm a bheith acu sa bhreis orthu sin atá leagtha síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE. Tá na forálacha sin ag teacht le moltaí an BCA a deir gur cheart d'údaráis athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe atá ar bhainisteoirí cistí i leith infheisteoirí deiridh i bhfianaise moltaí an BCA féachaint an bhfuil aon bhearnaí ann is ceart a líonadh.

3.4.4.Trédhearcacht athfhiachurrúcháin (Caibidil V)

D'fhonn trédhearcacht chonarthach agus oibriúcháin a mhéadú, ba cheart íoscheanglais faisnéise a fhorchur ar contrapháirtithe atá ag gabháil d'athfhiachurrú. Mar sin, níor cheart aon athfhiachurrú a dhéanamh gan an contrapháirtí i gcomhaontú conarthach a bheith láneolach faoi na rioscaí a bhaineann leis agus gan é a thoiliú chuige roimh ré, agus ba cheart an tathfhiachurrú a léiriú mar is ceart sa chuntas urrús. An contrapháirtí atá ag fáil na nionstraimí airgeadais mar chomhthaobhach, ní bheidh cead aige iad a athfhiachurrú ach amháin le toiliú sainráite an chontrapháirtí atá á soláthar, agus ní fhéadfaidh sé sin a dhéanamh nó go naistrí sé iad go dtí a chuntas féin. Ba cheart an ceanglas sin a bheith ina fhorlíonadh ar a bhfuil i dTreoir 2002/47/CE agus i dTreoir 2004/39/CE. Deirtear i moltaí an BCA gur cheart d'udaráis féachaint chuige go rialaítear sócmhainní cliant sa chaoi is go dtugtar leordhóthain nochtadh dóibh maidir le hathfhiachurrú ionas go dtuigfidh siad na rioscaí a bhfuil siad ag dul ina bhfiontair. Tá an Rialachán seo ag teacht leis an moladh sin.

3.4.5.Maoirsiú agus údaráis inniúla (Caibidil VI)

Sa Rialachán atá beartaithe sainmhínítear na rialacha maidir le hainmniú údarás inniúil, chun críocha éagsúla, lena náirítear údarú, clárú, maoirsiú agus forfheidhmiú na mbeart maidir le hidirbhearta maoinithe urrús a thuairisciú do stórtha trádála agus maidir le hathfhiachurrú a dhéanamh. I ndiaidh dó fógra a fháil ina dtaobh ó na Ballstáit, caithfidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí liosta d'údaráis inniúla a fhoilsiú agus é a choinneáil bord ar bhord leis an aimsir i dtólamh.

Leis an Rialachán seo déantar maoirsiú chomhlíonadh na rialacha maidir le trédhearcacht cistí infheistíochta a chur de chúram ar na húdaráis inniúla atá ainmnithe cheana ag na Ballstáit faoi Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha. Ba cheart gurbh iad na húdaráis inniúla arna nainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo a dhéanfadh maoirsiú ar thuairisciú agus ar chomhlíonadh na rialacha maidir le hathfhiachurrú.

3.4.6.Caidreamh le tríú tíortha (Caibidil VII)

I bhfianaise nádúr domhanda idirbheart maoinithe urrús, bíonn na húdaráis ábhartha i ndlínsí éagsúla in ann sonraí a rochtain atá i stórtha trádála atá suite i ndlínsí éagsúla. D'fhonn féachaint chuige go mbeidh rochtain dhíreach fhrithpháirteach ar shonraí ag na húdaráis ábhartha, tugtar an chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 19 den Rialachán seo comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha ábhartha, ar acht go náirithítear rúndacht ghairmiúil, cosaint rún gnó a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe san áireamh.

3.4.7.Smachtbhannaí agus bearta riaracháin (Caibidil VIII)

Ní foláir do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar smachtbhannaí agus bearta iomchuí riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán atá beartaithe. Chuige sin, ba cheart tacar íosta smachtbhannaí agus beart riaracháin a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla le cur i bhfeidhm, lena náirítear údarú a tharraingt siar, foláirimh phoiblí, lucht bainistíochta a chur as oifig, aisíoc brabús a fuarthas de dheasca sáruithe ar an Rialachán nuair is féidir sin a dhéanamh amach, agus fíneálacha riaracháin. Agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí á chinneadh, ba cheart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh roinnt critéar atá leagtha síos sa Rialachán, lena náirítear méid agus láidreacht airgeadais an duine atá freagrach, tionchar an tsáraithe agus a thoilteantaí atá an duine atá freagrach as an sárú comhoibriú leo. Ní chuirfidh an Rialachán atá beartaithe cosc ar Bhallstáit aonair caighdeáin is airde ná sin a leagan síos.

3.4.8.Athbhreithniú (Caibidil IX)

Is éard a bheadh sa Rialachán seo, dá nglacfaí leis, an chéad tacar de rialacha trédhearcachta maidir le hidirbhearta maoinithe urrús, struchtúir eile maoiniúcháin agus athfhiachurrú ar leibhéal an AE. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin a dhéanamh amach an dóigh éifeachtach éifeachtúil na bearta thuasluaite le breis trédhearcachta a bhaint amach sna gníomhaíochtaí sin. Dá bhrí sin, trí bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le hoiriúnacht na mbeart trédhearcachta, agus más iomchuí, tíolacfaidh sé togra leasaithe.

4.IMPLEACHT BHUISÉADACH

Léirítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo.

2014/0017 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 9 ,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Léirigh an ghéarchéim airgeadais dhomhanda in 2008 go raibh bearnaí móra rialála, maoirseacht mhí-éifeachtach, margaí teimhneacha agus táirgí róchasta sa chóras airgeadais. Tá raon beart glactha ag an Aontas chun bonn níos stóinsí cobhsaí a chur faoin gcóras baincéireachta, lena náirítear ceanglais chaipitil a neartú, rialacha maidir le rialachas agus maoirseacht a fheabhsú agus córais réitigh. Is cinntitheach freisin ina thaobh sin an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú an aontais baincéireachta. Ina theannta sin, thaispeáin an ghéarchéim an gá feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar fhaireachán, ní amháin san earnáil bhaincéireachta thraidisiúnta ach, i réimsí eile, leis, ina mbíonn gníomhaíochtaí creidmheasa neamhbhainc, ar a dtugtar "scáthbhaincéireacht" ar siúl.

(2)I gcomhthéacs na hoibre sin le srian a chur le scáthbhaincéireacht, tá na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús sainaitheanta ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA) agus ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS). I ngeall ar idirbhearta maoinithe urrús tarlaíonn tiomargadh giarála, comhthimthriallacht agus idirnascthacht sna margaí airgeadais. Go háirithe, i ngeall ar easpa trédhearcachta in úsáid idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoinithe eile cuireadh cosc ar rialtóirí agus ar mhaoirseoirí agus ar infheisteoirí chomh maith measúnú agus faireachán ceart a dhéanamh ar na rioscaí bainc ábhartha agus ar an leibhéal idirnascthachta sa chóras airgeadais sa tréimhse roimh an ngéarchéim airgeadais agus lena linn. Ina fhianaise sin, an 29 Lúnasa 2013, ghlac an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais creat beartais chun díriú ar rioscaí scáthbhaincéireachta in iasachtú urrús agus comhaontuithe athcheannaigh. Thacaigh ceannairí an G20 leis an méid sin ina dhiaidh sin i Meán Fómhair 2013.

(3)I mí an Mhárta 2012, d'fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Uaine maidir le scáthbhaincéireacht. Ar bhonn an aiseolais fhairsing a fuarthas agus ag cur san áireamh cor ar leibhéal idirnáisiúnta, d'fhoilsigh an Coimisiún an 4 Meán Fómhair 2013, Teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le scáthbhaincéireacht 11 . Leagadh béim air sa Teachtaireacht sin gur deacair, de dheasca chineál casta teimhneach na nidirbheart maoinithe urrús, contrapháirithe a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar chomhchruinniú riosca. Tarraingíonn an méid sin an iomarca giarála ar an gcóras airgeadais freisin.

(4)Ghlac Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil, a raibh Erkki Liikanen ina chathaoirleach air, tuarascáil maidir le hathchóiriú struchtúr earnáil bhaincéireachta an Aontais i nDeireadh Fómhair 2012. Pléadh ann, i measc nithe eile, an caidreamh idir an córas baincéireachta traidisiúnta agus an córas scáthbhaincéireachta. Aithníodh sa tuarascáil na rioscaí a bhaineann le scáthbhaincéireacht amhail anghiaráil agus comhthimthriallacht, agus iarradh laghdú ar idirnascthacht idir bainc agus an córas scáthbhaincéireachta, arbh fhoinse tógálachta í le linn géarchéime baincéireachta a bhain leis an gcóras ina iomláine. Moladh sa tuarascáil freisin bearta struchtúracha áirithe chun déileáil leis na laigí atá ann i gcónaí in earnáil bhaincéireachta an Aontais.

(5)Déileáiltear le hathchóirithe struchtúracha ar chóras baincéireachta an Aontais i dtogra dlíthiúil ar leith. De thoradh bearta struchtúracha a fhorchur ar bhainc áfach, d'fhéadfadh sé go mbogfaí gníomhaíochtaí áirithe go réimsí inar lú an méid rialála, amhail an earnáil scáthbhaincéireachta. Ar na cúiseanna sin, na ceanglais cheangailteacha maidir le trédhearcacht agus tuairisciú le haghaidh idirbheart maoinithe urrús atá leagtha amach sa Rialachán seo, ba cheart iad a bheith ag gabháil leis an togra dlíthiúil le haghaidh athchóiriú struchtúrach earnáil bhaincéireachta an Aontais. Dá bhrí sin, comhlánaíonn na rialacha trédhearcachta atá sa Rialachán seo rialacha an Aontais maidir le hathchóiriú struchtúrach.

(6)Freastalaíonn an Rialachán seo ar an ngá trédhearcacht margaí maoinithe urrús a fheabhsú agus trédhearcht an chórais airgeadais dá réir sin. Chun coinníollacha coibhéiseacha a áirithiú maidir le hiomaíocht agus cóineasú idirnáisiúnta, leanann an Rialachán seo moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais. Cruthaítear leis creat de chuid an Aontais inar féidir faisnéis faoi idirbhearta maoinithe urrús a thuairisciú go héifeachtúil le stórtha trádála agus le hinfheisteoirí. Is treise an gá sin le cóineasú idirnáisiúnta toisc na dóchúlachta go bhféadfadh sé, i ndiaidh athchóiriú struchtúrach earnáil bhaincéireachta an Aontais, go mbogfadh gníomhaíochtaí, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann bainc thraidisiúnta faoi láthair, chuig an earnáil scáthbhaincéireachta agus go gcuimseoidís eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh ní ba lú trédhearcachta a bheith ann le haghaidh rialtóirí agus maoirseoirí i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin, rud a chuirfeadh cosc orthu forléargas ceart a fháil ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús. Ní dhéanfadh an méid sin ach cor chun donais a chur sna naisc atá seanbhunaithe cheana idir an earnáil bhaincéireachta atá rialáilte agus an earnáil scáthbhaincéireachta i margaí áirithe.

(7)Chun freagra a thabhairt ar na saincheisteanna a d'ardaigh moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais agus na forbairtí atá beartaithe i ndiaidh athchóiriú struchtúrach earnáil bhaincéireachta an Aontais, is dóchúil go nglacfadh na Ballstáit bearta náisiúnta a bheadh éagsúil ó chéile agus a d'fhéadfadh bacainní a chur ar fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do rannpháirtithe margaidh agus do chobhsaíocht airgeadais. Thairis sin, de dheasca easpa rialacha comhchuibhithe maidir le trédhearcacht is deacair d'údaráis náisiúnta na sonraí micrileibhéil a thagann ó Bhallstáit éagsúla a chur i gcomparáid agus dá bhrí sin is deacair dóibh tuiscint a fháil ar na fíor-rioscaí don chóras ó rannpháirtithe margaidh ar leith. Dá bhrí sin is gá cosc a chur ar shaobhadh agus ar bhaicinní den sórt sin a theacht chun cinn san Aontas. Dá réir sin, ba cheart Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bheith mar bhunús dlí iomchuí an Rialacháin seo, arna léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(8)Dá bhrí sin, leis na rialacha nua maidir le trédhearcacht, déantar foráil maidir le tuairisciú mionsonraí i dtaobh idirbheart maoinithe urrús arna dtabhairt i gcrích ag na rannpháirtithe margaidh uile, bíodh siad ina neintitis airgeadais nó neamhairgeadais, lena náirítear comhdhéanamh na comhthaobhachta bunúsaí, má tá an chomhthaobhacht bhunúsach ar fáil le húsáid nó má úsáideadh í, agus caolchorrlaigh curtha i bhfeidhm. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart na costais oibriúcháin faoi seach ar rannpháirtithe margaidh a íoslaghdú agus, dá bhrí sin, ba cheart go dtógfadh na rialacha nua ar bhonneagair agus ar phróisis atá ann cheana. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an creat dlí seo, a mhéid is féidir, comhionann le creat dlí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 maidir le conarthaí díorthach a thuairisciú chuig stórtha trádála atá cláraithe chun na críche sin. Ba cheart, freisin, go gcuirfeadh sé sin ar chumas stórtha trádála atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012/CE an fheidhm stóir atá sannta ag na rialacha nua a chomhlíonadh, má chomhlíonann siad critéir bhreise áirithe.

(9)Dá thoradh sin, na rioscaí a bhaineann go dlúth le margaí maoinithe urrús, déanfar faisnéis fúthu a stóráil go lárnach agus beidh rochtain éasca dhíreach uirthi, i measc dreamanna eile, ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), ag na húdaráis inniúla ábhartha, ag BERS agus ag na bainc cheannais ábhartha den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), lena náirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE), chun críche sainaitheanta agus faireacháin maidir le rioscaí cobhsaíochta a leanann gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta eintiteas rialtáilte agus neamhrialáilte. Na caighdeáin atá ann cheana a leagadh síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012/CE agus rialáil stórtha trádála le haghaidh conarthaí díorthach agus a bhforbairtí sa todhchaí, ba cheart do ÚEUM na nithe sin a chur san áireamh agus é ag tarraingt suas nó ag beartú athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus ba cheart é a bheith mar aidhm aige a áirithiú go bhfuil rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis uile is gá lena ndualgais a chur i gcrích ag na húdaráis inniúla ábhartha, ag BERS agus ag na bainc cheannais ábhartha den CEBC, lena náirítear an BCE.

(10)Gan dochar d'fhorálacha an dlí choiriúil nó an dlí cánach, níor cheart do na húdaráis inniúla, do ÚEUM, do chomhlachtaí ná do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Maidir le comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as cásanna drochriaracháin a chosc, a imscrúdú nó a cheartú, áfach, níor cheart go ndéanfadh an méid seo cosc a chur orthu a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(11)Baineann bainisteoirí cistí úsáid go forleathan as idirbhearta maoinithe urrús chun a bpunann a bhainistiú go héifeachtúil. Is féidir leis an úsáid sin tionchar suntasach a imirt ar fheidhmíocht na gcistí sin. Is féidir iad a úsáid chun cuspóirí infheistíochta a bhaint amach nó chun torthaí a fheabhsú. Tá an deis ag bainisteoirí freisin struchtúir maoiniúcháin eile a úsáid a bhfuil éifeachtaí acu atá coibhéiseach le hidirbhearta maoinithe urrús. I measc na struchtúr maoiniúcháin eile sin tá babhtálacha an toraidh iomláin, babhtálacha leachtachta nó babhtálacha comhthaobhachta. Baineann bainisteoirí cistí úsáid fhairsing astu freisin chun neamhchosaint a fháil ar straitéisí áirithe nó chun torthaí a fheabhsú. Tá idirbhearta maoinithe urrús agus struchtúir maoiniúcháin eile cosúil le chéile sa mhéid go méadaíonn siad próifíl riosca ghinearálta an chiste ach ní iomchuí mar a chuirtear infheisteoirí ar an eolas faoina núsáid. Tá sé sár-riachtanach a áirithiú go bhfuil infheisteoirí i gcistí den sórt sin in ann roghanna a dhéanamh go heolasach agus measúnú a dhéanamh ar an bpróifíl fhoriomlán riosca agus cúitimh atá ag na cistí.

(12)Is féidir le hinfheisteoir caillteanas suntasach a thabhú de dheasca infheistíochtaí a rinneadh ar bhonn faisnéise neamhiomláine nó míchruinne maidir le straitéis infheistíochta ciste. Dá bhrí sin, tá sé bunriachtanach go nochtfadh cistí infheistíochta an fhaisnéis ábhartha uile i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as idirbhearta maoinithe urrús. Thairis sin, baineann tábhacht ar leith le trédhearcacht iomlán i réimse na gcistí infheistíochta ós rud é nach le bainisteoirí an chiste ach le hinfheisteoirí sa chiste iomlán na sócmhainní atá faoi réir idirbheart maoinithe urrús. Gléas ríthábhachtach is ea nochtadh iomlán idirbheart maoinithe urrús mar chosaint ar choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann.

(13)Tá dlúthbhaint ag na rialacha nua maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile le Treoir 2009/65/CE 13 agus le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 ós rud é gurb iad an creat dlí iad lena rialaítear bunú, bainistiú agus margú gnóthas comhinfheistíochta.

(14)Féadfaidh gnóthais chomhinfheistíochta feidhmiú mar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) arna mbainistiú ag bainisteoirí GCUInna nó ag cuideachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE nó mar chistí infheistíochta malartacha (CIManna) arna mbainistiú ag bainisteoirí CIManna atá údaraithe nó cláraithe faoi Threoir 2011/61/CE. Comhlánaíonn na rialacha nua seo maidir le trédhearcacht forálacha na dTreoracha sin. Dá réir sin, na rialacha nua aonfhoirmeacha maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile, ba cheart feidhm a bheith acu de bhreis ar na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE.

(15)Chun a chur ar chumas infheisteoirí a bheith ar an eolasfaoi na rioscaí a bhaineann le húsáid idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile, ba cheart do bhainisteoirí cistí faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le haon úsáid a bhaineann siad as na teicnící sin, i dtuarascálacha tráthrialta. Na tuarascálacha tráthrialta atá ar bhainisteoirí GCUInna nó cuideachtaí infheistíochta agus bainisteoirí CIManna a sholáthar faoi láthair, ba cheart iad a chomhlánú leis an bhfaisnéis bhreise faoi úsáid idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile.

(16)Ba cheart beartas infheistíochta ciste i dtaobh idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile a nochtadh go soiléir sna doiciméid réamhchonartha, amhail an réamheolaire i gcás cistí GCUInna agus an nochtadh réamhchonartha d'infheisteoirí i gcás CIManna. Ba cheart a áirithiú leis sin go dtuiginn infheisteoirí, sula gcinnfidh siad infheistiú in GCUI agus in CIM ar leith, na rioscaí ar dlúthcuid de iad.

(17)Soláthraíonn athfhiachurrú leachtacht agus cuireann sé ar chumas do chontrapháirtithe costais maoiniúcháin a laghdú. Cruthaíonn sé slabhraí casta comhthaobhachta, áfach, idir an bhaincéireacht thraidisiúnta agus an scáthbhaincéireacht, agus baineann rioscaí do chobhsaíocht airgeadais leis sin. De dheasca na heaspa trédhearcachta i dtaobh an méid athfhiachurraithe atá déanta ar ionstraimí airgeadais atá tugtha mar chomhthaobhacht agus i dtaobh na rioscaí a ghabhann leo i gcás féimheachta, is féidir an bonn a bhaint de mhuinín contrapháirtithe agus na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a mhéadú go mór.

(18)Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le faisnéis do chontrapháirithe i dtaobh athfhiachurrú, ar rialacha iad nár cheart dóibh dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha earnálacha atá oiriúnaithe do ghníomhairí, do struchtúir agus do chásanna sonracha. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le hathfhiachurrú dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith acu ar chistí agus ar thaisclanna, mar shampla, ach sa mhéid nach bhforáiltear maidir le haon rialacha níos déine i ndáil le hathúsáid faoin gcreat do chistí infheistíochta ar lex specialis é agus ag a bhfuil tosaíocht ar na rialacha atá sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d'aon riail a chuireann sriain ar chumas contrapháirtithe athfhiachurrú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais atá tugtha mar chomhthaobhacht ag contrapháirtithe nó ag daoine eile nach contrapháirtithe iad.

(19)Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh contrapháirtithe na hoibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo agus lena áirithiú go mbeidh siad faoi réir cóireála inchomparáide ar fud an Aontais, ba cheart smachtbhannaí agus bearta riaracháin atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin atá leagtha síos sa Rialachán seo ceanglais sár-riachtanacha áirithe a shásamh i ndáil le seolaithe, critéir atá le cur san áireamh agus smachtbhanna nó beart á chur i bhfeidhm, foilsiú smachtbhannaí nó beart, príomhchumhachtaí smachtbhannaí agus leibhéil smachtbhannaí riaracháin airgid. Is iomchuí feidhm a bheith ag bearta agus smachtbhannaí a leagtar síos faoi Threoir 2009/65/CE agus faoi Threoir 2011/61/AE maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí i dtaca le trédhearcacht cistí infheistíochta faoin Rialachán seo.

(20)Leis na caighdeáin theicniúla in earnáil na seirbhísí airgeadais ba cheart go náiritheofaí comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe aige, is éifeachtúil agus is iomchuí é forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme, nach bhfuil baint acu le roghanna beartais, a chur mar chúram ar ÚEUM. Ba cheart do ÚEUM próisis riaracháin agus tuairiscithe éifeachtúla a áirithiú agus caighdeáin theicniúla á ndréachtú aige. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 sna réimsí seo a leanas: mionsonraí na gcineálacha éagsúla idirbheart maoinithe urrús, mionsonraí an iarratais ar chlárú stóir trádála, agus an mhinicíocht agus na mionsonraí a bhaineann le foilsiú sonraí stórtha trádála agus le rochtain orthu.

(21)Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚEUM trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le formáid agus minicíocht na dtuarascálacha, formáid an iarratais ar chlárú stóir trádála, chomh maith leis na nósanna imeachta agus formáidí chun faisnéis faoi smachtbhannaí a mhalartú le ÚEUM.

(22)Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú liosta na neintiteas ba cheart a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo chun a sheachaint go gcuirfí teorainn lena gcumas a gcúraimí comhleasa a dhéanamh; mionsonraí sonracha maidir le sainmhínithe; an cineál táillí, na hábhair a bhfuil táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an modh ina bhfuil siad le híoc ag stórtha trádála, agus leasú na hIarscríbhinne chun faisnéis faoi idirbhearta maoinithe urrús a thabhairt cothrom le dáta chomh maith le struchtúir maoiniúcháin eile agus faisnéis d'infheisteoirí. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(23)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh maidir le measúnú rialacha ó thríú tíortha chun críocha stórtha trádála tríú tíortha a aithint.

(24)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí trédhearcacht gníomhaíochtaí margaidh áirithe, amhail idirbhearta maoinithe urrús, athfhiachurrú agus, más iomchuí, struchtúir maoiniúcháin eile, a áirithiú agus é a dhéanamh indéanta na rioscaí a ghabhann leo do chobhsaíocht airgeadais a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(25)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart meas a bheith ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ceart na cosanta agus urramú an phrionsabail ne bis in idem, an tsaoirse gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil. Ní foláir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm de réir na gceart agus na bprionsabal sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús, struchtúr maoiniúcháin eile agus athfhiachurraithe.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)contrapháirtí in idirbheart maoinithe urrús atá bunaithe:

(1)san Aontas, lena náirítear a bhrainsí go léir is cuma cá háit a bhfuil siad lonnaithe;

(2)i dtríú tír, má thugtar an tidirbheart maoinithe urrús chun críche le linn oibríochtaí de chuid brainse atá san AE;

(b)cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe ("GCUInna") agus cuideachtaí infheistíochta in GCUInna i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

(c)bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;

(d)contrapháirtí atá ag gabháil d'athfhiachurrú agus atá bunaithe:

(1)san Aontas, lena náirítear a bhrainsí go léir is cuma cá háit a bhfuil siad lonnaithe;

(2)i dtríú tír, i gceachtar den dá chás a leanas:

(i.)déantar an tathfhiachurrú le linn oibríochtaí de chuid brainse atá san AE;

(ii)baineann an tathfhiachurrú le hionstraimí airgeadais arna gcur ar fáil mar chomhthaobhacht ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas nó ag brainse atá san AE de chuid contrapháirtí atá bunaithe i dtríú tír.

2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(e)baill den Chóras Eorpach Banc Ceannais agus comhlachtaí eile de chuid na mBallstát a dhéanann feidhmeanna comhchosúla agus comhlachtaí poiblí eile de chuid an Aontais a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idirghabháil a dhéanamh maidir leis;

(f)an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta.

3.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun leasú a dhéanamh ar an liosta atá leagtha amach i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn "stór trádála" duine dlítheanach a dhéanann taifid ar idirbhearta maoinithe urrús a bhailiú agus a choimeád go lárnach;

2.ciallaíonn "contrapháirtithe" '"contrapháirtithe airgeadais" agus "contrapháirtithe neamhairgeadais" mar a shainmhínítear i bpointe (8) agus i bpointe (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ciallaíonn sé "contrapháirtithe lárnacha", leis, mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

3.ciallaíonn "bunaithe":

(a)más duine nádúrtha an contrapháirtí, ceannoifig a bheith aige;

(b)más duine dlítheanach an contrapháirtí, oifig chláraithe a bheith aige;

(c)mura bhfuil aon oifig chláraithe, faoin dlí náisiúnta, ag an gcontrapháirtí, ceannoifig a bheith aige;

4.ciallaíonn "brainse" áit a ndéantar gnó seachas an cheannoifig agus ar cuid de chontrapháirtí é agus nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aige;

5.ciallaíonn ''iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí'' agus ''iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí'' aon idirbheart ina naistríonn contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí faoi réir gealltanais go dtabharfaidh an tiasachtaí urrúis nó tráchtearraí coibhéiseacha ar ais ar dháta sa todhchaí nó nuair a iarrfaidh an taistreoir air é, ar idirbheart é a mheastar a bheith ina iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí i gcás an chontrapháirtí atá ag aistriú na nurrús nó na dtráchtearraí agus a mheastar a bheith ina iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí i gcás an chontrapháirtí a bhfuil na rudaí sin á naistriú chuige;

6.ciallaíonn ''idirbheart maoinithe urrús'':

''idirbheart athcheannaigh'' mar a shainmhínítear i bpointe (83) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

''iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí'' agus ''iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí;''

   aon idirbheart ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach eacnamaíoch agus a bhfuil rioscaí den chineál céanna ag dul leis, go háirithe idirbheart ceannaighaisdhíola nó idirbheart aisdhíola;

7.ciallaíonn ''athfhiachurrú'' an úsáid a bhaineann contrapháirtí glactha as ionstraimí airgeadais a fhaigheann sé mar chomhthaobhacht ina ainm féin agus dá chuntas féin nó do chuntas contrapháirtí eile;

8.ciallaíonn ''ionstraimí airgeadais'' ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i gCuid C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

9.ciallaíonn ''struchtúir maoiniúcháin eile'' aon ionstraimí nó aon bhearta ag a bhfuil a néifeachtaí coibhéiseach le héifeachtaí idirbhirt maoinithe urrús;

10.ciallaíonn ''tráchtearra'' tráchtearra mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún.

D'fhonn forás chleachtais an mhargaidh agus forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 maidir le bearta a mbeidh d'aidhm leo tuilleadh sonrú a dhéanamh i leith na gcineálacha idirbheart a bhfuil a néifeacht eacnamaíoch coibhéiseach le héifeacht eacnamaíocht idirbheart maoinithe urrús agus na rioscaí atá ag baint leo cosúil leis na rioscaí a bhíonn ag baint le hidirbhearta maoinithe urrús mar a leagtar amach i bpointe (6).

Caibidil II

Trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús

Airteagal 4

Oibleagáidí tuairiscithe agus caomhnaithe maidir le hidirbhearta maoinithe urrús

1.Déanfaidh contrapháirtithe in idirbhearta maoinithe urrús mionsonraí idirbhearta den chineál sin a thuairisciú do stór trádála atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 19. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an tidirbheart a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le hidirbhearta maoinithe urrús:

(a)a cuireadh i gcrích roimh an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 29 agus atá fós ann an dáta sin;

(b)a chuirtear i gcrích tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 29.

Contrapháirtí atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe, féadfaidh sé tuairisciú mionsonraí idirbheart maoinithe urrús a tharmligean.

2.Coimeádfaidh contrapháirtithe taifead d'aon idirbheart maoinithe urrús atá curtha i gcrích, modhnaithe nó foirceanta acu go ceann deich mbliana ar a laghad tar éis fhoirceannadh an idirbhirt.

3.I gcás nach mbeidh stór trádála ar fáil chun mionsonraí idirbheart maoinithe urrús a thaifeadadh, áiritheoidh na contrapháirtithe go ndéanfar na mionsonraí sin a thuairisciú don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM).

Sna cásanna sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar mhionsonraí uile idirbheart maoinithe urrús a theastaíonn uathu chun a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe féin a chomhlíonadh.

4.Urramóidh stórtha trádála agus ÚEUM na coinníollacha ábhartha maidir le rúndacht, sláine agus cosaint faisnéise a fhaigheann siad faoin Airteagal seo, coinníollacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go háirithe. Déanfar tagairtí san Airteagal sin d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus do 'conarthaí díorthach', déanfar iad a léamh mar thagairtí d'Airteagal 4 den Rialachán seo agus do 'idirbhearta maoinithe urrús' faoi seach. 

5.Contrapháirtí a thuairiscíonn mionsonraí idirbhirt maoinithe urrús do stór trádála nó do ÚEUM, nó eintiteas a thuairiscíonn mionsonraí den sórt sin thar ceann contrapháirtí, ní mheasfar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag conradh nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.

6.Ní bheidh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe ná ar a stiúrthóirí ná ar a fhostaithe de dhroim an nochta sin.

I gcásanna nach mór mionsonraí idirbhirt maoinithe urrús a thuairisciú do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ina bhfuil na mionsonraí dá dtagraitear i mír 1 den Airteagal seo le fáil sa tuarascáil sin, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid tuairiscithe atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo.

7.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na mionsonraí maidir leis na cineálacha éagsúla idirbheart maoinithe urrús i gceist agus sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)na páirtithe san idirbheart maoinithe urrús agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na noibleagáidí a eascraíonn as;

(b)príomhshuim, airgeadra, sórt, cineál agus luach na comhthaobhachta, an modh a úsáideadh chun comhthaobhacht a sholáthar, an áit inar féidir é a athfhiachurrú, cé acu a rinneadh é a athfhiachurrú nó nach ndearnadh, aon athsholáthar comhthaobhachta a rinneadh, an ráta athcheannaigh nó an táille iasachta, an contrapháirtí, an bearradh, an dáta luacha, an dáta aibíochta agus an chéad dáta inghlaoite.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoi cheann [12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 a áirithiú, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 maidir leis na cineálacha éagsúla idirbheart maoinithe urrús i gceist;

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoi cheann [12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil III

Stór trádála a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh air

Airteagal 5

Stór trádála a chlárú

1.Is de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo a chláróidh stór trádála le ÚEUM chun críocha Airteagal 4.

Chun a bheith incháilithe le clárú faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór trádála duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Déanfar tagairtí d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a léamh mar thagairt d'Airteagal 4 den Rialachán seo.

2.Beidh éifeacht le clárú stóir thrádála i gcríoch an Aontais ina iomláine.

3.Comhlíonfaidh stór trádála cláraithe na coinníollacha clárúcháin i gcónaí. Déanfaidh stór trádála, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha clárúcháin.

4.Cuirfidh stór trádála iarratas ar chlárú faoi bhráid ÚEUM.

5.Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an tiarratas a fháil, measfaidh ÚEUM an bhfuil an tiarratas comhlánaithe. I gcás nach bhfuil an tiarratas comhlánaithe, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar roimhe. Tar éis do ÚEUM a chinneadh go bhfuil iarratas comhlánaithe, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.

6.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar mionsonraí an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoi cheann [12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoi cheann [12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú

(1)Más eintiteas atá cláraithe nó údaraithe ag údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe an stór trádála a bhfuil iarratas ar chlárú á dhéanamh aige, déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil sin agus rachaidh sé i gcomhairle leis sula gclárófar an stór trádála.

(2)Malartóidh ÚEUM agus an túdarás inniúil ábhartha gach faisnéis is gá chun an stór trádála a chlárú mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a mhéad atá an teintiteas ag comhlíonadh coinníollacha maidir le clárú agus údarú sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 7

Scrúdú an iarratais

(1)Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 40 lá oibre tar éis an fógra a fháil dá dtagraítear in Airteagal 5(5), scrúdú ar an iarratas ar chlárú ar bhonn chomhlíonadh an stóir trádála leis an gCaibidil seo agus glacfaidh sé cinneadh lánréasúnaithe maidir leis an gclárú, nó déanfaidh sé cinneadh ag diúltú an chláraithe.

(2)Beidh feidhm ag cinneadh arna eisiúint ag ÚEUM de bhun mhír 1 an cúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt faoi chinntí ó ÚEUM maidir le clárú

(1)I gcás ina nglacfaidh ÚEUM cinneadh clárú a dhéanamh, nó cinneadh clárú a dhiúltú nó a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra ina thaobh don stór trádála laistigh de chúig lá oibre, fógra a mbeidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh ag gabháil leis.

Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) faoina chinneadh.

(2)Cuirfidh ÚEUM aon chinneadh a ghlacfar i gcomhréir le mír 1 in iúl don Choimisiún.

(3)Foilseoidh ÚEUM liosta ar a shuíomh gréasáin de na stórtha trádála atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar an liosta sin a nuashonrú laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi mhír 1.

Airteagal 9

Cumhachtaí ÚEUM

(1)Déanfar na cumhachtaí arna dtabhairt do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagail 61 go 68, Airteagal 73 agus Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo chomh maith.

Déanfar tagairtí d'Airteagal 81(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a léamh mar thagairtí d'Airteagal 12(1) agus d'Airteagal 12(2) den Rialachán seo faoi seach.

(2)Na cumhachtaí arna dtabhairt do ÚEUM, nó d'aon oifigeach nó d'aon duine eile atá údaraithe ag ÚEUM faoi Airteagal 61 go hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 10

Clárú a tharraingt siar

1.Gan dochar d'Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh ÚEUM clárú stóir thrádála a tharraingt siar sna cásanna a leanas:

(a)tugann an stór trádála suas an clárú go sainráite nó tá sé gan aon seirbhísí a sholáthar le sé mhí anuas;

(b)ghnóthaigh an stór trádála an clárú trí ráitis bréige a dhéanamh nó trí aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)ní chomhlíonann an stór trádála na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh;

2.Déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) faoi chinneadh clárú stóir thrádála a tharraingt siar.

3.Má mheasann an túdarás inniúil i mBallstát ina soláthraíonn an stór trádála a sheirbhísí agus ina mbíonn sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé iarraidh ar ÚEUM féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú an stóir thrádála lena mbaineann a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir thrádála lena mbaineann a tharraingt siar, luafaidh sé gach cúis leis sin.

4.Is é an túdarás arna ainmniú faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh san údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 11

Táillí maoirseachta

1.Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus clúdóidh siad an caiteachas riachtanach ar fad a bheidh ag ÚEUM maidir le clárú agus maoirseacht stórtha trádála maille le haisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú de dhroim obair a thiocfadh as an Rialachán seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9(1) in éineacht le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Déanfar tagairtí d'Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a léamh mar thagairt do mhír 2 den Airteagal seo.

2.Cumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú a thuilleadh.

Airteagal 12

Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí

1.Foilseoidh stór trádála go tráthrialta suímh chomhiomlána de réir chineál na nidirbheart maoinithe urrús a thuairiscítear dó, agus beidh teacht gan dua ar an bhfaisnéis sin a fhoilseoidh siad.

2.Déanfaidh stór trádála mionsonraí idirbheart maoinithe urrús a bhailiú agus a choinneáil agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain dhíreach láithreach ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ag an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde ar na mionsonraí sin le go mbeidh sé ar a gcumas acu uile a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe féin a chomhlíonadh.

3.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais, agus riachtanais na neintiteas dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:

(a)minicíocht agus mionsonraí na suímh chomhiomlána dá dtagraítear i mír 1 agus mionsonraí na nidirbheart maoinithe urrús dá dtagraítear i mír 2;

(b)na caighdeáin oibriúcháin is gá chun sonraí ó stórtha éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid le chéile;

(c)mionsonraí na faisnéise ar a bhfuil rochtain ag na heintitis dá dtagraítear i mír 2.

Áireofar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin nach mbeifear in ann aon pháirtí in idirbheart maoinithe urrús a aithint ón bhfaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoi cheann [12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil IV

Infheisteoirí agus trédhearcacht

Airteagal 13

Trédhearcacht ciste infheistíochta i dtuarascálacha tréimhsiúla

1.Déanfaidh cuideachtaí bainistíochta GCUInna, cuideachtaí infheistíochta ar GCUInna iad agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a gcuid infheisteoirí a chur ar an eolas faoin úsáid a bhaineann siad as idirbhearta maoinithe urrús agus as struchtúir maoiniúcháin:

(a)Cuirfidh cuideachtaí bainistíochta nó infheistíochta ar GCUInna iad an fhaisnéis sin ar áireamh lena dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE;

(b)Cuirfidh bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha an fhaisnéis sin ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE.

2.San fhaisnéis maidir le hidirbhearta maoinithe urrús agus maidir le struchtúir maoiniúcháin eile, beidh, ar a laghad, na sonraí dá bhforáiltear i gCuid A den Iarscríbhinn.

3.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun Chuid A den Iarscríbhinn a leasú d'fhonn forás chleachtais an mhargaidh agus forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh.

Airteagal 14

Trédhearcacht ciste infheistíochta i gcáipéisí réamhinfheistíochta

1.Sa réamheolaire maidir le GCUInna dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE, agus sa nochtadh d'infheisteoirí ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 24 (1) agus (3) de Threoir 2011/61/AE sonrófar na hidirbhearta maoinithe urrús agus na struchtúir maoiniúcháin eile a mbeidh údarás lena núsáid ag cuideachtaí bainistíochta nó infheistíochta ar GCUInna iad agus ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha faoi seach, agus beidh ráiteas soiléir ann chomh maith go mbaintear úsáid as na teicnící sin.

2.Sa réamheolaire agus sa nochtadh faisnéise d'infheisteoirí dá dtagraítear i mír 1, beidh, ar a laghad, na sonraí dá bhforáiltear i gCuid B den Iarscríbhinn.

3.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 lena leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn d'fhonn forás chleachtais an mhargaidh agus forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh.

Caibidil V

Trédhearcacht maidir le hathfhiachurrú

Airteagal 15

Athfhiachurrú ionstraimí airgeadais arna bhfáil mar chomhthaobhacht

1.Beidh ceart athfhiachurraithe ag contrapháirtithe i gcás ina gcomhlíontar ar a laghad na coinníollacha go léir a leanas:

(a)chuir an contrapháirtí glactha an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas go cuí i scríbhinn faoi na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an deonú toilithe dá dtagraítear i bpointe (b), na rioscaí a d'fhéadfadh teacht as mainneachtain an chontrapháirtí ghlactha go háirithe:

(b)thug an contrapháirtí soláthraithe a thoiliú sainráite roimh ré, rud a bhfuil síniú an chontrapháirtí soláthraithe le comhaontú scríofa, nó sásra coibhéiseach eile, mar fhianaise air

2.Feidhmeoidh contrapháirtithe a gceart chun athfhiachurraithe i gcás ina gcomhlíontar ar a laghad na coinníollacha go léir a leanas:

(a)déantar an tathfhiachurrú i gcomhréir leis na téarmaí a shonraítear sa chomhaontú scríofa dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(b)aistrítear na hionstraimí airgeadais arna bhfáil mar chomhthaobhacht chuig cuntas a osclaíodh in ainm an chontrapháirtí ghlactha.

3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do reachtaíocht earnála níos déine, Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE go háirithe.

Caibidil VI

Maoirseacht agus údaráis inniúla

Airteagal 16

Ainmniú údarás inniúil agus na cumhachtaí a bheidh acu

1.Chun críche an Rialacháin seo, is éard a bheidh in údaráis inniúla:

(a)maidir le contrapháirtithe airgeadais, na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (8) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b)maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais, na húdaráis inniúla a ainmnítear in Airteagal 10(5) de Rialachán (AE) Uimh 648/2012;

(c)maidir le contrapháirtithe lárnacha, na húdaráis inniúla a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 648/2012;

(d)maidir le taisclanna lárnacha urrús, na húdaráis inniúla a ainmnítear i gcomhréir leis [an Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús];

(e)maidir le cistí infheistíochta, na húdaráis inniúla a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE.

2.Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus déanfaidh siad maoirseacht ar chomhlíonadh na noibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán seo.

3.Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo faireachán ar GCUInna nó ar chistí infheistíochta malartacha atá bunaithe nó a mhargaítear ar a gcríocha chun a fhíorú nach mbaineann siad úsáid as idirbhearta maoinithe urrús agus struchtúir maoiniúcháin eile ach amháin má chomhlíonann siad Airteagal 13 agus Airteagal 14.

Airteagal 17

Comhar idir na húdaráis inniúla

1.Comhoibreoidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16 go dlúth le chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin chun críche a ndualgais de bhua an Rialacháin seo a dhéanamh, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a aithint agus a leigheas.

2.Comhoibreoidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16 go dlúth le baill ábhartha den Chóras Eorpach Banc Ceannais s iomchuí chun a ndualgais a dhéanamh, go háirithe maidir le hAirteagal 4.

Airteagal 18

Rúndacht ghairmiúil

1.Beidh an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil infheidhme maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh riamh do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12 (2) agus do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16, do ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC nó d'iniúchóirí agus saineolaithe faoi ordú na núdarás inniúil nó ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin agus iad i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine ná le húdarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achoimre nó chomhiomlán sa chaoi nach bhféadfaí contrapháirtí aonair, stór trádála ná aon duine eile a aithint, gan dochar do chásanna a chumhdaíonn an dlí coiriúil, an dlí cánachais nó an Rialachán seo.

2.Gan dochar do chásanna a chumhdaíonn an dlí coiriúil nó an dlí cánachais, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhaigheann faisnéis rúnda de bhua an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú agus chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh, i gcás údarás inniúil, laistigh de raon feidhm an Rialacháin seo, nó i gcás údarás, comhlachtaí nó daoine nadúrtha nó dlítheanacha eile, chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó chun an dá chríoch sin. I gcás ina dtugann ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, an túdarás inniúil nó údarás, comhlacht nó duine eile a bhfuil faisnéis á soláthar acu toiliú leis, féadfaidh an túdarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críocha neamhthráchtála eile.

3.Aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo, beidh sí faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 2. Mar sin féin, ní chuirfidh na coinníollacha sin bac ar ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, na húdaráis inniúla, ná ar na bainc ceannais iomchuí faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa, cistí pinsean, idirghabhálaithe árachais agus athárachais, gnóthais árachais, margaí rialaithe nó oibreoirí margaidh nó ar shlí eile le toiliú an údaráis inniúil nó an údaráis, an chomhlachta nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh eile a chuir an fhaisnéis sin in iúl.

4.Ní chuirfidh mír 1 agus mír 2 bac ar na húdaráis inniúla maidir le faisnéis rúnda a mhalartú nó a thraschur, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar faisnéis í nach bhfuarthas ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile.

Caibidil VII

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 19

Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála

1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear go gcomhlíonann socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha an Rialacháin seo.

2.Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí ná a ghníomhaíochtaí a sholáthar d'eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 4 go dtí go mbeidh aitheantas tugtha ag ÚEUM dó i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.

3.Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 2 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena náirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go bhfuil an stór trádála údaraithe agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht éifeachtach i dtríú tír a chomhlíonann na critéir go léir a leanas:

(a)tá sé aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidmithe aici;

(b)tá comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)tá socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 lena áirithiú go bhfuil rochtain láithreach agus sheasta ag údaráis an Aontais, lena náirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá.

Déanfar tagairtí do 'conarthaí díorthach' in Airteagal 75(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a léamh mar thagairtí d'idirbhearta maoinithe urrús chun críche an Rialacháin seo.

4.Laistigh de 30 lá oibre tar éis dó an tiarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar roimhe.

5.Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a chuirtear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir cé acu ar deonaíodh an taitheantas nó ar diúltaíodh é, agus beidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh ag gabháil leis.

6.Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta de na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

7.De mhaolú ar phointe (b) agus ar phointe (c) de mhír 3, i gcás ina bhfuil rochtain dhíreach, láithreach d'údaráis ábhartha an Aontais ar na sonraí a theastaíonn uathu chun a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe a chomhlíonadh, sonraí atá ar fáil i stórtha trádála atá cláraithe nó bunaithe i dtríú tíortha, i gcás ina bhfuil sin áirithe trí bhíthin oibleagáid atá ceangailteach agus infheidhmithe ar na stórtha trádála sin, féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a chur i gcrích le húdaráis ábhartha an tríú tír maidir le rochtain chomhpháirteach ar fhaisnéis maidir le hidirbhearta maoinithe urrús atá i stórtha trádála atá bunaithe sa tríú tír sin agus maidir le malartú na faisnéise sin, ar an gcoinníoll gur féidir rúndacht ghairmiúil a ráthú, lena náirítear cosaint rún gnó a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe.

8.Féadfaidh ÚEUM socruithe comhair a bhunú leis na húdaráis ábhartha tríú tíortha faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d'fhonn socruithe comhair a bhunú maidir le rochtain a chur ar fáil ar fhaisnéis maidir le hidirbhearta maoinithe urrús atá i stórtha trádála an Aontais. Déanfar tagairtí do 'conarthaí díorthach' in Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a léamh mar thagairtí d'idirbhearta maoinithe urrús chun críche an Rialacháin seo.

Caibidil VIII

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

Airteagal 20

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

1.Gan dochar d'Airteagal 25 ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus forchur na smachtbhannaí sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir leis na sáruithe a leanas ar a laghad:

(a)sárú ar an oibleagáid tuairiscithe atá leagtha amach in Airteagal 4.

(b)sárú ar Airteagal 15.

I gcás ina bhfuil feidhm maidir le daoine dlítheanach ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit, i gcás sáruithe, foráil maidir le cur ar a gcumas d'údaráis inniúla smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistíochta, agus ar dhaoine aonaracha eile atá faoi réir an dlí náisiúnta agus atá freagrach as an sárú.

2.Beidh na smachtbhannaí agus bearta riaracháin a fhorchuirfear chun críche mhír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.I gcás ina dtograíonn Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaca le sárú ar na forálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm sa chaoi go bhfuil na cumhachtaí ar fad is gá ag údaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis breithiúnacha ina ndlínse féin ar mhaithe le faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí a cuireadh ar bun i dtaca le sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 4 agus Airteagal 15, agus ar mhaithe leis na nithe céanna a chur ar fáil d'údaráis inniúla eile agus do ÚEUM chun a noibleagáid maidir le comhoibriú le chéile a chomhlíonadh, agus do ÚEUM chun críocha mhír 1 den Airteagal seo nuair is iomchuí.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile maidir le feidhmiú a gcumhachtaí pionós a ghearradh.

4.Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt d'udaráis inniúla chun na smachtbhannaí agus bearta riaracháin agus bearta eile a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a)ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil di arís;

(b)forghéilleadh na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(c)rabhadh poiblí ina luaitear an té atá freagrach as an sárú, agus cineál an tsáraithe;

(d)tarraingt siar nó cur ar fionraí an údaraithe;

(e)toirmeasc sealadach, nó i gcás sáruithe tromchúiseacha agus sáruithe a dhéantar arís is arís eile, toirmeasc buan, ar aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach as sárú, feidhmeanna bainistíochta a dhéanamh.

(f)toirmeasc sealadach, nó i gcás sáruithe tromchúiseacha agus sáruithe a dhéantar arís is arís eile, toirmeasc buan, ar aon duine atá ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó aon duine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach, a bheith ag déileáil ar a gcuntas féin.

(g)uassmachtbhannaí riaracháin airgid dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh;

(h)maidir le duine nádúrtha, uassmachtbhanna riaracháin airgid EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(i)maidir le daoine dlítheanacha, uassmachtbhannaí riaracháin airgid dar luach 10% ar a laghad de láimhdeachas iomlán bliantúil an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá faofa ag an gcomhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de réir Threoir 2013/34/AE 16 , is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá faofa ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cumhachtaí de bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa mhír seo a thabhairt d'údaráis inniúla agus maidir le raon níos leithne smachtbhannaí agus leibhéil níos airde smachtbhannaí ná mar atá leagtha síos sa mhír seo.

5.Ní dhéanfaidh sárú ar na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 4 aon difear do bhailíocht téarmaí idirbhirt maoinithe urrús ná don deis atá ag na páirtithe téarmaí idirbhirt maoinithe urrús a fhorfheidhmiú. Ní bheidh mar thoradh ar shárú ar na rialacha a shainmhínítear in Airteagal 4 an ceart a thabhairt cúiteamh a fháil ó pháirtí in idirbheart maoinithe urrús.

6.Faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1, mír 3 agus mír 4 a thabhairt don Choimisiún agus do ÚEUM. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ÚEUM gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu.

Airteagal 21

Cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a fheidhmiú

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin á gcinneadh acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena náirítear, más iomchuí, iad seo a leanas:

(a)a thromchúisí atá an sárú, agus fad an tsáraithe;

(b)méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c)láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, trí fhachtóirí éagsúla a chur san áireamh, e.g. láimhdeachas iomlán i gcás duine dhlítheanaigh, nó ioncam bliantúil i gcás duine nádúrtha;

(d)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá féachaint chuig aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó na gcaillteanas a sheachain sé;

(f)sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;

(g)bearta arna ndéanamh ag an duine atá freagrach as an sárú ionas nach dtarlóidh an sárú arís.

Airteagal 22

Sáruithe a thuairisciú

1.Cuirfidh na húdaráis inniúla sásra éifeachtach ar bun chun go bhféadfar sáruithe iarbhír nó ionchais ar Airteagal 4 agus Airteagal 15 a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

2.Beidh an méid a leanas ar a laghad ina chuid den sásra dá dtagraítear i mír 1:

(a)nósanna imeachta sonracha maidir le tuairiscí ar sháruithe agus ar a ndearnadh ina leith a ghlacadh, lena náirítear bealaí cumarsáide slán a bhunú le haghaidh tuairiscí den chineál sin;

(b)cosaint iomchuí do dhaoine atá ag obair ar conradh agus a thuairiscíonn sáruithe nó a gcuirtear sáruithe ina leith, cosaint ar an bhfrithbheartaíocht, ar an idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir neamhchothrom.

(c)cosaint sonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn an sárú agus an duine nádúrtha a rinne an sárú atá líomhnaithe, lena náirítear cosaint maidir le haitheantas an duine sin a choimeád faoi rún, ag gach céim den nós imeachta gan dochar do nochtadh faisnéise a bheith ina cheangal faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó nósanna imeachta breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.Ceanglóidh na Ballstáit ar fhostóirí nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a chur ar bun le gur féidir lena bhfostaithe sáruithe ar Airteagal 4 agus Airteagal 15 a thuairisciú.

4.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí airgeadais a thabhairt do dhaoine a thugann faisnéis iomchuí maidir le sáruithe a d'fhéadfaí a bheith déanta ar an Rialachán seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach ann d’aon dualgas dlíthiúil ná conarthach ar na daoine sin cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus ar choinníoll gur faisnéis nua atá i gceist, agus go bhfuil forchur smachtbhanna nó beart riaracháin eile as sárú ar an Rialachán seo mar thoradh air.

Airteagal 23

Malartú faisnéise le ÚEUM

1.Gach bliain soláthróidh údaráis inniúla faisnéis chomhiomlánaithe do ÚEUM maidir leis na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin, agus na fíneálacha go léir atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 20. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

2.I gcás ina dtograíonn Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaobh sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 20, déanfaidh a núdaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha luaite leo maidir le gach imscrúdú coiriúil a rinneadh agus gach smachtbhanna coiriúil a forchuireadh a sholáthar do ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh a fhoilsiú ina thuarascáil bhliantúil. I gcás ina ndearna an túdarás inniúil bearta agus smachtbhannaí riaracháin, fíneálacha agus bearta eile, chomh maith le smachtbhannaí coiriúla a nochtadh don phobal, tabharfaidh sé fógra ina dtaobh do ÚEUM an tráth céanna.

3.I gcás ina ndéanann an túdarás inniúil beart nó smachtbhanna riaracháin, nó smachtbhanna coiriúil a nochtadh don phobal, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thuairisciú do ÚEUM an tráth céanna.

4.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann [12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 24

Cinntí a fhoilsiú

1.Faoi réir fhomhír 3 déanfaidh údaráis inniúla aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart eile maidir le sárú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 15, déanfaidh siad é a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin go díreach tar éis an duine atá faoi réir an chinnidh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh.

2.San fhaisnéis a fhoilseofar de bhun na chéad fhomhíreanna sonrófar cineál agus nádúr an tsáraithe ar a laghad, agus aitheantas an duine atá faoi réir an chinnidh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad ná ag an dara fomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaithe.

I gcás ina measann údarás inniúil, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar gach cás ar leith, go mbeadh sé díréireach aitheantas an duine dhlítheanaigh atá faoi réir an chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha a fhoilsiú, nó i gcás ina ndéanfadh an foilsiú sin imscrúdú atá ar bun nó cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i gcontúirt, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe a leanas:

(a)foilsiú an chinnidh a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do chúiseanna an iarchurtha sin;

(b)an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina náirithíonn foilsiú den sórt sin cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann agus, más iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnta i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh cúiseanna an fhoilsithe anaithnid de bheith ann le linn na tréimhse sin;

(c)ní fhoilseoidh siad an cinneadh i gcás ina bhfuil an túdarás inniúil faoin tuairim go mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) neamhleor leis na nithe seo a áirithiú:

(i.)nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; nó

(ii)comhréireacht foilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta. 

3.I gcás ina bhfuil an cinneadh faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach, riarachán náisiúnta nó údarás náisiúnta eile, foilseoidh údaráis inniúla faisnéis den sórt sin ar a suíomh gréasáin láithreach comh maith le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc. Fairis sin, foilseofar aon chinneadh lena gcuirfear cinneadh faoi réir achomhairc ar neamhní.

4.Áiritheoidh údaráis inniúla go mbeidh rochtain ar aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Coimeádfar na sonraí pearsanta sna cinntí sin ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil go ceann na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosanta sonraí.

Airteagal 25

Smachtbhannaí chun críche Airteagal 13 agus Airteagal 14

Beidh feidhm ag smachtbhannaí agus bearta eile a leagtar síos i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE maidir le sárú ar na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán seo.

Caibidil IX:

Athbhreithniú

Airteagal 26

Athbhreithniú

Trí bliana tar éis an teacht i bhfeidhm, tuairisceoidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo do Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus más iomchuí, cuirfidh sé togra athbhreithnithe faoina mbráid.

Caibidil X

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 27

Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlactha.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2(3), 3, 11(2), 13(3) agus 14(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinnte ama amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 28.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3) 3, 4, 11(2), 13(3), agus 14(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), 3, 4, 11(2), 13(3), agus 14(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm seachas na hAirteagail seo a leanas:

(a)Airteagal 4(1), a mbeidh feidhm aige 18 mí tar éis an dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm; agus

(b)Airteagal 13 agus Airteagal 14, a mbeidh feidhm acu 6 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimrítear tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 17  

Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe 

Cuidiú leis na rioscaí maidir le cobhsaíocht airgeadais a laghdú agus muinín infheisteoirí agus rannpháirtithe eile sna margaí airgeadais a spreagadh arís.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta thuas, is éard is aidhm leis an rialachán cur le trédhearcacht iomlán urrús lena maoinítear margaí agus le hathfhiachurrú, ar an gcaoi sin ag tacú le faireachán feabhsaithe arna ndéanamh ag maoirseoirí agus infheisteoirí ar na gníomhaíochtaí sin. Cuideoidh sé le tiomargadh rioscaí sistéamacha agus idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais, as a dtiocfadh riosca sistéamach, a chosc;

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Trédhearcacht mhéadaithe idirbheart maoinithe urrús i dtaca le maoirseoirí;

Trédhearcacht mhéadaithe idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile i dtaca le hinfheisteoirí;

Méadú ar thrédhearcacht oibriúchán agus conarthaí i gcás athfhiachurraithe i dtaca leis na páirtithe lena mbaineann

1.4.4.Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ar na táscairí ábhartha chun meastóireacht a dhéanamh ar an togra d'fheadfaí a áireamh:

an mhéid atá i ndeighleoga éagsúla na margaí idirbheart maoinithe urrús

leibhéal idirnascthachta agus comhchruinnithe margaidh

cionroinnt na nidirbheart maoinithe urrús sa chiste iomlán

táscairí cáilíochtúla maidir le gníomhaíochtaí arna nochtadh ag an gciste i ndáil le hidirbhearta maoinithe urrús

an mhéid atá i ngníomhaíochtaí athfhiachurraithe

luas comhthaobhachta

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is éard atá sa togra maidir le hathchóirithe struchtúracha in earnáil bhaincéireachta an AE, a thíolactar i bpacáiste leis an togra seo, an chuid deiridh de chreat rialála nua, lena náiritheofar nach mbeidh fiú na bainc is mó san AE chomh casta agus a bhí agus gur féidir iad a réiteach go héifeachtach, gan ach íosmhéid iarmhairtí do cháiníocóirí. Mar sin féin, leag an ghéarchéim béim ar an ngá feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar fhaireachán, ní hamháin san earnáil bhaincéireachta thraidisiúnta ach i réimsí ina ndearnadh gníomhaíochtaí creidmheasa neamhbhainc, ar a dtugtar "scáthbhaincéireacht".

I gcomhthéacs na scáthbhaincéireachta, shainaithin an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA) agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús don bhaincéireacht thraidisiúnta agus don scáthbhaincéireacht. I ngeall ar idirbhearta maoinithe urrús tarlaíonn tiomargadh giarála, comhthimthriallacht agus idirnascthacht sna margaí airgeadais. Go háirithe, i ngeall ar easpa trédhearcachta in úsáid idirbheart maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile cuireadh cosc ar rialtóirí agus ar mhaoirseoirí agus ar infheisteoirí chomh maith measúnú agus faireachán ceart a dhéanamh ar na rioscaí bainc ábhartha agus ar an leibhéal idirnascthachta sa chóras airgeadais sa tréimhse roimh an ngéarchéim airgeadais agus lena linn.

Ina fhianaise sin, an 29 Lúnasa 2013, ghlac an BCA creat beartais chun díriú ar rioscaí scáthbhaincéireachta in iasachtú urrús agus comhaontuithe athcheannaigh. D'fhormhuinigh ceannairí an G20 an méid sin ina dhiaidh sin i Meán Fómhair 2013 agus táthar ag lorg tuairisciú rialta agus mionsonraithe ó idirbhearta maoinithe urrús, nochtadh leormhaith gníomhaíochtaí idirbheart maoinithe urrús d'infheisteoirí agus rialacha sonracha ar athfhiachurrú.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE:

Tá sé mar aidhm ag an togra seo trédhearcacht maidir le hidirbhearta airgeadais urrús, athfhiachurrú agus struchtúir maoiniúcháin eile a áirithiú. I ngeall ar na hidirnaisc gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta laistigh den Mhargadh Inmheánach agus toisc gur de chineál sistéamach iad tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ón Aontas. Ní mór gníomhú ar leibhéal an Aontais ar a laghad chun raon leathan idirbheart a chumhdach agus chun go bhféadfaidh údaráis rialála ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais forbhreathnú cuimsitheach a fháil ar mhargaí na nidirbheart maoinithe urrús ar fud an AE ina iomláine. Ba dhóchúil gur fíorbheagán éifeachtachta a bheadh sna leighis arna gcur chun feidhme ag Ballstáit aonair ar bhealach uathrialaitheach neamhchomhordaithe mar ní bhainfeadh na leighis sin ach le cuid den mhargadh. Ina theannta sin, i bhfianaise iarmhairt shistéamach na bhfadhbanna, d'fhéadfadh gníomhaíocht neamhchomhordaithe bheith fritorthúil i ngeall ar an riosca ilroinnte sonraí agus neamhleanúnachais. Is ó shonraí comhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais amháin a fhaightear an léargas maicreacnamaíoch is gá chun faireachán a dhéanamh ar úsáid idirbheart maoinithe urrús.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

n/b

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann:

Tá tús curtha cheana ag an AE le roinnt athchóirithe chun trédhearcacht margaí airgeadais a mhéadú. Mar shampla, leis an Rialachán maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach tugtar isteach bearta chun trédhearcacht i suímh i ndíorthaigh a mhéadú do rialtóirí chomh maith le rioscaí sistéamacha a laghdú do rannpháirtithe sa mhargadh. Leis an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach áirithítear go dtuairiscítear faisnéis faoi gach conradh díorthach Eorpach chuig stórtha trádála agus chuig údaráis mhaoirseachta atá ar fáil go díreach agus láithreach, lena náirítear an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), chun go mbeidh léargas soiléir ag lucht ceaptha beartais agus ag maoirseoirí ar mhargaí na ndíorthach. Beidh na cuspóirí céanna trédhearcachta ag an Rialachán seo, is cuirfidh sé leis an Rialachán agus leis na heintitis atá ann cheana (stórtha trádála údaraithe faoin Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach) le go bhféadfar dul ar aghaidh le trédhearcacht margaí airgeadais trí thrédhearcacht níos mó a sholáthar maidir le hidirbhearta maoinithe urrús. Sa bhreis air sin, is ann do thograí reachtacha eile a ghlac an Coimisiún nó a ghlacfaidh sé go luath a chomhlánaíonn an togra seo i dtaca le trédhearcacht agus iontaofacht margaidh a mhéadú agus a chuireann srian ar mhí-ord margaidh agus a threisíonn cosaint infheisteoirí. Is amhlaidh an cás leis an athbhreithniú reatha ar an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais ina bhforáiltear go háirithe do bhearta trédhearcachta i leith údarás inniúil. Leis an Rialachán atá beartaithe comhlánaítear an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Malartacha Infheistíochta agus an Treoir maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), ar treoracha iad a bhaineann le trédhearcacht i leith infheisteoirí in idirbhearta maoinithe urrús agus struchtúir maoiniúcháin eile. Tá sé comhleanúnach leis na téacsanna seo de chuid an Aontais. Tá sé comhleanúnach leis na tosaíochtaí atá leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach ina Theachtaireacht maidir le Scáthbhaincéireacht – Aghaidh a thabhairt ar Fhoinsí Nua Riosca san Earnáil Airgeadais an 4 Meán Fómhair 2013, rud a mhéadaigh an gá trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús a mhéadú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Foráiltear maidir lena theacht i bhfeidhm agus tosú a chur i bhfeidhm in 2015/2017.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 18  

Ó bhuiséad 2014

 Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

◻ ag a ranna, lena náirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Barúlacha

Is gníomhaireacht rialála í ÚEUM a ghníomhaíonn faoi mhaoirseacht an Choimisiúin. 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Foráiltear sa togra gur cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart atá beartaithe ar bhonn tréimhsiúil

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtach agus éifeachtúil na leithreasuithe a thagann as an togra táthar ag súil nach dtiocfadh rioscaí nua as an togra nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ag ÚEUM cheana.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

n.b.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

n.b.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Ar mhaithe le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir le ÚEUM ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF).

Aontóidh ÚEUM do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile ÚBE agus ÚEUM.

Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtig astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag ÚEUM agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimrítear tionchar 

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

LD/LN
( 19 )

ó thíortha CSTE 20

ó thíortha is iarrthóirí 21

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Línte nua buiséid atá á niarraidh

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Beidh na tionchair seo a leanas ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas:

Earcú beirt ghníomhairí shealadacha ag ÚEUM (ó Eanáir 2016) - Féach an Iarscríbhinn le haghaidh tuilleadh eolais faoina ról agus conas mar a ríomhadh a chostas. Maoineofar costas na ngníomhairí sealadacha seo ina iomláine le táillí arna gcruinniú ón tionscadal (gan tionchar ar bith ar bhuiséad an AE)

Déanfar na cúraimí nua leis na hacmhainní daonna atá ar fáil laistigh den nós imeachta um leithdháileadh buiséid, i bhfianaise srianta ar an mbuiséad a mbaineann le gach comhlacht den AE agus atá i gcomhréir leis an gclárú airgeadais do na gníomhaireachtaí. Go háirithe, beidh na hacmhainní a bheidh de dhíth ar an ngníomhaireacht le haghaidh na gcúraimí nua comhsheasmhach agus comhoiriúnach leis an gcláreagrú daonna agus airgeadais le haghaidh ÚEUM a socraíodh sa Teachtaireacht le déanaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Cláreagrú acmhainní daonna agus airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020' (COM(2013)519).

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimhir

DG: MARKT

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 22  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do DG MARKT

Gealltanais

=1+1a +3

Íocaíochtaí

=2+2a

+3





IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 1.a
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

DG:

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN DG <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 23

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

     Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 24

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 25 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre 

     Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 26

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 27 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe taobh istigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

     Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 28

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch')

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy 29

- sa Cheanncheathrú

- Toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe taobh istigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Foireann sheachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

     Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

Beidh na hacmhainní a bheidh de dhíth ar an ngníomhaireacht le haghaidh na gcúraimí nua comhsheasmhach agus comhoiriúnach le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 agus leis an gcláreagrú daonna agus airgeadais le haghaidh ÚEUM/ÚBE a socraíodh sa Teachtaireacht a cuireadh le déanaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Cláreagrú acmhainní daonna agus airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020 (COM(2013)519).

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 30 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán

Ballstáit

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

     Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 31

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Airteagal ………….

0.00

0.00

0.35

0.33

0.33

0.33

0.33

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Ríomhfar na táillí a ranníocfaidh an tionscadal chun na speansais bhreise de chuid ÚEUM a thiocfaidh as an tionscnamh reachtach seo a chumhdach - féach an Iarscríbhinn le haghaidh tuilleadh eolais faoin modh ríofa.



Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach i gcomhair togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús

Rinneadh meastachán ar na costais a bhaineann leis na cúraimí atá le déanamh ag ÚEUM i gcás caiteachais ar fhoireann, i gcomhréir leis an aicmiú costas atá i ndréachtbhuiséad ÚEUM do 2015.

Cuimsítear i dtogra an Choimisiúin forálacha do ÚEUM chun trí chaighdeán theicniúla rialála agus ceithre chaighdeán theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena áirithiú go bhfuil forálacha de chineál ardteicniúil curtha chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an AE. Ní mór do ÚEUM stórtha trádála d'idirbhearta maoinithe urrús a mhaoirsiú agus ionchur a sholáthar do thuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme agus éifeachtacht an Rialacháin. Tabharfaidh ÚEUM comhairle theicniúil don Choimisiún maidir leis na gníomhartha a fhoráiltear go dtarmligfear chuig an gCoimisiún iad. Sa bhreis air sin, féadfaidh ÚEUM socruithe comhair a bhunú le húdaráis ábhartha tríú tíortha chomh maith le stórtha trádála atá bunaithe i dtríú tíortha a aithint.

I dtaca leis an uainiú, glactar leis go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ag deireadh 2015. Ní bheidh gá le hacmhainní breise ÚEUM ach ó 2016 ar aghaidh. I dtaca le cineál na suímh, ní mór, go háirithe, acmhainní breise a leithdháileadh ar chúraimí maidir le beartas, dréachtú dlíthiúil agus measúnú tionchair má táthar chun caighdeáin theicniúla nua a sholáthar go rathúil agus go tráthúil. Chun an obair a chur i gcrích, beidh gá le cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha leis na geallsealbhóirí, anailís agus measúnú ar roghanna agus dréachtú doiciméad comhairleach, comhairliúcháin phoiblí le geallsealbhóirí, bunú agus bainistiú buanghrúpaí saineolaithe ina mbeidh maoirseoirí ó Bhallstáit, bunú agus bainistiú grúpaí saineolaithe ad hoc, ina mbeidh rannpháirtithe margaidh agus ionadaithe infheisteoirí, anailís ar na freagairtí ar chomhairliúcháin, dréachtú anailíse costas/sochar agus dréachtú an téacs dhlíthiúil.

Baineann an obair atá de dhíth go dlúth leis na caighdeáin theicniúla atá ann cheana faoin Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach a rialaíonn an creat i gcomhair stórtha trádála le haghaidh conarthaí díorthach. Go dtí seo, cláraíodh 6 stór trádála faoin Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach agus táthar ag súil go gcuirfidh líon cosúil leis sin de stórtha trádála d'idirbhearta maoinithe urrús isteach ar chlárú. Nuair a bheidh siad cláraithe, déanfaidh ÚEUM maoirseacht orthu. Ar an gcaoi sin, agus líon na stórtha trádála le haghaidh idirbheart maoinithe urrús a ndeánfar maoirseacht orthu á chur san áireamh, mar aon le líon, cineál agus castacht na gcúraimí atá le comhlíonadh ag ÚEUM, teastóidh 2 ghníomhaire shealadacha i gcoibhéis lánaimseartha chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt agus chun cúraimí breise nua a chomhlíonadh.

Fágann sin go mbeidh gá le beirt ghníomhaire shealadacha bhreise ó 2016. Glactar leis go gcoimeádfar an méadú seo in 2017 agus in 2018 ós rud é go mbeidh cúraimí maoirseachta nua ag ÚEUM i leith stórtha trádála le haghaidh idirbheart maoinithe urrús. Tá na cúraimí nua sin leagtha amach sa Rialachán atá beartaithe agus tá breis mionsonraí ina leith tugtha sa mheabhrán míniúcháin. Maoineofar costas na beirte gníomhairí sealadacha agus aon chostais neamhthuartha le táillí a chruinneofar ó stórtha trádála le haghaidh idirbheart maoinithe urrús (e.g. táillí clárúcháin, táillí maoirseachta) agus ar an gcaoi sin, ní bheidh tionchar ag na costais ar bhuiséad an AE.

Toimhde maidir le hacmhainní breise:

Glactar leis gur gníomhairí sealadacha ón ngrúpa feidhmiúil agus grád AD7 a bheidh sa dá phost bhreise.

Is ar threoir ó ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid atá na meánchostais tuarastal i gcás catagóirí éagsúla pearsanra bunaithe;

Is é 1.161 an chomhéifeacht coigeartaithe tuarastail do Pháras.

Meastar na costais misean ag €10,000.

Meastar go mbeidh €12,700 i gceist le costais a bhaineann le hearcaíocht (taisteal, óstáin, scrúduithe leighis, aistriú agus liúntais eile, costais aistrithe, etc).

Cineál costais

Ríomh

Méid (i mílte)

2016

2017

2018

Iomlán

Caiteachas foirne

Tuarastail agus liúntais

=2x132 x1.161

307

307

307

921

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht

=2x13

26

26

Speansais misean

=2x10

20

20

20

60

Iomlán

353

327

327

1007

(1) Seo a leanas sainmhíniú an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais ar an gcóras scáthbhaincéireacht: "an córas idirghabhála creidmheasa arb é atá ann eintitis agus gníomhaíochtaí atá lasmuigh (ina niomláine nó i bpáirt) den ghnáthchóras baincéireachta".
(2) 'Global Shadow Banking Monitoring Report 2013', 14 Samhain 2013, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais.
(3) Ó bhí 2011 ann, tá eisithe ag cúig cinn de ghrúpaí oibre de chuid an BCA ar an scáthbhaincéireacht moltaí maidir le: (i) an idirghníomhaíocht idir bainc agus eintitis scáthbhaincéireachta; (ii) na rioscaí sistéamacha a roinneann le cistí margaidh airgeadais; (iii) rialáil eintiteas scáthbhaincéireachta eile amhail cistí fálaithe; (iv) measúnú ar na ceanglais urrúsaithe atá ann cheana; agus (v) úsáid idirbheart maoinithe urrús, amhail iasachtaí urrús agus comhaontuithe athcheannaigh.
(4) I Samhain 2011, bunaíodh Sainghrúpa Ardleibhéal, faoi chathaoirleacht Erkki Liikanen, Gobharnóir Bhanc na Fionlainne, agus é de chúram air an gá atá le hathchóiriú struchtúrach in earnáil bhaincéireachta an AE a mheas. Tá cúram an Bhoird agus liosta dá bhaill le fáil ag: http://ec.europa.eu/internal_market/bank/docs/highlevel_expert_group/mandate_en.pdf .
(5) P7_TA(2012)0427, http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&reference=P7TA20120427&language=EN.
(6) Bunús mór an ama is é a bhíonn i gceist leis seo iasacht nó tabhairt ar iasacht urrús agus tráchtearraí, idirbhearta athcheannaigh nó idirbheartha athcheannaigh droim ar ais, nó idirbhearta ceannachaisdhíola nó idirbhearta díolaischeannaigh, is ea an chuid is mó díobh seo.
(7) 'Strengthening Oversight and Regulation of Shadow Banking; Policy Framework for Addressing Shadow Banking Risks in Securities Lending and Repos', 29 Lúnasa 2013 www.financialstabilityboard.org/publications/r_130829b.pdf .
(8) IO C , , Lch. .
(9) IO C , , Lch. .
(10) IO C , […], Lch. […].
(11) Teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le scáthbhaincéireacht Aghaidh a thabhairt ar Fhoinsí Nua Riosca san Earnáil Airgeadais,COM(2013) 614 final.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, Lch. 1).
(13) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, Lch. 32).
(14) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, Lch. 84).
(16) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, Lch. 19).
(17) ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.
(18) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin AS an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(19) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(20) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(21) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí .
(22) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
(23) Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(24) Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(25) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(26) Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(27) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
(28) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht).
(29) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(30) Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach (don tréimhse 2007-2013).
(31) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,29.1.2014

COM(2014) 40 final

IARSCRÍBHINNÍ

Faisnéis don infheisteoir maidir le hidirbhearta maoinithe urrús agus maidir le struchtúir maoiniúcháin eile a nglacann gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna) páirt iontu

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús


IARSCRÍBHINNÍ

Cuid A – An fhaisnéis atá le soláthar i dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla an GCUI agus i dtuarascáil bhliantúil an CIM

Sonraí foriomlána:

An méid urrús agus tráchtearraí ar iasacht mar chuid d'iomlán na sócmhainní intugtha ar iasacht;

An méid sócmhainní i ngach cineál idirbhirt maoinithe urrús agus i ngach struchtúr maoiniúcháin eile arna shloinneadh mar dhearbhmhéid agus mar chion de na sócmhainní de chuid an chiste atá faoi bhainistíocht

Sonraí maidir le comhchruinniú:

Na 10 urrúis chomhthaobhacha agus tráchtearraí is mó a fuarthas in aghaidh an eisitheora maidir le gach cineál idirbhirt maoinithe urrús agus maidir le gach struchtúr maoiniúcháin eile.

Na 10 bpríomh-chontrapháirtí de gach cineál idirbhirt maoinithe urrús ar leithligh agus gach struchtúr maoiniúcháin eile

Sonraí idirbhirt comhiomlána maidir le gach cineál idirbhirt maoinithe urrús ar leithligh agus gach struchtúr maoiniúcháin eile– le briseadh síos de réir na gcatagóirí thíos:

Cineál agus cáilíocht na comhthaobhachta;

Grád aibíochta na comhthaobhachta briste síos sna tráinsí aibíochta seo a leanas: níos lú ná lá amháin, lá amháin go seachtain amháin, seachtain amháin go mí amháin, mí amháin go trí mhí, trí mhí go bliain amháin, níos mó ná bliain amháin, aibíocht oscailte;

Airgeadra na comhthaobhachta;

Grád aibíochta briste síos sna tráinsí aibíochta seo a leanas: níos lú ná lá amháin, lá amháin go seachtain amháin, seachtain amháin go mí amháin, mí amháin go trí mhí, trí mhí go bliain amháin, níos mó ná bliain amháin, idirbhearta oscailte;

Tír shainchónaithe contrapháirtithe;

Glanadh agus imréiteach (e.g., trípháirteach, Contrapháirtí Lárnach, déthaobhach).

Sonraí maidir le hath-úsáid agus athfhiach-urrú comhthaobhachta in airgead tirim:

An sciar de chomhthaobhacht a fuarthas a ndéantar a ath-úsáid nó a athfhiach-urrú, i gcomparáid leis an uasmhéid atá sonraithe sa réamheolaire nó sa nochtadh d'infheisteoirí;

Faisnéis maidir le haon srianta ar an gcineál urrús agus tráchtearraí atá faoi réir ath-fhiach-urraithe nó ath-úsáide;

Torthaí athinfheistíochta comhthaobhachta in airgead tirim don chiste.

Cumhdach comhthaobhachta arna fáil ag an gciste mar chuid d'idirbhearta maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile  

Líon na gcoimeádaithe agus méid na sócmhainní comhthaobhachta atá á chumhdach ag gach ceann acu

Cumhdach comhthaobhachta arna deonú ag an gciste mar chuid d'idirbhearta maoinithe urrús agus struchtúr maoiniúcháin eile 

An cion den chomhthaobhacht atá i gcuntais leithscartha nó i gcuntais chomhthiomsaithe, nó in aon chuntais eile.

Sonraí maidir le toradh agus costas gach cineál idirbhirt maoinithe urrús agus gach cineál struchtúir maoiniúcháin eile briste síos idir an ciste, bainisteoir an chiste agus an t-iasachtóir gníomhaire i ndearbhthéarmaí agus mar chéatadán de na torthaí iomlána ón gcineál sin idirbhirt maoinithe urrús agus ón gcineál sin struchtúir maoiniúcháin eile

Cuid B – An fhaisnéis atá le bheith sa réamheolaire i gcás GCUI agus sa nochtadh réamhchonartha d'infheisteoirí i gcás CIManna

Tuairisc ghinearálta ar na hidirbhearta maoinithe urrús agus na struchtúir maoiniúcháin eile atá in úsáid ag an gciste agus an réasúnaíocht thaobh thiar dá n-úsáid

Na sonraí foriomlána atá le tuairisciú maidir le gach cineál idirbhirt maoinithe urrús agus gach cineál struchtúir maoiniúchain eile

Na cineálacha sócmhainní is féidir a bheith faoina réir

An cion is mó de shócmhainní atá faoi bhainistíocht is féidir a bheith faoina réir

An cion ionchasach de shócmhainní atá faoi bhainistíocht a bheidh faoi réir gach ceann acu

Na critéir a úsáideadh chun contrapháirtithe a roghnú (lena n-áirítear stádas dlíthiúil, tír thionscnaimh, íos-rátáil chreidmheasa)

Comhthaobhacht inghlactha: tuairisc ar chomhthaobhacht inghlactha maidir le cineálacha sócmhainní, eisitheoir, aibíocht, leachtacht chomh maith leis an éagsúlú comhthaobhachta agus beartais chomhghaolmhaireachta,

Luacháil ar chomhthaobhacht: tuairisc ar an modh a úsáideadh chun an chomhthaobhacht a luacháil agus an réasúnaíocht taobh thiar de, agus ar baineadh úsáid as lamhálacha marcála de réir margaidh agus athrúcháin laethúla.

Bainistíocht riosca: tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús agus le struchtúir maoiniúcháin eile, comh maith leis na rioscaí a bhaineann le bainistíocht chomhthaobhachta, amhail rioscaí oibriúcháin, leachtachta, contrapháirtí, cumhdaigh agus dlíthiúla.

Sonraíocht maidir leis an gcaoi a ndéantar sócmhainní ar iasacht agus comhthaobhacht arna fáil a chumhdach (caomhnóir ciste)

Beartas maidir le torthaí ó idirbhearta maoinithe urrús agus ó struchtúir maoiniúcháin eile a roinnt: tuairisc ar chodanna an ioncaim uathu a chuirtear ar ais sa chiste, a thugtar ar ais don bhainisteoir nó a choinníonn tríú páirtithe (e.g. iasachtóir gníomhaire).

Top