Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0098

Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 39, 9.2.2013, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 13 Volume 065 P. 252 - 262

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/98/oj

9.2.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 98/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is réamhtheachtaithe pléascán substaintí nó meascáin áirithe agus is féidir úsáid a bhaint astu chun pléascáin a mhonarú go haindleathach. I bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Pléascán a Fheabhsú a ghlac an Chomhairle an 18 Aibreán 2008, iarradh ar an gCoimisiún buanchoiste um réamhtheachtaithe a bhunú chun bearta a bhreithniú agus moltaí a ullmhú i ndáil le rialáil na réamhtheachtaithe pléascán atá ar fáil ar an margadh, agus a n-éifeachtaí costais is tairbhe á gcur san áireamh.

(2)

Shainaithin an Buanchoiste um Réamhtheachtaithe, buanchoiste a bhunaigh an Coimisiún in 2008, réamhtheachtaithe pléascán éagsúla ar dóigh go n-úsáidfí iad chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus mhol sé gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

(3)

Tá dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin glactha cheana féin ag roinnt Ballstát maidir le réamhtheachtaithe pléascán áirithe a chur ar an margadh, a chur ar fáil agus seilbh a bheith orthu.

(4)

Maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin sin, ar nithe iad atá éagsúil óna chéile agus ar dóigh dóibh bheith ina mbacainní ar thrádáil laistigh den Aontas, ba cheart iad a chomhchuibhiú d’fhonn saorghluaiseacht substaintí ceimiceacha agus meascán ceimiceach laistigh den mhargadh inmheánach a fheabhsú, d’fhonn aon saobhadh ar an iomaíocht a bhaint, a mhéid is féidir, agus ardleibhéal cosanta á áirithiú le haghaidh shábháilteacht an phobail i gcoitinne ag an am céanna. Ina theannta sin, táthar tar éis rialacha eile a leagan síos a bhaineann le substaintí áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le sábháilteacht na n-oibrithe agus le cosaint an chomhshaoil, ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do na rialacha eile sin.

(5)

D’fhonn an leibhéal aonfhoirmeachta is airde a áirithiú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, is rialachán an ionstraim dlí is oiriúnaí chun margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán a rialáil.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (3), foráiltear go bhfuiltear chun substaintí agus meascáin a dhéantar a aicmiú mar shubstaintí guaiseacha nó mar mheascáin ghuaiseacha a lipéadú mar is ceart sula gcuirfear ar an margadh iad. Foráiltear leis freisin go bhfuil oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear miondíoltóirí, chun substaintí den sórt sin a aicmiú agus a lipéadú nó go bhfuil siad chun brath ar an aicmiú a chumfaidh gníomhaí atá rompu sa slabhra soláthair. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh sa Rialachán seo, maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad, lena n-áirítear miondíoltóirí, a bhfuil sé beartaithe acu substaintí atá teoranta leis an Rialachán seo a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, go bhfuiltear chun a áirithiú go léirítear ar an bpacáistiú go bhfuil fáil, seilbh nó úsáid na substainte sin nó an mheascáin sin ag daoine den phobal faoi réir srian.

(7)

D’fhonn cosaint a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta i gcoinne úsáid haindleathach na réamhtheachtaithe pléascán, ar cosaint í a bheadh coibhéiseach leis an leibhéal atá beartaithe a bhaint amach leis an Rialachán seo ar leibhéal an Aontais, nó ar leibhéal is airde ná sin é, tá dlíthe, rialacháin nó bearta riaracháin i bhfeidhm cheana féin i roinnt Ballstát i ndáil le roinnt substaintí ar dóigh go n-úsáidfí go haindleathach iad. Tá cuid de na substaintí sin liostaithe sa Rialachán seo cheana féin agus d’fhéadfadh sé go mbeadh srian ar chuid eile acu ar leibhéal an Aontais amach anseo. Toisc go mbeadh sé contrártha d’aidhmeanna an Rialacháin seo dá ndéanfaí an chosaint a laghdú trí bhearta ar leibhéal an Aontais, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le sásra trína bhféadfadh bearta náisiúnta den sórt sin fanacht i bhfeidhm (clásal cosanta).

(8)

Ba cheart go ndéanfaí níos deacra é pléascáin bhaile a mhonarú go haindleathach trí bhíthin luachanna teorann tiúchana a leagan síos le haghaidh réamhtheachtaithe pléascán áirithe ar féidir iad a mheas mar réamhtheachtaithe pléascán. Faoi bhun na luachanna teorann sin, áirithítear an tsaorchúrsaíocht faoi réir sásra cosanta; os cionn na luachanna teorann sin, ba cheart rochtain an phobail i gcoitinne ar na réamhtheachtaithe pléascán sin a shrianadh.

(9)

Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh daoine den phobal i gcoitinne in ann na réamhtheachtaithe pléascán a fháil, a thabhairt isteach, a bheith ina seilbh acu ná a úsáid, ag tiúchaintí atá os cionn na luachanna teorann. Is iomchuí, áfach, a fhoráil go bhféadfaidh daoine den phobal i gcoitinne réamhtheachtaithe pléascán den sórt sin a fháil, a thabhairt isteach, a bheith ina seilbh acu nó a úsáid, chun críocha dlisteanacha, más rud é go bhfuil ceadúnas acu chun déanamh amhlaidh, agus sa chás sin amháin.

(10)

Ina theannta sin, ó tharla go bhfuil córais chlárúcháin atá sean-bhunaithe ag roinnt Ballstát cheana féin, ar córais iad a úsáidtear chun roinnt de na substaintí, nó iad go léir, atá srianta leis an Rialachán seo, ar substaintí iad nach bhfuiltear le cur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne a rialú maidir lena gcur ar fáil ar an margadh, is iomchuí a fhoráil sa Rialachán seo do chóras clárúcháin a bheadh infheidhme maidir le roinnt de na substaintí sin nó maidir leo go léir.

(11)

Baineann daoine den phobal i gcoitinne leas go forleathan as sárocsaíd hidrigine, as nítrimeatán agus as aigéad nítreach chun críocha dlisteanacha. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfadh na Ballstáit a fhoráil do rochtain ar na substaintí sin faoi chuimsiú raon sonraithe tiúchaintí trí chóras clárúcháin a chur i bhfeidhm faoin Rialachán seo seachas faoi chóras ceadúnúcháin.

(12)

Ós ábhar an-sonrach atá sa Rialachán seo, féadtar a chuspóir a bhaint amach, fad a dhéanfar, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, solúbthacht a thabhairt fós do na Ballstáit a chinneadh an ndeonóidh siad rochtain theoranta i gcomhréir leis an Rialachán seo do dhaoine den phobal i gcoitinne.

(13)

D’fhonn cuspóirí dlisteanacha na slándála poiblí a chur ar aghaidh agus a áirithiú fós nach ndéanfar ach an saobhadh is lú is féidir ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le córas ceadúnúcháin ar i gcomhréir leis an gcóras sin a bheadh duine den phobal i gcoitinne, a gheobhadh substaint atá srianta leis an Rialachán seo, ar substaint í nach bhfuiltear chun a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne, nó meascán nó substaint ina bhfuil an tsubstaint sin, i dtiúchan atá os cionn an luacha teorann, in ann an tsubstaint a thabhairt isteach ó Bhallstát eile nó ó thríú tír go Ballstát a cheadaíonn rochtain ar an tsubstaint sin i gcomhréir le haon cheann de na córais dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(14)

Ionas go mbeidh cur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le tabhairt isteach réamhtheachtaithe pléascán éifeachtúil, spreagtar na Ballstáit chun na coinníollacha is infheidhme maidir le tabhairt isteach na substaintí atá srianta leis an Rialachán seo a chur i bhfios do na taistealaithe idirnáisiúnta. Ar an gcúis chéanna, spreagtar na Ballstáit freisin chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas i dtaobh na srianta sin a bheith infheidhme freisin maidir le coinsíneachtaí beaga a sheoltar chuig daoine príobháideacha nó maidir le coinsíneachtaí a ordaíonn tomhaltóirí deiridh go cianda.

(15)

Ag féachaint don tábhacht a bhaineann leis an ualach riaracháin atá ar fhiontair bheaga agus mheanmhéide (FBManna) a íoslaghdú, d’fhéadfadh an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil don tionscal, go háirithe do FBManna, bheith an-úsáideach mar mheán chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú.

(16)

Ós rud é go mbeadh sé díréireach toirmeasc a chur ar úsáid réamhtheachtaithe pléascán i ngníomhaíochtaí gairmiúla, níor cheart go mbeadh feidhm ag na srianta a bhaineann le réamhtheachtaithe pléascán a chur ar fáil, a thabhairt isteach, seilbh a bheith orthu agus iad a úsáid, ach amháin maidir leis an bpobal i gcoitinne. Mar sin féin, i bhfianaise aidhmeanna ginearálta an Rialacháin seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le sásra tuairiscithe lena gcumhdaítear na húsáideoirí gairmiúla ar fud an tslabhra sholáthair agus daoine den phobal i gcoitinne a bhfuil baint acu le hidirbhearta a bhfuiltear lena mheas gur idirbhearta amhrasacha iad mar gheall ar a gcineál nó a méid. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a bhunú ionas go bhféadfaí tuairisc a thabhairt ar idirbhearta amhrasacha.

(17)

Maidir le hidirbhearta éagsúla i ndáil le réamhtheachtaithe pléascán, d’fhéadfaí a mheas gur idirbhearta amhrasacha iad agus gur idirbhearta is intuairiscthe iad dá bhrí sin. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás, maidir le custaiméir ionchasach (gairmiúil nó neamhghairmiúil), go ndealraíonn sé go bhfuil sé neamhshoiléir maidir leis an úsáid atá beartaithe don tsubstaint, go ndealraíonn sé nach bhfuil cur amach aige ar an úsáid atá beartaithe nó nach féidir leis míniú dealraitheach a thabhairt air, ina bhfuil sé ar intinn aige/aici méid neamhchoitianta substaintí, tiúchan neamhchoitianta substaintí nó meascáin neamhchoitianta substaintí a cheannach, nach bhfuil sé toilteanach cruthúnas ar chéannacht nó ar áit chónaithe a chur ar fáil nó ina n-éilíonn sé modhanna neamhchoitianta íocaíochta a úsáid lena n-áirítear méideanna móra airgid thirim. Ba cheart go mbeadh oibreoirí eacnamaíocha in ann an ceart a fhorchoimeád dóibh féin diúltú d’idirbheart den sórt sin.

(18)

Ag féachaint d’aidhmeanna ginearálta an Rialacháin seo, spreagtar na húdaráis inniúla ceadúnúcháin chun an pointe teagmhála náisiúnta a chur ar an eolas má dhiúltaítear aon iarratas ar cheadúnas, i gcás ina bhfuil an diúltú bunaithe ar fhorais réasúnacha a bheith ann le hamhras a bheith orthu faoi dhlisteanacht na húsáide atá beartaithe nó faoina bhfuil beartaithe ag an úsáideoir. Ar an gcuma chéanna, spreagtar na húdaráis inniúla ceadúnúcháin chun an pointe teagmhála náisiúnta a chur ar an eolas má chuirtear ceadúnas ar fionraí nó má dhéantar é a chúlghairm.

(19)

D’fhonn úsáid aindleathach ionchasach réamhtheachtaithe pléascán a chosc agus a bhrath, is inmhianaithe go ndéanfadh na pointí teagmhála náisiúnta taifid a choimeád ar na hidirbhearta amhrasacha a tuairiscíodh, agus go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta inniúla na bearta is gá chun na himthosca nithiúla a imscrúdú, lena n-áirítear dílseacht na gníomhaíochta eacnamaíocha ábhartha a bhí ag úsáideoir ghairmiúil a bhí rannpháirteach in idirbheart amhrasach.

(20)

I gcás ina bhfuil sé indéanta, ba cheart luachanna teorann tiúchana a leagan síos, ar teorainneacha iad a mbeidh rochtain ar réamhtheachtaithe pléascán áirithe srianta os a gcionn, os a choinne sin thall, níor cheart a fhoráil ach do thuairisciú idirbhearta amhrasacha i gcás réamhtheachtaithe áirithe eile. Áirítear na nithe seo a leanas sna critéir chun na bearta a chinneadh ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis na réamhtheachtaithe lena mbaineann: leibhéal na bagartha a bhaineann leis an réamhtheachtaí pléascán lena mbaineann, méid na trádála sa réamhtheachtaí pléascán lena mbaineann, agus an fhéidearthacht leibhéal tiúchana a bhunú, ar leibhéal é ar faoina bhun sin a mbeifí in ann an réamhtheachtaí pléascán a úsáid fós chun na gcríoch dlisteanach ar chucu a chuirtear ar fáil é. Ba cheart go leanfaí d’úsáid a bhaint as na critéir sin, chun treoir a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí breise a fhéadfar a dhéanamh i ndáil leis na réamhtheachtaithe pléascán nach gcumhdaítear faoi láthair le raon feidhme an Rialacháin seo.

(21)

Níl sé indéanta ar bhonn teicniúil luachanna teorann tiúchana a chur ar heicseimín i dtáibléid bhreosla. Ina theannta sin, tá go leor bealaí dlisteanacha le haigéad sulfarach, aicéatón, níotráit photaisiam, níotráit sóidiam, níotráit chailciam agus níotráit chailciam amóiniam a úsáid. Bheadh costais riaracháin agus chomhlíonta dhíréireacha ann do thomhaltóirí, d’údaráis phoiblí agus do ghnóthaí mar thoradh ar rialachán ar leibhéal an Aontais maidir le díol na substaintí sin leis an bpobal i gcoitinne a shrianadh. Mar sin féin, i bhfianaise aidhmeanna an Rialacháin seo, ba cheart go nglacfaí bearta chun tuairisciú idirbhearta amhrasacha i ndáil le táibléid bhreosla heicsimín, agus i ndáil leis na réamhtheachtaithe eile sin nach bhfuil roghanna sábháilte agus oiriúnacha eile ann ina leith, a éascú.

(22)

Is bealach chun ábhair thosaigh a fháil chun pléascáin a mhonarú go haindleathach réamhtheachtaithe pléascán a ghoid. Dá bhrí sin, is iomchuí a fhoráil go dtuairisceofaí dá ngoidfí méid suntasach aon substaintí atá faoi réir bearta faoin Rialachán seo nó méid suntasach aon substaintí eile nó dá rachadh méid suntasach díobh ar iarraidh. D’fhonn rianú déantóirí na coire a éascú agus na húdaráis inniúla i mBallstáit eile a chur ar an eolas faoi bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, spreagtar na pointí teagmhála náisiúnta, más iomchuí, chun leas a bhaint as córas réamhrabhaidh Europol, i gcás inarb iomchuí.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)

De bhua Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (4), cuirtear cosc ar níotráit amóiniam, a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as go héasca mar réamhtheachtaí pléascán, a sholáthar do dhaoine den phobal i gcoitinne. Ceadaítear, áfach, níotráit amóiniam a sholáthar d’úsáideoirí gairmiúla ar leith, feirmeoirí go háirithe. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an soláthar sin faoi réir an tsásra tuarascála d’idirbhearta amhrasacha arna bhunú leis an Rialachán seo, toisc nach bhfuil aon cheanglas coibhéiseach ann i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(25)

Ceanglaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta a phróiseáil agus a nochtadh do thríú páirtithe ina dhiaidh sin i gcás idirbheart amhrasach. Leanann cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun saoil phríobháidigh agus ar an gceart chun cosanta ar shonraí pearsanta as an bpróiseáil sin agus as an nochtadh sin. Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (5), rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chreat an Rialacháin seo. Dá réir sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfar cosaint iomchuí ar an gceart bunúsach sonraí pearsanta daoine aonair, ar daoine aonair iad a ndéantar próiseáil ar a sonraí pearsanta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Ba cheart, go háirithe, próiseáil na sonraí pearsanta a ghabhann le ceadúnú, le hidirbhearta a chlárú agus le tuairisc a thabhairt ar idirbhearta amhrasacha, a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE lena n-áirítear prionsabail ghinearálta cosanta sonraí i dtaca le híoslaghdú sonraí, le cuspóir a theorannú, le comhréireacht agus le riachtanas agus leis an gceanglas atá ann aird chuí a thabhairt ar chearta an ábhair sonraí maidir le rochtain ar shonraí, sonraí a cheartú agus sonraí a scriosadh.

(26)

Is féidir leis an rogha substaintí a úsáideann sceimhlitheoirí agus coirpigh eile chun pléascáin bhaile a dhéanamh athrú go tapa. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé indéanta substaintí breise a thabhairt faoi réir an chórais a sholáthraítear leis an Rialachán seo, agus an méid sin a dhéanamh ar bhonn práinne i gcás inar gá sin.

(27)

D’fhonn freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán, agus ar choinníoll go ndéanfar comhairliúchán cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha chun an tionchar suntasach a d’fhéadfadh a bheith aige ar oibreoirí eacnamaíocha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú a dhéanamh ar na luachanna teorann tiúchana ar os a gcionn nach bhfuil substaintí áirithe le cur ar fáil don phobal i gcoitinne, agus chun substaintí breise a bhfuil idirbhearta amhrasacha maidir leo le tuairisciú a liostáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(28)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar liosta na substaintí nach bhfuiltear chun a chur ar fáil don phobal i gcoitinne os cionn luachanna teorann tiúchana áirithe agus ar an liosta substaintí a bhfuil idirbhearta amhrasacha i ndáil leo le tuairisciú. Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méid sin, tograí reachtacha a ullmhú, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, chun taifid nua a chur leis an seanliosta nó chun taifid a scriosadh as d’fhonn freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán.

(29)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar shubstaintí nach bhfuil srianta cheana féin de bhun an Rialacháin seo, ach a dtagann Ballstát ar fhorais réasúnacha ina leith le creidiúint go bhféadfaí iad a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, ba cheart clásal cosanta a thabhairt isteach lena bhforálfar do nós imeachta leordhóthanach de chuid an Aontais.

(30)

Ina theannta sin, i bhfianaise na rioscaí sonracha a dtabharfar aghaidh orthu leis an Rialachán seo, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit bearta cosanta a ghlacadh, i gcúinsí áirithe, maidir le substaintí atá srianta ag an Rialachán seo cheana féin.

(31)

I bhfianaise na gceanglas faoin Rialachán seo maidir le faisnéis atá le soláthar don Choimisiún agus do na Ballstáit, ba mhíchuí bearta cosanta nua den sórt sin a chur faoi réir an chórais atá leagtha síos i dTreoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (6) gan féachaint an amhlaidh go ndéanann siad tagairt, nó nach ndéanann, do shubstaintí atá faoi réir bearta faoin Rialachán seo nó do shubstaintí nach bhfuil srianta amhlaidh.

(32)

I bhfianaise aidhmeanna an Rialacháin seo agus an tionchair a fhéadfaidh a bheith aige ar shlándáil na saoránach agus ar an margadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún, agus feidhm á baint as an idirphlé leanúnach sa Bhuanchoiste um Réamhtheachtaithe, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lena ndéantar scrúdú ar aon fhadhb a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus ar a inmhianaithe agus a indéanta atá sé a raon feidhme a leathnú, i ndáil le húsáideoirí gairmiúla a chumhdach agus i ndáil le forálacha a chur isteach sna forálacha maidir le tuairisciú idirbhearta amhrasacha, maidir le substaintí a ghabháil ar iarraidh nó a ghoid, ar substaintí iad, cé nach bhfuil siad faoi réir bearta leis an Rialachán seo, atá sainaitheanta mar shubstaintí a úsáideadh chun pléascáin a mhonarú go haindleathach (réamhtheachtaithe pléascán neamhsceidealta). Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, agus taithí ábhartha na mBallstát á cur san áireamh aige agus ag féachaint dó don chostas agus don tairbhe, tuarascáil a thíolacadh ina scrúdófar an mbeadh sé inmhianaithe agus indéanta an córas a neartú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, ag féachaint don bhagairt atá ann don tslándáil phoiblí. Mar chuid den athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina scrúdófar an bhféadfaí na forálacha maidir le níotráit amóiniam a aistriú ó Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 isteach sa Rialachán seo.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rochtain an phobail i gcoitinne ar réamhtheachtaithe pléascán a theorannú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, mar gheall ar fhairsinge an teorannaithe, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(34)

De bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7), thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairim (8).

(35)

Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha mar aon leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear rialacha comhchuibhithe leis an Rialachán seo maidir le substaintí nó le meascáin a chur ar fáil, a thabhairt isteach, a bheith i seilbh duine agus a úsáid, ar substaintí nó meascáin iad a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, d’fhonn rochtain an phobail i gcoitinne orthu a theorannú agus tuairisciú iomchuí idirbhearta amhrasacha ar fud an tslabhra soláthair a áirithiú.

Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha eile de dhlí an Aontais a bhaineann leis na substaintí a liostaítear sna hIarscríbhinní, ar forálacha is daingne iad.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá an Rialachán seo infheidhme maidir leis na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní agus maidir le meascáin agus le substaintí ina bhfuil siad.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo:

(a)

earraí mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(b)

earraí piriteicniúla mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1) de Threoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir le hearraí piriteicniúla a chur ar an margadh (9), earraí piriteicniúla a bhfuil sé beartaithe ina leith, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go n-úsáidfidh na fórsaí armtha, na húdaráis fhorfheidhmithe dlí nó an bhriogáid dóiteáin iad chun críche neamhthráchtála, earraí piriteicniúla a thagann faoi chuimsiú raon feidhme Threoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí (10), earraí piriteicniúla atá beartaithe d’úsáid sa tionscal aeraspáis nó caipíní forbhuailte atá beartaithe do bhréagáin;

(c)

táirgí míochaine i gcás ina gcuirtear ar fáil go dlisteanach iad do dhuine den phobal i gcoitinne ar bhonn oidis liachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “substaint” substaint de réir bhrí phointe (1) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(2)

ciallaíonn “meascán” meascán de réir bhrí phointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(3)

ciallaíonn “earra” earra de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(4)

ciallaíonn “cur ar fáil” aon soláthar, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(5)

ciallaíonn “tabhairt isteach” substaint a thabhairt isteach i gcríoch Ballstáit, bíodh sin ó Bhallstát eile nó ó thríú tír;

(6)

ciallaíonn “úsáid” aon phróiseáil, aon fhoirmliú, aon stóráil, aon chóiriú, nó aon mheascadh, lena n-áirítear le linn earra a tháirgeadh, nó aon úsáid eile;

(7)

ciallaíonn “duine den phobal i gcoitinne” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch nach bhfuil bainteach lena cheird, lena ghnó nó lena ghairm;

(8)

ciallaíonn “idirbheart amhrasach” aon idirbheart a bhaineann leis na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní, nó meascáin nó substaintí ina bhfuil siad, lena n-áirítear idirbhearta a bhfuil úsáideoirí gairmiúla rannpháirteach iontu, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil sé beartaithe pléascáin a mhonarú go haindleathach leis an tsubstaint nó leis an meascán;

(9)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas poiblí nó aon ghrúpa daoine agus/nó comhlachtaí den sórt sin a sheachadann táirgí nó seirbhísí ar an margadh;

(10)

ciallaíonn “réamhtheachtaí pléascán atá srianta” substaint atá liostaithe in Iarscríbhinn I, i dtiúchán atá os cionn an luacha chomhfhreagraigh teorann a leagtar amach ann agus áirítear leis meascán nó substaint eile ina bhfuil an tsubstaint liostaithe ag tiúchan is airde ná an luach comhfhreagrach teorann.

Airteagal 4

Cur ar fáil, tabhairt isteach, seilbh agus úsáid

1.   Maidir le réamhtheachtaithe pléascán atá srianta, ní chuirfear ar fáil iad do dhaoine den phobal i gcoitinne, ná ní thabharfaidh daoine den phobal i gcoitinne isteach iad, ná ní bheidh siad ina seilbh ag daoine den phobal i gcoitinne ná ní úsáidfidh daoine den phobal i gcoitinne iad.

2.   D’ainneoin mhír 1, maidir le córas ceadúnúcháin lena gceadaítear réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne nó a bheith ina seilbh acu nó á n-úsáid acu, féadfaidh Ballstát córas den sórt sin a choimeád ar bun, nó a bhunú, ar choinníoll go bhfaighidh, agus má iarrtar sin, go dtaispeánfaidh, an duine den phobal i gcoitinne ceadúnas chun iad a fháil, a bheith ina sheilbh aige nó a úsáid, ar ceadúnas é atá eisithe i gcomhréir le hAirteagal 7 ag údarás inniúil de chuid Ballstáit ina bhfuiltear chun an réamhtheachtaí pléascán sin atá srianta a fháil, a shealbhú nó á úsáid.

3.   D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh Ballstát córas ceadúnúcháin a choimeád ar bun, nó a bhunú, lena gceadaítear na réamhtheachtaithe pléascán seo a leanas atá srianta a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne nó iad a bheith ina seilbh acu nó iad a úsáid má dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann iad ar fáil gach idirbheart a chlárú i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 8:

(a)

sárocsaíd hidrigine (CAS RN 7722-84-1) i dtiúchaintí os cionn an luacha teorann atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, ach nach airde ná 35 % w/w;

(b)

nítrimeatán (CAS RN 75-52-5) i dtiúchaintí os cionn an luacha teorann atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, ach nach airde ná 40 % w/w;

(c)

aigéad nítreach (CAS RN 7697-37-2) i dtiúchaintí os cionn an luacha teorann atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, ach nach airde ná 10 % w/w.

4.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na bearta uile a ghlacfaidh siad chun aon cheann de na córais dá bhforáiltear i mír 2 agus i mír 3 a chur chun feidhme. Leagfar amach go sonrach san fhógra sin na réamhtheachtaithe pléascán atá srianta agus a bhfuil foráil maidir le heisceacht ina leith déanta ag na Ballstáit.

5.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na mbeart a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le mír 4.

6.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag duine den phobal i gcoitinne réamhtheachtaí pléascán atá srianta a thabhairt isteach i gcríoch Bhallstáit, ar Ballstát é a mhaolaigh ó mhír 1 trí chóras ceadúnúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus/nó trí chóras clárúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 3 nó le hAirteagal 17, gheobhaidh an duine sin ceadúnas, ar ceadúnas é atá eisithe i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 7 agus atá bailí sa Bhallstát sin, agus, taispeánfaidh sé é don údarás inniúil náisiúnta, má iarrtar sin.

7.   Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann réamhtheachtaí pléascán atá srianta ar fáil do dhuine den phobal i gcoitinne i gcomhréir le mír 2, déanfaidh sé a cheangal go dtaispeánfar an ceadúnas, nó más rud é go gcuirtear ar fáil é i gcomhréir le mír 3, go gcoinneofar taifead ar an idirbheart, i gcomhlíonadh an chórais atá bunaithe ag an mBallstát ina bhfuil an réamhtheachtaí pléascán atá srianta á chur ar fáil.

Airteagal 5

Lipéadú

Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe aige réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a chur ar fáil do dhuine den phobal i gcoitinne, déanfaidh sé a áirithiú, trí lipéad iomchuí a ghreamú di, nó trína fhíorú go bhfuil lipéad iomchuí greamaithe di, go dtugtar le fios go soiléir ar an bpacáistíocht go bhfuil an réamhtheachtaí pléascán sin atá srianta faoi réir srian ar é a bheith á cheannach, i seilbh agus á úsáid ag daoine den phobal i gcoitinne faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 4(1), (2) agus (3).

Airteagal 6

Saorghluaiseacht

Gan dochar don dara mír d’Airteagal 1 agus d’Airteagal 13, agus mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo nó i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, ní dhéanfaidh Ballstáit, ar fhorais a bhaineann le cosc a chur ar mhonarú pléascán go haindleathach, cosc, srian nó bac a chur ar na nithe seo a bheith á gcur ar an margadh:

(a)

na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I i dtiúchaintí nach airde ná na luachanna teorann atá leagtha síos inti; nó

(b)

na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Ceadúnais

1.   Maidir le gach Ballstát a eisíonn ceadúnais do dhaoine den phobal i gcoitinne a bhfuil leas dlisteanach acu i réamhtheachtaí pléascán atá srianta a fháil, a thabhairt isteach, a bheith ina seilbh acu nó a úsáid, déanfaidh sé na rialacha a leagan síos maidir le deonú an cheadúnais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) agus (6). Le linn d’údarás inniúil an Bhallstáit a chinneadh an ndéanfaidh sé ceadúnas a dheonú, déanfaidh sé na himthosca ábhartha uile, agus, go háirithe, dlisteanacht na húsáide atá beartaithe don tsubstaint, á gcur san áireamh. Diúltófar an ceadúnas má tá forais réasúnacha ann le hamhras faoi dhlisteanacht na húsáide atá beartaithe nó má tá amhras ann i dtaobh cé acu a bhfuil beartaithe ag an úsáideoir é a úsáid chun críche dlisteanaí.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil rogha a dhéanamh conas bailíocht an cheadúnais a theorannú, bíodh sé sin trí bhíthin aon úsáid amháin nó trí bhíthin úsáid iolrach a cheadú go ceann thréimhse nach faide ná trí bliana. Féadfaidh an t-údarás inniúil iallach a chur ar shealbhóir an cheadúnais a léiriú, go dtí dáta ainmnithe éaga an cheadúnais, go bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh go fóill. Luafar ar an gceadúnas na réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a n-eisítear an ceadúnas ina leith.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar iarratasóirí táille ar iarratas ar cheadúnas a íoc. Ní rachaidh táille den sórt sin thar chostas próiseála an iarratais.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceadúnas a chur ar fionraí nó a chúlghairm i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh a thuilleadh.

5.   Is comhlacht iomchuí atá freagrach de réir dlí náisiúnta a éistfidh achomhairc i gcoinne aon chinnidh de chuid údaráis inniúil, mar aon le díospóidí a bhaineann le comhlíonadh choinníollacha an cheadúnais.

6.   Féadfar ceadúnais arna ndeonú ag údarás inniúil Ballstáit a aithint i mBallstáit eile. Faoin 2 Meán Fómhair 2014, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Réamhtheachtaithe, maidir le mionsonraí teicniúla na gceadúnas chun a n-aithint fhrithpháirteach a éascú. Beidh faisnéis sna treoirlínte sin freisin maidir leis na sonraí atá le bheith sna ceadúnais atá bailí chun réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a thabhairt isteach, lena n-áirítear dréacht-fhormáid do cheadúnais den sórt sin.

Airteagal 8

Idirbhearta a chlárú

1.   Chun críocha an chláraithe de bhun Airteagal 4(3), déanfaidh daoine den phobal i gcoitinne iad féin a chéannú trí bhíthin doiciméad oifigiúil aitheantais a sholáthar.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sa chlár:

(a)

ainm, seoladh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an duine den phobal i gcoitinne nó cineál agus uimhir a ndoiciméid oifigiúil aitheantais;

(b)

ainm na substainte nó an mheascáin lena n-áirítear a t(h)iúchan;

(c)

méid na substainte nó an mheascáin;

(d)

an úsáid atá beartaithe don tsubstaint nó don mheascán mar atá dearbhaithe ag an duine den phobal i gcoitinne;

(e)

dáta agus áit an idirbhirt;

(f)

síniú an duine den phobal i gcoitinne.

3.   Coinneofar an clár go ceann tréimhse chúig bliana i ndiaidh dháta an idirbhirt. I rith na tréimhse sin, cuirfear an clár ar fáil lena scrúdú arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla.

4.   Coinneofar an clár ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile agus beidh sé ar fáil le cigireacht a dhéanamh air tráth ar bith i rith na tréimhse uile dá bhforáiltear i mír 3. Ní mór d’aon sonraí a stóráiltear go leictreonach:

(a)

teacht le formáid agus ábhar na ndoiciméad páipéir comhfhreagrach; agus

(b)

a bheith ar fáil go réidh tráth ar bith le linn na tréimhse uile dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 9

Idirbhearta amhrasacha, substaintí ar iarraidh agus gadaíocht a thuairisciú

1.   Déanfar idirbhearta amhrasacha a bhaineann leis na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní, nó a bhaineann le meascáin nó substaintí ina bhfuil siad, a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Déanfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó a chur ar bun, ag a mbeidh uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist so-aitheanta, chun go ndéanfaí idirbhearta amhrasacha a thuairisciú.

3.   Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an ceart a fhorchoimeád dóibh féin diúltú don idirbheart amhrasach agus déanfaidh siad an t-idirbheart sin nó an iarracht sin ar idirbheart a thuairisciú gan mhoill mhíchuí, mar aon le hainm an chliaint más féidir sin, do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit ina ndearnadh an t-idirbheart a thabhairt i gcrích, nó ina ndearnadh iarracht é a thabhairt i gcrích, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu le creidiúint gur idirbheart amhrasach é idirbheart atá á bheartú a bhaineann le substaint amháin nó níos mó atá liostaithe sna hIarscríbhinní, nó a bhaineann le meascáin nó le substaintí ina bhfuil siad, ag féachaint do na himthosca uile agus go háirithe i gcás ina mbaineann an méid a leanas leis an gcustaiméir ionchasach:

(a)

go ndealraíonn sé go bhfuil sé neamhshoiléir maidir leis an úsáid atá beartaithe don tsubstaint nó don mheascán;

(b)

go ndealraíonn sé nach bhfuil cur amach aige ar an úsáid atá beartaithe don tsubstaint nó don mheascán nó nach féidir leis míniú dealraitheach a thabhairt air;

(c)

go bhfuil sé ar intinn aige substaintí a cheannach i gcainníochtaí, i meascáin nó i dtiúchaintí atá neamhchoitianta d’úsáid phríobháideach;

(d)

nach bhfuil sé toilteanach cruthúnas ar a chéannacht nó ar a áit chónaithe a chur ar fáil; nó

(e)

go n-éilíonn sé modhanna neamhghnácha íocaíochta a úsáid, lena n-áirítear méideanna móra airgid thirim.

4.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha gabháil ar iarraidh shuntasach agus goid shuntasach na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní agus gabháil ar iarraidh shuntasach agus goid shuntasach meascán nó substaintí ina bhfuil na substaintí sin a thuairisciú do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit inar tharla an ghabháil ar iarraidh nó an ghoid.

5.   D’fhonn comhar a éascú idir na húdaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Réamhtheachtaithe, treoracha a tharraingt suas faoin 2 Meán Fómhair 2014, chun cabhrú leis an slabhra soláthair ceimiceán agus, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis inniúla. Déanfaidh na treoirlínte an méid seo a leanas a sholáthar go háirithe:

(a)

faisnéis maidir le conas idirbhearta amhrasacha a aithint agus a thuairisciú, go háirithe maidir le tiúchaintí agus/nó cainníocht substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ar tiúchaintí nó cainníochtaí iad ar faoina mbun nach iondúil go bhfuil aon ghníomhaíocht ag teastáil ina leith;

(b)

faisnéis maidir le conas gabháil ar iarraidh shuntasach agus goid suntasacha a aithint agus a thuairisciú;

(c)

faisnéis eile a bhféadfar a mheas gur faisnéis úsáideach í.

Déanfaidh an Coimisiún na treoirlínte sin a leasú chun dátú go rialta.

6.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar na treoirlínte dá bhforáiltear i mír 5 a scaipeadh go rialta ar dhóigh a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí i gcomhréir le cuspóirí na dtreoirlínte.

Airteagal 10

Cosaint sonraí

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta a theastaíonn i dtaca le ceadúnú de bhun Airteagal 4(2) agus (6) agus de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo nó chun idirbhearta a chlárú de bhun Airteagal 4(3), Airteagal 8 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, agus tuairisciú idirbheart amhrasach de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo, go gcomhlíontar Treoir 95/46/CE.

Airteagal 11

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 12

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 maidir leis na luachanna teorann atá in Iarscríbhinn I a leasú go feadh an méid is gá d’fhonn freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán, nó ar bhonn taighde agus tástála, chomh maith le gníomhartha maidir le cur le hIarscríbhinn II trí shubstaintí nua a chur isteach, i gcás inar gá sin d’fhonn freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán. Mar chuid den ullmhúchán a dhéanfaidh sé maidir leis na gníomhartha tarmligthe, déanfaidh an Coimisiún iarracht dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe le tionscal na gceimiceán agus leis an earnáil mhiondíola.

Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, i gcás ina dtiocfaidh athrú tobann ar an measúnú riosca a mhéid a bhaineann le mí-úsáid substaintí chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach athrú ar na luachanna teorann in Iarscríbhinn I agus i ndáil le gach substaint nua a chuirfear le hIarscríbhinn II. Beidh gach gníomh tarmligthe bunaithe ar anailís lena léireofar nach dóigh go mbeidh ualaí díréireacha ar oibreoirí eacnamaíocha ná ar thomhaltóirí mar thoradh ar an leasú, agus aird iomchuí á tabhairt ar na cuspóirí a bhfuiltear ag iarraidh a bhaint amach.

Airteagal 13

Clásal cosanta

1.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Ballstát le creidiúint go bhféadfaí substaint shonrach nach bhfuil liostaithe sna hIarscríbhinní a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, féadfaidh sé cur ar fáil, sealbhú agus úsáid na substainte sin a shrianadh nó a thoirmeasc nó cur ar fáil, sealbhú agus úsáid aon mheascáin nó aon substainte a bhfuil an tsubstaint sin ann nó inti a shrianadh nó a thoirmeasc, nó féadfaidh sé foráil a dhéanamh go mbeidh an tsubstaint sin faoi réir thuairisciú idirbheart amhrasach i gcomhréir le hAirteagal 9.

2.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Ballstát le creidiúint go bhféadfaí substaint shonrach atá liostaithe in Iarscríbhinn I a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, ag leibhéal tiúchana is ísle ná an luach teorann a leagtar síos in Iarscríbhinn I, féadfaidh sé cur ar fáil, seilbh agus úsáid na substainte sin a shrianadh nó a thoirmeasc tuilleadh, trí leibhéal tiúchana is ísle a fhorchur.

3.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Ballstát le luach teorann tiúchana a bhunú ar cheart d’aon substaint atá os cionn an leibhéil sin agus atá liostaithe in Iarscríbhinn II bheith faoi réir na srianta a bheadh infheidhme murach sin maidir le réamhtheachtaithe pléascán atá srianta, féadfaidh sé cur ar fáil, sealbhú agus úsáid na substainte sin a shrianadh nó a thoirmeasc trí uastiúchan incheadaithe a fhorchur.

4.   Aon Bhallstát a shrianfaidh nó a thoirmiscfidh substaintí i gcomhréir le mír 1, le mír 2 nó le mír 3, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach, agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá aige.

5.   I bhfianaise na faisnéise a chuirfear in iúl de bhun mhír 4, déanfaidh an Coimisiún scrúdú láithreach le fáil amach an ullmhófar leasuithe ar na hIarscríbhinní i gcomhréir le hAirteagal 12(1) nó an ullmhófar togra reachtach chun leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní. I gcás inarb iomchuí, leasóidh an Ballstát lena mbaineann a bhearta náisiúnta nó aisghairfidh sé iad d’fhonn aon leasú den sórt sin ar na hIarscríbhinní a chur san áireamh.

6.   Faoin 2 Meitheamh 2013, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon bhearta náisiúnta atá ann cheana féin lena sriantar nó lena dtoirmisctear cur ar fáil, seilbh agus úsáid substainte nó cur ar fáil, seilbh agus úsáid aon mheascáin nó aon substainte a bhfuil an tsubstaint sin ann nó inti ar an bhforas go bhféadfaí é nó í a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana ón 1 Márta 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm tráth ar bith. Maidir le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé aon difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach léirítear aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(5). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena cinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 16

Foráil idirthréimhseach

Ceadófar seilbh agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán atá srianta do dhaoine den phobal i gcoitinne go dtí 2 Márta 2016.

Airteagal 17

Córais chlárúcháin atá ann cheana féin

Maidir le Ballstát a bhfuil córas i bhfeidhm aige an 1 Márta 2013 a cheanglaíonn ar oibreoirí eacnamaíocha idirbhearta a chlárú, ar idirbhearta iad lena gcuirtear réamhtheachtaí pléascán amháin nó níos mó atá srianta ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne, féadfaidh sé maolú a dhéanamh ar Airteagal 4(1) nó (2) tríd an gcóras clárúcháin sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 8 ar roinnt substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I nó orthu uile. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 4(4) go hAirteagal 4(7).

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Faoin 2 Meán Fómhair 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lena scrúdófar an méid a leanas:

(a)

aon fhadhb atá tar éis teacht chun cinn mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a inmhianaithe agus a fhéideartha atá sé an corás a neartú agus a chomhchuibhiú tuilleadh i bhfianaise na bagartha ar shlándáil phoiblí a chruthaítear le sceimhlitheoireacht agus le gníomhaíochtaí tromchúiseacha coirpeachta eile, lena n-áirítear an taithí atá faighte sna Ballstáit faoin Rialachán seo, lena n-áirítear aon easnaimh shlándála a braitheadh, agus na costais agus an tairbhe do na Ballstáit, d’oibreoirí eacnamaíocha agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile á gcur san áireamh;

(c)

a inmhianaithe agus a fhéideartha atá sé cur le raon feidhme an Rialacháin seo chun úsáideoirí gairmiúla a chumhdach, agus na hualaí a chuirfí ar oibreoirí eacnamaíocha á gcur san áireamh agus aird á tabhairt ar chuspóir an Rialacháin seo;

(d)

a inmhianaithe agus a fhéideartha atá sé réamhtheachtaithe pléascán atá neamhsceidealta a áireamh sna forálacha i ndáil le hidirbhearta amhrasacha, gabháil ar iarraidh agus goid a thuairisciú.

2.   Faoin 2 Márta 2015, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lena mbreithneofar an bhféadfar forálacha ábhartha ar níotráit amóiniam a aistriú ó Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 isteach sa Rialachán seo.

3.   Más iomchuí, i bhfianaise na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn an Rialachán seo a leasú dá réir.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Meán Fómhair.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 84, 17.3.2011, lch. 25.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Nollaig 2012.

(3)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(4)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(5)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(6)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO C 101, 1.4.2011, lch. 1.

(9)  IO L 154, 14.6.2007, lch. 1.

(10)  IO L 46, 17.2.1997, lch. 25.


IARSCRÍBHINN I

Substaintí nach gcuirfear ar fáil ar leithligh do dhaoine den phobal i gcoitinne nó i meascáin nó i substaintí eile ina bhfuil siad, ach amháin más ionann an tiúchan agus na luachanna teorann a leagtar amach anseo thíos, nó más ísle ná na luachanna sin é.

Ainm na substainte agus uimhir chlár Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha

(CAS RN)

Luach teorann

Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh comhdhúile leithlí atá sainithe go ceimiceach agus a chomhlíonann ceanglais Nóta 1 de Chaibidil 28 nó 29 den CN, faoi seach (1)

Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh meascáin nach bhfuil comhábhair ann (e.g. mearcair, miotail lómhara nó miotail tearc-chré nó substaintí radaighníomhacha) lena gcinnfí aicmiú faoi chód CN (1) faoi seach

Sárocsaíd hidrigine

(CAS RN 7722-84-1)

12 % w/w

2847 00 00

3824 90 97

Nítrimeatán

(CAS RN 75-52-5)

30 % w/w

2904 20 00

3824 90 97

Aigéad nítreach

(CAS RN 7697-37-2)

3 % w/w

2808 00 00

3824 90 97

Clóráit photaisiam

(CAS RN 3811-04-9)

40 % w/w

2829 19 00

3824 90 97

Sárchlóráit photaisiam

(CAS RN 7778-74-7)

40 % w/w

2829 90 10

3824 90 97

Clóráit sóidiam

(CAS RN 7775-09-9)

40 % w/w

2829 11 00

3824 90 97

Sárchlóráit sóidiam

(CAS RN 7601-89-0)

40 % w/w

2829 90 10

3824 90 97


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 948/2009 ón gCoimisiún (IO L 287, 31.10.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Substaintí ar leithligh nó i meascáin nó i substaintí a ndéanfar idirbhearta amhrasacha a thuairisciú ina leith

Ainm na substainte agus uimhir chlár Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha

(CAS RN)

Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh comhdhúile leithlí atá sainithe go ceimiceach agus a chomhlíonann ceanglais Nóta 1 de Chaibidil 28, Nóta 1 de Chaibidil 29 nó Nóta 1(b) de Chaibidil 31 den CN (1)

Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh meascán nach bhfuil comhábhair iontu (e.g. mearcair, miotail lómhara nó miotail tearc-chré nó substaintí radaighníomhacha) lena gcinnfí aicmiú faoi chód CN (1)

Heicseimín

(CAS RN 100-97-0)

2921 29 00

3824 90 97

Aigéad sulfarach

(CAS RN 7664-93-9)

2807 00 10

3824 90 97

Aicéatón

(CAS RN 67-64-1)

2914 11 00

3824 90 97

Níotráit photaisiam

(CAS RN 7757-79-1)

2834 21 00

3824 90 97

Níotráit sóidiam

(CAS RN 7631-99-4)

3102 50 10 (nádúrtha)

3824 90 97

3102 50 90 (seachas nádúrtha)

3824 90 97

Níotráit chailciam

(CAS RN 10124-37-5)

2834 29 80

3824 90 97

Níotráit chailciam amóiniam

(CAS RN 15245-12-2)

3102 60 00

3824 90 97

Níotráit amóiniam

(CAS RN 6484-52-2) [i dtiúchan 16 % de réir meáchain nítrigine i gcomparáid le níotráit amóiniam nó i dtíuchan is airde]

3102 30 10 (i dtuaslagán uiscí)

3824 90 97

3102 30 90 (eile)


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 948/2009.


Top