EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1454
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1454 of 1 September 2022 amending Annexes V and XIV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for Canada, the United Kingdom and the United States in the lists of third countries authorised for the entry into the Union of consignments of poultry, germinal products of poultry and fresh meat of poultry and game birds (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1454 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1454 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/6292
OJ L 228, 2.9.2022, p. 33–53
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn V cuid 1 Téacs | 03/09/2022 | |
Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn V cuid 1 Téacs | 03/09/2022 | |
Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn V cuid 2 Téacs | 03/09/2022 | |
Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn XIV cuid 1 Téacs | 03/09/2022 | |
Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn XIV cuid 1 Téacs | 03/09/2022 |
2.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 228/33 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1454 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 230(1) agus 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcúige Québec, Ceanada, ráigeanna a deimhníodh an 21 Iúil 2022 agus an 1 Lúnasa 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Alberta, Ceanada, ráig a deimhníodh an 28 Iúil 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis gar do Gayton, King’s Lynn agus Norfolk Thiar, Norfolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 21 Lúnasa 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann in King County, stát Washington, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 1 Iúil 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(9) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis in Fresno County, stát California, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 22 Lúnasa 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(10) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(11) |
Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann le déanaí. |
(12) |
Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis: ráig amháin gar do Lowdham, Newark agus Sherwood, Nottinghamshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráig a deimhníodh an 7 Bealtaine 2022, agus ráig eile gar do Southwell, Newark & Sherwood, Nottinghamshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráig a deimhníodh an 19 Bealtaine 2022. |
(13) |
Sa bhreis air sin, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina gcríoch i ndáil le naoi ráig déag den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i Stáit Iowa (6), Minnesota (8), Missouri (1), Montana (1), Nebraska (1), South Dakota (1) agus Wisconsin (1), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 6 Márta 2022 agus an 20 Aibreán 2022. |
(14) |
Chuir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go háirithe, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chuir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe beartas díothaithe chun feidhme chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus chuir siad na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá i gcrích tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha. |
(15) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach tráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas ó na criosanna sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin. |
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
(17) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|