Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017L1564

Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise

OJ L 242, 20.9.2017, p. 6–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1564/oj

20.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


TREOIR (AE) 2017/1564 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2017

maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le gníomhartha dlí an Aontais i réimse an chóipchirt agus cearta gaolmhara, foráiltear do dheimhneacht dhlíthiúil agus ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt agus is creat dlí comhchuibhithe atá iontu. Rannchuidítear leis an gcreat sin le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus spreagtar leis nuálaíocht, cruthú, infheistíocht agus táirgeadh ábhar nua, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach. Tá sé mar aidhm aige freisin rochtain ar eolas agus ar chultúr a chur chun cinn trí shaothair agus ábhar eile a chosaint agus trí eisceachtaí nó teorainneacha atá chun leasa an phobail a cheadú. Ba cheart cothromaíocht chóir idir sealbhóirí cirt agus úsáideoirí a chosaint.

(2)

Le Treoracha 96/9/CE (3), 2001/29/CE (4), 2006/115/CE (5) agus 2009/24/CE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle déantar cearta na sealbhóirí cirt i réimse an chóipchirt agus cearta gaolmhara a chomhchuibhiú. Déantar foráil sna Treoracha sin, in éineacht le Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), do liosta uileghabhálach eisceachtaí agus teorainneacha maidir leis na cearta sin, a fhágann gur féidir ábhar a úsáid gan údarú ó na sealbhóirí cirt a bheith ann faoi choinníollacha áirithe chun cuspóirí beartais áirithe a bhaint amach.

(3)

Tá bacainní fós os comhair daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile maidir le rochtain a fháil ar leabhair agus ar ábhair chlóite eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara. Agus cearta daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile á gcur san áireamh mar a aithnítear iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (an “UNCRPD”), ba cheart bearta a dhéanamh chun infhaighteacht leabhar agus ábhair chlóite eile atá i gcóipeanna i bhformáidí inrochtana a mhéadú agus á gcúrsaíocht laistigh den mhargadh inmheánach a fheabhsú.

(4)

Síníodh Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar Bhealach Eile (“Conradh Marrakech”) thar ceann an Aontais an 30 Aibreán 2014 (8). Is é is aidhm dó feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar mhalartú trasteorann saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta agus atá i bhformáidí inrochtana do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile. Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar pháirtithe conarthacha eisceachtaí nó teorainneacha a sholáthar ar chearta sealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar maidir le cóipeanna, i bhformáidí inrochtana, de shaothair áirithe agus ábhar chosanta eile a dhéanamh agus a scaipeadh agus chun na cóipeanna sin a mhalartú trasna teorainneacha. Ceanglaítear le Conradh Marrakech, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas, dlí an Aontais a oiriúnú trí eisceacht shainordaitheach agus chomhchuibhithe a bhunú d'úsáidí, do shaothair agus do dhaoine is tairbhithe a chumhdaítear sa chonradh sin.

(5)

De réir Thuairim 3/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (9), caithfear na eisceachtaí nó na teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara i dtaca le cóipeanna de shaothair áirithe agus d'ábhar eile a dhéanamh agus a scaipeadh i bhformáidí inrochtana, dá bhforáiltear i gConradh Marrakech, a chur chun feidhme laistigh den réimse a chomhchuibhítear le Treoir 2001/29/CE.

(6)

Leis an Treoir seo, déantar na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag an Aontas faoi Chonradh Marrakech a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe, d'fhonn a áirithiú go gcuirtear na bearta comhfhreagracha i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Treoir seo d'eisceacht sainordaitheach maidir leis na cearta atá comhchuibhithe ag dlí an Aontais agus atá ábhartha do na húsáidí agus do na saothair a chumhdaítear i gConradh Marrakech. Áirítear go háirithe leis na cearta sin, cearta maidir le hatáirgeadh, cur in iúl don phobal, cur ar fáil don phobal, dáileadh agus iasachtú, dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE, i dTreoir 2006/115/CE, agus i dTreoir 2009/24/CE, mar aon leis na cearta comhfhreagracha dá bhforáiltear le Treoir 96/9/CE. Ós rud é go n-áirítear saothair i bhformáidí fuaime, amhail closleabhair, i raon feidhme na n-eisceachtaí nó na teorainneacha a cheanglaítear le Conradh Marrakech, ba cheart feidhm a bheith ag an eisceacht shainordaitheach dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le cearta gaolmhara.

(7)

Baineann an Treoir seo le daoine dalla, daoine atá faoi mhallachar amhairc nach féidir a fheabhsú sa chaoi is go mbeidh feidhm amhairc acu atá coibhéiseach go substaintiúil le feidhm amhairc duine nach bhfuil an mallachar sin orthu, daoine atá faoi mhíchumas aireachtála agus léitheoireachta, lena n-áirítear disléicse nó aon mhíchumas foghlama eile, lena gcuirtear cosc orthu saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna, go substaintiúil, le daoine nach bhfuil faoin míchumas sin, agus daoine nach bhfuil ábalta, mar thoradh ar mhíchumas coirp, breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil, nó nach bhfuil ábalta a súile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht, a mhéid nach bhfuil na daoine sin ábalta, mar thoradh ar mhallachair nó ar mhíchumais den chineál sin, saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le daoine nach bhfuil mallachair ná míchumais den sórt sin orthu. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm ag an Treoir seo feabhas a chur ar infhaighteacht leabhar, lena n-áirítear ríomhleabhair, irisleabhair, nuachtáin, irisí agus scríbhinní eile, nodaireachtaí, lena n-áirítear bileoga ceoil agus ábhair chlóite eile, lena n-áirítear ábhar i bhfoirm fuaime, cibé an ábhar digiteach nó analógach atá i gceist, ar líne nó as líne, i bhformáidí a thugann rochtain ar na saothair agus ar an ábhar eile sin do na daoine sin go dtí an leibhéal céanna, go substaintiúil, le daoine nach bhfuil faoi mhallachar nó faoi mhíchumas mar sin. Ar fhormáidí inrochtana áirítear, mar shampla, Braille, cló mór, ríomhleabhair oiriúnaithe, closleabhair agus craoltaí raidió.

(8)

Ba cheart go gcuirfeadh an eisceacht shainordaitheach dá bhforáiltear sa Treoir seo srian ar an gceart atáirgthe a fhágfaidh gur féidir le haon ghníomh, a bhfuil gá leis, a bheith ann d'fhonn saothar nó ábhar eile a athrú nó a thiontú nó a oiriúnú ar bhealach a chruthaíonn cóip i bhformáid inrochtana a chuireann ar chumas na ndaoine is tairbhithe rochtain a fháil ar an saothar nó ar an ábhar eile sin. Áirítear leis seo na hacmhainní is gá a sholáthar chun déileáil le faisnéis atá i gcóip i bhformáid inrochtana. Áirítear leis freisin athruithe a d'fhéadfadh a bheith riachtanach i gcásanna inar féidir le daoine áirithe is tairbhithe rochtain a fháil cheana ar fhormáid de shaothar nó d'ábhar eile ach nach féidir le daoine eile is tairbhithe, mar thoradh ar mhíchumais nó ar mhallachair éagsúla nó ar an leibhéal éagsúil míchumais nó mallachair den chineál sin.

(9)

Ba cheart a áireamh leis na húsáidí ceadaithe a leagtar síos sa Treoir seo go mbeadh cóipeanna i bhformáid inrochtana á ndéanamh ag na daoine is tairbhithe nó ag eintitis údaraithe a fhreastalaíonn ar a riachtanais, bíodh na heintitis údaraithe sin ina n-eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha, go háirithe leabharlanna, forais oideachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha eile agus bídís ina n-eintitis údaraithe a fhreastalaíonn ar dhaoine faoi mhallachar cló nó faoi mhíchumas cló mar phríomhghníomhaíocht nó mar cheann dá bpríomhghníomhaíochtaí, dá n-oibleagáidí institiúideacha nó mar chuid dá misin chun leasa an phobail. Ba cheart go n-áireofaí leis na húsáidí sin a leagtar síos sa Treoir seo freisin cóipeanna i bhformáidí inrochtana a bheith á ndéanamh ag duine nádúrtha d'úsáid eisiach na ndaoine is tairbhithe, ar duine nádúrtha é a dhéanann amhlaidh thar ceann duine is tairbhí nó a chuidíonn leis an duine is tairbhí cóipeanna den chineál sin a dhéanamh. Níor cheart cóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéanamh ach de shaothair nó d'ábhar eile a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag daoine is tairbhithe nó ag eintitis údaraithe orthu. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit nach mbeadh éifeacht dhlíthiúil ag aon fhoráil chonarthach a fhéachann le cur i bhfeidhm na heisceachta ar bhealach ar bith a chosc nó a theorannú.

(10)

Ba cheart go gceadódh an eisceacht dá bhforáiltear sa Treoir seo d'eintitis údaraithe cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair nó d'ábhar eile a chumhdaítear leis an Treoir seo a dhéanamh agus a scaipeadh ar líne agus as líne laistigh den Aontas. Leis an Treoir seo níor cheart go bhforchuirfear oibleagáid ar eintitis údaraithe cóipeanna den chineál sin a dhéanamh agus a scaipeadh.

(11)

Ba cheart go bhféadfadh cóipeanna i bhformáid inrochtana a rinneadh i mBallstát a bheith ar fáil sna Ballstáit uile, chun a n-infhaighteacht níos fearr a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Laghdódh sé sin an t-éileamh ar dhúbláil oibre maidir le táirgeadh cóipeanna i bhformáid inrochtana den saothar céanna nó den ábhar eile ar fud an Aontais, ag giniúint coigilteas agus gnóthachan éifeachtúlachta dá bharr. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhféadfaí cóipeanna i bhformáid inrochtana a bheadh déanta ag eintitis údaraithe i mBallstát ar bith a chur i gcúrsaíocht agus go mbeadh rochtain ag daoine is tairbhithe agus ag eintitis údaraithe ar na cóipeanna sin ar fud an Aontais. Chun malartú trasteorann den chineál sin a chothú, agus chun sainaithint agus comhar comhpháirteach na n-eintiteas údaraithe a éascú, ba cheart go spreagfaí comhroinnt dheonach faisnéise maidir le hainmneacha agus sonraí teagmhála na n-eintiteas údaraithe atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, má tá siad ar fáil. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear ó eintitis údaraithe a sholáthar don Choimisiún. Níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go mbeadh oibleagáid ar na Ballstáit iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a sheiceáil ná go bhfuil an fhaisnéis sin ag cloí lena ndlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil ar líne ar lárphointe rochtana le haghaidh faisnéise ar leibhéal an Aontais. Chuideodh sé seo freisin le heintitis údaraithe, mar aon le daoine is tairbhithe agus sealbhóirí cirt chun teagmháil a dhéanamh le heintitis údaraithe chun breis faisnéise a fháil, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart don lárphointe rochtana le haghaidh faisnéise thuasluaite a bheith comhlántach leis an bpointe rochtana le haghaidh faisnéise atá le bunú ag Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), dá bhforáiltear i gConradh Marrakech, a bhfuil sé mar aidhm ag an bpointe sin sainaithint eintiteas údaraithe, agus comhar eatarthu, a éascú ar leibhéal idirnáisiúnta.

(12)

Chun feabhas a chur ar infhaighteacht cóipeanna i bhformáid inrochtana agus chun cosc a chur ar scaipeadh neamhúdaraithe saothar nó ábhar eile, ba chóir d'eintitis údaraithe a ghabhann do dháileadh, do chumarsáid leis an bpobal nó do chur ar fáil don phobal cóipeanna i bhformáid inrochtana oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh.

(13)

Níor cheart go mbeadh sé d'éifeacht ag ceanglais údaraithe nó sainaitheantais, a d'fhéadfadh na Ballstáit a chur i bhfeidhm ar eintitis údaraithe, amhail na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí de chineál ginearálta do dhaoine is tairbhithe, go gcuirfí cosc ar eintitis a chumhdaítear leis an sainmhíniú ar eintiteas údaraithe faoin Treoir seo ó thabhairt faoi na húsáidí a cheadaítear faoin Treoir seo.

(14)

I bhfianaise chineál sonrach na heisceachta dá bhforáiltear faoin Treoir seo, a raon feidhme shonrach agus an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil dá tairbhithe, ba cheart nach gceadófaí do na Ballstáit ceanglais bhreise le haghaidh cur i bhfeidhm na heisceachta a fhorchur, amhail réamhfhíorú ar infhaighteacht tráchtála na saothar i bhformáid inrochtana, seachas iad siúd a leagtar síos sa Treoir seo. Níor cheart go gceadófaí do na Ballstáit foráil a dhéanamh ach amháin i leith scéimeanna cúitimh maidir le húsáidí ceadaithe saothar agus ábhar eile atá cosanta ag eintitis údaraithe. Chun ualaigh ar dhaoine is tairbhithe a sheachaint agus chun cosc a chur ar bhacainní maidir le scaipeadh trasteorann de chóipeanna i bhformáid inrochtana agus gan ceanglais iomarcacha ar eintitis údaraithe a fhorchur, is tábhachtach go gcuirtear srian ar fhéidearthacht na mBallstát chun foráil a dhéanamh maidir leis na scéimeanna cúitimh sin. Dá bhrí sin, níor cheart go gcuirfeadh scéimeanna cúitimh de cheangal ar dhaoine is tairbhithe íocaíochtaí a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh feidhm acu ach amháin maidir le húsáidí na n-eintiteas údaraithe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit a fhorálann don scéim sin agus níor cheart go gcuirfeadh siad de cheangal ar eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech íocaíocht a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthófar ceanglais ina bhfuil ualacha níos troime maidir le malartú trasteorann cóipeanna i bhformáid inrochtana ná mar a bheadh i gcásanna nach trasteorann iad mar gheall ar scéimeanna cúitimh den chineál sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cineál agus leibhéal an chúitimh is féidir a bheith ann. Agus leibhéal an chúitimh á chinneadh, ba cheart aird iomchuí a thabhairt ar nádúr neamhbhrabúsach gníomhaíochtaí eintiteas údaraithe, ar na cuspóirí leasa phoiblí atá á saothrú leis an Treoir seo, ar leasanna na ndaoine is tairbhithe den eisceacht, ar an díobháil a d'fhéadfaí a dhéanamh do shealbhóirí cirt agus ar an ngá atá ann scaipeadh trasteorann cóipeanna i bhformáid inrochtana a áirithiú. Ba cheart freisin na dálaí sonracha atá ag gach cás ar leith, a thagann as cóip i bhformáid inrochtana ar leith a dhéanamh, a chur san áireamh. Nuair is beag an díobháil a dhéanfaí do shealbhóir cirt, níor cheart go dtiocfadh aon oibleagáid maidir le híocaíocht cúitimh chun cinn.

(15)

Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta á déanamh faoin Rialachán seo tá sé bunriachtanach go n-urramaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, agus tá sé rí-thábhachtach go mbeidh aon phróiseáil den chineál sin, faoi mar is féidir le heintitis údaraithe a dhéanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirsiú údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha phoiblí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE (11) agus Treoir 2002/58/CE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(16)

Ráthaíonn UNCRPD, ar páirtí ann an tAontas, do dhaoine faoi mhíchumais an ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar oideachas agus an ceart páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, eacnamaíoch agus sóisialta ar bhonn comhionann le daoine eile. Ceanglaíonn UNCRPD ar na páirtithe sa Choinbhinsiún gach beart iomchuí a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, chun a áirithiú i gcás na ndlíthe lena gcosnaítear cearta maoine intleachtúla nach gcruthaíonn siad bacainní míréasúnacha nó idirdhealaitheacha ar rochtain ag daoine faoi mhíchumais ar ábhair chultúrtha.

(17)

Faoin gCairt, toirmeasctar gach cineál idirdhealaithe, lena n-áirítear ar fhoras míchumais, agus aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas chun leas a bhaint as bearta a dheartar chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.

(18)

Le glacadh na Treorach seo, tá sé mar aidhm ag an Aontas a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine is tairbhithe ar leabhair agus ábhair chlóite eile atá i gcóipeanna i bhformáidí inrochtana ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá réir sin, is céad chéim riachtanach í an Treoir seo chun rochtain ar shaothair a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas.

(19)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le hinfhaighteacht saothar agus ábhar eile i bhformáidí inrochtana seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo, mar aon le hinfhaighteacht saothar agus ábhar eile atá i gcóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine faoi mhíchumais eile. Tá sé tábhachtach go déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú grinn ar an staid i dtaca leis sin. D'fhéadfaí athruithe ar raon feidhme na Treorach seo a mheas, más gá, ar bhonn tuarascála a thíolacfaidh an Coimisiún.

(20)

Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit leanúint d'fhoráil a dhéanamh d'eisceacht nó do theorannú chun leasa na ndaoine faoi mhíchumas i gcásanna nach gcumhdaítear faoin Treoir seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le saothair agus ábhar eile agus le míchumais seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo, de bhun phointe (b) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE. Ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit ó fhoráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí nó teorainneacha ar chearta nach bhfuil comhchuibhithe ag creat cóipchirt an Aontais.

(21)

Urramaítear sa Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt agus sa UNCRPD. Ba chóir an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin.

(22)

Forchuirtear le Conradh Marrakech oibleagáidí áirithe maidir le malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe sa Chonradh sin. Tá na bearta a dhéanann an tAontas chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh le fáil i Rialachán (AE) 2017/1563 ar cheart é a léamh in éineacht leis an Treoir seo.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo eadhon feabhas a chur ar rochtain san Aontas ar shaothair agus ar ábhar eile atá cosanta ag cóipcheart agus ag cearta gaolmhara do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc, nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (13), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is í is aidhm leis an Treoir seo dlí an Aontais is infheidhme maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú tuilleadh, trí rialacha a bhunú maidir le húsáid saothar áirithe agus ábhar eile gan údarú ón sealbhóir cirt, chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “saothar nó ábhar eile” saothar i bhfoirm leabhair, irisleabhair, nuachtáin, irise nó cineál scríbhinne eile, nodaireacht, lena n-áirítear bileoga ceoil, agus maisithe a ghabhann leo, i meán ar bith, lena n-áirítear i bhformáid fuaime amhail closleabhair agus i bhformáid dhigiteach, atá cosanta le cóipcheart nó cearta gaolmhara agus a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil go poiblí agus go dlíthiúil ar bhealach eile;

(2)

ciallaíonn “duine is tairbhí”, gan beann ar aon mhíchumas eile, duine:

(a)

atá dall;

(b)

atá faoi mhallachar amhairc nach féidir a fheabhsú ionas go mbeidh feidhm amhairc ag an duine atá coibhéiseach go substaintiúil le duine nach bhfuil mallachar den sórt sin air, agus mar thoradh air sin, nach bhfuil ábalta saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le duine nach bhfuil mallachar den chineál sin air;

(c)

atá faoi mhíchumas aireachtála nó léitheoireachta agus nach bhfuil, mar thoradh air sin, ábalta saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le duine nach bhfuil faoi mhíchumas den sórt sin; nó

(d)

nach bhfuil ábalta ar bhealach eile, mar thoradh ar mhíchumas coirp, breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil nó nach bhfuil ábalta a shúile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid agus a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht.

(3)

ciallaíonn “cóip i bhformáid inrochtana” cóip de shaothar nó ábhar eile i mbealach nó foirm mhalartach a thugann rochtain do dhuine is tairbhí ar an saothar nó ábhar eile, lena n-áirítear ligean don duine mar sin rochtain a bheith aige chomh hindéanta agus chomh compordach le duine nach bhfuil faoi aon cheann de na mallachair nó na míchumais dá dtagraítear i bpointe 2;

(4)

ciallaíonn “eintiteas údaraithe” eintiteas a údaraíonn ná a aithníonn Ballstát maidir le hoideachas, oiliúint teagaisc, léitheoireacht oiriúnaitheach nó rochtain ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine is tairbhithe ar bhonn neamhbhrabúsach. Áiríonn sé freisin institiúid phoiblí nó eagraíocht neamhbhrabúsach a sholáthraíonn na seirbhísí céanna do dhaoine is tairbhithe mar cheann dá príomhghníomhaíochtaí, dá hoibleagáidí institiúideacha nó mar chuid dá misin chun leasa an phobail.

Airteagal 3

Úsáidí formheasta

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil d'eisceacht arb é is éifeacht leis nach gceanglaítear údarú don ghníomh sin ó shealbhóir cirt d'aon chóipcheart nó ceart gaolmhar sa saothar nó san ábhar eile, de bhun Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Threoir 96/9/CE, Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2001/29/CE, Airteagal 1(1), Airteagal 8(2) agus (3) agus Airteagal 9 de Threoir 2006/115/CE agus Airteagal 4 de Threoir 2009/24/CE i dtaobh aon ghníomh atá riachtanach dóibh seo a leanas:

(a)

duine is tairbhí, nó duine atá ag gníomhú thar a cheann, chun cóip i bhformáid inrochtana a dhéanamh de shaothar nó d'ábhar eile ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag an duine is tairbhí agus go bhféadfadh an duine is tairbhí úsáid eisiach a bhaint aisti; agus

(b)

eintiteas a bhfuil údarú aige chun cóip i bhformáid inrochtana a dhéanamh de shaothar nó d'ábhar eile ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil aige nó chun cóip i bhformáid inrochtana a chur in iúl, a chur ar fáil, a dháileadh nó a thabhairt ar iasacht do dhuine is tairbhí nó d'eintiteas údaraithe eile ar bhonn neamhbhrabúsach d'fhonn úsáid eisiach a thabhairt do dhuine is tairbhí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach cóip i bhformáid inrochtana urramú ar shláine an tsaothair nó an ábhair eile, le haird chuí ar na hathruithe a éilítear chun an saothar a dhéanamh inrochtana san fhormáid mhalartach.

3.   Ní chuirfear an eisceacht dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm ach amháin i gcásanna speisialta áirithe nach bhfuil ar neamhréir le gnáthshaothrú an tsaothair nó an ábhair eile agus nach ndéanann dochar go míréasúnta do leasanna dlisteanacha an tsealbhóra cirt.

4.   Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, ag an triú fomhír agus ag an gcúigiú fomhír d'Airteagal 6(4) de Threoir 2001/29/CE maidir leis an eisceacht dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeifear in ann na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 1 a shárú le conradh.

6.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh úsáidí a cheadaítear faoin Treoir seo, má dhéanann eintitis údaraithe atá bunaithe ina gcríoch féin iad, faoi réir scéimeanna cúitimh laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo.

Airteagal 4

Cóipeanna i bhformáid inrochtana sa mhargadh inmheánach

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintiteas údaraithe a bhunaítear ina gcríoch na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(1) a dhéanamh do dhuine is tairbhí nó d'eintiteas údaraithe eile a bhunaítear in aon Bhallstát. Áiritheoidh na Ballstáit freisin gur féidir le duine is tairbhí nó le heintiteas údaraithe a bhunaítear ina gcríoch cóip i bhformáid inrochtana a fháil nó gur féidir leo rochtain a fháil uirthi ó eintiteas údaraithe a bhunaítear in aon Bhallstát.

Airteagal 5

Oibleagáidí na n-eintiteas údaraithe

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go ndéanfaidh eintiteas údaraithe a bhunaítear ina gcríoch, atá ag déanamh na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4, a chleachtais féin a bhunú, agus go leanfaidh sé iad, chun a áirithiú:

(a)

nach ndéanfaidh sé cóipeanna i bhformáid inrochtana a dháileadh, a chur in iúl agus a chur ar fáil ach amháin do dhaoine is tairbhithe nó d'eintitis údaraithe eile;

(b)

go ndéanfaidh sé bearta iomchuí chun macasamhlú, dáileadh, cur in iúl don phobal nó cur ar fáil don phobal neamhúdaraithe de chóipeanna i bhformáid inrochtana a dhíspreagadh;

(c)

go léireoidh sé cúram cuí, agus go gcoimeádfaidh sé taifid, i dtaca le saothair nó ábhair eile agus cóipeanna i bhformáid inrochtana díobh a láimhseáil; agus

(d)

go bhfoilseoidh sé faisnéis faoin mbealach a chomhlíonann sé na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (c), agus go dtabharfaidh sé cothrom le dáta iad, ar a shuíomh gréasáin más iomchuí nó trí bhealaí eile ar líne nó as líne.

Agus lánurraim á tabhairt do na rialacha is infheidhme maidir le sonraí pearsanta na ndaoine is tairbhithe, dá dtagraítear in Airteagal 7, a phróiseáil, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar agus go leanfar leis na cleachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh eintiteas údaraithe a bhunaítear ina gcríoch, agus na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 á ndéanamh aige, an fhaisnéis seo a leanas ar bhealach inrochtana, arna iarraidh sin, do dhaoine is tairbhithe, d'eintitis údaraithe eile nó do shealbhóirí cirt:

(a)

liosta na saothar nó na n-ábhar eile a bhfuil cóipeanna i bhformáid inrochtana díobh aige agus na formáidí atá ar fáil; agus

(b)

ainm agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas údaraithe a raibh sé páirteach leo sa mhalartú cóipeanna i bhformáid inrochtana de bhun Airteagal 4.

Airteagal 6

Trédhearcacht agus malartú faisnéise

1.   Spreagfaidh na Ballstáit eintitis údaraithe a bhunaítear ina gcríoch, agus na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir seo agus in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1563 á ndéanamh acu, chun a n-ainmneacha agus a sonraí teagmhála a chur in iúl dóibh ar bhonn deonach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis atá faighte acu de bhun mhír 1 a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar líne ar lárphointe rochtana le haghaidh faisnéise agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta í.

Airteagal 7

Sonraí pearsanta a chosaint

Beidh an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus Treoir 2002/58/CE.

Airteagal 8

Leasú ar Threoir 2001/29/CE

In Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

úsáidí, chun leasa daoine faoi mhíchumas, agus a bhfuil baint dhíreach acu leis an míchumas agus atá de chineál neamhthráchtála, a mhéid is gá don mhíchumas sonrach, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

Airteagal 9

Tuarascáil

Faoin 11 Deireadh Fómhair 2020, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hinfhaighteacht, i bhformáidí inrochtana, saothar agus ábhar eile seachas iad sin a shainítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 do dhaoine is tairbhithe, agus saothar agus ábhar eile do dhaoine faoi mhíchumas seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe 2 d'Airteagal 2, sa mhargadh inmheánach. Sa tuarascáil sin, cuirfear san áireamh forbairtí maidir le teicneolaíocht ábhartha agus déanfar measúnú ar a iomchuí a bheadh sé raon feidhme na Treorach seo a leathnú chun feabhas a chur ar rochtain ar chineálacha eile saothar agus ábhar eile agus chun feabhas a chur ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumais seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 10

Athbhreithniú

1   Faoin 11 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé na príomhthátail i dtuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa, in éineacht le tograí chun an Treoir seo a leasú, i gcás inarb iomchuí. Áireofar sa mheastóireacht sin measúnú ar an tionchar a bheidh ag scéimeanna cúitimh a bhforálann na Ballstáit dóibh de bhun Airteagal 3(6) maidir le hinfhaighteacht cóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine is tairbhithe agus ar a malartú trasteorann. Sa tuarascáil ón gCoimisiún, cuirfear san áireamh barúlacha gníomhaithe ábhartha na sochaí sibhialta, agus barúlacha eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear eagraíochtaí do dhaoine atá faoi mhíchumas agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta.

2   Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ullmhú agus chun an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9 a ullmhú.

3   Féadfaidh Ballstát, a bhfuil cúiseanna bailí aige a mheas go raibh tionchar diúltach suntasach ag cur chun feidhme na Treorach seo ar infhaighteacht trádála na saothar nó ábhar eile atá i gcóipeanna atá i bhformáidí inrochtana do dhaoine is tairbhithe, aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ábhar agus an fhianaise ábhartha uile á cur ar fáil. Cuirfidh an Coimisiún an fhianaise sin san áireamh agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 á tarraingt suas aige.

Airteagal 11

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2018. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 13 Meán Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Iúil 2017.

(3)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(4)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(5)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

(6)  Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí ríomhchlár (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).

(7)  Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí formheasta oibreacha dílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5).

(8)  Cinneadh 2014/221/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 115, 17.4.2014, lch. 1).

(9)  Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Feabhra 2017, 3/15, ECLI:EU:C:2017:114, mír 112.

(10)  Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31). Le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018, déanfar an Treoir sin a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1), agus gabhfaidh an Rialachán sin ionad na Treorach.

(12)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


Top