EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2098

Cinneadh (AE) 2021/2098 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

ST/14026/2021/INIT

OJ L 427, 30.11.2021, p. 194–195 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2098/oj

30.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 427/194


CINNEADH (AE) 2021/2098 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle (1), tugadh isteach maolú míosa amháin ar Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) a mhéid a bhaineann le cinntí chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) na cinntí sin. Rinneadh foráil don mhaolú sin go dtí an 23 Aibreán 2020.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2020/430, foráiltear, más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, go bhféadfaidh an Chomhairle an Cinneadh sin a athnuachan. An 21 Aibreán 2020, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/556 (3), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimhse bhreise míosa ón 23 Aibreán 2020. Rinneadh foráil don síneadh sin leis an maolú go dtí an 23 Bealtaine 2020. An 20 Bealtaine 2020, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/702 (4), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go dtí an 10 Iúil 2020. An 3 Iúil 2020, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/970 (5), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 10 Meán Fómhair 2020. An 4 Meán Fómhair 2020, trí bhíthin Chinneadh Cinneadh (AE) 2020/1253 (6), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 10 Samhain 2020. An 6 Samhain 2020, tri bhíthin Chinneadh (AE) 2020/1659 (7), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 15 Eanáir 2021. An 12 Eanáir 2021, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/26 (8), chuir an Comhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 19 Márta 2021. An 12 Márta 2021, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/454 (9), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 21 Bealtaine 2021. An 20 Bealtaine 2021, chuir an Comhairle, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/825 (10), síneadh leis an maolú sin go dtí an 16 Iúil 2021. An 12 Iúil 2021, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/1142 (11), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2021. An 24 Meán Fómhair 2021, chuir an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/1725 (12), síneadh leis an maolú sin go dtí an 30 Samhain 2021.

(3)

Ós rud é gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19, agus do roinnt bearta coisctheacha agus srianta urghnácha arna ndéanamh ag Ballstáit fós i bhfeidhm, is gá síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430, ar cuireadh síneadh leis le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970, (AE) 2020/1253, (AE) 2020/1659, (AE) 2021/26, (AE) 2021/454, (AE) 2021/825, (AE) 2021/1142 agus (AE) 2021/1725, go ceann tréimhse theoranta bhreise go dtí an 28 Feabhra 2022.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh breise leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go dtí an 28 Feabhra 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh an phaindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88 I, 24.3.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/556 ón gComhairle an 21 Aibreán 2020 lena gcuirtear síneadh leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh an phaindéim COVID-19 san Aontas (IO L 128 I, 23.4.2020, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/702 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 165, 27.5.2020, lch. 38).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/970 ón gComhairle an 3 Iúil 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 agus (AE) 2020/702, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 216, 7.7.2020, lch. 1).

(6)  Cinneadh (AE) 2020/1253 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702 agus (AE) 2020/970, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 294, 8.9.2020, lch. 1).

(7)  Cinneadh (AE) 2020/1659 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970 agus (AE) 2020/1253, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 376, 10.11.2020, lch. 3).

(8)  Cinneadh (AE) 2021/26 ón gComhairle an 12 Eanáir 2021 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus ar cuireadh síneadh leis le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970, (AE) 2020/1253 agus (AE) 2020/1659, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 11, 14.1.2021, lch. 19).

(9)  Cinneadh (AE) 2021/454 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 89, 16.3.2021, lch. 15).

(10)  Cinneadh (AE) 2021/825 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 183, 25.5.2021, lch. 40).

(11)  Cinneadh (AE) 2021/1142 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 247, 13.7.2021, lch. 91).

(12)  Cinneadh (AE) 2021/1725 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2021 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 344, 29.9.2021, lch. 5).


Top