EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0596

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 173, 12.6.2014, p. 1–61 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj

12.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 596/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá fíormhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais ríthábhachtach i gcomhair an fháis eacnamaíoch agus chun poist a chruthú san Aontas.

(2)

Teastaíonn sláine mhargaidh ó mhargadh airgeadais atá comhtháite, éifeachtach agus trédhearcach. Is réamhriachtanais ar son an fháis eacnamaíoch agus an tsaibhris iad feidhmiú cothrom na margaí urrús agus iontaoibh an phobail i margaí. Déanann drochúsáid mhargaidh dochar do shláine na margaí airgeadais agus d’iontaoibh an phobail in urrúis agus i ndíorthaigh.

(3)

I dTreoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) comhlánaíodh agus nuashonraíodh creat dlíthiúil an Aontais um shláine an mhargaidh a chosaint. Ba cheart an Treoir a ionadú anois, áfach, mar gheall ar na forbairtí reachtaíochta, margaidh agus teicneolaíocha ó theacht i bhfeidhm na Treorach sin, a raibh athruithe suntasacha ar chúinsí airgeadais mar thoradh orthu, chun a áirithiú go mbogfaidh sí ar aghaidh leis na forbairtí seo. Tá gá le hionstraim nua reachtaíochta freisin chun a áirithiú go bhfuil rialacha aonfhoirmeacha ann agus go bhfuil soiléireacht maidir le heochairchoincheapa, mar aon le leabhar rialacha aonair atá ar aon dul le conclúidí Thuarascáil 24 Feabhra 2009 de chuid an Ghrúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais in AE, a raibh Jacques de Larosière mar chathaoirleach air (‘Grúpa de Larosière’).

(4)

Tá gá le creat níos aonfhoirmí agus níos láidre a bhunú chun sláine an mhargaidh a chaomhnú agus chun arbatráiste ionchasach rialála a sheachaint agus cuntasacht a áirithiú i gcás iarrachta ar chúbláil chomh maith le breis cinnteachta dlíthiúla, agus níos lú castachta rialála, a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh. Tá an Rialachán seo dírithe ar rannchuidiú ar bhealach cinntitheach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart dó, dá bhrí sin, bheith bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arna léiriú go seasta i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(5)

Chun deireadh a chur leis na constaicí atá fágtha fós in aghaidh trádála agus deireadh a chur le saobhadh suntasach ar iomaíocht de thoradh dibhéirsithe idir dlíthe náisiúnta agus chun cosc a chur le constaicí breise a d’fhéadfadh a bheith ann in aghaidh trádála agus le haon saobhadh suntasach ar an iomaíocht, tá sé riachtanach Rialachán a ghlacadh lena mbunófar léirmhíniú níos aonfhoirmí ar chreat um dhrochúsáid mhargaidh an Aontais a shainíonn níos soiléire rialacha a bheidh infheidhme i ngach Ballstát. Dá ndéanfaí ceanglais maidir le drochúsáid mhargaidh a chumadh i bhfoirm rialacháin, ba cheart go n-áiteodh sin go mbeadh na ceanglais sin infheidhme go díreach. Ba cheart don chumadh sin dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú trí chosc a chur ar cheanglais éagsúla náisiúnta de thoradh ar threoir a thrasuíomh. Ceanglófar leis an Rialachán seo go mbeidh na rialacha céanna á leanúint ag gach duine ar fud an Aontais. Déanfaidh sé castacht rialála agus costais comhlíonta gnólachtaí a laghdú freisin, go mór mór i gcás gnólachtaí atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, agus cabhróidh sé le deireadh a chur le saobhadh iomaíochais.

(6)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2008 maidir le “hAcht um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip” iarrtar ar an Aontas agus ar Bhallstáit rialacha a dhearadh chun ualaí riaracháin a laghdú, reachtaíocht a chur in oiriúint do riachtanais na n-eisitheoirí ar mhargaí fáis le haghaidh fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus rochtain na n-eisitheoirí sin ar mhaoiniú a éascú. Forchuirtear i roinnt forálacha i dTreoir 2003/6/CE ualaí riaracháin ar eisitheoirí, go háirithe orthu siúd a ligtear a n-ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, ar cheart iad a laghdú.

(7)

Is í drochúsáid mhargaidh an coincheap a chuimsíonn iompraíocht neamhdhleathach sna margaí airgeadais agus, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtuigfí gurbh é atá ann ná déileáil chos istigh, faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach agus cúbláil mhargaidh. Cuireann iompraíochtaí den saghas seo cosc ar thrédhearcacht iomlán cheart an mhargaidh, atá ina réamhriachtanas trádála do na gníomhaithe eacnamaíocha go léir i margaí comhtháite airgeadais.

(8)

I raon feidhme Threoir 2003/6/CE, díríodh ar ionstraimí airgeadais a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a ndearnadh iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh den sórt sin. Le blianta beaga anuas, áfach, is minice a bhíonn ionstraimí airgeadais á dtrádáil ar shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna). Tá ionstraimí airgeadais freisin a thrádáiltear ar chineálacha eile saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) amháin, nó a dtrádáiltear thar an gcuntar amháin iad. Mar sin de, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis i raon feidhme an Rialacháin seo aon ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF nó aon iompraíocht nó aon bheart atá in ann tionchar a imirt ar ionstraim airgeadais den saghas sin is cuma má tharlaíonn sé ar ionad trádála. I gcás roinnt cineálacha MTFanna, cosúil le margaí rialáilte, a chabhraíonn le cuideachtaí airgeadas cothromais a ardú, beidh feidhm ag an toirmeasc i gcoinne drochúsáid mhargaidh chomh maith céanna nuair a dhéantar iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh den sórt sin. Mar sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh i raon feidhme an Rialacháin ionstraimí airgeadais a bhfuil iarraidh déanta ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF. Ba cheart go gcuirfeadh an méid sin feabhas ar chosaint infheisteoirí, go gcaomhnódh sé sláine na margaí agus go n-áiritheodh sé go mbeadh toirmeasc soiléir ar dhrochúsáid mhargaidh ionstraimí dá leithéid.

(9)

Chun críocha trédhearcachta, ba cheart d’oibreoirí margaidh rialáilte, MTF nó OTF fógra gan mhoill a thabhairt dá údarás inniúil maidir le sonraí a n-ionstraimí airgeadais a bheidh ligthe isteach acu chun a dtrádála, ar ina leith a bheidh iarraidh ar iad a bheith ligthe isteach chun a dtrádála nó a trádáladh ar a n-ionad trádála. Ba cheart an dara fógra a dhéanamh freisin nuair a scoirfear den ionstraim a bheith ligthe isteach chun a trádála. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionstraimí airgeadais a ndearnadh iarratas ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar a n-ionad trádála agus ionstraimí airgeadais a ligeadh isteach chun a dtrádála roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do na húdaráis inniúla na fógraí a chur faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) agus ba cheart do ÚEUM liosta de gach ceann de na hionstraimí airgeadais ar tugadh fóga ina leith a fhoilsiú. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hionstraimí airgeadais cibé acu atá nó nach bhfuil siad san áireamh sa liosta arna fhoilsiú ag ÚEUM.

(10)

Tá sé féideartha go n-úsáidtear ionstraimí airgeadais áirithe nach dtrádáiltear ar ionad trádála haghaidh drochúsáid mhargaidh. Áirítear leis seo ionstraimí airgeadais a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar ionstraimí airgeadais arna dtrádáil ar ionad trádála nó a bhfuil tionchar acu orthu, nó a bhfuil tionchar ag a dtrádáil ar phraghas nó ar luach na n-ionstraimí airgeadais eile a thrádáiltear ar ionad trádála, amhail áirítear ar chásanna ina bhféadtar ionstraimí den sórt sin le haghaidh drochúsáide margaidh faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le scaireanna nó bannaí, is féidir a úsáid chun díorthach den scair nó den bhanna sin a cheannach, nó innéacs a mbraitheann a luach ar an scair nó ar an mbanna sin. Nuair a úsáidtear ionstraim airgeadais mar phraghas tagartha, is féidir le díorthach a thrádáiltear thar an gcuntar a úsáid chun leas a bhaint as praghsanna cúbláilte, nó a úsáid chun praghas ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála a chúbláil. Sampla breise ná eisiúint phleanáilte tráinse nua de na hurrúis nach bhfuil ar shlí eile laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ach i gcás ina bhféadfadh trádáil sna hurrúis sin dul i bhfeidhm ar phraghas nó ar luach na n-urrús liostaithe ann cheana a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Clúdaíonn an Rialachán seo freisin an staid fhéideartha i gcás ina mbraitheann praghas nó luach ionstraime a thrádáiltear ar ionad trádála ar ionstraim a thrádáiltear thar an gcuntar. Ba cheart go gcuirfí an prionsabal céanna i bhfeidhm maidir le conarthaí spot-tráchtearraí a bhfuil a bpraghas bunaithe ar phraghas díorthaigh agus le ceannach na gconarthaí spot-tráchtearraí dá ndéanann ionstraimí airgeadais tagairt.

(11)

Féadann trádáil in urrúis nó in ionstraimí comhlachaithe chun urrúis a chobhsú nó trádáil i scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh a bheith dlisteanach ar chúiseanna eacnamaíocha agus ba cheart an trádáil sin a dhíolmhú„ i gcásanna áirithe dá bhrí sin ó na toirmisc ar dhrochúsáid mhargaidh ar choinníoll go gcuirtear na gníomhaíochtaí i gcrích faoin trédhearcacht is gá, i gcás ina nochtfar faisnéis ábhartha maidir leis an gcobhsú nó leis an gclár aischeannaigh.

(12)

Níor cheart trádáil i scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh agus cobhsú ionstraime airgeadais nach dtairbheodh as díolúintí faoin Rialachán seo a mheas uaithi féin mar dhrochúsáid mhargaidh.

(13)

Níor cheart Ballstáit, comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), ranna agus gníomhaireachtaí agus feithiclí sainchuspóireacha eile de cheann amháin de na Ballstáit nó níos mó agus leis an Aontas agus comhlachtaí poiblí áirithe eile nó daoine ag gníomhú thar a gceann, a shrianadh agus bainistíocht airgeadaíochta, ráta malairte nó beartas fiachais phoiblí á dhéanamh acu a mhéid a ghlacfar iad de láimh ar mhaithe le leas an phobail agus sa tóir ar na beartais sin amháin. Níor cheart ach an oiread go srianfar idirbhearta nó orduithe arna ndéanamh ná iompraíochtaí ag an Aontas, ag feithicil sainchuspóra de chuid Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ag an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht nó ag institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó i maoiniú a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a chomhaltaí. Féadfar díolúine den sórt sin ó raon feidhme an Rialacháin seo„ a leathnú, i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig comhlachtaí poiblí áirithe a bhfuil de chúram orthu bainistiú an fhiachais phoiblí nó idiragairt ann agus chuig banc ceannais tríú tíortha. Ag an am céanna, níor cheart go leathnófaí na díolúintí le haghaidh airgeadaíochta, ráta malairte nó beartas bainistíochta fiachais poiblí go cásanna nuair a ghabhfaidh na comhlachtaí d’idirbhearta, d’orduithe nó d’iompraíochtaí seachas iad siúd atá sa tóir ar na beartais sin nó nuair a bheidh daoine atá ag obair do na comhlachtaí sin ag gabháil d’idirbhearta, d’orduithe nó d’iompraíochtaí ar a gcuntas féin.

(14)

Bunaíonn infheisteoirí réasúnacha a gcinntí infheistíochta ar fhaisnéis atá ar fáil dóibh cheana féin, is é sin, ar fhaisnéis ex ante atá ar fáil. Dá bhrí sin, i dtaobh na ceiste, agus cinneadh infheistíochta á dhéanamh ag infheisteoir réasúnach ar dhócha go gcuirfeadh sé mír áirithe faisnéise san áireamh, ba cheart an cheist a mheas ar bhonn na faisnéise ex ante a bheadh ar fáil. Ba cheart a chur san áireamh ina leithéid de mheasúnú tionchar réamh-mheasta na faisnéise i bhfianaise ghníomhaíocht bhainteach an eisitheora ina hiomláine, iontaofacht na foinse faisnéise agus aon athróg eile sa mhargadh ar dhócha go mbeadh tionchar acu ar na hionstraimí airgeadais, ar na conarthaí gaolmhara spot-tráchtearraí, nó ar na táirgí ceantáilte bunaithe ar na lamháltais astaíochtaí sna himthosca ar leith.

(15)

Is féidir faisnéis ex post a úsáid chun an toimhde go raibh an fhaisnéis ex ante íogair ó thaobh phraghas de a sheiceáil, ach níor cheart í a úsáid chun gníomh a dhéanamh i gcoinne daoine a bhain conclúidí réasúnacha as faisnéis ex ante a bhí ar fáil acu.

(16)

Nuair a bhaineann faisnéis ón taobh istigh le próiseas a tharlaíonn i gcéimeanna, d’fhéadfadh gurbh ionann gach céim den phróiseas chomh maith leis an bpróiseas foriomlán agus faisnéis ón taobh istigh. Féadfaidh gurb ionann céim idirmheánach i bpróiseas fadálach ann féin agus sraith imthosca nó imeacht atá ann nó ina bhfuil ionchas réalaíoch ann go dtiocfaidh siad chun bheith ann nó go dtarlóidh siad, ar bhonn measúnú foriomlán ar na fachtóirí atá ann cheana féin ag an am ábhartha. Níor cheart go léireofaí an coincheap sin mar ní a chiallaíonn go gcaithfear méid éifeacht na sraithe imthosca sin nó an teagmhais sin ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann a chur san áireamh. Maidir le céim idirmheánach, ba cheart a mheas gur faisnéis ón taobh istigh í má chomhlíonann sí, uaithi féin, na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le faisnéis ón taobh istigh.

(17)

Maidir le faisnéis a bhaineann le himeacht nó le sraith imthosca is céim idirmheánach i bpróiseas fadálach agus faisnéis ón taobh istigh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh sí baint a bheith aici, mar shampla, le staid na n-idirbheartaíochtaí, téarmaí arna gcomhaontú go sealadach in idirbheartaíochtaí conartha, an fhéidearthacht ionstraimí airgeadais a láithriú, na coinníollacha faoina margófar ionstraimí airgeadais, téarmaí sealadacha le haghaidh láithriú ionstraimí airgeadais, nó le breithniú a dhéanamh i dtaca le hionstraim airgeadais a chur isteach in innéacs mór nó ionstraim airgeadais a scriosadh ó innéacs den sórt sin.

(18)

Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh a fheabhsú trí shainmhíniú níos cruinne a thabhairt ar dhá cheann de na gnéithe riachtanacha le haghaidh an tsainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh, mar atá, cineál cruinn na faisnéise sin agus tábhacht an tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí spot-tráchtearraí, nó na dtáirgí ceantáilte bunaithe ar na lamháltais astaíochtaí. Maidir le díorthaigh ar táirgí mórdhíola fuinnimh iad, ba cheart go háirithe faisnéis a gceanglaítear a nochtadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a mheas mar fhaisnéis ón taobh istigh.

(19)

Ní bheartaítear go gcuirfidh an Rialachán seo toirmeasc ar phlé de chineál ginearálta maidir leis na forbairtí gnó agus margaidh idir scairshealbhóirí agus lucht bainistíochta a bhaineann le heisitheoir. Tá caidreamh den sórt sin riachtanach d’fheidhmiú éifeachtach na margaí agus níor cheart iad a thoirmeasc leis an Rialachán seo.

(20)

Tá spotmhargaí agus margaí gaolmhara na ndíorthach idirnasctha go mór agus is margaí domhanda iad freisin, agus d’fhéadfadh drochúsáid mhargaidh tarlú thar mhargaí chomh maith le thar theorainneacha is féidir a bheith ina chúis le rioscaí suntasacha córasacha. Is fíor é sin maidir le déileáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh. Go háirithe, is féidir faisnéis ón taobh istigh ó spotmhargadh dul chun tairbhe duine atá ag trádáil ar mhargadh airgeadais. Ba cheart faisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthach tráchtearra a shainmhíniú mar fhaisnéis a chomhlíonann an sainmhíniú ginearálta ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le margaí airgeadais agus a cheanglaítear a phoibliú i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála ag leibhéal an Aontais nó ag an leibhéal náisiúnta araon, rialacha margaidh, conarthaí nó custam ar an díorthach tráchtearraí iomchuí nó spotmhargadh. Áirítear i measc rialacha den sin Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 le haghaidh an mhargaidh fuinnimh agus an bunachar sonraí Tionscadal Bunachair na nEagraíochtaí Comhpháirteacha (JODI) le haghaidh ola. Féadfaidh an fhaisnéis sin fónamh mar bhunús do chinntí rannpháirtithe margaidh chun dul isteach i ndíorthaigh tráchtearraí nó conarthaí gaolmhara na spot-tráchtearraí agus ba cheart, dá bhrí sin, arb ionann í agus faisnéis ón taobh istigh a cheanglaítear a phoibliú, mar is dócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na ndíorthach sin nó ar chonarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara.

Ina theannta sin, féadfaidh straitéisí cúblála leathnú freisin thar spotmhargaí agus thar mhargaí díorthach. Is féidir trádáil in ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear díorthaigh tráchtearraí, a úsáid chun conarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara a chúbláil, agus is féidir conarthaí spot-tráchtearraí a úsáid chun ionstraimí airgeadais gaolmhara a chúbláil. Ba cheart go gcuimseofaí idirnascálacha den sórt seo sa toirmeasc ar chúbláil mhargaidh. Mar sin féin, ní bheadh sé iomchuí nó indéanta raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú le go gcuimseodh sé iompraíocht nach mbaineann le hionstraimí airgeadais, mar shampla, trádáil i gconarthaí spot-tráchtearraí nach mbeadh tionchar aici ach ar an spotmhargadh. I gcás sonrach na dtáirgí mórdhíola fuinnimh, ba cheart do na húdaráis inniúla saintréithe sonracha na sainmhínithe de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur san áireamh nuair a chuireann siad na sainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh, ar dhéileáil chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh faoin Rialachán seo i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais a bhaineann le táirgí fuinnimh mórdhíola.

(21)

De bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá an Coimisiún, na Ballstáit agus comhlachtaí eile ainmnithe go hoifigiúil inter alia freagrach as eisiúint theicniúil lamháltas astaíochtaí, a leithdháileadh saor in aisce ar na hearnálacha incháilithe tionscal agus iontrálaithe nua agus níos ginearálta creat beartais aeráide an Aontais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a bhuntacaíonn le soláthar na liúntas astaíochtaí do cheannaitheoirí comhlíonta scéim trádála astaíochtaí an Aontais (EU ETS). I bhfeidhmiú na ndualgas sin, féadfaidh go mbeadh rochtain ag na comhlachtaí poiblí sin, inter alia, ar fhaisnéis neamhphoiblí phraghasíogair agus de bhun Threoir 2003/87/CE féadfaidh go mbeidh orthu oibríochtaí margaidh áirithe i ndáil le lamháltais astaíochtaí a dhéanamh. De thoradh aicmiú na lamháltas astaíochtaí mar ionstraimí airgeadais mar chuid den athbhreithniú ar Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tiocfaidh na hionstraimí sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

D’fhonn cumas an Choimisiúin, na mBallstáit agus comhlachtaí eile atá ainmnithe go hoifigiúil a chaomhnú chun beartas aeráide an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí poiblí sin, a mhéid is go ngabhtar iad de láimh ar mhaithe le leas an phobail agus go sainráite sa tóir ar an mbeartas sin agus maidir le lamháltais astaíochtaí, díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag an díolúine sin ar thrédhearcacht fhoriomlán an mhargaidh mar tá oibleagáidí reachtúla ag na comhlachtaí poiblí sin oibriú ar shlí a áirithíonn nochtadh ordúil, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach aon chinntí, forbairtí agus sonraí nua ag a bhfuil cineál praghasíogair, agus rochtain orthu. Ina theannta sin, tá cosaintí ann ar nochtadh cothrom agus neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis shonrach praghasíogair atá i seilbh údaráis phoiblí faoi Threoir 2003/87/CE agus na bearta cur chun feidhme arna nglacadh dá bun. Ag an am céanna, níor cheart go leathnófaí an díolúine le haghaidh comhlachtaí poiblí atá ag gníomhú sa tóir ar bheartas aeráide an Aontais go cásanna nuair a ghabhann na comhlachtaí poiblí d’iompar nó d’idirbhearta, nach bhfuil sa tóir ar bheartas aeráide an Aontais nó nuair a bheidh daoine atá ag obair do na comhlachtaí sin ag gabháil d’iompar nó d’idirbhearta ar a gcuntas féin.

(22)

De bhun Airteagal 43 CFAE agus maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích faoi CFAE a chur chun feidhme, tá an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile atá ainmnithe go hoifigiúil inter alia freagrach as an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an Comhbheartas Iascaigh (CBI) a shaothrú. I bhfeidhmiú na ndualgas sin, gabhann na comhlachtaí poiblí sin gníomhaíochtaí de láimh agus déanann siad bearta atá dírithe ar bhainistiú na margaí talmhaíochta agus iascaigh, lena n-áirítear na cinn sin na hidirghabhála poiblí, dleachtanna breise a fhorchur ar allmhairí nó dleachtanna ar allmhairí a fhionraí. I bhfianaise raon feidhme an Rialacháin seo, forálacha áírithe de a bhfuil feidhm acu maidir le conarthaí spot-tráchtearraí ag a bhfuil nó ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar ionstraimí airgeadais agus ionstraimí airgeadais a mbraitheann a luach ar luach na spotchonarthaí tráchtearraí agus ag a bhfuil nó ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar chonarthaí spot-tráchtearraí, tá sé riachtanach a áirithiú nach mbeidh gníomhaíocht an Choimisiúin, na mBallstát agus comhlachtaí eile atá ainmnithe go hoifigiúil chun CBT agus CBI, a shaothrú srianta. D’fhonn cumas an Choimisiúin, na mBallstáit agus comhlachtaí eile atá ainmnithe go hoifigiúil a chaomhnú chun CBT agus CBIa fhorbairt agus a shaothrú, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí poiblí sin, a mhéid a ghabhfar iad de láimh ar mhaithe le leas an phobail agus sa tóir ar na beartais sin amháin, díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag an díolúine sin ar thrédhearcacht fhoriomlán an mhargaidh mar tá oibleagáidí reachtúla ag na comhlachtaí poiblí sin oibriú ar shlí a áirithíonn nochtadh ordúil, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, agus rochtain ar aon chinntí, forbairtí agus sonraí nua ag a bhfuil cineál praghasíogair. Ag an am céanna, níor cheart go leathnófaí an díolúine le haghaidh comhlachtaí poiblí atá ag gníomhú dóibh chun CBT agus ar CBI a shaothrú go cásanna ina ngabhfaidh na comhlachtaí poiblí d’iompar nó d’idirbhearta, nach bhfuil ag saothrú CBT nó CBI nó I gcás ina mbeidh daoine atá ag obair do na comhlachtaí sin ag gabháil d’iompar nó d’idirbhearta ar a gcuntas féin.

(23)

Is í an tréith bhunriachtanach atá i ndéileáil chos istigh buntáiste míchothrom a bheith faighte ó fhaisnéis ón taobh istigh chun aimhleasa na dtríú páirtithe atá aineolach ar fhaisnéis den sórt sin agus, dá bhrí sin, an bonn a bhaint de shláine na margaí airgeadais agus de mhuinín infheisteoirí. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh i gcás ina dtógfaidh duine atá i seilbh faisnéise ón taobh istigh buntáiste neamhchóir as an mbuntáiste a gnóthaíodh ón bhfaisnéis sin trí dhul i mbun idirbheart margaidh i gcomhréir leis an bhfaisnéis sin trí ionstraimí airgeadais lena mbaineann tríd an bhfaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, nó iarracht a dhéanamh ar í a fháil nó a dhiúscairt, nó trí ordú a chur ar ceal nó a leasú nó iarracht a dhéanamh ar é a chealú nó a leasú chun í a fháil nó a dhiúscairt, ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach. Féadfaidh gurb é atá in úsáid a bhaint as faisnéis ón taobh istigh freisin trádáil i lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh den chéanna agus tairiscint i gceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile a cheantáiltear atá bunaithe orthu a bhíonn ar siúl de bhun Rialachán (AE) Uimh 1031/2010 ón gCoimisiún (8).

(24)

Nuair a gheobhaidh nó nuair a dhiúscróidh duine dlítheanach nó nádúrtha atá i seilbh na faisnéise ón taobh istigh ionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin, nó nuair a fhéachfaidh sé go díreach nó go hindíreach leis na hionstraimí sin a fháil nó a dhiúscairt, ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, ba cheart toimhde bheith ann go ndearna an duine sin an fhaisnéis sin a úsáid. Tá an toimhde sin gan dochar do chearta na cosanta. Maidir leis an gceist cé acu ar sháraigh duine an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh nó ar fhéachaint le déileáil chos istigh ba cheart í a anailísiú i bhfianaise chríoch an Rialacháin seo, is é sin chun sláine an mhargaidh airgeadais a chosaint agus cur le muinín infheisteoirí, atá bunaithe, ina dhiaidh sin, ar an dearbhú go gcuirfear infheisteoirí ar chomhchéim agus go gcosnófar iad ó mhí-úsáid na faisnéise ón taobh istigh.

(25)

Níor cheart go measfaí gur déileáil chos istigh orduithe a chuirtear sula mbeidh seilbh ag duine ar fhaisnéis ón taobh istigh. Mar sin féin, nuair a fhaigheann duine seilbh ar fhaisnéis ón taobh istigh, ba cheart toimhde bheith ann gurb ionann agus déileáil chos istigh aon athrú ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bhfaisnéis sin ar na horduithe seo, lena n-áirítear ordú a chealú nó a leasú, nó iarracht ordú a chealú nó a leasú. D’fhéadfaí an toimhde sin, áfach, a fhrisnéis má shuíonn an duine nár úsáid sé nó sí an fhaisnéis ón taobh istigh le linn an t-idirbheart a chur i gcrích.

(26)

Féadfaidh fáil nó diúscairt ionstraime airgeadais, nó táirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochtaí, nó cealú nó leasú ordaithe, nó an iarracht ar ionstraim airgeadais a fháil nó a dhiúscairt nó ordú a chur ar ceal nó a leasú a bheith ina úsáid faisnéise ón taobh istigh, ag duine gurb eol dó, nó gur cheart gurbh eol dó, gurb ionann an fhaisnéis agus faisnéis ón taobh istigh. Sa mhéid seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a bhreithniú cad atá ar eolas nó cad ba cheart a bheith ar eolas ag gnáthdhuine réasúnach sna himthosca.

(27)

Ba cheart an Rialachán seo a léiriú ar shlí atá comhsheasmhach leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun leasanna shealbhóirí na n-urrús inaistrithe lena ngabhann cearta vótála i gcuideachta (nó a fhéadfaidh na cearta sin a ghabháil leo mar thoradh ar fheidhmiú na gceart nó ar chomhshó a dhéanamh) a chosaint nuair a bhíonn an chuideachta faoi réir tairisceana táthcheangail poiblí nó aon athrú molta rialaithe eile. Go háirithe, ba cheart an Rialachán seo a léiriú ar shlí atá comhsheasmhach leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, idirbhearta cumaisc agus idirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí a rialálann na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(28)

Níor cheart go ndéanfaí taighde agus meastacháin atá bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí, a mheas uathu féin mar fhaisnéis ón taobh istigh agus, dá bhrí sin, níor cheart go measfaí ann féin gurb ionann aon idirbheart a chuirtear i gcrích ar bhonn an taighde nó na meastachán sin agus úsáid faisnéise ón taobh istigh. I gcás, mar shampla, ina bhfuil an margadh in ionchas fhoilsiú nó dháileadh na faisnéise go rialta agus ina gcuireann foilsiú nó dáileadh den sórt sin le próiseas foirmithe praghais na n-ionstraimí airgeadais, nó ina dtugann an fhaisnéis radharcanna ó thráchtaire margaidh aitheanta nó ó institiúid a d’fhéadfadh eolas a thabhairt ar phraghsanna ionstraimí airgeadais gaolmhara, féadfaidh gurb ionann an fhaisnéis agus faisnéis ón taobh istigh. Ní mór do ghníomhaithe an mhargaidh a mheas dá bhrí sin, a mhéid atá an fhaisnéis neamhphoiblí agus an éifeacht fhéideartha ar ionstraimí airgeadais arna dtrádáil roimh é a fhoilsiú nó a dháileadh, chun a shuíomh cibé acu an mbeidís ag trádáil ar bhonn faisnéise ón taobh istigh.

(29)

D’fhonn toirmeasc neamhaireach a chur ar fhoirmeacha gníomhaíochta airgeadais atá dlisteanach a sheachaint, eadhon nuair nach bhfuil aon éifeacht ar dhrochúsáid mhargaidh, tá sé riachtanach iompar dlisteanacha ar leith a aithint. D’fhéadfadh, mar shampla, aithint an róil atá ag lucht déanta an mhargaidh a bheith i gceist, agus iad ag gníomhú i gcumas dlisteanach chun leachtacht an mhargaidh a sholáthar.

(30)

Ó rud é go ndéanann lucht déanta margaidh nó daoine atá údaraithe chun gníomhú mar chontrapháirtithe, iad féin a theorannú chun a ngnó dlisteanach a shaothrú, ionstraimí airgeadais a cheannach nó a dhíol, nó go ndéanann daoine atá údaraithe chun orduithe a fhorghníomhú thar ceann tríú páirtithe ag a bhfuil faisnéis ón taobh istigh iad féin a theorannú chun ordú a chur i gcrích, a chur ar ceal nó a leasú go géilliúil, níor cheart go measfaí gurb ionann é agus úsáid na faisnéise sin ón taobh istigh. Mar sin féin, ní bhaineann an chosaint a leagtar síos sa Rialachán seo do lucht déanta an mhargaidh, do chomhlachtaí atá údaraithe chun gníomhú mar pháirtithe gcuntar nó do dhaoine atá údaraithe chun orduithe a fhorghníomhú thar ceann tríú páirtithe a bhfuil faisnéis ón taobh istigh acu le gníomhaíochtaí a thoirmisctear go soiléir faoin Rialachán seo lena n-áirítear, mar shampla, an cleachtas coitianta ar a dtugtar “ag rith chun tosaigh”. I gcás ina bhfuil daoine dlítheanacha tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh chun drochúsáid margaidh a chosc ach mar sin féin déanann daoine nádúrtha laistigh dá bhfostaíocht drochúsáid margaidh níor cheart a mheas go ndearna an duine dlítheanach drochúsáid mhargaidh. Sampla eile nár cheart a mheas gur faisnéis ón taobh istigh a úsáid a bheith ann ná idirbhearta a dhéantar ag comhall oibleagáide roimh ré a tháinig chun bheith dlite. Níor cheart go measfaí gurbh ionann rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann le cuideachta eile agus é a úsáid i gcomhthéacs tairisceana táthcheangail poiblí chun rialú na cuideachta sin a fháil nó cumasc a mholadh leis an gcuideachta sin agus déileáil chos istigh.

(31)

Ós rud é nach mór cinneadh roimh ré fáil nó diúscairt ionstraimí airgeadais a bheith i gceist le fáil nó diúscairt arna glacadh ag an duine a ghabhfaidh ceann amháin nó ceann eile de na hoibríochtaí seo de láimh níor cheart a mheas ann féin, gurbh ionann fáil nó diúscairt den sórt sin agus úsáid faisnéise ón taobh istigh. Níor cheart gníomhú ar bhonn a bpleananna agus a straitéisí trádála féin a mheas mar úsáid faisnéise ón taobh istigh. Mar sin féin, níor cheart go gcosnófaí na daoine dlítheanacha nó nádúrtha sin, de bhua a bhfeidhm ghairmiúil; ní chosnófar iad ach amháin má ghníomhaíonn siad ar bhealach oiriúnach agus cuí, agus caighdeáin lena mbítear ag súil óna ngairm agus ón Rialachán seo eadhon sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí á gcomhall acu araon. D’fhéadfaí a mheas fós gur tharla sárú má shuíonn an t-údarás inniúil go raibh cúis neamhdhlisteanach taobh thiar de na hidirbhearta sin nó na horduithe sin nó an iompraíocht sin seo nó gur úsáid an duine faisnéis ón taobh istigh.

(32)

Idirghníomhaíochtaí is ea sondálacha margadh idir díoltóir ionstraimí airgeadais agus infheisteoir ionchasach amháin nó níos mó, roimh an idirbheart a fhógairt, d’fhonn spéis infheisteoirí ionchasacha in idirbheart indéanta agus ina phraghsáil, ina mhéid agus ina struchtúrú a mheas. D’fhéadfadh an chéad nó an dara tairiscint d’urrúis ábhartha a bheith i gceist le sondálacha margaidh, agus tá siad éagsúil ó ghnáth-thrádáil. Is uirlis an-luachmhar iad chun tuairim infheisteoirí féideartha a mheas, feabhas a chur ar idirphlé scairshealbhóirí, a áirithiú go rithfidh déileálacha go réidh, agus go ndéanfar tuairimí eisitheoirí, scairshealbhóirí atá ann cheana féin agus infheisteoirí ionchasacha nua a ailíniú. Féadfaidh siad a bheith tairbheach go háirithe sa chás ina bhfuil easpa muiníne nó tagarmhairc ábhartha ar na margaí, nó ina bhfuil siad luaineach. Níor cheart dá bhrí sin go measfaí an cumas sondálacha margaidh a dhéanamh atá tábhachtach ó thaobh feidhmiú cuí na margaí airgeadais agus sondálacha margaidh iontu féin mar dhrochúsáid mhargaidh.

(33)

Áirítear i measc samplaí de shondálacha margaidh cuinsí ina raibh an gnólacht taobh díola i mbun cainteanna le heisitheoir faoi idirbheart ionchasach, agus inar chinn sé spéis infheisteoirí ionchasacha a mheas d’fhonn na téarmaí a bheidh in idirbheart a chinneadh; i gcás ina mbeartóidh eisitheoir eisiúint fiach nó tairiscint cothromais breise a fhógairt agus ina ndéanfaidh infheisteoirí lárnacha teagmháil le gnólacht taobh díola agus mar gheall ar théarmaí iomlána na déileála ceangaltas airgeadais a fháil chun páirt a ghlacadh san idirbheart; nó i gcás go mbeidh an taobh díola ag féachaint le líon mór urrús a dhíol thar ceann infheisteora agus go bhféachfaidh sé le spéis ionchasach sna hurrúis sin ó infheisteoirí ionchasacha eile a mheas.

(34)

Féadfar a cheangal nuair a dhéanfar sondálacha margaidh go nochtfar faisnéis ón taobh istigh d’infheisteoirí ionchasacha. Go ginearálta ní bheifear ábalta tairbhe airgeadais a bhaint as trádáil ar bhonn faisnéise ón taobh istigh a phasáiltear i sondáil margaidh i gcás ina bhfuil margadh ann cheana san ionstraim airgeadais is ábhar don tsondáil mhargaidh nó in ionstraim airgeadais ghaolmhar. Mar gheall ar thráth na ndíospóireachtaí sin, is féidir go bhféadfar faisnéis ón taobh istigh a nochtadh don infheisteoir ionchasach i gcúrsa na sondála margaidh tar éis ionstraim airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáil ar MTF nó ar OTF. Sula ngabhfaidh sé de shondáil mhargaidh, ba cheart don rannpháirtí nochta-mhargaidh measúnú a dhéanamh cibé acu an mbeidh nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gceist sa tsondáil mhargaidh sin.

(35)

Ba cheart faisnéis ón taobh istigh a mheas mar fhaisnéis a nochtar go dlisteanach má nochtar é le linn gnáthchúrsa fheidhmiú fostaíochta gairme nó dualgais duine. I gcás ina mbeidh nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gceist le sondáil mhargaidh, ba cheart a mheas go bhfuil an rannpháirtí nochta-mhargaidh ag gníomhú laistigh de ghnáthfheidhmiú a fhostaíochta, a ghairme nó a dhualgais, más rud é, an tráth a dhéantar an nochtadh, go gcuirfidh sé in iúl don duine agus go bhfaighidh sé toiliú an duine dá ndéantar an nochtadh go bhféadfaidh sé faisnéis ón taobh istigh a thabhairt; go mbeidh sé srianta le forálacha an Rialacháin seo ó thrádáil nó ó ghníomhú ar an bhfaisnéis sin; go gcaithfear bearta réasúnacha a dhéanamh chun rúndacht leanúnach na faisnéise a chosaint; agus go gcaithfidh sé a chur in iúl don rannpháirtí nochta-mhargaidh faoi chéannacht gach duine nádúrtha agus dhlítheanaigh dá nochtfar an fhaisnéis i gcúrsa freagra ar an tsondáil mhargaidh a fhorbairt. Ba cheart don rannpháirtí nochta-mhargaidh na hoibleagáidí a chomhlíonadh chomh maith a leagfar amach go mion sna caighdeáin theicniúla rialála, maidir le coinneáil taifead faisnéise a nochtfar. Níor cheart toimhde bheith ann go ndearna rannpháirtithe margaidh nach gcomhlíonann an Rialacháin seo faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go míchuí nuair a rinne siad sondáil mhargaidh, ach níor cheart go bhféadfaidís leas a bhaint as an díolúine a tugadh dóibh siúd a chomhlíon na forálacha sin. Ba cheart an cheist cibé acu ar sháraigh siad an toirmeasc ar nochtadh nemahdhleathach faisnéise ón taobh istigh a anailísiú i bhfianaise fhorálacha ábhartha uile an Rialacháin seo, agus ba cheart go mbeadh na rannpháirtithe nochta-mhargaidh uile faoi oibleagáid maidir lena measúnú a thaifead i scríbhinn, roimh ghabháil do shondáil mhargaidh, cibé acu an mbeidh nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gceist leis an tsondáil mhargaidh sin.

(36)

Ba cheart d’infheisteoirí ionchasacha is ábhar do shondáil mhargaidh a mheas ar uainíocht más ionann an fhaisnéis nochtar dóibh agus faisnéis ón taobh istigh a thoirmisceodh iad ar a bheith ag déileáil ar bhonn na faisnéise sin nó faisnéis ón taobh istigh a nochtadh a thuilleadh. Fanfaidh infheisteoirí ionchasacha faoi réir na rialcha maidir le déileáil chos istigh agus maidir le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go míchuí, mar a leagtar amach sa Rialachán seo. D’fhonn cuidiú le hinfheisteoirí ionchasacha ina mbreithnithe agus maidir le cibé acu bearta ba cheart dóibh a dhéanamh ionas nach sárófar an Rialachán seo, ba cheart go n-eiseodh ÚEUM treoirlínte.

(37)

D’fhoráil Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 go mbeadh dhá chóras chomhthreomhara ann maidir le drochúsáid mhargaidh a bheadh infheidhme maidir le ceantanna lamháltas astaíochtaí. Mar sin féin, mar thoradh ar aicmiú na lamháltas astaíochtaí mar ionstraimí airgeadais, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo ina leabhar rialacha aonair de bhearta drochúsáide margaidh a bheadh infheidhme maidir le hiomlán na bphríomh-mhargaí agus na margaí táinisteacha i lamháltais astaíochtaí. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiompraíocht nó idirbhearta, lena n-áirítear tairiscintí, a bhaineann le hardán ceantála ar mhargadh rialáilte atá údaraithe mar ardán ceant, lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá bunaithe air sin, lena n-áirítear nuair nach ionstraimí airgeadais iad na táirgí ceantáilte, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010.

(38)

Ba cheart go ndéanfaí foráil do bhearta maidir le cúbláil mhargaidh sa Rialachán seo ar féidir iad a chur in oiriúint le haghaidh modhanna nua trádála nó straitéisí nua a d’fhéadfadh a bheith ina ndrochúsáid. Mar léiriú ar an gcaoi go bhfuil trádáil in ionstraimí airgeadais ag éirí níos uathoibrithe i gcónaí, is inmhianaithe é go ndéanfaí míniú na cúblála margaidh a léiriú le samplaí de straitéisí sonracha drochúsáide a d’fhéadfaí a chur i gcrích le haon bhealach atá ar fáil le trádáil algartamach agus trádáil ardmhinicíochta. Níl sé i gceist go mbeadh na samplaí atá curtha ar fáil uileghabhálach agus níl sé i gceist ach oiread go dtabharfaí le fios nár straitéisí drochúsáide a bheadh iontu dá gcuirfí i bhfeidhm iad ar bhealaí eile.

(39)

Ba cheart go gclúdódh na toirmisc ar dhrochúsáid margaidh freisin na daoine sin a ghníomhóidh i gcomhar chun drochúsáid mhargaidh a dhéanamh. D’fhéadfaí bróicéirí a áireamh i samplaí, ach gan a bheith teoranta dóibh, a cheap agus a mhol straitéis trádála a ceapadh chun go mbeadh drochúsáid mhargaidh mar thoradh air, daoine a spreagann duine ag a bhfuil faisnéis ón taobh istigh an fhaisnéis sin a nochtadh goneamdhleathach, nó daoine a fhorbraíonn bogearraí i gcomhar le trádálaí chun drochúsáid mhargaidh a éascú.

(40)

Chun a áirithiú go dtabharfar dliteanas don duine dlítheanach agus d’aon duine nádúrtha araon a ghlacann páirt i gcinnteoireacht an duine dhlítheanaigh, tá sé riachtanach aitheantas ar na sásraí dlí náisiúnta éagsúla sna Ballstáit a thabhairt. Ba cheart do shásraí den sórt sin bheith bainteach go díreach le modhanna sannta an dliteanais sa dlí náisiúnta.

(41)

Chun an toirmeasc ar chúbláil mhargaidh a chomhlánú, ba cheart go mbeadh toirmeasc sa Rialachán seo ar iarracht a dhéanamh dul i mbun cúblála margaidh. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir iarracht dul i mbun cúblála margaidh agus iompraíocht is dóchúil go mbeidh cúbláil mhargaidh mar thoradh air de bhrí go dtoirmisctear ar an dá ghníomhaíocht faoin Rialachán seo. Féadfaidh iarracht den sórt sin a bheith san áireamh i gcásanna inar tosaíodh an ghníomhaíocht ach nár críochnaíodh í, mar shampla, mar thoradh ar theicneolaíocht a mhainnigh nó treoir chun trádála nár gníomhaíodh uirthi. Is gá iarrachtaí ar a bheith páirteach i gcúbláil mhargaidh a thoirmeasc chun cur ar chumas údarás inniúil pionóis a fhorchur ar iarrachtaí den sórt sin.

(42)

Gan dochar d’aidhm an Rialachán seo agus dá fhorálacha is infheidhme go díreach, féadfaidh duine a dhéanann idirbhearta nó a eisíonn orduithe chun trádála, a bhféadfaí a mheas gur cúbláil mhargaidh iad, a shuíomh go raibh a chúiseanna chun dul i mbun na n-idirbheart sin nó orduithe a eisiúint chun trádála dlisteanach agus go raibh na hidirbhearta agus na horduithe chun trádála i gcomhréir le cleachtas inghlactha ar an margadh lena mbaineann. Ní féidir ach amháin leis an údarás inniúil atá freagrach as maoirsiú drochúsáide margaidh ar an margadh lena mbaineann cleachtas margaidh inghlactha a shuíomh. Ní féidir le cleachtas a nglactar leis i margadh ar leith a mheas mar chleachtas is infheidhme maidir le margaí eile murar ghlac údaráis inniúla na margaí eile sin go hoifigiúil leis an gcleachtas sin. D’fhéadfaí a mheas fós gur tharla sárú má bhunaigh an t-údarás inniúil go raibh cúis neamhdhlisteanach, laistiar de na hidirbhearta nó de na horduithe seo chun trádála.

(43)

Ba cheart a shoiléiriú sa Rialachán seo freisin gur féidir dul i mbun cúblála margaidh nó iarracht a dhéanamh dul i mbun cúblála margaidh in ionstraim airgeadais trí ionstraimí airgeadais gaolmhara ar nós ionstraimí díorthacha a thrádáiltear in ionad eile trádála nó thar an gcuntar a úsáid.

(44)

Déantar praghsáil ar roinnt mhaith ionstraimí airgeadais trí thagairt do thagarmharcanna. Is féidir tionchar tromchúiseach a bheith ag cúbláil iarbhír nó ag iarracht chúblála ar thagarmharcanna, lena n-áirítear rátaí tairisceana idirbhainc, ar mhuinín an mhargaidh agus d’fhéadfadh caillteanais mhóra d’infheisteoirí agus saobhadh ar an bhfíorgheilleagar a bheith mar thoradh uirthi. Dá bhrí sin, tá forálacha sonracha maidir le tagarmharcanna riachtanach chun sláine na margaí a chaomhnú agus chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla toirmeasc soiléir a chur i bhfeidhm maidir le cúbláil ar thagarmharcanna. Ba cheart go gclúdófaí leis na forálacha sin na tagarmharcanna foilsithe go léir lena n-áirítear na tagarmharcanna sin ar a bhfuil fáil tríd an idirlíon cibé acu saor ó mhuirear nó nach ea, mar shampla tagarmharcanna babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus innéacsanna d’innéacsanna. Tá sé riachtanach an toirmeasc ginearálta ar chúbláil mhargaidh a chomhlánú trí chúbláil an tagarmhairc féin a thoirmeasc mar aon le tarchur na faisnéise atá bréagach nó míthreorach, toirmeasc ar ionchuir bhréagacha nó mhíthreoracha, nó aon ghníomhaíocht eile lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil, i gcás ina sainítear ríomh go leathan chun na nithe seo a leanas a áireamh: fáil agus meastóireacht na sonraí go léir a bhaineann le ríomh an tagarmhairc sin agus a áireamh i sonraí bearrtha áirithe, agus lena n-áirítear modheolaíocht an tagarmhairc, cibé acu algartamach nó breithiúnasbhunaithe go hiomlán nó go páirteach. Tá na rialacha sin de bhreis ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a thoirmisceann faisnéis bhréagach a thabhairt go toiliúil do ghnóthais a chuireann meastacháin ar phraghsanna ar fáil nó a sholáthraíonn tuarascálacha margaidh ar tháirgí mórdhíola fuinnimh a mbíonn de thoradh air na rannpháirtithe sa mhargadh, a ghníomhaíonn ar bhonn na meastachán sin ar phraghsanna agus na tuarascálacha margaidh sin, a chur ar míthreo.

(45)

Chun a áirithiú go mbeidh dálaí aonfhoirmeacha sa mhargadh idir ionaid agus saoráidí trádála faoi réir an Rialacháin seo, ba cheart a cheangal ar aon duine a oibríonn margaí rialáilte, ar shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) agus ar shaoráidí trádála eagraithe (OTFanna) socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choimeád ar bun a mbeadh sé d’aidhm acu cúbláil mhargaidh agus cleachtais drochúsáide a chosc agus a bhrath.

(46)

Is féidir cúbláil ionstraimí airgeadais nó iarracht cúblála ionstraimí airgeadais a bheith i gceist freisin le horduithe a dhéanamh nach gcuirfear i gcríoch iad. Thairis sin, is féidir ionstraim airgeadais a chúbláil trí iompraíocht a tharlaíonn lasmuigh d’ionad trádála. Maidir le daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta ar bhonn gairmiúil ba cheart a cheangal orthu socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choimeád ar bun chun idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú. Ba cheart dóibh freisin orduithe agus idirbhearta amhrasacha lasmuigh d’ionad trádála a thuairisciú freisin.

(47)

D’fhéadfadh sé gurb é atá i gcúbláil ionstraimí airgeadais nó iarracht a leithéid a dhéanamh faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh. Is féidir tionchar nach beag ar phraghsanna ionstraimí airgeadais a theacht as scaipeadh faisnéise bréagaí nó míthreoraí laistigh de thréimhse sách gearr. D’fhéadfadh sé gur léir gur cumadh faisnéise bréagaí atá i gceist ach freisin d’fhéadfadh easnamh toiliúil na bhfíoras ábharthach chomh maith le tuairisciú neamhchruinn faisnéise d’aonturas a bheith ann. Tá an cineál sin cúblála margaidh thar a bheith díobhálach d’infheisteoirí, mar dá thoradh sin bunaíonn siad a gcinntí infheistíochta ar fhaisnéis atá mícheart nó saofa. Tá sé díobhálach d’eisitheoirí freisin, mar go laghdaíonn sé an mhuinín san fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann leosan. Ar a uain déanann an easpa muiníne sa mhargadh cumas eisitheora maidir le hionstraimí nua airgeadais a eisiúint nó maidir le creidmheas a fháil ó rannpháirtithe eile sa mhargadh chun a oibríochtaí a mhaoiniú a chur i gcontúirt. Leathann an fhaisnéis ar fud an mhargaidh go han-tapa. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé go leanfadh an díobháil do na hinfheisteoirí agus d’eisitheoirí go ceann tréimhse sách fada go dtí go bhfaighfear amach go bhfuil an fhaisnéis bréagach nó míthreorach, agus gur féidir leis an eisitheoir nó pé duine atá freagrach as a scaipeadh í a cheartú. Is gá dá bhrí sin scaipeadh faisnéise bréagaí nó míthreoraí, lena n-áirítear ráflaí nó nuacht bhréagach nó mhíthreorach a cháiliú mar shárú ar an Rialachán seo. Is iomchuí dá bhrí sin gan a cheadú dóibh siúd atá gníomhach sna margaí airgeadais faisnéis a chur i bhfios gan srianadh in aghaidh a dtuairime féin nó a gceartbhreithiúnais, faisnéis a bhfuil fhios acu ina taobh gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach í, chun dochair infheisteoirí agus eisitheoirí.

(48)

Ós rud é go bhfuil ardú ar úsáid suíomh gréasáin, blaganna agus meán sóisialta, tá sé tábhachtach a shoiléiriú gur cheart faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh tríd an idirlíon, lena n-áirítear trí láithreáin meáin shóisialta nó blaganna neamh-inchurtha i leith aon duine, a mheas chun críocha an Rialacháin seo go bhfuil an scaipeadh sin coibhéiseach leis an méid sin a dhéanamh trí shlite cumarsáide níos traidisiúnta.

(49)

Tá sé riachtanach d’eisitheoir faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí chun déileáil chos istigh a sheachaint agus chun a áirithiú nach gcuirfear infheisteoirí amú. Dá bhrí sin, ba cheart go n-éileofaí ar eisitheoirí faisnéis ón taobh istigh a chur in iúl don phobal a luaithe is féidir. Féadfaidh an oibleagáid sin, faoi imthosca speisialta, áfach, dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an eisitheora. Sna himthosca sin, ba cheart nochtadh moillithe a cheadú ar choinníoll nár dhócha go gcuirfeadh an mhoill dul amú ar an bpobal agus ina bhfuil an t-eisitheoir ábalta rúndacht na faisnéise a áirithiú. Ní bheidh eisitheoir faoi oibleagáid faisnéis ón taobh istigh a nochtadh ach amháin má d’iarr sé nó má cheadaigh sé an ionstraim airgeadais a ligean isteach chun a trádála.

(50)

Chun críocha na ceanglais maidir le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí agus moill a chur le nochtadh poiblí den sórt sin, amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh baint a bheith ag leasanna dlisteanacha, go háirithe, leis na himthosca neamh-uileghabhálacha seo, a leanas: caibidlíochtaí i ngnéithe cúrsa, nó i ngnéithe gaolmhara, i gcás inar dhóigh go ndéanfadh nochtadh poiblí difear do thoradh nó do ghnáthphatrún na gcaibidlíochtaí. Go háirithe, i gcás ina bhfuil inmharthanacht airgeadais an eisitheora i ngarchontúirt an-mhór, cé nach laistigh de raon feidhme an dlí dócmhainneachta infheidhmithe, féadfar nochtadh poiblí faisnéise a mhoilliú ar feadh tréimhse teoranta i gcás ina gcuirfeadh a leithéid de nochtadh poiblí leasanna scairshealbhóirí láithreacha agus ionchasacha i mbaol tríd an mbonn a bhaint ó thabhairt i gcrích idirbheartaíochtaí faoi leith arna ndearadh chun aisghabháil airgeadais an eisitheora go fadtéarmach a áirithiú; cinntí arna nglacadh nó conarthaí arna ndéanamh ag comhlacht bainistíochta an eisitheora lenar gá ceadú comhlachta eile de chuid an eisitheora chun a bheith éifeachtach, i gcás ina n-éileoidh eagraíocht eisitheora den sórt sin an scaradh idir na comhlachtaí, ar choinníoll go ndéanfadh nochtadh poiblí na faisnéise roimh an gceadú sin mar aon leis an bhfógra comhuaineach go bhfuil an ceadú fós ar feitheamh measúnacht cheart na faisnéise ag an bpobal a chur i mbaol.

(51)

Ina theannta sin ba cheart go mbeadh sé an ceanglas atá ar rannpháirtithe uile an mhargaidh charbóin faisnéis ón taobh istigh a nochtadh. Chun nochtadh an mhargaidh do thuairisciú nach bhfuil úsáideach a sheachaint agus chun cost-éifeachtúlacht an bhirt dá fhoráiltear a choimeád, is dealraitheach gur gá tionchar rialála an dualgais sin a theorannú d’oibreoirí Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta leis go mbeadh tionchar suntasach acu ar phraghas na lamháltas astaíochtaí, ar tháirgí ceantáilte bunaithe air sin, nó ar ionstraimí airgeadais díorthaigh gaolmhara agus ar thairiscintí sna ceantanna de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010,de bhua a méid agus ngníomhaíochtaí, agus do na hoibreoirí sin amháin. Ba cheart don Choimisiún bearta a ghlacadh lena mbunaítear tairseach íosta chun an díolúine seo a chur i bhfeidhm trí bhíthin gnímh tarmligthe. Ba cheart an fhaisnéis atá le nochtadh a bheith bainteach le hoibríochtaí fisiciúla an pháirtí nochta seachas pleananna nó straitéis dílse do liúntais trádála astaíochtaí, do tháirgí ceantáilte bunaithe air sin, nó ar ionstraimí airgeadais díorthaigh gaolmhara. I gcás ina bhfuil dualgais choibhéiseacha um nochtadh faisnéise ón taobh istigh, go háirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, níor cheart go ndéanfaí nochtuithe éigeantacha ina bhfuil an t-ábhar beagnach mar an gcéanna faoi dhó mar thoradh ar an dualgas chun faisnéis ón taobh istigh maidir le lamháltais astaíochtaí a nochtadh. I gcás rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí le hastaíochtaí comhiomlán nó le hionchur teirmeach rátáilte ag an tairseach nó faoina bun a leagtar, ós rud é go meastar go bhfuil an fhaisnéis maidir lena n-oibríochtaí fisiciúla a bheith neamhábhartha chun críocha nochta, ba cheart a mheas freisin nach mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghas lamháltas astaíochtaí, táirgí ar ceant bunaithe air nó ar ionstraimí airgeadais díorthacha gaolmhara. Ba cheart go mbeadh rannpháirtithe sin sa mhargadh lamháltas astaíochtaí den sórt sin clúdaithe mar sin féin leis an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh i ndáil le haon fhaisnéis eile a bhfuil rochtain acu uirthi agus is faisnéis ón taobh istigh

(52)

D’fhonn leas an phobail a chosaint, cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú agus mar shampla a sheachaint go n-iompódh géarchéimeanna leachtachta in institiúidí airgeadais amach ina ngéarchéimeanna sócmhainneachta mar gheall ar chistí a tharraingt siar go tobann, d’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach a cheadú, in imthosca eisceachtúla, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh, maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó hinstitiúidí airgeadais. Go háirithe, féadfaidh sé seo a bheith i bhfeidhm maidir le faisnéis a bhaineann le fadhbanna leachtachta sealadacha, i gcás inar gá dóibh iasacht ó bhanc ceannais a fháil lena n-áirítear cúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais i gcás ina mbeadh tionchar sistéamach ar nochtadh na faisnéise. Ba cheart go mbeadh de choinníoll ag gabháil leis an moill go bhfaigheadh an t-eisitheoir toiliú an údaráis inniúil ábhartha agus go mbeadh sé soiléir go sáródh an leas is leithne poiblí agus eacnamaíoch nochtadh a mhoilliú leas an mhargaidh an fhaisnéis atá faoi réir moille a fháil.

(53)

Maidir le hinstitiúidí airgeadais, go háirithe i gcás ina bhfaighidh siad iasachtaí ó bhanc ceannais, lena n-áirítear cúnamh leachtachta éigeandála, ba cheart don údarás inniúil measúnú ar cibé acu an bhfuil tábhacht chórasach leis an bhfaisnéis agus cibé acu an bhfuil nochtadh a mhoilliú ar mhaithe le leas an phobail, tar éis dul i gcomhairle mar is iomchuí leis an mbanc ceannais, leis an údarás macrastuamachta nó le haon údarás náisiúnta ábhartha eile.

(54)

Ba cheart úsáid faisnéise chos istigh nó féachaint lena húsáid chun a trádála ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí a thoirmeasc go soiléir. Féadfaidh gurb í a bheidh in úsáid a bhaint as faisnéis ón taobh istigh freisin trádáil i lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh den chéanna agus tairiscint i gceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile a cheantáiltear atá bunaithe orthusan a bhíonn ar siúl de bhun Rialachán (AE) Uimh 1031/2010 ag daoine a bhfuil a fhios acu nó ar cheart go mbeadh a fhios acu, gurb í atá san fhaisnéis atá acu faisnéis ón taobh istigh. Níor cheart faisnéis maidir le pleananna agus straitéisí trádála an rannpháirtí margaidh féin a mheas mar fhaisnéis ón taobh istigh, cé gur féidir gurb ionann faisnéis maidir le pleananna agus straitéisí trádála tríú páirtí agus faisnéis ón taobh istigh.

(55)

D’fhéadfadh an ceanglas chun faisnéis ón taobh istigh a nochtadh a bheith ina ualach trom ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, mar a shainítear le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), a ligtear a gcuid ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBM), mar gheall ar na costais a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis atá ina seilbh acu agus le comhairle dhlíthiúil a lorg cibé an gá faisnéis a nochtadh agus, más gá, cathain is ga é sin a dhéanamh. Dá ainneoin sin, tá sé riachtanach faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go pras chun muinín infheisteoirí sna heisitheoirí sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumas ag ÚEUM treoirlínte a eisiúint chun cabhrú le heisitheoirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh gan cur isteach ar chosaint infheisteoirí.

(56)

Tá liostaí daoine ar an taobh istigh ina n-uirlis thábhachtach do rialtóirí agus iad ag déanamh imscrúdú ar dhrochúsáid fhéideartha mhargaidh, ach cuireann difríochtaí náisiúnta maidir leis na sonraí a bheadh san áireamh sna liostaí sin ualaí riaracháin neamhriachtanacha ar eisitheoirí. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na réimsí sonraí is gá le haghaidh liostaí daoine ar an taobh istigh aonfhoirmeach chun na costais sin a laghdú. Tá sé tábhachtach go dtabharfar eolas do dhaoine a chuirtear san áireamh ar liostaí ar an taobh istigh ar an bhfíric sin agus ar a impleachtaí faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Tríd an riachtanas maidir le liostaí daoine ar an taobh istigh a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta, cuirtear ualaí riaracháin go sonrach ar eisitheoirí i margaí fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Toisc go bhfuil sé de chumas ag na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh gan na liostaí sin a bheith ar fáil i gcónaí le haghaidh na n-eisitheoirí sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith díolmhaithe ón oibleagáid seo chun na costais riaracháin a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a laghdú. Ba cheart do na heisitheoirí sin, áfach, liosta chos istigh a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin.

(57)

Is beart luachmhar chun sláine an mhargaidh a chosaint bunú, ag eisitheoirí nó aon duine ag gníomhú ar a son nó ar a gcuntas, liostaí daoine a oibríonn dóibh faoi chonradh fostaíochta nó faoi chonradh eile agus ag a bhfuil rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, leis an eisitheoir. Féadfaidh liostaí den sórt sin freastal ar eisitheoirí nó ar na daoine sin chun sreabhadh faisnéise a rialú ón taobh istigh agus sa tslí sin cuidiú lena ndualgas rúndachta a bhainistiú. Thairis sin, féadfaidh gurb ionann liostaí den sórt sin freisin agus uirlis úsáideach d’údaráis inniúla aon duine ag a bhfuil rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh agus an dáta a fuarthas rochtain uirthi a aithint. Tá rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, leis an eisitheoir ag daoine atá san áireamh ar liosta den sórt sin gan dochar do na toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo.

(58)

Beart coisctheach i gcoinne na drochúsáide margaidh, go háirithe déileáil chos istigh, is ea trédhearcacht níos fearr i leith na n-idirbheart arna ndéanamh ag daoine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta orthu ar leibhéal an eisitheora agus, nuair is infheidhme, i gcás daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo. Lena chois sin, d’fhéadfadh foilsiú na n-idirbheart sin ar bhonn pearsanta ar a laghad a bheith ina fhoinse faisnéise an-luachmhar le haghaidh infheisteoirí. Is gá a shoiléiriú go n-áirítear leis an oibleagáid maidir le hidirbhearta na mbainisteoirí sin a fhoilsiú ionstraimí airgeadais a ghealltar nó a thugtar ar iasacht, toisc gur féidir a bheith mar thoradh ar scaireanna a ghealladh tionchar ábhartha agus díchobhsaithe go hionchasach ar an gcuideachta i gcás diúscairt tobann, gan choinne. Gan nochtadh, ní bheadh a fhios ag an margadh go raibh féidearthacht mhéadaithe ann, mar shampla, go n-athrófaí go suntasach amach anseo scairúinéireacht; go méadófaí ar sholáthar na scaireanna d’áit an mhargaidh; nó go gcaillfí cearta vótála sa chuideachta sin. Ar an gcúis seo, ceanglófar fógra faoin Rialachán i gcás ina ndéanfar gealltanas na n-urrús mar chuid d’idirbheart is leithne ina ngeallfaidh bainisteoir na hurrúis mar chomhthaobhacht chun creidmheas a fháil ó thríú páirtí. Ina theannta sin, tá trédhearcacht margaidh iomlán agus cheart ina réamhriachtanas do mhuinín ghníomhaithe an mhargaidh agus, go háirithe, do mhuinín scairshealbhóirí cuideachta. Is gá a shoiléiriú freisin go n-áirítear leis an oibleagáid maidir le hidirbhearta na mbainisteoirí sin a fhoilsiú idirbhearta arna ndéanamh ag duine eile ag feidhmiú discréide thar ceann an bhainisteora. Chun a áirithiú go mbeidh cothromaíocht chuí idir leibhéal na trédhearcachta agus líon na dtuairiscí a fhógrófar d’údaráis inniúla agus don phobal, ba cheart tairseacha a thabhairt isteach sa Rialachán seo agus nach gá aon idirbheart a bheadh faoina bun a fhógairt.

(59)

Ní hamháin gur faisnéis luachmhar do rannpháirtithe margaidh tuairisciú idirbheart a rinne duine a urscaoileann freagrachtaí bainistíochta ar a gcuntas féin, nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige leo, ach freisin gurb ionann é agus modh breise d’údaráis inniúla margaí a mhaoirsiú. Tá an oibleagáid faoi fhógra a thabhairt faoi idirbhearta gan dochar do na toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo.

(60)

Ba cheart fógra a thabhairt faoi na hidirbhearta a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(61)

Ba cheart do dhaoine a urscaoileann freagrachtaí bainistíochta a thoirmeasc ó thrádáil roimh fhógra tuarascála airgeadais eatramhaí nó tuarascála deireadh bliana a bhfuil oibleagáid ar an eisitheoir ábhartha a phoibliú de réir rialacha an ionaid trádála ina ligtear isteach scaireanna an eisitheora chun a dtrádála nó de réir an dlí náisiúnta, mura bhfuil imthosca sonracha agus teoranta a thabharfadh údar le cead ón eisitheoir lena ligfear do dhuine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta á bhfeidhmiú aige trádáil. Tá aon chead den sórt sin ag an eisitheoir, áfach, gan dochar do do na toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo.

(62)

Tugtar ráthú go mbeidh maoirseacht éifeachtach ann trí shraith uirlisí agus cumhachtaí agus acmhainní éifeachtacha i gcomhair an údaráis inniúil i ngach Ballstát. Dá réir sin, foráiltear leis an Rialachán seo go háirithe do shraith íosta cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar cheart go gcuirfí de chúram ar údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú, i gcás ina gceanglóidh an dlí náisiúnta amhlaidh, trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin Rialachán seo ba cheart d’údaráis inniúla gníomhú go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus fanacht neamhspleách lena gcinnteoireacht.

(63)

Ba cheart do ghnóthais sa mhargadh agus do gach gníomhaí eacnamaíocha cur le sláine an mhargaidh freisin. Sa chiall sin, i gcás ainmniú údaráis inniúil amháin i gcomhair drochúsáide margaidh, níor cheart go n-eisiafadh an t-ainmniú sin naisc chomhoibrithe nó tarmligean faoi fhreagracht an údaráis inniúil idir an t-údarás agus gnóthais sa mhargadh d’fhonn a ráthú go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil ar chomhlíonadh na bhforálacha sa Rialachán seo. I gcás ina ndéanfaidh daoine freisin a tháirgeann nó a scaipeann moltaí infheistíochta nó faisnéis eile nó a mholann straitéis infheistíochta in ionstraim airgeadais amháin nó níos mó ar a gcuntas féin déileáil sna hionstraimí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla, inter alia, a bheith in ann a cheangal nó a éileamh ar dhaoine den sórt sin aon fhaisnéis is gá chun a chinneadh cibé acu an bhfuil na moltaí a tháirg nó a scaip an duine sin comhlíontach maidir leis an Rialachán seo.

(64)

Chun críche cásanna déileála cos istigh agus cúblála margaidh a bhrath, ní mór an fhéidearthacht a bheith ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an cumas chun rochtain a fháil ar áitribh daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun doiciméid a urghabháil. Tá rochtain ar na háitribh sin riachtanach nuair a bheidh amhras réasúnach ann go bhfuil doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar imscrúdaithe ann agus féadfaidh sé a bheith ábhartha chun cás déileála cos istigh nó drochúsáide margaidh a chruthú. Ina theannta sin tá rochtain ar an áitreabh sin riachtanach i gcás: ina mainníonn an duine ar éilíodh faisnéis uaidh cheana, go hiomlán nó go páirteach, an t-éileamh sin a chomhlíonadh; nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le go gcreidfí nach gcomhlíonfaí an t-éileamh sin dá ndéanfaí é, nó go ndéanfaí an doiciméad nó an fhaisnéis, lena mbaineann an t-éileamh ar fhaisnéis, a bhaint, a chrioscaíl nó a scriosadh. Má tá údarú roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann riachtanach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart rochtain sna hionaid tarlú tar éis údarú breithiúnach roimh ré a fháil.

(65)

Is ionann taifid atá ann cheana de chomhráite teileafóin agus de thrácht sonraí ó ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a dhéanann idirbhearta agus a dhoiciméadaíonn déanamh na n-idirbheart, chomh maith le taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide agus fianaise thábhachtach chun déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a chruthú agus a bhrath. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh taifid de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí céannnacht duine a shuíomh atá freagrach as faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh, nó go raibh daoine i dteagmháil tráth áirithe, agus go bhfuil caidreamh idir beirt nó níos mó daoine. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ábalta a cheangal ar thaifid ar chomhráite teileafóin, ar chumarsáidí leictreonaí agus ar thrácht sonraí atá ann cheana féin atá i seilbh gnólachta infheistíochta, institiúide creidmheasa nó institiúide airgeadais i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Tá rochtain ar thaifid sonraí agus teileafóin riachtanach chun fianaise agus treoracha imscrúdaitheacha ar dhéileáil fhéideartha chos istigh nó ar chúbláil mhargaidh a chur ar fáil, agus dá bhrí sin chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus pionóis a fhorchur ina leith. Chun deis chothrom iomaíochta a thabhairt isteach san Aontas i ndáil le rochtain ar thaifid atá ann cheana ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide nó na taifid atá ann cheana féin ar chomhráite teileafóin agus ar shonraí tráchta atá i seilbh gnólachta infheistíochta, institiúid criedmheasa nó institiúid airgeadais ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith ábalta taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta atá ann cheana féin agus taifid ar chomhráite teileafóin chomh maith le trácht sonraí atá i seilbh gnólachta infheistíochta a éileamh, sna cásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann, go bhféadfadh na taifid sin a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun déileáil chos istigh nó cúbláil mhargaidh de sháru ar an Rialachán seo nó an Treoir seo a chruthú. Ní chuimsítear inneachar cumarsáide gutha ar an teileafón i rochtain ar na taifid ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí atá i seilbh oirbreora teileachumarsáide.

(66)

Cé go sonraítear leis an Rialachán seo sraith íosta cumhachtaí ar cheart a bheith ag údaráis inniúla, feidhmeofar na cumhachtaí sin laistigh de chóras iomlán an dlí náisiúnta a ráthaíonn an meas ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta. Maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin, a d’fhéadfadh a bheith ina chur isteach tromchúiseach ar an gceart go n-urramófar saol, baile agus cumarsáid ó thaobh na príobháideachta agus an teaghlaigh, ba cheart go mbeadh cosaintí leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcoinne aon drochúsáid, mar shampla, ceanglas údarú roimh ré a fháil ó údaráis bhreithiúnacha Ballstáit lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gceadódh na Ballstáit go bhféadfadh údaráis inniúla na cumhachtaí ionsáite sin a fheidhmiú a mhéid is gá chun cásanna tromchúiseacha a imscrúdú go cuí i gcás nach bhfuil aon mhodh coibhéiseach ann chun an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach.

(67)

Ós rud é go bhféadtar drochúsáid mhargaidh a dhéanamh thar theorainneacha agus thar mhargaí, ba cheart a chur de cheangal ar údaráis inniúla sna himthosca uile seachas in imthosca eisceachtúla comhoibriú agus faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla agus rialála eile, agus le ÚEUM, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdúcháin. I gcás inar deimhin le húdarás inniúil go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh, nó déanta, i mBallstát eile nó go bhfuil drochúsáid mhargaidh ag cur isteach ar ionstraimí airgeadais arna dtrádáil i mBallstát eile, ba cheart don údarás é sin a chur in iúl don údarás inniúil agus do ÚEUM. I gcásanna drochúsáide margaidh a bhfuil éifeachtaí trasteorann acu, ba cheart go mbeadh ar chumas ÚEUM comhordú a dhéanamh ar an imscrúdú má iarrann ceann de na húdaráis inniúla lena mbaineann air é sin a dhéanamh.

(68)

Tá sé riachtanach go mbeadh na huirlisí is gá ag na húdaráis inniúla chun faireachas éifeachtach trasmhargaidh a dhéanamh ar an leabhar orduithe. De bhun Threoir 2014/65/AE, tá ar chumas na n-údarás inniúil sonraí a iarraidh agus a fháil ó údaráis inniúla eile, ar sonraí iad a bhaineann leis an leabhar orduithe, chun cabhrú leo chun faireachán a dhéanamh ar chúbláil mhargaidh ar bhonn trasteorann, agus chun an chúbláil mhargaidh sin a bhrath.

(69)

Chun malartuithe faisnéise agus comhar le húdaráis tríú tíre maidir le forghníomhú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla socruithe comhoibrithe a chur i gcrích le húdaráis inniúla i dtríú tíortha. Ba cheart d’aon aistriú de shonraí pearsanta arna dhéanamh ar bhonn na gcomhaontuithe sin Treoir (CE) 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a chomhlíonadh.

(70)

Ba cheart go mbeadh creat gnó fónta, stuama maidir le gnó a dhéanamh don earnáil airgeadais bunaithe ar chórais láidre maoirseachta, imscrúdúcháin agus pionós. Chun na críche sin, ba cheart cumhachtaí leordhóthanacha feidhmithe a thabhairt d’údaráis mhaoirseachta agus ba cheart go mbeidís in ann brath ar chórais pionós atá comhionann, láidir agus athchomhairleach in aghaidh gach mí-iompair airgeadais, agus ar phionóis ba cheart a fhorghníomhú go héifeachtach. Mheas Grúpa de Larosière, áfach, nach bhfuil aon cheann de na gnéithe sin i bhfeidhm faoi láthair. Tá athbhreithniú ar chumhachtaí pionós reatha agus ar chur i bhfeidhm praiticiúil na gcumhachtaí sin, atá dírithe ar chóineasú pionós ar fud réimse na ngníomhaíochtaí maoirseachta a chur chun cinn, déanta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 maidir le córais pionós a Threisiú san earnáil airgeadais.

(71)

Ba cheart, dá bhrí sin, foráil do shraith pionós agus bearta riaracháin eile chun cur chuige comhchoiteann a áirithiú i mBallstáit agus chun feabhas a chur ar a n-éifeacht athchomhairleach. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ar fáil don údarás inniúil go mbeadh córas ann laistigh de ghnólachtaí infheistíochta chun daoine a thoirmeasc ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú. Ba cheart go ndéanfaí pionóis a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna sonracha a chinneadh agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar thosca amhail aisíoc aon tairbhe airgeadais shainaitheanta, tromaíocht agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha, an gá atá le fíneálacha éifeacht athchomhairleach a bheith acu agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart go n-áireofaí leo lascaine ar chomhar leis an údarás inniúil. Go háirithe, féadfaidh méid iarbhír na bhfíneálacha riaracháin atá le forchur i gcás sonrach an t-uasleibhéal dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhaint amach, nó leibhéal níos airde dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás sáruithe an-tromchúiseacha agus ag an am céanna féadfar fíneálacha atá cuid mhaith níos ísle ná an t-uasleibhéal a chur i bhfeidhm i gcás mionsáruithe nó i gcás socrúcháin. Ní chuireann an Rialachán seo teorainn ar chumas na mBallstát foráil a dhéanamh do phionóis riaracháin nó do bhearta riaracháin eile is airde.

(72)

Cé nach bhfuil aon rud ann le bac a chur ar Bhallstáit rialacha a leagan síos le haghaidh pionós riaracháin chomh maith le pionós coiriúla as na sáruithe céanna, níor cheart a cheangal orthu, faoin 3 Iúil 2016, rialacha a leagan síos le haghaidh pionós riaracháin as sáruithe ar an Rialachán seo atá cheana faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, níl sé d’oibleagáid ar Bhallstáit idir pionóis riaracháin agus pionóis coiriúla a fhorchur don chion céanna, ach is féidir leo an méid sin a dhéanamh má cheadaítear é de réir a ndlí náisiúnta. Má dhéantar, áfach, pionóis coiriúla a choimeád seachas pionóis riaracháin i gcás sáruithe ar an Rialachán seo nó ar Threoir 2014/57/AE, níor cheart go ndéanfadh sé sin aon laghdú ar chumas na n-údarás inniúil comhoibriú leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo agus faisnéis a rochtain agus a mhalartú leo ar mhodh tráthúil, lena n-áirítear tar éis aon sáruithe ábhartha a tharchur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla i gcomhair ionchúisimh choiriúil, agus níor cheart go ndéanfadh sé difear ar aon slí eile don chumas sin.

(73)

Ba cheart go hiondúil na cinntí a dhéanfaidh údaráis inniúla a fhoilsiú chun a áirithiú go mbeidh éifeacht athchomhairleach ag na cinntí sin ar an bpobal i gcoitinne. Is uirlis thábhachtach í freisin foilsiú cinntí d’údaráis inniúla chun rannpháirtithe sa mhargadh a chur ar an eolas faoin iompraíocht a mheastar gur sárú é ar an Rialachán seo agus chun dea-iompraíocht a chur chun cinn go forleathan i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Má dhéanann foilsiú den sórt sin dochar díréireach do na daoine lena mbaineann, nó más contúirt do chobhsaíocht na margaí airgeadais nó d’imscrúdú leanúnach é, ba cheart don údarás inniúil na pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú gan ainm ar bhealach atá comhréireach leis an dlí náisiúnta nó ba cheart dó moill a chur leis an bhfoilsiú. Ba cheart go mbeadh an rogha ag na húdaráis inniúla gan pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú i gcás ina measfar nach leordhóthanach é foilsiú a dhéanamh gan ainm nó nach leordhóthanach é moill a chur le foilsiú chun a áirithiú nach ndéanfar contúirt do chobhsaíocht na margaí airgeadais. Níor cheart a cheangal ar údaráis inniúla bearta a fhoilsiú a mheastar gur mionbhearta iad i gcás ina mbeadh foilsiú díréireach ach oiread.

(74)

Cuireann sceithirí faisnéis nua faoi shúile na n-údarás inniúil, rud a chuidíonn leo cásanna déileála cos istigh agus cúblála margaidh a bhrath agus pionóis a chur ina leith. Mar sin féin, féadfar go gcuirfear cosc le sceithireacht mar gheall ar eagla roimh fhrithbheart nó mar gheall ar easpa dreasachtaí. Go háirithe, tá tuairisciú sáruithe ar an Rialachán seo riachtanach chun a áirithiú go bhféadfaidh údarás inniúil drochúsáid mhargaidh a bhrath agus pionóis a fhorchur ina leith. Tá gá le bearta maidir le sceithireacht chun éascú a dhéanamh ar dhrochúsáid margaidh a bhrath agus chun cosaint an sceithire agus an chúisí a áirithiú chun urramú a gceart a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú tríd an Rialachán seo go bhfuil socruithe iomchuí curtha ar bun chun cumasú do sceithirí údaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus chun iad a chosaint ó fhrithbheart. Ba cheart go ligfí do na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais do dhaoine a thairgfidh faisnéis ábhartha maidir le sáruithe ionchasacha ar an Rialachán. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh sceithirí i dteideal na ndreasachtaí airgeadais sin ach amháin i gcás ina dtugann siad chun solais faisnéis nua nach bhfuil d’oibleagáid acu, ó thaobh an dlí de, í a chur in iúl agus i gcás ina gcuirtear pionós as sárú an Rialacháin seo mar thoradh ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go gcuirtear san áireamh sna scéimeanna sceithireachta a chuireann siad chun feidhme meicníochtaí a sholáthraíonn cosaint iomchuí do chúisí arna thuairisciú, go háirithe ag féachaint don cheart chun a shonraí pearsanta a chosaint agus do nósanna imeachta lena n-áiritheofar ceart an chúisí i leith cosanta agus an ceart chun éisteacht a fháil sula nglacfar cinneadh a bhaineann leis, chomh maith leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte in aghaidh cinnidh a bhaineann leis.

(75)

Ós rud é go bhfuil reachtaíocht lena gcuirtear Treoir 2003/6/CE chun feidhme glactha ag Ballstáit agus go ndéantar foráil do na gníomhartha tarmligthe, do na caighdeáin theicniúla rialála agus do chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar cheart a ghlacadh sula bhféadfar an creat a thabharfar isteach a chur i bhfeidhm ar bhealach úsáideach, is gá cur i bhfeidhm fhorálacha substainteacha an Rialacháin seo a chur siar ar feadh tréimhse leordhóthanach ama.

(76)

Chun aistriú rianúil chuig teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, féadfaidh cleachtaí margaidh atá ann cheana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ar cleachtaí iad arna nglacadh ag údaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún (14) chun críche phointe 2(a) d’Airteagal 1 de Threoir 2003/6/CE a chur i bhfeidhm, leanúint de bheith infheidhme go dtí …, ar an gcoinníoll go gcuirtear in iúl iad do ÚEUM. laistigh de thréimhse ama fhorordaithe, go dtí go ndéanfar cinneadh i dtaca leis na cleachtais sin do leanúint i bhfeidhm I gcomhréir leis an Rialachán seo.

(77)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Cairt). Ba cheart, dá réir sin, an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin. Nuair a dhéantar tagairt sa Rialachán seo do rialacha a rialaíonn saoirse an phreasa agus saoirse tuairimíochta i meáin eile agus na rialacha nó na cóid a rialaíonn gairm na hiriseoireachta, ba cheart breithniú a dhéanamh faoi na saoirsí seo ós rud é go bhfuil siad ráthaithe san Aontas agus sna Ballstáit agus go dtugtar aitheantas dóibh de bhun Airteagal 11 den Chairt agus i bhforálacha ábhartha eile.

(78)

D’fhonn trédhearcacht a mhéadú agus chun oibriú na gcóras pionós a fheabhsú, ba cheart d’údaráis inniúla sonraí gan tréithe pearsanta luaite iontu agus iad comhiomlánaithe a chur ar fáil do ÚEUM ar bhonn bliantúil. Ba cheart go mbeadh san áireamh sna sonraí sin líon na n- imscrúdaithe a osclaíodh, líon na gcásanna leanúnacha agus líon na gcásanna a dúnadh sa tréimhse ábhartha.

(79)

Is le Treoir 95/46/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag an ÚEUM laistigh de chreat an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha atá sainithe ag na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise idir údaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann ÚEUM i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(80)

Tá an Rialachán seo, chomh maith leis na gníomhartha tarmligthe, na gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin agus treoirlínte arna nglacadh i gcomhréir leis, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht.

(81)

D’fhonn na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an díolúine ó raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig comhlachtaí áirithe poiblí agus chuig bainc ceannais tríú tíortha agus chuig comhlachtaí áirithe poiblí ainmnithe tríú tíortha ag a bhfuil comhaontú nasctha leis an AE de réir bhrí Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE maidir leis na táscairí d’iompraíocht chúblála atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, maidir leis na tairsigh lena gcinntear cur i bhfeidhm na hoibleagáide maidir le nochtadh poiblí do rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí agus na cúinsí faoina gceadaítear trádáil a dhéanamh le linn tréimhse dúnta; agus maidir le cineálacha na n-idirbheart áirithe a dhéanann daoine a fheidhmíonn cúraimí bainistíochta nó daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leis an méid sin ar nithe iad lena ndéanfaí an ceanglas chun fógra a thabhairt a ghníomhachtú. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(82)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na nósanna imeachta sin a shonrú, lena n-áirítear na socruithe chun gníomh leantach a dhéanamh i leith tuairiscí agus na bearta chun daoine atá ag obair faoi chonradh fostaíochta a chosaint agus bearta chun sonraí pearsanta a chosaint chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le nósanna imeachta maidir le sáruithe an Rialacháin seo a thuairisciú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(83)

Ba cheart do chaighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais dálaí aonfhoirmeacha ar fud an Aontais a áirithiú in ábhair arna gcumhdach ag an Rialachán seo. Ós rud é gur comhlacht a bhfuil ard-saineolas aige é an ÚEUM, beart éifeachtúil iomchuí a bheadh ann ullmhú dréachtchaighdeán teicniúla rialála agus dréachtchaighdeán teicniúla cur chun feidhme nach mbaineann le roghanna beartais a chur de chúram air lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(84)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d’fhorbair an ÚEUM a ghlacadh chun ábhair fógraí a chaithfidh oibreoirí na margaí rialáilte, MTFanna agus OTFanna a dhéanamh i ndáil le hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála, a thrádálfar nó a ndearnadh iarraidh ina leith go gceadófaí iad a thrádáil ar a n-ionad trádála, an modh agus na coinníollacha tiomsaithe, foilsithe agus cothabhála liosta na n-ionstraimí sin ag ÚEUM, na coinníollacha a shonrú nach mór do chláir aischeannaigh agus do bhearta cobhsaithe a chomhlíonadh lena n-áirítear coinníollacha i gcomhair trádála, srianta ama agus méid, oibleagáidí nochta agus tuairiscithe agus coinníollacha praghais don chobhsú maidir le nósanna imeachta agus córais socruithe le haghaidh ionad trádála lena ndírítear ar dhrochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath, córais agus teimpléid atá le húsáid ag daoine chun orduithe agus idirbhearta a bhrath agus a chur i bhfios, socruithe iomchuí, nósanna imeachta agus ceanglais choinneála taifid do phróiseas na sondála margaidh;, agus maidir le socruithe teicniúla do chatagóirí daoine ionas gur féidir faisnéis lena moltar straitéis infheistíochta a thíolacadh go hoibiachtúil agus leasanna áirithe nó coinbhleachtaí leasa a nochtadh trí bhíthin ghníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a ghlacadh (16). Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear leibhéal na saineolaithe.

(85)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht freisin don Choimisiún bearta a ghlacadh chun caighdeáin theicniúla a chur chun feidhme trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Ba cheart é a chur ar iontaoibh an ÚEUM caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le nochtadh poiblí ar fhaisnéis ón taobh istigh, formáidí liostaí daoine ar an taobh istigh agus formáidí agus nósanna imeachta don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla eatarthu féin agus leis an ÚEUM.

(86)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon drochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus cúblála margaidh a chosc, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a chur i gcrích.

(87)

Toisc nach bhfuil forálacha Threoir 2003/6/CE ábhartha ná leordhóthanach a thuilleadh, ba cheart an Treoir sin a aisghairm ó 3 Iúil 2016. Baineann na riachtanais agus na toirmisc sa Rialachán seo go docht leo siúd atá i dTreoir 2014/65/AE. Dá bhrí sin ba cheart dóibh feidhm a bheith acu ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach sin.

(88)

D’fhonn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart, tá sé riachtanach, i gcás forálacha den Rialachán seo, eadhon iad siúd a bhaineann leis na húdaráis inniúla agus a gcumhachtaí, an fhoráil maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a chur ar fáil; tuairisciú sáruithe agus foilsiú cinntí, go ndéanfadh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a ndlí náisiúnta, faoin 3 Iúil 2016, na forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na húdaráis inniúla agus a gcumhachtaí, le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile; tuairisciú sáruithe agus foilsiú cinntí.

(89)

Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairim an 10 Feabhra 2012 (17),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat rialála maidir le déileáil chos istigh, le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach, le cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) mar aon le bearta chun drochúsáid mhargaidh a chosc d’fhonn sláine na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú agus d’fhonn cosaint infheisteoirí agus muinín sna margaí sin a fheabhsú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais ar ligeadh isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte déanta ina leith;

(b)

ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar MTF, ar ligeadh isteach iad chun a dtrádála ar MTF nó a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a trádála ar MTF déanta ina leith;

(c)

ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar OTF;

(d)

ionstraimí airgeadais nach bhfuil clúdaithe le pointe (a), (b) nó (c), a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó luach ionstraime airgeadais dá dtagraítear sna pointí sin, nó a bhfuil éifeacht ag a bpraghas nó ag a luach ar phraghas nó luach ionstraime airgeadais dá dtagraítear sna pointí sin, lena n-áirítear, babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus conarthaí difríochta ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiompraíocht nó le hidirbhearta, lena n-áirítear tairiscintí, a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá bunaithe air sin ar mhargadh rialáilte atá údaraithe mar ardán ceant do lamháltas astaíochtaí nó do tháirgí ceantáilte eile atá bunaithe air sin, lena n-áirítear nuair nach ionstraimí airgeadais iad táirgí ceantáilte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún. Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a thagraíonn do thairiscintí arna dtíolacadh i gcomhthéacs ceantála, beidh feidhm ag aon cheanglais agus aon thoirmisc sa Rialachán seo lena dtagraítear d’orduithe trádála maidir leis na tairiscintí sin.

2.   Tá feidhm ag Airteagal 12 agus ag Airteagal 15 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

conarthaí spot-tráchtearraí, nach táirgí mórdhíola fuinnimh iad, i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an ordú nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu, nó i gcásanna ina bhfuil siad ceaptha chun tionchar a bheith acu, ar praghas nó luach ionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 1;

(b)

cineálacha ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear conarthaí díorthacha nó ionstraimí díorthacha le haghaidh aistriú an riosca creidmheasa i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an ordú, ag an tairiscint nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu ar phraghas nó ar luach conartha spot-tráchtearraí sa chás ina mbraithfidh an phraghas nó an luach ar phraghas nó ar luach na n-ionstraimí airgeadais sin; agus

(c)

iompraíocht i ndáil le tagarmharcanna.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon idirbheart, ordú nó iompraíocht a bhaineann le haon hionstraim airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an t-idirbheart, an t-ordú nó an iompraíocht sin ar ionad trádála.

4.   Beidh feidhm ag na toirmisc agus na ceanglais atá sa Rialachán seo maidir le gníomhartha agus easnaimh san Aontas agus i dtríú tír a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;

(2)

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

(3)

ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(4)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(5)

ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(18) de Threoir (AE) Uimh. 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(21) de Threoir 2014/65/AE;

(7)

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach (MTF)” córas iltaobhach mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;

(8)

ciallaíonn “saoráid trádála eagraithe (OTF)” córas nó saoráid san Aontas mar a shainmhínítear é in in Airteagal 4(1)(23) de Threoir 2014/65/AE;

(9)

ciallaíonn “cleachtais aitheanta margaidh” cleachtas margaidh atá aitheanta ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 13.

(10)

ciallaíonn “ionad trádála” aonad trádála mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE;

(11)

ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(12) de Threoir 2014/65/AE;

(12)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 22, mura sonraítear a mhalairt;

(13)

ciallaíonn “duine” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith.

(14)

ciallaíonn “tráchtearra” tráchtearra mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (19).

(15)

ciallaíonn “conradh spot-tráchtearraí” conradh do sholáthar tráchtearra arna thrádáil ar spotmhargadh a sholáthraítear go prás nuair a bhíonn an t-idirbheart socraithe, mar aon le conarthaí eile do sholáthar tráchtearra nach ionstraim airgeadais é, lena n-áirítear réamhchonradh a shocraítear go fisiceach;

(16)

ciallaíonn “spotmhargadh” margadh tráchtearraí ina ndíoltar tráchtearraí ar airgead tirim agus ina seachadtar iad go pras nuair a bhíonn an t-idirbheart socraithe, agus le margaí eile neamhairgeadais, amhail réamh-mhargaí do thráchtearraí.

(17)

ciallaíonn “clár aischeannaigh” trádáil i scaireanna dílse i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 27 de Threoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(18)

ciallaíonn “trádáil algartamach” trádáil algartamach mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(39) de Threoir 2014/65/AE.

(19)

ciallaíonn “lamháltas astaíochtaí” lamháltas astaíochtaí mar a léirítear é i bpointe (11) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

(20)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí” aon duine a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe a chur chun trádáil a dhéanamh, i lamháltais astaíochtaí, i dtáirgí ceantáilte, nó i ndíorthaigh díobh agus nach dtairbhíonn de dhíolúine de bhun an dara fomhír d’Airteagal 17(2).

(21)

ciallaíonn “eisitheoir” eintiteas dlíthiúil arna rialú ag an dlí príobháideach nó poiblí, a eisíonn nó a bheartaíonn ionstraimí airgeadais a eisiúint, arb é an t-eisitheoir, i gcás admhálacha taisclainne arb ionann iad agus ionstraimí airgeadais, eisitheoir na hionstraime airgeadais arb ionann í agus admháil taisclainne.

(22)

ciallaíonn “táirge fuinnimh mhórdhíola” táirge fuinnimh mhórdhíola faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

(23)

“údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

(24)

ciallaíonn “díorthaigh tráchtearraí” díorthaigh tráchtearraí mar a shainmhínítear iad i bpointe (24) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(25)

ciallaíonn “duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta” duine laistigh d’eisitheoir, rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 19(10) é agus:

(a)

ar comhalta é de chomhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta an eintitis sin; nó

(b)

ar feidhmeannach sinsearach é, nach comhalta de na comhlachtaí é dá dtagraítear i bpointe (a), a bhfuil rochtain aige go rialta ar an bhfaisnéis ón taobh istigh a bhaineann go díreach nó go hindíreach, leis an eintiteas sin, agus ag a bhfuil an chumhacht cinntí bainistíochta a dhéanamh a imreoidh tionchar ar fhorbairtí agus ar ionchais gnó an eintitis sin amach anseo.

(26)

ciallaíonn “duine a bhfuil caidreamh dlúth aige”:

(a)

céile, nó páirtnéir a mheastar de réir an dlí náisiúnta gurb ionann iad agus an céile;

(b)

leanbh cleithiúnach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)

gaol de chuid an duine, a bhí in aon teaghlach leis an duine sin ar feadh bliana ar a laghad ar an dáta a ndearnadh an t-idirbheart lena mbaineann; nó

(d)

duine dleathach, iontaobhas nó comhpháirtíocht, a ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a), I bpointe (b) nó i bpointe (c) den phointe seo a fhreagrachtaí bainistíochta a chomhlíonadh, nó a dhéanfaidh duineden sórt sin go díreach nó go hindíreach iad a rialú, nó a chuirtear ar bun chun tairbhe an duine sin, nó a bhfuil a leasanna eacnamaíocha coibheiseach cuid mhaith le leasanna eacnamaíocha duineden sórt sin sin;

(27)

ciallaíonn “taifid sonraí tráchta” taifead de ‘shonraí tráchta’ mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) den dara mír d’Airteagal 2 de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);.

(28)

ciallaíonn “duine a eagraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta” duine atá gníomhach i nglacadh agus i dtarchur orduithe nó in orduithe a tharchur nó in idirbhearta a fhorghníomhú i ndáil le hionstraimí airgeadais.

(29)

ciallaíonn “tagarmharc” aon ráta, inneács nó figiúr, a chuirtear ar fáil don phobal nó a fhoilsítear a shocraítear go tréimhsiúil nó go rialta le foirmle a fheidhmiú nó ar bhonn: luach bunsócmhainne nó bunphraghas amháin nó níos mó, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta nó luachanna eile iarbhír nó measta, nó suirbhéanna lena ndéantar an tsuim atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó luach ionstraime airgeadais a chinneadh faoina dtreoir.

(30)

ciallaíonn “déantóir margaidh” duine de réir bhrí Airteagal 4(1)(7) de Threoir 2014/65/AE.

(31)

ciallaíonn “forbairt scairshealúchais” urrúis a fháil i gcuideachta nach dtarraingíonn oibleagáid dhlíthiúil ná rialála fógra a dhéanamh maidir le tairiscint táthcheangail i ndáil leis an gcuideachta sin.

(32)

ciallaíonn “rannpháirtí nochtach sa mhargadh’ tagairt do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a thagann faoi aon cheann de na catagóirí a leagtar amach i bpointe (a) go (d) d'Airteagal 11(1) nó d'Airteagal 11(2), a nochtann faisnéis le linn sondáil margaidh.

(33)

ciallaíonn “trádáil ardmhinicíochta” trádáil ardmhinicíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(40) de Threoir 2014/65/AE;

(34)

ciallaíonn “straitéis infheistíochta a mholadh nó a chomhairliú

(i)

faisnéis arna tabhairt ag anailísí neamhspleách, ag gnólacht infheistíochta, ag institiúid chreidmheasa, ag aon duine arb é a phríomhghnó é moltaí infheistíochta a thabhairt nó ag duine nádúrtha atá ag obair dóibh nó atá faoi chonradh fostaíochta nó eile, agus gur faisnéis í a léiríonn, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, tograí infheistíochta ar leith i ndáil le hionstraim airgeadais nó le heisitheoir;

(ii)

faisnéis arna tabhairt ag daoine seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (i) a léiríonn go díreach togra infheistíochta ar leith i ndáil le hionstraim airgeadais;

(35)

ciallaíonn “moltaí infheistíochta” faisnéis lena moltar nó lena gcomhairlítear straitéis infheistíochta, bíodh sin go sainráite nó go hintuigthe, i dtaca le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó nó i dtaca leis na heisitheoirí, lena n áirítear aon tuairim i dtaobh luach reatha nó todhchaí nó praghas reatha nó todhchaí na n ionstraimí sin, agus go bhfuil an fhaisnéis sin beartaithe i gcomhair cainéil scaipthe nó don phobal.

2.   Chun críocha Airteagal 5, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “urrúis”:

(i)

scaireanna agus urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna;

(ii)

bannaí agus cineálacha eile fiachais urrúsaithe; nó

(iii)

fiachas urrúsaithe nó inmhalartaithe ar scaireanna nó urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna.

(b)

ciallaíonn “ionstraimí gaolmhara” na hionstraimí airgeadais seo a leanas, lena n-áirítear na hionstraimí sin nach ligtear isteach chun a dtrádála ná nach dtrádáiltear ar ionad trádála, nó nach bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar ionad trádála déanta ina leith:

(i)

conarthaí nó cearta chun urrúis a shuibscríobh, a ghnóthú nó a dhiúscairt;

(ii)

díorthaigh airgeadais ar urrúis;

(iii)

i gcás inar ionstraimí fiachais in-chomhshóite nó inmhalartaithe iad na hurrúis, na hurrúis a fhéadfar na hionstraimí fiachais in-chomhshóite nó inmhalartaithe sin a chomhshó nó a mhalartú iontu;

(iv)

ionstraimí a eisíonn nó a ráthaíonn eisitheoir nó ráthóir na n-urrús agus ar dócha go n-imreoidh a bpraghasmhargadh tionchar ábhartha ar phraghas na n-urrús nó a mhalairt ar fad;

(v)

i gcás inar urrúis atá coibhéiseach le scaireanna iad na hurrúis, na scaireanna sin a sheasann na hurrúis dóibh agus aon urrúis eile atá coibhéiseach leis na scaireanna sin.

(c)

ciallaíonn “dáileadh suntasach” tairiscint tosaigh nó tánaisteach urrús atá ar leithligh ón ngnáth-thrádáil ó thaobh an mhéid i luach na n-urrús a bheidh le tairiscint agus an mhodh díola a bheidh le húsáid;

(d)

ciallaíonn “cobhsú” ceannach nó tairiscint chun urrúis a cheannach, nó aon idirbheart in ionstraimí gaolmhara atá coibhéiseach leo, arna ndéanamh ag institiúid creidmheasa nó ag gnólacht infheistíochta, a dhéanfar i gcomhthéacs dháileadh suntasach urrús den sórt sin go heisiach chun tacaíocht a thabhairt do mhargadhphraghas na n-urrús sin ar feadh tréimhse réamhdhearbhaithe, de bharr brú díola i gcás na n-urrús sin;.

Article 4

Fógraí agus liosta ionstraimí airgeadais

1.   Tabharfaidh oibreoirí margaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a fheidhmíonn MTF nó OTF fógra dá n-údarás inniúil, gan mhoill, maidir le hionad trádála aon ionstraime airgeadais a ndéantar iarraidh ar ligean isteach ar a n-ionad trádála ina leith, a ligtear isteach chun a trádála nó a thrádáiltear an chéad uair.

Tabharfaidh siad fógra d’údarás inniúil an ionaid trádála freisin nuair a scoirfear d’ionstraim airgeadais a thrádáil nó nuair a scoirfear den ionstraim a ligean siteach chun a trádála mura rud é s gur eol an dáta a scoirfear den ionstraim airgeadais a thrádáil nó an dáta a scoirfear den ionstraim a ligean isteach chun a trádála agus go ndearnadh tagairt don dáta sin san fhógra, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Áireofar sna fógraí dá dtagraítear sa mhír seo, de réir mar is iomchuí, ainmneacha agus aitheantóirí na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, agus an dáta agus t-am a ndearnadh an iarraidh ar iad ligean isteach chun a dtrádála, an ligean isteach chun a dtrádála agus dáta agus am na chéad trádála.

Tarchuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta chuig údarás inniúil an ionaid trádála freisin an fhaisnéis a leagtar amach sa tríú fomhír i dtaca leis na hionstraimí airgeadais a bhí ina n-ábhar d’iarraidh ar ligean isteach chun a dtrádála nó a ligeadh isteach chun a dtrádála agus a ligtear isteach fós chun a dtrádála nó a thrádáíltear ar a ndáta sin roimh 2 Iúil 2014.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an ionaid trádála, fógra a fhaigheann siad de bhun mhír 1 a tharchur chuig ÚEUM, gan mhoill. Foilseoidh ÚEUM na fógraí sin ar a láithreán gréasáin i bhfoirm liosta, láithreach bonn ar iad a fhail. Déanfaidh ÚEUM an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta láithreach ar fhógra a fháil ó údarás inniúil an ionaid trádála. Ní dhéanfaidh an liosta raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa liosta:

(a)

ainmneacha agus aitheantóirí ionstraimí airgeadais atá ina n-ábhar d’iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear den chéad uair ar mhargaí rialáilte, MTFanna agus OTFanna,;

(b)

dátaí agus amanna ag a ndearnadh na hiarrataí ar ligean isteach chun a dtrádála, an ligin isteach chun trádála nó na chéad trádálacha;

(c)

mionsonraí faoi na hionaid trádála atá ina n-ábhar d’iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, a ligtear isteach chun a dtrádála nó a ndearnadh na hionstraimí airgeadais a thrádáil den chéad uair orthu, inar ligeadh isteach iad den chéad uair chun a dtrádála, nó ina ndearnadh iarraidh iad a ligean isteach chun a dtrádála; agus

(d)

an dáta agus an t-am ag a scoirtear dá dtrádáil nó an dáta agus an t-am ag a scoirtear de na hionstraimí airgeadais a thrádáil nó a scoirtear dá ligean isteach chun a dtrádála.

4.   Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

inneachar na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)

an bealach a dhéanfar agus na coinníollacha faoina ndéanfar an liosta dá dtagraítear i mír 3 a thiomsú, a fhoilsiú agus a choimeád ar bun.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (23).

5.   Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an uainiú, an fhormáid agus an teimpléad don tarchur faoi mhír 1 agus mhír 2 a leagan síos.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú

1.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo maidir le trádáil i scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh i gcás:

(a)

nuair a nochtar sonraí iomlána an chláir roimh thús na trádála;

(b)

nuair a dhéantar trádálacha a thuairisciú don údarás inniúil mar chuid den chlár aischeannaigh agus nuair a nochtar iad don phobal ina dhiaidh sin;

(c)

nuair a chomhlíontar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le praghas agus méidl agus

(d)

nuair a dhéantar é i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 agus na coinníollacha a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6.

2.   D’fhonn tairbhiú den díolúine dá bhforáiltear i mír 1, beidh mar an t-aon chríoch ag clár aischeannaigh atá aige:

(a)

caipitil an eisitheora a laghdú;

(b)

na hoibleagáidí a eascraíonn ó ionstraimí fiachais airgeadais inmhalartaithe ar ionstraimí caipitil gnáthscaireann a chomhlíonadha; nó

(c)

na hoibleagáidí a eascraíonn ó chláir scair-rogha, nó leithdháiltí scaireanna eile d’fhostaithe nó do chomhaltaí na bainistíochta riaracháin nó do chomhaltaí maoirseachta an eisitheora nó cuideachta comhlaí a chomhlíonadh.

3.   Chun tiarbhiú den díolúine da bhforailtear le mír 1Nbeidh ag an eisitheoir na sásraí a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh sé oibleagáidí tuairiscithe trádála chuig údarás inniúil an ionaid trádála inar glacadh na scaireanna chun a dtrádála nó ina dtrádáiltear iad. Déanfaidh na sásraí sin gach idirbheart a thaifead a bhaineann leis an gclár aischeannaigh, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 25(1) agus (2) agus in Airteagal 26(1), (2) agus (3) de Rilachán (AE) Uimh 600/2014.

4.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo maidir le trádáil in urrúis nó in ionstraimí gaolmhara chun urrúis a chobhsú i gcás

(a)

ina ndéantar an cobhsú ar feadh tréimhse theoranta ama;

(b)

ina nochtar faisnéis ábhartha maidir leis an gcobhsú, agus ina dtugtar fógra don údarás inniúil i gcomhréir le mír 5;

(c)

ina dtugtar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le praghas; agus

(d)

ina gcomhlíonann trádáil den sórt sin na coinníollacha don chobhsú a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6.

5.   Gan dochar d’Airteagal 23(1), déanfaidh na heisitheoirí, na tairgeoirí nó na heintitis, a thabharfaidh faoin gcobhsú, ag gníomhú dóibh nó gan gníomhú dóibh thar ceann na ndaoine sin, fógra a thabhairt d’údarás inniúil an ionaid trádála maidir leis na hidirbhearta cobshúchain uile tráth nach déanaí ná an seachtú seisiún margadh laethúil i ndiaidh dáta cuir i gcrích na n-idirbheart sin.

6.   Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun coinníollacha a shonrú nach mór do chláir aischeannaigh agus bearta cobhsaithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 chomhlíonadh, lena n-áirítear coinníollacha do thrádáil, srianta maidir le ham agus méid, oibleagáidí nochta agus tuairiscithe agus coinníollacha praghas.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Díolúine do ghníomhaíochtaí bainistíochta airgeadaíochta agus fiachais phoiblí agus do ghníomhaíochtaí beartais aeráide

1.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hidirbhearta, orduithe ná iompraíocht agus beartas airgeadaíochta, beartas ráta malartaithe, nó beartas bainistíochta fiachais phoiblí á shaothrú ag:

(a)

Ballstát;

(b)

comhaltaí CEBC;

(c)

aireacht, gníomhaireacht nó feithicil shainchuspóireach de chuid Ballstáit nó de chuid roinnt Ballstát, nó ag duine ag gníomhú ar a son nó ar a shon;

(d)

i gcás Ballstáit atá ina stát cónaidhme, ag comhalta atá páirteach sa chónaidhm.

2.   Níl an Rialachán seo infheidhme maidir le hidirbhearta, orduithe nó iompraíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún nó aon chomhlacht oifigiúil ainmnithe eile ná aon duine ag gníomhú dó thar a cheann, le linn beartas bainistíochta fiachais phoiblí a bhaint amach.

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hidirbhearta, orduithe ná iompraíochtaí den sórt sin arna ndéanamh ag:

(a)

an Aontas;

(b)

ag feithicil shainchuspóireach de chuid Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát;

(c)

an mBanc Eorpach Infheistíochta;

(d)

an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach;

(e)

an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

(f)

institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha maoinithe ag bagairt orthu.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíocht de chuid Ballstáit, de chuid an Choimisiúin ná de chuid aon chomhlachta eile atá ainmnithe go hoifigiúil, nó de chuid aon duine ag gníomhú ar a shon, a bhaineann le lamháltais astaíochtaí agus a dhéantar agus iad ag saothrú bheartas aeráide an Aontais i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE.

4.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí de chuid Ballstáit, de chuid an Choimisiúin ná de chuid aon chomhlachta eile atá ainmnithe go hoifigiúil, nó aon duine ag gníomhú ar a shon, a dhéanfar agus iad ag saothrú Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais nó iad ag saothrú Chomhbheartas Iascaigh an Aontais i gcomhréir leis na gníomhartha a ghlactar nó leis na comhaontuithe idirnáisiúnta a thugtar i gcrích faoi CFAE.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an an díolúine dá dtagraítear i mír 1 a shíneadh chuig comhlachtaí áirithe eile agus chuig bainc cheannais tríú tíortha.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, faoin 3 Eanáir 2016, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann agus ar an gcóir idirnaisiúnta a chuirtear ar na bainc cheannais.

Beidh anailís chomparáideach faoin gcóir a fhaigheann na comhlachtaí agus na bainc cheannais sin laistigh de chreat dlíthiúil tríú tíortha, agus na caighdeáin bhainistíochta riosca atá infheidhme maidir leis na hidirbhearta a dhéanann na comhlachtaí sin agus na bainc cheannais sna dlínsí sin. Má bhaintear an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgeadaíochta na mbanc ceannais tríú tír sin a dhíolmhú ó oibleagáidí agus ó thoirmisc an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún an díolúine a leathnú chuig bainc cheannais na dtríú tíortha sin.

6.   Cumhachtófar don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an díolúine a leagtar amach i mír 3 a shíneadh chuig comhlachtaí ainmnithe poiblí áirithe de chuid tríú tíortha atá tar éis dul isteach i gcomhaontú leis an Aontas de bhun Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE.

7.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le daoine atá ag obair faoi chonradh fostaíochta nó ar shlí eile do na heintitis dá dtagraítear san Airteagal seo nuair a chuireann na daoine sin, idirbhearta nó orduithe i gcrích, nó ina dtéann siad i mbun iompraíochta, go díreach nó díreach, thar a gceann féin.

CAIBIDIL 2

FAISNÉIS ÓN TAOBH ISTIGH, DEILEÁIL CHOS ISTIGH, FAISNÉIS ÓN TAOBH ISTIGH A NOCHTADH GO NEAMHDHLEATHACH AGUS CÚBLÁIL MARGAIDH

Airteagal 7

Faisnéis ón taobh istigh

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh faisnéis ón taobh istigh comhdhéanta de na cineálacha faisnéise seo a leanas:

(a)

faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó le hionstraimí airgeadais amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann;

(b)

maidir le díorthaigh ar thráchtearraí, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le díorthach amháin den sórt sin nó níos mó nó a bhaineann go díreach leis an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na ndíorthach sin nó na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara agus sa chás gur faisnéis í seo a bhféadfaí dá cionn a bheith ag súil leis le réasún go nochtfaí í nó a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlí nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, rialacha margaidh, conarthaí, cleachtais nó custaim ar mhargaí ábhartha na ndíorthach tráchtearraí nó spotmhargaí ábhartha.

(c)

maidir le lamháltais astaíochtaí nó táirgí ceantáilte bunaithe ar an gcéanna, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le hionstraim amháin dá leithéid nó níos mó, agus dá bpoibleofaí í, ba dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghas ionstraimí dá leithéid nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

(d)

maidir le daoine a bhfuil cúram orthu maidir le forghníomhú orduithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais, ciallaíonn sé freisin faisnéis a chuireann cliant in iúl agus a bhaineann le horduithe ar feitheamh an chliaint in ionstraimí airgeadais, atá de chineál beacht, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin, ar phraghas na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

2.   Chun críocha mhír 1, measfar go bhfuil faisnéis de chineál beacht má léirítear inti sraith cúinsí atá ann nó a fhéadfar a bheith ag súil go réasúnach go mbeidh ann nó teagmhas a tharla nó a fhéadfar a bheith ag súil go réasúnta go dtarlóidh sé, agus má tá sí sainiúil go leor ionas go bhféadfar tátal a bhaint as éifeacht fhéideartha na sraithe cúinsí sin nó an teagmhais sin ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais nó ar na hionstraimí airgeadais díorthacha gaolmhara, ar phraghsanna na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhar nó ar phraghsanna ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí. I gcás próisis a bhfuil fad bainte as, ar próiseas é atá beartaithe imthoisc ar leith nó teagmhas ar leith a thuismiú nó ar imthoisc nó teagmhas den sórt sin atá mar thoradh air, ní hamháin gur féidir an imthoisc nó an teagmhas atá le teacht a mheas mar fhaisnéis bheacht, ach is féidir a mheas gur faisnéis bheacht céimeanna idirmheánacha an phróisis sin a bhaineann leis an imthoisc nó leis an teagmhas atá le teacht a thuismiú nó na céimeanna idirmheánacha arb iad an imthoisc nó an teagmhas atá le teacht an toradh.

3.   Maidir le céim idirmheánach i bpróiseas a bhfuil fad bainte as, más rud é go gcomhlíonann sí, inti féin, na critéir d’fhaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear san Airteagal seo, measfar gur faisnéis bheacht í.

4.   Ar mhaithe le mír 1 a chur i bhfeidhm, ciallóidh faisnéis ar dhócha dá bpoibleofaí í go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais, na n- ionstraimí airgeadais díorthacha, na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó na dtáirgí ceantáilte bunaithe ar na lamháltais astaíochtaí faisnéis ar dhócha go mbainfeadh infheisteoir réasúnach úsáid aisti mar chuid de bhonn a chinntí nó a cinntí infheistíochta.

I gcás rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochta a bhfuil astaíochtaí comhiomlána acu nó a bhfuil ionchur rátáilte teirmeach acu atá ag an tairseach nó faoin tairseach a shocrófar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 17(2), measfar nach ndéanfaidh faisnéis faoina n-oibríochtaí fisiceacha éifeacht shuntasach a imirt ar phraghas na lamháltas astaíochta, na dtáirgí ceantáilte atá bunaithe ar an bhfaisnéis sin ná ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

5.   Déanfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint maidir le liosta faisnéise nach bhfuil uileghabhálach a bhunú a bheifí ag súil leis le réasún go nochtfaí é nó a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, rialacha margaidh, conarthaí, cleachtais nó custaim ar mhargaí na ndíorthach tráchtearraí nó spotmhargaí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1. Cuirfidh ÚEUM i gcuntas go cuí sonraíochtaí na margaí sin.

Airteagal 8

Déileáil chos istigh

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tagann déileálacha cos istigh chun cinn i gcás ina bhfuil faisnéis ón taobh istigh ag duine agus ina n-úsáideann sé an fhaisnéis sin trí ionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach. Measfar freisin gurb ionann déileáil chos istigh agus úsáid na faisnéise ón taobh istigh chun ordú maidir le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú i gcás inar tugadh an t-ordú sula raibh an fhaisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann. Maidir le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu arna gcoinneáil de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, is é a bheidh i gceist le faisnéis ón taobh istigh a úsáid tairiscint arna déanamh ag duine a thaisceadh, a mhodhnú nó a tharraingt siar ar a shon féin nó ar son tríú páirtí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, tagann déileálacha cos istigh chun cinn nuair a mholtar duine eile a bheith páirteach i ndéileáil chos istigh, nó ina spreagtar duine eile a bheith páirteach i ndéileáil chos istigh, i gcás faisnéis ón taobh istigh a bheith ag an duine agus:

(a)

nuair a mholann sé, ar bhonn na faisnéise sin go ndéanfaidh duine eile ionstraimí airgeadais a fháil nó a dhiúscairt lena mbaineann an fhaisnéis sin, nó nuair a spreagann sé an duine sin fáltas nó diúscairt den sórt sin a dhéanamh, nó

(b)

nuair a mholann sé ar bhonn na faisnéise sin go ndéanfaidh duine eile ordú maidir le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a chealú nó a leasú, nó nuair a spreagann sé an duine sin fáltas nó diúscairt den sórt sin a dhéanamh.

3.   Is ionann na moltaí nó na spreagthaí seo a úsáid dá dtagraítear i mír 2 agus déileáil chos istigh de réir bhrí an Airteagal seo nuair is eol don duine nó nuair is ceart gur eol don duine a bhainfidh úsáid as an moladh nó as an spreagadh gur bunaithe ar fhaisnéis chos istigh atá siad.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige mar thoradh ar aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a)

é a bheith ina chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid eisitheora nó de chuid rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;

(b)

sealúchas a bheith aige i gcaipiteal de chuid eisitheora nó de chuid rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;

(c)

rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis i bhfeidhmiú poist, gairme nó a dhualgas;

(d)

baint a bheith aige le gníomhaíochtaí coiriúla.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le haon duine a mbeidh faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige faoi chúinsí seachas na cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa chás gurb eol duine sin nó gur cheart gurbh eol dó gur faisnéis ón taobh istigh atá ann.

5.   Nuair is duine dlítheanach é an duine, beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir leis na daoine nádúrtha a bheidh rannpháirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, sa chinneadh ordú a fháil nó a dhiúscairt nó a chealú nó a leasú do chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

Airteagal 9

Iompraíocht dhlisteanach

1.   Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar ar an aonfhíric gur bhain duine dlítheanach a bhfuil nó a raibh faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige úsáid aisti gur ghlac an duine sin páirt dá bhrí sin i ndéileáil chos istigh ar bhonn fáltais nó diúscartha, sa chás:

(a)

go raibh socruithe agus nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha agus éifeachtacha bunaithe, curtha chun feidhme agus cothabháilte ag an duine dlítheanach sin a áirithíonn go héifeachtach nach raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine nádúrtha a rinne an cinneadh thar a cheann ionstraimí airgeadais lena mbaineann a fhaisnéis a fháil nó a dhiúscairt, ná duine nádúrtha eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh sin; agus

(b)

nár ghríosaigh, nár mhol, nár spreag an duine dlítheanach ná nár imir sé tionchar ar shlí eile ar an duine nádúrtha a fuair nó a dhiúscairt ionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis, thar ceann an duine dhlítheanaigh.

2.   Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar ar an aonfhíric gur bhain duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige úsáid aisti gur ghlac an duine sin dá bhrí sin páirt i ndéileáil chos istigh ar bhonn fáltais nó diúscartha, sa chás:

(a)

inar cruthaitheoir margaidh é an duine sin don ionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis nó gur duine atá údaraithe an duine sin chun gníomhú mar chontrapháirtí don ionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis agus go ndearnadh na hionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a fháil nó a dhiúscairt go dlisteanach le linn fheidhmiú a bhfeidhme mar chruthaitheoir margaidh nó mar chontrapháirtí don ionstraim airgeadais; nó

(b)

ina bhfuil an duine údaraithe orduithe a fheidhmiú thar ceann tríú páirtithe, agus ionstraimí airgeadais lena mbaineann an t-ordú a fháil nó a dhiúscairt agus go gcaithfidh an duine an t-ordú sin a dhéanamh go dlisteanach le linn don duine sin a phost nó apost, a ghairm nó a gairm nó a dhualgais nó a dulagais a fheidhmiú.

3.   Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar ar aon aonfhíric gur bhain duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige úsáid aisti gur ghlac an duine sin páirt dá bhrí sin i ndéileáil chos istigh ar bhonn fáltais nó diúscartha, sa chás ina ndéanfaidh an duine sin idirbheart chun ionstraimí airgeadais a fháil nó a dhiúscairt sa chás go ndéanfar an t-idirbheart sin chun oibleagáid atá dlite a tharscaoileadh de mheon macánta agus nach ndéanfar é chun an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh a shárú agus:

(a)

go n-eascraíonn an oibleagáid sin ó ordú a rinneadh nó ó chomhaontú a tugadh i gcrích sula raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann; nó

(b)

go gcaithfidh an duine sin oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a chomhlíonadh a d’eascraigh sula raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann.

4.   Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar gur bhain duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige úsáid aisti nó gur ghlac an duine sin páirt i ndéileáil chos istigh, i gcás ina fuair an duine den sórt sin an fhaisnéis ón taobh istigh sin le linn táthcheangal poiblí nó cumaisc le cuideachta a dhéanam agus nach n-úsáideann sé an fhaisnéis sin ach ar mhaithe le leanúint leis an gcumasc nó leis an táthcheangal poiblí, ar choinníoll go poiblíodh aon fhaisnéis ón taobh istigh nó ar choinníoll nach faisnéis ón taobh istigh a thuilleadh é ar dhóigh eile, ní mheasfar gur ann do dhéileáil chos istigh.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le forbairt scairshealúchais.

5.   Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, i gcás ina n-úsáidfidh duine a eolas féin go bhfuil sé cinnte aige ionstraimí airgeadais a fháil nó a dhiúscairt i bhfáltas nó i ndiúscairt na n-ionstraimí airgeadais sin, ní hionann an t-aonfhíric sin, uaidh féin agus úsáid a bhaint as faisnéis ón taobh istigh.

6.   D’ainneoin mhíreanna 1 go dtí 5 den Airteagal seo, féadfar fós a mheas go ndearnadh sárú ar an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh a leagtar amach in Airteagal 14 má shuíonn an t-údarás inniúil go raibh cúis neamhdhlisteanach leis na horduithe chun trádála, leis na hidirbhearta nó leis na hiompraíochta lena mbaineann.

Airteagal 10

Nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tagann nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh chun cinn i gcás ina nochtann duine a shealbhaíonn faisnéis ón taobh istigh an fhaisnéis sin d’aon duine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh i ngnathfheidhmiú post, gairm nó dualgas.

Tá feidhm ag an mír seo maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach sna cásanna nó sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is ionann nochtadh chun tosaigh moltaí nó spreagthaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus nochtadh míchuí neamhdhleathach ón taobh istigh faoin Airteagal seo i gás inarb eol don duine nó nuair is ceart gurbh eol dó go bhfuil siad bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh.

Airteagal 11

Sondálacha margaidh

1.   Is ionann sondáil margaidh agus faisnéis a bheith curtha in iúl, sula bhfógrófar idirbheart, d’fhonn leas infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha a thomhas agus na coinníollacha a bhaineann leis amhail a mhéid ionchasach nó a phraghsáil, d’infheisteoir ionchasach:

(a)

ag eisitheoir;

(b)

ag tairgeoir tánaisteach ionstraime airgeadais, de mhéid nó de luach atá ar leithligh ón ngnáth-thrádáil agus a bhfuil modh díola i gceist leis atá bunaithe ar réamh-mheasúnú ar spéis ionchasach a bheith léirithe ag infheisteoirí ionchasacha;

(c)

ag rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí; nó

(d)

ag tríú páirtí ag gníomhú thar ceann nó ar chuntas duine dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c).

2.   Gan dochar d’Airteagal 23(3), is ionann nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag duine atá ag beartú tairiscint táthcheangail a dhéanamh ar urrúis cuideachta nó cumaisc le cuideachta do pháirtithe atá i dteideal na hurrúis sin agus sondáil margaidh, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun na páirtithe atá i dteideal na n-urrús tuairim a ghlacadh maidir lena dtoilteanas a n-urrúis a thairiscint, agus

(b)

go bhfuil gá réasúnach le toilteanas na bpáirtithe atá i dteideal na n-urrús a n-urrúis a thairiscint maidir leis an gcinneadh an tairiscint táthcheangail nó cumaisc a dhéanamh.

3.   Déanfaidh rannpháirtí nochtach sa mhargadh, sula ndéanfaidh sé sondáil margaidh, breithniú go sonrach ar cibé an mbeidh nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gceist le sondáil margaidh. Déanfaidh an rannpháirtí nochtach sa mhargadh taifead i scríbhinn maidir lena chonclúid agus na cúiseanna leis. Cuirfidh sé taifid scríofa den sórt sin ar fáil don údarás inniúil ar iarraidh sin dó. Beidh an oibleagáid seo i bhfeidhm i leith gach nochtadh faisnéise le linn na sondála margaidh. Déanfaidh na rannpháirtithe nochtacha sa mhargadh na taifid scríofa dá dtagraítear sa mhír seo a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

4.   Chun críocha Airteagal 10(1), déanfar aon nochtadh ar fhaisnéis ón taobh istigh a dhéantar le linn sondála margaidh a mheas mar nochtadh a rinneadh i ngnáthfheidhmiú fostaíocht, gairm nó dualgais duine más rud é go bhfuil mír 3 agus mír 5 den Airteagal seo á gcomhlíonadh ag an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh; agus

5.   Chun críocha mhír 4, ní mór don rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh, sula ndéanfaidh sé an nochtadh:

(a)

toiliú a fháil ón duine a fhaigheann an tsondáil margaidh á rá go bhfuil sé sásta faisnéis ón taobh istigh a fháil;

(b)

a chur in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil sé toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ionstraimí airgeadais atá gaolmhar don fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach;

(c)

a chur in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil sé toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ordú a rinneadh cheana i dtaca le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú; agus

(d)

a chur in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil oibleagáid air, an fhaisnéis a choimeád ar mhodh rúin;

Maidir leis an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh déanfaidh sé taifead ar anbh faisnéis go léir a thugtar don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh,agus déanfaidh sé an fhaisneis sin a choimeád, lena n-áirítear an fhaisnéis a thugtar i gcomhréir le pointí (i) go (iv) den chéad fhomhír, agus de chéannacht na n-infheisteoirí féideartha chuig ar nochtadh an fhaisnéis, lena n-áirítear, agus gan a bheith teoranta dóibh, daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha a bhíonn ag gníomhú thar ceann an infheisteora fhéideartha, agus de dháta agus am gach nochtadh.

Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh arna iarraidh sin ag an údarás air, an taifead sin a sholáthar don údarás inniúil.

6.   Más rud é go ndéantar faisnéis a nochtadh le linn sondála margaidh agus nach faisnéis ón taobh istigh i gcomhréir le measúnú an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh atá a thuilleadh san fhaisnéis a nochtadh, déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh, a luaithe agus is féidir, a chur in iúl don duine sin nach faisnéis ón taobh istigh atá a thuilleadh san fhaisnéis a fuair sé.

Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh taifead a choimeád den fhaisnéis a tugadh i gcomhréir leis an mír seo agus dhéanfaidh sé, arna iarraidh ag an údaráis sin air, an fhaisnéis sin a sholáthar don údarás inniúil a luaithe agus is féidir.

7.   D’ainneoin fhorálacha an Airteagail seo, déanfaidh an duine a fhaigheann an tsondáil margaidh a chinneadh dó féin cibé an bhfuil faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh nó cén uair a stadann sé de bheith i seilbh faisnéise ón taobh istigh.

8.   Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh na taifid dá dtagraítear san Airteagal seo a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

9.   Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun socruithe, nósanna imeachta agus ceanglais coimeáda taifead iomchuí a chinneadh i leith daoine a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i míreanna 4, 5, 6 agus 8 den Airteagal seo.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun go sonrófar na córais agus na teimpléid fógartha atá le húsáid ag daoine a chomhlíonann na ceanglais a bhunaítear le míreanna 4, 5, 6 agus 8 den Airteagal seo, go sonrach formáid bheacht na dtaifead dá dtagraítear i mír 4 go mír 8 agus na modhanna teicniúla chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a chur in iúl go hiomchuí don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.   Eiseoidh ÚEUM treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a bheidh dírithe chuig daoine a fhaigheann sondáil margaidh, maidir le:

(a)

na himthosca atá daoine den sórt sin le cur san áireamh nuair a dhéantar faisnéis a nochtadh dóibh mar chuid de shondáil margaidh ionas go bhféadfadh sé mheasúnúcibé ar faisnéis ón taobh istigh a d’fhéadfadh a bheith san fhaisnéis sin;

(b)

na bearta atá le déanamh ag daoine den sórt sin a dhéanamh más rud é go ndearnadh faisnéis ón taobh istigh a nochtadh dóibh chun go gcomhlíonfaí Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo; agus

(c)

na taifid atá daoine den sórt sin le cothabháil chun a léiriú go bhfuil Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo comhlíonta acu.

Airteagal 12

Cúbláil mhargaidh

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh cúbláil mhargaidh comhdhéanta de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

idirbheart a dhéanamh, ordú chun trádála a dhéanamh, nó aon iompraíocht eile a dhéanamh:

(i)

faoina dtugtar, nó faoinar dócha go dtabharfar, comharthaí míthreoracha nó bréagacha maidir le soláthar ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta maidir leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghas; nó

(ii)

faoina socraítear, nó faoinar dócha go socrófar, an praghas atá ar ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, an praghas atá ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhara nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta ar leibhéal neamhghnách nó saorga;

mura rud é gur suíonn an duine a dhéanann an t-idirbheart nó a chuireann an t-ordú chun trádála isteach nó a ghabhann d’aon iompraíocht eilego ndearna sé an t-idirbhearr, t-ordú nó an iompraíocht ar chúiseanna dlisteanacha, i gcomhréir le cleachtais margaidh a bhunaítear le hAirteagal 13;

(b)

idirbheart a dhéanamh, ordú chun trádála a dhéanamh, nó aon ghníomhaíocht nó iompraíocht eile a dhéanamh a imríonn tionchar, nó ar dócha go n-imreoidh sé tionchar, ar an bpraghas atá ar ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, ar an bpraghas atá ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó ar tháirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta, ina n-úsáidtear gléas bréige nó aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra;

(c)

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an tIdirlíon, nó ar aon slí eile, a thugann, nó is dócha a thabharfaidh, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le soláthar ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair nó táirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta maidir leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghas nó a shocróidh, nó is dócha go socróidh, an praghas atá ar cheann nó níos mó d’ionstraimí airgeadais nó ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó ar tháirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta ar leibhéal neamhghnách nó saorga, lena n-áirítear ráflaí a scaipeadh i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip an fhaisnéis, nó inar cheart dó fios a bheith aige, gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti;

(d)

faisnéis atá bréagach nó míthreorach a tharchur nó ionchuir atá bréagach nó míthreorach a thabhairt i dtaca le an tagarmharci gcás ina raibh a fhios ag an duine a rinne an tarchur nó a sholáthair an t-ionchur, nó gur cheart go mbeadh a fhios aige, go raibh sé bréagach nó míthreorach, nó aon iompraíocht eile lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil.

2.   Déanfar an iompraíocht seo a leanas, inter alia, a mheas mar chúbláil mhargaidh:

(a)

iompar ag duine, nó ag daoine atá ag gníomhú i gcomhar le chéile, chun staid cheannasach a bhaint amach maidir le soláthar ionstraime airgeadais conarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara nó táirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta, nó leis an éileamh atá orthu, a bhfuil an éifeacht aige, nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige, praghsanna ceannaigh nó díola a shocrú, go díreach nó go hindíreach, nó go gcruthaíonn sé, nó gur dócha go gcruthóidh sé, dálaí míchóra eile trádála,

(b)

ionstraimí airgeadais a cheannach nó a dhíol, ag am oscailte nó scoir margaidh, agus a bhfuil an éifeacht aige, nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige, infheisteoirí atá ag gníomhú ar bhonn na bpraghsanna taispeáinte, lena n-áirítear na praghsanna oscailte nó scoir, a chur ar míthreoir,

(c)

orduithe a chur chuig ionad trádála, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú ar na horduithe sin, trí aon mheán trádála atá ar fáil, lena n-áirítear meáin leictreonacha, ar nós straitéisí alagartamacha agus trádála ardmhinicíochta, agus a bhfuil ceann de na héifeachtaí dá dtagraítear i mír 1(a) (b) acu, trí bhíthin:

(i)

cur isteach nó moill a chur ar fheidhmiú chóras trádála an ionaid trádála nó ar dócha go ndéanfaidh sé amhlaidh;

(ii)

é a dhéanamh níos deacra do dhaoine eile fíor-orduithe a aithint ar chóras trádála an ionaid trádála nó ar dócha go ndéanfaidh sé amhlaidh, lena n-áirítear trí orduithe a iontráil a mbeidh mar thoradh orthu go dtarlaíonn róluchtú nó díchobhsú ar an leabhar orduithe; nó

(iii)

comhartha atá bréagach nó míthreorach a chruthú, nó ar dócha go ndéanfar é a chruthú, maidir le soláthar ionstraime airgeadais nó maidir leis an éileamh atá uirthi, nó maidir lena praghas, go háirithe trí orduithe a iontráil chun tús a chur le treocht nó chun treocht a ghéarú.

(d)

buntáiste a bhaint de rochtain ócáideach nó rialta ar na meáin thraidisiúnta nó leictreonacha trí thuairim a chur in iúl maidir le hionstraim airgeadais, le conradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta (nó go hindíreach maidir leis an eisitheoir) tar éis staideanna a ghlacadh roimhe sin ar an ionstraim airgeadais sin, ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta agus brabús a dhéanamh ina dhiaidh sin as tionchar na dtuairimí a cuireadh in iúl ar phraghas na hionstraime sin ar phraghas an chonartha spot-tráchtearraí ghaolmhair sin nó ar tháirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta gan an choinbhleacht leasa sin a nochtadh ar bhealach cuí agus éifeachtach don phobal ag an am céanna.

(e)

lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh ghaolmhara a cheannach nó a dhíol ar an margadh tánaisteach roimh an gceant arna dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 leis an éifeacht praghas imréitigh an cheant a shocrú maidir leis na táirgí ceantáilte ar leibhéal neamhghnách nó saorga nó tairgeoirí atá ag tairiscint sna ceantanna a chur ar míthreoir.

3.   Chun críocha mír 1(a) agus (b), a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha iompraíochta a leagtar amach i mír 2, sainmhínítear in Iarscríbhinn I táscairí nach bhfuil uileghabhálach a bhaineann le húsáid gléasanna bréige nó aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra, agus táscairí nach bhfuil uileghabhálach a bhaineann le comharthaí bréagacha nó míthreoracha agus le socrú praghsanna.

4.   Nuair is duine dlítheanach é an duine dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis na daoine nádúrtha a bhíonn rannpháirteach, sa chinneadh gníomhaíochtaí a dhéanamh ar chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35, lena sonraítear na táscairí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, chun a ngnéithe a shoiléiriú agus chun forbairtí teicniúla ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh.

Airteagal 13

Cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo

1.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 15 maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(a), ar choinníoll go suíonn an duine a dhéanann idirbheart, a chuireann ordú chun trádála nó a ghabhann d’aon iompraíocht eile go ndearnadh an t-idirbheart nó an t-ordú sin, nó gur gabhadh den iompraíocht sin, ar chúiseanna dlisteanacha agus go bhfuil an t-idirbheart sin, an t-ordú sin nó an iompraíocht sin ar comhréir le cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis, arna bhunú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Féadfaidh údarás inniúil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)

cibé an bhforáiltear leis an gcleachtas margaidh do leibhéal substaintiúil trédhearcachta ó thaobh an mhargaidh;

(b)

cibé an n-áirithíonn an cleachtas margaidh leibhéal ard coimircí d’oibríocht fhórsaí an mhargaidh agus idirghníomhaíocht chuí na bhfórsaí soláthair agus éilimh;

(c)

cibé an bhfuil tionchar deimhneach ag an gcleachtas margaidh ar leachtacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh;

(d)

cibé an ndéanann an cleachtas margaidh sásra trádála an mhargaidh ábhartha a chur san áireamh agus an gcuireann sé ar chumas na rannpháirtithe margaidh frithghníomhú go cuí agus ar mhodh tráthúil i leith staid nua sa mhargadh a chruthaítear de bhua an chleachtais sin;

(e)

cibé nach ndéanann an cleachtas margaidh rioscaí a chruthú do shláine margaí gaolmhara, bídís gaolmhar go díreach nó go hindíreach, bíodh na margaí sin rialáilte nó ná bíodh san ionstraim airgeadais ábhartha laistigh den Aontas;

(f)

toradh aon imscrúdaithe ar an gcleachtas ábhartha margaidh arna dhéanamh ag aon údarás inniúil nó ag aon údarás eile, go háirithe cibé ar sáraíodh leis an gcleachtas ábhartha margaidh sin rialacha nó rialacháin atá ceaptha drochúsáid margaidh a chosc nó cóid iompraíochta, beag beann ar chibé an mbaineann sé leis an margadh ábhartha nó ar mhargaí atá gaolmhar go díreach nó go hindíreach laistigh den Aontas; agus

(g)

saintréithe struchtúracha an mhargaidh ábhartha inter alia cibé an bhfuil sé rialáilte nó nach bhfuil, na cineálacha ionstraimí airgeadais a thrádáiltear agus an cineál rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear a mhéid atá infheisteoirí miondíola rannpháirteach sa mhargadh ábhartha.

Ní dhéanfar cleachtas margaidh atá bunaithe ag údarás inniúil mar chleachtas a bhfuil glacadh leis i margadh ar leith a mheas mar chleachtas atá infheidhme maidir le margaí eile mura rud é go mbeidh glacadh ag údaráis inniúla na margaí eile sin leis an gcleachtas de bhun an Airteagail seo.

3.   Sula ndéantar cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú i gcomhréir le mír 2, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile go bhfuil sé ar intinn acu cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú agus soláthróidh siad mionsonraí den mheasúnú a rinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 2. Déanfar an fhógairt sin ar a laghad trí mhí sula mbeidh sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an gcleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis.

4.   Laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil a thugann fógra ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis ag luí leis na ceanglais a bhunaítear i mír 2 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 7. Déanfaidh ÚEUM a mheas sa tuairim sin freisin an é nach mbeadh bunú cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leis ina bhagairt ar iontaoibh an mhargaidh i margadh airgeadais an Aontais. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ÚEUM.

5.   Sa chás ina mbunaíonn údarás inniúil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis atá contrártha do thuairim ÚEUM arna heisiúint i gcomhréir le mír 4, déanfaidh sé, laistigh de 24 uaire an chloig ón gcleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú, fógra a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin ina leagtar amach go hiomlán na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh, lena n-áirítear an chúis nach bhfuil an cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis ina bhagairt ar iontaoibh an mhargaidh.

6.   I gcás ina measann údarás inniúil go bhfuil cleachtadh margaidh a bhfuil glacadh leis bunaithe ag údarás inniúil nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 2, cabhróidh ÚEUM leis na húdaráis lena mbaineann teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Chun comhchuibhiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir, an nós imeachta agus na ceanglais maidir le cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 agus na ceanglais chun é a choimeád, chun deireadh a chur leis, nó chun na coinníollacha maidir lena ghlacadh a mhodhnú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú go tráthrialta, agus gach dhá bhliain ar a laghad, ar na cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo atá bunaithe acu, á chur san áireamh go sonrach acu athruithe suntasacha i dtimpeallacht an mhargaidh ábhartha, ar nós athruithe ar rialacha trádála nó ar bhonneagair mhargaidh, d’fhonn a chinneadh cibé an ndéanfaidh siad é a choimeád, deireadh a chur leis, na coinníollacha maidir lena ghlacadh a mhodhnú.

9.   Déanfaidh ÚEUM liosta de na cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo agus cé acu Ballstáit ina bhfuil siad infheidhme a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

10.   Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leo agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a ndéantar iad a chur i bhfeidhm sna margaí lena mbaineann.

11.   Déanfaidh údaráis inniúla na cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo uile a bheidh bunaithe acu roimh 2 Iúil 2014 a chur in iúl do ÚEUM laistigh de thrí mhí ón tráth a thiocfaidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 7 i bhfeidhm.

Leanfaidh na cleachtais margaidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bhfuil glacadh leo d’fheidhm a bheith acu sa Bhallstát lena mbaineann go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil maidir le leanúint den chleachtas sin tar éis thuairim ÚEUM faoi mhír 4.

Airteagal 14

Déileáil chos istigh agus faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach a thoirmeasc

Ní dhéanfaidh duine na nithe seo a leanas:

(a)

gabháil do dhéileáil chos istigh, nó iarracht a dhéanamh ar ghabháil do dhéileáil chos istigh;

(b)

a mholadh go mbeadh duine eile ag gabháil do dhéileáil chos istigh nó duine eile a spreagadh le gabháil do dhéileáil chos istigh; nó

(c)

faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach.

Airteagal 15

Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc

Ní ghabhfaidh duine de chúbláil mhargaidh ná ní dhéanfaidh duine iarracht ar ghabháil de.

Airteagal 16

Drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath

1.   Maidir le hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála, bunóidh siad socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha, agus déanfaidh siad iad sin a choimeád ar bun, a bheidh dírithe ar dhrochúsáid mhargaidh agus ar iarrachtaí ar ghabháil do dhrochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 31 agus Airteagal 54 de Threoir 2014/65/AE.

Aon duine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé orduithe agus idirbhearta, lena n-áirítear aon chealú nó aon mhodhnú ortu, a d’fhéadfadh a bheith ina ndéileáil chos istigh, ina gcúbláil mhargaidh nó ina n-iarracht ar ghabháil do dhéileáil chos istigh nó do chúbláil mhargaidh a thuairisciú gan mhoill chuig údarás inniúil an ionaid trádála.

2.   Aon duine a bhíonn ag socrú nó ag déanamh idirbheart, déanfaidh sé socruithe, córais agus nósanna imeachta a bhunú chun orduithe agus idirbhearta amhrasta a bhrath agus a thuairisciú. Aon uair a bhíonn amhras réasúnach ag duine den sórt sin go bhféadfadh ordú nó idirbheart in aon ionstraim airgeadais, cibé acu ar cuireadh nó a ndearnadh é ar ionad trádála nó taobh amuigh d’ionad trádála, a bheith ina dhéileáil chos istigh, ina chúbláil mhargaidh nó ina iarracht ar ghabháil do dhéileáil chos istigh nó de chúbláil mhargaidh, tabharfaidh an duine fógra gan mhoill don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3.

3.   Gan dochar d’Airteagal 22, beidh daoine a shocraíonn nó a idirbhearta faoi réir na rialacha maidir le fógairt atá i réim sa Bhallstát ina bhfuil siad cláraithe nó ina bhfuil a gceannoifig acu, nó i gcás brainse, sa Bhallstát ina bhfuil an brainse lonnaithe. Déanfar an fógra a dhíriú chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 a fhaigheann fógra i dtaobh orduithe agus idirbhearta amhrasta an fhaisnéis sin a tharchur láithreach chuig údaráis inniúla na n-ionad trádála lena mbaineann.

5.   D’fhonn comhchuibhiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nithe seo a leanas a chinneadh:

(a)

socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí ionas go gcloífidh daoine leis na ceanglais a bhunaítear i mír 1 agus i mír 2; agus

(b)

na teimpléid fógartha atá le húsáid ag daoine chun cloí leis na ceanglais a bhunaítear i mír 1 agus i mír 2.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 3

CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH

Airteagal 17

Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí

1.   Cuirfidh eisitheoir an pobal ar an eolas a luaithe agus is féidir maidir le faisnéis ón taobh istigh, a bhaineann go díreach leis an eisitheoir sin.

Áiritheoidh an t-eisitheoir go ndéanfar an fhaisnéis ón taobh istigh a chur ar fáil go poiblí ar mhodh a chuirfidh ar chumas an phobail rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis agus measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus, i gcás inarb infheidhme, poibleoidh sé an fhaisnéis sa Sásra arna cheapadh go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 deThreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Ní fhéadfaidh an t-eisitheoir nochtadh na faisnéise ón taobh istigh don phobal a chumasc le margú a chuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis ar fad ón taobh istigh is gá dó a nochtadh go poiblí a phostáil ar a shuíomh gréasáin agus í a choinneáil ann ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraimí arna dtrádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr a n-ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF i mBallstát.

2.   Nochtfaidh rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochtaí arna gcoinneáil aige maidir lena ghnó, lena n-áirítear gníomhaíochtaí eitlíochta mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó suiteálacha de réir bhrí Airteagal 3(e) den Treoir chéanna atá i seilbh an rannpháirtí lena mbaineann, nó an mháthairghnóthais nó an ghnóthais ghaolmhair, nó atá á rialú acu, nó do chúrsaí oibríochtúla as a bhfuil an rannpháirtí, a mháthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar freagrach, go hiomlán nó go páirteach. Maidir le suiteálacha, áireofar le nochtadh den sórt sin faisnéis is ábhartha d’acmhainneacht agus úsáid na suiteálacha, lena n-áirítear do-úsáidteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na suiteálacha sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí i gcás ina bhfuil astaíochtaí nach sáraíonn, sa bhliain roimhe sin, íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ag na suiteálacha nó ag na gníomhaíochtaí eitlíochta atá ina sheilbh, atá á rialú aige nó a bhfuil sé freagrach astu, agus i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí dócháin, go bhfuil ionchur teirmeach rátáilte acu nach sáraíonn íos-tairseach acu.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena mbunaítear íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus íos-tairseach d’ionchur teirmeach rátáilte chun críocha chur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonrófar an t-údarás inniúil maidir le fógraí mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo.

4.   Féadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí„ ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ba dhóchúil go ndéanfadh nochtadh láithreach dochar dá leasanna dlisteanacha an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;

(b)

níor dhóchúil go gcuirfeadh an moill a bhaineann leis an nochtadh an pobal ar míthreoir;

(c)

go bhfuil ar chumas an eisitheora ionstraime airgeadais nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.

I gcás próisis a bhfuil fad bainte as agus a tharlaíonn ina chéimeanna, ar próiseas é atá beartaithe imthoisc ar leith nó teagmhas ar leith a thabhairt i gcrích, nó arb imthoisc nó teagmhas den sórt sin atá mar thoradh air, féadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar a fhreagracht féin moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh a bhaineann leis an bpróiseas sin, faoi réir phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír.

I gcás inar chuir eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh faoin mír seo, déanfaidh sé, láithreach tar éis an fhaisnéis a nochtadh don phobal, a chur in iúl don údarás inniúil gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise agus tabharfaidh sé míniú scríofa maidir leis an gcaoi a ndearnadh na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh. De rogha air sin, d’fhéadfaidh Ballstáit sé, mar rogha air sin, go bhforálfaí leis an dlí náisiúnta nach bhfuil taifead den mhíniú sin le tarchur ach amháin nuair a iarrann an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3.

5.   Chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú, féadfaidh eisitheoir ionstraime airgeadais ar foras creidmheasa nó foras airgeadais eile atá ann, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh, lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta di, faisnéis a bhaineann le fadhb shealadach leachtachta, agus go háirithe an gá cúnamh leachtachta sealadach a fháil ó bhanc ceannais nó ó iasachtóir na rogha deiridh, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an baol ann le nochtadh fhaisnéis ón taobh istigh go mbainfí an bonn de chobhsaíocht airgeadais an eisitheora agus an chórais airgeadais;

(b)

is chun leasa an phobail é moill a chur ar a nochtadh;

(c)

is féidir rúndacht na faisnéise sin a áirithiú; agus

(d)

tá an t-údarás inniúil tar éis toiliú leis an moill ar an mbunús go bhfuil na coinníollacha i bpointe (a) go pointe (c) á gcomhlíonadh.

6.   Chun críocha phointí (a) go (d) de mhír 5, tabharfaidh an t-eisitheoir fógra don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3á rá go bhfuil sé ar intinn aige moill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus soláthróidh sé fianaise go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh. Rachaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 i gcomhchomhairle, de réir mar is iomchuí, leis an mbanc ceannais náisiúnta agus leis an údarás macrastuamachta, i gcás é a bheith curtha ar bun, nó leis na húdaráis seo a leanas, de rogha:

(a)

más foras creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir, an tÚdarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 133(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(b)

i gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a), aon údarás naisiúnta eile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eisitheoir.

Áiritheoidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 nach gcuirtear moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh ach amháin ar feadh cibé tréimhse is gá chun leasa an phobail. Déanfaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3, mar bheart íosta, meastóireacht ar bhonn seachtainiúil féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh fós.

Más rud é nach dtoilíonn an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 leis an moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis a nochtadh láithreach.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na cásanna ina gcinneann an t-eisitheoir gan moill a chur ar fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh i gcomhréir le mír 4.

Aon tagairt don údarás inniúil sa mhír seo, tá sé gan dochar do chumas an údaráis inniúil a shonraítear faoi mhír 3a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

7.   Más rud é nach bhfuil rúndacht faisnéise ón taobh istigh nach ndéantar a nochtadh faoi choinníollacha mhír 4 nó mhír 5 á háirithiú a thuilleadh, tá ar an eisitheoir an pobal a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis sin a luaithe agus is féidir.

Áirítear sa mhír seo cásanna ina bhfuil ráfla ann a bhaineann go sainráite le mír faisnéise ón taobh istigh nár cuireadh moill lena nochtadh i gcomhréir le mír 4 nó mír 5 nuair atá an ráfla sin beacht a dhóthain lena thabhairt le tuiscint nach bhfuil rúndacht na faisnéise sin á háirithiú a thuilleadh.

8.   I gcás ina ndéanann eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaínó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó chun a chuntais, aon fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh d’aon tríú páirtí i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgais, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), ní mór dóibh nochtadh poiblí iomlán agus éifeachtach den fhaisnéis sin a dhéanamh, go comhuaineach i gcás nochta d’aon toisc, agus go pras i gcás nochta nach bhfuil á dhéanamh d’aon toisc. Ní bheidh feidhm ag an mír seo má tá dualgas rúndachta ar an duine atá ag fáil na faisnéise, is cuma má tá an dualgas sin bunaithe ar dhlí, ar rialacháin, ar airteagail chomhlachais nó ar chonradh.

9.   Maidir le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le heisitheoirí, ar ligeadh isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, féadfaidh an t-ionad trádála í a phostáil ar a shuíomh gréasáin in ionad í a phostáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora i gcás ina roghnaíonn an t-ionad trádála an tsaoráid sin a sholáthar d’eisitheoirí ar an margadh sin.

10.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na meáin theicniúla maidir le nochtadh iomchuí poiblí na faisnéise ón taobh istigh de réir mar a thagraítear dó i míreanna 1, 2, 8 agus 9; agus

(b)

na meáin theicniúla maidir le nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh a mhoilliú de réir mar a thagraítear dó i míreanna 4 agus i mír 5.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.   Déanfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint maidir le liosta táscach nach bhfuil uileghabhálach a bhunú ina mbeidh leasanna dlisteanacha eisitheoirí, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, agus ina mbeidh na cásanna ar dócha go gcuirfeadh an mhoill maidir le nochtadh na faisnéise ón taobh istigh amhail dá dtagraítear i mír 4 an pobal ar míthreoir.

Airteagal 18

Liostaí de dhaoine ar an taobh istigh

1.   Déanfaidh eisitheoirí nó aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an méid seo a leanas:

(a)

liosta a tharraingt suas de gach duine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh agus atá ag obair dóibh faoi chonradh fostaíochta, nó go bhfuil cúraimí á gcomhlíonadh ar shlí eile acu trína bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh, amhail comhairleoirí, cuntasóirí nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (liosta de dhaoine ar an taobh istigh);

(b)

an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a thabhairt cothrom le dáta go pras, i gcomhréir le mír 4; agus

(c)

an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a sholáthar don údarás inniúil a luaithe agus is féidir arna iarraidh sin dó.

2.   Déanfaidh eisitheoirí nó aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais gach céim réasúnach lena áirithiú go ndéanfaidh aon duine atá ar an liosta a admháil i scríbhinn cad iad na dualgais dhlíthiúla agus rialála atá orthu agus gurb eol dóibh cad iad na pionóis is infheidhme maidir le déileáil cos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh.

I gcás ina ndéanann duine eile atá ag gníomhú thar ceann nó chun cuntais eisitheora an cúram a ghlacadh chuige féin an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta, is é an t-eisitheoir a bheidh fós lán-fhreagrach as an Airteagal seo a chomhlíonadh. Forchoimeádfaidh an t–eisitheoir i gcónaí an ceart rochtain a bheith aige ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh.

3.   Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh:

(a)

céannacht aon duine a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh;

(b)

an chúis leis an duine sin a chur ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh;

(c)

an dáta agus an t-am ar a bhfuair an duine sin rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh;

(d)

an dáta ar ar tarraingíodh suas an liosta de dhaoine ar an taobh istigh;

4.   Déanfaidh eisitheoirí nó aon duine atá ag gníomhú ar a son nó chun a gcuntas an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, lena n-áirítear dáta an nuashonraithe a thabhairt, sna himthosca seo a leanas:

(a)

nuair a thagann athrú ar an gcúis atá le duine atá ar an liosta cheana a áireamh ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh;

(b)

nuair atá duine nua ann a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh agus gur gá, dá bhrí sin, é a chur leis an liosta de dhaoine ar an taobh istigh; agus

(c)

nuair nach mbíonn rochtain a thuilleadh ar fhaisnéis ón taobh istigh ag duine.

Déanfar a shonrú i ngach nuashonrú an dáta agus an t-am inar tharla an t-athrú ba thrúig leis an nuachóiriú.

5.   Déanfaidh na heisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann agus chun a gcuntais an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a choimeád ar feadh tréimhse de 5 bliana ar a laghad tar éis é a tharraingt suas nó a nuashonrú.

6.   Beidh eisitheoirí a ligtear a n-ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM díolmhaithe ó liosta den sórt sin a tharraingt suas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déanann an t-eisitheoir gach beart réasúnach lena áirithiú go n-admhaíonn aon duine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh na dualgais dhlíthiúla agus rialála atá orthu agus gurb eol dóibh na pionóis is infheidhme ar dhéileáil chos istigh agus ar fhaisnéis ón taobh istigh a nochtagh go neamhdhleathach; agus

(b)

tá an t-eisitheoir in ann an liosta de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear a sholáthar don údarás inniúil arna iarraidh sin aige.

7.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraime arna trádáil ar MTF nó ar OTF amháin, maidir le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar MTF i mBallstát.

8.   Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 den Airteagal seo freisin maidir le:

(a)

rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochta i ndáil le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochta a thagann chun cinn i dtaca le hoibríochtaí fisiceacha an rannpháirtí sin sa mhargadh lamháltas astaíochta.

(b)

haon ardán ceant, le haon cheantálaí agus le haon fhairtheoir ceant i ndáil le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá bunaithe orthu agus ar ceantanna iad a dhéantar de bhun Rialachán (AE) (Uimh.) 1031/2010.

9.   Chun coinníllacha aonfhoirmeacha airithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid chruinn na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh agus an fhormáid maidir le liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a thabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19

Idirbhearta bainisteoirí

1.   Daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta, mar aon le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, tabharfaidh siad fógra don eisitheoir nó don rannpháirtí sa mhargadh liúntas astaíochta agus don údarás inniúil dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 á rá:

(a)

i leith eisitheoirí, maidir le gach idirbheart a dhéantar chun a gcuntais féin agus a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora sin, nó le díorthaigh nó le hionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo,

(b)

i leith rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, maidir le gach idirbheart a dhéantar ar a gcuntas féin a bhaineann le lamháltas astaíochtaí nó le táirgí ceant atá bunaithe orthu nó le dhíorthaigh a bhaineann leo.

Déanfar na fógraí sin go pras agus ag tráth nach déanaí ná trí lá gnó i ndiaidh dháta an idirbhirt.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír a thúisce agus a shroichfidh méid iomlán na n-idirbheart an tairseach a leagtar amach i mír 8, de réir mar is infheidhme laistigh de bhliain féilire.

2.   Chun críocha mhír 1, agus gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh d’oibleagáidí fógartha seachas iad sin dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 thuas fógra do na húdaráis inniúla i dtaobh gach idirbheart a dhéantar a sheoladh ar a gcuntas féin.

Maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le fógraí a mbeidh ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 iad a chomhlíonadh, is iad na rialacha iad a bheidh i réim sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí cláraithe. Déanfar fógraí le húdarás inniúil an Bhallstáit sin laistigh de thrí lá oibre ó dháta an idirbhirt. Nuair nach bhfuil an t-eisitheoir cláraithe i mBallstát, déanfar an fógra le húdarás inniúil an Bhallstáit bhaile i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(i) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó murarb ann dó, chuig údarás inniúil an ionaid trádála.

3.   Áiritheoidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí go ndéanfar an fhaisnéis, arna fógairt i gcomhréir le mír 1, a chur ar fáil go poiblí go pras agus ag tráth nach déanaí ná 3 lá gnó tar éis an idirbhirt ar shlí a chumasaíonn rochtain thapa ar an bhfaisnéis sin ar bhonn neamh-idirdhealaithe i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(10).

Bainfidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí úsáid as na meáin sin ar féidir brath go réasúnach orthu chun an fhaisnéis a scaipeadh go héifeachtach ar an bpobal ar fud an Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, bainfidh sé úsáid as an sásra atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2004/109/CE.

De rogha air sin, féadfar a fhoráil sa dlí náisiúnta go bhféadfaidh údarás inniúil é féin an fhaisnéis a phoibliú.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí:

(a)

a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;nó

(b)

i gcás ionstraime arna trádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar MTF.

5.   Tabharfaidh eisitheoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí fógra is scríbhinn faoina n-oibleagáidí faoin airteagal seo do na daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh den eisitheoir sin. Déanfaidh eisitheoirí agus rannpháirtitheí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí liosta a tharraingt suas de na daoine go léir a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta agus de na daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo.

Déanfaidh daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta fógra i scríbhinn a thabhairt do na daoine a bhfuil a bhfuil dlúthbhaint acu leo maidir lena n-oibleagáidí faoin Airteagal seo agus coinneoidh siad cóip den fhógra sin.

6.   Maidir le fógra d’idirbhearta dá dtagraítear i mír 1, beidh ann an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm an duine;

(b)

an chúis go bhfuil fógra á thabhairt;

(c)

ainm an eisitheora ábhartha nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;

(d)

tuairisc agus sainaithinteoir na hionstraime airgeadais;

(e)

an cineál idirbhirt/idirbheart (e.g. éadáil nó diúscairt), á léiriú cibé an bhfuil sé nasctha le feidhmiú cláir scair-rogha nó leis na samplaí sonracha a leagtar amach i mír 7;

(f)

dáta agus áit an idirbhirt/na n-idirbheart; agus

(g)

praghas agus toirt an idirbhirt/na n-idirbheart. I gcás gealltáin a bhforálann a théarmaí go n-athródh a luach, ba cheart é sin a nochtadh in éineacht lena luach ag dáta an ghealltáin.

7.   Chun críocha mhír 1, áireofar freisin le hidirbhearta nach mór fógra a thabhairt ina leith:

(a)

ionstraimí airgeadais a ghealladh nó a thabhairt ar iasacht ag duine nó thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 1;

(b)

idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta ar bhonn gairmiúil nó ag aon duine eile thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i gcás ina bhfeidhmítear lánrogha;

(c)

idirbhearta a dhéantar faoi pholasaí árachais saoil, arna shainiú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), más rud é:

(i)

gur duine é an sealbhóir polasaí a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó gur duine é a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1,

(ii)

gurb é an sealbhóir polasaí a bheireann an riosca infheistíochta, agus

(iii)

go bhfuil an chumhacht nó an lánrogha ag an sealbhóir polasaí cinntí infheistíochta a dhéanamh maidir le hionstraimí sonracha sa pholasaí árachais saoil sin nó idirbhearta a fhorghníomhú maidir le hionstraimí sonracha don pholasaí árachais saoil sin.

Chun críocha phointe (a), ní gá gealladh urrús, nó leas slándála comhchosúil, i dtaca le hionstraimí airgeadais a thaisceadh i gcuntas cumhdaigh a fhógairt, mura rud é, agus go dtí an tráth sin, go ndéantar an gealltán sin nó an leas urrúis eile a ainmniú mar urrús ar shaoráid chreidmheasa shonrach.

A mhéid is go gceanglaítear ar shealbhóir polasaí conartha árachais fógra a thabhairt i dtaobh idirbhearta i gcomhréir leis an mír seo, níl oibleagáid fógra a thabhairt de chúram ar chuideachta árachais.

8.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon idirbheart ina dhiaidh sin a thúisce a bheidh méid iomlán de EUR 5 000 sroichte laistigh de bhliain féilire. Déanfar an tairseach de EUR 5 000 a ríomh trí na hidirbhearta uile dá dtagraítear i mír 1 a shuimiú d’uireasa glanluachála.

9.   Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh an tairseach a leagtar amach i mír 8 a mhéadú go dtí EUR 20 000 agus sula gcuirfear an cinneadh sin i bhfeidhm cuirfidh sé a chinneadh an tairseach níos airde a ghlacadh in iúl do ÚEUM, chomh maith leis an réasúnú dá chinneadh agus tagairt shonrach á dhéanamh aige do dhálaí an mhargaidh. Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin an liosta de na tairseacha a bhfuil feidhme acu i gcomhréir leis an airteagal seo mar aon leis na réasúnuithe do na tairseacha sin a bheidh soláthraithe ag na húdaráis inniúla.

10.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hidirbhearta a dhéanann daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de rannpháirtithe sa mhargadh lámháltas astaíochta, aon ardán ceant, aon cheantálaí agus aon fhairtheoir ceant a bhíonn páirteach i gceantanna a dhéantar faoi Rialachán (AE) (Uimh.) 1031/2010 agus maidir le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu le daoine den sórt sin a mhéid go mbaineann a gcuid idirbheart le lamháltais astaíochta, le díorthaigh de na lamháltais sin nó le táirgí ceantáilte atá bunaithe ar na lamháltais sin. Tabharfaidh na daoine sin fógra do na hardáin ceant, do na ceantálaithe agus don fhairtheoir ceant, agus don údarás inniúil a bhfuil an t-ardán ceant, an ceantalaí nó an fairtheoir ceant cláraithe, de réir mar is infheidhme. Maidir leis an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith, déanfar í a phoibliú ag na hardáin ceant, na ceantalaithe, an fairtheoir ceant cláraithe nó an t-údarás inniúil i gcomhréir le mír 3.

11.   Gan dochar d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15, ní sheolfaidh aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh d’eisitheoir aon idirbhearta ar a chuntas féin ná ar chuntas tríú páirtí, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, ar trádáil í a bhaineann le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora nó le díorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo, le linn tréimhse dúnta de 30 lá féilire roimh fhógairt tuarascála airgeadais eatramhaigh nó tuarascála ceann bliana a bhfuil sé d’oibleagáid ar an eisitheoir a phoibliú de réir

(a)

rialacha an ionaid trádála ina bhfuil scaireanna an eisitheora ligthe isteach chun a dtrádála; nó

(b)

an dlí náisiúnta.

12.   Gan dochar d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15, féadfaidh eisitheoir ceadú do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta trádáil ar a shon féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dúnta faoi mar a thagraítear di i mír 11, ar choinníoll go gceadaíonn an t-eisitheoir trádáil i rith na tréimhse dúnta sin:

(a)

ar bhonn cás ar chás mar gheall ar dhálaí eisceachta, amhail deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, a bheith ann lena n-éilítear go ndéanfaí scaireanna a dhíol láithreach; nó

(b)

i ngeall ar shaintréithe na trádála atá i gceist maidir le déileálacha a dhéantar faoi nó a bhaineann le scéim scaireanna fostaí, scéimeanna coigiltis, cáilíocht nó teidil scaireanna nó idirbhearta sa chás nach dtagann aon athrú ar an leas tairbhíoch san urrús ábhartha.

13.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonrófar na himthosca faoina bhféadfaidh an t-eisitheoir trádáil le linn tréimhse dúnta a cheadú, amhail dá dtagraítear i mír 12, lena n-áirítear na himthosca a mheasfaí a bheith eisceachtúil agus na cineálacha idirbheart a thabharfadh údar maith an trádáil a cheadú.

14.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonraítear cineálacha na n-idirbheart lena ndéanfaí an dualgas dá dtagraítear i mír 2 a ghníomhachtú.

15.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir leis an bhformáid agus an teimpléad ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le tabhairt i bhfógra agus le poibliú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 20

Moltaí infheistíochta agus staidreamh

1.   Maidir le daoine a tháirgeann nó a scaipeann moltaí infheistíochta nó faisnéis eile ina moltar nó ina gcomhairlítear straitéis infheistíochta, amhail a shainmhínítear sa dara fomhír, glacfaidh siad cúram réasúnta chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis sin i láthair go hoibiachtúil agus go nochtfaidh siad a leasanna nó go gcuirfidh siad coinbhleachtaí leasa in iúl maidir leis na hionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin.

2.   Déanfaidh institiúidí poiblí a scaipeann staidrimh nó réamhaisnéisí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar mhargaí airgeadais iad a scaipeadh ar bhealach oibiachtúil agus trédhearcach.

3.   Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh an ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na socruithe teicniúla a chinneadh le haghaidh na gcatagóirí daoine dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh chur i láthair oibiachtúil moltaí infheistíochta nó faisnéise eile ina moltar nó ina gcomhairlítear straitéis infheistíochta agus le haghaidh nochtadh leasanna áirithe nó léirithe coinbhleachtaí leasa.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Ní bheidh feidhm ag na socruithe teicniúla a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 maidir le hiriseoirí atá faoi réir rialála coibhéisí iomchuí sna Ballstáit, lena n-áirítear féinrialáil choibhéiseach iomchuí, ar choinníoll go mbaineann an rialáil sin éifeachtaí amach atá comhchosúil le héifeachtaí na socruithe teicniúla. Déanfaidh an Ballstát téacs na rialála coibhéisí ábhartha sin a fhógairt don Choimisiún.

Airteagal 21

Faisnéis a nochtadh nó a scaipeadh sna meáin

Chun críocha Airteagal 10, Airteagal 12(1)(c) agus Airteagal 20, más rud é go ndéantar faisnéis a nochtadh nó a scaipeadh agus más rud é go ndéantar moltaí a thabhairt nó a scaipeadh chun críocha iriseoireachta nó mar mhodh eile de léiriú tuairimíochta sna meáin, déanfar an nochtadh nó scaipeadh faisnéise sin a mheas agus aird á thabhairt ar na rialacha a rialaíonn saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimíochta i meáin eile agus ar na rialacha nó cóid lena rialaítear gairm na hiriseoireachta, mura rud é:

(a)

go mbaineann na daoine atá i gceist, nó daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo buntáiste nó brabús, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, as an bhfaisnéis atá i gceist a nochtadh nó a scaipeadh; nó

(b)

go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir maidir le soláthar ionstraimí airgeadais, maidir leis an éileamh atá orthu nó maidir lena bpraghas.

CAIBIDIL 4

ÚEUM AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 22

Údaráis inniúla

Gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás breithiúnach, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin chun críche an Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla eile na mBallstát eile ar an eolas faoin méid sin. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear forálacha an rialacháin seo i bhfeidhm ar a chríoch, maidir le gach gníomhaíocht a dhéantar ar a chríoch, agus na gníomhaíochtaí sin a dhéantar thar lear a bhaineann le hionstraimí a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh den sórt sin déanta ina leith, nó a thrádáiltear ar MTF nó OTF nó a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála déanta ar MTF atá ag feidhmiú laistigh dá chríoch.

Airteagal 23

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí ar aon cheann de na slite seo a leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile nó le gnóthais an mhargaidh;

(c)

faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais margaidh;

(d)

trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

(b)

faisnéis a iarraidh nó a éileamh ar aon duine, lena n-áirítear iadsan a bhfuil baint leanúnach acu le tarchur orduithe nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh, chomh maith lena gcuid prionsabal, agus más gá, duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;

(c)

maidir le díorthaigh tráchtearraí, faisnéis a iarraidh ó rannpháirtithe margaidh ar mhargaí spot-tráchtearraí gaolmhara de réir formáidí caighdeánaithe, tuarascálacha a fháil ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;

(d)

tabhairt faoi chigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair ar láithreáin seachas áitribh phríobháideacha daoine nádúrtha;

(e)

faoi réir an dara fomhír, dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí a urghabháil i bhfoirm ar bith i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid nó sonraí a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun cás déileála cos istigh nó cúblála margaidh de shárú ar an Rialachán seo a chruthú;

(f)

ábhair a tharchur le haghaidh imscrúdaithe choiriúil;

(g)

taifid atá ann cheana de chomhráite teileafóin, de chumarsáidí leictreonacha nó de thrácht sonraí eile atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais a éileamh;

(h)

taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreora teileachumarsáide, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha maidir le sárú ar phointe (a) nó ar phointe (b) d’Airteagal 14 nó d’Airteagal 15 a imscrúdú;

(i)

calcadh nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;

(j)

trádáil na hionstraime airgeadais lena mbaineann a fhionraí;

(k)

scor sealadach a éileamh d’aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith contrártha don Rialachán seo;

(l)

toirmeasc sealadach a fhorchur ar fheidhmiú gníomhaíochta gairmiúla; agus

(m)

na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an pobal ar an eolas go cuí, inter alia trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n-áirítear trína cheangal ar eisitheoir nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

I gcás ina bhfuil gá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le húdarú roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach in áitreabh na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír„ ní úsáidfear an chumhacht sin ach tar éis údarú roimh ré den sórt sin a bheith faighte

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin ar fad ag údaráis inniúla a theastaíonn uathu chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, le hidirbhearta cumaisc agus le hidirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí arna rialáil ag na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE lena bhforchuirtear ceanglais sa bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.

4.   Maidir le duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go sáraíonn sé nó sí aon sriain maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag an gconradh sin nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine a thugann fógra faoin méid sin faoi dhliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.

Airteagal 24

Comhar le ÚEUM

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis a sholáthar gan mhoill do ÚEUM atá riachtanach dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 25

Oibleagáid comhair

1.   Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile agus le ÚEUM sna cásanna sin inar gá chun críocha an Rialacháin seo, mura rud é go bhfuil feidhm ag ceann de na heisceachtaí i mír 2. Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus do ÚEUM. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis, gan aon mhoill mhíchuí, agus comhoibreoidh siad i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forghníomhaithe.

Beidh feidhm freisin ag an oibleagáid chun comhoibriú agus chun cúnamh a thabhairt a leagtar síos sa chéad mhír maidir leis an gCoimisiún i ndáil leis an malartú faisnéise a bhaineann le tráchtearraí atá ina dtáirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE.

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe Airteagal 35 de.

I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 30(1), an dara fomhír, pionóis coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ann agus soláthróidh siad an méid sin d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM chun an oibleagáid atá orthu comhoibriú le chéile agus le ÚEUM a chomhlíonadh chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarrata ar fhaisnéis nó de bhun iarrata comhoibriú le himscrúdú sna himthosca eisceachtúla seo a leanas:

(a)

d’fhéadfadh cumarsáid d’fhaisnéis ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil an Bhallstáit a ndírítear an iarraidh chuige, go háirithe an comhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile;

(b)

dá gcomhlíonfaí an iarraidh, is dóchúil go ndéanfadh sé dochar dá imscrúdú féin, dá ghníomhaíochtaí forghníomhaithe féin nó, i gcás inarb infheidhme, d’imscrúdú coiriúil;

(c)

tá imeachtaí breithiúnacha tionscanta cheana féin os comhair údaráis na mBallstát a ndírítear an iarraidh chucu i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna; nó

(d)

tá breithiúnas críochnaitheach tugtha cheana féin i ndáil leis na daoine sin as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát a ndírítear an iarraidh chuige.

3.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena áirithiú go nglacfar cur chuige atá comhordaithe maidir le forghníomhú na rialacha ábhartha i gcás ina mbaineann idirbhearta, orduithe chun trádála nó gníomhaíochtaí nó iompraíochtaí eile le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó lena bhfuil feidhm ag an Rialachán seo agus le táirge fuinnimh mórdhíola amháin nó níos mó lena bhfuil feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Breithneoidh údaráis inniúla saintréithe sonracha na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus forálacha Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 nuair a chuirfidh siad Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 12 den Rialachán seo i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais a bhaineann le táirgí fuinnimh mórdhíola.

4.   Déanfaidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, aon fhaisnéis atá ag teastáil chun na críche dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar gan mhoill.

5.   I gcás inar deimhin le húdarás inniúil go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d’fhorálacha an Rialacháin seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch Ballstáit eile, nó gníomhaíochtaí a dhéanann difear d’ionstraimí airgeadais arna dtrádáil ar ionad trádála atá suite i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin sa tslí is sonraí agus is féidir d’údarás inniúil an Bhallstáit eile agus do ÚEUM agus, maidir le táirgí fuinnimh mórdhíola, do ACER. Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus le ÚEUM agus, i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh, le ACER, ar an ngníomhaíocht iomchuí atá le déanamh agus cuirfidh siad forbairtí eatramhacha suntasacha in iúl dá chéile. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht, chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus pionóis agus fíneálacha riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcur i bhfeidhm i ndáil leis na cásanna trasteorann sin i gcomhréir le hAirteagal 30 agus le hAirteagal 31, agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile i bhforghníomhú a gcinntí.

6.   Féadfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.

Féadfaidh údarás inniúil iarrthach ÚEUM a chur ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi, déanfaidh ÚEUM an t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú má iarrann ceann de na húdaráis inniúla air é sin a dhéanamh.

I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil i mBallstát eile chun tabhairt faoi chigireacht nó imscrúdú ar an láthair, féadfaidh sé ceann ar bith díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair as a stuaim féin;

(b)

cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;

(c)

cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an iarraidh tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair as a stuaim féin;

(d)

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;

(e)

cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile freisin maidir le forfheidhmiú ghnóthú na bpionós airgid a éascú.

7.   Gan dochar d’Airteagal 258 CFAE, féadfaidh údarás inniúil, nach ndéantar beart ar a iarraidh ar fhaisnéis nó ar chúnamh i gcomhréir le míreanna 1, 3, 4 agus 5 laistigh d’achar réasúnta ama nó a ndiúltaítear dá iarraidh ar fhaisnéis nó ar chúnamh, an diúltú sin nó an t-easnamh gníomhaíochta sin a tharchur chuig ÚEUM laistigh d’achar réasúnach ama.

Sna cásanna sin, féadfaidh ÚEUM gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, gan dochar don fhéidearthacht go ngníomhódh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Comhoibreoidh údaráis inniúla le húdaráis rialála náisiúnta agus tríú tíre ábhartha atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, agus malartóidh siad faisnéis eatarthu, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun a bheith in amhras go bhfuil gníomhartha á ndéanamh, nó go bhfuil gníomhartha déanta, arb ionann iad agus déileáil chos istigh, nochtadh míchuí faisnéise agus cúbláil mhargaidh de shárú ar an Rialachán seo. Áiritheofar le comhar den sórt sin forbhreathnú comhdhlúite ar na margaí airgeadais agus ar na spotmhargaí, agus braithfidh sé drochúsáidí trasmhargaidh agus trasteorann, agus forchuirfidh sé pionóis i ndáil leis na drochúsáidí sin.

Maidir le lamháltais astaíochtaí, áiritheofar an comhar agus an malartú faisnéise dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír seo leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

faireachán an cheant, maidir le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010; agus

(b)

údaráis inniúla, riarthóirí clárlainne, lena n-áirítear an Riarthóir Lárnach, agus comhlachtaí poiblí eile a dtugtar freagracht dóibh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh faoi Threoir 2003/87/CE.

Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordúcháin maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha. Déanfaidh údaráis inniúla, in aon chás inar féidir, socruithe comhair a chur i gcrích le húdaráis rialála tríú tíre atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, i gcomhréir le hAirteagal 26.

9.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Airteagail seo, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise agus cúnamh dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Comhar le tríú tíortha

1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, i gcás inar gá, socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha agus maidir le forghníomhú na n-oibleagáidí a thig faoin Rialachán seo i dtríú tíortha. Áiritheofar leis na socruithe comhair seo malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do na húdaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Cuirfidh údarás inniúil ÚEUM agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas i gcás ina mbeartaíonn sé socrú den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh ÚEUM, in aon chás inar féidir, forbairt socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha i dtríú tíortha a éascú agus a chomhordú.

Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina mbeidh dréachtdoiciméad maidir le socruithe comhair atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát i gcás inar féidir.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh ÚEUM freisin, in aon chás inar féidir, an malartú idir údaráis inniúla na mBallstát ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Airteagal 30, agus Airteagal 31 a éascú agus a chomhordú.

3.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta proifisiúnta atá comhionann ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 27. Ní mór malartú faisnéise den sórt sin a bheith beartaithe le húsáid chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chomhlíonadh.

Airteagal 27

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.

2.   Measfar go bhfuil gach faisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile ina faisnéis a thugtar i modh rúin agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin nuair a shonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide gur féidir an fhaisnéis sin a nochtadh nó go bhfuil gá le nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

3.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh leis an údarás inniúil nó d’údarás nó do ghnóthas margaidh ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile seachas de bhua forálacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 28

Cosaint sonraí

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, cuirfidh údaráis inniúla a gcuid cúraimí i gcrích chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta nó na forálacha riaracháin náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 95/46/CE chun feidhme. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh ÚEUM forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann uastréimhse cúig bliana.

Airteagal 29

Sonraí pearsanta a nochtadh do thríú tíortha

1.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit sonraí pearsanta a tharchur chuig tríú tír ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais Threoir 95/46/CE agus is ar bhonn cás ar chás amháin a dhéanfaidh sé amhlaidh. Áiritheoidh an t-údarás inniúil gur gá na sonraí a tharchur chun críche an Rialacháin seo agus nach dtarchuirfidh an tríú tír na sonraí chuig tríú tír eile mura rud é go dtugtar údarú sainráite i scríbhinn di agus go gcomhlíonann sí na coinníollacha a bheidh sonraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit.

2.   Ní dhéanfaidh údarás inniúil Ballstáit na sonraí pearsanta a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile a nochtadh d’údarás maoirseachta tríú tíre ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann ón údarás inniúil a tharchuir na sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar na sonraí a nochtadh chun na gcríoch lenar thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin.

3.   I gcás ina bhforáiltear do mhalartú sonraí pearsanta i gcomhaontú comhair, comhlíonfaidh sé na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta nó na forálacha riaracháin náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 95/46/CE.

CAIBIDIL 5

BEARTA AGUS PIONÓIS RIARACHÁIN

Airteagal 30

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar d’aon phionóis choiriúla agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil faoi Airteagal 23, déanfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil le go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla pionóis iomchuí riaracháin agus bearta riaracháin eile a ghlacadh maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

sáruithe ar Airteagal 14, Airteagal 15, Airteagal 16(1), Airteagal 16(2), Airteagal 17(1) (4)(5) agus (8), Airteagal 18(1) go(6), Airteagal 19(1),(2),(3),(4), Airteagal agus(5) agus (8), Airteagal 18(1) go (6), Airteagal 19(1)(2),(3) (5)(6) (7) agus (11), agus Airteagal 20(1) den Rialachán seo; agus

(b)

mainneachtain comhoibriú le himscrúdú, le cigireacht nó le hiarraidh amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(2), nó mainneachtain déanamh de réir imscrúdaithe, cigireachta nó iarrata den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit, go dtí 3 Iúil 2016, cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhíre i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad mhír faoi réir phionóis coiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta. I gcás ina chineann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus ÚEUM maidir leis na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil.

Faoin 3 Iúil 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a áirithiú le go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla chun na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur agus chun na bearta riaracháin seo a leanas, ar a laghad, a ghlacadh i gcás ina dtarlaíonn na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (i) den chéad fhomhír de mhír 1:

(a)

ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompar agus scor den iompar sin a dhéanamh arís;

(b)

forghéilleadh na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(c)

rabhadh poiblí ina léirítear an duine atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(d)

tarraingt siar nó fionraí an údaraithe atá ag gnólacht infheistíochta;

(e)

cosc sealadach ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;

(f)

i gcás sáruithe leantacha ar Airteagal 14 nó ar Airteagal 15, cosc buan ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;

(g)

cosc sealadach ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó dhéileáil ar a chuntas féin;

(h)

pionóis airgid riaracháin uasta de suas le trí oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh;

(i)

maidir le duine nádúrtha, pionóis airgid riaracháin uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i)

i gcás sáruithe ar Airteagal 14 agus Airteagal 15, EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(ii)

i gcás sáruithe ar Airteagal 16 agus Airteagal 17, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus

(iii)

i gcás sáruithe ar Airteagail 18, 19 agus 20, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus

(j)

maidir le duine nádúrtha, pionóis airgid riaracháin uasta arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(i)

i gcás sáruithe ar Airteagal 14 agus ar Airteagal 15, EUR 15 000 000 nó 15 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlíthiúil de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus iad formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(ii)

i gcás sáruithe ar Airteagail 16 agus Airteagal 17, EUR 2 500 000 nó 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus iad formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta nó i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus

(iii)

i gcás sáruithe ar Airteagail 18, 19 agus 20, EUR 1 000 000 nó sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014.

Tá tagairtí d’údaráis inniúla sa mhír seo, beidh siad gan dochar do chumas an údaráis inniúil a chuid feidhmeanna a fheidhmiú in aon cheann de na slite dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

Chun críocha phointe (i) agus (ii) den chéad fhomhír, i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina mháthairghnóthas nó ina fhochuideachta de mháthairghnóthas nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de bhun Threoir 2013/34/AE (28) ], is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha ábhartha cuntasaíochta Treoir 86/635/CEE (29) maidir le bainc, Treoir 91/674/CEE ón gComhairle (30) maidir le gnóthais árachais de réir na gcuntas deireanach comhdhlúite atá ar fáil agus iad formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le go mbeidh cumhachtaí eile ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá dtagraítear i mír 2 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le leibhéil níos airde pionós ná iad siúd atá bunaithe sa mhír sin.

Airteagal 31

Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus pionóis a fhorchur

1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu ar an gcineál agus ar an leibhéal pionós riaracháin, go gcuirfidh údaráis inniúla gach cúinse ábhartha san áireamh, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:

(a)

tromaíocht agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c)

láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha;

(d)

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

leibhéal comhair an duine atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;

(f)

sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú; agus

(g)

bearta arna nglacadh ag an duine atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlaíonn an sárú sin arís.

2.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur Airteagal 30, comhoibreoidh údaráis inniúla go dlúth lena áirithiú go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha agus leis na pionóis riaracháin a fhorchuirtear agus na mbearta riaracháin eile a dhéanfaidh siad éifeachtacha agus iomchuí faoin Rialachán seo. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 25, chun dúbailt agus forluí a a sheachaint nuair a bhíonn a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha á bhfeidhmiú acu agus le linn dóibh pionóis agus fíneálacha riaracháin eile á bhforchur acu i leith cásanna trasteorann.

Airteagal 32

Sáruithe a thuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis inniúla sásraí éifeachtacha chun tuairisciú ar sháruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialacháin seo d’údaráis inniúla a chumasú.

2.   Cuirfear san áireamh sna sásraí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe agus gníomhaíochtaí leantacha ina leith, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú i leith na dtuairiscí sin;

(b)

laistigh dá bhfostaíocht, go ndéanfar, mar bheart íosta, daoine a oibríonn faoi chonradh fostaíochta, agus a thuairiscíonn sáruithe nó a gcuirtear sáruithe ina leith, a chosaint go hiomchuí ar fhrithbhearta, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir éagórach;agus

(c)

cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairiscíonn an sárú agus leis an duine nádúrtha a líomhnaítear a bheith freagrach as, lena n-áirítear cosaintí i ndáil le rúndacht chéannacht na ndaoine ábhartha a chaomhnú, ag gach céim den nós imeachta gan dochar do nochtuithe den sórt sin a bheith ina gceangal faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.   Ceanglóidh na Ballstáit ar fhostóirí a dhéanann gníomhaíochtaí atá rialáilte ag rialachán um sheirbhísí airgeadais, nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a chur i bhfeidhm dá gcuid fostaithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais do dhaoine a thairgeann faisnéis ábhartha maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo, ar dreasachtaí iad atá le deonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach ann do dhualgais dhlíthiúla nó chonarthacha eile ar na daoine sin cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus ar choinníoll gur faisnéis nua atá i gceist, agus go mbeidh forchur pionós riaracháin nó coiriúil nó glacadh birt riaracháin eile i leith shárú an Rialacháin seo mar thoradh uirthi.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na socruithe tuairiscithe agus na socruithe chun gníomh leantach a dhéanamh i leith tuairiscí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 33

Malartú faisnéise le ÚEUM

1.   Soláthroidh údaráis inniúla do ÚEUM ar bhonn bliantúil faisnéis chomhiomlánaithe maidir le gach pionós agus beart riarachin eile arna fhorchur nó arna forchur ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagail 30, 31 agus 32. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis seo ina thuarascáil bhliantúil. Soláthróidh údaráis inniúla freisin do ÚEUM ar bhonn bliantúil sonraí a bheidh i ndíth ainm agus comhiomlánaithe i ndáil leis na himscrúduithe riaracháin go léir arna ndéanamh i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

2.   I gcás ina bhfuil Ballstáit, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 30(1), tar éis pionóis coiriúla a leagan síos as sáruithe dá dtagraítear san Airteagal sin, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí a bheidh i ndíth ainm agus comhiomlánaithe a sholáthar do ÚEUM ar bhonn bliantúil i ndáil leis na himscrúduithe coiriúla go léir arna ndéanamh agus leis na pionóis choiriúla arna bhforchur ag na húdaráis bhreithiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32. Déanfaidh ÚEUM sonraí i dtaobh pionóis coiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

3.   I gcás inar nocht an t-údarás inniúil pionóis riaracháin nó choiriúla, bearta riaracháin eile nó fíneálacha don phobal, tuairisceoidh sé iad ÚEUM an tráth céanna.

4.   I gcás ina mbaineann pionós riaracháin nó coiriúil, beart riaracháin eile nó fíneáil atá foilsithe le gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE, cuirfidh ÚEUM tagairt leis an pionós, beart nó fíneáil foilsithe sin i gclár na ngnólachtaí infheistíochta arna bhunú faoi Airteagal 5(3) den Treoir sin.

5.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34

Cinntí a fhoilsiú

1.   Faoi réir an tríú fomhír, déanfaidh údaráis inniúla, aon chinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin, nó beart riaracháin ea bhaineann le sárú ar an Rialachán seo, a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin láithreach tar éis an duine is ábhar don chinneadh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Beidh ar áireamh i bhfoilsiú den sórt sin, ar a laghad, faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus céannacht an duine is ábhar don chinneadh.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar de chineál imscrúdaitheach iad.

I gcás ina measann an t-údarás inniúil„ go mbeadh foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha, díréireach, tar éis measúnú ar bhonn cás ar chás ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó go ndéanfadh foilsiú den sórt sin foilsiú den sórt sin dochar d’imscrúdú atá ar siúl nó do chobhsaíocht na margaí airgeadais, féadfaidh sé ceachtar díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

foilsiú an chinnidh a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;

(b)

an cinneadh fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, sa chás go ndéantar a áirithiú le foilsiú den sórt sin go dtugtar cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta i dtrácht agus, i gcás inarb iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar atráth go ceann tréimhse réasúnach ama más intuartha nach mbeidh ann a thuilleadh do na cúiseanna le haghaidh foilsiú i ndíth ainm i rith na tréimhse sin;

(c)

gan an cinneadh a fhoilsiú sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil den tuairim nach mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) leordhóthanach chun a áirithiú:

(i)

a áirithiú nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; nó

(ii)

comhréireacht fhoilsiú chinntí den sórt sin a áirithiú a mhéid a bhaineann le bearta a mheastar a bheith ina mionbhearta.

I gcás ina ndéanann údarás inniúil cinneadh chun cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.

2.   Más rud é go bhfuil cinneadh faoi réir achomhairc os comhair an údaráis breithiúnach náisiúnta, an údaráis riaracháin náisiúnta, nó os comhair údaráis náisiúnta eile, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin a fhoilsiú, láithreach, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh atá faoi réir achomhairc.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal inrochtana ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá i bhfoilseacháin den sórt sin a choinneáil ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

CAIBIDIL 6

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6), in Airteagal 12(5), sa tríú fomhír d’Airteagal 17(2) agus (3) agus in Airteagal 19(13) agus (14) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 2 Iúil 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6), in Airteagal 12(5), sa tríú fomhír d’Airteagal 17(2) agus (3) 17(3) agus in Airteagal 19(13) agus (14) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 12(5), an tríú fomhír d’Airteagal 17(2) agus (3) nó in Airteagal 19(13) nó (14) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis, arna bhunú le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (31), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL 7

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

Treoir 2003/6/CE agus a bhearta cur chun feidhme a aisghairm

Déanfar Treoir 2003/6/CE agus Treoracha 2004/72/CE (32), 2003/125/CE (33) agus 2003/124/CE (34) ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún (35) a cuid bearta cur chun feidhme a aisghairm le héifeacht ón 3 Iúil 2016. Déanfar na tagairtí do Threoir 2003/6/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla chomhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 38

Tuarascáil

Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, mar aon le togra reachtach chun é a leasú, más iomchuí. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar, inter alia, na nithe seo a leanas:

(a)

a iomchuí atá sé comhrialacha a thabhairt isteach maidir leis an ngá go ndéanfadh na Ballstáit uile foráil do phionóis riaracháin i dtaca le déileáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh;

(b)

cibé an leordhóthanach an sainmhíniú ar fhaisnéis ón taobh istigh chun an fhaisnéis uile is ábhartha do na húdaráis inniúla a chumhdach chun go bhféadfadh siad drochúsáid margaidh a chomhrac go héifeachtach;

(c)

a oiriúnaí atá na coinníollacha faoina dtugtar sainordú i leith toirmeasc ar thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 19(11) d’fhonn a shainaithint an bhfuil aon imthosca eile ann faoinar cheart go mbeadh feidhm ag an toirmeasc;

(d)

an fhéidearthacht go mbunófaí creat Aontais maidir le faireachas trasmhargaidh ar an leabhar orduithe i ndáil le drochúsáid margaidh, lena n-áirítear moltaí do chreat den sórt sin; agus

(e)

an raon feidhme maidir le forálacha tagarmharcála a chur i bhfeidhm.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM fardal de chur i bhfeidhm na bpionós riaracháin agus, i gcás ina mbíonn cinneadh déanta ag na Ballstáit, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 30(1), pionóis coiriúla a leagan síos amhail dá dtagraítear ann i gcás sáruithe ar an Rialachán seo, de chur i bhfeidhm na bpionós coiriúil sin sna Ballstáit. Áireofar san fhardal sin freisin aon sonraí a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 33(1) agus (2).

Airteagal 39

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige amhail ón 3 Iúil 2016, seachas i gcás Airteagal 4(4) agus (5), Airteagal 5(6), Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 7(5), Airteagal 11(9), (10) agus (11), Airteagal 12(5), Airteagal 13(7) agus (11), Airteagal 16(5), an tríú fomhír d’Airteagal 17(2), Airteagal 17(3),(10) agus (11), Airteagal 18(9), Airteagal 19(13), (14) agus (15), Airteagal 20(3), Airteagal 24(3) Airteagal 25(9), an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 26(2), Airteagal 32(5) agus Airteagal 33(5), a mbeidh feidhm acu an 2 Iúil 2014.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun Airteagal 22, Airteagal 23, Airteagal 30, Airteagal 31(1), Airteagal 32 agus Airteagal 34 a chomhlíonadh faoin 3 Iúil 2016

4.   Maidir le tagairtí atá sa Rialachán seo do Threoir 2014/65/AE agus do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, déanfar iad a léamh, roimh an 3 Eanáir 2017, mar thagairtí do Threoir 2004/39/CE i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a mhéid atá forálacha a thagraíonn do Threoir 2004/39/CE sa tábla comhghaoil sin.

Nuair a dhéantar tagairt i bhforálacha an Rialacháin seo do OTFanna, do mhargaí fáis FBManna, do lamháltais astaíochtaí nó do tháirgí ceantáilte bunaithe orthu siúd, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le hOTFanna, le margaí fáis FBManna, le lamháltais astaíochtaí nó le táirgí ceantáilte bunaithe orthu siúd go dtí an 3 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 161, 7.6.2012, lch. 3.

(2)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 64.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (IO L 96, 12.4.2003, lch. 16).

(5)  Rialachán (AE) Uimh 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh mhórdhíola (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, lena leasaítear Treoracha 85/611/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010, maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal, (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

(9)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

(10)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/67/AE (Féach an leathanach seo 349 den Iris Oifigiúil).

(11)  Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le pionóis choiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (Féach an leathanach seo 179 den Iris Oifigiúil).

(12)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 ag cur chun feidhme Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí i leith clár aischeannaigh agus cobhsaíocht ionstraimí airgeadais (IO L 336, 23.12.2003, lch. 33).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, p. 12).

(17)  IO C 177, 20.6.2012, lch. 1.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 ag cur chun feidhme Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1);

(20)  Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus daoine eile a chosaint, i leith foirmiú cuideachtaí dliteanais theoranta poiblí agus cothabháil agus athrú a gcaipitil, d’fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach (IO L 315, 14.11.12, lch. 74),:

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Féach an leathanach seo 84 den Iris Oifigiúil)

(22)  Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (tá an teideal seo foilsithe cúpla uair san IO) (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) IO L 201, 31.07.02, lch. 37).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(24)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(25)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamach ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(26)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear ║Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

(28)  Treoir2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(29)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 193, 18.7.1983, lch. 1)

(30)  Treoir 91/674/CCE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

(31)  Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45)

(32)  Treoir2004/72/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo, an sainmhíniú atá ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthaigh ar thráchtearraí, liostaí daoine ar an taobh istigh a tharraingt suas, idirbhearta bainisteoirí a thabhairt ar aird agus idirbhearta amhrasacha a thabhairt ar aird (IO L 162, 30.4.2004, lch. 70).

(33)  Treoir2003/125/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le moltaí infheistíochta a chur i láthair go cothrom agus le coinbhleachtaí leasa a nochtadh (IO L 339, 24.12.2003, lch. 73).

(34)  Treoir2003/124/CE ón gCoimisiún 22 Nollaig 2003 2 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis ón taobh istigh a shainmhíniú agus a nochtadh go poiblí agus le cúpláil margaidh a shainmhíniú (IO L, 24.12.2003, lch. 70).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le díolúintí maidir le cláir athcheannaigh agus le cobhsaíocht ionstraimí airgeadais (IO L 336, 23.12.2003, lch. 33).


IARSCRÍBHINN I

A.   Táscairí iompraíochta cúblála a bhaineann le comharthaí bréagacha nó míthreoracha agus le socrú praghsanna

Chun críocha pointe (a) de mhír 1 d’Airteagal 12 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha iompraíochta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin, déanfar na táscairí nach bhfuil uileghabhálach seo a leanas, nach gá go measfar iad mar chúbláil mhargaidh iad féin, a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh rannpháirtithe margaidh agus údaráis inniúla scrúdú ar idirbhearta nó orduithe chun trádála:

(a)

a mhéid is ionann orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh agus cuid shuntasach de mhéid laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais ábhartha, sa chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar ábhartha, nó sa táirge ceantáilte ábhartha bunaithe ar lamháltais astaíochtaí, go háirithe i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin ina gcúis le hathrú suntasach ar a bpraghas;

(b)

a mhéid atá orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a bhfuil ról suntasach acu maidir le hionstraim airgeadais, conradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó táirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí a cheannach nó a dhíol, ina gcúis le hathruithe suntasacha ar an bpraghas atá ar an ionstraim airgeadais sin, ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin, nó ar an táirge ceantáilte sin bunaithe ar lamháltais astaíochtaí;

(c)

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil idirbhearta arna ndéanamh ina gcúis le gan aon athrú ar úinéireacht thairbhiúil ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge cheantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí;

(d)

a mhéid a áirítear le horduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh nó orduithe arna gcealú malartuithe ról i dtréimhse ghearr agus a mhéid is ionann iad agus sciar suntasach de mhéid laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais ábhartha, sa chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó sa táirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí, agus a d’fhéadfadh a bheith bainteach le hathruithe suntasacha ar an bpraghas atá ar ionstraim airgeadais, ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó ar tháirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí;

(e)

a mhéid atá orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh comhchruinnithe laistigh de thréimhse ghearr ama sa seisiún trádála agus a mhéid atá siad ina gcúis le hathrú praghais a fhreaschuirtear ina dhiaidh sin;

(f)

a mhéid a athraíonn orduithe chun trádála arna dtabhairt an t-uiríoll ar an tairiscint is fearr nó a thairgeann siad praghsanna in ionstraim airgeadais, i gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó i dtáirge ceantáilte bunaithe ar lamháltas astaíochtaí, nó, níos ginearálta, an t-uiríoll ar an leabhar orduithe atá ar fáil do rannpháirtithe margaidh, agus a bhaintear sula ndéantar iad; agus

(g)

a mhéid a thugtar orduithe chun trádála nó a dhéantar idirbhearta ag am ar leith nó faoi am ar leith nuair a dhéantar praghsanna tagartha, praghsanna socraithe agus luachálacha a ríomh agus nuair atá siad ina gcúis le hathruithe praghsanna a bhfuil tionchar acu ar phraghsanna agus luachálacha den sórt sin.

B.   Táscairí iompraíochtaí cúblála a bhaineann le húsáid a bhaint as seifteanna samhailteacha nó as aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra

Chun críocha pointe (b) de mhír 1 d’Airteagal 12 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha iompraíochta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin, déanfar na táscairí nach bhfuil uileghabhálach seo a leanas, nach gá gur cheart iad a mheas mar chúbláil mhargaidh iad féin, a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh rannpháirtithe margaidh agus údaráis inniúla scrúdú ar idirbhearta nó orduithe chun trádála:

(a)

cibé acu a théann nó nach dtéann orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine roimh scaipeadh faisnéise atá bréagach nó míthreorach ag na daoine céanna nó ag daoine nasctha leo, nó cibé acu a thagann nó nach dtagann siad ina ndiaidh; agus

(b)

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine sula ndéanann na daoine céanna nó daoine nasctha leo moltaí infheistíochta atá earráideach nó claonta nó go taispeántach faoi thionchar leasa ábhartha a tháirgeadh nó a scaipeadh, nó tar éis dóibh iad a tháirgeadh nó a scaipeadh.


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

An Rialachán seo

Treoir 2003/6/CE

Airteagal 1

 

Airteagal 2

 

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 9, an chéad mhír

Airteagal 2(1)(b)

 

Airteagal 2(1)(c)

 

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 9,an dara mír

Airteagal 2(3)

Airteagal 9, an chéad mír

Airteagal 2(4)

Airteagal 10(a)

Pointe (1) d'Airteagal 3(1)

Airteagal 1(3)

Pointe (2) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (3) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (4) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (5) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (6) d'Airteagal 3(1)

Airteagal 1(4)

Pointe (7) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (8) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (9) d'Airteagal 3(1)

Airteagal 1(5)

Pointe (10) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (11) d'Airteagal 3(1)

 

Pointe (12) d'Airteagal 3(1)

Airteagal 1(7)

Pointe (13) d'Airteagal 3(1)

Airteagal 1(6)

Pointí (14) go (35) d'Airteagal 3(1)

 

Airteagal 4

 

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6(1)

Airteagal 7

Airteagal 6(2)

 

Airteagal 6(3)

 

Airteagal 6(4)

 

Airteagal 6(5)

 

Airteagal 6(6)

 

Airteagal 6(7)

 

Airteagal 7(1)(a)

Airteagal 1(1), an chéad mír

Airteagal 7(1)(b)

Airteagal 1(1), an dara mír

Airteagal 7(1)(c)

 

Airteagal 7(1)(d)

Airteagal 1(1), an tríú mír

Airteagal 7(2)

 

Airteagal 7(3)

 

Airteagal 7(4)

 

Airteagal 7(5)

 

Airteagal 8(1)

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír

Airteagal 8(2)

 

Airteagal 8(2)(a)

Airteagal 3(b)

Airteagal 8(2)(b)

 

Airteagal 8(3)

 

Airteagal 8(4)(a)

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 8(4)(b)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 8(4)(c)

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 8(4)(d)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 8(4), an dara fomhír

Airteagal 4

Airteagal 8(5)

Airteagal 2(2)

Airteagal 9(1)

 

Airteagal 9(2)

 

Airteagal 9(3)(a)

Airteagal 2(3)

Airteagal 9(3)(b)

Airteagal 2(3)

Airteagal 9(4)

 

Airteagal 9(5)

 

Airteagal 9(6)

 

Airteagal 10(1)

Airteagal 3(a)

Airteagal 10(2)

 

Airteagal 11

 

Airteagal 12(1)

 

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 12(1)(b)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 12(1)(c)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 12(1)(d)

 

Airteagal 12(2)(a)

Airteagal 1(2), an chéad fhleasc den dara mír, chéad fhleasc

Airteagal 12(2)(b)

Airteagal 1(2), an dara fleasc den dara mír

Airteagal 12(2)(c)

 

Airteagal 12(2)(d)

Airteagal 1(2), an tríú fleasc den dara mír

Airteagal 12(2)(e)

 

Airteagal 12(3)

 

Airteagal 12(4)

 

Airteagal 12(5)

Airteagal 1(2), an tríú mír

Airteagal 13(1)

Airteagal 1(2)(a), an dara mír

Airteagal 13(1)

 

Airteagal 13(2)

 

Airteagal 13(3)

 

Airteagal 13(4)

 

Airteagal 13(5)

 

Airteagal 13(6)

 

Airteagal 13(7)

 

Airteagal 13(8)

 

Airteagal 13(9)

 

Airteagal 13(10)

 

Airteagal 13(11)

 

Airteagal 14(a)

Airteagal 2(1), an chéad mír

Airteagal 14(b)

Airteagal 3(b)

Airteagal 14(c)

Airteagal 3(a)

Airteagal 15

Airteagal 5

Airteagal 16(1)

Airteagal 6(6)

Airteagal 16(2)

Airteagal 6(9)

Airteagal 16(3)

 

Airteagal 16(4)

 

Airteagal 16(5)

Airteagal 6(10), an seachtú fleasc

Airteagal 17(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 17(1), an tríú fomhír

Airteagal 9, an tríú mír

Airteagal 17(2)

 

Airteagal 17(3)

 

Airteagal 17(4)

Airteagal 6(2)

Airteagal 17(5)

 

Airteagal 17(6)

 

Airteagal 17(7)

 

Airteagal 17(8)

Airteagal 6(3), an chéad agus dara fomhíreanna

Airteagal 17(9)

 

Airteagal 17(10)

Airteagal 6(10), an chéad agus dara fleasc

Airteagal 17(11)

 

Airteagal 18(1)

Airteagal 6(3), an tríu fomhír

Airteagal 18(2)

 

Airteagal 18(3)

 

Airteagal 18(4)

 

Airteagal 18(5)

 

Airteagal 18(6)

 

Airteagal 18(7)

Airteagal 9, an tríú mír

Airteagal 18(8)

 

Airteagal 18(9)

Airteagal 6(10), an ceathru fleasc

Airteagal 19(1)

Airteagal 6(4)

Airteagal 19(1)(a)

Airteagal 6(4)

Airteagal 19(1)(b)

 

Airteagal 19(2)

 

Airteagal 19(3)

 

Airteagal 19(4)(a)

 

Airteagal 19(4)(b)

 

Airteagal 19(5) go (13)

 

Airteagal 19(14)

Airteagal 6(10), an cúigiú fleasc

Airteagal 19(15)

Airteagal 6(10), an cúigiú fleasc

Airteagal 20(1)

Airteagal 6(5)

Airteagal 20(2)

Airteagal 6(8)

Airteagal 20(3)

Airteagal 6(10), an séú fleasc Airteagal 6(11)

Airteagal 21

Airteagal 1(2)(c), an dara habairt

Airteagal 22

Airteagal 11, an chéad abairt Airteagal 10

Airteagal 23(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 23(1)(a)

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 23(1)(b)

Airteagal 12(1)(b)

Airteagal 23(1)(c)

Airteagal 12(1)(c)

Airteagal 23(1)(d)

Airteagal 12(1)(d)

Airteagal 23(2)(a)

Airteagal 12(2)(a)

Airteagal 23(2)(b)

Airteagal 12(2)(b)

Airteagal 23(2)(c)

 

Airteagal 23(2)(d)

Airteagal 12(2)(c)

Airteagal 23(2)(e)

 

Airteagal 23(2)(f)

 

Airteagal 23(2)(g)

Airteagal 12(2)(d)

Airteagal 23(2)(h)

Airteagal 12(2)(d)

Airteagal 23(2)(i)

Airteagal 12(2)(g)

Airteagal 23(2)(j)

Airteagal 12(2)(f)

Airteagal 23(2)(k)

Airteagal 12(2)(e)

Airteagal 23(2)(l)

Airteagal 12(2)(h)

Airteagal 23(2)(m)

Airteagal 6(7)

Airteagal 23(3)

 

Airteagal 23(4)

 

Airteagal 24(1)

Airteagal 15a(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 15a(2)

Airteagal 24(3)

 

Airteagal 25(1),first subparagraph

Airteagal 16(1)

Airteagal 25(2)

Airteagal 16(2) agus Airteagal 16(4), ceathrú fomhír

Airteagal 25(2)(a)

Airteagal 16(2), an chéad fhleasc den dara fomhír agus Airteagal 16(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 25(2)(b)

 

Airteagal 25(2)(c)

Airteagal 16(2), an dara fleasc den dara fomhír agus Airteagal 16(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 25(2)(d)

Airteagal 16(2) an tríú fleasc den dara fomhír agus Airteagal 16(4) an ceathrú fomhír

Airteagal 25(3)

 

Airteagal 25(4)

Airteagal 16(2), an chéad abairt

Airteagal 25(5)

Airteagal 16(3)

Airteagal 25(6)

Airteagal 16(4)

Airteagal 25(7)

Airteagal 16 (2), ceathrú fomhír agus Airteagal 16(4), ceathrú fomhír

Airteagal 25(8)

 

Airteagal 25(9)

Airteagal 16(5)

Airteagal 26

 

Airteagal 27(1)

 

Airteagal 27(2)

 

Airteagal 27(3)

Airteagal 13

Airteagal 28

 

Airteagal 29

 

Airteagal 30(1), an chéad fomhír

Airteagal 14(1)

Airteagal 30(1)(a)

 

Airteagal 30(1)(b)

Airteagal 14(3)

Airteagal 30(2)

 

Airteagal 30(3)

 

Airteagal 31

 

Airteagal 32

 

Airteagal 33(1)

Airteagal 14(5), an chéad fomhír

Airteagal 33(2)

 

Airteagal 33(3)

Airteagal 14(5), an dara fomhír

Airteagal 33(4)

Airteagal 14(5), an triú fomhír

Airteagal 33(5)

 

Airteagal 34(1)

Airteagal 14(4)

Airteagal 34(2)

 

Airteagal 34(3)

 

Airteagal 35

 

Airteagal 36(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 36(2)

 

Airteagal 37

Airteagal 20

Airteagal 38

 

Airteagal 39

Airteagal 21

Iarscríbinn

 


Top