EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1848

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1848 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le hathsholáthar a ainmniú le haghaidh thagarmharc an mheáninnéacs Euro thar oíche (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7487

OJ L 374, 22.10.2021, p. 6–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1848/oj

22.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 374/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1848 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2021

maidir le hathsholáthar a ainmniú le haghaidh thagarmharc an mheáninnéacs Euro thar oíche

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23b(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is tagarmharc criticiúil é an meáninnéacs Euro thar oíche (EONIA) lena léirítear na rátaí úis ar idirbhearta iasachta neamhurraithe thar oíche arna n-ainmniú ina euro. Úsáidtear EONIA i gcomhthéacs babhtálacha innéacsanna thar oíche, agus i gcomhthéacs raon leathan táirgí eile. Tá sé fíor-riachtanach le haghaidh socraíocht airgid agus tá sé an-ábhartha chun críoch eile amhail nósanna imeachta éagsúla um luacháil a chuirtear i bhfeidhm mar chuid de phróisis bainistithe comhthaobhachtaí agus bainistithe riosca nó mar chuid den chuntasaíocht.

(2)

Is ar aighneachtaí a chuir bainc phainéil rannchuidithe ar fáil a bunaíodh an mhodheolaíocht bhunaidh chun EONIA a ríomh. I mí Feabhra 2018, d’fhógair Institiúid Eorpach na Margaí Airgid (EMMI), ag gníomhú di mar riarthóir ar EONIA, nach féidir comhlíonadh EONIA le Rialachán (AE) 2016/1011 a bhaint amach faoin am a mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí sin. Dá bhrí sin, rinne EMMI, agus an tionscal airgeadais, obair ar chlabhsúr ordúil EONIA a thionscnamh. Is é an t-athsholáthar le haghaidh EONIA a mhol an Mheitheal um rátaí euro saor ó riosca, an 13 Meán Fómhair 2018, ná ráta gearrthéarmach an euro (€STR) mar ráta saor ó riosca arna ainmniú ina euro. D’fhoilsigh an mheitheal moltaí freisin an 14 Márta 2019 maidir le haistriú ó EONIA go €STR, inar áiríodh céim lena linn a ndéanfaí modheolaíocht ríofa EONIA a mhodhnú agus a bhunú ar €STR, chomh maith leis an modh chun an coigeartú corrlaigh idir €STR agus EONIA a chinneadh.

(3)

Tar éis na moltaí sin, ríomh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an 31 Bealtaine 2019 corrlach aonuaire idir EONIA agus €STR, a socraíodh ar 8,5 bonnphointe. An lá céanna, d’fhógair EMMI scor EONIA amhail ón 3 Eanáir 2022. Le linn an aistrithe, d’fhoilsigh EMMI modheolaíocht athchóirithe le haghaidh EONIA faoinarb ionann EONIA agus €STR mar a d’fhoilsigh BCE móide na 8,5 bonnphointe de choigeartú corrlaigh aonuaire. Tá feidhm ag an modheolaíocht athchóirithe sin maidir le EONIA ón 2 Deireadh Fómhair 2019 go dtí go scoirfear é an 3 Eanáir 2022. An 11 Nollaig 2019, dheonaigh Údarás Seirbhísí Airgeadais agus Margaí na Beilge (FSMA) údarú d’Institiúid Eorpach na Margaí Airgid le EONIA a sholáthar agus a riaradh faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1011, lenar ceadaíodh EONIA a úsáid go dtí go scoirfear é an 3 Eanáir 2022.

(4)

D’ainneoin gur fógraíodh go luath go scoirfí ráta EONIA amhail ón 3 Eanáir 2022 agus d’ainneoin na moltaí luatha ón tionscal maidir le €STR a chur in ionad aon tagairt do EONIA, go háirithe i gcás conarthaí a thiocfaidh in aibíocht tar éis an dáta sin, tá líon mór conarthaí agus ionstraimí airgeadais ina dtagraítear do EONIA fós ann i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, leanann EONIA de ról ríthábhachtach a chomhlíonadh i gcomhair margaí airgeadais san Aontas Eorpach. Thairis sin, mar gheall ar an bpróiseas chun teacht ar chomhthoil idir saineolaithe agus comhthoil ar fud an tionscail maidir leis an gconair iomchuí aistrithe, is iondúil nach mbíonn forálacha oiriúnacha cúltaca i gconarthaí agus in ionstraimí airgeadais den sórt sin lena gcumhdaítear scor buan EONIA. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh tionchar suaiteach suntasach ag scor EONIA ar na conarthaí agus ar na hionstraimí airgeadais sin.

(5)

Ainmníodh EONIA ina thagarmharc criticiúil de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/482 ón gCoimisiún (2). Le Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar tugadh isteach i Rialachán (AE) 2016/1011 Airteagal 23b, tugadh an chumhacht don Choimisiún Eorpach athsholáthar amháin nó níos mó a ainmniú le haghaidh tagarmharc criticiúil i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 23b de Rialachán (AE) 2016/1011. Comhlíontar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 23b(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/1011 leis an ráiteas ó EMMI an 31 Bealtaine 2019 lenar fógraíodh scor EONIA agus gurb amhlaidh nach raibh aon chomharba riarthóra ann, tráth eisithe an ráitis sin, a leanfadh den tagarmharc sin a sholáthar.

(6)

Thairis sin, tugtar le fios sna sonraí a thuairiscigh comhaltaí na Meithle um rátaí euro saor ó riosca go bhfuil na mílte conarthaí díorthacha a bhfuil bhfeidhm acu fós ar fud an Aontais, amhail ón 9 Iúil 2021, agus ag a bhfuil neamhchosaintí díreacha ar EONIA agus comhaontuithe comhthaobhachta ina dtagraítear do EONIA ina ráta úis lena gcumhdaítear comhthaobhacht. Roinnt trilliúin euro an méid barúlach iomlán atá sa dá chineál tagartha cheana féin. Thug na comhaltaí céanna le fios freisin go bhfuil a n-iarrachtaí ar chonarthaí a athchaibidliú tugtha i gcrích acu i níos lú ná leath na gconarthaí ina bhfuil tagairtí do EONIA, ar an meán. Léirítear leis na rátaí comhlánaithe sin go mbeidh dúshlán mór roimh pháirtithe conarthacha san Aontas, go háirithe na páirtithe ar eintitis faoi mhaoirseacht iad, mar thoradh ar athchaibidliú aonair ar na tagairtí go léir do EONIA atá fágtha. Mura ndéanfar conarthaí den sórt sin a aistriú chuig athsholáthar atá ainmnithe le haghaidh tagarmhairc, is mór an baol air go mbeidh dírathú conartha ann. Ós rud é go meastar go ndéanfaidh lucht tionscail iarrachtaí gníomhacha leanúnacha ar gach conradh agus ionstraim airgeadais ina dtagraítear fós do EONIA a aistriú go €STR faoi thráth scortha EONIA, ba cheart, dá bhrí sin, réadú an riosca sin a mhaolú le hathsholáthar tagairtí do EONIA, baol a d’fhéadfadh difear ar leith a dhéanamh do chliaint atá ag gabháil do bhabhtálacha innéacsanna thar oíche chun riosca ráta úis a fhálú.

(7)

Mar thoradh ar chomhairliúcháin na meithle saineolaithe, bunaíodh an réamh-mheasúnú ar ról tábhachtach EONIA i margaí airgeadais san Aontas. Ba chosúil ó chomhairliúcháin na meithle saineolaithe sin go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann de dheasca easpa cur chuige comhchuibhithe, easpa a bhféadfadh díospóidí agus an mhíshocracht a bheith mar thoradh uirthi. Rinne an Mheitheal um rátaí euro saor ó riosca litir fhoirmiúil a sheoladh freisin, an 15 Iúil 2021, inar iarradh gníomh ar an gCoimisiún chun athsholáthar reachtúil le haghaidh EONIA a ainmniú go pras. Is iomchuí don Choimisiún, dá bhrí sin, athsholáthar reachtúil a ainmniú le haghaidh EONIA a bheidh le húsáid in aon chonradh, agus in aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nach bhfuil forálacha cúltaca ná forálacha oiriúnacha cúltaca iontu.

(8)

Léiríodh freisin sna comhairliúcháin i gcomhthéacs na Meithle um rátaí euro saor ó riosca gur minic a cuireadh bac ar athsholáthar tagairtí do EONIA i gconarthaí trí bhíthin athchaibidliú conarthach de dheasca líon na gconarthaí nach dtiocfaidh in aibíocht roimh dháta deiridh EONIA, an 3 Eanáir 2022, agus de dheasca a dheacra atá sé toiliú a fháil ó gach páirtí i ngach uile chonradh. Is míniú é sin ar mhéid na gconarthaí ina dtagraítear fós do EONIA. Ina fhianaise sin, agus i bhfianaise na sonraí a thuairiscigh comhaltaí na Meithle um rátaí euro saor ó riosca, ba cheart a áirithiú maidir le haon chonradh nó ionstraim airgeadais ina dtagraítear fós do EONIA amhail ar dháta a scortha, go dtiocfaidh an conradh nó an ionstraim airgeadais sin faoin rialachán cur chun feidhme seo, agus faoi raoin feidhme an bhirt reachtúil athsholáthair.

(9)

Maille leis an bhfógra, an 31 Bealtaine 2019, maidir le scor fhoilsiú EONIA amhail ón 3 Eanáir 2022, d’fhógair EMMI athruithe ar mhodheolaíocht EONIA chun a áirithiú go leanfaí de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh agus chun aistriú rianúil a áirithiú go dtí scor críochnaitheach EONIA. Tá feidhm ag na hathruithe sin maidir le modheolaíocht EONIA ón 2 Deireadh Fómhair 2019, agus déantar ríomh EONIA a nascadh go díreach le forbairt €STR leo, trína chur in iúl gurb ionann EONIA agus €STR móide coigeartú corrlaigh seasta bunaithe ar an gcorrlach arna ríomh ag BCE. Ó tharla coigeartú corrlaigh seasta a bheith sa chuntas, cuirtear teorainn leis an tionchar eacnamaíoch a bhaineann le €STR a ainmniú mar athsholáthar reachtúil le haghaidh EONIA i ngach conradh a thiocfaidh in aibíocht tar éis dháta deiridh EONIA an 3 Eanáir 2022.

(10)

Sa litir fhoirmiúil ón Meitheal um an ráta euro saor ó riosca dar dáta an 15 Iúil 2021, iarradh go sonrach an t-athsholáthar reachtúil le haghaidh EONIA a bhunú ar €STR, móide an coigeartú corrlaigh seasta idir EONIA agus €STR, rud lena seachnófaí aistriú luacha san aistriú. Is iomchuí go léireofaí moltaí ón meitheal saor ó riosca lena mbaineann san athsholáthar reachtúil le haghaidh EONIA, agus dá bhrí sin go mbunófaí é ar €STR móide an coigeartú corrlaigh seasta arna ríomh ag BCE.

(11)

Maidir le hathsholáthar le haghaidh EONIA, déantar gach tagairt don tagarmharc sin a ionadú leis, trí fheidhmiú an dlí, in aon chonradh agus in aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE, nach bhfuil forálacha cúltaca ná forálacha oiriúnacha cúltaca sna conarthaí sin, de bhun Airteagal 23b(3) de Rialachán (AE) 2016/1011. Dá bhrí sin, ní dhéanann an t-athsholáthar sin difear do chonarthaí a ndearnadh athchaibidliú rathúil orthu chun freastal ar scor EONIA, dá bhforáiltear faoi Airteagal 23b(11) de Rialachán (AE) 2016/1011.

(12)

Ós rud é go scoirfear de EONIA a fhoilsiú an 3 Eanáir 2022, ba cheart an ráta athsholáthair ainmnithe a chur in ionad tagairtí do EONIA ón dáta sin.

(13)

Rinne Údarás Seirbhísí Airgeadais agus Margaí na Beilge (FSMA), mar mhaoirseoir ar riarthóir EONIA, agus an Banc Ceannais Eorpach, mar bhanc ceannais atá freagrach as limistéar airgeadra EONIA, a dtuairimí a thabhairt ar an Rialachán seo.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athsholáthar EONIA

1.   Ainmnítear ráta gearrthéarmach an Euro (€STR) arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach mar athsholáthar le haghaidh an mheáninnéacs Euro thar oíche (EONIA) i dtagairtí do EONIA in aon chonradh agus in aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE.

2.   Is cothrom le 8,5 bonnphointe a bheidh an coigeartú corrlaigh seasta a chuirfear leis an ráta athsholáthair arna ainmniú de bhun mhír 1.

3.   Ainmneofar an ráta athsholáthair le haghaidh EONIA i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

Tagarmharc arna athsholáthar

Ráta Athsholáthair

Luach Coigeartaithe Corrlaigh (%)

EONIA

ISIN EU0009659945

Ráta gearrthéarmach an Euro (€STR)

ISIN EU000A2X2A25

0,085

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 3 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/482 ón gCoimisiún an 22 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1368 ón gCoimisiún lena mbunaítear liosta de thagarmharcanna criticiúla a úsáidtear i margaí airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 82, 25.3.2019, lch. 26).

(3)  Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 6).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


Top