EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2240

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2240 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a mhéid a bhaineann le húsáid an ríomhshéala cháilithe chun deimhnithe a eisiúint (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/7392

OJ L 294, 15.11.2022, p. 8–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2240/oj

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 294/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2240 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a mhéid a bhaineann le húsáid an ríomhshéala cháilithe chun deimhnithe a eisiúint

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 35(10), 43(7) agus 45(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, eiseofar an deimhniú a sholáthróidh na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe d’oibreoirí nó do ghrúpaí oibreoirí i bhfoirm leictreonach i gcás inar féidir. Leis an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (2), soláthraítear an modh chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 a eisiúint i bhfoirm leictreonach. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 ón gCoimisiún (3) ceanglaítear go n-eiseofar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 i bhfoirm leictreonach, tríd an gcóras TRACES a úsáid, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.

(2)

Chun na deimhnithe a thabharfar do na hoibreoirí agus don ghrúpa oibreoirí a dhaingniú, is iomchuí úsáid ríomhshéala cháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a thabhairt isteach chun na deimhnithe sin a eisiúint. Ionas go mbeidh na gníomhaithe eile lena mbaineann in ann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche, is gá a fhoráil gur cheart ríomhshéala cáilithe a bheith ar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 a leasú dá réir.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1, an chéad mhír agus an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (5), tá údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 le deimhniú a sholáthar d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhí faoi réir na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin, atá le heisiúint i bhfoirm leictreonach agus úsáid á baint as an gcóras TRACES ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.

(5)

Chun na deimhnithe a thugtar do na hoibreoirí, do na grúpaí oibreoirí agus do na honnmhaireoirí sin a dhaingniú, is iomchuí úsáid ríomhshéala cháilithe a thabhairt isteach chun na deimhnithe sin a eisiúint. Ionas go mbeidh na gníomhaithe uile lena mbaineann in ann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche, is gá a fhoráil gur cheart ríomhshéala cáilithe a bheith ar an deimhniú d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a leasú dá réir.

(7)

I ndáil leis an deimhniú páipéir cigireachta agus le sliocht páipéir na ndeimhnithe cigireachta, a fhormhuinítear ar pháipéar le síniú lámhscríofa i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (6), cuireadh síneadh leis na forálacha idirthréimhseacha le Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2022/2238 (7) go dtí an 30 Samhain 2022 ionas gur féidir leis na gníomhaithe uile lena mbaineann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche. Ba cheart an síneadh sin a léiriú sna nótaí chun samhail shliocht an deimhnithe cigireachta dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún (8) a líonadh isteach. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2238, cuireadh síneadh go dtí an 30 Samhain 2022 freisin, maidir leis an bhféidearthacht duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala leictreonach aige an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala leictreonach a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a leasú dá réir.

(9)

Mar gheall ar dhul in éag na hidirthréimhse le haghaidh deimhnithe páipéir agus an mhaolaithe is infheidhme maidir leis an Úcráin an 30 Meitheamh 2022, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an leasú seo ón 1 Iúil 2022.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Beidh ríomhshéala cáilithe ar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1),

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”"

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh an tríú mír:

“Beidh feidhm ag Airteagal 1, an dara fomhír, ón 1 Iúil 2023.”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 mar a leanas:

(1)

cuirtear an pointe (iii) seo a leanas le hAirteagal 1, an dara mír, pointe (a):

“(iii)

beidh ríomhshéala cáilithe air mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2),

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”,"

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh an tríú mír:

“Beidh feidhm ag Airteagal 1, an dara fomhír, pointe (a)(ii), ón 1 Iúil 2023.”,

(3)

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307

I gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307, sa cheathrú mír de na nótaí maidir le bosca 12 agus sa dara mír de na nótaí maidir le bosca 13, cuirtear an dáta “30 Samhain 2022” in ionad an dáta “30 Meitheamh 2022”.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán IMSOC) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le taifid agus dearbhuithe áirithe a éilítear ar oibreoirí agus grúpaí oibreoirí agus maidir leis na modhanna teicniúla chun deimhnithe a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an deimhniú a eisiúint d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha (IO L 430, 2.12.2021, lch. 24).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2022/2238 an 22 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta agus sleachta astu agus a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin (Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le doiciméid agus fógraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 461, 27.12.2021, lch. 30).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

SAMHAIL AN DEIMHNITHE

DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH OIBREOIRÍ, GRÚPAÍ OIBREOIRÍ AGUS ONNMHAIREOIRÍ I dTRÍÚ TÍORTHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ATÁ LE hALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH MAR THÁIRGÍ ORGÁNACHA NÓ MAR THÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ

Cuid I: Eilimintí éigeantacha

1.

Uimhir an doiciméid

2.

(roghnaigh de réir mar is iomchuí)

Oibreoir

Grúpa oibreoirí – féach pointe 10

Onnmhaireoir

3.

Ainm agus seoladh an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora:

4.

Ainm, seoladh agus códuimhir údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora:

5.

Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora (roghnaigh de réir mar is iomchuí):

Táirgeadh

Ullmhúchán

Dáileadh

Stóráil

Allmhairiú

Onnmhairiú

6.

Catagóir nó catagóirí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus modhanna táirgthe (roghnaigh de réir mar is iomchuí):

(a)

plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar atáirgthe plandaí eile

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(b)

beostoc agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(c)

algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(d)

táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(e)

beatha

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(f)

fíon

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(g)

táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

7.

Eolaire táirgí:

Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (2) ón gComhairle le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

Orgánach

Atá á thiontú

 

 

 

 

 

 

Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (3) chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir, an grúpa oibreoirí nó an t-onnmhaireoir (roghnaigh de réir mar is iomchuí) Rialachán (AE) 2018/848

8.

Dáta, áit

Ainm agus síniú thar ceann an údaráis rialaithe eisiúna nó an chomhlachta rialaithe eisiúna, nó ríomhshéala cáilithe:

9.

Deimhniú bailí ón … [cuir isteach an dáta] go dtí an. … [cuir isteach an dáta]

10.

Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848

Ainm an bhaill

Seoladh nó modh eile chun ball a shainaithint

 

 

 

 

 

 

Cuid II: Eilimintí roghnacha sonracha

Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach más amhlaidh a chinneann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir, don ghrúpa oibreoirí nó don onnmhaireoir i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378

1.   Cainníocht na dtáirgí

Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

Orgánach

Atá á thiontú

Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.   Faisnéis maidir leis an talamh

Ainm an táirge

Orgánach

Atá á thiontú

Neamhorgánach

Dromchla i heicteáir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.   Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht

Seoladh nó geoshuíomh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

4.   Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu an ndéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí ar a shon féin

Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhochonraitheoir d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó as na gníomhaíochtaí a dhéantar

 

 

 

 

 

 

5.   Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

Leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach

Is é an tríú páirtí ar fochonradh atá freagrach

 

 

 

 

 

 

6.   Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir

Ainm agus seoladh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

7.   Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848

(a)

ainm an chomhlachta creidiúnaithe,

(b)

hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe.

8.   Faisnéis eile

 


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).


Top