EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021L1226
Commission Delegated Directive (EU) 2021/1226 of 21 December 2020 amending, for the purposes of adapting to scientific and technical progress, Annex II to Directive 2002/49/EC of the European Parliament and of the Council as regards common noise assessment methods (Text with EEA relevance)
Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1226 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear, chun críocha dul in oiriúint do dhul chun cinn eolaíochta agus teicniúil, Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le modhanna measúnúcháin comhchoiteanna torainn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1226 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear, chun críocha dul in oiriúint do dhul chun cinn eolaíochta agus teicniúil, Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le modhanna measúnúcháin comhchoiteanna torainn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2020/9101
OJ L 269, 28.7.2021, p. 65–142
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-10 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-2 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-3 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-4 cuid 1 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-4 cuid 2 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-4 cuid 3 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-6 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-7 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-9 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II roinn 2.3.2 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II roinn 2.5.6 FIGURE 2.5.b Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Cur le | iarscríbhinn II roinn 2.7.12 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn D Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn F tábla F-1 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn F tábla F-4 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-1 tábla 2 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-2 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-3 tábla 1 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-3 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-4 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-5 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-6 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn G tábla G-7 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-1 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn I tábla I-2 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II foscríbhinn I teideal | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.1.1 mír neamhuimhrithe 2 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.2.1 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.3.2 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.3.3 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.4.1 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.5.1 mír neamhuimhrithe 7 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.5.5 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.5.6 FIGURE 2.5.d | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.5.6 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.7.11 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.7.13 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.7.16 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.7.18 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.7.19 Téacs | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.7.5 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II roinn 2.8 | 29/07/2021 | |
Modifies | 32002L0049 | Athchur | iarscríbhinn II tábla 2.3.b Téacs | 29/07/2021 |
28.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 269/65 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1226 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Nollaig 2020
lena leasaítear, chun críocha dul in oiriúint do dhul chun cinn eolaíochta agus teicniúil, Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le modhanna measúnúcháin comhchoiteanna torainn
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (1), agus go háirithe Airteagal 12 di sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos modhanna measúnúcháin atá i gcomhchoiteann ag na Ballstáit le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE, a úsáidfear maidir leis an bhfaisnéis faoi thorann timpeallachta agus na héifeachtaí a bhíonn aige ar an tsláinte, go háirithe maidir le mapáil torainn, agus chun pleananna gníomhaíochta a ghlacadh bunaithe ar thorthaí na mapála torainn. Is gá an iarscríbhinn sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíochta. |
(2) |
Ó 2016 go dtí 2020, chuaigh an Coimisiún i gcomhar le saineolaithe teicniúla agus eolaíochta na mBallstát chun measúnú a dhéanamh ar na hoiriúnuithe a raibh gá leo agus an dul chun cinn teicniúil agus eolaíochta á chur san áireamh agus torann timpeallachta á ríomh. Cuireadh an próiseas sin i gcrích i ndlúthchomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Thorann, atá comhdhéanta de Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa, geallsealbhóirí an tionscail, údaráis phoiblí na mBallstát, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saoránaigh agus daoine ón saol acadúil. |
(3) |
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir Tharmligthe seo na hoiriúnuithe a bhfuil gá leo maidir leis na modhanna measúnúcháin comhchoiteanna lena gcuimsítear foirmlí a shoiléiriú chun forleathadh torainn a ríomh, táblaí a oiriúnú don eolas is déanaí agus feabhsuithe sa tuairisc ar chéimeanna na ríomhanna. Bíonn tionchar aige sin ar thorann bóthair, torann iarnróid agus torann aerárthaigh a ríomh. Éilítear ar na Ballstáit na modhanna sin a úsáid ón 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE a leasú dá réir. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir le tuairim an Ghrúpa Saineolaithe um Thorann a ndeachthas i gcomhairle leo an 12 Deireadh Fómhair 2020, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir 2002/49/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Cuirfidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta i bhfeidhm a bhfuil gá leo chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
(1) |
I Roinn 2.1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Déantar ríomhanna i mbandaí ochtáibhe le haghaidh trácht ar bhóithre, trácht iarnróid agus torann tionsclaíoch, ach amháin cumhacht fuaime na foinse torainn iarnróid, a úsáideann tríú bandaí ochtáibhe. Le haghaidh trácht ar bhóithre, trácht iarnróid agus torann tionsclaíoch, bunaithe ar na torthaí banda ochtáibhe sin, ríomhtar an meánleibhéal fuaime A-ualaithe fadtéarmach i gcomhair thréimhse an lae, thréimhse an tráthnóna agus thréimhse na hoíche, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I agus dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2002/49/CE, de réir an mhodha a shonraítear i roinn 2.1.2 agus i ranna 2.2, 2.3, 2.4 agus 2.5. Maidir le trácht ar bhóithre agus ar iarnród i gceirtleáin, cinntear an meánleibhéal fuaime A-ualaithe fadtéarmach de réir an mhéid a thagann ó na deighleoga bóthair agus iarnróid iontu, mórbhóithre agus mór-iarnróid san áireamh.” |
(2) |
Leasaítear Roinn 2.2.1 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Tábla 2.3.b mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Roinn 2.3.2 mar a leanas:
|
(5) |
I roinn 2.3.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre faoi na ceannteidil “Ceartúchán i gcomhair scaipeadh struchtúrach (droichid agus tarbhealaí)”: “ I gcás ina bhfuil an chuid den rian ar dhroichead, is gá measúnú a dhéanamh ar an torann breise a ghineann creathadh an droichid de thoradh ar an bhfloscadh a tharlaíonn mar gheall ar an traein a bheith ann. Samhaltaítear an torann droichid mar fhoinse bhreise a dtugtar an chumhacht fuaime in aghaidh na feithicle ina leith mar
inarb ionann LH, bridge ,i agus an fheidhm aistrithe droichid. Ní léirítear leis an torann droichid LW,0, bridge ,i ach amháin an fhuaim a radaítear agus an droichead á thógáil. Úsáidtear (2.3.8) go dtí (2.3.10) chun an torann rollta ó fheithicil ar an droichead a ríomh, tríd an bhfeidhm aistrithe riain a roghnú a chomhfhreagraíonn don chóras riain atá ar an droichead. Ní chuirtear bacainní ar imill an droichid san áireamh de ghnáth.” |
(6) |
Leasaítear Roinn 2.4.1 mar a leanas:
|
(7) |
I roinn 2.5.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú mír: “Ní mheastar bacainní ar fána níos mó ná 15° i ndáil leis an gceartingear mar fhrithchaiteoirí ach cuirtear san áireamh iad i ngach gné eile den fhorleathadh, cur i gcás éifeachtaí talún agus díraonadh.” |
(8) |
Leasaítear Roinn 2.5.5 mar a leanas:
|
(9) |
Leasaítear Roinn 2.5.6 mar a leanas:
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2.7.5 “Torann agus feidhmíocht aerárthaí”: “2.7.5 Torann agus feidhmíocht aerárthaí Sa bhunachar sonraí ANP a sholáthraítear in Aguisín I tá comhéifeachtaí feidhmíochta aerárthaí agus inneall, próifílí imeachta agus ascnaimh chomh maith le caidrimh NPD i gcomhair cion suntasach de na haerárthaí sibhialta a oibríonn as aerfoirt san Aontas Eorpach. I gcás cineálacha nó leaganacha d’aerárthaí nach bhfuil sonraí liostaithe ina leith faoi láthair, is é an chaoi is fearr chun iad a léiriú ná úsáid a bhaint as sonraí a bhaineann le haerárthaí a bhíonn cosúil leo de ghnáth, agus atá liostaithe. Díorthaíodh na sonraí sin chun comhrianta torainn a ríomh i gcomhair meánfhlít nó flít ionadaíoch agus meascán tráchta ag aerfort. D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé iomchuí dearbhleibhéil torainn cineál aerárthaigh aonair a thuar agus níl sé oiriúnach chun feidhmíocht fuaime agus saintréithe cineálacha aerárthaí, samhlacha aerárthaí nó flít sonrach aerárthaí a chur i gcomparáid lena chéile. Seachas sin, chun na cineálacha aerárthaí, samhlacha aerárthaí nó an flít sonrach aerárthaí a dhéanann an torann is mó a chinneadh, breathnófar ar na deimhnithe torainn Cuimsítear leis an mbunachar sonraí ANP próifílí éirí de thalamh agus tuirlingthe réamhshocraithe amháin nó níos mó le haghaidh gach cineáil aerárthaigh atá liostaithe. Déanfar infheidhmeacht na bpróifílí sin i dtaca leis an aerfort atá á bhreithniú a scrúdú, agus cinnfear na próifílí pointe sheasta nó na céimeanna gnásúla lena dtugtar an léiriú is fearr ar na hoibríochtaí aeir ag an aerfort sin.” |
(11) |
I Roinn 2.7.11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an dara mír faoi na ceannteidil “Spré lorg”: “ ”. |
(12) |
I mír 2.7.12, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an séú fomhír agus roimh an seachtú fomhír, atá mar an fhomhír dheireanach: “Ba cheart foinse torainn an aerárthaigh a iontráil ag íosairde.1,0m (3,3troigh) os cionn leibhéal an aeradróim, nó os cionn leibhéil ingearchló talún an rúidbhealaigh, mar is ábhartha.” |
(13) |
I Roinn 2.7.13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad “Deighleoga ruthaig eitilte a thógáil”,: “2.7.13 Deighleoga ruthaig eitilte a thógáil Is gá gach ruthag eitilte a shainiú le sraith comhordanáidí deighleoige (nóid) agus paraiméadair eitilte. Is é an túsphointe comhordanáidí dheighleoga an loirg talún a chinneadh. Ansin déanfar an phróifíl eitilte a ríomh, agus é á choimeád i gcuimhne, i gcás sraith céimeanna gnásúla ar leith, go mbraitheann an phróifíl ar an lorg talún; e.g. ag an sá agus an luas céanna bíonn ráta éirí an aerárthaigh níos lú agus é ag casadh ná mar a bhíonn sé in eitilt dhíreach. Ansin déantar fodheighilt maidir leis an aerárthach ar an rúidbhealach (rothlúchán talún roimh éirí de thalamh nó rothlúchán talún tuirlingthe), agus maidir leis an aerárthach i ngar don rúidbhealach (éirí de thalamh tosaigh nó ascnamh deiridh). Ba cheart fodheighilt a dhéanamh ar dheighleoga aerbheirthe lena mbaineann luasanna an-difriúil ag a dtúsphointí agus a bpointí deiridh. Déantar comhordanáidí déthoiseacha dheighleoga an loirg talún (*) a chinneadh agus a chumasc leis an bpróifíl eitilte dhéthoiseach chun deighleoga tríthoiseacha na conaire eitilte a chruthú. Ar deireadh, bainfear aon phointí ruthaig eitilte atá róchóngarach dá chéile. Próifíl eitilte Is iad seo a leanas na paraiméadair lena sonraítear gach deighleog próifíle eitilte ag tús (iarmhír 1) agus deireadh (iarmhír 2) na deighleoige:
Chun próifíl eitilte a thógáil ó shraith céimeanna gnásúla (sintéis ruthaig eitilte), déanfar deighleoga a thógáil in ord chun na dálaí is gá a bhaint amach ag na pointí deiridh. Beidh paraiméadair pointe deiridh gach deighleoige mar pharaiméadair thúsphointe na chéad deighleoige eile. Agus sonraí aon deighleoige á ríomh, bíonn na paraiméadair ar eolas ón tús; sonraítear ag an gcéim ghnásúil na dálaí a éilítear ag an deireadh. Sainítear na céimeanna féin leis na réamhshocruithe ANP nó saineoidh an t-úsáideoir iad (e.g. ó na lámhleabhair eitilte aerárthaigh). Is iad airde agus luas na dálaí deiridh de ghnáth; is é an cúram tógála próifíle an fad loirg arna chumhdach chun na dálaí sin a bhaint amach a chinneadh. Déantar na paraiméadair neamhshainithe a chinneadh trí na ríomhanna maidir le feidhmíocht eitilte a shonraítear in Aguisín B. Má tá an lorg talún díreach, féadfar na pointí próifíle agus na paraiméadair eitilte ghaolmhara a chinneadh go neamhspleách ar an lorg talún (bíonn uillinn an chlaonta cothrom le nialas i gcónaí). Is annamh a bhíonn na loirg talún díreach áfach; áirítear castaí leo de ghnáth agus, chun na torthaí is fearr a bhaint amach, is gá iad sin a chur san áireamh agus an phróifíl eitilte dhéthoiseach á chinneadh, agus deighleoga próifíle á scoilteadh ag nóid loirg talún i gcás inar gá sin chun athruithe in uillinn an chlaonta a chur isteach. Ní bhíonn fad na chéad deighleoige eile ar eolas ag an tús go hiondúil agus déantar é a ríomh ar bhonn sealadach ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú in uillinn an chlaonta i gceist. Má fhaightear go gcumhdaítear nód loirg talún amháin nó níos mó leis an deighleog shealadach, agus an chéad cheann díobh ag s, eadhon s1 < s < s2 , déantar an deighleog a theascadh ag s, agus déantar na paraiméadair ann a ríomh le hidirshuíomh (féach thíos). Beidh siad sin mar pharaiméadair phointe deiridh na deighleoige reatha agus paraiméadair thúsphointe deighleoige nua – a mbíonn na dálaí deiridh sprice céanna fós aici. Mura bhfuil aon nód lorg talún idir eatarthu deimhnítear an deighleog shealadach. I gcás ina bhfuil sé beartaithe neamhaird a dhéanamh de na héifeachtaí a bhíonn ag castaí ar an bpróifíl eitilte, glactar réitigh na heitilte dírí le deighleog aonair cé go gcoinnítear an fhaisnéis faoi uillinn an chlaonta lena húsáid ina dhiaidh sin. Cibé acu an ndéantar éifeachtaí casta a shamhaltú go hiomlán nó nach ndéantar, gintear gach ruthag eitilte tríthoiseach trína phróifíl eitilte dhéthoiseach a chumasc lena lorg talún déthoiseach. Mar thoradh air sin, gheofar sraith tacar comhordanáidí (x,y,z), agus gach ceann acu ina nód den lorg talún deighilte, ina nód den phróifíl eitilte nó iad araon, agus tabharfar luachanna comhfhreagracha airde z, talamhluais V, uillinn an chlaonta ε agus cumhacht innill P in éineacht leis na pointí próifíle. Le haghaidh pointe loirg (x,y) atá suite idir pointí deiridh deighleoige den phróifíl eitilte, beidh na paraiméadair eitilte idirshuite mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh
Tabhair faoi deara cé go dtoimhdítear go n-athraíonn z agus ε go líneach de réir faid, toimhdítear go n-athraíonn V agus P go líneach de réir ama (eadhon luasghéarú seasmhach (**)). Nuair a bhíonn deighleoga próifíle eitilte á gcomhoiriúnú do shonraí radair (anailís ruthag eitilte) déantar na faid, airdí, luasanna agus uillinneacha an chlaonta maidir leis na pointí deiridh a chinneadh go díreach ó na sonraí; ní gá ach na socruithe cumhachta a ríomh agus na cothromóidí feidhmíochta á n-úsáid. Ós rud é go bhféadfaí comhordanáidí an loirg talún agus na próifíle eitilte a chur in oiriúint dá chéile go hiomchuí freisin, bíonn sé simplí go leor de ghnáth. Rothlúchán talún roimh éirí de thalamh Nuair a bhíonn aerárthach ag éirí de thalamh, de réir mar a luasghéaraíonn sé idir an pointe scaoilte coscán (ar a dtugtar Scaoileadh Coscán SOR freisin) agus pointe an éirí de thalamh, athraíonn an luas go mór thar fhad 1 500 go dtí 2 500 m, ó nialas go dtí idir 80 agus 100 m/s. Dá bhrí sin, roinntear an rothlúchán roimh éirí de thalamh ina dheighleoga d’fhaid éagsúla, a n-athraíonn luas an aerárthaigh thar gach ceann díobh faoi incrimint shonrach ΔV nach mó ná 10 m/s (thart ar 20 kt). Cé go mbíonn sé éagsúil le linn rothlúcháin roimh éirí de thalamh, is leor é a thoimhdiú go mbíonn luasghéarú seasmhach i gceist chun na críche sin. Sa chás sin, le haghaidh chéim an éirí de thalamh, is é V1 an luas tosaigh, is é V2 luas an éirí de thalamh, is é nTO líon na ndeighleog um éirí de thalamh agus is é sTO fad coibhéiseach an éirí de thalamh. Le haghaidh fhad coibhéiseach an éirí de thalamh sTO (féach Aguisín B) agus luas éirí de thalamh V1 agus luas éirí de thalamh VTO is ionann líon nTO na ndeighleog don rothlúchán talún agus
agus dá brí sin, is ionann an t-athrú sa treoluas feadh deighleoige agus
agus is ionann an t-am Δt ar gach deighleog agus (ag glacadh leis go bhfuil luasghéarú seasmhach ann)
Ansin is ionann fad sTO,k dheighleog k (1 ≤ k ≤ nTO) an rothlúcháin roimh éirí de thalamh agus:
Sampla: Le haghaidh fad éirí de thalamh sTO = 1 600 m, V1=0m/s agus V2 = 75 m/s, tugann sé sin nTO = 8 ndeighleog d’fhaid idir 25 agus 375 méadar (féach Fíor 2.7.g):
Ar an gcuma chéanna leis na hathruithe luais, athraíonn sá an aerárthaigh thar gach deighleog de réir incrimint sheasmhach ΔLCH., arna ríomh mar
i gcás ina n-ainmnítear sá an aerárthaigh ag pointe an éirí de thalamh agus sá an aerárthaigh ag tús an rothlúcháin roimh éirí de thalamh mar PTO agus P init faoi seach. Úsáidtear an incrimint sá thairisigh seo (seachas an chothromóid foirme cearnaí 2.7.6 a úsáid) d’fhonn a bheith comhsheasmhach leis an gcaidreamh líneach idir sá agus luas maidir le haerárthach scairdinnill. Nóta tábhachtach: Glactar go hintuigthe leis sna cothromóidí agus an sampla thuas gurb é nialas luas tosaigh an aerárthaigh ag tús na céime um éirí de thalamh. Comhfhreagraíonn sé sin don staid choiteann ina dtosaíonn an t-aerárthach ag rolladh agus ag luasghéarú ón bpointe scaoilte coscán. Bíonn cásanna ann ina bhféadfadh an t-aerárthach tosú ag luasghéarú óna luas innlithe freisin áfach, gan stopadh ag an tairseach rúidbhealaí. I gcás nach nialas é an luas tosaigh Vinit, ba cheart na cothromóidí “ginearálaithe” seo a leanas a úsáid in ionad cothromóidí 2.7.8, 2.7.9. 2.7.10 agus 2.7.11.
Sa chás sin, le haghaidh chéim an éirí de thalamh, is é V1 an luas tosaigh Vinit , is é V2 luas an éirí de thalamh VTO , is é n líon na ndeighleog um éirí de thalamh nTO , is é s an fad coibhéiseach an éirí de thalamh sTO agus is é sk fad sTO,k na deighleoige k (1[Siombal]k[Siombal]n). Rothlúchán talún tuirlingthe Cé gurb ionann an rothlúchán talún tuirlingthe agus aisiompú ar an rothlúchán talún roimh éirí de thalamh, ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh
I gcodarsnacht le fad an rothlúcháin roimh éirí de thalamh, a fhaightear ó pharaiméadair feidhmíochta an aerárthaigh, ní bhaineann an fad stoptha sstop (eadhon an fad ón bpointe tuirlingthe go dtí an pointe óna bhfágann an t-aerárthach an rúidbhealach) leis an aerárthach go sonrach. Cé go bhféadfaí íosfhad stoptha a mheas ó mhais agus feidhmíocht aerárthaigh (agus an cúlsá atá ar fáil), braitheann an fad stoptha iarbhír ar shuíomh na mbealaí innlithe freisin, agus ar an trácht, agus ar rialacháin a bhaineann go sonrach leis an aerfort maidir le húsáid cúlsá. Ní gnáthnós imeachta a bhíonn i gceist le cúlsá a úsáid – ní chuirtear i bhfeidhm é ach i gcás nach féidir an luasmhoilliú is gá a bhaint amach leis na coscáin rotha amháin. (Féadfaidh cúlsá suaitheadh fíorshuntasach a dhéanamh mar gintear torann obann mar gheall ar athrú tapa i gcumhacht innill, ó bheith ar réchasadh go socruithe cúlaithe.) Úsáidtear formhór na rúidbhealaí le haghaidh eitiltí amach chomh maith le tuirlingtí áfach, ionas go mbeadh éifeacht an-bheag ag cúlsá ar na comhrianta torainn toisc gurb é an torann a thagann ó oibríochtaí éirí de thalamh is mó a chuireann leis an bhfuinneamh fuaime foriomlán i gcóngaracht an rúidbhealaigh. Ní chuireann cúlsá rómhór le comhrianta ach nuair a bhíonn úsáid an rúidbhealaigh teoranta d’oibríochtaí tuirlingthe. Go fisiciúil, is próiseas an-chasta é torann cúlsá ach is féidir é a shamhaltú go simplí toisc nach mbíonn ach tionchar sách beag aige ar chomhrianta torainn aeir – agus an t-athrú gasta i gcumhacht innill á chur san áireamh le deighilt oiriúnach. Is léir nach bhfuil samhaltú an rothlúcháin talún tuirlingthe chomh simplí le samhaltú thorann an rothlúcháin roimh éirí de thalamh. Moltar na toimhdí samhaltaithe simplithe a leanas d’úsáid ghinearálta, i gcás nach bhfuil aon fhaisnéis mhionsonraithe ar fáil (féach Fíor 2.7.h.1).
Trasnaíonn an t-aerárthach an tairseach tuirlingthe (lena mbaineann an chomhordanáid s = 0 feadh an loirg talún ascnaimh) ag airde 50 troigh, agus ansin leanann sé ag teacht anuas ar a chonair faoileoireachta go dtí go dtuirlingíonn sé ar an rúidbhealach. Le haghaidh chonair faoileoireachta 3°, is ionann an pointe tuirlingthe agus 291 m thar an tairseach tuirlingthe (mar a léirítear i bhFíor 2.7.h.1). Ansin déantar an t-aerárthach a luasmhoilliú thar achar stoptha sstop – a dtugtar luachanna sonracha don aerárthach ina leith sa bhunachar sonraí ANP – ón luas ascnaimh deiridh Vfinal go dtí 15 m/s. Mar gheall ar na mearathruithe luais le linn na deighleoige seo ba cheart é a fhodheighilt sa bhealach céanna a ndéantar leis an rothlúchán talún roimh éirí de thalamh (nó deighleoga aerbheirthe le mearathruithe luais), agus úsáid á mbaint as na cothromóidí ginearálaithe 2.7.13 (toisc nach ionann an luas innlithe isteach agus nialas). Athraíonn cumhacht an innill ó chumhacht ascnaimh deiridh ag an bpointe tuirlingthe go dtí socrú cumhachta cúlsá Prev thar fhad 0.1•sstop , agus ansin laghdaíonn sé go dtí 10 % den uaschumhacht atá ar fáil thar an 90 % eile den fhad stoptha. Suas go dtí deireadh an rúidbhealaigh (ag s = -s RWY) fanann luas an aerárthaigh seasmhach. Níl castaí NPD le haghaidh cúlsá san áireamh sa bhunachar sonraí ANP faoi láthair agus, dá bhrí sin, is gá brath ar na castaí comhghnásacha chun an éifeacht sin a shamhaltú. De ghnáth bíonn cumhacht an chúlsá Prev cothrom le thart ar 20 % den socrú cumhachta iomlán agus moltar é sin a úsáid mura bhfuil aon fhaisnéis oibriúcháin ar fáil. Ag socrú cumhachta ar leith áfach, gintear i bhfad níos mó torainn le cúlsá ná le sá ar aghaidh agus cuirfear incrimint ΔL i bhfeidhm maidir le leibhéal an teagmhais arna dhíorthú ó NPD, ag méadú ó nialas go dtí luach ΔLrev (moltar 5 dB go sealadach (***)) feadh 0.1•sstop agus ansin ag titim go líneach go nialas feadh na coda eile den fhad stoptha. Deighilt a dhéanamh ar dheighleoga an éirí tosaigh agus an ascnaimh deiridh Athraíonn an gheoiméadracht ó dheighleog-go-breathnadóir go gasta feadh deighleoga aerbheirthe an éirí tosaigh agus an ascnaimh deiridh, go háirithe maidir le suíomhanna breathnadóirí ar thaobh an riain eitilte, i gcás ina n-athraíonn an uillinn airde (uillinn beta) go gasta freisin de réir mar a éiríonn an t-aerárthach nó mar a thagann sé anuas trí na deighleoga tosaigh/deiridh sin. Léiríonn comparáidí le ríomhanna deighleoige an-bheag, i gcás ina n-úsáidtear deighleog aerbheirthe éirí nó ascnaimh amháin (nó líon teoranta díobh) faoi bhun airde áirithe (i gcoibhneas leis an rúidbhealach) go bhfaightear comhfhogasú lag ar thorann ar thaobh an riain eitilte i gcomhair méadracht chomhtháite. Tarlaíonn sé sin toisc go gcuirtear coigeartú um maolú cliathánach aonair i bhfeidhm maidir le gach deighleog, a chomhfhreagraíonn do luach aonair na huillinne airde, atá sonrach don deighleog, cé go mbíonn athruithe suntasacha le feiceáil in éifeacht an mhaolaithe chliathánaigh feadh gach deighleoige mar gheall ar athrú gasta an pharaiméadair sin. Feabhsaítear cruinneas an ríomha trí dheighleoga aerbheirthe an éirí tosaigh agus an ascnaimh dheireanaigh a fhodheighilt. Cinntear “gráinneacht” an athraithe um maolú cliathánach a chuirfear san áireamh de réir líon na bhfodheighleog agus a bhfad. Agus aird á tabhairt ar an léiriú ar an maolú cliathánach iomlán le haghaidh aerárthaí a bhfuil a n-innill suite ar an gcabhail, is féidir a léiriú i gcás athrú teorantach i maolú cliathánach de 1.5 dB in aghaidh na fodheighleoige, gur cheart na deighleoga aerbheirthe éirí agus ascnaimh atá suite faoi bhun airde 1 289,6 m (4 231 troigh) os cionn an rúidbhealaigh a fhodheighilt bunaithe ar an tsraith luachanna airde seo a leanas:
Le haghaidh gach deighleoige bunaidh faoi bhun 1 289,6 m (4 231 troigh), cuirtear na hairdí thuas chun feidhme tríd an airde ón tsraith thuas is cóngaraí d’airde an chríochphointe bunaidh (i gcomhair deighleog éirí) nó airde an túsphointe bunaidh (i gcomhair deighleog ascnaimh) a aithint. Ansin dhéanfaí na hairdí fodheighleoige iarbhír, zi, a ríomh agus an méid seo a leanas á úsáid:
i gcás inarb amhlaidh:
Sampla le haghaidh deighleog éirí tosaigh: Más ionann airde chríochphointe na deighleoige bunaidh agus ze = 304.8 m, ansin ón tsraith luachanna airde, 214.9 m < ze < 334.9 m agus is é z’7 = 334.9 m an airde ón tsraith atá is gaire do ze. Ansin déantar airdí deiridh na fodheighleoige a ríomh le:
(agus é á thabhairt ar aird go bhfuil k =1 sa chás sin, ós rud é gur deighleog éirí bunaidh í seo) Dá bhrí sin, bheadh z1 cothrom le 17.2 m agus bheadh z2 cothrom le 37.8 m, etc. Deighleoga aerbheirthe a dheighilt Le haghaidh deighleoga aerbheirthe i gcás ina mbíonn athrú suntasach luais feadh deighleoige i gceist, déanfar é sin a fho-dheighilt cosúil leis an rothlúchán talún, eadhon
i gcás inarb ionann V1 agus V2 agus luasanna tosaigh agus deiridh na deighleoige faoi seach. Ríomhtar na paraiméadair fhodheighleoige chomhsheasmhacha ar bhealach cosúil leis an modh a úsáidtear don rothlúchán talún roimh éirí de thalamh, agus cothromóidí 2.7.9 agus 2.7.11 á n-úsáid. Lorg talún Sainítear lorg talún, cibé an lorg láir nó folorg scaipthe é, le sraith comhordanáidí (x,y) sa phlána talún (e.g. ó fhaisnéis radair) nó le seicheamh orduithe um threorialú radair lena sonraítear deighleoga díreacha agus stuanna ciorclacha (castaí le ga sainithe r agus athrú ceannteidil Δξ). Le haghaidh samhaltú deighilte, cuirtear stua in iúl le seicheamh deighleog díreach atá ceangailte d’fho-stuanna. Cé nach bhfuil siad le feiceáil go sainráite sna deighleoga loirg talún, bíonn tionchar ag leathardú aerárthaí le linn castaí ar a sainmhíniú. Mínítear in Aguisín B4 an chaoi le huillinneacha an chlaonta a ríomh le linn casadh socair ach, dar ndóigh, ní chuirtear i bhfeidhm iad ná ní bhaintear iad láithreach. Ní leagtar síos conas plé leis na hathruithe idir eitilt dhíreach agus eitilt chasta, ná idir casadh amháin agus casadh eile a thagann go díreach ina dhiaidh. Go hiondúil, is cosúil go mbeidh éifeacht dhiomaibhseach ag na sonraí, a fhágtar faoin úsáideoir (féach roinn 2.7.11), ar na comhrianta deiridh; is gá, go príomha, neamhleanúnachais ghéara ag pointí deiridh an chasaidh a sheachaint agus is féidir é sin a dhéanamh go simplí, mar shampla, trí dheighleoga athraithe gairide a chur isteach, a n-athraíonn uillinn an chlaonta go líneach le fad ag dul tharstu. Ní gá dinimic an athraithe a shamhaltú ar chaoi níos réadúla, chun uillinn an chlaonta a chur i gcoibhneas cineálacha aerárthaí ar leith agus rátaí rothlúcháin iomchuí a ghlacadh ach amháin sa chás speisialta gur dhócha go mbeadh éifeacht cheannasach ag casadh ar leith ar na comhrianta deiridh. Anseo is leor a rá go mbraitheann na fo-stuanna deiridh Δξtrans i gcasadh ar bith ar na riachtanais athraithe um uillinn an chlaonta. Déantar an chuid eile den stua agus an ceannteideal á athrú Δξ - 2·Δξtrans chéim a roinnt ina bhfo-stuanna nsub de réir na cothromóide:
i gcás inarb ionann int(x) agus feidhm a thugann an chuid slánuimhreach de x. Ansin déantar an t-athrú ceannteidil Δξ sub i gcomhair gach fo-stua a ríomh mar
i gcás inar gá do nsub a bheith mór go leor chun a áirithiú go bhfuil Δξ sub ≤ 10 gcéim. Léirítear deighilt stua (seachas na fodheighleoga athraithe críochta) i bhFíor 2.7.h.2 (****).
A luaithe a bhunaítear deighleoga an riain talún sa phlána x-y, ansin déantar deighleoga na próifíle eitilte (sa phlána s-z) a fhorleagan chun na deighleoga tríthoiseacha (x, y, z) a chruthú. Ba cheart an lorg talún a bheith ag síneadh ón rúidbhealach níos faide amach ná achar na greille ríomha i gcónaí. Féadfar é sin a dhéanamh, más gá, trí dheighleog dhíreach ar fhad oiriúnach a chur leis an deighleog dheireanach den lorg talún. Ní mór fad iomlán na próifíle eitilte, agus é coinbhéirsithe leis an rian talún, a bheith ag síneadh ón rúidbhealach níos faide ná achar na greille ríomha freisin. Is féidir é sin a bhaint amach trí phointe próifíle breise a chur léi más gá:
Coigeartuithe deighilte na ndeighleog aerbheirthe Nuair a dhíorthaítear na deighleoga ruthaig eitilte 3T de réir an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i Roinn 2.7.13, d’fhéadfadh gá a bheith le tuilleadh coigeartuithe deighilte chun pointí ruthaig eitilte atá róchóngarach dá chéile a bhaint. Nuair a bhíonn pointí cóngaracha laistigh de 10 méadar óna chéile, agus go bhfuil na luasanna agus sáite lena mbaineann mar an gcéanna, ba cheart ceann de na pointí a chur as an áireamh.” (*) Chun na críche sin, ba cheart fad foriomlán an loirg talún a bheith níos mó ná lorg talún na próifíle eitilte sin. Féadfar é sin a dhéanamh, más gá, trí dheighleoga díreacha ar fhaid oiriúnacha a chur leis an deighleog dheireanach den lorg talún." (**) Fiú má fhanann socruithe cumhachta innill seasmhach feadh deighleoige, féadfaidh athrú teacht ar an bhfórsa tiomána agus an luasghéarú mar gheall ar athrú sa dlús aeir de réir airde. Chun críocha an tsamhaltaithe torainn, bíonn na hathruithe sin diomaibhseach de ghnáth áfach." (***) Moladh é sin san eagrán deireanach de ECAC Doic 29 agus meastar go bhfuil sé fós sealadach mar táthar ag feitheamh ar tuilleadh sonraí comhthacaíocha ó thrialacha." (****) Nuair a shainmhínítear é sa chaoi shimplí sin, tá fad iomlán na conaire deighilte beagán níos lú ná fad iomlán na conaire ciorclaí. Tá an earráid chomhriain iarmhartach diomaibhseach má tá na hincrimintí uilleacha faoi bhun 30° áfach." |
(14) |
Roinn 2.7.16. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad “Leibhéil teagmhais a chinneadh ó shonraí NPD”: “2.7.16 Leibhéil teagmhais a chinneadh ó shonraí NPD Is é an bunachar sonraí idirnáisiúnta maidir le Feidhmíocht agus Torann Aerárthaí (ANP) an phríomhfhoinse sonraí maidir le torann aerárthaí. Táblaítear leis sin Lmax agus LE mar fheidhmeanna d’fhad forleata d - i gcomhair cineálacha aerárthaí, leaganacha, cumraíochtaí eitilte (ascnamh, imeacht, socruithe flapa sciatháin), agus socruithe cumhachta sonracha P. Baineann siad le heitilt sheasta ag luasanna tagartha sonracha Vref feadh ruthag eitilte díreach gan teorainn go barúlach (*). Tabharfar tuairisc níos déanaí ar an gcaoi a ndéantar luachanna na n-athróg neamhspleách P agus d a shonrú. I gcuardach aonair, le luachanna ionchuir P agus d, is iad na luachanna aschuir a bhíonn ag teastáil na leibhéil bhonnlíne Lmax(P,d) agus/nó LE ∞(P,d) (is infheidhme maidir le ruthag eitilte gan teorainn). Mura dtarlaíonn sé go bhfuil na luachanna i bhfoirm tábla i gcomhair P agus/nó d go díreach, beidh gá an leibhéal/na leibhéil torainn teagmhais atá riachtanach a mheas trí idirshuíomh. Úsáidtear idirshuíomh líneach idir socruithe cumhachta i bhfoirm tábla, ach úsáidtear idirshuíomh logartamach idir faid i bhfoirm tábla (féach Fíor 2.7.i).
Má tá Pi agus Pi+ 1 ina luachanna cumhachta innill dá gcuirtear sonraí faoin leibhéal torainn i gcoinne faid i bhfoirm tábla, tugtar an leibhéal torainn L(P) ag fad ar leith i gcomhair cumhacht idirmheánach P, idir Pi agus Pi+ 1 ,le:
Más rud é, ag aon socrú cumhachta, gurb ionann di agus di+ 1 agus faid a gcuirtear sonraí torainn i bhfoirm tábla ina leith, tugtar an leibhéal torainn L(d) i gcomhair fad idirmheánach d, idir di agus di+ 1 le
Trí na cothromóidí (2.7.19) agus (2.7.20) a úsáid, is féidir leibhéal torainn L(P,d) a fháil i gcomhair aon socrú cumhachta P agus aon fhad d a thagann faoi chuimsiú an bhunachair sonraí NPD. Le haghaidh fad d atá suite lasmuigh den imchlúdach NPD, úsáidtear cothromóid 2.7.20 chun eachtarshuí a dhéanamh ón dá luach dheireanacha, eadhon isteach ó L(d1) agus L(d2) nó amach ó L(dI-1) agus L(dI) i gcás inarb ionann I agus líon iomlán na bpointí NPD ar an gcuar. Dá réir sin Isteach:
Amach:
Ós rud é, ag faid ghearra d, go méadaíonn leibhéil torainn an-tapa ar fad le fad iomadaithe laghdaitheach, moltar go gcuirfear íosteorainn de 30 m ar d, eadhon d = max(d, 30 m). Coigeartú coiscis na ngnáthshonraí NPD Déantar na sonraí NPD arna soláthar sa bhunachar sonraí ANP a normalú chun tagairt a dhéanamh do dhálaí atmaisféir (teocht 25 °C agus brú 101.325 kPa). Sula gcuirfear an modh idirshuite/eachtarshuite ar tugadh tuairisc air cheana i bhfeidhm, cuirfear coigeartú fuaimchoiscis i bhfeidhm maidir leis na gnáthshonraí NPD sin. Baineann fuaimchoisceas le hiomadú fuaimthonnta i meán fuaime, agus sainítear é mar tháirgeadh an dlúis aeir agus an luais fuaime. Le haghaidh fuaimdhéine ar leith (cumhacht in aghaidh an achair aonaid) a bhraitear ag fad sonrach ón bhfoinse, braitheann an fuaimbhrú lena mbaineann (a úsáidtear chun méadracht SEL agus LAmax a shainiú) ar fhuaimchoisceas an aeir ag suíomh an tomhais. Is feidhm é de theocht, brú atmaisféir (agus fíorairde go hindíreach). Dá bhrí sin, is gá gnáthshonraí NPD an bhunachair sonraí ANP a choigeartú chun an teocht iarbhír agus na dálaí brú ag an nglacadóir torainn a chur san áireamh, a bhíonn difriúil le dálaí normalaithe na sonraí ANP de ghnáth. Léirítear an coigeartú coiscis a chuirfear i bhfeidhm maidir leis na gnáthleibhéil NPD mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
Ríomhtar coisceas ρ·c mar a leanas:
Bíonn an coigeartú fuaimchoiscis níos lú ná cúpla deichiú de dB amháin de ghnáth. Go háirithe, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi ghnáthdhálaí an atmaisféir (p0 = 101.325 kPa agus T0 = 15.0 °C), gurb ionann an coigeartú fuaimchoiscis agus níos lú ná 0.1 dB (0.074 dB). Nuair a bhíonn athrú suntasach sa teocht agus sa bhrú atmaisféarach i gcoibhneas le dálaí tagartha atmaisféir na sonraí NPD, féadfar coigeartú níos substaintiúla a dhéanamh áfach. (*) Cé go bhfuil an coincheap de ruthag eitilte fada gan teorainn tábhachtach chun leibhéal neamhchosanta ar thorann an teagmhais LE a shainiú, níl sé chomh hábhartha sin maidir le huasleibhéal imeachta Lmax arna rialú ag an torann a dhéanann an t-aerárthach nuair a bhíonn sé ag suíomh áirithe ag a phointe ascnaimh is cóngaraí don bhreathnadóir nó i ngar don phointe sin. Chun críocha samhaltaithe, glactar leis an íosfhad idir an breathnadóir agus an deighleog mar pharaiméadar faid NPD”." |
(15) |
I Roinn 2.7.18. “Paraiméadair dheighleog an ruthaig eitilte”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre faoi na ceannteidil “Cumhacht deighleoige P”: “Cumhacht deighleoige P Tugtar tuairisc leis na sonraí NPD i bhfoirm tábla ar thorann aerárthaigh atá ag eitilt go díreach ar bhonn seasta ar ruthag eitilte gan teorainn, is é sin le rá, ag cumhacht innill sheasmhach P. Bristear ruthaig eitilte iarbhír leis an modheolaíocht a mholtar, a mbíonn luas agus treo éagsúil i gceist orthu, i líon deighleoga críochta, agus ansin tógtar gach ceann acu mar chuid de ruthag eitilte aonfhoirmeach, gan teorainn, a mbíonn na sonraí NPD bailí ina leith. Ach déantar foráil leis an modheolaíocht d’athruithe cumhachta feadh fhad na deighleoige; glactar leis go n-athraíonn sé go cearnach le fad ó P1 ag tús na deighleoige go dtí P2 ag an deireadh. Dá bhrí sin, is gá luach deighleoige seasmhach coibhéiseach P a shainiú. Glactar leis sin mar an luach ag an bpointe is gaire don bhreathnadóir ar an deighleog. Má tá an breathnadóir le taobh na deighleoige (Fíor 2.7.k) faightear é trí idirshuíomh mar a thugtar le cothromóid 2.7.8 idir na luachanna deiridh, eadhon
Má tá an breathnadóir taobh thiar den deighleog nó roimpi, is é an luach ag an bpointe deiridh is gaire, P1 nó P2 .” |
(16) |
Leasaítear Roinn 2.7.19 mar a leanas:
|
(17) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2.8: “2.8 Neamhchosaint ar thorann An t-achar atá neamhchosanta ar thorann a chinneadh Bíonn measúnú an achair atá neamhchosanta ar thorann bunaithe ar phointí measúnaithe torainn ag 4 m ± 0.2 os cionn na talún, a chomhfhreagraíonn do na pointí glacadóra torainn mar a shainmhínítear in 2.5, 2.6 agus 2.7, arna ríomh ar ghreille le haghaidh foinsí aonair. Sannfar toradh leibhéil torainn do phointí greille atá suite laistigh d’fhoirgnimh trí na pointí glacadóra torainn cóngaracha is ciúine lasmuigh de na foirgnimh a shannadh dóibh, ach amháin i gcás torann aerárthaigh ina ndéantar an ríomh gan foirgnimh a chur san áireamh agus sa chás sin úsáidtear an pointe glacadóra torainn laistigh den fhoirgneamh go díreach. Ag brath ar thaifeach na greille, sanntar an t-achar comhfhreagrach do gach pointe ríomha sa ghreille. Mar shampla, i gcás greille 10 m x 10 m, is ionann gach pointe measúnaithe agus achar 100 méadar cearnach atá neamhchosanta ar an leibhéal torainn arna ríomh. Pointí measúnaithe torainn a shannadh d’fhoirgnimh nach bhfuil teaghaisí iontu Bíonn an measúnú ar neamhchosaint ar thorann foirgnimh nach bhfuil teaghaisí iontu, cosúil le scoileanna agus ospidéil, bunaithe ar phointí measúnaithe torainn ag 4 m ± 0.2 m os cionn na talún, a chomhfhreagraíonn do na pointí glacadóra torainn mar a shainmhínítear in 2.5, 2.6 agus 2.7. Chun measúnú a dhéanamh ar fhoirgnimh nach bhfuil teaghaisí iontu agus atá neamhchosanta ar thorann aerárthaí, comhcheanglófar gach foirgneamh leis an bpointe glacadóra torainn ag a bhfuil an torann is mó laistigh den fhoirgneamh féin nó, mura bhfuil a leithéid ann, ar an ngreille mórthimpeall an fhoirgnimh. Chun measúnú a dhéanamh ar fhoirgnimh nach bhfuil teaghaisí iontu agus atá neamhchosanta ar fhoinsí torainn talún, cuirtear pointí glacadóra torainn thart ar 0.1 m os comhair aghaidheanna na bhfoirgneamh. Déanfar frithchaitheamh ón aghaidh atá á mheas a eisiamh ón ríomh. Ansin comhcheanglófar an foirgneamh leis an bpointe glacadóra torainn ag a bhfuil an torann is mó ar a aghaidh. Neamhchosaint ar thorann na dteaghaisí agus na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí a chinneadh Ní chuirfear ach foirgnimh chónaithe san áireamh agus neamhchosaint ar thorann teaghaisí agus neamhchosaint na ndaoine atá ina gcónaí sna teaghaisí sin ar thorann á measúnú. Ní shannfar aon teaghaisí ná daoine d’fhoirgnimh eile nach n-úsáidtear mar fhoirgnimh chónaithe, amhail foirgnimh a úsáidtear go heisiach mar scoileanna, ospidéil, foirgnimh oifige nó monarchana. Beidh sannadh na dteaghaisí, agus na ndaoine atá ina gcónaí sna teaghaisí, do na foirgnimh chónaithe bunaithe ar na sonraí oifigiúla is déanaí (ag brath ar rialacháin ábhartha an Bhallstáit féin). Is paraiméadair thábhachtacha idirmheánacha iad líon na dteaghaisí, agus líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí, i bhfoirgnimh chónaithe, chun neamhchosaint ar thorann a mheas. Ní bhíonn sonraí ar na paraiméadair sin ar fáil i gcónaí áfach. Sonraítear thíos conas is féidir na paraiméadair sin a fháil ó shonraí atá ar fáil go héasca. Is iad seo a leanas na siombailí a úsáidtear: BA = bonn-achar an fhoirgnimh DFS = spás urláir na teaghaise DUFS = spás urláir an aonaid teaghaise H = airde an fhoirgnimh FSI = spás urláir teaghais in aghaidh an duine ina chónaí sna teaghaisí Dw = líon na dteaghaisí Inh = líon na ndaoine ina gcónaí i dteaghaisí NF = líon na n-urlár V = toirt na bhfoirgneamh cónaithe Chun líon na dteaghaisí, agus líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí, a ríomh úsáidfear nós imeachta Chás 1 nó nós imeachta Chás 2 mar a leanas, faoi réir infhaighteacht na sonraí. Cás 1: tá sonraí ar fáil faoi líon na dteaghaisí agus líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí 1A: Tá líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí ar eolas nó rinneadh é a mheas ar bhonn líon na n-aonad teaghaise. Sa chás sin, is ionann líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí le haghaidh foirgnimh agus suim líon na ndaoine atá ina gcónaí sna haonaid teaghaise uile san fhoirgneamh:
1B: Ní bhíonn líon na dteaghaisí ná líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí ar eolas ach le haghaidh eintitis atá níos mó ná foirgneamh, e.g., limistéir áirimh, bloic chathrach, ceantair nó fiú bardasacht iomlán. Sa chás sin, déantar líon na dteaghaisí, agus líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí, i bhfoirgneamh ar leith a mheas bunaithe ar thoirt an fhoirgnimh:
Baineann an t-innéacs ’iomlán’ anseo leis an eintiteas faoi seach atá á mheasúnú. Is ionann toirt an fhoirgnimh agus an toradh a fhaightear óna bhonn-achar agus a airde:
Mura bhfuil airde an fhoirgnimh ar eolas, déanfar é a mheas bunaithe ar líon na n-urlár NFbuilding , ag glacadh le meánairde 3 m in aghaidh an urláir:
Mura bhfuil líon na n-urlár ar eolas ach an oiread, úsáidfear luach réamhshocraithe i gcomhair líon na n-urlár, a bheidh ionadaíoch ar an gceantar nó an bhuirg. Déantar toirt iomlán na bhfoirgneamh cónaithe san eintiteas a mheastar mar Vtotal a ríomh mar shuim thoirteanna na bhfoirgneamh cónaithe uile san eintiteas: (2.8.5)
Cás 2: níl aon sonraí ar fáil faoi líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí Sa chás sin, déantar líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí a mheas bunaithe ar an meánspás urláir teaghaise in aghaidh an duine atá ina chónaí i dteaghaisí FSI. Mura bhfuil an paraiméadar sin ar eolas, úsáidfear luach réamhshocraithe. 2A: Tá an spás urláir teaghaise ar eolas ar bhonn na n-aonad teaghaise. Sa chás sin, déantar líon na ndaoine atá ina gcónaí in aonad teaghaise a mheas mar a leanas:
Is féidir líon iomlán na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí le haghaidh an fhoirgnimh a mheas ansin cosúil le Cás 1A. 2B: Tá an spás urláir teaghaise ar eolas maidir leis an bhfoirgneamh ina iomláine, i.e. tá suim na spásanna urláir teaghaise sna haonad teaghaise uile san fhoirgneamh ar eolas. Sa chás sin, déantar líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí a mheas mar a leanas:
2C: Níl an spás urláir teaghaise ar eolas ach le haghaidh eintitis atá níos mó ná foirgneamh, e.g., limistéir áirimh, bloic chathrach, ceantair nó fiú bardasacht iomlán. Sa chás sin, déantar líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí le haghaidh foirgnimh ar leith a mheas bunaithe ar thoirt an fhoirgnimh mar a thuairiscítear i gCás 1B agus meastar líon iomlán na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí mar a leanas:
2D: Níl an spás urláir teaghaise ar eolas. Sa chás sin, déantar líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí le haghaidh foirgnimh ar leith a mheas mar a thuairiscítear i gCás 2B agus meastar an spás urláir teaghaise mar a leanas: (2.8.9)
Is ionann fachtóir 0.8 agus an fachtóir coinbhéartachta achar urláir comhlán → spás urláir teaghaise. Más eol gur féidir an t-achar a léiriú le fachtóir eile úsáidfear é sin ina ionad agus déanfar é sin a thuairisciú go soiléir. Mura bhfuil líon na n-urlár san fhoirgneamh ar eolas, déanfar é a mheas bunaithe ar airde an fhoirgnimh Hbuilding , as a mbaintear líon urlár nach slánuimhir é de ghnáth:
Mura bhfuil airde an fhoirgnimh ná líon na n-urlár ar eolas, úsáidfear luach réamhshocraithe i gcomhair líon na n-urlár, a bheidh ionadaíoch ar an gceantar nó an bhuirg. Pointí measúnaithe torainn a shannadh do theaghaisí agus do dhaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí Bíonn an measúnú ar neamhchosaint ar thorann teaghaisí, agus na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí, bunaithe ar phointí measúnaithe torainn ag 4 m ± 0.2 m os cionn na talún, a chomhfhreagraíonn do na pointí glacadóra torainn mar a shainmhínítear in 2.5, 2.6 agus 2.7. Chun líon na dteaghaisí, agus líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí a mheas le haghaidh torann aerárthaí, comhcheanglófar gach teaghais, agus daoine ina gcónaí i dteaghaisí, laistigh d’fhoirgneamh a bhaineann leis an bpointe glacadóra torainn ag a bhfuil an torann is mó laistigh den fhoirgneamh féin nó, mura bhfuil a leithéid ann, ar an ngreille mórthimpeall an fhoirgnimh. Chun líon na dteaghaisí, agus líon na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí a mheas le haghaidh foinsí torainn talún, cuirtear pointí glacadóra torainn thart ar 0.1 m os comhair aghaidheanna na bhfoirgneamh cónaithe. Déanfar frithchaitheamh ón aghaidh atá á mheas a eisiamh ón ríomh. Úsáidfear nós imeachta Chás 1 nó nós imeachta Chás 2 mar a leanas chun na pointí glacadóra torainn a aimsiú. Cás 1: aghaidheanna arna ndeighilt ina n-eatraimh thráthrialta ar gach aghaidh
Cás 2: aghaidheanna arna ndeighilt ag achar socraithe ó thús an pholagáin
Teaghaisí agus daoine atá ina gcónaí i dteaghaisí a shannadh do phointí glacadóra torainn I gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil faoi shuíomh teaghaisí laistigh d’achair foirgnimh, sanntar an teaghais sin agus na daoine atá ina gcónaí sa teaghais sin don phointe glacadóra torainn ag an aghaidh is neamhchosanta den teaghais sin. Mar shampla, maidir le tithe scoite, tithe leathscoite agus tithe sraithe, nó foirgnimh árasáin, i gcás nach bhfuil deighilt inmheánach an fhoirgnimh ar eolas, nó maidir le foirgnimh a bhfuil achar urláir acu a léiríonn go bhfuil teaghais amháin ar gach leibhéal urláir, nó maidir le foirgnimh a bhfuil achar urláir agus airde acu a léiríonn go bhfuil teaghais amháin in aghaidh an fhoirgnimh i gceist. I gcás nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil maidir le suíomh teaghaisí laistigh d’achar foirgnimh mar atá mínithe thuas, úsáidfear ceann den dá mhodh seo a leanas, de réir mar is iomchuí, de réir an fhoirgnimh chun neamhchosaint ar thorann na dteaghaisí agus na ndaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí laistigh de na foirgnimh a mheas.
(*) Is ionann an luach airmheánach agus an luach lena ndeighltear an leath uachtarach (50 %) ón leath íochtarach (50 %) den tacar sonraí." (**) Féadfar an leath íochtarach den tacar sonraí a chomhshamhlú i gcás ina bhfuil aghaidheanna sách ciúin ann. I gcás ina bhfuil sé ar eolas roimh ré, e.g. bunaithe ar shuíomh na bhfoirgneamh i gcoibhneas leis na foinsí torainn is mó, cad iad na suíomhanna glacadóra torainn ag a mbeidh na leibhéil torainn is airde / is ísle, ní gá an torann a ríomh don leath íochtarach." |
(18) |
Leasaítear Aguisín D mar a leanas:
|
(19) |
Leasaítear Aguisín F mar a leanas:
|
(20) |
Leasaítear Aguisín G mar a leanas:
|
(21) |
Leasaítear Aguisín I mar a leanas:
|
(*) Chun na críche sin, ba cheart fad foriomlán an loirg talún a bheith níos mó ná lorg talún na próifíle eitilte sin. Féadfar é sin a dhéanamh, más gá, trí dheighleoga díreacha ar fhaid oiriúnacha a chur leis an deighleog dheireanach den lorg talún.
(**) Fiú má fhanann socruithe cumhachta innill seasmhach feadh deighleoige, féadfaidh athrú teacht ar an bhfórsa tiomána agus an luasghéarú mar gheall ar athrú sa dlús aeir de réir airde. Chun críocha an tsamhaltaithe torainn, bíonn na hathruithe sin diomaibhseach de ghnáth áfach.
(***) Moladh é sin san eagrán deireanach de ECAC Doic 29 agus meastar go bhfuil sé fós sealadach mar táthar ag feitheamh ar tuilleadh sonraí comhthacaíocha ó thrialacha.
(****) Nuair a shainmhínítear é sa chaoi shimplí sin, tá fad iomlán na conaire deighilte beagán níos lú ná fad iomlán na conaire ciorclaí. Tá an earráid chomhriain iarmhartach diomaibhseach má tá na hincrimintí uilleacha faoi bhun 30° áfach.
(*) Cé go bhfuil an coincheap de ruthag eitilte fada gan teorainn tábhachtach chun leibhéal neamhchosanta ar thorann an teagmhais LE a shainiú, níl sé chomh hábhartha sin maidir le huasleibhéal imeachta Lmax arna rialú ag an torann a dhéanann an t-aerárthach nuair a bhíonn sé ag suíomh áirithe ag a phointe ascnaimh is cóngaraí don bhreathnadóir nó i ngar don phointe sin. Chun críocha samhaltaithe, glactar leis an íosfhad idir an breathnadóir agus an deighleog mar pharaiméadar faid NPD”.
(*) Tugtar an ceartúchán ré air sin toisc go ndéantar foráil ann d’éifeachtaí luas an aerárthaigh ar ré an teagmhais fuaime – agus an toimhde shimplí á cur chun feidhme, agus gach ní eile mar a chéile, go bhfuil an ré, agus dá bhrí sin an fuinneamh fuaime a fhaightear ón teagmhas, comhréireach go hinbhéartach le treoluas na foinse.”
(*) Is ionann an luach airmheánach agus an luach lena ndeighltear an leath uachtarach (50 %) ón leath íochtarach (50 %) den tacar sonraí.
(**) Féadfar an leath íochtarach den tacar sonraí a chomhshamhlú i gcás ina bhfuil aghaidheanna sách ciúin ann. I gcás ina bhfuil sé ar eolas roimh ré, e.g. bunaithe ar shuíomh na bhfoirgneamh i gcoibhneas leis na foinsí torainn is mó, cad iad na suíomhanna glacadóra torainn ag a mbeidh na leibhéil torainn is airde / is ísle, ní gá an torann a ríomh don leath íochtarach.”