EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0096
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 562/2006 as regards the use of the Entry/Exit System (EES) and the Registered Traveller Programme (RTP)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le húsáid an Chórais Isteach/Amach (EES) agus an Chláir do Thaistealaithe Cláraithe (RTP)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le húsáid an Chórais Isteach/Amach (EES) agus an Chláir do Thaistealaithe Cláraithe (RTP)
/* COM/2013/096 final - 2013/0060 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le húsáid an Chórais Isteach/Amach (EES) agus an Chláir do Thaistealaithe Cláraithe (RTP) /* COM/2013/096 final - 2013/0060 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Foras agus cuspóirí an togra Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh
ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir
leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód
Teorainneacha Schengen). Tá na leasuithe atá beartaithe mar thoradh ar bhunú
beartaithe Córais Isteach/Amach (EES) agus ar bhunú Cláir do Thaistealaithe
Cláraithe (RTP) a dtíolactar tograí reachtacha lena n‑aghaidh go comhuaineach. Comhthéacs ginearálta Mínítear an comhthéacs ginearálta sa mheabhrán
míniúcháin ar na tograí reachtacha maidir le bunú EES agus RTP agus sna
measúnuithe tionchair a ghabhann leis na tograí sin. Forálacha reatha Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena
mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht
daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) agus an Coinbhinsiún
chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tugtar tuairisc ar an gcomhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara agus na measúnuithe tionchair sa mheabhrán míniúcháin ar na
tograí reachtacha maidir le bunú EES agus RTP agus sna measúnuithe tionchair a
ghabhann leis na tograí sin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre Baineann na príomhleasuithe atá beartaithe
leis na saincheisteanna seo a leanas: –
Sainmhínithe breise ar EES, ar RTP, ar Thaistealaí
Cláraithe (TC), ar Rialú Teorann Uathoibrithe (Airteagal 2) –
Sonraí a iontráil do náisiúnaigh tríú tíortha san
EES agus eisceachtaí de sin (Airteagal 5a) –
Seiceáil bharántúlacht na slise i ndoiciméid
taistil ina bhfuil meán stórála leictreonaí (Airteagal 7(2)) –
Stampáil reatha na ndoiciméad taistil a ionadú le
taifeadadh agus fíorú leictreonach sonraí san EES (Airteagal 5a, Airteagal 7(3)(a)
agus Airteagal 7(3)(b)). An oibleagáid a thabhairt isteach maidir
lena sheiceáil ar tugadh rochtain do dhuine ar an RTP (Airteagal 7(3)) (aaa))
–
Fíorú aitheantais TC (Airteagal 7(3)(b)(v)) –
Faisnéis chuig an taistealaí maidir leis an
tréimhse fanachta údaraithe atá fágtha (Airteagal 7(8)) –
Díolúine do TC ó chodanna áirithe den tseiceáil chríochnúil
in Airteagal 7a –
An oibleagáid maidir le sonraí a chur isteach san
EES fiú i gcás ina maolaítear seiceálacha teorann (Airteagal 8(3)) –
Úsáid na lánaí atá léirithe ag an gcomhartha i
gcuid A agus i gcuid B d'Iarscríbhinn III (lánaí shaoránaigh an
AE) (Airteagal 9(2)(a)) a leathnú –
Tásca/Picteagram do gheataí Rialú Teorann
Uathoibríoch (Airteagal 9(6)) –
Airteagal 10 a scriosadh (Oibleagáid stampála) –
Toimhde cónaí neamhrialta i gcás nach bhfuil taifid
iomchuí ann (Airteagal 11) –
Iarscríbhinn III a athrú –
Iarscríbhinn II pointe (f),
Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn VIII a scriosadh Bunús Dlí Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh; mar atá forálacha leagtha síos ag an togra maidir le
seiceálacha teorann daoine atá ag trasnú na teorann seachtraí. Déantar sa togra seo leasú ar Rialachán (CE)
Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha
lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha
Schengen) a bhí bunaithe ar fhorálacha coibhéiseacha an Chonartha lenar
bunaíodh an Comhphobal Eorpach, i.e. Airteagal 62(1) agus (2)(a). Prionsabal na coimhdeachta Le hAirteagal 77,
tugtar de chumhacht don Aontas beartas a fhorbairt d'fhonn a áirithiú nach
ndéanfar rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú
teorainneacha inmheánacha agus d'fhonn seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus
faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha. Tá an togra seo laistigh de na teorainneacha
atá leagtha síos sna forálacha sin. Is é cuspóir an togra seo na leasuithe is
gá a dhéanamh ar Chód Teorainneacha Schengen chun EES agus RTP a bhunú. Ní
féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad
ag gníomhú leo féin toisc nach féidir ach leis an Aontas gníomh de chuid an
Aontais atá ann cheana (Cód Teorainneacha Schengen) a leasú. Prionsabal na comhréireachta Dearbhaítear in Airteagal 5(4) den
Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an
Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.
Ní foláir modh a roghnú le haghaidh na gníomhaíochta seo lenar féidir cuspóir
an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme a éifeachtaí agus is féidir. Nuair a cruthaíodh Cód Teorainneacha Schengen
in 2006, níorbh fholáir é a bheith i bhfoirm rialacháin, d'fhonn a áirithiú go
gcuirfí i bhfeidhm é ar an mbealach céanna sna Ballstáit ar fad a chuireann acquis
Schengen i bhfeidhm. Is éard atá sa tionscnamh atá beartaithe – leasú ar Chód
Teorainneacha Schengen – leasú teicniúil ar rialachán atá ann cheana agus ní
féidir é sin a bhaint amach ach trí bhíthin rialacháin. Ó thaobh an inneachair
de, tá an tionscnamh seo teoranta d'fheabhsuithe ar an rialachán atá ann cheana
agus tá sé bunaithe ar threoshuíomhanna na mbeartas atá sa rialachán sin.
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin. Rogha ionstraime An ionstraim atá beartaithe: Rialachán. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níl aon impleachtaí do bhuiséad an AE ag an
leasú atá beartaithe. 5. FAISNÉIS BHREISE Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla
atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a
cuireadh i gcrích le tríú tíortha Leis an togra seo cuirtear le acquis
Schengen sa mhéid go mbaineann sé le trasnú teorainneacha seachtracha. Ní
foláir na hiarmhairtí maidir le prótacail éagsúla agus comhaontuithe
comhlachais a mheas i ndáil leis na tíortha seo a leanas: an Danmhairg, Éire
agus an Ríocht Aontaithe; an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chipir; an Íoslainn
agus an Iorua; an Eilvéis agus Lichtinstéin. Tá tuairisc tugtha ar staid gach
ceann de na stáit sin in aithrisí 10-17 den togra seo agus tá míniú níos
mionsonraithe ar an staid sin sa mheabhrán míniúcháin ar na tograí reachtacha
maidir le bunú EES agus RTP. Forbhreathnú gonta ar na leasuithe atá
beartaithe ar chód teorainneacha Schengen Airteagal 2, Sainmhínithe Sainmhínithe breise Pointe 20: Sainmhíniú ar an gCóras
Isteach/Amach (EES) nua Pointe 21: Sainmhíniú ar an gClár do
Thaistealaithe Cláraithe (RTP) nua Pointe 22: Sainmhíniú ar 'Thaistealaí
Cláraithe' (TC) Pointe 23: Sainmhíniú ar 'Rialú Teorann
Uathoibrithe' Sonraí Nua a bhaineann le hAirteagal 5a
atá le hiontráil san EES An oibleagáid ghinearálta chun náisiúnach tríú
tír atá ag teacht isteach go limistéar Schengen a chlárú san EES, cuirtear í le
hAirteagal 5a nua i dteannta na n‑eisceachtaí maidir le náisiúnaigh tríú
tír atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó ón oibleagáid teorainneacha
seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin nó le linn na n‑uaireanta
oscailte seasta amháin. Airteagal 7, Seiceálacha teorann ar
dhaoine Cuireadh le mír (2) an oibleagáid
barántúlacht na ndoiciméad taistil ina bhfuil meán stórála leictreonach a
sheiceáil trí bhíthin deimhnithe bailí. I mír (3)(a)(iii), in ionad na hoibleagáide
a sheiceáil cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an náisiúnach tríú tír atá ag
teacht isteach i limistéar Schengen an uastréimhse fanachta údaraithe fós tríd
na stampaí sa phas a sheiceáil, cuireadh oibleagáid dul i gcomhairle leis an
EES. Le mír (3)(aaa) nua rialáiltear an
oibleagáid ar ghardaí teorann chun a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil
taistealaí ar náisiúnach tríú tír é cláraithe cheana féin san EES. I mír (3)(b)(iv) maidir leis an oibleagáid
ar ghardaí teorann a fhíorú le linn na seiceála dul amach cé acu a sháraigh nó
nár sháraigh an náisiúnach tríú tír an uastréimhse fanachta, tá sé soiléirithe
nach mór an tseiceáil sin a dhéanamh trí dhul i gcomhairle leis an EES. I mír (3)(b)(v) tugtar tuairisc ar fhíorú
aitheantais agus rannpháirtíocht sa RTP do thaistealaí cláraithe. Déantar foráil i mír (8) maidir leis an
oibleagáid ar ghardaí teorann náisiúnaigh tríú tíortha a chur ar an eolas, má
iarrtar sin, faoi uaslíon na laethanta atá fós ceadaithe dóibh fanacht laistigh
de limistéar Schengen, mar atá leagtha amach san EES agus más infheidhme sa
Chóras Faisnéise Víosaí (VIS). Airteagal 7a, Seiceálacha Teorann ar
Thaistealaithe Cláraithe agus úsáid modhanna uathoibrithe le haghaidh seiceálacha
teorann I mír 1 d'Airteagal 7, tugtar tuairisc
ar na maoluithe seo a leanas ó sheiceálacha críochnúla dá bhforáiltear in Airteagal 7(3)(a)
is infheidhme maidir le taistealaí cláraithe agus é ag teacht isteach i
limistéar Schengen. - an doiciméad taistil a sheiceáil go críochnúil
(Airteagal 7(3)(a)(ii)) - an pointe imeachta agus an ceann scríbe a
fhíorú, cuspóir na cuairte lena n‑áirítear doiciméid tacaíochta (Airteagal 7(3)(a)(iv)) - a fhíorú go bhfuil cóir mhaireachtála
leordhóthanach ag an taistealaí (Airteagal 7(3)(a)(v)) Ar deireadh, cuirtear ar fáil leis an Airteagal nós
imeachta do thaistealaithe atá aitheanta ag an ngeata Rialaithe Teorann
Uathoibrithe mar thaistealaithe cláraithe nó do thaistealaithe cláraithe nach
gcomhlíonann na coinníollacha teacht isteach ar fad. Sna cásanna sin beidh
feidhm ag na gnáthnósanna imeachta (le cur i gcrích ag garda teorann) dá
bhforáiltear in Airteagal 7(3)(a). Le mír 2 is féidir le taistealaithe
modhanna Rialaithe Teorann Uathoibrithe a úsáid i gcomhcheangal le "bothanna
féinseirbhíse" ina stóráiltear na méarloirg sa Chóras Faisnéise Víosaí
(VIS) nó sa doiciméad taistil (pas bithmhéadrach) agus inar féidir le húdaráis
na ngardaí teorann rochtain a fháil ar na méarloirg sin. Comhlíonfar na
coinníollacha teacht isteach atá socraithe in Airteagal 7(3)(a). I mír 3 tá foráil déanta maidir leis an
bhféidearthacht modhanna Rialaithe Teorann Uathoibrithe a úsáid do sheiceálacha
dul amach na ndaoine atá luaite i mír 1 agus i mír 2. Beidh feidhm
fós ag na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 7(3)(b) agus (c)
seachas fíorú doiciméad taistil le haghaidh comharthaí falsaithe nó góchumtha (Airteagal 7(3)(b)(ii)). Ní leasuithe teicniúla iad mír 2 agus mír 3
arna gcinneadh ag tabhairt isteach an EES agus an RTP; is forálacha breise iad
chun nósanna imeachta na seiceálacha teorann a éascú tuilleadh trí
theicneolaíochtaí nua‑aimseartha a úsáid. Níl aon athrú ar na coinníollacha
teacht isteach agus dul amach sa cháil sin dóibh do na taistealaithe lena
mbaineann. Airteagal 8 Seiceálacha teorann a mhaolú Tá an téacs atá ann cheana curtha in oiriúint do
bhunú an EES agus do dhíothú stampáil na bpasanna. Tá béim leagtha ann ar an
oibleagáid maidir le sonraí an taistealaí a iontráil san EES i gcónaí agus é ag
imeacht ó limistéar Schengen. Fiú i gcásanna maidir le maolú ar nósanna
imeachta i dtaca le seiceálacha teorann cuirfear an clárú san EES i gcrích. Airteagal 9 Lánaí ar leith agus faisnéis
ar chomharthaí I mír 2(a) soiléirítear go gceadaítear do
thaistealaithe cláraithe na lánaí arna gcur ar fáil do shaoránaigh an AE a
úsáid. Cuirtear mír 6 nua leis chun tabhairt
isteach modhanna Rialaithe Teorann Uathoibrithe a chur san áireamh. Chun go
mbeidh cur chuige comhchuibhithe ann úsáidfidh na Ballstáit na comharthaí atá i
gCuid D d'Iarscríbhinn III le haghaidh na lánaí Rialaithe Teorann
Uathoibrithe agus úsáidfidh gach Ballstát na comharthaí sin ag gach pointe
trasnaithe teorann. Airteagal 11, Toimhde maidir le
coinníollacha i ndáil le fad na tréimhse fanachta a chomhlíonadh Tá an téacs atá ann cheana
curtha in oiriúint do bhunú an EES. Faoi láthair, is le hAirteagal 11 a
rialáiltear na nósanna imeachta agus na toimhdí i gcás nach bhfuil stampaí isteach
nó amach ann. I gcás an EES cuirfear iontráil san EES in ionad na stampála. Iarscríbhinn III
Comharthaí mionsamhla lena léirítear lánaí ag pointí trasnaithe teorann Tugtar na comharthaí atá in
Iarscríbhinn III chun críche trí chomharthaí nua a chur leo le haghaidh
úsáid modhanna Rialaithe Teorann Uathoibrithe agus thabhairt isteach an
Rialaithe Teorann Uathoibrithe. 2013/0060 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006
maidir le húsáid an Chórais Isteach/Amach (EES) agus an Chláir do
Thaistealaithe Cláraithe (RTP) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa, Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena
mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht
daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)[1] leagtar síos na coinníollacha,
na critéir agus na rialacha mionsonraithe maidir le teorainneacha seachtracha
na mBallstát a thrasnú. (2)
Tá [Rialachán (AE) Uimh. XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Córas Isteach/Amach
(EES) chun sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tíortha atá ag trasnú
teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh] dírithe ar chóras
láraithe a chruthú chun sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tír a chlárú
atá ag trasnú teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le
haghaidh gearrthréimhse fanachta. (3)
Tá [Rialachán (AE) Uimh. XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár do Thaistealaithe
Cláraithe] dírithe ar an trasnú teorann a éascú do náisiúnaigh tríú tíortha atá
rialta, réamh-ghrinnfhiosraithe agus réamhscagtha ag teorainneacha seachtracha
an Aontais Eorpaigh go roghnach trí áiseanna trasnaithe teorann atá
uathoibrithe a úsáid. (4)
Chun na seiceálacha ar náisiúnaigh tríú tíortha
a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, lena
n‑áirítear a fhíorú nach bhfuil an uastréimhse fanachta údaraithe i gcríoch na
mBallstát sáraithe ag an náisiúnach tríú tír, ba cheart do ghardaí teorann an
fhaisnéis ar fad atá le fáil a úsáid, lena n‑áirítear sonraí san EES agus sa
RTP. (5)
Chun lánéifeachtacht an EES agus an RTP a
áirithiú, ní mór na seiceálacha isteach agus amach a chur i gcrích ar bhealach
comhchuibhithe ag na teorainneacha seachtracha. (6)
Maidir le bunú EES agus RTP, is gá na nósanna
imeachta maidir le daoine a sheiceáil agus iad ag trasnú na dteorainneacha
seachtracha atá leagtha síos i Rialachán 562/2006 a oiriúnú. Baineann
sé sin go háirithe le stampáil pasanna agus daoine ag teacht isteach agus ag
dul amach a ionadú le clárú sonraí alfa‑uimhriúla agus bithmhéadracha
náisiúnach tríú tíortha áirithe agus úsáid fhéideartha modhanna trasnaithe
teorann uathoibrithe. (7)
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE)
Uimh. 562/2006 a leasú dá réir sin. (8)
Nuair a chuirtear san áireamh na cúinsí éagsúla
sna Ballstáit agus ag pointí trasnaithe teorann éagsúla laistigh de na
Ballstáit maidir le líon na náisiúnach tríú tíortha atá ag trasnú na
dteorainneacha, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na Ballstáit a chinneadh
ar cheart úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí amhail saoráidí trasnaithe teorann
uathoibrithe agus an oiread úsáide ba cheart a bhaint astu a chinneadh freisin. (9)
Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo,
eadhon foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar na rialacha atá ann cheana i
gCód Teorainneacha Schengen, a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais,
féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha
amach freisin san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. (10)
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2
den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis
an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl
sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go
gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i
gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí
tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an
gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. (11)
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le
Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir
leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
páirt a ghlacadh i gcuid d'fhorálacha acquis Schengen; dá bhrí
sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus
níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. (12)
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le
Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir
leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i gcuid d'fhorálacha acquis
Schengen; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí
faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. (13)
Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard
atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí
an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh
agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá
Stát sin i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis
Schengen a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1
de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999
maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin. (14)
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán
seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an
Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach
agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le
acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt,
ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1
de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 arna
léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón
gComhairle. (15)
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán
seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail
idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus
Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an
gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na
hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen
a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a
thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de
Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999, arna
léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón
gComhairle. (16)
Maidir leis an gCipir, i dtaca leis na gnéithe
a bhaineann leis an gClár do Thaistealaithe Cláraithe, is é atá sa Rialachán
seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar
bhealach eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003. (17)
Maidir leis an mBulgáir agus an Rómáin, i dtaca
leis na gnéithe a bhaineann leis an gClár do Thaistealaithe Cláraithe, is é atá
sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá
gaolmhar leis ar bhealach eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2)
d'Ionstraim Aontachais 2005. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006
mar a leanas: (1)
in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a
leanas leis: "20. Ciallaíonn an 'Córas Isteach/Amach
(EES)' an córas arna bhunú i gcomhréir le [Rialachán Uimh. XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Córas Isteach/Amach
(EES) chun sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tíortha atá ag trasnú ag teorainneacha
seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a chlárú]; 21. Ciallaíonn an 'Clár do Thaistealaithe
Cláraithe (RTP)' clár mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 de [Rialachán
Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár
do Thaistealaithe Cláraithe]; 22. Ciallaíonn 'Taistealaí Cláraithe'
náisiúnach tríú tír mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán
Uimh. XXX...[Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear Clár do Thaistealaithe Cláraithe]; 23. Ciallaíonn 'Rialú Teorann Uathoibrithe'
córas lán-uathoibrithe lena bhfíordheimhnítear an doiciméad taistil, lena
léirítear gurb é an taistealaí sealbhóir ceart an doiciméid, lena gceistítear
taifid rialaithe teorann agus ar an mbonn sin lena bhfíoraítear na coinníollacha
lena rialaítear teacht isteach atá leagtha síos in Airteagal 5(1)." (2)
Cuirtear Airteagal 5a isteach mar seo a
leanas: "Airteagal 5a Sonraí atá le cur san EES 1. Cuirfear sonraí maidir le teacht isteach agus
imeacht náisiúnach tríú tíortha arna ligean isteach le haghaidh gearrthréimhse
fanachta de bhun Airteagal 5(1) san EES i gcomhréir le hAirteagal 11
agus le hAirteagal 12 de [Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Córas Isteach/Amach (EES) chun
sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tíortha atá ag trasnú ag
teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a chlárú]. 2. De mhaolú ar mhír 1 ní chuirfear
sonraí maidir leis na catagóirí daoine seo a leanas san EES: (a) Ceannairí Stáit agus baill a
dtoscaireachta a bhaineann leas as éascú seiceálacha teorann i gcomhréir le
pointe 1 d'Iarscríbhinn VII; (b) píolótaí aerárthaí agus baill foirne eile
a bhaineann leas as éascú seiceálacha teorann i gcomhréir le pointe 2
d'Iarscríbhinn VII; (c) mairnéalaigh a bhaineann leas as éascú
seiceálacha teorann i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn VII; (d) baill foirne agus paisinéirí long cúrsála
nach bhfuil faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le hIarscríbhinn VI;
(e) daoine ar bord báid phléisiúir nach bhfuil
faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le hIarscríbhinn VI; (f) daoine atá díolmhaithe ón oibleagáid
trasnú ag teorainneacha seachtracha ag pointí trasnaithe teorann agus le linn
uaireanta oscailte seasta amháin de bhun Airteagal 4(2). 3. Sonraí maidir le teacht isteach agus
imeacht sealbhóirí ceadanna tráchta teorann i gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[2], is féidir na sonraí sin a
iontráil san EES agus na héascuithe arna gcur ar fáil do thrasnuithe teorann dá
dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin á gcur san áireamh." (3)
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas: (a) I mír 2, cuirtear an abairt seo
a leanas leis an gcéad fhomhír: “Má tá meán stórála leictreonaí (slis) sa phas nó
sa doiciméad taistil faomhfar barántúlacht shonraí na slise le húsáid na
sraithe deimhnithe bailí iomláine, seachas i gcás nach féidir, i ngeall ar
neamh‑infhaighteacht deimhnithe bailí nó i ngeall ar chúiseanna teicniúla
eile."; (b) leasaítear mír 3 mar seo a
leanas: (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (a)(iii): "(iii) a fhíorú nach bhfuil an uastréimhse
fanachta údaraithe i gcríoch na mBallstát sáraithe ag an náisiúnach tríú tír
cheana, trí dhul i gcomhairle leis an EES i gcomhréir le hAirteagal 15 de
[Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear an Córas Isteach/Amach (EES) chun sonraí isteach agus amach
náisiúnach tríú tíortha atá ag trasnú ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit
an Aontais Eorpaigh a chlárú];" (ii) cuirtear pointe (aaa) a
leanas isteach i ndiaidh phointe (aa): "(aaa) Áireofar sna seiceálacha
críochnúla ar dhul isteach aitheantas an Taistealaí Chláraithe a fhíorú agus
gur tugadh rochtain dó ar an RTP, i gcomhréir le hAirteagal 32 de
[Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear Clár do Thaistealaithe Cláraithe], más infheidhme."; (iii) I bpointe (b), cuirtear
pointe (iv) agus pointe (v) leis: "(iv) a fhíorú nár sháraigh an náisiúnach
tríú tír an uastréimhse fanachta údaraithe i gcríoch na mBallstát, trí dhul i
gcomhairle leis an EES i gcomhréir le hAirteagal 15 de [Rialachán
Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an
Córas Isteach/Amach (EES) chun sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tíortha
atá ag trasnú ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a
chlárú]. (v) déanfar aitheantas an TC a fhíorú agus gur
tugadh rochtain dó ar an RTP i gcomhréir le hAirteagal 32 de [Rialachán
Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár
do Thaistealaithe Cláraithe], más infheidhme."; (iv) i bpointe (c), scriostar pointe (ii); (c) Cuirtear isteach mír 8 mar seo
a leanas: "8. Cuirfidh an garda teorann an náisiúnach
tríú tír ar an eolas faoi uaslíon laethanta na tréimhse fanachta údaraithe, i
gcás ina n‑iarrfar sin, ag féachaint do thorthaí chomhairliúchán an EES agus
d'fhad na tréimhse fanachta arna údarú ag an víosa, de réir mar is infheidhme. Féadfaidh
an náisiúnach tríú tír taifead scríofa a iarraidh freisin ina mbeidh dáta agus
ionad an teacht isteach nó an imeachta."; (4)
cuirtear Airteagal 7a isteach mar a leanas: "Airteagal 7a Seiceálacha Teorann ar Thaistealaithe
Cláraithe agus úsáid modhanna uathoibrithe do sheiceálacha teorann 1. De mhaolú ar Airteagal 7(3)(a) ní
áireofar ar sheiceálacha ar Thaistealaithe Cláraithe scrúdú ar na gnéithe dá
dtagraítear in Airteagal 7(3)(a) (ii), (iv) agus (v) den mhír sin. Féadfar
seiceálacha ar Thaistealaithe Cláraithe a chur i gcrích trí mhodhanna rialaithe
teorann uathoibrithe faoi mhaoirseacht garda teorann. Dá nochtfaí sa tseiceáil arna cur i gcrích trí
mhodhanna rialaithe teorann uathoibrithe nach Taistealaí Cláraithe é an
náisiúnach tríú tír nó nach bhfuil ceann amháin nó roinnt de na coinníollacha
isteach á gcomhlíonadh, tagrófar an náisiúnach tríú tír do sheiceáil de réir Airteagal 7(3)(a).
2. I gcás náisiúnach tríú tíortha a
gcoinnítear a méarloirg sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) nó ar dhoiciméad
taistil ónar féidir rochtain a fháil ag an ngarda teorann go teicniúil agus go
dleathach ar mhéarloirg, féadfar seiceálacha críochnúla ar dhul isteach a chur
i gcrích trí mhodhanna rialaithe teorann uathoibrithe i gcomhcheangal le
bothanna féinseirbhíse chun scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe dá dtagraítear i
bpointe (ii), i bpointe (iv) agus i bpointe (v) d'Airteagal 7(3)(a).
Déanfaidh an garda teorann faireachán ar an bpróiseas agus leanfaidh sé é le
cinneadh aonair teacht isteach a údarú nó chun é a dhiúltú. 3. De mhaolú ar Airteagal 7(3)(b)(ii),
seiceálacha críochnúla ar dhul amach ar Thaistealaithe Cláraithe agus le
haghaidh daoine a bhfuil a méarloirg coinnithe sa Chóras Faisnéise
Víosaí (VIS), nó ar dhoiciméad taistil ónar féidir rochtain a fháil ag an
ngarda teorann go teicniúil agus go dleathach ar mhéarloirg, féadfar na
seiceálacha a chur i gcrích trí mhodhanna rialaithe teorann uathoibrithe faoi
mhaoirseacht garda teorann." (5)
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 3: "3. Fiú i gcás ina maolaítear
seiceálacha, cuirfidh an garda teorann na sonraí san EES i gcás teacht isteach
agus dul amach araon, i gcomhréir le hAirteagal 5a. I gcás nach féidir na
sonraí a iontráil go leictreonach iontrálfar iad de láimh. De mhaolú ar Airteagal 5a i gcás
neamhfhéidearthachta teicniúla nó ina gclisfear ar an gcóras féadfar na sonraí
isteach agus amach a stóráil go háitiúil agus iad a chur san EES a luaithe a
réiteofar an neamhfhéidearthacht nó an cliseadh." (6)
Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas: (a) i mír 2, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad phointe (a): “(a) Tá na daoine a bhfuil ceart na
saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus taistealaithe cláraithe i
dteideal na lánaí atá léirithe ag na comharthaí i gcuid A agus i
gcuid B d'Iarscríbhinn III a úsáid. Má tá pasanna bithmhéadracha ina
seilbh acu féadfaidh siad na lánaí atá léirithe ag na comharthaí i gCuid D
d’Iarscríbhinn III a úsáid freisin”; (b) cuirtear isteach mír 6 mar seo
a leanas: "6. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit
modhanna rialaithe teorann uathoibrithe a úsáid úsáidfidh siad na comharthaí dá
bhforáiltear i gcuid D d'Iarscríbhinn III chun na lánaí éagsúla a
shainaithint." (7)
Scriostar Airteagal 10 (8)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: "Airteagal 11 Toimhdí maidir le coinníollacha i ndáil le
fad na tréimhse fanachta a chomhlíonadh 1. I gcás nach bhfuil taifead isteach san EES
ag náisiúnach tríú tír atá i gcríoch Ballstáit, nó i gcás nach bhfuil dáta
amach i dtaifead isteach náisiúnaigh tríú tír i ndiaidh dáta éaga na tréimhse
fanachta údaraithe, féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla a thoimhdiú nach
gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír, nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh, na
coinníollacha a bhaineann le fad na tréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát. 2. Féadfar an toimhde dá dtagraítear i mír 1
a fhrisnéis i gcás ina gcuireann an náisiúnach tríú tír ar fáil, trí mhodh ar
bith, fianaise inchreidte, amhail ticéid iompair nó cruthúnas go raibh sé
lasmuigh de chríoch an Bhallstáit, gur chloígh sé leis na coinníollacha a
bhaineann le fad gearrthréimhse fanachta. Féadfar an toimhde a fhrisnéis freisin i gcás
ina gcuireann an náisiúnach tríú tír ar fáil, trí aon mhodh, fianaise
inchreidte, go bhfuil ceart na saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais. I gcásanna den
chineál sin cruthóidh na húdaráis inniúla comhad EES don duine sin, más gá,
agus taifead isteach, agus tabharfaidh cothrom le dáta an taifead isteach is
déanaí tríd na sonraí seo a leanas a chur isteach i dteannta na sonraí dá
dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 de [Rialachán
Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an
Córas Isteach/Amach (EES) chun sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tír
atá ag trasnú teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a
chlárú] nó comhad atá ann cheana a scriosadh: (a) an dáta ar ar thrasnaigh, agus an
pointe trasnaithe teorann ag ar thrasnaigh, an náisiúnach tríú tír teorainn
sheachtrach ceann de na Ballstáit chun teacht isteach nó dul amach; (b) an t‑údarás a d’iontráil na sonraí; (c) an dáta ar ar iontráladh na sonraí; (d) an dáta nua ar a n‑éagfaidh an t‑údarú
fanachta. 3. I gcás nach bhfrisnéisfear an
toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla an
náisiúnach tríú tír a dhíbirt ó chríoch na mBallstát lena mbaineann. Maidir le náisiúnach tríú tír a mhaíonn go
bhfuil ceart na saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais ach nach n‑éiríonn
leis é sin a shuíomh, ní féidir le húdaráis inniúla teorann agus inimirce
chríoch an Bhallstáit lena mbaineann é a dhíbirt ach amháin i gcomhréir le
Treoir 2004/38/CE."; (9)
in Iarscríbhinn II, déantar pointe (f) a
scriosadh; (10)
déantar Iarscríbhinn III a leasú i gcomhréir
leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; (11)
Scriostar Iarscríbhinn IV; (12)
Scriostar Iarscríbhinn VIII. Airteagal 2 Aisghairtear Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin
Schengen an 21 Samhain 1994 (SCH/Com‑ex (94) 16 rev.).
Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar na
dátaí atá léirithe in Airteagal 48 de [Rialachán Uimh. XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Córas Isteach/Amach
(EES) chun sonraí isteach agus amach náisiúnach tríú tíortha atá ag trasnú
teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a chlárú] agus in Airteagal 64
de [Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear Clár do Thaistealaithe Cláraithe]. [cuirfear dátaí nithiúla isteach
nuair is féidir] Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar
ceann na Comhairle, An tUachtarán An
tUachtarán Iarscríbhinn Cuirtear cuid D isteach in Iarscríbhinn III
a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar seo a leanas. "CUID D Cuid D1: Lánaí Rialaithe Teorann Uathoibrithe do
shaoránaigh an AE/LEE/CH Ní gá réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua
ná don Íoslainn Part D2: Lánaí Rialaithe Teorann Uathoibrithe do
náisiúnaigh tríú tíortha Ní gá réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua
ná don Íoslainn Part D3: Lánaí Rialaithe Teorann Uathoibrithe do gach
pas Ní
gá réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua ná don Íoslainn" [1] IO L 105, 13.4.2006,
lch. 1. [2] IO L 405, 30.12.2006,
lch. 1.