Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1286

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE

OJ L 347, 20.12.2013, p. 25–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1286/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1286/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 197 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chuir an clár gníomhaíochta ilbhliantúil um chánachas a bhí i bhfeidhm roimh 2014 go suntasach le héascú agus le feabhsú comhair idir údaráis chánach laistigh den Aontas agus tá feabhas mór curtha aige ar an gcomhar sin. D'aithin riaracháin chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach an chláir sin lena n-áirítear cosaint leasanna airgeadais na mBallstát, an Aontais agus na gcáiníocóirí. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá aitheanta don deich mbliana amach anseo mura mbreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin nó mura dtéann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe. Le clár Fiscalis, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit ina féidir na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, agus atá níos costéifeachtaí ná gach Ballstát a bheith ag bunú creataí comhair aonair ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den clár seo trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna.

(2)

Tá an clár a bunaíodh faoin Rialachán seo, "Fiscalis 2020", agus a rath ríthábhachtach sa staid eacnamaíoch reatha agus ba cheart dó comhar i gcúrsaí fioscacha a thacú.

(3)

Táthar ag súil leis go rannchuideoidh na gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020, eadhon na córais Eorpacha faisnéise mar a shainítear sa Rialachán seo (Córais Eorpacha Faisnéise), na gníomhaíochtaí comhpháirteacha d'oifigigh údarás cánach agus na comhthionscnaimh oiliúna, le réadú na Straitéise Eoraip 2020 i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh trí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú, trí chreat a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear cumas riaracháin na n-údarás cánach agus dul chun cinn teicniúil agus nuálaíocht theicniúil a chur ar aghaidh. Agus creat á chur ar fáil do ghníomhaíochtaí lena ndéantar iarracht údaráis chánach níos éifeachtúla a bheith ann, lena neartaítear iomaíochas gnóthaí, lena gcuirtear chun cinn fostaíocht agus lena gcuirtear le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha na mBallstát an Aontais agus na gcáiníocóirí a chosaint, déanfaidh Fiscalis 2020 feidhmiú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach a neartú ar bhealach gníomhach, agus ag an am céanna cuirfear leis na bacainní agus na saofa atá sa mhargadh inmheánach cheana a dhíothú de réir a chéile.

(4)

Ba cheart raon feidhme Fiscalis 2020 a thabhairt i gcomhréir leis na riachtanais reatha atá ann ionas go ndíreodh sé ar na cánacha uile a chomhchuibhítear ar leibhéal an Aontais agus ar chánacha eile a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit.

(5)

D'fhonn tacú le próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart go mbeadh Fiscalis 2020 oscailte do thíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa má chomhlíontar coinníollacha áirithe agus mura dtacaíonn rannpháirtíocht na dtíortha sin ach leis na gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020, ar gníomhaíochtaí iad arb é an cuspóir atá leo comhrac a dhéanamh i gcoinne calaoise cánach agus imghabhála cánach, agus aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach chánach. Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla den gheilleagar domhanda ag éirí níos idirnasctha, ba cheart go leanfar le Fiscalis 2020 d'fhoráil a dhéanamh maidir le cuireadh a thabhairt do shaineolaithe gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020 a fheabhsú. Níor cheart a iarraidh ar shaineolaithe seachtracha, amhail ionadaithe d'údaráis rialtasacha, oibreoirí eacnamaíocha agus a n-eagraíochtaí nó ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith páirteach ach amháin má mheastar go bhfuil a rannchuidiú riachtanach chun cuspóirí Fiscalis 2020 a bhaint amach.

(6)

Cuirtear san áireamh i gcuspóirí agus tosaíochtaí Fiscalis 2020 na fadhbanna agus na dúshláin atá sainaitheanta don chánachas sna deich mbliana amach romhainn. Ba cheart go mbeadh ról i gcónaí ag Fiscalis 2020 i réimsí tábhachtacha amhail dlí an Aontais a chur chun feidhme go comhleanúnach i réimse an chánachais, chun malartú faisnéise a áirithiú, comhar riarachán a thacú agus inniúlacht riaracháin na n-údarás cánach a fheabhsú. I bhfianaise na gcineálacha fadhbanna a bhaineann leis na dúshláin nua a sainaithníodh, ba cheart béim bhreise a chur ar thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach. Ba cheart go gcuirfí béim freisin ar an ualach riaracháin a laghdú d'údaráis chánach agus ar na costais chomhlíonta a laghdú do cháiníocóirí agus ar chásanna cánachais dhúbailte a chosc.

(7)

Ar an leibhéal oibríochtúil, ba cheart do Fiscalis 2020 Córais Eorpacha Faisnéise agus gníomhaíochtaí comhair riaracháin a chur chun feidhme, a oibriú agus a thacú, ba cheart dó scileanna agus inniúlachtaí na n-oifigeach cánach a threisiú, tuiscint agus cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le réimse an chánachais a thacú agus feabhsú nósanna imeachta riaracháin agus roinnt agus scaipeadh dea-chleachtas riaracháin a éascú. Ba cheart go ndéanfaí na cuspóirí sin a shaothrú agus béim á cur ar thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach.

(8)

Ba cheart uirlisí an chláir a bhí infheidhme roimh Fiscalis 2020 a fhorlíonadh má táthar chun freagairt go cuí do na dúshláin a bheidh os comhair na n-údarás cánach amach as seo go ceann deich mbliana agus má táthar chun fanacht ar aon dul le forbairtí i ndlí an Aontais. Ba cheart do Fiscalis 2020 na nithe seo a leanas a chumhdach: rialuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus cineálacha eile comhair riaracháin mar a bhunaítear i ndlí ábhartha an Aontais maidir le comhar riaracháin; foirne saineolaithe; gníomhaíochtaí chun acmhainn riaracháin phoiblí a fhorbairt lena gcuirfear oiliúint shonrach speisialaithe ar fáil i réimse an chánachais do na Ballstáit sin ina bhfuil cúinsí eisceachtúla ar leith a thugann údar do ghníomhaíochtaí spriocdhírithe den sórt sin; agus i gcás inarb iomchuí, staidéir agus comhghníomhaíochtaí cumarsáide chun tacú le dlí an Aontais i réimse an chánachais a chur chun feidhme.

(9)

Tá ról sár-riachtanach ag na Córais Eorpacha Faisnéise ó thaobh údaráis chánach a idirnascadh agus leis sin ó thaobh na córais chánachais laistigh den Aontas a neartú agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith á maoiniú agus á bhfeabhsú faoi Fiscalis 2020. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí córais faisnéise nua a bhaineann le cúrsaí cánach agus a bhunaítear faoi dhlí an Aontais a chur le Fiscalis 2020. Ba cheart Córais Eorpacha Faisnéise, nuair is iomchuí, a bheith bunaithe ar shamhlacha forbraíochta comhroinnte agus ar struchtúir chomhroinnte TF.

(10)

I gcomhthéacs feabhas a chur ar chomhar riaracháin i gcoitinne agus an comhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach a thacú, d'fhéadfadh sé go bhfónfadh sé don Aontas comhaontuithe a chur i gcrích le tríú tíortha, ionas go bhféadfadh na tíortha sin leas a bhaint as comhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise chun tacú le malartú slán faisnéise idir iad féin agus na Ballstát faoi chuimsiú na gcomhaontuithe déthaobhacha cánach.

(11)

Ba cheart comhghníomhaíochtaí oiliúna a chur i gcrích freisin faoi Fiscalis 2020. Ba cheart do Fiscalis 2020 tacú i gcónaí le tíortha rannpháirteacha scileanna gairmiúla agus eolas a bhaineann le cúrsaí cánachais a threisiú trí ábhar feabhsaithe oiliúna a forbraíodh go comhpháirteach, a bheidh dírithe ar oifigigh chánach agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Chun na críche sin, ba cheart clár tacaíochta ilghnéitheach i leith oiliúna don Aontas a fhorbairt as comhchur chuige reatha oiliúna Fiscalis 2020, ar comhchur chuige é a bhí bunaithe den chuid is mó ar ríomhfhoghlaim lárnach a fhorbairt.

(12)

Ba cheart do Fiscalis 2020 tréimhse seacht mbliana a chumhdach chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (2).

(13)

Leagan an Rialachán seo síos clúdach airgeadais ó thús deireadh Fiscalis 2020 a bheidh ina mhéid príomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (3), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(14)

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin, a leagtar amach ina Theachtaireacht maidir le hAthbhreithniú Buiséid 2010, chun cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más rud é go saothraíonn na gníomhaíochtaí a bheartaítear faoi Fiscalis 2020 cuspóirí is coiteann d'ionstraimí maoiniúcháin éagsúla, gan mhaoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach.

(15)

Ba cheart na bearta is gá chun gnéithe airgeadais an Rialacháin seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5).

(16)

Ba cheart gurb ar thíortha rannpháirteacha a thitfidh costas eilimintí náisiúnta Fiscalis 2020 lena n-áireofaí, inter alia, comhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad sna Córais Eorpacha Faisnéise, agus aon oiliúint eile nach cuid de chomhthionscnaimh oiliúna í.

(17)

Agus a thábhachtaí atá rannpháirtíocht iomlán na dtíortha rannpháirteacha sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha á cur san áireamh, d'fhéadfadh ráta cómhaoinithe de 100 % de na costais incháilithe i ndáil le costais taistil agus chóiríochta a bheith ann i gcás inar gá sin chun cuspóirí Fiscalis 2020 a bhaint amach ina n-iomláine, ar costais iad atá nasctha le heagrú imeachtaí agus liúntas laethúil.

(18)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis a chur i bhfeidhm.

(19)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir oibre bhliantúla a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár ilbhliantúil a bhunú chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach go leordhóthanach toisc nach féidir leo an comhar agus an comhordú is gá a dhéanamh go héifeachtúil chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(21)

Ba cheart do Choiste Fiscalis 2020 cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun Fiscalis 2020 a chur chun feidhme.

(22)

Chun an mheastóireacht ar Fiscalis 2020 a éascú, ba cheart go mbunófaí creat iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach le Fiscalis 2020 ón tús. Ba cheart don Choimisiún, in éineacht le tíortha rannpháirteacha, táscairí inathraithe a bhunú agus bunlínte réamh-shainmhínithe a shocrú chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020. Ba cheart go ndéanfaí meastóireacht mheántéarma ar bhaint amach chuspóirí Fiscalis 2020, ar a éifeachtúlacht agus a bhreisluach ar an leibhéal Eorpach. Sa bhreis air sin, ba cheart go ndéileálfaí le tionchar fadtéarmach agus le héifeachtaí inbhuanaitheachta Fiscalis 2020 i meastóireacht chríochnaitheach. Ba cheart go n-áiritheofaí trédhearcacht iomlán le tuairisciú rialta maidir le faireachán agus le tuarascálacha meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(23)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), rialaítear an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann na húdaráis inniúla de réir na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún a bheith de réir na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(24)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad Chinneadh Uimh. 1482/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear clár gníomhaíochta ilbhliantúil "Fiscalis 2020" ("an clár") leis seo chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach agus chun tacú le comhar i ndáil leis sin.

2.   Cumhdóidh an clár an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "údaráis chánach" na húdaráis phoiblí agus na comhlachtaí eile sna tíortha rannpháirteacha atá freagrach as cánachas a riar nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin.

(2)

ciallaíonn "saineolaithe seachtracha":

(a)

ionadaithe de chuid údarás rialtasach, lena n-áirítear na hionadaithe sin ó thíortha nach bhfuil rannpháirteach sa chlár de bhun Airteagal 3(2);

(b)

oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

ionadaithe de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile;

(3)

ciallaíonn "cánachas" an méid seo a leanas:

(a)

cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (10);

(b)

dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE ón gComhairle (11);

(c)

dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE ón gComhairle (12);

(d)

cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle (13).

(e)

cánacha eile a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2010/24/AE ón gComhairle (14) a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit;

(4)

ciallaíonn "rialuithe déthaobhacha nó iltaobhacha" an tseiceáil chomhordaithe ar dhliteanas cánach duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann, a eagraíonn dhá thír rannpháirteacha nó níos mó a bhfuil comhleasanna nó leasanna comhlántacha acu, agus a mbeidh ar a laghad dhá Bhallstát ina measc.

Airteagal 3

Rannpháirtíocht sa chlár

1.   Is na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 na tíortha rannpháirteacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin.

2.   Féadfaidh aon cheann de na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa chlár:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha atá ag tairbhiú de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat-chomhaontuithe lena mbaineann, sna cinntí lena mbaineann ó Chomhairle Chomhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla.

(b)

tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil leibhéal leordhóthanach comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais.

Beidh na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír rannpháirteach sa chlár i gcomhréir leis na forálacha a chinnfear leis na tíortha sin tar éis creat-chomhaontuithe a bhunú maidir lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais. Le rannpháirtíocht na dtíortha sin, ní thacófar ach le gníomhaíochtaí faoin gclár ar gníomhachtaí iad arb é an cuspóir atá leo calaois chánach agus imghabháil chánach a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach chánach.

Airteagal 4

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoin gclár

Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe a reáchtálfar faoin gclár aon uair atá sé sin riachtanach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a bhaint amach. Roghnóidh an Coimisiún, in éineacht leis na tíortha rannpháirteacha, na saineolaithe seachtracha bunaithe ar na scileanna, an taithí agus an fhaisnéis atá acu atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha, agus aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann á cur san áireamh, agus cothromaíocht idir ionadaithe gnó agus saineolaithe eile na sochaí sibhialta á dearbhú. Foilsítear liosta saineolaithe seachtracha roghnaithe agus déantar é a nuashonrú go rialta.

Airteagal 5

An cuspóir foriomlán agus an cuspóir sonrach

1.   Is é an cuspóir foriomlán a bheidh ag an gclár ná feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcóras cánachas sa mhargadh inmheánach tríd an gcomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n-údaráis chánach agus a n-oifigigh a fheabhsú.

2.   Is é an cuspóir sonrach a bheidh ag an gclár ná tacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach agus dlí an Aontais a chur chun feidhme i réimse an chánachais trí mhalartú faisnéise a áirithiú, trí thacú le comhar riaracháin agus, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, trí inniúlacht riaracháin na dtíortha rannpháirteacha a fheabhsú, d'fhonn cuidiú leis an ualach riaracháin ar na húdaráis chánach agus costais chomhlíonta do cháiníocóirí a laghdú.

3.   Tomhaisfear a mhéid a mbainfear na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, go háirithe, ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

infhaighteacht an chomhlíonra cumarsáide le haghaidh na gCóras Eorpach Faisnéise agus rochtain iomlán air;

(b)

an t-aiseolas ó thíortha rannpháirteacha maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí faoin gclár.

Airteagal 6

Cuspóirí oibríochtúla agus tosaíochtaí an chláir

1.   Is iad seo a leanas a bheidh mar chuspóirí oibríochtúla agus tosaíochtaí an chláir:

(a)

na Córais Eorpacha Faisnéise le haghaidh cánachais a chur chun feidhme, a fheabhsú, a oibriú agus tacú leis na córais sin;

(b)

tacú leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar riaracháin;

(c)

scileanna agus inniúlachtaí oifigeach cánach a atreisiú;

(d)

tuiscint agus cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le réimse an chánachais a fheabhsú;

(e)

tacú le feabhas a chur ar nósanna imeachta riaracháin agus roinnt dea-chleachtas riaracháin.

2.   Déanfar na cuspóirí agus na tosaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shaothrú agus béim ar leith á cur ar thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach.

CAIBIDIL II

Gníomhaíochtaí incháilithe

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Soláthróidh an clár, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14, tacaíocht airgeadais don méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha:

(i)

seimineáir agus ceardlanna;

(ii)

grúpaí tionscadal, comhdhéanta go ginearálta de líon teoranta tíortha, a bheidh ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, a shaothrú;

(iii)

rialuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus gníomhaíochtaí eile dá bhforáiltear i ndlí an Aontais maidir le comhar riaracháin, a eagraíonn dhá thír rannpháirteacha nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad.

(iv)

turais oibre arna reáchtáil ag na tíortha rannpháirteacha nó ag tír eile chun cur ar a gcumas d'oifigigh a gcuid saineolais nó tuisceana ar chúrsaí cánach a fháil, nó chun an saineolas nó an tuiscint sin a leathnú;

(v)

foirne saineolaithe, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a gcuid saineolais chun tascanna a chur i gcrích i réimsí sonracha, go háirithe sna Córais Eorpacha Faisnéise, agus a bhfuil, b'fhéidir, seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thacaíocht leo;

(vi)

forbairt ar acmhainní riarachán poiblí agus gníomhaíochtaí chun tacú leis sin;

(vii)

staidéir;

(viii)

tionscadail chumarsáide;

(ix)

aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí foriomlána, sonracha agus oibríochtúla agus leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an ngá le gníomhaíocht eile den chineál sin.

(b)

Córais Eorpacha Faisnéise a thógáil: forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar chomhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise a leagtar amach i bpointe A den Iarscríbhinn agus ar Chórais Eorpacha Faisnéise nua arna mbunú faoi dhlí an Aontais, d'fhonn údaráis chánach a idirnascadh go héifeachtúil;

(c)

comhghníomhaíochtaí oiliúna: gníomhaíochtaí oiliúna a forbraíodh go comhpháirteach chun tacú leis na scileanna gairmiúla riachtanacha agus don eolas riachtanach maidir le cúrsaí cánachais.

Ní bheidh na turais oibre dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) den chéad fhomhír níos faide ná mí amháin. I gcás turas oibre arna reáchtáil laistigh de thríú tíortha, ní bheidh incháilithe faoin gclár ach costais taistil agus chothaithe (lóistín agus liúntas laethúil).

Déanfaidh an Coimisiún na foirne saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) den chéad fhomhír a eagrú i gcomhar le tíortha rannpháirteacha. agus ní bheidh siad ar bun níos faide na bliain amháin, mura mbeidh údar cuí leis sin.

2.   Leithdháilfear na hacmhainní do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhealach cothrom, agus i gcomhréir le fíor-riachtanais na ngníomhaíochtaí sin.

3.   Agus meastóireacht á déanamh ar an gclár, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an ngá le huasteorainneacha buiséadacha a thabhairt isteach do na gníomhaíochtaí incháilithe éagsúla.

Airteagal 8

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.   Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1).

2.   Áiritheoidh tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil an phróifíl iomchuí agus na cáilíochtaí iomchuí acu, lena n-áirítear scileanna teanga, a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

3.   Déanfaidh tíortha rannpháirteacha, i gcás inarb iomchuí, na bearta is gá chun cur leis an bhfeasacht faoi na gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus lena áirithiú go mbainfear úsáid as na haschuir a ghintear.

Airteagal 9

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir leis na Córais Eorpacha Faisnéise

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha go ndéanfar na córais Eorpacha faisnéise dá dtagraítear i bpointe A den Iarscríbhinn a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil mar is iomchuí.

2.   I gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, comhordóidh an Coimisiún na gnéithe sin a bhaineann le bunú agus le feidhmiú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais, agus na gcomhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad, de na Córais Eorpacha Faisnéise dá dtagraítear i bpointe A den Iarscríbhinn, a bhfuil gá leo d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhais orthu go leanúnach.

3.   Beidh úsáid chomhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise dá dtagraítear i bpointe A den Iarscríbhinn ag tíortha neamh-rannpháirteacha faoi réir comhaontuithe leis na tíortha sin a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le comhghníomhaíochtaí oiliúna

1.   Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i gcomhghníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1).

2.   Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil próifíl iomchuí agus cáilíochtaí oiriúnacha acu, lena n-áirítear scileanna teangan, a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna comhghníomhaíochtaí oiliúna.

3.   Nuair is iomchuí, déanfaidh tíortha rannpháirteacha ábhar oiliúna a forbraíodh go comhpháirteach a chomhtháthú ina gcuid clár oiliúna náisiúnta, lena n-áirítear modúil ríomhfhoghlama, cláir oiliúna agus caighdeáin oiliúna ar comhaontaíodh i gcomhpháirt fúthu.

CAIBIDIL III

Creat airgeadais

Airteagal 11

Creat airgeadais

1.   Is é EUR 223 366 000 i bpraghsanna reatha an clúdach airgeadais chun an clár a chur chun feidhme.

2.   Sa leithdháileadh airgeadais don chlár féadfar a chumhdach freisin speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, seiceála, iniúchta agus meastóireachta atá de dhíth ar bhonn rialta chun an clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar fhaisnéis a phróiseáil agus a mhalartú, mar aon leis na speansais cúnaimh theicniúil agus riaracháin uile eile arna dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistíocht an chláir.

Ní rachaidh, de ghnáth, an chuid sin de chostas foriomlán an Chláir a chaitear ar chúrsaí riaracháin thar 5 %.

Airteagal 12

Cineálacha idirghabhála

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Beidh tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 7 sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

aisíocaíocht costas arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Is é a bheidh sa ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas le 100 % de na costais incháilithe i gcás inar costais taistil agus chóiríochta, costais atá nasctha le himeachtaí agus liúntais laethúla iad na costais sin.

Beidh feidhm ag an ráta sin maidir le gach gníomhaíocht incháilithe cé is moite d'fhoirne saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (a)(v) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1). Sonrófar sna cláir oibre bhliantúla an ráta cómhaoinithe is infheidhme d'fhoirne saineolaithe nuair a éileoidh na gníomhaíochtaí sin go mbronnfar deontais.

4.   Déanfar comhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise a mhaoiniú ag an gclár. Titfidh na costais a ghabhann le fáil, forbairt, suiteáil, cothabháil agus oibriú laethúil na gcomhpháirteanna neamh-Aontais sna Córais Eorpacha Faisnéise, ar na tíortha rannpháirteacha ach go háirithe.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, i gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair araon, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maidir le maoiniú faoin Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

Cumhachtaí cur chun feidhme

Airteagal 14

Clár oibre

Chun an clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomharthaí cur chun feidhme, cláir oibre bhliantúla, ina leagfar amach na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus a méid iomlán. Beidh iontu freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, léiriú ar an tsuim arna leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, áireofar sna cláir oibre bhliantúla na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta riachtanacha agus an t-uasráta cómhaoinithe. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin bunaithe ar na torthaí a fuarthas i mblianta roimhe sin agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 15

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 16

Faireachán ar ghníomhaíochtaí faoin gclár

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, faireachán ar an gclár agus ar ghníomhaíochtaí faoin gclár.

2.   Bunóidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus, i gcás inar gá, cuirfidh siad táscairí nua leo le linn an chláir. Úsáidfear na táscairí chun éifeachtaí an chláir i gcoinne bunlínte réamh-shainmhínithe a thomhas.

3.   Cuirfidh an Coimisiún toradh an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1 agus na táscairí dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go poiblí.

4.   Úsáidfear toradh an fhaireacháin chun an mheastóireacht a dhéanamh ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 17.

Airteagal 17

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta mheántéarma agus tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Déanfar torthaí na meastóireachtaí sin a chomhtháthú i gcinntí maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fheadfaí a dhéanamh ar an gclár i dtréimhsí ina dhiaidh sin Is meastóir seachtrach neamhspleách a dhéanfaidh na meastóireachtaí sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2018, tuarascáil mheastóireachta mheántéarma a tharraingt suas faoi bhaint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí faoin gclár, faoi éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus faoin mbreisluach a bhaineann leis ar an leibhéal Eorpach maidir leis an gclár. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil sin freisin ar shimpliú agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí, agus ar rannchuidiú an chláir le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2021, tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a tharraingt suas faoi na hábhair dá dtagraítear i mír 2 agus faoin iarmhairt fhadtéarmach agus faoi inbhuanaitheacht éifeachtaí an chláir.

4.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh na tíortha rannpháirteacha, na sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha atá ar fáil dó chun rannchuidiú lena thuarascálacha meántéarma agus críochnaitheacha.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 18

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoin gCinneadh sin de bheith faoina réir go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 48 agus IO C 11, 15.1.2013, lch 84.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  IO C 37, 20.12.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme do bhuiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena mbunaítear clár Comhphobail chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach (Fiscalis 2013) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2235/2002/CE (IO L 330, 15.12.2007, lch. 1).

(10)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(11)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dhleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(12)  Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).

(13)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 ag athstruchtúrú an chreata Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(14)  Treoir 2010/24/AE an 16 Márta 2010 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú.(IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile ((IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

CÓRAIS EORPACHA FAISNÉISE AGUS A gCOMHPHÁIRTEANNA AONTAIS

A.

Is iad seo a leanas na córais Eorpacha faisnéise:

(1)

an comhlíonra cumarsáide / comhéadan coiteann na gcóras (CCN/CSI – CCN2), CCN mail3, an droichead CSI, an droichead http, CCN LDAP agus uirlisí gaolmhara, tairseach gréasáin CCN, faireachán CCN;

(2)

córais chúltaca, go háirithe an uirlis chumraíochta feidhmchláir do CCN, an uirlis tuairiscithe gníomhaíochta (ART2), bainistíocht leictreonach Taxud na dtionscadal ar líne (TEMPO), uirlis bhainistíochta seirbhíse (SMT), an córas bainistíochta úsáideoirí (UM), córas BPM, an deais infhaighteachta agus AvDB, tairseach do bhainistíocht seirbhíse TF, bainistíocht eolairí agus rochtana úsáideoirí;

(3)

spás faisnéise agus cumarsáide na gClár (PICS);

(4)

na córais a bhaineann le CBL, go háirithe an córas malartaithe faisnéise CBL (VIES) agus an aisíocaíocht CBL, lena n-áirítear feidhmchlár tosaigh VIES, uirlis faireacháin VIES, an córas staidrimh um Chánachas, VIES-ar-líne, uirlis chumraíochta VIES-ar-líne, uirlisí tástála aisíocaíochta VIES agus CBL, algartaim uimhreacha CBL, malartú ríomh-fhoirmeacha CBL, CBL ar ríomh-sheirbhísí(VoeS); uirlis tástála VoeS, uirlis tástála ríomh-fhoirmeacha CBL, mion-ionad ilfhreastail (MoSS);

(5)

córais a bhaineann le haisghabháil, go háirithe ríomh-fhoirmeacha um aisghabháil éileamh, ríomh-fhoirmeacha um ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú (UIPE) agus d'fhoirm aonfhoirmeach um fhógra (UNF);

(6)

córais a bhaineann le cánachas díreach, go háirithe cánachas ar chórais choigiltis, uirlis tástála maidir le cánachas ar choigiltis, ríomh-fhoirmeacha um chánachas díreach, uimhir aitheantais chánach TIN-ar-líne, na malartuithe a bhaineann le hAirteagal 8 de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (1) agus uirlisí tástála bainteacha;

(7)

córais eile a bhaineann le cánachas, go háirithe, an bunachar sonraí 'Cánacha san Eoraip' (TEDB);

(8)

na córais mháil, go háirithe an córas um mhalartú sonraí máil (SEED), an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS), ríomh-fhoirmeacha MVS, feidhmchlár tástála (TA);

(9)

lárchórais eile, go háirithe, córas Cánachais Cumarsáide agus Faisnéise na mBallstát (TIC), an córas tástála féinseirbhíse (SSTS), córas staidrimh a bhaineann le cánachas, an feidhmchlár lárnach um fhoirmeacha gréasáin, an córas seirbhísí lárnacha / faisnéise bainistíochta um Mhál (CS/MISE).

B.

Is iad comhpháirteanna Aontais na gCóras Eorpach Faisnéise:

(1)

sócmhainní TF amhail crua-earraí, bogearraí agus naisc líonra na gcóras, lena n-áirítear an bonneagar sonraí gaolmhar;

(2)

seirbhísí TF is gá chun tacú leis na córais a fhorbairt, a chothabháil, a fheabhsú agus a oibriú; agus

(3)

aon eilimintí eile atá, ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe, sainaitheanta ag an gCoimisiún mar comheilimintí ag na tíortha rannpháirteacha.


(1)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).


Top