EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32014R0231
Regulation (EU) No 231/2014 of the European Parliament and of the Council of 11 March 2014 establishing an Instrument for Pre-accession Assistance (IPA II)
Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II)
Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II)
OJ L 77, 15.3.2014, p. 11–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020
15.3.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
11 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 231/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2014
lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1)
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2)
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ina Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal “Buiséad don Eoraip 2020”, leagann an Coimisiún amach an creat maidir le hionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, lena n-áirítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II). |
(2) |
Ós rud é gur imigh Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle (4) in éag an 31 Nollaig 2013 agus d'fhonn gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí, ba cheart creat um pleanáil agus um sholáthar cúnaimh sheachtraigh a chothabháil don tréimhse ó2014 go 2020. Ba cheart ionstraim shonrach chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú a bheith ag tacú i gcónaí le beartas um méadú an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, ICR II a bhunú. |
(3) |
Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a thacaíonn le luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta den Aontas. Ní fhéadfaidh Stát Eorpach a chuir iarratas isteach ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bhunaigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 (“critéir Chóbanhávan”) agus ar an gcoinníoll nach gcuirfear an iomarca stró ar chumas an Aontais an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann na critéir sin le cobhsaíocht na n-institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar na mionlaigh agus cosaint na mionlach, agus geilleagar margaidh atá feidhmiúil, chomh maith leis an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an cumas na cearta agus na hoibleagáidí faoi na Conarthaí a ghlacadh, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta. |
(4) |
Tá an straitéis um an méadú atá bunaithe ar an gcomhdhlúthú, ar an gcoinníollacht agus ar an gcumarsáid i gcomhar le cumas an Aontais comhaltaí nua a lánpháirtiú, fós mar bhunús maidir le comhthoiliú athnuaite don mhéadú. Tá próiseas an aontachais bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar chur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne ar gach iarrthóir, agus gach ceann acu á meas ar a bhfiúntas bunaidh. Tá an ghluaiseacht i dtreo an aontachais ag brath ar a mhéid a urramaíonn gach iarrthóir luachanna an Aontais agus a mhéid is féidir leo na hathchóirithe riachtanacha a ghabháil ar láimh d'fhonn a chórais pholaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin agus eacnamaíocha a chur ar chomhréim le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais. |
(5) |
Leis an méadú, treisítear an tsíocháin, an daonlathas agus an chobhsaíocht san Eoraip agus cuireann sé ar chumas an Aontais bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Cruthaítear athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch forleathan i dtíortha an mhéadaithe, a théann chun sochair an Aontais ina iomláine freisin, le cumhacht claochlaithe phróiseas an mhéadaithe. |
(6) |
Dheonaigh an Chomhairle Eorpach an stádas mar thír is iarrthóir don Íoslainn, do Mhontainéagró, do Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, don Tuirc agus don tSeirbia. Tá dearcadh na hEorpa deimhnithe i dtaobh na mBalcán Thiar. Gan dochar do sheasaimh maidir le stádas nó d'aon chinneadh a bheidh le déanamh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle amach anseo, féadfar iad siúd a bhfuil an dearcadh Eorpach sin ina leith, nach bhfuil stádas mar thír is iarrthóir deonaithe orthu a mheas mar iarrthóirí ionchasacha chun críche an Rialacháin seo amháin. Ba cheart cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a dheonú do na tairbhithe uile a liostaítear in Iarscríbhinn I. |
(7) |
Ba cheart cúnamh faoin Rialachán seo a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle agus aird chuí á tabhairt ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Méadú agus ar na Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn atá i bpacáiste bliantúil an Choimisiúin um méadú, mar aon leis na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart go dtabharfaí cúnamh chomh maith i gcomhlíonadh na gcomhaontuithe a thug an tAontas chun críche leis na tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I, agus i gcomhréir leis na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus Aontachais. Ba cheart don chúnamh a bheith dírithe go príomha ar líon áirithe réimsí beartais a chuideoidh leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, meas a bheith acu ar chearta bunúsacha agus comhionannas inscne, an chaoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Maidir leis an gcúnamh, ba cheart leanúint de na hiarrachtaí chun an comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus an fhorbairt chríochach a chur chun cinn leis, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart dó freisin a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta a fheabhsú, rud a thabharfaidh buntaca do chlár oibre maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ag díriú go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, d'fhonn spriocanna straitéis Eoraip 2020 don fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (“Straitéis Eoraip 2020”) a bhaint amach agus d'fhonn bheith ar comhréim go forásach le critéir Chóbanhávan. Ba cheart an comhchuibheas idir an cúnamh airgeadais agus an dul chun cinn foriomlán arna dhéanamh maidir le cur chun feidhme na straitéise réamhaontachais a neartú. |
(8) |
D'fhonn na hathruithe sa chreat beartais um méadú nó athruithe móra sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca leis na tosaíochtaí téamacha le haghaidh an chúnaimh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur in oiriúint agus a nuashonrú. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go gcuirfear doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus ar bhealach iomchuí. |
(9) |
Na príomhdhúshláin atá ann don chuid is mó de na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I an smacht reachta, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, a neartú agus an dea-rialachas a neartú, lena n-áirítear an riarachán poiblí a athchóiriú, agus tá sin bunriachtanach chun go ndruidfeadh na tairbhithe i dtreo an Aontais agus chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an Aontais a ghlacadh chucu féin ina n-iomláine dá éis sin. I bhfianaise go mbeidh na hathchóirithe atá le baint amach sna réimsí sin níos fadtéarmaí agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart don chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na ceanglais a chuirtear ar na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I sa réimse sin a luaithe is féidir. |
(10) |
Is gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ullmhaithe níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus iad féin a ailíniú le hiarrachtaí an Aontais chun tabhairt faoi na saincheisteanna sin. Ba cheart do chúnamh an Aontais faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc chun céatadán bhuiséad an Aontais a bhaineann le haeráid a ardú go 20 % ar a laghad a bhaint amach freisin. |
(11) |
Ba cheart don Aontas tacú freisin leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na dtairbhithe uile a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar an taithí atá ag na Ballstáit. Ba cheart don chomhar seo díriú go háirithe ar an taithí atá faighte ag na Ballstáit sa phróiseas athchóirithe a roinnt. |
(12) |
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhchuibheas, agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta, le deontóirí eile. Ba cheart an ról atá ag an tsochaí shibhialta a fheabhsú sna cláir a chuirfear chun feidhme trí chomhlachtaí rialtais agus mar thairbhí díreach den chúnamh ón Aontas. |
(13) |
Na tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta chun cuspóirí sna réimsí ábhartha beartais a bhaint amach, a dtacófar leo faoin Rialachán seo, ba cheart iad a shainiú i bpáipéir straitéise tháscacha a bhunóidh an Coimisiún do ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais don tréimhse ó 2014 go 2020, i gcomhpháirt leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar a riachtanais shonracha agus ar a gclár oibre um méadú, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear sa Rialachán seo, agus aird chuí á tabhairt ar na straitéisí ábhartha náisiúnta. Ba cheart do na páipéir straitéise na réimsí beartais le haghaidh cúnaimh a bhfuiltear le tacú leo a shainaithint freisin agus, gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ba cheart dóibh na leithdháiltí táscacha ó chistí an Aontais in aghaidh réimse beartais a leagan síos, a mhiondealófar in aghaidh na bliana, lena n-áirítear meastachán ar chaiteachas a bhaineann le haeráid. Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a chur san áireamh iontu chun freastal ar riachtanais éiritheacha agus chun dreasachtaí a thabhairt d'fhonn feidhmíocht a fheabhsú. Ba cheart do na páipéir straitéise comhchuibheas agus comhsheasmhacht le hiarrachtaí na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a áirithiú mar a léirítear iad ina mbuiséid náisiúnta, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar an tacaíocht a chuirfidh deontóirí eile ar fáil. D'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí inmheánacha agus seachtracha, ba cheart na páipéir straitéise a athscrúdú agus a athbhreithniú de réir mar is cuí. |
(14) |
Is é leas an Aontais é cuidiú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ina n-iarrachtaí maidir le hathchóiriú d'fhonn ballraíocht Aontais a bhaint amach. Ba cheart cúnamh a bhainistiú le fócas láidir ar thorthaí agus le dreasachtaí dóibh siúd a léiríonn a dtiomantas don athchóiriú tríd an gcúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil agus trí dhul chun cinn a dhéanamh chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh. |
(15) |
Ba cheart go leanfadh an cúnamh d'úsáid a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh siad fiúntach sa phróiseas réamhaontachais. Ba cheart don trasdul ó bhainistiú díreach na gcistí réamhaontachais ag an gCoimisiún go bainistiú indíreach ag na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith forásach agus i gcomhréir le cumas na dtairbhithe sin faoi seach. I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtíoch, ba cheart don Choimisiún formhaoirsiú parlaiminteach a spreagadh i ngach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I ar an gcúnamh a thabharfar don tairbhí sin. |
(16) |
D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Baineann na cumhachtaí sin leis na páipéir straitéise, na doiciméíd clársceidealaithe agus leis na rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha agus ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe an treo a mbeidh a mbeartas ag dul nó a n-impleachtaí airgeadais, ba cheart, go ginearálta, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais. Agus na coinníollacha aonfhoirmeacha á mbunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme an chúnaimh réamhaontachais roimhe sin a chur san áireamh. Ba cheart na coinníollacha aonfhoirmeacha sin a leasú más gá. |
(17) |
Ba cheart don choiste a bhunófar faoin Rialachán seo a bheith inniúil freisin i leith gníomhartha dlí agus ghealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, agus i leith chur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle (6). |
(18) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse a chur i bhfeidhm arb éard a bheidh ann an méid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nóis imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
(19) |
Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach, mar aon le sineirgí a chruthú idir ICR II, ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid seo freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú. |
(20) |
Déantar rialacha agus forálacha coiteanna chun ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú a leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
(21) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(22) |
Is iomchuí féachaint chuige go n-áiritheofaí trasdul gan stró, gan bhriseadh ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) arna bhunú faoi Rialachan (CE) Uimh. 1085/2006 go ICR II agus go ndéanfaít tréimse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (9). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir ginearálta
Is é is aidhm don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) don tréimhse ó 2014 go 2020 tacú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nglacadh agus i gcur chun feidhme na n-athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin chun luachanna an Aontais a chomhlíonadh agus chun na tairbhithe a ailíniú go forásach le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais, d'fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas.
Tríd an tacaíocht sin, cuirfidh ICR II le cobhsaíocht, le slándáil agus le rathúnas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Cuspóirí sonracha
1. Déanfaidh cúnamh faoin Rialachán seo na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú, de réir riachtanais gach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus de réir a gclár oibre ar leith um méadú faoi seach:
(a) |
tacaíocht i gcomhair athchóirithe polaitiúla, inter alia tríd an méid a leanas:
|
(b) |
tacaíocht d'fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríche, d'fhonn go mbeidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ann, inter alia, trí na nithe seo a leanas:
|
(c) |
cumas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a neartú ar gach leibhéal maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn ó bhallraíocht Aontais a chomhlíonadh trí thacaíocht a thabhairt d'ailíniú forásach le acquis an Aontais, dá ghlacadh, dá chur chun feidhme agus dá fhorfheidhmiú, lena n-áirítear ullmhú do bhainistiú ar Chistí struchtúracha an Aontais, ar an gCiste Comhtháthaithe, agus ar an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. |
(d) |
lánpháirtíocht réigiúnach agus comhar críche a neartú a bhaineann leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1, le Ballstáit agus, nuair is iomchuí, le tríú tíortha faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) . |
2. Maidir leis an bhfaireachán agus an measunú ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfar iad ar bhonn táscairí atá réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, nuair is iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, lena gclúdaítear, inter alia, an méid a leanas:
(a) |
dul chun cinn maidir leis an méid seo a leanas a neartú: an daonlathas, an smacht reachta, córas breithiúnach neamhspleách agus éifeachtúil, urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta daoine ar de mhionlaigh nó de ghrúpaí leochaileacha iad, saoirsí bunúsacha, comhionannas inscne agus cearta na mban, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, athmhuintearas, dea-chaidrimh comharsanachta agus teacht ar ais dídeanaithe, agus go háirithe cuntais teiste a bhunú sna réimsí sin; |
(b) |
dul chun cinn maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha agus buiséadacha, lena dtugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha agus maicreacnamaíocha; fóntacht agus éifeachtacht na straitéisí forbartha sóisialta agus eacnamaíche, dul chun cinn i dtreo fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh agus oideachas, oiliúint ar ardchaighdeán, agus fostaíocht a bheidh cuimsitheach agus lánpháirtithe a chruthú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí poiblí a gheobhaidh tacaíocht ó ICR II, dul chun cinn chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú; |
(c) |
dul chun cinn maidir leis an gcorpas reachtaíochta a ailíniú le acquis an Aontais, lena n-áirítear cuntas teiste maidir lena chur chun feidhme, dul chun cinn maidir le hathchóiriú institiúideach a bhaineann leis an Aontas, lena n-áirítear an cúnamh dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a aistriú chuig bainistíocht indíreach; |
(d) |
dul chun cinn maidir le dea-rialachas a neartú agus a threisiú agus na hacmhainní riaracháin, institiúideacha agus ionsúcháin ar gach leibhéal, lena n-áirítear acmhainní daonna leordhóthanacha, a bhfuil gá leo chun an reachtaíocht a bhaineann leis an acquis a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú; |
(e) |
na tionscnaimh maidir le comhar réigiúnach agus comhar críochach agus forás na sreabh trádála. |
3. Úsáidfear na táscairí dá dtagraítear i mír 2 d'fhonn faireachán, measúnú agus athscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht, de réir mar is cuí. Úsáidfear na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 4 mar phointe tagartha agus measúnú á dhéanamh ar na torthaí ar chúnamh ICR II. Saineofar na táscairí feidhmíochta ábhartha agus áireofar iad sna páipéir agus sna cláir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 agus bunófar iad sa tslí go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ar bhealach oibiachtúil thar tréimhse ama agus, i gcás inarb iomchuí, trasna clár.
Airteagal 3
Réimsí beartais
1. Tabharfaidh cúnamh faoin Rialachán seo aghaidh ar na réimsí beartais seo a leanas go háirithe:
(a) |
athchóirithe mar ullmhúchán do bhallraíocht Aontais agus forbairt institiúidí agus forbairt acmhainní a bhaineann leo sin; |
(b) |
forbairt shocheacnamaíoch agus forbairt réigiúnach; |
(c) |
fostaíocht, beartais shóisialta, oideachas, comhionannas inscne a chur chun cinn agus forbairt acmhainní daonna; |
(d) |
talmhaíocht agus forbairt tuaithe; |
(e) |
comhar réigiúnach agus comhar críochach. |
2. Leis an gcúnamh faoi na réimsí beartais uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfar tacaíocht do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir leis na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 a bhaint amach, go háirithe trí athchóirithe beartais, trí dhlíthe a chomhfhogasú, trí acmhainní a fhorbairt agus trí infheistíocht.
I gcás inarb iomchuí, tabharfar aird chuí ar an dea-rialachas, ar an smacht reachta agus ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe.
3. Féadfar a áireamh ar an gcúnamh faoi na réimsí beartais dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) de mhír 1 maoiniú ar na cineálacha gníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14)agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
4. Féadfar le cúnamh faoin réimse beartais dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iltíre nó ar ghníomhaíochtaí cothrománacha go háirithe, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair thrasteorann, thrasnáisiúnta agus idir-réigiúnaigh.
Airteagal 4
Creat don chúnamh
1. Soláthrófar cúnamh faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú a shaineoidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle agus tabharfar aird chuí leis ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Méadú agus ar na Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn atá i bpacáiste bliantúil an Choimisiúin um méadú, mar aon leis na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh agus an creat beartais um méadú.
2. Díreofar an cúnamh ar chás sonrach na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1, agus déanfar é a choigeartú do na cásanna sin, agus aird á tabhairt ar na hiarrachtaí breise a mbeidh gá leo chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh chomh maith le cumais na dtairbhithe sin. Déanfar an cúnamh a dhifreáil maidir le raon feidhme agus déine i gcomhréir le riachtanais, le tiomantas d'athchóirithe agus leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na hathchóirithe sin a chur chun feidhme. Díreofar go príomha leis an gcúnamh ar chabhair a thabhairt do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I na hathchóirithe earnála a cheapadh agus a chur chun feidhme. Beidh na beartais agus na straitéisí earnála cuimsitheach agus cabhrófar leo na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 2 (1) a bhaint amach.
3. I gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 2(1), déantar na tosaíochtaí téamacha chun cúnamh a chur ar fáil i gcomhréir le riachtanais agus le hacmhainní na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a leagan amach in Iarscríbhinn II. Féadfar, le gach ceann de na tosaíochtaí téamacha sin, cabhrú níos mó ná cuspóir sonrach amháin a bhaint amach.
4 I gcomhréir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 2(1), tacófar leis an gcúnamh le comhar trasteorann, idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus idir na tairbhithe sin agus na Ballstáit nó na tíortha a chumhdaítear faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (“IEC”) arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, d'fhonn dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn, lánpháírtíocht Aontais a chothú agus forbairt shocheacnamaíoch a chur chun cinn. Leagtar na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh do chomhar críche amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 5
Comhlíonadh, comhleanúnachas agus comhlántacht
1 Beidh cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo comhsheasmhach le beartais an Aontais. Comhlíonfaidh sé comhaontuithe a thugann an tAontas i gcrích leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus urramófar leis gealltanais faoi chomhaontuithe iltaobhacha ar páirtí iontu an tAontas.
2. Cuirfidh an Coimisiún le cur chun feidhme ghealltanais an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, i dtreo na trédhearcachta agus na cuntasachta feabhsaithe agus cúnamh á sheachadadh, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le méid agus leithdháileadh an chúnaimh a nochtadh go poiblí, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí inchomparáide ar bhonn idirnáisiúnta agus nach mbeidh deacrachtaí ann maidir le rochtain a fháil orthu, lena roinnt ná lena bhfoilsiú.
3. Comhoibreoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun comhleanúnachas a áirithiú agus déanfaidh siad gach iarracht chun nach mbeidh aon dúbláil idir an cúnamh a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo agus cúnamh eile a chuirfidh an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta ar fáil, lena n-áirítear trí chruinnithe rialta agus cuimsitheacha arb é is aidhm dóibh comhordú a dhéanamh ar an gcúnamh.
4. Áiritheoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus BEI comhordú ar a gcláir chúnaimh faoi seach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú maidir le seachadadh an chúnaimh agus chun cistiú dúbailte a chosc, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe maidir le comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus maidir le beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht cabhrach. Is éard a bheidh i gceist le comhordú comhairliúcháin rialta agus malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla thimthriall an chúnaimh, go háirithe ar an mbunleibhéal, agus beidh na comhairliúcháin sin ina gcéim thábhachtach I bpróisis clársceidealaithe de chuid na mBallstát agus an Aontais.
5. D'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú maidir le seachadadh an chúnaimh agus d'fhonn cistiú dúbailte a chosc, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na bearta is gá chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le heagraíochtaí agus le heintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí, cistí agus cláir na Náisiún Aontaithe, agus deontóirí neamh-Aontais.
6. Agus cúnamh faoin Rialachán seo á ullmhú, á chur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh air, gníomhóidh an Coimisiún i bprionsabal i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Áireofar ar an gcomhpháirtíocht, más iomchuí, údaráis inniúla agus údaráis náisiúnta, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Déanfaidh an Coimisiún comhordú i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha a spreagadh.
Neartófar acmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, mar thairbhithe díreacha cúnaimh.
TEIDEAL II
PLEANÁIL STRAITÉISEACH
Airteagal 6
Páipéir Straitéise
1. Cuirfidh an Coimisiún cúnamh faoin Rialachán seo ar fáil, i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar bhonn páipéar straitéise táscach tíre nó iltíre (na “páipéir straitéise”), a bhunófar ar feadh ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais don tréimhse ó 2014 go 2020.
2. Saineofar sna páipéir straitéise na tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta chun go gcomhlíonfar na cuspóirí sna réimsí ábhartha beartais dá dtagraítear in Airteagal 3, a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1 agus in Airteagal 2, faoi seach. Glacfar na páipéir straitéise i gcomhréir leis an gcreat le haghaidh cúnaimh a leagtar amach in Airteagal 4 agus déanfar na straitéisí ábhartha náisiúnta a chur san áireamh go cuí iontu.
3. Áireofar leis na páipéir straitéise leithdháileadh táscach chistí an Aontais de réir réimse beartais, de réir mar is infheidhme, agus iad miondealaithe de réir bliana agus beifear in ann aghaidh a thabhairt leo ar riachtanais a bheidh ag teacht chun cinn, gan dochar don deis cúnamh a chur le chéile ó réimsí difriúla beartais. Áireofar ar na páipéir straitéise na táscairí le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ag féachaint do na spriocanna a leagfar amach iontu a bhaint amach.
4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme na bpáipéar straitéise agus ar a ábhartha aleanann siad de bheith i bhfianaise fhorbairt an chreata bheartais dá dtagraítear in Airteagal 4. Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1) ar an eolas maidir le torthaí an mheasúnaithe sin agus féadfaidh sé athbhreithnithe a mholadh i dtaca leis na páipéir stratéise dá dtagraítear san Airteagal seo agus/nó na cláir agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de réir mar is iomchuí. Déanfar athscrúdú ar na páipéir straitéise sin ag an meántéarma chomh maith agus déanfar iad a athbreithniú mar is iomchuí.
5. Glacfaidh an Coimisiún na páipéir straitéise dá dtagraítear san Airteagal seo agus aon athbhreithniú orthu i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.
TEIDEAL III
CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 7
Clársceidealú
1. Déanfar cúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo a chur chun feidhme go díreach, go hindíreach nó trí bhainistiú comhroinnte trí chláir agus trí bhearta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 agus i gcomhréir le rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le struchtúir bhainistithe agus nósanna imeachta bainistithe, a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo. Déanfar cur chun feidhme, de ghnáth, i bhfoirm clár bliantúil nó clár ilbhliantúil, ar cláir a bhainfidh go sonrach le tír faoi leith nó cláir iltíre iad, chomh maith le cláir chomhair thrasteorann, a bhunófar i gcomhréir leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6 agus a dhréachtóidh na tairbhithe faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus/nó ag an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí.
2. Maidir le haon chlársceidealú nó le haon athscrúdú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil Mheántéarma maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 (“an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú”) a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.
Airteagal 8
Comhaontuithe réime agus fo-chomhaontuithe
1. Déanfaidh an Coimisiún agus na tairbhithe faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn I comhaontuithe réime maidir le cur chun feidhme an chúnaimh a thabhairt i gcrích.
2. Féadfar fo-chomhaontuithe a bhaineann le cur chun feidhme an chúnaimh a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a údaráis chur chun feidhme, de réir mar is gá.
Airteagal 9
Forálacha trasionstraime
1. I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar incháilitheacht na gclár agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a leathnú chuig tíortha, críocha agus réigiúin nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 1, i gcás ina mbeidh an clár nó an beart a bheidh le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann.
2. Rannchuideoidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le cláir nó le bearta a bhunófar faoin Rialachán seo le haghaidh comhair thrasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó CFRE de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na ranníocaíochta sin.
3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR II rannchuidiú le cláir nó bearta maidir le comhar trasnáisiúnta nó idir-réigiúnach a bhunófar agus a chuirfear chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh.1299 /2013 agus ina nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirt.
4. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR II rannchuidiú le cláir chomhair thrasteorann nó le bearta comhair trasteorann a bhunófar agus a chuirfear chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 agus ina nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo páirt.
5. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR cur le cláir nó le bearta a thugtar isteach mar chuid de straitéis mhacrairéigiúnach agus ina mbeidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirteach.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 10
Cumhacht a tharmligean
Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Go háirithe, tar éis fhoilsiú na tuarascála meántéarma maidir le hathscrúdú, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh inti, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo faoin 31 Márta 2018.
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
1. Tugtar an chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2020.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 12
Rialacha breise cur chun feidhme a ghlacadh
I dteannta na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, glacfar rialacha sonracha lena mbunófar coinníollacha aonfhoirmeacha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.
Airteagal 13
Coiste
1. Bunófar Coiste um an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“Coiste ICR II”) ina mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus beidh sé faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.
2. Tabharfaidh Coiste IPA II cúnamh don Choimisiún i dtaca leis na réimsí beartais uile dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh Coiste ICR II inniúil freisin maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh 1085/2006 agus maidir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh 389/2006 a chur chun feidhme.
Airteagal 14
Luaíocht a thabhairt ar fheidhmíocht
1. Forálfar leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6 go leanfaidh méid iomchuí cúnaimh de bheith ar fáil chun luaíocht a thabhairt do thairbhí aonair a liostaítear in Iarscríbhinn I ar an méid seo a leanas:
(a) |
dul chun cinn sonrach chun critéir na ballraíochta a chomhlíonadh; agus/nó |
(b) |
cúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil trína mbainfear torthaí thar barr amach i leith spriocanna sonracha a leagfar síos sa pháipéar ábhartha straitéise. |
2. I gcás ina mbeidh an dul chun cinn a dhéanfar agus/nó na torthaí a bhainfidh tairbhí amach a liostaítear in Iarscríbhinn I fós go suntasach faoi bhun na leibhéal comhaontaithe a leagfar amach sna páipéir straitéiseacha, déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí a choigeartú go comhréireach, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.
3. Cuirfear méid iomchuí ar leataobh do na luaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus leithdháilfear é ar bhonn measúnaithe ar fheidhmíocht agus ar dhul chun cinn le linn roinnt bhlianta ach tráth nach déanaí ná in 2017 agus in 2020 faoi seach. Cuirfear na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), faoi mar a shonraítear iad sna páipéir straitéise, san áireamh.
4. Le leithdháileadh táscach chistí an Aontais sna páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfar an deis a d'fhéadfadh a bheith ann chun cistí breise lena mbaineann a leithdháileadh ar bhonn feidhmíochta agus/nó dul chun cinn a chur san áireamh.
Airteagal 15
An t-imchlúdach airgeadais
1. Is EUR 11 698 668 000 ag praghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020. Leithdháilfear suas le 4 % den imchlúdach airgeadais ar chláir chomhair thrasteorann idir na tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit, ar aon dul lena gcuid riachtanas agus tosaíochtaí.
2. Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse ó 2014 go 2020.
3. I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), déanfar méid táscach EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, eadhon an Ionstraim um Chomhar um Fhorbairt arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IEC arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ICR II agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí i leith soghluaisteachta foghlama go dtí tíortha neamh-Aontais agus ó na tíortha sin, agus ar chomhar agus ar idirphlé beartais le húdaráis, le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí sna tíortha sin. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.
Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla nach gcumhdóidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh an cistiú sin léirithe sa chlársceidealú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) IO C 11, 15.1.2013, lch. 77.
(2) IO C 391, 18.12.2012, lch 110.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR), (IO L 210, 31.7.2006, lch. 82).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (IO L 65, 7.3.2006, lch. 5).
(7) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).
(9) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013 lch. 884).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).
(11) Rialachán (AE) Uimh.1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha i ndáil le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).
(12) Rialachán (AE) Uimh.1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch.281).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).
(15) Rialachán (AE) Uimh.1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487)
(16) Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus +”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN I
— |
An Albáin |
— |
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin |
— |
An Íoslainn |
— |
An Chosaiv (1) |
— |
Montainéagró |
— |
An tSeirbia |
— |
An Tuirc |
— |
Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine |
(1) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
IARSCRÍBHINN II
Tosaíochtaí téamacha don chúnamh
Féadfaidh cúnamh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) |
Prionsabal an dea-riaracháin phoiblí agus an dea-rialachais a chomhlíonadh. Ba cheart go ndíreofaí le hidirghabhálacha sa réimse seo ar an méid seo a leanas: riarachán poiblí a neartú, lena n-áirítear an tseirbhís shibhialta a dhéanamh níos gairmiúla agus a dhípholaitiú, lena gcothófar prionsabail atá bunaithe ar fhiúntas agus lena n-áiritheofar nósanna imeachta sásúla riaracháin, feabhas a chur ar an gcumas chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a neartú agus tacú le dul chun cinn chun geilleagair mhargaidh atá ag feidhmiú agus atá níos iomaíche a bhaint amach, tacú le rannpháirtíocht i sásra iltaobhach an Aontais maidir le faireachas fioscach agus comhar córasach le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais i ndáil le bunghnéithe an bheartais eacnamaíoch mar aon le bainistiú poiblí airgeadais a neartú; |
(b) |
Feidhmiú ceart na n-institiúidí is gá a bhunú agus a chur chun cinn go luath chun an smacht reachta a chinntiú. Díreofar le hidirghabhálacha sa réimse seo ar an méid seo a leanas: córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a chur ar bun, lena n-áirítear córais maidir le hardú céime, le meastóireacht agus le hearcaíocht a bheidh trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra, lena áirithiú go mbunófar córais stóinsithe chun na teorainneacha a chosaint, sreabha imirce a bhainistiú agus tearmann a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sin uathu, uirlisí éifeachtacha a fhorbairt don chomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe; cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad — lena n-áirítear na Romaigh, mar aon le daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha — agus na saoirsí bunúsacha, mar aon le saoirse na meán. |
(c) |
An cumas atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chun líonrú a spreagadh i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus iadsan atá ag tairbhithe a liostaítear i Iarscríbhinn I ar gach leibhéal, le go mbeidís in ann bheith páirteach in idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha. |
(d) |
Infheistiochtaí in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Díreofar le hidirghabhálacha sa réimse seo ar an méid a leanas: rochtain chothrom ar oideachas luath-óige, ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas ar cháilíocht ard a chur chun cinn; fágáil luath na scoile a laghdú; córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chur in oiriúint d'éilimh mhargadh an tsaothair, caighdeán agus ábharthacht an ardoideachais a fheabhsú, rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar an oideachais agus na hoiliúna; go mór mór chun éagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus chun oideachas neamhscartha a chothú. |
(e) |
An fhostaíocht a chothú agus soghluaisteacht an luchta saothair a thacú. Díreofar le hidirghabhálacha sa réimse seo: ar dhaoine óga nach bhfuil i bhfostaíocht, in oideachas nó in oiliúint (NEET) a lánpháirtiú go hinbhuanaithe i margadh an tsaothair, lena n-áirítear trí bhearta lena spreagfar infheistíocht chun poist mhaithe a chruthú; ar thacú le daoine dífhostaithe a lánpháirtiú; agus ar rannpháirtíocht níos fearr a spreagadh i margadh an tsaothair do na grúpaí go léir atá faoi ghannionadaíocht. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann tacú le comhionannas inscne, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint don athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun mar aon le hinstitiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú. |
(f) |
Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Díreofar le hidirghabhálacha: ar lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh; ar chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar bhonn gnéis, bunaidh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonta ghnéasaigh; agus ar rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe ar ardchaighdeán a fheabhsú, amhail cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta don leas coiteann, lena n-áirítear trí chórais chosanta sóisialta a nuachóiriú. |
(g) |
Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scroigeanna tráchta a fhuascailt i bpríomh-bhonneagar líonraí; go háirithe infheistiú i dtionscadail a bhfuil ardbhreisluach Eorpach ag baint leo. Ba cheart na hinfheistíochtaí a shainaithneofar a chur in ord tosaíochta de réir an méid a chuidíonn siad leis an tsoghluaiseacht, leis an inbhuanaitheacht, le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, a ábhartha atá siad le naisc le Ballstáit, agus leis an gcomhleanúnachas leis an Limistéar Iompair Eorpach Aonair. |
(h) |
Timpeallacht na hearnála príobháidí a fheabhsú mar aon le hiomaíochas na bhfionta,r lena n-áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don lánpháirtiú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail a fheabhsaíonn an timpeallacht ghnó. |
(i) |
Taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú, go háirithe tríd an mbonneagar taighde a fheabhsú, timpeallacht cumasaithe a chothú agus líonrú agus comhar a chur chun cinn. |
(j) |
Cuidiú leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht maidir le soláthar an bhia agus córais fheirmeoireachta inmharthana agus éagsúla a choimeád ar bun i bpobail bheoga thuaithe agus amuigh faoin tuath. |
(k) |
Feabhas a chur ar an gcumas atá ag an earnáil agraibhia déileáil le brú iomaíochais agus le fórsaí an mhargaidh mar aon le bheith ag teacht de réir a chéile le rialacha agus le caighdeáin an Aontais, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á saothrú ag an am céanna maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe. |
(l) |
Caighdeán an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú, cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, an athléimneacht i gcoinne athrú aeráide a mhéadú agus rialachas agus faisnéis maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn. Cuirfear beartais chun cinn le maoiniú ICR II chun cabhrú leis an sprioc chun geilleagar ísealcharbóin, slán, inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a bhaint amach. |
(m) |
Athmhuintearas, bearta chun síocháin agus muinín a chothú a chur chun cinn. |
IARSCRÍBHINN III
Tosaíochtaí téamacha don chúnamh don chomhar críochach
Féadfaidh cúnamh don chomhar trasteorann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) |
an fhostaíocht a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha thar teorainneacha tríd an méid seo, inter alia: margaí trasteorann saothair a lánpháirtiú, lena n-áirítear soghluaisteacht thrasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; comhionannas inscne; comhdheiseanna; pobail na n-imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht i seirbhísí poiblí sláinte agus sóisialta; |
(b) |
an comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide a chur chun cinn, cosc ar rioscaí agus bainistíocht ar rioscaí, trí, inter alia, comhghníomhaíochtaí chun an comhshaol a chosaint; úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, éifeachtúlacht acmhainne, foinsí fuinnimh in-athnuaite agus an ghluaiseacht chun geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin slán a bhaint amach; infheistíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, teacht aniar ó thubaistí a áirithiú agus córais bainistithe tubaiste a fhorbairt agus a bheith ullamh i gcás éigeandála; |
(c) |
iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú trí, inter alia, imeallú a laghdú trí rochtain níos fearr ar líonraí agus ar sheirbhísí iompair, faisnéise agus cumarsáide agus infheistiú i gcórais agus i saoráidí trasteorann maidir le huisce, le dramhaíl, agus le fuinneamh; |
(d) |
an turasóireacht agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a spreagadh. |
(e) |
infheistiú san aos óg, san oideachas agus i scileanna trí, inter alia, comhoideachas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon le gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óg; |
(f) |
rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus pleanáil agus cumas riaracháin na n-údarás áitiúil agus na n-údarás réigiúnach a fheabhsú; |
(g) |
an iomaíochas, an timpeallacht ghnó agus forbairt na bhfiontar beag agus meánmhéide, an trádáil agus an infheistiú a fheabhsú trí, inter alia, fiontraíocht a chur chun cinn agus a thacú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus margaí áitiúla trasteorann a fhorbairt agus idirnáisiúnú; |
(h) |
an taighde a neartú, mar aon le forbairt teicneolaíochta, nuáil agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide trí, inter alia: roinnt na n-acmhainní daonna agus na saoráidí don taighde agus don fhorbairt teicneolaíochta a chur chun cinn. |
Féadfaidh cistiú ICR II rannpháirtíocht na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhaoiniú freisin, de réir mar is iomchuí, i gcláir thrasnáisiúnta agus idir-réigiúnacha faoin tacaíocht ó CEFR le sprioc an Chomhair Chríche Eorpaigh agus i gcláir trasteorann maidir le comhar faoi IEC. Sna cásanna sin, bunófar raon feidhme an chúnaimh i gcomhréir le creat rialála na hionstraime ábhartha (arb é CEFR nó IEC).
Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)
Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.
Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.
(1) Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.
(2) Nuair is infheidhme.
Comhdhearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le maoiniú clár cothrománach do mhionlaigh
Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach gur ceart pointe (ii) de phointe (a) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) a léirmhíniú amhail gur cheart a thuiscint as pointe (ii) go gceadaítear cláir a mhaoiniú atá dírithe ar an meas ar mhionlaigh agus an chosaint orthu a fheabhsú i gcomhréir le critéir Chóbanhávan, mar a bhí leagtha síos faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).
Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid gníomhartha cur chun feidhme chun forálacha maidir le cur chun feidhme rialacha áirithe a leagan síos i Rialachán Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)
Measann an Coimisiún Eorpach i dtaobh na rialacha maidir le cláir um chomhar trasteorann mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus rialacha cur chun feidhme sonracha eile níos mionsonraithe i Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), measann sé gurb é is aidhm leis na rialacha sin an bunghníomh a fhorlíonadh agus gur cheart dá bhrí sin gur gníomhartha tarmligthe iad le glacadh ar bhonn Airteagal 290 den CFAE. Ní chuirfidh an Coimisiún Eorpach in aghaidh ghlacadh an téacs mar atá comhaontaithe ag na comhreachtóirí. Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach, áfach, go bhfuil ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE á scrúdú faoi láthair ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás na “mbithicídí”.
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí
Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire i dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) nach bhfuil aon tagairt shainráite don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh i gcásanna nach gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.
Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na Tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)
Tugann Parlaimint na hEorpa dá aire go n-úsáidtear an téarma “na tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I” síos tríd an téacs de Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II). Measann Parlaimint na hEorpa go mbaineann an téarma sin le tíortha.