EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0114

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/114 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2022 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “SchwabEX-Guard” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/362

OJ L 19, 28.1.2022, p. 11–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/114/oj

28.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/114 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Eanáir 2022

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “SchwabEX-Guard”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Márta 2017, chuir Sumitomo Chemical Agro Europe SAS (“an Ghníomhaireacht”) iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2) maidir leis an táirge bithicídeach aonair céanna a údarú, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar “SchwabEX-Guard”, de chineál táirge 18, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-PP031247-26 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (“an Clár”). Léirigh an t-iarratas freisin uimhir iarratais ghaolmhar an táirge aonair tagartha, mar atá “Pesguard® Gel”, atá taifeadta sa Chlár faoi chás-uimhir BC-HS027052-37.

(2)

Tá pireaprocsaifein agus clóitiainídin mar shubstaintí gníomhacha sa táirge bithicídeach aonair céanna “SchwabEX-Guard”, agus tá an tsubstaint sin ar liosta an Aontais de na substaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 17 Nollaig 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (3) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (“SPC”) atá ag “SchwabEX-Guard” i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013.

(4)

Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach é “SchwabEX-Guard”, go bhfuil sé incháilithe le haghaidh údarú ón Aontas de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil na difríochtaí atá beartaithe idir an táirge bithicídeach aonair céanna agus an táirge bithicídeach tagartha gaolmhar teoranta d’fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (4), agus bunaithe ar mheasúnú ar an táirge tagartha gaolmhar aonair “Pesguard® Gel” agus faoi réir an dréacht-SPC a chomhlíonadh, go gcomhlíonann an táirge bithicídeach aonair céanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

An 17 Nollaig 2020, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-SPC i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Comhaontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí údarú Aontais a dheonú don fhine chéanna táirgí bithicídeacha “SchwabEX-Guard”.

(7)

Tá na substaintí neamhghníomhacha cis CTAC agus déchlóireitéin sa táirge bithicídeach aonair céanna “SchwabEX-Guard”, substaintí nárbh fhéidir a dhéanamh amach an gcomhlíonann siad na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh, critéir a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (5), laistigh den tréimhse chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas ar an táirge bithicídeach tagartha gaolmhar. Ba cheart tuilleadh scrúduithe a dhéanamh ar cis CTAC agus déchlóireitéin, dá bhrí sin. Más é an chonclúid go meastar go bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag cis CTAC nó déchlóireitéin nó ag an dá cheann díobh, déanfaidh an Coimisiún a mheas ar cheart údarú an Aontais do “SchwabEX-Guard” a chur ar ceal nó a leasú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0025436-0000 aige do Sumitomo Chemical Agro Europe SAS chun an táirge bithicídeach aonair “SchwabEX-Guard” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 17 Feabhra 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4).

(3)  Tuairim ECHA an 17 Nollaig 2020 maidir le húdarú an Aontais don táirge bithicídeach aonair céanna “SchwabEX-Guard”, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation/echa.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

SchwabEX-Guard

Cineál táirge 18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)

Uimhir an údaraithe: EU-0025436-0000

Uimhir shócmhainne R4BP: EU-0025436-0000

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

SchwabEX-Guard

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Sumitomo Chemical Agro Europe SAS

Seoladh

Parc d’Affaires de Crécy 10A, rue de la Voie Lactée, 69370 Saint Didier au Mont d’Or An Fhrainc

Uimhir an údaraithe

EU-0025436-0000

Uimhir shócmhainne R4BP

EU-0025436-0000

Dáta an údaraithe

17 Feabhra 2022

Dáta éaga an údaraithe

30 Meitheamh 2026

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

McLaughlin Gormley King Company (MGK)

Seoladh an déantóra

8810 10th Avenue North, MN 55427 Minneapolis Stáit Aontaithe Mheiriceá

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

McLaughlin Gormley King Company, 4001 Peavey Road, MN 55318 Chaska Stáit Aontaithe Mheiriceá

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

(E)-1-(2-Chloro-1,3-thiazol-5-ylmethyl)-3- methyl-2-nitroguanidine (Clothianidin)

Ainm an déantóra

Sumitomo Chemical Co. Ltd.

Seoladh an déantóra

27-1, Shinkawa 2-chome, Chuo-ku, 104-8260 Tokyo an tSeapáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Sumitomo Chemical Company LTD, Oita Works, 2200, Tsurusaki, Oita City„ 870-0106 Oita an tSeapáin


Substaint ghníomhach

pyriproxyfen

Ainm an déantóra

Sumitomo Chemical Co. ltd.

Seoladh an déantóra

27-1, Shinkawa 2-chome, Chuo-ku, 104-8260 Tokyo an tSeapáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Sumitomo Chemical Company LTD, Misawa Works, Aza-Sabishirotaira, Oaza-Misawa, Misawa„ 033-0022 Aomori an tSeapáin

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Clothianidin (E)-1-(2-Chloro-1,3-thiazol-5-ylmethyl)-3- methyl-2-nitroguanidine

 

Substaint Ghníomhach

210880-92-5

433-460-1

0,526

pyriproxyfen

4-phenoxyphenyl (RS)-2-(2- pyridyloxy)propyl ether

Substaint Ghníomhach

95737-68-1

429-800-1

0,515

Aigéad aicéiteach

Aigéad eatánóch

Substaint neamhghníomhach

64-19-7

200-580-7

0,3

potaisiam (E,E)-hexa-2,4-dienoate

potassium (E,E)-hexa-2,4-dienoate

Substaint neamhghníomhach

24634-61-5

246-376-1

0,5

2.2.   Cineál foirmlithe

RB - Baoite (réidh le húsáid)

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

D’fhéadfadh a bheith ina chúis le himoibriú ailléirgeach craicinn.

An-tocsaineach don saol uisceach le héifeachtaí buana.

Ráitis réamhchúraim

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN: Nigh le neart uisce.

Má tharlaíonn greannú nó gríos craicinn: Faigh comhairle leighis.

Caith lámhainní cosanta.

Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol.

Diúscair coimeádán i gcomhréir le rialacháin áitiúla.

Bailigh doirteadh.

4.   ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Úsáid # 1 – Úsáid Ghairmiúil - Baoite RTU

An cineál táirge

PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Feithidicíd

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Blattella germanica

Gnáthainm: An chiaróg rua Gearmánach

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Blattella germanica

Gnáthainm: An chiaróg rua Gearmánach

Céim na forbartha: Aosaigh

Ainm eolaíoch: Supella longipalpa

Gnáthainm: An chiaróg rua le bandaí donna

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Supella longipalpa

Gnáthainm: An chiaróg rua le bandaí donna

Céim na forbartha: Aosaigh

Ainm eolaíoch: Blatta orientalis

Gnáthainm: An Chiaróg Dhubh

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Blatta orientalis

Gnáthainm: An Chiaróg Dhubh

Céim na forbartha: Aosaigh

Ainm eolaíoch: Periplaneta americana

Gnáthainm: An Chiaróg Rua Mheiriceánach

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Periplaneta americana

Gnáthainm: An Chiaróg Rua Mheiriceánach

Céim na forbartha: Aosaigh

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

I scoilteanna agus i scáintí, nó i láithreacha ceilte nach féidir le daoine nó le hainmhithe clóis dul iontu; taobh thiar de chuisneoirí, de chófraí agus de sheilfeanna, faoi fhearais chistine, i mboscaí rialaithe leictreachais, i bhfásáin agus i nduchtáil agus faoi fheistis i seomraí folctha, etc.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Cur síos an bhaoite

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Baoite glótháin feithidicídeach atá réidh le húsáid (RTU) le haghaidh ciaróga rua a shrianadh i sláinteachas poiblí

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: Ba cheart SchwabEX-Guard a chur síos mar roinnt spotaí de thrastomhas thart ar 4 mm (agus thart ar 0,032 g de bhaoite i ngach spota).

I gcásanna inmhíolaithe tromchúisigh, nuair a bhíonn speicis níos mó de chiaróga rua i láthair (B. orientalisP. americana), in áiteanna atá thar a bheith salach nó trína chéile nó nuair nach féidir foinsí malartacha bia a dhíothú ina n-iomláine, ba cheart an ráta curtha síos níos airde (e.g. 2 spota ina ionad 1 spota in aghaidh an m2 i gcás inmhíolú éadrom) a úsáid.

Airí caolaithe: 0

Airí uainithe:

Inmhíolú éadrom 1-2 (0,032-0,064 g) spota in aghaidh an m2

Inmhíolú meánmhéide 3-6 (0,096-0,192 g) spota in aghaidh an m2

Inmhíolú trom 6-10 (0,192-0,320 g) spota in aghaidh an m2

Níor cheart é a chur síos níos mó ná 11 uair in aghaidh na bliana.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Steallaire Polapróipiléin (PP) 30 g

Caipín scriú Poileitiléin Ard-dlúis (HDPE)

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta úsáide

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta úsáide

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta úsáide

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha ginearálta úsáide

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha ginearálta úsáide

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Léigh an lipéad nó an bhileog roimh úsáid agus comhlíon/lean na treoracha uile arna gcur ar fáil.

Ná fág leaganacha baoite gan chosaint ar sholas gréine nó ar theas (e.g. radaitheoir).

Tá an taisce plaisteach réamhlíonta ina bhfuil SchwabEX-Guard beartaithe le húsáid leis an suncaire atá curtha ar fáil nó le gaireas curtha baoite sainiúil a fhaightear go coitianta sa tionscal srianta lotnaidí. Féach treoracha an déantóra maidir le treoracha le haghaidh an forchuradóir a úsáid.

Insteall an baoite i scoilteanna agus i scáintí, i bhfásáin, nó i láithreacha ceilte nach féidir le daoine nó le hainmhithe clóis dul iontu ina bhféadfadh feithidí a bheith ag maireachtáil, ag beathú agus ag síolrú. De ghnáth bíonn a leithéid d’áiteanna te/tais agus dorcha (taobh thiar de chuisneoirí, de chófraí agus de sheilfeanna, faoi fhearais chistine, i mboscaí rialaithe leictreachais, i bhfásáin agus i nduchtáil agus faoi fheistis i seomraí folctha, etc.). Moltar go ndéantar iniúchadh nó gaistiú chun inmhíolú a dhearbhú sula ndéantar cóireáil. Cinntigh go mbaintear foinsí malartacha bia ar bith agus déan leaganacha an bhaoite a dhíriú mar spotaí aonair ag láithreáin ghníomhaíochta na gciaróg rua. Níor cheart an táirge a chur síos ach in áiteanna nach féidir le páistí nó le peataí dul iontu.

Ná cuir SchwabEX-Guard síos in áiteanna a mbeidh sé i dteagmháil le huisce nó in áiteanna a dhéantar a ghlanadh go rialta. De ghnáth gheobhaidh ciaróga rua bás roinnt uaireanta tar éis beathú amháin ar

SchwabEX-Guard. In áitribh inmhíolaithe, feicfear ciaróga rua marbha de ghnáth laistigh de 24 huaire ón gcóireáil. Bain an caipín ón mbuinne, leag an barr ar an dromchla atá le cóireáil, agus brúigh síos ar an suncaire. Cuir an caipín ar an dáileoir arís tar éis chríochnú na cóireála.

Greamóidh an baoite de dhromchlaí nach bhfuil gréisceach ná deannachúla agus fanfaidh sé solúbtha agus blasta do chiaróga rua fad agus is féidir a fheiceáil go bhfuil sé ann.

Ba cheart iniúchadh amhairc a dhéanamh ar áiteanna cóireáilte tar éis seachtaine nó dhó. Nuair a bhí an t-inmhíolú tosaigh trom d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach Pesguard® Gel a chur síos don dara huair má itheadh an chéad chóireáil agus tá ciaróga rua beo fós ann.

Moltar go ndéantar dara hiniúchadh amhairc ar leaganacha an bhaoite 2 sheachtain-4 seachtaine tar éis na cóireála tosaigh. Cuir síos an baoite arís nuair nach féidir a fheiceáil go bhfuil sé fós ann, de réir leibhéal an inmhíolaithe (éadrom, meánmhéide nó trom). Cuir an baoite ar ais arís sula ndéantar é a ithe ina iomláine d’fhonn ciaróga rua a choimeád ó theacht ar ais.

Cuir sealbhóir an chlárúcháin ar an eolas mura bhfuil an chóireáil éifeachtach.

Ní mór doirteadh agus iarmharaigh ina bhfuil an táirge a bhaint mar dhramhaíl cheimiceach.

Ba cheart cúram a ghlacadh chun leagan glótháin ar dhromchlaí nochta a sheachaint. Má thagann glóthán i dteagmháil le dromchla nochta, bain an glóthán le tuáille páipéir agus glan an áit le ceirtíní taise indiúscartha.

Le linn cuairteanna ina dhiaidh sin, déan iniúchadh ar leaganacha baoite agus cuir síos arís é nuair is gá.

Ná cuir baoite i láithreacha a nitear go rialta, mar bainfear an baoite leis an níochán. Ná bain úsáid as an táirge seo i dtrealamh leictreach nó ar threalamh leictreach áit a mbíonn guais turrainge fhéideartha. Seachain teagmháil le teicstílí agus le héadaí, mar d’fhéadfaí smál a fhágáil orthu.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán le linn chéim láimhsithe an táirge (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge).

Ná cuir baoite síos in áiteanna inar úsáideadh feithidicídí éarthacha gan an dromchla a ghlanadh ina iomláine le ciarsúr páipéir tais indiúscartha. Ná cuir feithidicídí éarthacha síos tar éis an baoite a chur síos.

Na cuir é go díreach ar bhia, ar bheatha nó ar dheochanna nó in aice leo, ná ar dhromchlaí nó ar uirlisí is dócha go mbeidh siad i dteagmháil le bia, le beatha, le deochanna agus le hainmhithe.

Ní mór doirteadh agus iarmharaigh ina bhfuil an táirge a bhaint mar dhramhaíl cheimiceach.

Seachain glóthán a chur ar fhabraicí nó ar chairpéid ós rud é go bhféadfadh sé smál a fhágáil ar ábhair ionsúiteacha áirithe. D’fhonn smálú a sheachaint, ba cheart baoite nochta a ghlanadh suas láithreach bonn le ceirtíní taise indiúscartha.

Ní mór ábhair ghlantacháin a dhiúscairt mar dhramhaíl sholadach.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Tá clóitiainídin sa táirge bithicídeach seo, rud atá díobhálach do bheacha.

Cur síos ar bhearta garchabhrach

Teagmháil le craiceann: Bain na héadaí éillithe láithreach bonn agus nigh an craiceann le gallúnach agus uisce. Faigh cóir leighis má leanann an greannú ar aghaidh tar éis an ní.

Teagmháil leis na súile: Má tharlaíonn siomptóim; sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca sin a dhéanamh. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Ionghabháil: Má shlogtar é: Má tharlaíonn siomptóim glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Má ionanálaítear é: neamhbhainteach.

Ná siomptóim agus iarmhairtí is tábhachtaí,

idir chinn ghéara agus mhoillithe

Na súile: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le greannú súl sealadach.

Bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Seachain scaoileadh an táirge sa chomhshaol

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná cuir ach coimeádáin fholmha/pacáistíocht fholamh ar aghaidh le haghaidh athchúrsála.

Ba cheart go mbeadh diúscairt na pacáistíochta seo i gcomhréir i gcónaí leis an reachtaíocht um dhiúscairt dramhaíola agus le riachtanais ar bith de chuid an údaráis áitiúil réigiúnaigh.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Cosain ar shioc. Stóráil i bhfad ó áit a mbíonn an ghrian ag soilsiú go díreach air.

Seilfré: 2 bhliain.

6.   FAISNÉIS EILE


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


Top