EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0560

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha coiteanna i ndáil le rialú teorann ar theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcásanna eisceachtúla

/* COIM/2011/0560 leagan deireanach - 2011/0242 (COD) */

52011PC0560

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha coiteanna i ndáil le rialú teorann ar theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcásanna eisceachtúla /* COIM/2011/0560 leagan deireanach - 2011/0242 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Rialachas Schengen – an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a neartú

Maidir le comhthéacs agus bunús na leasuithe atá sa togra seo, agus chun míniú mionsonraithe a thabhairt ar an bhfeidhm atá beartaithe dóibh sa chleachtas, déantar tagairt don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún dar teideal ' Rialachas Schengen – an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a neartú ', a ghlactar in éineacht leis an togra seo.

Athruithe reachtacha

Chun foráil a dhéanamh maidir leis an gcreat dlíthiúil atá riachtanach d'fhonn freagairt a thabhairt ar an iarratas ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh foráil a dhéanamh maidir le meicníocht chun freagairt do chásanna fíorchriticiúla, ní mór Cód Teorainneacha Schengen a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 lena leagtar síos, ar láimh amháin, na rialacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha seachtracha agus a dhéanann foráil, ar an láimh eile, maidir le díothú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha agus an fhéidearthacht an rialú sin a athbhunú i gcásanna áirithe, a leasú.

Toisc go bhfuil saorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas, agus a théann chun sochar na ndaoine ar fad a bhfuil cónaí orthu sa limistéar sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais más dóigh go rachadh cinneadh náisiúnta aontaobhach, a d'fhéadfadh a bheith teimhneach, i bhfeidhm ar an tsaorghluaiseacht sin.

Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart athbhunú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith bunaithe ar chinneadh arna bheartú agus arna ghlacadh ag an gCoimisiún mar ghníomh cur chun feidhme ag leanúint as na seasaimh arna gcur in iúl ag na Ballstáit le linn an nós imeachta scrúdúcháin arna leagan síos le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[1]. Sonrófar sa chinneadh cathain is féidir rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil agus beidh sé bunaithe ar thréimhsí in-athnuaite 30 lá, ar feadh sé mhí ar a mhéad ar an iomlán. Ní féidir an tréimhse sin a shíneadh ach amháin i gcás ina n-athbhunaítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha de bharr toraidh neamhfhabhraigh faoi mheicníocht mheastóireachta Schengen toisc go bhfuil teipthe ar Bhallstát go rialta cosaint leordhóthanach a sholáthar dá chuidse den teorainn sheachtrach.

Ina ainneoin sin, i gcás gníomhartha dothuartha, tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn aontaobhach, má tá gá le beart a dhéanamh láithreach. Beidh feidhm ag an gcinneadh sin láithreach agus cuirfear in iúl don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit eile é. Tá teorainn cúig lá le rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha sna cásanna sin, áfach. In a leithéid de chás, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit ar fad chun oiriúnacht an bhirt a glacadh a mheas. Ní dhéanfaidh an comhairliúchán sin an cinneadh atá glactha ag an mBallstát a chur ar fionraí. Más gá, féadtar síneadh a chur le hathbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, ach sa chás sin ní mór é a bhunú ar chinneadh ón gCoimisiún a ghlactar mar ghníomh cur chun feidhme tríd an nós imeachta práinne atá leagtha síos in Airteagal 8 den Rialachán thuasluaite Uimh. 182/2011.

Chuirfí na leasanna Eorpacha ar fad san áireamh i bhfreagairt chomhordaithe AE-bhunaithe. Thabharfadh an fhreagairt sin aghaidh ar chásanna ina mbeadh baol tromchúiseach, gearrthéarmach, logánta den chuid is mó, ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, chomh maith le cásanna a mbainfeadh impleachtaí níos leithne agus níos fadtréimhsí leo. Sa dá chás, tá gá le freagairt chomhordaithe Eorpach, toisc gur cuid bhunúsach é de chinneadh ar bith maidir le rialuithe inmheánacha ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú – fiú amháin ar feadh tréimhse teoranta agus i limistéar teoranta geografach – go mbeidh impleachtaí ann don phobal agus don gheilleagar, ní hamháin don Bhallstát a ghlacann na bearta sin. Tá cás níos láidre ann don chur chuige comhordaithe Eorpach sin i gcás ina mbíonn cuid den teorainn sheachtrach faoi bhrú mór nach raibh súil leis, nó i gcás ina bhfuil teipthe ar Bhallstát ar bhonn rialta smacht a choinneáil ar a chuidse den teorainn sheachtrach, agus i gcás ina mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Beidh tionchar díreach ag aon chinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar gach taistealaí agus ar leasanna coiteanna na mBallstát ar fad.

Níor cheart rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach mar rogha dheireanach sna cásanna sin, agus níor cheart é sin a dhéanamh sula nglacfar bearta eile chun cúrsaí a chobhsú, ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach lena mbaineann, ar leibhéal na hEorpa, de mheon dlúthpháirtíochta, agus/nó ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na rialacha coiteanna níos fearr.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ina Theachtaireacht maidir le himirce[2], mhol an Coimisiún go bhféadfaí meicníocht a thabhairt isteach a cheadódh cinneadh ar leibhéal na hEorpa a shaineodh cé na Ballstáit a dhéanfadh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil, agus cén fad a mhairfeadh an t-athbhunú sin. Bhí tuairimí sa Teachtaireacht maidir leis an bhféidearthacht foráil a dhéanamh maidir le meicníocht chun freagairt do chásanna eisceachtúla, lena n-áirítear go bhféadfaí, mar rogha dheireanach, rialú teorann a bheadh comhordaithe agus AE-bhunaithe a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha ar bhonn sealadach.

Chuir an Chomhairle um Cheartas agus Gnóthaí Baile fáilte roimh na tuairimí sin an 12 Bealtaine 2011 agus chuir an Chomhairle Eorpach fáilte rompu le linn chruinnithe an 23-24 Meitheamh 2011 agus an tráth sin, d'iarr siad go dtabharfar isteach meicníocht "chun freagairt do chásanna eisceachtúla a chuireann feidhmiú foriomlán chomhar Schengen i mbaol, ach gan prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chur i mbaol."

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é Airteagal 77(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

Déanann an togra seo leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) a bhí bunaithe ar fhorálacha coibhéiseacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, i.e. Airteagal 62(1) (teorainneacha inmheánacha) agus (2)(a) (teorainneacha seachtracha) faoi seach.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí do bhuiséad an AE ag an leasú atá beartaithe.

2011/0242 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha coiteanna i ndáil le rialú teorann ar theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcásanna eisceachtúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas Eorpach tá cruthú limistéir ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. In a leithéid de limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, tá gá le freagairt choiteann ar chásanna a théann i bhfeidhm go mór ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh nó Ballstáit amháin nó níos mó trína cheadú gur féidir rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcásanna eisceachtúla, ach gan prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chur i mbaol. Tá gá le freagairt choiteann ón Aontas, dá bhrí sin, i bhfianaise an tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta sin, atá ina rogha dheireanach, ar na daoine ar fad a bhfuil sé de cheart acu gluaiseacht laistigh den limistéar sin gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

(2) Tá saorghluaiseacht laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas. Toisc go dtéann athbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm ar shaorghluaiseacht, ba cheart aon chinneadh ina leith sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Pé ar bith, níor cheart rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach mar rogha dheireanach, ar feadh tréimhse teoranta agus le raon feidhme teoranta, bunaithe ar chritéir shonracha oibiachtúla agus ar mheasúnú ar an ngá atá leis, agus ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. I gcás ina n-éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná cúig lá, agus ní mór cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir le síneadh na tréimhse sin.

(3) Le linn cinntí a dhéanamh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ba cheart riachtanas agus comhréireacht an bhirt a mheas i gcomhthéacs an bhaoil atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, arb é is cúis leis an iarratas ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, agus ba cheart freisin bearta malartacha a mheas a d'fhéadfaí a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal an Aontais, agus tionchar an bhirt sin ar shaorghluaiseacht laistigh den limistéar gan teorainneacha inmheánacha a mheas freisin.

(4) I gcásanna eisceachtúla, d'fhéadfadh go mbeadh gá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha dá mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó má tá baol ann ón sceimhlitheoireacht agus ón gcoireacht eagraithe.

(5) Tarlaíonn a leithéid nuair a thrasnaíonn líon mór náisiúnach tríú tíortha teorainn sheachtrach Ballstáit amháin nó níos mó. Toradh a d'fhéadfadh a bheith air sin is ea méadú suntasach nach mbeifí ag súil leis ar ghluaiseachtaí tánaisteacha náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach i gcríoch Ballstáit nó Ballstát eile. Má chuirtear san áireamh líon na mBallstát a mbeidh tionchar ag an méadú suntasach sin ar ghluaiseachtaí tánaisteachta nach raibh súil leis orthu, agus tionchar iomlán an mhéadaithe sin ar chás na himirce san Aontas nó i mBallstát ar leith, d'fhéadfadh sé bheith riachtanach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcás ina mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Má thrasnaíonn líon mór náisiúnach tríú tíortha teorainn sheachtrach, d'fhéadfadh, i gcásanna eisceachtúla, údar maith a bheith le roinnt rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach, dá mbeadh gá leis an mbeart sin chun beartas poiblí agus slándáil inmheánach a chosaint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta ó bhaol tromchúiseach agus práinneach.

(6) Má athbhunaítear rialuithe áirithe ag teorainneacha seachtracha ar bhonn sealadach, d'fhéadfadh gur freagairt é an méid sin ar easnaimh thromchúiseacha arna sonrú i meastóireachtaí Schengen i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, i gcás ina mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

(7) Sula ndéanfar cinneadh rialuithe áirithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, ba cheart an fhéidearthacht dul i muinín bearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an gcás is bunús leis an bhfadhb a fhiosrú ina iomláine, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí Aontais amhail Frontex nó Europol, agus bearta teicniúla nó bearta tacaíochta airgeadais ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart aon chinneadh maidir le hathbhunú rialaithe ag teorainneacha inmheánacha a bhunú ar fhaisnéis a bhfuil bonn cuí léi, agus ar faisnéis í is féidir leis an mBallstát a bhfuil an t-athbhunú á iarraidh aige a chur ar fáil, nó ba cheart foinsí eile, lena n-áirítear cuairteanna iniúchta, a bheith ina mbunús leis an gcinneadh.

(8) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[3]. Ach amháin i gcásanna éigeandála, agus i bhfianaise théarmaí Airteagal 2(2)(b)(iii) den Rialachán sin, beidh feidhm leis an nós imeachta scrúdúcháin.

(9) Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm acu láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo a bhaineann le hachomaireacht an bhaoil atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcás ina n-éilítear a leithéid ar mhórchúiseanna práinne.

(10) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm dá bhrí sin. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, faoi Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(11) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[4]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(12) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[5]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen dá bhforáiltear leis an gComhaontú a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[6].

(14) Maidir leis an Eilvéis, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an gComhaontú a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[7].

(15) Maidir le Lichtinstéin, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an bPrótacal a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[8].

(16) Maidir leis an gCipir, is gníomh é an Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(17) Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is gníomh é an Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

(18) Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe. Ní mór an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23 go hAirteagal 26:

" Airteagal 23

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

1. I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil le haghaidh codanna go léir nó codanna sonracha de theorainneacha inmheánacha Ballstáit amháin nó níos mó ar feadh tréimhse teoranta nach faide ná 30 lá nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá. Ní rachaidh raon feidhme ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.

2. Ní fhéadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 den Rialachán seo. Ní mór na critéir atá liostaithe in Airteagal 23a a chur san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

3. Más ann fós, tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1, don bhaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, agus na critéir atá liostaithe in Airteagal 23a á gcur san áireamh, ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear i mír 1 agus, ag cur aon ghnéithe nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite 30 lá ar a mhéad.

4. Ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha thar sé mhí, ar bhonn na buntréimhse atá sonraithe i mír 1 agus na síntí atá sonraithe i mír 3. I gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha leanúnacha ann a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha nó le nósanna imeachta i ndáil le haischur arna sonrú i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an tréimhse sin a shíneadh.

Airteagal 23a

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

1. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le rialú teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó, nó ar chodanna de na teorainneacha sin, a athbhunú ar bhonn sealadach, measfaidh an Coimisiún, nó an Ballstát lena mbaineann sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 25, a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chomh maith le comhréireacht an bhirt sin i leith an bhaoil sin. Beidh an measúnú sin bunaithe ar an bhfaisnéis mhionsonraithe a bheidh curtha isteach ag an mBallstát/ag na Ballstáit lena mbaineann, agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear faoi bhun mhír 2. Agus an measúnú sin á dhéanamh, cuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

1. an tionchar is dóigh a bheidh ag aon bhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó má tá baol ann ón sceimhlitheoireacht agus ón gcoireacht eagraithe;

2. an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal na hEorpa, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí Aontais amhail Frontex, EASO nó Europol, agus a mhéad is dóigh a réiteoidh na bearta sin an baol atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta;

3. an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha nó le nósanna imeachta i ndáil le haischur arna sonrú i meastóireachtaí Schengen i gcomhréir leis an Rialachán maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú;

4. an tionchar is dóigh a bheidh ag an mbeart sin ar shaorghluaiseacht laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

2. Sula ndéanfaidh sé cinneadh, féadfaidh an Coimisiún:

5. iarraidh ar na Ballstáit, Frontex, Europol, Eurojust, an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha nó aon chomhlacht eile de chuid an Aontais, tuilleadh faisnéise a sholáthar dó,

6. cuairteanna iniúchta a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ó Frontex, Europol agus ó aon chomhlacht ábhartha Eorpach eile, chun faisnéis ábhartha a fháil nó a fhíorú chun cinneadh a dhéanamh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach.

Airteagal 24

Nós imeachta maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

1. I gcás ina measann Ballstát gur cheart rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 23(1), cuirfidh sé iarratas faoi bhráid an Choimisiúin sé seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás nach bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas ach taobh istigh de shé seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú, agus soláthróidh sé an fhaisnéis seo a leanas:

7. na cúiseanna atá leis an athbhunú atá beartaithe, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhartha is cúis le baol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta;

8. raon feidhme an athbhunaithe atá beartaithe, ina sonraítear an chuid nó na codanna den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha atá le hathbhunú;

9. ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

10. dáta agus ré an athbhunaithe atá beartaithe;

11. i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit eile.

D'fhéadfadh dhá Bhallstát nó níos mó iarratas den chineál sin a chur isteach le chéile freisin.

2. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa an tráth céanna a dhéanfar an t-iarratas.

3. De bhun iarratais ó Bhallstát faoi bhun mhír 1, nó ar a thionscnamh féin bunaithe ar an bhfaisnéis atá sonraithe i ranna (a) go (e) den mhír sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 33a(2).

4. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 33a(2).

5. Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo, i gcásanna nach eol na cúiseanna leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcomhréir le mír 4, ach taobh istigh de 10 lá roimh an síneadh atá beartaithe, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm acu láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33a(3).

Airteagal 25

Nós imeachta sonrach le haghaidh cásanna a éilíonn beart láithreach

1. I gcás ina n-éilítear beart láithreach de bharr baoil thromchúisigh a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach ar bhonn eisceachtúil, ar feadh tréimhse teoranta nach faide na cúig lá.

2. Tabharfaidh an Ballstát atá ag athbhunú rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha fógra faoin méid sin do na Ballstáit agus don Choimisiún an tráth céanna, agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus na cúiseanna is bunús le húsáid an nós imeachta sin. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile a luaithe a fhaigheann sé an fógra.

3. Más ann don bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh. I bhfianaise an ghá atá ann beart a dhéanamh láithreach tar éis don tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 dul in éag, ar mórchúis práinne é, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm acu láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33a(3).

Airteagal 26

Nós imeachta sonrach i gcás easnamh tromchúiseach leanúnach

1. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go bhfuil easnaimh thromchúiseacha leanúnacha ann a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach nó le nósanna imeachta i ndáil le haischur arna sonrú i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus a mhéad is gur baol tromchúiseach iad na heasnaimh sin do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. Féadfar síneadh breise nach faide ná sé mhí a chur leis an tréimhse sin mura réitítear na heasnaimh thromchúiseacha. Ní cheadófar níos mó ná trí cinn de shíntí.

2. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 33a(2).

3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 33a(2).

4. Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo, i gcásanna nach eol na cúiseanna leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcomhréir le mír 3, ach taobh istigh de 10 lá roimh an síneadh atá beartaithe, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm acu láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33a(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

" Airteagal 27

Na reachtóirí a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d'fhéadfadh a bheith le feidhmiú Airteagail 23 go 26."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29 agus Airteagal 30:

" Airteagal 29

Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

Ceithre seachtaine ar a dhéanaí sula mbaintear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh an Ballstát a rinne an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus tabharfar eolas sa tuarascáil faoi fheidhmiú na seiceálacha agus éifeachtúlacht athbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha go háirithe.

Airteagal 30

An pobal a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún an pobal ar an eolas maidir le cinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, agus léireoidh sé go háirithe dáta tosaigh agus dáta deiridh an bhirt sin, ach amháin má tá cúiseanna sáraitheacha slándála gan a leithéid a dhéanamh."

(4) Cuirtear Airteagal 33a nua isteach:

" Airteagal 33a

Nós imeachta coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 55 28.2.2011, lch. 13.

[2] COIM (2011)248, 4.5.2011

[3] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[4] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[5] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

[6] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[7] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[8] IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

Top