Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0650

Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

OJ L 201, 27.7.2012, p. 107–134 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 19 Volume 010 P. 296 - 323

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/650/oj

27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/107


RIALACHÁN (AE) Uimh. 650/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt ina ndéantar saorghluaiseacht daoine a áirithiú. D'fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfar a áireamh leis na bearta sin bearta arb é is aidhm dóibh comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe agus le heasaontacht dlínse a áirithiú.

(3)

Ag a cruinniú in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999, thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an bprionsabal maidir le haitheantas frithpháirteach breithiúnas agus cinntí eile de chuid údarás breithiúnach a fhormhuiniú mar bhunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus d'iarr sí ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún clár beart a ghlacadh chun an prionsabal sin a chur chun feidhme.

(4)

An 30 Samhain 2000, glacadh clár beart maidir le cur chun feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i ndáil le hábhair shibhialta agus thráchtála (3), atá coiteann don Choimisiún agus don Chomhairle. Sainaithnítear leis an gclár sin bearta a bhaineann le comhchuibhiú na rialacha maidir le heasaontacht dlíthe mar bhearta chun aitheantas frithpháirteach cinntí a éascú agus foráiltear leis d'ionstraim a tharraingt suas i ndáil le huachtanna agus le comharbas.

(5)

Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil an 4 agus an 5 Samhain 2004, glacadh clár nua dar teideal “Clár na Háige: an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas san Aontas Eorpach a neartú” (4). Leagtar béim sa chlár sin ar an ngá a bhaineann le hionstraim in ábhair chomharbais a ghlacadh, lena dtabharfar aghaidh, go háirithe, ar cheist na heasaontachta dlíthe, ar an dlínse, ar an aitheantas frithpháirteach agus ar fhorfheidhmiú na gcinntí i réimse an chomharbais agus ar an Deimhniú Eorpach Comharbais.

(6)

Ag a cruinniú sa Bhruiséil an 10 agus an 11 Nollaig 2009, ghlac an Chomhairle Eorpach clár ilbhliantúil nua dar teideal “Clár Stócólm - Eoraip atá oscailte agus slán agus a thugann seirbhís agus cosaint dá saoránaigh” (5). Sa chlár sin, mheas an Chomhairle Eorpach gur cheart aitheantas frithpháirteach a shíneadh chuig réimsí nach gcumhdaítear go fóill ach atá bunriachtanach sa ghnáthshaol, mar shampla comharbas agus uachtanna, ach chuir sí san áireamh córais dlí na mBallstát, lena n-áirítear an beartas poiblí (ordre public), agus traidisiúin náisiúnta sa réimse seo.

(7)

Ba chóir oibriú ceart an mhargaidh inmheánaigh a éascú trí na baic ar shaorghluaiseacht daoine a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair a gcearta a fheidhmiú i gcomhthéacs comharbais a bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leis a dhíothú. Sa limistéar Eorpach ceartais, ní foláir do na saoránaigh a bheith in ann a gcomharbas a eagrú roimh ré. Ní foláir cearta na n-oidhrí agus na leagáidithe, cearta na ndaoine eile a bhfuil dlúthbhaint acu leis an duine éagtha chomh maith le cearta chreidiúnaithe an chomharbais a ráthú ar bhealach éifeachtach.

(8)

D'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart go dtabharfaí le chéile leis an Rialachán seo forálacha maidir leis an dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haitheantas nó, de réir mar a bheidh, le glacadh, le hinfhorfheidhmitheacht agus le forfheidhmiú cinntí, ionstraimí barántúla, agus socraíochtaí cúirte agus forálacha maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú.

(9)

Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin seo gach gné den dlí sibhialta a bhaineann le comharbas ar eastát duine éagtha, eadhon gach cineál aistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí mar gheall ar bhás, bíodh sé ina aistriú toilteanach faoi dhiúscairt maoine tráth báis, nó ina aistriú trí chomharbas díthiomnach.

(10)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cúrsaí ioncaim ná maidir le hábhair riaracháin a bhaineann leis an dlí poiblí. Ba cheart, dá bhrí sin, gur faoin dlí náisiúnta a bheadh sé a chinneadh, mar shampla, conas a dhéantar cánacha agus dliteanais eile a bhaineann leis an dlí poiblí a ríomh agus a íoc, cibé acu an cánacha iad sin is iníoctha ag an duine éagtha tráth an bháis nó aon chineál cánach a bhaineann le comharbas a bheidh le híoc ag an eastát nó ag na tairbhithe. Ba cheart, freisin, gur faoin dlí náisiúnta a bheadh sé a chinneadh i dtaobh an bhféadfar scaoileadh maoine comharbais do thairbhithe faoin Rialachán seo nó taifeadadh maoine comharbais i gclár a bheith faoi réir cánacha a bheith íoctha.

(11)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí an dlí shibhialta seachas comharbas. Ba cheart, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, roinnt ceisteanna a bhféadfaí a shamhlú go mbeadh baint acu le hábhair chomharbais, a eisiamh go sainráite ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(12)

Níor cheart, dá réir sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceisteanna a bhaineann le socruithe maidir le maoin phósta, lena n-áirítear socraíochtaí um pósadh arb ann dóibh iad i roinnt córais dlí a mhéid nach mbaineann na socraíochtaí sin le hábhair chomharbais, ná le socruithe maidir le maoin caidrimh a meastar go bhfuil éifeachtaí is inchomparáide le pósadh acu. Na húdaráis atá ag déileáil le comharbas faoi leith faoin Rialachán seo, ba cheart go gcuirfidís san áireamh, mar sin féin, agus ag brath ar an gcás, foirceannadh shocrú an duine éagtha i ndáil le maoin phósta nó foirceannadh shocrú comhchosúil maoine an éagaigh agus eastát an éagaigh agus scaireanna na dtairbhithe faoi seach á gcinneadh.

(13)

Ba cheart freisin ceisteanna maidir le cruthú, riarachán agus díscaoileadh iontaobhas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart go dtuigfí leis sin gur eisiamh ginearálta iontaobhas é. I gcás ina gcruthaítear iontaobhas faoi uacht nó faoi reacht i ndáil le comharbas díthiomnach, ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas faoin Rialachán seo maidir le cineachadh na sócmhainní agus cinneadh i dtaobh cé hiad na tairbhithe.

(14)

Ba cheart cearta maoine, leasanna maoine agus sócmhainní maoine a cruthaíodh nó a aistríodh ar dhóigh eile seachas trí chomharbas, mar shampla trí thabhartais, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Ba cheart, mar sin féin, gur leis an dlí a shonraítear leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas a chinnfear, i dtaca le bronntanais nó cineálacha eile diúscairtí inter vivos as a dtig ceart in rem roimh an mbás, ar cheart bronntanais a chur ar ais nó a chur i gcuntas chun críocha scaireanna na dtairbhithe a chinneadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(15)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go gceadófaí ceart a chruthú, nó ceart a aistriú trí chomharbas, is ceart i maoin dhochorraithe nó i maoin shochorraithe, dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh sé difear don líon teoranta (“numerus clausus”) ceart in rem a bhfuiltear ar an eolas fúthu i ndlí náisiúnta roinnt Ballstát. Níor cheart go mbeadh sé de cheanglas ar Bhallstát aitheantas a thabhairt do cheart in rem a bhaineann le maoin atá sa Bhallstát sin más rud é nach ann don cheart in rem sin ina dhlí.

(16)

D'fhonn a cheadú do na tairbhithe leas a bhaint i mBallstát eile as na cearta a cruthaíodh nó a aistríodh chucu trí chomharbas, áfach, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo do cheart in rem nach ann dó a oiriúnú chuig an gceart coibhéiseach in rem is neasa faoi dhlí an Bhallstáit eile sin. I gcomhthéacs oiriúnú den sórt sin, ba cheart aird a thabhairt ar na haidhmeanna agus ar na leasanna sin a shaothrófar leis an gceart in rem sonrach agus ar na héifeachtaí a bhainfidh leis. Chun críocha an ceart coibhéiseach in rem is neasa a chinneadh, féadfar dul i dteagmháil le húdaráis nó le daoine inniúla an Stáit a raibh feidhm ag a dhlí maidir leis an gcomharbas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chineál agus faoi éifeachtaí an chirt. Chuige sin, d'fhéadfaí leas a bhaint as na líonraí atá ann cheana i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála, agus as aon mhodh eile atá ar fáil chun tuiscint ar dhlí eachtrach a éascú.

(17)

Le hoiriúnú na gceart in rem nach bhfuiltear in eolas fúthu amhail dá bhforáiltear go sainráite sa Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí cosc ar fhoirmeacha eile oiriúnaithe i gcomhthéacs an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(18)

Ba cheart na ceanglais do cheart ar mhaoin dhochorraithe nó ar mhaoin shochorraithe a thaifeadadh i gclár a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí sin, gur le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádfar an clár (do mhaoin dhochorraithe, an lex rei sitae) a chinnfear na coinníollacha dlí faoina ndéanfar taifeadadh agus an bealach ina gcuirfear é sin i gcrích agus cad iad na húdaráis, amhail cláir talún nó nótairí, a bheidh i gceannas ar sheiceáil a dhéanamh go gcomhlíontar na ceanglais go léir agus gur leordhóthanach é an doiciméadú a thabharfar ar aird agus go bhfuil an fhaisnéis riachtanach uile ann. Maidir le ceart an duine éagtha ar an maoin chomharbais a luaitear sa doiciméad a thugtar chun a chláraithe, féadfaidh na húdaráis a sheiceáil, go háirithe, gur ceart é atá taifeadta amhlaidh sa chlár nó a léirítear ar shlí eile gur ceart é i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár. Chun dúbláil na ndoiciméad a sheachaint, ba cheart go nglacfadh na húdaráis chlárúcháin na doiciméid sin a tharraingíonn na húdaráis inniúla suas i mBallstát eile agus dá bhforáiltear a gcúrsaíocht leis an Rialachán seo. Ba cheart, go háirithe, gur doiciméad bailí é an Deimhniú Eorpach Comharbais a eiseofar faoin Rialachán seo chun maoin chomharbais a thaifeadadh i gclár Ballstáit. Níor cheart go gcuirfí aon chosc leis an méid sin ar na húdaráis a mbeidh baint acu leis an gclárúchán iarraidh ar an duine a bhfuil iarratas ar chlárúchán á dhéanamh aige cibé faisnéis bhreise a sholáthar nó cibé doiciméid bhreise a a thabhairt ar aird, a bhfuil gá leo faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár, mar shampla faisnéis nó doiciméid a bhaineann le hioncam a íoc. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur in iúl don duine a bhfuil iarratas ar chlárúchán á dhéanamh aige conas is féidir an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a sholáthar.

(19)

Na héifeachtaí a bhaineann le ceart a thaifeadadh i gclár, ba cheart iad a eisiamh freisin ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, mar sin, gur le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádfar an clár a chinnfí an bhfuil, mar shampla, éifeacht dhearbhaitheach nó éifeacht bhunaitheach ag an taifeadadh. Mar sin, i gcás, mar shampla, ina gceanglófar sealbhú cirt i maoin dhochorraithe a thaifeadadh i gclár faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár chun éifeacht erga omnes na gclár a áirithiú nó chun idirbhearta dlíthiúla a chosaint, ba cheart nóiméad an tsealbhaithe sin a bheith faoi réir dhlí an Bhallstáit sin.

(20)

Ba cheart go n-urramofaí leis an Rialachán seo na córais éagsúla chun déileáil le hábhair chomharbais atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh ciall leathan ag an téarma “cúirt”, ionas go gcumhdófar leis an téarma sin ní amháin na cúirteanna sa chiall cheart, a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, ach freisin na nótairí nó na clárlanna i mBallstáit áirithe a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha in ábhair áirithe chomharbais, amhail cúirteanna, agus na nótairí agus na gairmithe dlíthiúla a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, i mBallstáit áirithe, i gcomharbas faoi leith trí tharmligean cumhachta ó chúirt. Ba cheart go mbeadh na cúirteanna ar fad, faoi mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, faoi cheangal ag na rialacha dlínse atá leagtha amach sa Rialachán seo. Ós a choinne sin, níor cheart go gcumhdófaí leis an téarma “cúirt” údaráis neamhbhreithiúnacha Ballstáit a bhfuil an chumhacht tugtha dóibh faoin dlí náisiúnta déileáil le hábhair chomharbais, amhail na nótairí i bhformhór na mBallstát, áit nach gnách dóibh feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú.

(21)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh na nótairí uile a bhfuil inniúlacht acu in ábhair chomharbais sna Ballstáit in ann an inniúlacht sin a fheidhmiú. Cibé acu atá na nótairí in aon Bhallstát ar leith faoi cheangal ag na rialacha dlínse a leagtar amach sa Rialachán seo nó nach bhfuil, ba cheart go mbeadh sé sin ag brath ar cibé acu a thagann siad faoin téarma “cúirt” nó nach dtagann chun críocha an Rialacháin seo.

(22)

Ba cheart go mbeadh cúrsaíocht faoin Rialachán seo ag na gníomhartha a eisíonn nótairí in ábhair chomharbais sna Ballstáit. Nuair a fheidhmíonn nótairí feidhmeanna breithiúnacha bíonn siad faoi cheangal ag rialacha dlínse, agus ba cheart go mbeadh cúrsaíocht ag na cinntí a thugann siad i gcomhréir leis na forálacha maidir le haithint, le hin-fhorfheidhmitheacht, agus le forfheidhmiú cinntí. Nuair nach bhfeidhmíonn nótairí feidhmeanna breithiúnacha ní bhíonn siad faoi cheangal ag na rialacha dlínse, agus ba cheart go mbeadh cúrsaíocht i gcomhréir leis na forálacha maidir le hionstraimí barantúla ag na hionstraimí barántúla a eisíonn siad.

(23)

I bhfianaise shoghluaiseacht na saoránach a bheith ag méadú agus d'fhonn riaradh cuí an cheartais a áirithiú laistigh den Aontas agus a áirithiú go bhfuil toisc chónaisc dílis idir an comharbas agus an Ballstát ina bhfeidhmítear dlínse, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo gurb é an toisc chónaisc ginearálta chun an dlínse agus an dlí is infheidhme araon a chinneadh gnáthchónaí an duine éagtha tráth a bháis. D'fhonn an gnáthchónaí a chinneadh, ba cheart don údarás a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas measúnú iomlán a dhéanamh ar imthosca shaol an duine éagtha le linn na mblianta roimh a bhás agus tráth a bháis, agus na gnéithe fíorasacha ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe fad agus rialtacht láithreacht an duine éagtha sa Stát lena mbaineann agus na dálaí agus na cúiseanna a bhí leis an láithreacht sin. Ba cheart go léireofaí leis an ngnáthchónaí a chinntear sa chaoi sin nasc dlúth, cobhsaí leis an Stát lena mbaineann, agus spriocanna sainiúla an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

(24)

I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé a bheith deacair gnáthchónaí an duine éagtha a chinneadh. D'fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh cás aníos mar sin, go háirithe, i gcás ina ndeachaigh an duine éagtha chun cónaithe thar lear nó chun oibre thar lear ar chúiseanna gairmiúla nó eacnamaíocha, ar feadh tréimhse fada uaireanta, ach go raibh nasc dlúth cobhsaí fós aige lena Stát tionscnaimh. Sa chás sin, d’fhéadfaí a mheas, ag brath ar imthosca an cháis, go raibh gnáthchónaí ag an duine éagtha ina Stát tionscnaimh, ar stát é ina raibh croílár leasanna a theaghlaigh agus a shaoil shóisialta. D'fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh cásanna casta eile aníos i gcás inar chónaigh an duine éagtha i roinnt Stát gach re seach nó i gcás inar thaistil sé ó Stát amháin go Stát eile gan socrú go buan in aon cheann díobh. Más rud é gur náisiúnach ceann de na Stáit sin an duine éagtha nó más rud é go raibh a shócmhainní príomha go léir i gceann de na Stáit sin, d'fhéadfadh a náisiúntacht nó suíomh na sócmhainní sin a bheith mar thoisc speisialta sa mheasúnú foriomlán a dhéanfar ar na himthosca fíorasacha uile.

(25)

Maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas a chinneadh, féadfaidh an t-údarás a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas, i gcásanna eisceachtúla – cuir i gcás, inar aistrigh an duine éagtha go dtí an Stát a raibh gnáthchónaí air tamall gearr roimh a bhás agus go léirítear go follasach le himthosca uile an cháis go raibh baint níos dlúithe aige le Stát eile – teacht ar an tátal nach é dlí an Stáit a raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha ach dlí an Stáit a raibh baint níos dlúithe aige leis an dlí ba cheart a bheith infheidhme maidir leis an gcomharbas. Níor cheart an bhaint is dlúithe follasach sin, áfach, a úsáid mar fhachtóir cónaisc coimhdeach i gcás ina bhfuil sé deacair gnáthchónaí an duine éagtha tráth a bháis a chinneadh.

(26)

Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar chúirt sásraí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le seachaint an dlí, amhail fraude à la loi i gcomhthéacs dlí phríobháidigh idirnáisiúnta.

(27)

Tá rialacha an Rialacháin seo ceaptha chun a áirithiú go gcuirfidh an t-údarás a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas a dhlí féin i bhfeidhm, i bhformhór na gcásanna. Dá bhrí sin, foráiltear leis an Rialachán seo do shraith sásraí a mbeadh tionchar acu sa chás ina mbeadh dlí an Bhallstáit ina raibh sé ina náisiúnach roghnaithe ag an duine éagtha mar an dlí chun a chomharbas a rialú.

(28)

Ba cheart go n-áireofaí i measc na sásraí sin sásra ina ligfí do na páirtithe lena mbaineann comhaontú maidir le rogha cúirte a thabhairt i gcrích i bhfabhar na gcúirteanna i mBallstát an dlí a roghnaíodh. Bheadh gá an sásra a chinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith, ag brath go háirithe ar an tsaincheist a chumhdaítear tríd an gcomhaontú maidir le rogha cúirte, i dtaobh an mbeadh gá an comhaontú a thabhairt i gcrích idir na páirtithe ar fad a bhfuil baint acu leis an gcomharbas nó i dtaobh an bhféadfadh cuid acu comhaontú saincheist ar leith a thabhairt os comhair na cúirte a roghnaíodh i gcás nach ndéanfadh cinneadh ón gcúirt sin difear do na páirtithe eile sa chomharbas.

(29)

Más rud é go ndéanann cúirt imeachtaí comharbais a oscailt uaithi féin, amhail an cás i mBallstáit ar leith, ba cheart don chúirt sin clabhsúr a chur ar na himeachtaí má aontaíonn na páirtithe an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt i mBallstát an dlí a roghnaíodh. I gcás nach ndéanann cúirt imeachtaí comharbais a oscailt, níor cheart go gcuirfí bac ar na páirtithe, leis an Rialachán seo, an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt, mar shampla os comhair nótaire, i mBallstát dá rogha féin agus i gcás inar féidir sin a dhéanamh faoi dhlí an Bhallstáit sin. Ba cheart go mbeadh sin amhlaidh fiú amháin sa chás nach bhfuil an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas ina dhlí de chuid an Bhallstáit sin.

(30)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfaidh cúirteanna na mBallstát ar fad, ar bhonn na bhforas céanna, dlínse a fheidhmiú maidir le comharbas daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát tráth a mbáis, ba cheart go liostófaí go hiomlán leis an Rialachán seo, in ord ordlathach, na forais lena bhféadfar dlínse choimhdeach mar sin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(31)

Chun staideanna ina séantar an ceartas a leigheas, go háirithe, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo do forum necessitatis lena gceadaítear do chúirt Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, rialú ar chomharbas a bhfuil dlúthbhaint aige le tríú Stát. Féadfar a mheas go bhfuil bonn eisceachtúil mar sin ann sa chás go mbeadh sé dodhéanta imeachtaí a thionscnamh sa tríú Stát atá i gceist, mar gheall ar chogadh sibhialta mar shampla, nó i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go ndéanfadh an tairbhí tús a chur leis na himeachtaí, nó na himeachtaí sin a sheoladh, sa Stát sin. Níor cheart dlínse bunaithe ar forum necessitatis a fheidhmiú, áfach, ach amháin má tá nasc sách dlúth ag an gcás le Ballstát na cúirte ar tugadh imeachtaí os a comhair.

(32)

D'fhonn saol na n-oidhrí agus na leagáidithe a bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát eile seachas sa Bhallstát ina bhfuiltear ag déileáil leis an gcomharbas, nó ina mbeifear ag déileáil leis, a éascú, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo d'aon duine atá i dteideal, faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, dearbhuithe a dhéanamh maidir leis an gcomharbas, le leagáid nó le scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh nó maidir le dliteanas an duine sin a theorannú i leith fhiacha faoin gcomharbas, dearbhuithe den sórt sin a dhéanamh san fhoirm dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit go bhfuil gnáthchónaí air os comhair chúirteanna an Bhallstáit sin. Níor cheart go gcuirfí bac leis sin ar dhearbhuithe den sórt sin arna ndéanamh os comhair údarás eile sa Bhallstát sin atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, chun dearbhuithe a fháil. Ba cheart do dhaoine a bhineann leas as an deis dearbhuithe a dhéanamh sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, an chúirt nó an t-údarás atá ag deileáil leis an gcomharbas, nó a bheidh ag déileáil leis, a chur ar an eolas iad féin faoi na dearbhuithe sin a bheith ann laistigh d'aon teorainn ama a bheadh leagtha síos ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(33)

Níor cheart go bhféadfadh duine ar mian leis a dhliteanas a theorannú maidir leis na fiacha faoin gcomharbas, é sin a dhéanamh de bhíthin dearbhaithe amháin chuige sin os comhair na gcúirteanna nó na n-údarás inniúil i mBallstát a bhfuil gnáthchónaí air i gcás ina gceanglaítear air, leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, imeachtaí sonracha dlí a thionscnamh, mar shampla imeachtaí fardail, os comhair na cúirte inniúla. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh dearbhú arna dhéanamh in imthosca amhail sin, ag duine sa Bhallstát a bhfuil gnáthchónaí air ann, san fhoirm dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit sin bailí go foirmiúil chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart ach oiread go measfar na doiciméid lena dtionscnaítear na himeachtaí dlí a mheas mar dhearbhuithe chun críocha an Rialacháin seo.

(34)

Ar mhaithe le feidhmiú comhchuí ceartais, ba cheart a sheachaint go dtabharfaí cinntí atá ar neamhréir i mBallstáit éagsúla. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo do rialacha nós imeachta ginearálta atá comhchosúil le hionstraimí eile Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.

(35)

Is riail nós imeachta amháin den sórt sin é riail lis pendens a mbeadh feidhm aige dá dtabharfaí an cás comharbais chéanna os comhair cúirteanna éagsúla i mBallstáit éagsúla. Leis an riail sin, cinnfear ansin an chúirt ar cheart di leanúint ar aghaidh le déileáil leis an gcás comharbais.

(36)

Ós rud é i roinnt Ballstát gur féidir le húdaráis neamhbhreithiúnacha, amhail nótairí, nach bhfuil faoi cheangal ag na rialacha dlínse faoin Rialachán seo, déileáil le hábhair chomharbais, ní féidir a eisiamh go bhféadfaí tús a chur le comhshocrú cairdiúil lasmuigh den chúirt agus imeachtaí cairdiúla cúirte a bhaineann leis an gcomharbas céanna nó le dhá chomhshocrú chairdiúla lasmuigh den chúirt a bhaineann leis an gcomharbas céanna, agus é sin a dhéanamh go comhthreomhar i mBallstáit éagsúla. I gcás den sórt sin, is faoi na páirtithe lena mbaineann a bheidh sé, a luaithe a bheidh siad ar an eolas faoi na himeachtaí comhthreomhara, comhaontú a dhéanamh eatarthu féin ar conas a rachfar ar aghaidh. Mura bhféadfaidís teacht ar chomhaontú, chaithfeadh na cúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo déileáil leis an gcomharbas agus cinneadh a dhéanamh ina leith.

(37)

Ionas go mbeadh na saoránaigh in ann leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, le deimhneacht iomlán dhlíthiúil, ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo ar an eolas iad roimh ré faoin dlí a bheadh infheidhme maidir lena gcomharbas. Ba cheart rialacha comhchuibhithe um easaontacht dlíthe a thabhairt isteach chun torthaí a thiocfadh salach ar a chéile a sheachaint. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bpríomhriail go rialófar an comharbas le dlí intuartha, a bhfuil dlúthbhaint aige leis. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun ilroinnt an chomharbais a sheachaint, ba cheart go rialódh an dlí sin an comharbas ina iomláine, is é sin le rá, an mhaoin uile is cuid den eastát, gan aird ar chineál na sócmhainní agus gan aird ar cibé an bhfuil na sócmhainní suite i mBallstát eile nó i dtríú Stát.

(38)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, go gcuirfí ar chumas na saoránach a gcomharbas a eagrú roimh ré, tríd an dlí is infheidhme maidir lena gcomharbas a roghnú. Ba cheart go mbeadh an rogha sin teoranta do dhlí an Stáit ina mbeidh náisiúntacht ag an duine sin ionas go n-áiritheofaí nasc idir an duine éagtha agus an dlí a roghnaíodh agus ionas nach roghnófaí dlí chun bac a chur ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine a bheadh i dteideal scair fhorchoimeádta.

(39)

Ba cheart go ndéanfaí rogha dlí go sainráite i ndearbhú i bhfoirm diúscartha maoine tráth báis nó go léireofaí an rogha go soiléir le téarmaí diúscartha den sórt sin. D'fhéadfaí a mheas gur léiríodh go soiléir le diúscairt maoine tráth báis an dlí a roghnaíodh i gcás, mar shampla, ina ndearna an duine éagtha tagairt go sainráite ina dhiúscairt d'fhorálacha faoi leith dhlí Stát a náisiúntachta nó dá mba rud é gur luaigh sé ar bhealach eile an dlí sin.

(40)

Faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh rogha dlí bailí fiú mura ndéantar foráil leis an dlí a roghnófar do rogha dlí in ábhair chomharbais. Ba cheart go gcinnfí leis an dlí a roghnófar, áfach, bailíocht shubstainteach an ghnímh agus an rogha á dhéanamh, is é sin le rá, an bhféadfaí a mheas gur thuig an duine a rinne an rogha céard a bhí ar siúl aige agus gur thoiligh sé leis. Ba cheart go mbeadh an méid céanna infheidhme maidir le rogha an dlí a mhodhnú nó a chúlghairm.

(41)

Chun críocha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an cinneadh maidir le náisiúntacht nó ilnáisiúntachtaí duine a réiteach ar dtús mar réamhcheist. Is taobh amuigh de raon feidhme an Rialacháin seo í an tsaincheist maidir le duine a mheas mar náisiúnach de chuid Stáit agus is faoi réir an dlí náisiúnta atá sí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Coinbhinsiúin idirnáisiúnta, agus prionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán.

(42)

An dlí a chinnfear mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, ba cheart gurb é a rialódh an comharbas ón tráth a osclaítear an comharbas go dtí go n-aistreofar úinéireacht na sócmhainní atá mar chuid den eastát chuig na tairbhithe mar a chinntear leis an dlí sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an dlí sin ceisteanna maidir le riar an eastáit agus maidir leis an dliteanas i leith fhiacha faoin gcomharbas. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí céim tosaíochta shonrach na gcreidiúnaithe sa dliteanas in íocaíocht na bhfiach faoin gcomharbas, ag brath go háirithe ar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(43)

D'fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, go mbeadh sé de thoradh na rialacha dlínse a leagtar síos leis an Rialachán seo go mbeadh cásanna ann nach mbeadh a dlí féin á chur i bhfeidhm ag an gcúirt a bhfuil dlínse aici rialú a dhéanamh ar an gcomharbas. I gcás ina dtarlóidh sin i mBallstát a ndéanann a dhlí foráil do riarthóir an eastáit a cheapadh go héigeantach, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo do chúirteanna an Bhallstáit sin, faoina dhlí féin, riarthóir amháin nó níos mó den sórt sin a cheapadh nuair a thugtar na himeachtaí os a gcomhair. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’aon rogha a bheadh déanta ag na páirtithe an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt i mBallstát eile i gcás inar féidir sin faoi dhlí an Bhallstáit sin. D'fhonn comhordú rianúil a áirithiú idir an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus dlí Bhallstát na cúirte ceapacháin, ba cheart go gceapfadh an chúirt an duine nó na daoine a bheadh i dteideal an t-eastát a riar faoin dlí is infheidhme don chomharbas, amhail, mar shampla, seiceadóir uacht an duine éagtha nó na hoidhrí iad féin nó, má cheanglaítear leis an dlí is infheidhme don chomharbas é sin, riarthóir tríú páirtí. I gcasanna sonracha, áfach, nuair a cheanglaítear é sin lena ndlí, féadfaidh na cúirteanna riarthóir tríú páirtí a cheapadh fiú mura bhforáiltear dó sin sa dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. I gcás inar cheap an t-éagach seiceadóir na huachta, ní fhéadfar na cumhachtaí a bhaint den duine sin mura rud é go gceadaítear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, a shainordú a fhoirceannadh.

(44)

Maidir leis na cumhachtaí a bheidh á bhfeidhmiú ag na riarthóirí a bheidh ceaptha i mBallstát na cúirte a mbeidh na himeachtaí tugtha os a comhair, ba cheart gurb iad na cumhachtaí iad a fhéadfaidh siad a fheidhmiú faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Mar sin, dá gceapfaí an t-oidhre mar riarthóir, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí aige faoin dlí, amhail a bheadh ag oidhre, chun an t-eastát a riar. Más rud é nach leordhóthanach iad na cumhachtaí riaracháin a fhéadfar a fheidhmiú chun sócmhainní an eastáit a chaomhnú nó chun cearta na gcreidiúnaithe nó daoine eile a thug ráthaíocht maidir le fiacha an duine éagtha a chosaint, féadfaidh an riarthóir nó na riarthóirí a ceapadh i mBallstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, ar bhonn iarmharaigh, na cumhachtaí riaracháin dá bhforáiltear i ndlí an Bhallstáit sin a fheidhmiú chun na críche sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na cumhachtaí sin, mar shampla, liosta sócmhainní an eastáit agus na bhfiachas faoin gcomharbas a bhunú, cur in iúl do chreidiúnaithe go ndearnadh an comharbas a oscailt agus a iarraidh orthu a n-éilimh a chur in iúl, agus aon bhearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, a ghlacadh a bhfuil sé d’aidhm acu sócmhainní an eastáit a chaomhnú. Ba cheart go n-urramófaí leis na gníomhartha a bheidh á ndéanamh ag riarthóir, agus na cumhachtaí iarmharacha á bhfeidhmiú, an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas a mhéid a bhaineann le haistriú úinéireachta mhaoin an chomharbais, lena n-áirítear aon idirbheart a rinne na tairbhithe sular ceapadh an riarthóir, dliteanas na bhfiach faoin gcomharbas agus cearta na dtairbhithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ceart an comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh. Ní bheadh i gceist, mar shampla, leis na gníomhartha sin ach amháin coimhthiú sócmhainní nó íocaíocht fiachas sa chás ina mbeadh sé sin ceadaithe sa dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Más rud é faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas go n-athraítear dliteanas na n-oidhrí le ceapadh riarthóir tríú páirtí, ba cheart an t-athrú sin a urramú.

(45)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go bhfágfaí nach bhféadfadh creidiúnaithe, trí ionadaí, mar shampla, cibé céimeanna breise a ghlacadh a d'fhéadfadh a bheith ar fáil faoin dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na hionstraimí Aontais, chun a gcearta a choimirciú.

(46)

Ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo creidiúnaithe a d'fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile ina bhfuil sócmhainní suite a chur ar an eolas go ndearnadhan comharbas a oscailt. I gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ba cheart an fhéidearthacht a chur san áireamh go bhféadfaí sásra a chur ar bun, faoin tairseach don r-cheartas, chun a a chur ar chumas creidiúnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis ábhartha ionas go mbeidh siad in ann a n-éilimh a chur in iúl.

(47)

Ba cheart go gcinnfí leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas cé hiad na tairbhithe in aon chomharbas ar leith. Faoin gcuid is mó de na dlíthe, chumhdófaí leis an téarma “tairbhithe” na hoidhrí agus na leagáidithe agus na daoine atá i dteideal scair fhorchoimeádta, cé nach bhfuil seasamh dlíthiúil na leagáidithe, cuir i gcás, mar an gcéanna faoi na dlíthe ar fad. Faoi roinnt dlíthe, féadfaidh an leagáidí scair dhíreach san eastát a fháil, cé nach bhféadfaidh an leagáidí ach éileamh a fháil i gcoinne na n-oidhrí faoi dhlíthe eile.

(48)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do dhaoine atá ag iarraidh a gcomharbas a phleanáil roimh ré, ba cheart leis an Rialachán seo go leagfaí síos riail ar leith um easaontacht dlíthe a bhaineann le hinghlacthacht agus le bailíocht shubstainteach na ndiúscairtí maoine tráth báis. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialach sin a áirithiú, ba cheart go liostófaí leis an Rialachán seo na heilimintí sin ba cheart a mheas mar eilimintí a bhaineann le bailíocht shubstainteach. D'fhéadfadh sé go n-aimseofaí leis an scrúdú ar bhailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis nach ann don diúscairt sin de réir an dlí.

(49)

Is cineál diúscartha maoine tráth báis é comhaontú maidir le comharbas a mbíonn inghlacthacht éagsúil agus glacadh éagsúil ag baint leis i measc na mBallstát. Chun go mbeidh sé níos éasca glacadh sna Ballstáit leis na cearta comharbais a fuarthas mar thoradh ar chomhaontú maidir le comharbas, ba cheart go gcinnfí leis an Rialachán seo an dlí lena rialófar inghlacthacht chomhaontuithe den chineál sin, a mbailíocht shubstainteach agus a gcuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena ndíscaoileadh.

(50)

Ba cheart go mbeadh an dlí lena ndéanfar, faoin Rialachán seo, inghlacthacht agus bailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis a rialú agus, i gcás comhaontuithe maidir le comharbas, na héifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, gan dochar do chearta aon duine a bhfuil an ceart chun scair fhorchoimeádta aige faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, nó a bhfuil ceart eile aige nach féidir leis an duine, ar leis an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, a bhaint de.

(51)

I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo don dlí a mbeadh feidhm aige maidir le comharbas an duine a bhfuil an diúscairt maoine tráth báis á déanamh aige dá bhfaigheadh sé bás an lá a ndearnadh an diúscairt, nó an lá ndearnadh an diúscairt sin a mhodhnú nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh, ba cheart go dtuigfí an tagairt sin mar thagairt do dhlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ar an duine lena mbaineann an lá sin nó, i gcás ina ndearna sé rogha dlí faoin Rialachán seo, dlí Stát a náisiúntachta an lá sin.

(52)

Ba cheart go rialófaí leis an Rialachán seo an bhailíocht maidir le foirm i gcás gach diúscartha maoine tráth báis a rinneadh i scríbhinn trí bhíthin rialacha atá comhsheasmhach le rialacha Choinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an bhfuil diúscairt maoine tráth báis bailí go foirmiúil faoin Rialachán seo, ba cheart don údarás inniúil neamhaird a dhéanamh d'aon eilimint idirnáisiúnta a cruthaíodh go calaoiseach chun teacht timpeall ar na rialacha maidir le bailíocht fhoirmiúil.

(53)

Chun críocha an Rialacháin seo, aon fhoráil dlí lena gcuirfear teorainn leis na foirmeacha ceadaithe diúscartha maoine tráth báis trí thagairt a dhéanamh do cháilíochtaí pearsanta áirithe an duine a dhéanann an diúscairt, amhail, cuir i gcás, a aois, ba cheart a mheas go bhfuil baint aici le hábhair foirme. Níor cheart go léireofaí leis sin gur cheart go gcinnfí leis an dlí is infheidhme maidir le bailíocht fhoirmiúil diúscairt maoine tráth báis faoin Rialachán seo an bhfuil an cumas ag mionaoiseach diúscairt maoine a dhéanamh tráth báis nó nach bhfuil. Níor cheart go gcinnfí leis an dlí sin ach amháin ar cheart le cáilíocht phearsanta go gcuirfí bac ar dhuine, cuir i gcás, más mionaoiseach a bheidh i gceist, diúscairt maoine tráth báis a dhéanamh i bhfoirm áirithe.

(54)

Mar gheall ar dhálaí eacnamaíocha, teaghlaigh nó sóisialta, tá maoin dhochorraitheáirithe, gnóthais áirithe agus catagóirí speisialta eile sócmhainní faoi réir rialacha speisialta sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe lena leagtar síos srianta a bhaineann leis an gcomharbas nó a dhéanann difear dó i leith na sócmhainní sin. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go gcuirfear na rialacha speisialta sin i bhfeidhm. Mar sin féin, ní foláir léiriú dian a dhéanamh ar an eisceacht seo ar chur i bhfeidhm an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas chun go leanfadh sé de bheith comhoiriúnach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. Mar sin, maidir leis na rialacha um easaontacht dlíthe dlíthe lena gcuirtear maoin dhochorraithe faoi réir dlí atá éagsúil leis an dlí is infheidhme maidir le maoin shochorraithe agus maidir leis na forálacha lena bhforáiltear do scair fhorchoimeádta an eastáit, ar scair í is mó ná an scair dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas faoin Rialachán seo, ní fhéadfar na rialacha ná na forálacha sin a mheas mar rialacha speisialta a dhéanfaidh difear don chomharbas i ndáil le sócmhainní áirithe nó a dhéanfaidh difear don chomharbas i ndáil le sócmhainní áirithe.

(55)

Chun a áirithiú go ndéanfar cás ina mbeadh éiginnteacht maidir leis an ord inar tharla bás beirte nó níos mó ná beirt a mbeadh a gcomharbas faoi rialú ag dlíthe éagsúlá á láimhseáil go haonfhoirmeach, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do riail lena leagfar síos nár cheart go mbeadh aon chearta comharbais ag aon duine de na daoine éagtha maidir le comharbas an duine éagtha eile nó na ndaoine éagtha eile.

(56)

Féadfaidh sé go bhfágfar maoin gan éilitheoir i gcásanna áirithe. Déantar forálacha éagsúla do chásanna mar sin le dlíthe éagsúla. Cuir i gcás, faoi dhlíthe áirithe, beidh an Stát in ann an t-eastát folamh a éileamh mar oidhre beag beann ar an áit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe. Faoi chuid de na dlíthe eile, ní bheidh an Stát in ann ach amháin na sócmhainní a bheidh lonnaithe ar a chríoch a leithreasú. Ba cheart go bhforálfaí mar sin leis an Rialachán seo do riail lena leagfar síos nár cheart do chur i bhfeidhm an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas cosc a chur ar Stát na sócmhainní sin a bheidh lonnaithe ar a chríoch féin a leithreasú faoina dhlí féin. Chun a áirithiú, áfach, nach mbeidh an riail sin díobhálach do chreidiúnaithe an eastáit, ba cheart coinníoll a chur isteach faoinar cheart go mbeadh creidiúnaithe an eastáit in ann a lorg go gcomhlíonfar a n-éilimh as sócmhainní uile an chomharbais, beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe.

(57)

D'fhéadfadh sé go n-eascródh cur i bhfeidhm dlí tríú Stát as na rialacha um easaontacht dlíthe a leagtar amach sa Rialachán seo. Sna cásanna sin, ba cheart aird a thabhairt ar rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh an Stáit sin. Má fhoráiltear leis na rialacha sin do renvoi chuig dlí Ballstáit nó chuig dlí tríú Stát a chuirfeadh a dhlí féin i bhfeidhm maidir leis an gcomharbas, ba cheart renvoi mar sin a ghlacadh chun comhsheasmhacht idirnáisiúnta a áirithiú. Ba cheart renvoi a eisiamh, áfach, i gcásanna ina ndearna an duine éagtha rogha dlí i bhfabhar dlí tríú Stát.

(58)

In imthosca eisceachtúla, ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do na cúirteanna agus do na húdaráis inniúla eile a bhíonn ag déileáil le hábhair chomharbais sna Ballstáit neamhaird a dhéanamh d'fhorálacha faoi leith de dhlí coigríche, i gcás go mbeadh sé soiléir, maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. D'ainneoin sin, níor cheart go mbeadh na cúirteanna nó údaráis inniúla eile in ann an eisceacht maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm chun neamhaird a dhéanamh de dhlí Ballstáit eile nó chun diúltú aitheantas a thabairt nó, de réir mar a bheidh, diúltú glacadh le cinneadh, le hionstraim bharántúil, nó le socraíocht cúirte ó Bhallstát eile, nó iad a fhorfheidhmiú, nuair a shárófaí Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á dhéanamh amhlaidh, go háirithe Airteagal 21, lena dtoirmisctear gach saghas idirdhealaithe.

(59)

I bhfianaise chuspóir ginearálta an Rialacháin seo, eadhon aitheantas frithpháirteach a thabhairt do na cinntí sin a thugtar sna Ballstáit maidir le hábhair chomharbais, beag beann ar na cinntí sin a bheith tugtha in imeachtaí conspóideacha nó neamhchonspóideacha, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le haitheantas, le hin-fhorfheidhmitheacht agus le forfheidhmiú cinntí a bheadh comhchosúil le rialacha ionstraimí eile Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.

(60)

D'fhonn na córais éagsúla chun déileáil le hábhair chomharbais sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go ráthófaí leis an Rialachán seo, glacadh agus in-fhorfheidhmitheacht ionstraimí barántúla in ábhair chomharbais sna Ballstáit go léir.

(61)

Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí fianaiseacha céanna ag ionstraimí barántúla i mBallstát eile agus a bheidh acu sa Bhallstát tionscnaimh nó go mbeadh na héifeachtaí is mó is inchomparáide acu. Agus na héifeachtaí fianaiseacha atá ag ionstraim bharántúil i mBallstát eile nó na héifeachtaí is mó is inchomparáidé atá aici á gcinneadh, ba cheart tagairt a dhéanamh do chineál agus do raon feidhme éifeachtaí fianaiseacha na hionstraime barántúla sa Bhallstát tionscnaimh. Braithfidh na héifeachtaí fianaiseacha ar cheart a bheith ag ionstraim faoi leith i mBallstát eile, dá bhrí sin, ar dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.

(62)

Ba cheart gur coincheap féinrialaithe é “barántúlacht” ionstraime barántúla lenar cheart go gcumhdófaí gnéithe amhail fíre na hionstraime, réamhriachtanais fhoirmiúla na hionstraime, cumhachtaí an údaráis a tharraingeoidh an ionstraim suas agus an nós imeachta faoina dtarraingeofar an ionstraim suas. Ba cheart go gcumhdófaí léi freisin na gnéithe fíorasacha a thaifead an t-údarás lena mbaineann san ionstraim bharántúil, amhail an fíoras gur láithrigh na páirtithe a shonraítear os comhair an údaráis ar an dáta a shonraítear agus go ndearna siad na dearbhuithe a shonraítear. Aon pháirtí ar mian leis agóid a dhéanamh maidir le barántúlacht ionstraime barántúla, ba cheart dó an agóid sin a dhéanamh os comhair na cúirte inniúla i mBallstát tionscnaimh na hionstraime barántúla faoi dhlí an Bhallstáit sin.

(63)

Ba cheart an téarma “na gníomhartha dlíthiúla nó na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúi” l a léiriú mar thagairt don mhéid atá san ionstraim bharántúil ó thaobh substainte. D'fhéadfadh, mar shampla, an comhaontú a rinneadh idir na páirtithe maidir leis an eastát a roinnt nó a dháileadh, nó d'fhéadfadh tiomna nó comhaontú maidir le comharbas, nó dearbhú eile intinne, a bheith i measc na ngníomhartha dlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil. Cuir i gcás, d'fhéadfaí cinneadh i dtaobh cé hiad na h-oidhrí agus na tairbhithe eile a áireamh ar na caidrimh dhlíthiúla a bhunaítear faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, na scaireanna faoi seach a bheadh acu, scair fhorchoimeádta a bheith ann, nó aon ghné eile a suíodh faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Aon pháirtí ar mian leis agóid a dhéanamh maidir leis na gníomhartha dlíthiúla nó na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil, ba cheart dó an agóid sin a dhéanamh os comhair na gcúirteanna a mbeidh dlínse acu faoin Rialachán seo agus ba cheart gurbh iad na cúirteanna sin a chinnfeadh an agóid sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(64)

Má ardaítear ceist a bhainfidh leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil mar cheist theagmhasach in imeachtaí os comhair cúirte de chuid Ballstáit, ba cheart go mbeadh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

(65)

Níor cheart, maidir le Ballstát eile seachas sa Bhallstát tionscnaimh, go mbeadh aon éifeacht fhianaiseach mar thoradh ar an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith, fad a bheidh an agóid ar feitheamh. Mura mbeidh i gceist leis an agóid ach ábhar sonrach a bhainfidh leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil, níor cheart go mbeadh aon éifeacht fhianaiseach leis an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile seachas sa Bhallstát tionscnaimh i ndáil leis an ábhar a mbeidh agóid á déanamh ina leith fad a bheidh an agóid ar feitheamh. Ba cheart go scoirfidh ionstraim bharántúil d'aon éifeacht fhianaiseach a bheith aici nuair a dhearbhófar, mar thoradh ar agóid, go bhfuil an ionstraim sin neamhbhailí.

(66)

Má thugtar, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, dhá ionstraim bharántúla neamh-chomhoiriúnacha os comhair údaráis, ba cheart don údarás sin measúnú a dhéanamh maidir leis an gceist cé acu ionstraim bharántúil, más ann di, ar cheart tosaíocht a fháil agus imthosca an chás faoi leith á gcur san áireamh. I gcás nach léir ó na himthosca sin cé acu ionstraim bharántúil, más ann di, ar cheart tosaíocht a thabhairt di, ba cheart go gcinnfeadh na cúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo an cheist, nó, i gcás go n-ardaítear an cheist mar cheist theagmhasach le linn imeachtaí, go ndéanfadh an chúirt ar tugadh na himeachtaí sin os a comhair an cheist a chinneadh. Sa chás go mbeidh neamh-chomhoiriúnacht idir ionstraim bharántúil agus cinneadh, ba cheart aird a thabhairt do na forais le gan aitheantas a thabhairt do chinntí faoin Rialachán seo.

(67)

Trí shocrú gasta, rianúil agus éifeachtach comharbais lena mbaineann impleachtaí trasteorann laistigh den Aontas, tugtar le tuiscint gur cheart go mbeadh oidhrí, leagáidithe nó seiceadóirí an uachta nó riarthóirí an eastáit in ann a stádas agus/nó a gcearta agus a gcumhachtaí a léiriú gan stró i mBallstát eile, mar shampla i mBallstát ina bhfuil maoin chomharbais suite. Chun go gcuirfí ar a gcumas an méid sin a dhéanamh, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do dheimhniú aonfhoirmeach a chruthú, an Deimhniú Eorpach Comharbais (dá ngairtear “an Deimhniú” anseo feasta) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile. Chun go ndéanfar prionsabal na coimhdeachta a urramú, níor cheart go nglacfadh an Deimhniú ionad na ndoiciméad inmheánach a d'fhéadfadh a bheith ann chun críoch comhchosúil sna Ballstáit.

(68)

Ba cheart go mbeadh aird ag an údarás a eisíonn an Deimhniú ar na foirmiúlachtaí a éilítear maidir le clárú maoine sochorraithe sa Bhallstát ina gcoimeádtar an clár. Chuige sin, ba cheart don Rialachán seo foráil do mhalartú faisnéise maidir leis na foirmiúlachtaí idir na Ballstáit.

(69)

Níor cheart go mbeadh úsáid an Deimhnithe éigeantach. Ciallaíonn sin nár cheart go mbeadh aon oibleagáid ar dhaoine atá i dteideal cur isteach ar Dheimhniú é sin a dhéanamh, ach gur cheart go mbeadh saorthoil acu na hionstraimí eile atá ar fáil faoin Rialachán seo a úsáid (cinntí, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte). Níor cheart, áfach, go mbeadh aon údarás ná aon duine a dtabharfaí Deimhniú dóibh a eisíodh i mBallstát eile i dteideal a iarraidh go ndéanfaí cinneadh, ionstraim bharántúil nó socraíocht chúirte a thíolacadh in ionad an Deimhnithe.

(70)

Ba cheart go n-eiseofaí an Deimhniú sa Bhallstát a mbeidh dlínse ag a chúirteanna faoin Rialacháin seo. Ba cheart gur faoi gach Ballstát a bheidh sé na húdaráis ar cheart dóibh a bheith inniúil chun an Deimhniú a eisiúint a chinneadh ina reachtaíocht inmheánach cibé acu cúirteanna mar a shainítear chun críocha an Rialacháin seo iad nó údaráis eile a bheidh inniúil in ábhair chomharbais, amhail, cuir i gcás, nótairí. Ina theannta sin, ba cheart gur faoi gach Ballstát a bheadh sé a chinneadh ina reachtaíocht inmheánach i dtaobh an bhféadfaidh an t-údarás eisiúna a cheadú do chomhlachtaí inniúla eile a bheith rannpháirteach sa phróiseas eisiúna, mar shampla comhlachtaí atá inniúil chun dearbhuithe reachtúla a fháil in ionad mionna. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha faoina n-údaráis eisiúna a chur in iúl don Choimisiún ionas go bhféadfaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

(71)

Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí céanna ag an Deimhniú sna Ballstáit uile. Níor cheart go mbeadh sé ina theideal infhorfheidmithe ina cheart féin ach go mbeadh éifeacht fhianaiseach aige agus ba cheart go nglacfaí leis go léireofar go cruinn na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha, amhail bailíocht shubstainteach diúscairtí maoine tráth báis. Níor cheart go gcuimseofaí le héifeacht fhianaiseach an Deimhnithe eilimintí nach bhfuil á rialú faoin Rialachán seo, amhail, ceist na cleamhnachta nó an cheist ar leis an duine éagtha sóchmhainn ar leith nó nár leis. Aon duine a dhéanann íocaíocht le duine nó a thugann maoin chomharbais ar aird do dhuine, is duine a léirítear sa Deimhniú mar dhuine atá i dteideal íocaíocht nó maoin den sórt sin a ghlacadh mar oidhre nó mar leagáidí, ba cheart an chosaint iomchuí a thabhairt dó má ghníomhaigh sé de mheon macánta, ag brath ar chruinneas na faisnéise a deimhníodh sa Deimhniú. Ba cheart an chosaint chéanna a thabhairt d'aon duine a bhíonn ag brath ar chruinneas na faisnéise a deimhníodh sa Deimhniú agus a cheannaíonn nó a fhaigheann maoin comharbais ó dhuine ar cuireadh in iúl sa Deimhniú ina leith go bhfuil an duine sin i dteideal an mhaoin sin a dhiúscairt. Ba cheart go n-áiritheofaí an chosaint má thíolactar cóipeanna deimhnithe atá bailí i gcónaí. Níor cheart a chinneadh leis an Rialachán seo, maidir le fáil na maoine, cibé acu atá éifeacht ag an bhfáil sin nó nach bhfuil.

(72)

Ba cheart go n-eiseodh an t-údarás inniúil an Deimhniú arna iarraidh sin air. Ba cheart go gcoimeádfadh an t-údarás eisiúna doiciméad an Deimhniú bunaidh, agus ba cheart dó cóip dheimhnithe amháin nó níos mó den Deimhniú a eisiúint chuig an iarratasóir agus chuig aon duine eile a léireoidh leas dlisteanach. Níor cheart go bhfágfadh sé sin nach bhféadfadh Ballstát cead a thabhairt, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla, cóipeanna den Deimhniú a eisiúint don phobal. Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do shásamh in aghaidh cinntí ón údarás eisiúna lena n-áirítear cinntí chun eisiúint Deimhnithe a dhiúltú. Nuair a dhéantar an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar, ba cheart don údarás eisiúna é sin a chur in iúl do na daoine ar chucu a eisíodh na cóipeanna deimhnithe chun úsáid éagórach na gcóipeanna sin a sheachaint.

(73)

Ciallaíonn an urraim do thiomantais idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Ballstáit nár cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí nó ina bpáirtithe iontu tráth a nglacfar an Rialachán seo. Go háirithe, na Ballstáit is Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha, ba cheart go mbeidís in ann leanúint d'fhorálacha an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm in ionad fhorálacha an Rialachán seo i ndáil le bailíocht fhoirmiúil uachtanna agus comhuachtanna. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, áfach, éilítear go mbeidh tosaíocht ag an Rialachán seo, i measc na mBallstát, ar choinbhinsiúin a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

(74)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí bac ar Bhallstáit ar páirtithe iad i gCoinbhinsiún an 19 Samhain 1934 idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ina gcuimsítear forálacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir le comharbas, le huachtanna agus le heastáit a riar, leanúint d'fhorálacha áirithe den Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm, arna athbhreithniú leis an gcomhaontú idir-rialtasach idir na Stáit sin is páirtithe sa Choinbhinsiún.

(75)

D'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart go bhforálfaí d'oibleagáid lena cheanglaítear ar na Ballstáit faisnéis áirithe maidir lena reachtaíocht agus a nósanna imeachta i ndáil le comharbas a chur in iúl faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (6). Chun go bhféadfaí an fhaisnéis ábhartha go léir chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil a fhoilsiú go tráthúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit faisnéis den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún freisin sula dtosóidh an Rialachán seo de bheith i bhfeidhm.

(76)

Ar an tslí chéanna, d'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú agus d'fhonn úsáid teicneolaíochtaí cumarsáide nua-aimseartha a cheadú, ba cheart go bhforálfaí d'fhoirmeacha caighdeánacha do na fianuithe a dhéanfar a sholáthar i ndáil leis an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta a bhaineann le cinneadh, le hionstraim bharántúil nó le socraíocht chúirte agus i ndáil leis an iarratas ar Dheimhniú Eorpach Comharbais mar aon leis an Deimhniú féin.

(77)

Agus na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ríomh, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (7).

(78)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na fianuithe agus na foirmeacha a bhaineann le dearbhú um in-fhorfheidhmitheacht cinntí, le socraíochtaí cúirte agus le hionstraimí barántúla a bhunú agus a leasú dá éis sin, agus maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (8).

(79)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun cinntí cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na fianuithe agus na foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus lena leasaítear iad ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(80)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, saorghluaiseacht daoine, go ndéanfadh saoránaigh a gcomharbas a eagrú roimh ré i gcomhthéacs an Aontais agus cosaint na gceart atá ag oidhrí agus ag leagáidithe agus ag daoine a bhfuil baint dhlúth acu leis an duine éagtha chomh maith le creidiúnaithe an chomharbais, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(81)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní foláir go gcuirfidh cúirteanna agus údaráis inniúla eile na mBallstát an Rialachán seo i bhfeidhm, agus na cearta agus na prionsabail sin á n-urramú acu.

(82)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal orthu agus ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm. Beidh an méid sin, áfach, gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire fógra a thabhairt faoina n-intinn glacadh leis an Rialachán seo i ndiaidh a ghlactha i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin.

(83)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comharbas ar eastáit daoine éagtha. Ní bheidh feidhm aige maidir le cúrsaí ioncaim, custaim ná riaracháin.

2.   Déanfar an méid seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

stádas daoine nádúrtha mar aon le caidrimh teaghlaigh agus caidrimh a measann an dlí is infheidhme maidir le caidrimh den sórt sin go bhfuil éifeachtaí inchomparáide acu;

(b)

inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, gan dochar do phointe (c)d'Airteagal 23(2) ná d'Airteagal 26;

(c)

ceisteanna a bhaineann le duine nádúrtha a bheith ar iarraidh nó a bheith as láthair, nó lena bhás toimhdithe;

(d)

ceisteanna a bhaineann le socruithe maidir le maoin phósta agus le socruithe maidir le maoin caidrimh a meastar go bhfuil éifeachtaí is inchomparáide le pósadh acu faoin dlí is infheidhme maidir leis na caidrimh sin;

(e)

oibleagáidí cothabhála seachas na cinn sin a thagann chun cinn mar gheall ar bhás;

(f)

bailíocht fhoirmiúil diúscairtí maoine tráth báis a dhéanfar ó bhéal;

(g)

cearta maoine, leasanna maoine agus sócmhainní maoine a cruthaíodh nó a aistríodh ar dhóigh eile seachas trí chomharbas, amhail, mar shampla, bronntanais, comhúinéireacht a mbeadh ceart marthanais ag gabháil léi, pleananna pinsin, conarthaí árachais agus socruithe dá samhail, gan dochar do phointe (i) d'Airteagal 23(2);

(h)

ceisteanna a rialaítear le dlí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, bídís corpraithe nó neamhchorpraithe, amhail clásail i meabhráin chomhlachais agus in airteagail chomhlachais cuideachtaí agus comhlachtaí eile, bídís corpraithe nó neamhchorpraithe, lena gcinntear cad a tharlóidh do na scaireanna ar bhás na gcomhaltaí;

(i)

díscaoileadh, múchadh nó cumasc cuideachtaí agus comhlachtaí eile, bídís corpraithe nó neamhchorpraithe;

(j)

cruthú, riarachán agus díscaoileadh iontaobhas;

(k)

cineál na gceart in rem; agus

(l)

aon taifeadadh i gclár de chearta ar mhaoin dhochorraithe nó ar mhaoin shochorraithe, lena n-áirítear na ceanglais dhlíthiúla de thaifeadadh den sórt sin, agus na héifeachtaí a bheadh ann de bharr na cearta sin a thaifeadadh nó gan a thaifeadadh i gclár.

Airteagal 2

Inniúlacht in ábhair chomharbais laistigh de na Ballstáit

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d' inniúlacht údarás na mBallstát déileáil le hábhair chomharbais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “comharbas” comharbas ar eastát duine éagtha agus clúdaíonn sé gach bealach trína n-aistrítear sócmhainní, cearta agus oibleagáidí mar gheall ar bhás, bíodh sé ina aistriú toilteanach faoi dhiúscairt maoine tráth báis, nó ina aistriú trí chomharbas díthiomnach;

(b)

ciallaíonn “comhaontú maidir le comharbas” comhaontú, lena n-áirítear comhaontú a eascraíonn as comhuachtanna c, lena gcruthaítear, lena modhnaítear nó lena bhfoirceanntar, ar chomaoin nó gan chomaoin, na cearta atá ag duine amháin nó níos mó ná duine amháin atá mar pháirtí sa chomhaontú ar an eastát nó na heastáit a bheidh ann amach anseo;

(c)

ciallaíonn “comhuacht” uacht a bheith tarraingthe suas ag beirt duine nó níos mó in aon ionstraim amháin;

(d)

ciallaíonn “diúscairt maoine tráth báis” uacht, comhuacht nó comhaontú maidir le comharbas;

(e)

ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh” an Ballstát inar tugadh cinneadh, inar formheasadh nó inar tugadh i gcrích an tsocraíocht chúirte nó inar bunaíodh an ionstraim bharántúil nó inar eisíodh an Deimhniú Eorpach Comharbais, de réir mar a bheidh;

(f)

ciallaíonn “Ballstát an fhorfheidhmithe” an Ballstát ina n-iarrtar an dearbhú in-fhorfheidhmitheachta nó forfheidhmiú an chinnidh, na socraíochta cúirte nó na hionstraime barántúla;

(g)

ciallaíonn “cinneadh” aon cinneadh a thugann cúirt de chuid Ballstáit ar ábhar comharbais, cibé ainm a thugtar ar an gcinneadh, lena n-áirítear cinneadh maidir le cinneadh costas nó caiteachas arna dhéanamh ag oifigeach den chúirt;

(h)

ciallaíonn “socraíocht chúirte” socraíocht in ábhar comharbais, atá formheasta ag cúirt nó atá tugtha i gcrích os comhair cúirte le linn imeachtaí;

(i)

ciallaíonn “ionstraim bharántúil” doiciméad in ábhar comharbais a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh go foirmiúil mar ionstraim bharántúil i mBallstát agus:

(i)

a mbaineann a barántúlacht le síniú na hionstraime barántúla agus lena bhfuil inti; agus

(ii)

a bhfuil a barántúlacht suite ag údarás poiblí nó ag údarás eile a bhfuil an chumhacht tugtha dó ag an mBallstát tionscnaimh chun na críche sin.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “cúirt” aon údarás breithiúnach agus gach gairmí dlíthiúil eile a bhfuil inniúlacht acu maidir le hábhair chomharbais agus a fheidhmíonn feidhmeanna dlínse nó a ghníomhaíonn trí tharmligean cumhachta ó údarás breithiúnach nó a ghníomhaíonn faoi rialú údaráis bhreithiúnaigh, ar choinníoll go dtugann údaráis agus gairmithe dlíthiúla eile den sórt sin ráthaíocht maidir le neamhchlaontacht agus ceart gach páirtí éisteacht a fháil agus ar na coinníollacha seo a leanas maidir lena gcinntí faoin dlí sa Bhallstát ina bhfeidhmíonn siad:

(a)

go bhféadfar iad a chur faoi réir achomhairc nó faoi réir athbreithnithe ag údarás breithiúnach; agus

(b)

go bhféadfaidh siad éifeacht agus fórsa a bheith acu atá cosúil le cinneadh ó údarás breithiúnach i ndáil leis an ábhar céanna.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis agus na gairmithe dlíthiúla eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagal 79.

CAIBIDIL II

DLÍNSE

Airteagal 4

Dlínse ghinearálta

Is ag cúirteanna an Bhallstáit, ina raibh gnáthchónaí ag an duine éagtha tráth a bháis, a bheidh dlínse chun rialú ar an gcomharbas sin ina iomláine.

Airteagal 5

Comhaontú maidir le rogha cúirte

1.   I gcás inar dlí Ballstáit é an dlí a roghnaigh an duine éagtha chun a chomharbas a rialú de bhun Airteagal 22, féadfaidh na páirtithe lena mbaineann a chomhaontú go mbeidh dlínse eisiach ag cúirt nó ag cúirteanna an Bhallstáit sin chun rialú ar aon ábhar comharbais.

2.   Cuirfear an comhaontú sin maidir le rogha cúirte in iúl i scríbhinn, beidh an dáta air agus beidh sé sínithe ag na tairbhithe lena mbaineann. Measfar go bhfuil aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtabharfar taifead buan ar an gcomhaontú comhionann le scríbhinn.

Airteagal 6

Dlínse a dhiúltú i gcás dlí a bheith roghnaithe

I gcás gur dlí Ballstáit é an dlí a roghnaigh an duine éagtha chun a chomharbas a rialú de bhun Airteagal 22, féadfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair de bhun Airteagal 4 nó Airteagal 10, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dlínse a dhiúltú, ar iarraidh ó dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, má mheasann sí gur fearr cumas chúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí an dlí a roghnaíodh rialú ar an gcomharbas, agus cúinsí praiticiúla an chomharbais á gcur san áireamh, amhail gnáthchónaí na bpáirtithe agus suíomh na sócmhainní; nó

(b)

dlínse a dhiúltú má d’aontaigh na páirtithe sna himeachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 5, dlínse a thabhairt do chúirt nó do chúirteanna Bhallstát an dlí a roghnaíodh.

Airteagal 7

Dlínse i gcás dlí a bheith roghnaithe

Is ag cúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí an dlí a roghnaigh an duine éagtha de bhun Airteagal 22 a bheidh dlínse maidir le rialú ar an gcomharbas sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá dlínse diúltaithe sa chás céanna de bhun Airteagal 6 ag cúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair cheana;

(b)

tá aontaithe ag na páirtithe sna himeachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 5, dlínse a thabhairt do chúirt nó do chúirteanna an Bhallstáit sin; nó

(c)

glacann na páirtithe sna himeachtaí go sainráite le dlínse na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 8

Clabhsúr do chur ag cúirt ar imeachtaí uaithi féin i gcás dlí a bheith roghnaithe

Maidir le cúirt a rinne imeachtaí comharbais a oscailt uaithi féin faoi Airteagal 4 nó Airteagal 10, cuirfidh sí clabhsúr ar na himeachtaí má d’aontaigh na páirtithe an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt sa Bhallstát arb é a dhlí a roghnaigh an duine éagtha de bhun Airteagal 22.

Airteagal 9

Dlínse bunaithe ar láithriú

1.   I gcás ina ndealraítear, agus na himeachtaí os comhair chúirt an Bhallstáit atá ag feidhmiú dlínse de bhun Airteagal 7, nach raibh na páirtithe uile sna himeachtaí sin páirteach sa chomhaontú maidir le rogha cúirte, leanfaidh an chúirt de dhlínse a fheidhmiú má thagann na páirtithe sna himeachtaí nach raibh páirteach sa chomhaontú i láthair na cúirte gan dlínse na cúirte a chonspóid.

2.   Má dhéanann páirtithe sna himeachtaí nach raibh páirteach sa chomhaontú dlínse na cúirte dá dtagraítear i mír 1 a chonspóid, diúltóidh an chúirt dlínse.

Sa chás sin, is ag na cúirteanna a mbeidh dlínse acu de bhun Airteagal 4 nó Airteagal 10 a bheidh dlínse i ndáil le rialú ar an gcomharbas.

Airteagal 10

Dlínse choimhdeach

1.   I gcás nach raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha i mBallstát tráth a bháis, is ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sócmhainní de chuid an eastáit suite mar sin féin a bheidh dlínse chun rialú ar an gcomharbas ina iomláine:

(a)

sa mhéid go raibh náisiúntacht an Bhallstáit sin ag an duine éagtha tráth a bháis; nó, dá uireasa sin;

(b)

sa mhéid go raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha roimhe sin sa Bhallstát sin, ar choinníoll nach mbeadh tréimhse níos mó ná cúig bliana imithe in éag ón uair a athraíodh an gnáthchónaí sin, tráth a mbeidh na himeachtaí os comhair na cúirte.

2.   I gcás nach mbeidh dlínse ag aon chúirt i mBallstát de bhun mhír 1, beidh dlínse mar sin féin ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sócmhainní de chuid an eastáit suite chun rialú ar na sócmhainní sin.

Airteagal 11

Forum necessitatis

I gcás nach mbeidh dlínse ag aon chúirt de chuid Ballstáit de bhun fhorálacha eile den Rialachán seo, féadfaidh cúirteanna Ballstáit rialú, ar bhonn eisceachtúil, ar an gcomharbas mura mbeidh sé réasúnach ná indéanta imeachtaí a thionscnamh nó a sheoladh i dtríú Stát a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gcás.

Caithfidh nasc sách dlúth a bheith ag an gcás le Ballstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 12

Na himeachtaí a theorannú

1.   I gcás ina mbeidh sócmhainní atá suite i dtríú Stát in eastát an duine éagtha, féadfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair chun rialú a fháil ar an gcomharbas, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, a chinneadh nach rialóidh sí ar shócmhainn amháin nó níos mó de na sócmhainní sin más é a mbeifear ag súil leis nach n-aithneofar a cinneadh i ndáil leis na sócmhainní sin agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfógrófar é a bheith infhorfheidhmithe sa tríú Stát sin.

2.   Ní dhéanfaidh mír 1 difear do cheart na bpáirtithe raon feidhme na n-imeachtaí a theorannú faoi dhlí Bhallstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 13

An comharbas, nó leagáid nó scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh

De bhreis ar an gcúirt a mbeidh dlínse aici rialú ar an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo, beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine ar bith a fhéadann, faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, dearbhú a dhéanamh os comhair cúirte, ar dearbhú é a bhaineann leis an gcomharbas, nó le leagáid nó scair fhorchoimeádta an eastáit a ghlacadh nó a tharscaoileadh nó dearbhú a dhéanamh a mbeidh sé i gceist leis dliteanas an duine lena mbaineann a theorannú i leith na ndliteanas faoin gcomharbas, na dearbhuithe sin a fháil i gcás ina bhféadfaí, faoi dhlí an Bhallstáit sin, na dearbhuithe sin a dhéanamh os comhair cúirte.

Airteagal 14

Imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte

Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur tugadh imeachtaí os comhair cúirte:

(a)

tráth a ndéanfar doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an t-iarratasóir dá éis sin na bearta ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a dhéanamh ar an gcosantóir;

(b)

más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a mbeidh sé faighte ag an údarás a bheidh freagrach as an tseirbheáil, ar choinníoll nár mhainnigh an t-iarratasóir dá éis sin na céimeanna ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt; nó

(c)

más uaithi féin a dhéanann an chúirt na himeachtaí a oscailt, tráth a nglacfaidh an chúirt an cinneadh na himeachtaí a oscailt, nó, i gcás nach mbeidh gá leis an gcinneadh sin, tráth a gcláróidh an chúirt an cás.

Airteagal 15

Scrúdú i dtaca le dlínse

I gcás ina dtabharfar ábhar comharbais os comhair cúirte Ballstáit agus nach mbeidh aon dlínse aici air faoin Rialachán seo, dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 16

Scrúdú i dtaca le hinghlacthacht

1.   Maidir le cosantóir a bhfuil gnáthchónaí air i Stát eile nach é an Ballstát é inar tionscnaíodh an chaingean, mura dtaifeadfaidh sé láithreas, cuirfidh an chúirt a mbeidh dlínse aici bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a fháil in am trátha chun socruithe a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

2.   Maidir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (seirbheáil doiciméad) (9), beidh feidhm aige in ionad fhorálacha mhír 1 den Airteagal seo i gcás inarbh éigean doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin seo.

3.   I gcás nach mbeidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Dlíthiúl agus Seachdhlithiúil in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch, i gcás inarbh éigeandoiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheoladh amach ar an gcoigríoch de bhun an Choinbhinsiúin sin.

Airteagal 17

Lis pendens

1.   I gcás ina ndéanfar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna Ballstát éagsúil, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2.   I gcás ina suitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 18

Caingne gaolmhara

1.   I gcás ina mbeidh caingne gaolmhara ar feitheamh i gcúirteanna Ballstát éagsúil, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí.

2.   I gcás ina mbeidh na caingne sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú, má tá dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu lena chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus cinneadh a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí cinntí a bheadh lena chéile do theacht as imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 19

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí Ballstáit a iarraidh ar chúirteanna an Stáit sin, fiú más rud é, faoin Rialachán seo, go bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile maidir le substaint an ábhair.

CAIBIDIL III

AN DLÍ IS INFHEIDHME

Airteagal 20

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí nó nach dlí de chuid Ballstáit é.

Airteagal 21

Riail ghinearálta

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir leis an gcomharbas ina iomláine ná dlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha tráth a bháis.

2.   I gcás ina mbeidh sé soiléir, mar eisceacht, ó imthosca uile an cháis, go raibh baint níos dlúithe ag an duine éagtha, go follasach, tráth a bháis, le Stát seachas an Stát a mbeadh a dhlí infheidhme faoi mhír 1, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir leis an gcomharbas ná dlí an Stáit eile sin.

Airteagal 22

Rogha dlí

1.   Féadfaidh duine a roghnú mar an dlí lena rialófar a chomharbas ina iomláine dlí an Stáit a mbeidh a náisiúntacht aige tráth a ndéanfaidh sé an rogha nó tráth a éaga.

Maidir le duine a bhfuil níos mó ná náisiúntacht amháin aige, féadfaidh sé dlí aon cheann de na Stáit a roghnú a mbeidh a náisiúntacht aige tráth a ndéanfaidh sé an rogha nó tráth a bháis.

2.   Déanfar an rogha go sainráite i ndearbhú i bhfoirm diúscartha maoine tráth báis nó léireofar an rogha le téarmaí diúscartha den sórt sin.

3.   Is leis an dlí roghnaithe a rialófar bailíocht shubstainteach an ghnímh lena ndearnadh an rogha dlí.

4.   Comhlíonfaidh modhnú nó cúlghairm an rogha dlí na ceanglais ó thaobh foirme de maidir le modhnú nó le cúlghairm ar dhiúscairt maoine tráth báis.

Airteagal 23

Raon feidhme an dlí is infheidhme

1.   Rialófar an comharbas ina iomláine leis an dlí a chinnfear de bhun Airteagal 21 nó Airteagal 22.

2.   Beidh an méid seo a leanas go háirithe faoi rialú ag an dlí sin:

(a)

cúiseanna, am agus áit oscailte an chomharbais;

(b)

cinneadh i dtaobh cé hiad na tairbhithe, cad iad a gcuid scaireanna faoi seach agus cad iad na hoibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith leagtha orthu ag an duine éagtha, mar aon le cinneadh ar chearta eile comharbais, lena n-áirítear cearta comharbais an chéile nó an pháirtí mharthanaigh;

(c)

cumas an duine chun teacht i gcomharbas;

(d)

dí-oidhriú agus dícháiliú trí bhíthin iompair;

(e)

na sócmhainní, na cearta agus na hoibleagáidí ar cuid den eastát iad, lena n-áirítear na coinníollacha agus na héifeachtaí a bhainfeadh leis an gcomharbas nó le leagáid a ghlacadh nó a tharscaoileadh, a aistriú chuig na hoidhrí agus, de réir mar a bheidh, chuig na leagáidithe;

(f)

cumhachtaí na n-oidhrí, na seiceadóirí uachta agus riarthóirí eile an eastáit, go háirithe maidir le maoin a dhíol agus creidiúnaithe a íoc, gan dochar do na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 29(2) agus (3);

(g)

an dliteanas i leith na bhfiach faoin gcomharbas;

(h)

an chuid indiúscartha den eastát, na scaireanna forchoimeádta agus srianta eile ar dhiúscairt maoine tráth báis, chomh maith le héilimh a d'fhéadfadh a bheith ag daoine a raibh dlúthbhaint acu leis an duine éagtha i gcoinne an eastáit nó i gcoinne na n-oidhrí;

(i)

aon oibleagáid a bhaineann le bronntanais, réamhshocruithe nó leagáidí a chur ar ais nó a chur i gcuntas agus scaireanna na dtairbhithe éagsúla á gcinneadh; agus

(j)

comhroinnt an eastáit.

Airteagal 24

Diúscairt maoine tráth báis seachas comhaontuithe maidir le comharbas

1.   Déanfar diúscairt maoine tráth báis seachas comhaontú maidir le comharbas a rialú, i ndáil le hinghlacthacht agus le bailíocht shubstainteach na diúscartha, leis an dlí a bhféadfadh, faoin Rialachán seo, feidhm a bheith aige maidir le comharbas an duine, agus an diúscairt déanta aige, dá bhfaigheadh sé bás ar an lá a ndearnadh an diúscairt.

2.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh duine a roghnú mar an dlí lena rialófaí a dhiúscairt maoine tráth báis, i ndáil lena inghlacthacht agus lena bhailíocht shubstainteach, an dlí a d'fhéadfadh an duine sin a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 22 faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

3.   Beidh feidhm ag mír 1, de réir mar is iomchuí, maidir le modhnú nó le cúlghairm ar dhiúscairt maoine tráth báis seachas comhaontú maidir le comharbas. I gcás ina mbeidh rogha dlí ann i gcomhréir le mír 2, is faoi rialú an dlí roghnaithe a bheidh an modhnú nó an chúlghairm.

Airteagal 25

Comhaontuithe maidir le comharbas

1.   Rialófar comhaontú maidir le comharbas i ndáil le comharbas duine amháin, maidir lena inghlacthacht, lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, leis an dlí a bheadh infheidhme maidir le comharbas an duine sin, faoin Rialachán seo, dá bhfaigheadh sé bás an lá a tugadh an comhaontú i gcrích.

2.   Ní bheidh comhaontú maidir le comharbas i ndáil le comharbas níos mó ná duine amháin inghlactha ach amháin má tá sé inghlactha faoi na dlíthe go léir lena rialófaí, faoin Rialachán seo, comharbas na ndaoine go léir lena mbainfeadh dá bhfaighidís bás an lá ar tugadh an comhaontú i gcrích.

Déanfar comhaontú maidir le comharbas is inghlactha de bhun na chéad fhomhíre, i ndáil lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, a rialú leis an dlí a thiocfaidh as measc na ndlíthe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a mbeidh an bhaint is dlúithe aige leis.

3.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh na páirtithe a roghnú mar an dlí lena rialófaí a gcomhaontú maidir le comharbas, i ndáil lena inghlacthacht, lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, an dlí a bhféadfadh an duine ar leis an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, nó duine de na daoine ar leo an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 22 faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

Airteagal 26

Bailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis

1.   Chun críocha Airteagal 24 agus Airteagal 25, beidh baint ag na heilimintí seo a leanas le bailíocht shubstainteach:

(a)

cumas an duine atá ag déanamh na diúscartha maoine tráth báis diúscairt den sórt sin a dhéanamh;

(b)

na cúiseanna áirithe lena gcuirfear bac ar an duine a dhéanfaidh an diúscairt diúscairt a dhéanamh i bhfabhar daoine áirithe nó lena gcuirfear bac ar dhuine maoin chomharbais a fháil ón duine a dhéanfaidh an diúscairt;

(c)

inghlacthacht ionadaíochta chun diúscairt maoine a dhéanamh tráth báis;

(d)

léiriú na diúscartha;

(e)

calaois, éigeantas, botún agus aon cheist eile a bhaineann le toiliú nó rún an duine a dhéanfaidh an diúscairt.

2.   I gcás ina mbeidh sé de chumas ag an duine diúscairt maoine a dhéanamh tráth báis faoin dlí is infheidhme de bhun Airteagal 24 nó Airteagal 25, ní dhéanfaidh athrú ina dhiaidh sin ar an dlí is infheidhme difear do chumas an duine sin diúscairt den sórt sin a mhodhnú nó a chúlghairm.

Airteagal 27

Bailíocht fhoirmiúil diúscartha maoine tráth báis a dhéanfar i scríbhinn

1.   Beidh diúscairt maoine tráth báis a dhéanfar i scríbhinn bailí ó thaobh foirme de má chomhlíontar léi:

(a)

dlí an Stáit ina ndearnadh an diúscairt nó inar tugadh an comhaontú maidir le comharbas i gcrích;

(b)

dlí Stáit a raibh a náisiúntacht ag an tiomnóir nó ag duine amháin ar a laghad de na daoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, tráth a ndearnadh an diúscairt nó tráth ar tugadh an comhaontú i gcrích, nó tráth báis;

(c)

dlí Stáit ina raibh sainchónaí ag an tiomnóir nó ag duine amháin ar a laghad de na daoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, tráth a ndearnadh an diúscairt nó tráth ar tugadh an comhaontú i gcrích, nó tráth báis;

(d)

dlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ag an tiomnóir nó ag duine amháin ar a laghad de na daoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, tráth a ndearnadh an diúscairt nó tráth ar tugadh an comhaontú i gcrích, nó tráth báis; nó

(e)

a mhéid a bhaineann le maoin dhochorraithe, dlí an Stáit ina mbeidh an mhaoin dhochorraithe sin suite.

Maidir leis an gcinneadh i dtaobh an raibh sainchónaí ag an tiomnóir nó ag aon duine a mbaineann a chomharbas leis an gcomhaontú maidir le comharbas i Stát áirithe nó nach raibh, déanfar é a rialú le dlí an Stáit sin.

2.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le diúscairtí maoine tráth báis lena ndéantar diúscairt roimhe sin a mhodhnú nó a chúlghairm. Beidh an modhnú nó an chúlghairm bailí freisin ó thaobh foirme de má chomhlíontar léi aon cheann de na dlíthe, ar dá réir a dtéarmaí, faoi mhír 1, a bhí diúscairt maoine a rinneadh a mhodhnú nó a chúlghairm tráth báis bailí.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, aon fhoráil dlí lena gcuirfear teorainn leis na foirmeacha ceadaithe diúscartha maoine tráth báis faoi threoir aoise, náisiúntachta nó coinníollacha pearsanta an tiomnóra nó na ndaoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, measfar go mbaineann siad le ceisteanna foirme. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir leis na cáilíochtaí nach foláir a bheith ag aon fhinnéithe a bheidh riachtanach do bhailíocht diúscartha maoine tráth báis.

Airteagal 28

Bailíocht maidir le foirm dearbhaithe i dtaca le glacadh nó le tarscaoileadh

Maidir le dearbhú a bhaineann leis an gcomharbas nó le leagáid nó le scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh nó maidir le dearbhú atá ceaptha chun dliteanas an duine a dhéanann an dearbhú a theorannú, beidh sé bailí ó thaobh foirme de sa chás go gcomhlíonfaidh sé:

(a)

ceanglais an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas de bhun Airteagal 21 nó Airteagal 22; nó

(b)

ceanglais dhlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ag an duine a dhéanfaidh an dearbhú.

Airteagal 29

Rialacha speisialta maidir le ceapachán agus cumhachtaí riarthóra eastáit i gcásanna áirithe

1.   I gcás ina bhfuil sé éigeantach, nó éigeantach nuair a iarrtar é, riarthóir a cheapadh faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil dlínse ag a chúirteanna rialú a dhéanamh ar an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo agus gur dlí coigríche é an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, féadfaidh cúirteanna an Bhallstáit sin, nuair a thugtar na himeachtaí os a gcomhair, riarthóir amháin nó níos mó a cheapadh ar an eastát faoi dhlí a mBallstát féin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

Is é a bheidh sa riarthóir nó sna riarthóirí a cheapfar de bhun na míre seo ná an duine nó na daoine a bheidh i dteideal uacht an duine éagtha a fhorghníomhú agus/nó an t-eastát a riar faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Más rud é, leis an dlí sin, nach bhforáiltear do dhuine nach tairbhí é an eastát a riar, féadfaidh cúirteanna an Bhallstáit ina mbeidh an riarthóir le ceapadh riarthóir tríú páirtí a cheapadh faoi dhlí a mBallstáit féin má cheanglaítear é sin a dhéanamh leis an dlí sin agus gur ann do choinbhleacht thromchúiseach leasanna idir na tairbhithe nó idir na tairbhithe agus na creidiúnaithe nó daoine eile a bhfuil ráthaíocht tugtha acu i leith fhiacha an duine éagtha, gur ann d'easaontas i measc na dtairbhithe maidir le riaradh an eastáit nó gur ann d’eastát atá deacair le riar mar gheall ar chineál na sócmhainní.

Is é an riarthóir nó na riarthóirí a cheapfar de bhun na míre seo, agus an duine sin nó na daoine sin amháin, a bheidh i dteideal na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3 a fheidhmiú.

2.   Déanfaidh an duine nó na daoine a cheapfar mar riarthóir nó mar riarthóirí de bhun mhír 1 na cumhachtaí maidir le riaradh an eastáit a fheidhmiú, agus féadfaidh sé nó siad na cumhachtaí sin a fheidhmiú faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Féadfaidh an chúirt cheapacháin coinníollacha sonracha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin a shainiú ina cinneadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Más rud é nach bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas do chumhachtaí leordhóthanacha chun sócmhainní an eastáit a chaomhnú nó chun cearta na gcreidiúnaithe nó daoine eile a thug ráthaíocht maidir le fiacha an duine éagtha a chosaint, féadfaidh an chúirt cheapacháin cead a thabhairt don riarthóir nó do na riarthóirí, ar bhonn iarmharaigh, na cumhachtaí dá bhforáiltear chun na críche sin a fheidhmiú le dlí a Ballstáit féin agus féadfaidh sí coinníollacha sonracha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí sin a shainiú ina cinneadh.

Agus na cumhachtaí iarmharacha sin á bhfeidhmiú, beidh urraim ag an riarthóir nó na riarthóirí don dlí is infheidhme maidir le comharbas i ndáil le haistriú úinéireachta mhaoin an chomharbais, le dliteanas na bhfiach faoin gcomharbas, le cearta na dtairbhithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ceart an comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh agus, i gcás inarb infheidhme, le cumhachtaí sheiceadóir uacht an duine éagtha.

3.   D'ainneoin mhír 2, an chúirt a cheapfaidh ceann amháin nó níos mó de na riarthóirí de bhun mhír 1, féadfaidh sí, mar eisceacht agus i gcás inarb é dlí tríú Stáit an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, a chinneadh na cumhachtaí riaracháin go léir dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit ina bhfuil na riarthóirí ceaptha a dhílsiú dóibh.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin, áfach, beidh urraim ag na riarthóirí, go háirithe, do chinneadh cé hiad na dtairbhithe agus cad iad a gcearta comharbais, lena n-áirítear a gcearta ar scair fhorchoimeádta nó éileamh ar an eastát nó ar na hoidhrí faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 30

Rialacha speisialta lena leagtar amach srianta a bhaineann leis an gcomharbas, nó a dhéanann difear dó, i leith sócmhainní áirithe

I gcás ina mbeidh rialacha speisialta i ndlí an Bhallstáit ina bhfuil maoin dhochorraithe ar leith, gnóthais ar leith nó catagóirí speisialta eile sócmhainní suite, ar rialacha iad lena leagtar amach, mar gheall ar dhálaí eacnamaíocha, teaghlaigh nó sóisialta, srianta a bhaineann leis an gcomharbas, nó a dhéanann difear dó, i leith na sócmhainní sin, beidh feidhm ag na rialacha speisialta sin maidir leis an gcomharbas a mhéid atá na rialacha sin infheidhme, faoi dhlí an Stáit sin, beag beann ar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 31

Cearta in rem a oiriúnú

I gcás ina ndéanfaidh duine ceart in rem a agairt, ar ceart é a bheidh sé i dteideal a fháil faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus nach eol do dhlí an Bhallstáit ina ndéanfar an ceart a agairt an ceart in rem atá i gceist, déanfar an ceart sin a oiriúnú, más gá agus a mhéid is féidir, chuig an gceart coibhéiseach in rem is neasa faoi dhlí an Stáit sin, agus aird á tabhairt ar na haidhmeanna agus ar na leasanna sin a shaothrófar leis an gceart in rem sonrach agus ar na héifeachtaí a ghabhfaidh leis.

Airteagal 32

Bás i gcomhthráth

Más rud é go bhfaighidh beirt duine nó níos mó ná a bhfuil a gcomharbais faoi rialú ag dlíthe éagsúla bás in imthosca ina mbeidh éiginnteacht maidir leis an ord inar tharla a mbásanna, agus i gcás ina ndéanfar foráil éagsúil leis na dlíthe sin don chás sin nó i gcás nach ndéanfar foráil ar bith leo, ní bheidh aon chearta comharbais ag roinnt le haon duine de na daoine éagtha maidir leis an duine éagtha nó na daoine éagtha eile.

Airteagal 33

Eastát gan éilitheoir

Faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach mbeidh aon oidhre ná leagáidí ann le haghaidh aon sócmhainní faoi dhiúscairt maoine tráth báis, agus nach bhfuil aon duine nádúrtha lena bheith ina oidhre trí oibriú an dlí, ní dhéanfar, le cur i bhfeidhm an dlí a chinnfear amhlaidh, bac a chur ar é a bheith de cheart ag Ballstát nó eintiteas arna cheapadh chun na críche sin ag an mBallstát sin sócmhainní an eastáit a bheidh lonnaithe ar a chríoch a leithreasú faoina dhlí féin ar choinníoll go bhfuil na creidiúnaithe i dteideal a lorg go gcomhlíonfar a n-éilimh as sócmhainní an eastáit ina iomláine.

Airteagal 34

Renvoi

1.   Ciallóidh feidhmiú dlí aon tríú Stát arna shonrú leis an Rialachán seo feidhmiú rialacha an dlí ag a bhfuil feidhm sa Stát sin lena n-áirítear a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a mhéid a dhéanfar renvoi leis na rialacha sin:

(a)

chuig dlí Ballstáit; nó

(b)

chuig dlí tríú Stát eile a chuirfeadh a dhlí féin i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag aon renvoi i ndáil leis na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 21(2), in Airteagal 22, in Airteagal 27, i bpointe (b) d'Airteagal 28 agus in Airteagal 30.

Airteagal 35

Beartas poiblí (ordre public)

Ní fhéadfar cur i bhfeidhm foráil dlí aon Stáit a shonraítear leis an Rialachán seo a dhiúltú ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.

Airteagal 36

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu - easaontachtaí dlíthe críochacha

1.   I gcás inarb é an dlí a shonraítear leis an Rialachán seo dlí de chuid Stáit ina gcuimsítear roinnt aonad críochach a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh maidir le comharbas, is le rialacha inmheánacha an Stáit sin um easaontacht dlíthe a chinnfear an t-aonad críochach ábhartha a mbeidh feidhm ag a rialacha dlí.

2.   In éagmais rialacha inmheánacha um easaontacht dlíthe den sórt sin:

(a)

chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt do ghnáthchónaí an éagaigh a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh ina raibh gnáthchónaí ag an éagach tráth a bháis;

(b)

chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt do náisiúntacht an éagaigh a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh lena raibh an bhaint is dlúithe ag an duine éagtha tráth a bháis;

(c)

chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt d'eilimintí eile mar nascfhachtóirí a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh ina mbeidh an eilimint ábhartha suite.

3.   D'ainneoin mhír 2, chun an dlí ábhartha de bhun Airteagal 27 a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú, in éagmais rialacha inmheánacha an Stáit sin um easaontacht dlíthe, mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh lena raibh an bhaint is dlúithe ag an tiomnóir nó ag na daoine a mbainfidh an comhaontú maidir leis an gcomharbas lena gcomharbas.

Airteagal 37

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu - easaontachtaí dlíthe idirphearsanta

Maidir le Stát a bhfuil dhá chóras dlí nó dhá thacar rialacha, nó níos mó ná sin aige, ar córais dlí nó tacair rialacha iad is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla daoine i dtaca leis an gcomharbas, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit sin a fhorléiriú mar thagairt don chóras dlí nó don tacar rialacha a chinnfear i gcomhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm sa Stát sin. Cheal rialacha den sórt sin, beidh feidhm ag an gcóras dlí nó ag an tacar rialacha a raibh an bhaint ba dhlúithe ag an éagach leis.

Airteagal 38

Gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí dlíthe inmheánacha

Ballstát ina bhfuil roinnt aonad críochach a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach ceann acu maidir le comharbas, ní cheanglófar air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí nach mbeidh iontu ach easaontachtaí idir dlíthe na n-aonad sin.

CAIBIDIL IV

AITHINT, INFHORFHEIDHMITHEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ CINNTÍ

Airteagal 39

Aithint

1.   Tabharfar aitheantas do chinneadh a thabharfar i mBallstát sna Ballstáit eile gan gá a bheith ann le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.   Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint cinnidh faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i gconspóid, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, chun an cinneadh sin a aithint.

3.   Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach aitheantais a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 40

Forais le gan aitheantas a thabhairt

Ní thabharfar aitheantas do chinneadh:

(a)

má tá an t-aitheantas sin contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát ina n-iarrtar an t-aitheantas;

(b)

i gcás gur d’éagmais láithrithe a tugadh an cinneadh, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar dhóigh a chuirfeadh ar a chumas socrú a dhéanamh dá chosaint, mura rud é gur mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh tráth arbh fhéidir leis déanamh amhlaidh;

(c)

má tá sé ar neamhréir le cinneadh a tugadh in imeachtaí idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n-iarrtar an t-aitheantas;

(d)

má tá sé ar neamhréir le cinneadh a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát in imeachtaí a bhaineann leis an gcúis chaingne chéanna agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an cinneadh a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun aitheantas a thabhairt dó sa Bhallstát ina n-iarrtar an t-aitheantas.

Airteagal 41

Gan athbhreithniú a dhéanamh maidir leis an tsubstaint

Ní fhéadfar i gcás ar bith cinneadh a thabharfar i mBallstát ar leith a athbhreithniú maidir lena shubstaint.

Airteagal 42

Bac a chur ar imeachtaí aitheantais

Féadfaidh cúirt i mBallstát ar cuireadh iarratas os a comhair maidir le haitheantas a thabhairt do chinneadh a tugadh i mBallstát eile bac a chur ar na himeachtaí más rud é gur taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an chinnidh sin sa Bhallstát tionscnaimh.

Airteagal 43

In-fhorfheidhmitheacht

Maidir le cinntí a thabharfar i mBallstát agus a bheidh infhorfheidhmithe sa Bhallstát sin, beidh siad infhorfheidhmithe i mBallstát eile nuair, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, go bhfuil siad dearbhaithe a bheith infhorfheidhmithe ansin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58.

Airteagal 44

Sainchónaí a chinneadh

Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i mBallstát an fhorfheidhmithe chun críocha an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, déanfaidh an chúirt a dtabharfar na himeachtaí os a comhair dlí inmheánach an Bhallstáit sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 45

Dlínse cúirteanna áitiúla

1.   Déanfar iarratas ar dhearbhú in-fhorfheidhmitheacht a chur faoi bhráid chúirt nó údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe, a gcuirfidh an Ballstát sin í nó é in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 78.

2.   Cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a mbeidh sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne nó de réir áit an fhorfheidhmithe.

Airteagal 46

An nós imeachta

1.   Is le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe a rialófar an nós imeachta um iarratas.

2.   Ní bheidh gá ag an iarratasóir le seoladh poist ná ionadaí údaraithe a bheith aige i mBallstát an fhorfheidhmithe.

3.   Gabhfaidh na doiciméid seo a leanas leis an iarratas:

(a)

cóip den chinneadh a chomhallfaidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh;

(b)

an fianú arna eisiúint ag cúirt nó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus úsáid á baint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2), gan dochar d'Airteagal 47.

Airteagal 47

Gan an fianú a thabhairt ar aird

1.   Mura dtabharfar ar aird an fianú dá dtagraítear in Airteagal 46 (3)(b), féadfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméad coibhéiseach, nó, má mheasann sé nó sí go bhfuil faisnéis leordhóthanach a chomhair nó os a comhair, déanamh dá éagmais.

2.   Déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt nó an t-údarás inniúil é. Is duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh an t-aistriúchán.

Airteagal 48

Dearbhú infhorfheidhmitheachta

Dearbhófar an cinneadh a bheith infhorfheidhmithe díreach tar éis na foirmiúlachtaí in Airteagal 46 a thabhairt i gcrích gan aon athbhreithniú faoi Airteagal 40. Ní bheidh an páirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne i dteideal aon aighneachtaí maidir leis an iarratas a dhéanamh ag an gcéim sin de na himeachtaí.

Airteagal 49

Fógra faoin gcinneadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta

1.   Déanfar an cinneadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta a chur in iúl láithreach don iarratasóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe.

2.   Déanfar an dearbhú infhorfheidhmitheachta, maille leis an gcinneadh, a sheirbheáil ar an bpáirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne, mura mbeidh sé seirbheáilte ar an bpáirtí sin cheana féin.

Airteagal 50

Achomharc i gcoinne an chinnidh ar an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta

1.   Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta.

2.   Déanfar an t-achomharc a thaisceadh leis an gcúirt a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann í in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 78.

3.   Déileálfar leis an achomharc de réir na rialacha lena rialaítear nós imeachta na sáraíochta.

4.   Má mhainníonn an páirtí a n-iarrtar an forfheidhmiú ina choinne láithriú os comhair na cúirte achomhairc in imeachtaí maidir le hachomharc a rinne an t-iarratasóir, beidh feidhm ag Airteagal 16 fiú mura bhfuil sainchónaí in aon cheann de na Ballstáit ar an bpáirtí a n-iarrtar an forfheidhmiú ina choinne.

5.   Déanfar achomharc i gcoinne an dearbhaithe infhorfheidhmitheachta a thaisceadh laistigh de 30 lá ó dháta a sheirbheála. Má tá sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne i mBallstát seachas an Ballstát inar tugadh an dearbhú infhorfheidhmitheachta, beidh tréimhse 60 lá ann le haghaidh achomhairc agus rithfidh sí ó lá na seirbheála air féin go pearsanta nó ag a áit chónaithe. Ní fhéadfar fadú ar an tréimhse sin a dheonú mar gheall ar fhad slí ó bhaile.

Airteagal 51

Nós imeachta maidir leis an gcinneadh a thabharfar ar an achomharc a chonspóid

Ní fhéadfar an cinneadh a thabharfar ar an achomharc a chonspóid ach amháin tríd an nós imeachta a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann é in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 78.

Airteagal 52

Dearbhú infhorfheidhmitheachta a dhiúltú nó a chúlghairm

An chúirt lena dtaisctear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorfheidhmitheachta, ná ní chúlghairfidh sí é, ach amháin ar cheann de na forais a shonraítear in Airteagal 40. Tabharfaidh sí a cinneadh gan mhoill.

Airteagal 53

Bac a chur ar imeachtaí

An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, cuirfidh sí bac ar na himeachtaí, ar iarratas ón bpáirtí a n-iarrtar an forfheidhmiú ina choinne, má tá in-fhorfheidhmitheacht an chinnidh curtha ar fionraí sa Bhallstát tionscnaimh mar gheall ar achomharc.

Airteagal 54

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

1.   I gcás nach mór aitheantas a thabhairt do chinneadhi gcomhréir leis an gCaibidil seo, ní choiscfidh aon ní ar an iarratasóir leas a bhaint as bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, i gcomhréir le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe gan aon ghá a bheith le dearbhú infhorfheidhmitheachta faoi Airteagal 48.

2.   Beidh an chumhacht chun aon bhearta cosantacha a ghlacadh ag gabháil leis an dearbhú infhorfheidhmitheachta trí oibriú dlí.

3.   Le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun Airteagal 50(5) i gcoinne an dearbhaithe infhorfheidhmitheachta agus go dtí go mbeidh cinneadh tugtha ar aon achomharc den sórt sin, ní fhéadfar aon bhearta a ghlacadh maidir leis an bhforfheidhmiú ach amháin bearta cosantacha in aghaidh mhaoin an pháirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne.

Airteagal 55

in-fhorfheidhmitheacht pháirteach

1.   I gcás ina mbeidh breith tugtha i leith roinnt ábhar agus nach féidir an dearbhú in-fhorfheidhmitheachta a thabhairt ina dtaobh go léir, tabharfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil an cinneadh i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh.

2.   Féadfaidh iarratasóir dearbhú in-fhorfheidhmitheachta a bheidh teoranta do chodanna de chinneadh a iarraidh.

Airteagal 56

Cúnamh dlíthiúil

Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Bhallstát tionscnaimh, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachas, beidh teideal aige, in aon imeachtaí maidir le dearbhú in-fhorfheidhmitheachta, chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais dá bhforáiltear i ndlí Bhallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 57

Gan urrús, banna ná taisce a éileamh

Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forfheidhmiú i mBallstát amháin ar aithint, ar infhorfheidhmitheacht nó ar fhorfheidhmiú cinnidh a tugadh i mBallstát eile ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 58

Gan muirear, dleacht ná táille a thobhach

In imeachtaí chun dearbhú infhorfheidhmitheachta a eisiúint, ní fhéadfar muirear, dleacht ná táille ar bith, arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist, a thobhach i mBallstát an fhorfheidhmithe.

CAIBIDIL V

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 59

Ionstraimí barántúla a ghlacadh

1.   Beidh na héifeachtaí fianaiseacha céanna i mBallstát eile ag ionstraim bharántúil a bhunófar i mBallstát agus a bheidh aici sa Bhallstát tionscnaimh nó beidh na héifeachtaí is inchomparáidí aici, ar choinníoll nach mbeidh sé sin contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh an duine ar mian leis ionstraim bharántúil a úsáid i mBallstát eile a iarraidh ar an údarás a mbeidh an ionstraim bharántúil á bunu aige sa Bhallstát tionscnaimh an fhoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2)a chomhlánú, ar foirm í ina dtabharfar tuairisc ar na héifeachtaí fianaiseacha a bheidh ag an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh.

2.   Déanfar aon agóid maidir le barántúlacht ionstraime barántúla os comhair chúirteanna an Bhallstáit tionscnaimh agus tabharfar an cinneadh faoi dhlí an Stáit sin. Ní ghabhfaidh aon éifeacht fhianaiseach leis an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile fad a bheidh an agóid ar feitheamh os comhair na cúirte inniúla.

3.   Déanfar aon agóid maidir leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a thaifeadfar in ionstraim bharántúil os comhair na gcúirteanna a mbeidh dlínse acu faoin Rialachán seo agus cinnfear iad faoin dlí is infheidhme de bhun Chaibidil III. Ní bheidh aon éifeacht fhianaiseach ag an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile seachas sa Bhallstát tionscnaimh i ndáil le hábhar a mbeidh agóid á déanamh ina leith fad a bheidh an agóid ar feitheamh os comhair cúirte inniúla.

4.   Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach a chinneadh, ar ceist í a bhaineann leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil in ábhair chomharbais, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 60

Infhorfheidhmitheacht na n-ionstraimí barántúla

1.   Ionstraim bharántúil atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát tionscnaimh, dearbhófar, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, go bhfuil sé infhorfheidhmithe i mBallstát eile.

2.   Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 46(3), féadfaidh an t-údarás a rinne an ionstraim bharántúil a bhunú, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, fianú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

3.   An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, ní dhéanfaidh sí dearbhú infhorfheidhmitheachta a dhiúltú ná a chúlghairm ach amháin má tá forfheidhmiú na hionstraime barántúla contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí (ordre public) i mBallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 61

Infhorfheidhmitheacht socraíochtaí cúirte

1.   Socraíochtaí cúirte atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát tionscnaimh, dearbhófar, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, go bhfuil sé infhorfheidhmithe i mBallstát eile.

2.   Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 46(3), féadfaidh an chúirt a d'fhormheas an tsocraíocht nó ar os a comhair a tugadh an tsocraíocht i gcrích fianú a eisiúint, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, agus úsáid á baint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

3.   An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, ní dhéanfaidh sí dearbhú infhorfheidhmitheachta a dhiúltú ná a chúlghairm ach amháin má tá forfheidhmiú na socraíochta cúirte contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) i mBallstát an fhorfheidhmithe.

CAIBIDIL VI

DEIMHNIÚ EORPACH COMHARBAIS

Airteagal 62

Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

1.   Leis an Rialachán seo, cruthaítear Deimhniú Eorpach Comharbais (dá ngairtear “an Deimhniú” anseo feasta) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile agus a mbeidh na héifeachtaí a liostaítear in Airteagal 69 aige.

2.   Ní bheidh úsáid an Deimhnithe éigeantach.

3.   Ní ghlacfaidh an Deimhniú ionad na ndoiciméad inmheánach a úsáidtear chun críocha comhchosúla sna Ballstáit. A luaithe a eiseofar an Deimhniú lena úsáid i mBallstát eile, áfach, beidh na héifeachtaí a liostaítear in Airteagal 69 freisin aige sa Bhallstát arb iad a údaráis a d'eisigh é i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Airteagal 63

Cuspóir an Deimhnithe

1.   Maidir leis an Deimhniú, is lena úsáid ag oidhrí, ag leagáidithe a mbeidh cearta díreacha acu sa chomharbas agus ag seiceadóirí uachta nó ag riarthóirí an eastáit é ar gá dóibh, i mBallstát eile, a stádas a agairt nó a gcearta mar oidhrí nó mar leagáidithe agus/nó a gcumhachtaí mar sheiceadóirí uachta nó mar riarthóirí an eastáit a fheidhmiú faoi seach.

2.   Féadfar an Deimhniú a úsáid, go háirithe, chun léiriú a thabhairt ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

stádas agus/nó cearta gach oidhre nó, de réir mar a bheidh, gach leagáidí a luaitear sa Deimhniú agus a scaireanna den eastát faoi seach;

(b)

sócmhainn shonrach nó sócmhainní sonracha a bheidh mar chuid den eastát a shannadh don oidhre nó do na hoidhrí nó, de réir mar a bheidh, don leagáidí nó do na leagáidithe a luaitear sa Deimhniú;

(c)

cumhachtaí an duine a luaitear sa Deimhniú chun an uacht a fhorghníomhú nó chun an t-eastát a riar.

Airteagal 64

Inniúlacht chun an Deimhniú a eisiúint

Eiseofar an Deimhniú sa Bhallstát ina mbeidh dlínse ag a chúirteanna faoi Airteagal 4, Airteagal 7, Airteagal 10 nó Airteagal 11. Is é seo a leanas an t-údarás inniúil a bheidh ann:

(a)

cúirt mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) í; nó

(b)

údarás eile é atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, chun déileáil le hábhair chomharbais.

Airteagal 65

Iarratas ar Dheimhniú

1.   Eiseofar an Deimhniú ar iarratas ó aon duine dá dtagraítear in Airteagal 63(1) (dá ngairtear “an t-iarratasóir” anseo feasta).

2.   Chun críocha an t-iarratas a dhéanamh, féadfaidh an t-iarratasóir úsáid a bhaint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

3.   Beidh an fhaisnéis atá liostaithe thíos san iarratas, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin ar eolas ag an iarratasóir agus a mhéid a bheidh sí riachtanach don údarás eisiúna chun deimhniú a dhéanamh ar na heilimintí ar mian leis an iarratasóir iad a dheimhniú, agus beidh na doiciméid ábhartha go léir in éineacht léi, bíodh sin mar dhoiciméid bhunaidh nó trí bhíthin cóipeanna, lena gcomhlíonfar na coinníollacha a bheidh riachtanach chun barántúlacht na ndoiciméad a bhunú, gan dochar d'Airteagal 66(2):

(a)

mionsonraí maidir leis an éagach: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh tráth báis, dáta agus ionad an bháis;

(b)

mionsonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh agus an gaol nó an caidreamh leis an éagach, más ann do ghaol nó do chaidreamh;

(c)

mionsonraí maidir le hionadaí an iarratasóra, más ann dó: sloinne (más infheidhme, an sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, seoladh agus inniúlacht ionadaíoch;

(d)

mionsonraí maidir le céile nó páirtnéir an éagaigh agus, más infheidhme, maidir leis an iarchéile nó na hiarchéilí nó maidir leis an iarpháirtnéir nó na hiarpháirtnéirí: sloinne, (más infheidhme, sloinne tráth breithe) céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme) agus seoladh;

(e)

mionsonraí maidir le tairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann faoi dhiúscairt maoine tráth báis agus/nó trí oibriú an dlí: sloinne agus céad ainm nó céad ainmneacha nó ainm eagraíochta, uimhir aitheantais (más infheidhme) agus seoladh;

(f)

an cuspóir beartaithe don Deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 63;

(g)

mionsonraí teagmhála na cúirte nó an údaráis inniúil eile atá ag déileáil leis an gcomharbas ann féin nó a dhéileáil leis an gcomharbas ann féin, más infheidhme;

(h)

na heilimintí ar a mbunóidh an t-iarratasóir, de réir mar is iomchuí, an ceart a bheidh á éileamh aige ar mhaoin chomharbais mar thairbhí agus/nó a cheart chun uacht an éagaigh a fhorghníomhú agus/nó a cheart chun eastát an éagaigha riar;

(i)

léiriú cibé an raibh diúscairt maoine tráth báis déanta ag an éagach; mura mbeidh an doiciméad bunaidh ná cóip i gceangal, treoir maidir leis an áit ina bhfaighfear an doiciméad bunaidh;

(j)

léiriú cibé a ndearna an t-éagach conradh pósta nó conradh maidir le caidreamh a bhféadfaidh éifeachtaí is inchomparáide le pósadh a bheith aige; mura mbeidh an conradh bunaidh ná cóip den chonradh sin i gceangal, treoir maidir leis an áit ina bhfaighfear an conradh bunaidh;

(k)

léiriú cibé an ndearna aon cheann de na tairbhithe dearbhú maidir leis an gcomharbas a ghlacadh nó, de réir mar is iomchuí, a tharscaoileadh;

(l)

dearbhú lena luaitear, chomh fada agus is eol don iarratasóir, nach bhfuil aon díospóid ar feitheamh a bhaineann leis na heilimintí a bheidh le deimhniú;

(m)

aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an t-iarratasóir a bheidh úsáideach chun críocha an Deimhniú a eisiúint.

Airteagal 66

An t-iarratas a scrúdú

1.   Ar an iarratas a fháil, fíoróidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus na cineálacha eile fianaise a sholáthair an t-iarratasóir. Déanfaidh sé na fiosruithe is gá don fhíorú sin uaidh féin i gcás ina bhforálfar dó sin lena dhlí féin nó i gcás ina n-údarófar é sin lena dhlí féin nó iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhianaise bhreise a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a sholáthar.

2.   I gcás nach mbeidh ar chumas an iarratasóra cóipeanna a sholáthar de na doiciméid ábhartha lena gcomhlíonfar na coinníollacha is gá chun barántúlacht na ndoiciméad a shuíomh, féadfaidh an t-údarás eisiúna a chinneadh glacadh le cineálacha eile fianaise.

3.   I gcás ina bhforáiltear dó sin lena dhlí féin, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos ann, féadfaidh an t-údarás eisiúna an ceanglas a leagan síos go ndéanfar dearbhuithe faoi mhionn nó go ndéanfar dearbhú reachtúil in ionad mionna.

4.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna na bearta go léir is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go ndearnadh iarratas ar Dheimhniú. Déanfaidh an t-údarás, i gcás inar gá sin chun go ndéanfar na heilimintí a bheidh le deimhniú a shuíomh, aon duine lena mbaineann agus aon seiceadóir nó aon riarthóir a éisteacht agus déanfaidh sé fógraí poiblí a bheadh dírithe ar an deis a thabhairt do thairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann a gcearta a agairt.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, arna iarraidh sin air, an fhaisnéis atá, go háirithe, sna cláir thalún, sna cláir stádais shibhialta agus sna cláir ina ndéantar taifead ar dhoiciméid agus ar fhíorais atá ábhartha maidir leis an gcomharbas nó maidir leis an socrú i ndáil le maoin phósta nó maidir le socrú coibhéiseach maoine an éagaigh a sholáthar d'údarás eisiúna Ballstáit eile, i gcás ina mbeadh an t-údarás inniúil sin údaraithe, faoin dlí náisiúnta, an fhaisnéis sin a chur ar fáil d'údarás náisiúnta eile.

Airteagal 67

An Deimhniú a eisiúint

1.   Eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair a bheidh na heilimintí a bheidh le deimhniú suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Bainfidh sé úsáid as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

Ní eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá agóid á déanamh maidir leis na heilimintí a bheidh le deimhniú; nó

(b)

ní bheadh an Deimhniú i gcomhréir le cinneadh lena gcumhdaítear na heilimintí céanna.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna na céimeanna go léir is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go bhfuil an Deimhniú á eisiúint.

Airteagal 68

Inneachar an Deimhnithe

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa Deimhniú a mhéid is gá le go gcomhlíonfar an cuspóir a n-eisítear an Deimhniú ina leith:

(a)

ainm agus seoladh an údaráis eisiúna;

(b)

uimhir thagartha an chomhaid;

(c)

na heilimintí ar ar a mbonn a mheasfaidh an t-údarás eisiúna go bhfuil sé féin inniúil chun an Deimhniú a eisiúint;

(d)

an dáta eisiúna;

(e)

mionsonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh agus cineál an ghaoil nó an chaidrimh leis an éagach, más ann do ghaol nó do chaidreamh;

(f)

mionsonraí maidir leis an éagach: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh tráth báis, dáta agus ionad an bháis;

(g)

mionsonraí maidir leis na tairbhithe: sloinne (más infheidhme, an sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha agus uimhir aitheantais (más infheidhme);

(h)

faisnéis a bhaineann le conradh pósta a rinne an t-éagach, nó, más infheidhme, conradh a rinne an t-t-éagach i gcomhthéacs caidrimh a measann an dlí is infheidhme maidir le caidreamh den sórt sin go bhfuil éifeachtaí is inchomparáide le pósadh aige agus faisnéis faoin socrú i ndáil le maoin phósta nó faoin socrú coibhéiseach maoine;

(i)

an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus na heilimintí ar ar a mbonn a cinneadh an dlí sin;

(j)

faisnéis faoi cibé acu comharbas tiomnach nó díthiomnach atá i gceist faoi dhiúscairt maoine tráth báis, lena n-áirítear faisnéis faoi na heilimintí as a dtig le cearta agus/nó le cumhachtaí na n-oidhrí, na leagáidithe, na seiceadóirí uachta nó riarthóirí an eastáit;

(k)

más infheidhme, faisnéis i leith gach tairbhí maidir leis an gcaoi ina ndéanfar an comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh;

(l)

scair gach oidhre agus, más infheidhme, liosta de chearta agus/nó de shócmhainní aon oidhre ar leith;

(m)

liosta de chearta agus/nó de shócmhainní aon leagáidí ar leith;

(n)

na srianta ar chearta an oidhre nó na n-oidhrí agus, de réir mar is iomchuí, ar chearta an leagáidí nó na leagáidithe faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus/nó faoin diúscairt maoine tráth báis;

(o)

cumhachtaí sheiceadóir na huachta agus/nó riarthóir an eastáit agus na srianta ar na cumhachtaí sin faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus/nó faoin uacht nó faoin diúscairt maoine tráth báis.

Airteagal 69

Éifeachtaí an Deimhnithe

1.   Beidh éifeachtaí ag an Deimhniú sna Ballstáit uile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

2.   Toimhdeofar go léireofar go cruinn leis an Deimhniú na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Toimhdeofar go mbeidh an stádas a luafar sa Deimhniú ag an duine a luafar sa Deimhniú mar oidhre, leagáidí, seiceadóir uachta nó riarthóir an eastáit agus /nó go mbeidh na cearta nó na cumhachtaí a bheidh luaite sa Deimhniú aige gan aon choinníollacha eile agus/nó aon srianta eile a bheith ag gabháil leis na cearta nó na cumhachtaí sin seachas na cinn a bheidh luaite sa Deimhniú.

3.   Aon duine, ag gníomhú dó ar bhonn na faisnéise a bheidh deimhnithe i nDeimhniú, a dhéanfaidh íocaíochtaí le duine, nó a thabharfaidh maoin ar aird do dhuine, is duine a bheidh luaite sa Deimhniú mar dhuine atá údaraithe chun íocaíocht nó maoin a ghlacadh, measfar go mbeidh idirbheart déanta aige le duine ag a bhfuil an t-údarás chun íocaíocht nó maoin a ghlacadh, mura rud é go bhfuil a fhios aige nach bhfuil inneachar an Deimhnithe cruinn nó mura bhfuil sé ar an eolas faoi neamhchruinneas den sórt sin mar thoradh ar mhór-fhaillí.

4.   Maidir le duine a luafar ina leith sa Deimhniú go bhfuil sé údaraithe maoin chomharbais a dhiúscairt, i gcás ina ndéanfaidh sé an mhaoin sin a dhiúscairt i bhfabhar duine eile, measfar go mbeidh an duine eile sin, má ghníomhaíonn sé ar bhonn na faisnéise a dheimhnítear sa Deimhniú, tar éis idirbheart a dhéanamh le duine atá údaraithe an mhaoin lena mbaineann a dhiúscairt, mura rud é go bhfuil a fhios aige nach cruinn é inneachar an Deimhnithe nó nach bhfuil sé ar an eolas faoi mhíchruinneas den sórt sin mar thoradh ar mhór-fhaillí.

5.   Is doiciméad bailí a bheidh sa Deimhniú chun maoin chomharbais a thaifeadadh i gclár ábhartha Ballstáit, gan dochar do phointí (k) agus pointe d'Airteagal 1(2).

Airteagal 70

Cóipeanna deimhnithe den Deimhniú

1.   Coimeádfaidh an t-údarás eisiúna Deimhniú bunaidh agus déanfaidh sé cóip dheimhnithe amháin nó níos mó a chur chuig an iarratasóir agus chuig aon duine a léireoidh leas dlisteanach.

2.   Chun críocha Airteagal 71(3) agus Airteagal 73(2), coimeádfaidh an t-údarás eisiúna liosta de na daoine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe chucu de bhun mhír 1.

3.   Beidh na cóipeanna deimhnithe a eiseofar bailí ar feadh tréimhse teoranta sé mhí agus léireofar an méid sin trí dháta éaga a chur ar an gcóip dheimhnithe. I gcásanna eisceachtúla a bheidh cuí-réasúnaithe, féadfaidh an t-údarás eisiúna, de mhaolú, a chinneadh go mbeidh an tréimhse bailíochta níos faide ná sin. A luaithe a bheidh an tréimhse sin caite, beidh ar aon duine a mbeidh cóip dheimhnithe ina sheilbh aige, chun go mbeidh sé in ann an Deimhniú a úsáid chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 63, cur isteach ar fhadú ar thréimhse bailíochta na cóipe deimhnithe nó cóip dheimhnithe nua a iarraidh ón údarás eisiúna.

Airteagal 71

An Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar

1.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a léireoidh leas dlisteanach nó uaidh féin, an Deimhniú a cheartú i gcás earráide cléireachais.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a léireoidh leas dlisteanach, nó, i gcás inarb indéanta sin faoin dlí náisiúnta, uaidh féin, an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar i gcás ina suífear nach bhfuil an Deimhniú nó eilimintí aonair de cruinn.

3.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú chuige de bhun Airteagal 70(1) a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon cheartú, aon mhodhnú nó aon tarraingt siar ar an Deimhniú.

Airteagal 72

Nósanna imeachta sásaimh

1.   Aon duine a bheidh i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh aon chinntí a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 67.

Aon duine a léireoidh leas dlisteanach, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 71 agus pointe (a) d'Airteagal 73(1).

Déanfar an agóid a thaisceadh os comhair údaráis bhreithiúnaigh i mBallstát an údaráis eisiúna i gcomhréir le dlí an Stáit sin.

2.   Más rud é, mar thoradh ar an agóid dá dtagraítear i mír 1, go suífear nach bhfuil an Deimhniú a eisíodh cruinn, déanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar.

Más rud é, mar thoradh ar an agóid dá dtagraítear i mír 1, go suífear nach raibh údar maith leis an diúltú Deimhniú a eisiúint, déanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an Deimhniú a eisiúint nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an cás a athmheasúnú agus go ndéanfaidh sé cinneadh nua.

Airteagal 73

Fionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe

1.   Féadfaidh na húdaráis seo a leanas éifeachtaí an Deimhnithe a fhionraí:

(a)

an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a léireoidh leas dlisteanach, go dtí go ndéanfar an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 71; nó

(b)

an t-údarás breithiúnach, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a bheidh i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh cinnidh a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 72, go dtí go ndéanfar agóid den sórt sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás breithiúnach gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú chuige de bhun Airteagal 70(1) a chur ar an eolas gan mhoill má dhéantar aon fhionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe.

Le linn an fhionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe, ní fhéadfar cóipeanna deimhnithe breise den Deimhniú a eisiúint.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 74

Fiorú agus foirmiúlachtaí comhchosúla eile

Ní bheidh gá le fiorú ná le foirmiúlacht chomhchosúil eile le haghaidh doiciméad a eisítear i mBallstát i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Airteagal 75

Gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann cheana féin

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí nó ina bpáirtithe iontu an tráth a nglacfar an Rialachán seo agus a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Go háirithe, na Ballstáit is Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha, leanfaidh siad d’fhorálacha an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm in ionad Airteagal 27 den Rialachán seo i ndáil le bailíocht fhoirmiúil uachtanna agus comhuachtanna.

2.   D’ainneoin mhír 1, beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, amhail idir Ballstáit, ar choinbhinsiúin a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

3.   Leis an Rialachán seo, ní chuirfear bac ar Choinbhinsiún an 19 Samhain 1934 idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ina gcuimsítear forálacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir le comharbas, le huachtanna agus le heastáit a riar, arna athbhreithniú leis an gcomhaontú idir-rialtasach idir na Stáit sin an 1 Meitheamh 2012, a bheith á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit is páirtithe ann, a mhéid a fhoráiltear ann don mhéid seo a leanas:

(a)

rialacha maidir leis na gnéithe nós imeachta a bhaineann le heastát a riar mar a shainítear sa Choinbhinsiún iad agus cúnamh maidir leis sin ó údaráis na Stát is Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún; agus

(b)

nósanna imeachta atá simplithe agus níos gasta le haghaidh aitheantas a thabhairt do chinntí in ábhair chomharbais agus le haghaidh a bhforfheidhmiú.

Airteagal 76

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (10).

Airteagal 77

Faisnéis a chuirtear ar fáil don phobal

Déanfaidh na Ballstáit, d'fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála, achoimre ghairid a sholáthar don Choimisiún dá reachtaíocht nó nósanna imeachta náisiúnta maidir le comharbas, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an gcineál údaráis a bheidh inniúil in ábhair chomharbais agus faisnéis faoin gcineál údaráis a bheidh inniúil glacadh le dearbhuithe maidir leis an gcomharbas, le leagáid nó le scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh.

Cuirfidh na Ballstáit bileoga eolais ar fáil freisin ina liostófar na doiciméid nó an fhaisnéis go léir a éilítear de ghnáth chun clárú a dhéanamh ar mhaoin dhochorraithe atá suite ar a chríoch.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí.

Airteagal 78

Faisnéis maidir le mionsonraí teagmhála agus maidir le nósanna imeachta

1.   Faoin 16 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas i bhfios don Choimisiún:

(a)

ainmneacha agus mionsonraí teagmhála na gcúirteanna nó na n-údarás ag a mbeidh an inniúlacht chun déileáil le hiarratais ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus le hachomhairc i gcoinne cinntí ar iarratais den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 50(2);

(b)

na nósanna imeachta maidir leis an gcinneadh a thabharfar ar an achomharc a chonspóid, dá dtagraítear in Airteagal 51;

(c)

an fhaisnéis ábhartha maidir leis na húdaráis a bheidh inniúil chun an Deimhniú a eisiúint de bhun Airteagal 64; agus

(d)

na nósanna imeachta sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 72.

Cuirfidh na Ballstáit aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin in iúl don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear in iúl dó i gcomhréir le mír 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, seachas seoltaí agus mionsonraí teagmhála eile na gcúirteanna agus na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

3.   An fhaisnéis uile a chuirfear i bhfios i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í trí aon slí iomchuí eile, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Airteagal 79

An liosta a bhfuil an fhaisneis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) air a bhunú, agus an liosta a leasú dá éis sin

1.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí a thabharfaidh na Ballstáit, an liosta de na húdaráis eile agus de na gairmithe dlíthiúla eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhunú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon athruithe a dhéanfar dá éis sin ar an eolas atá ar an liosta sin. Leasóidh an Coimisiún an liosta dá réir sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an liosta agus aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   An fhaisnéis uile a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í trí aon slí iomchuí eile, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Airteagal 80

Na fianuithe agus na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagail 46, 59, 60, 61, 65 agus 67 a bhunú, agus iad a leasú dá eis sin

Maidir leis na fianuithe agus na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagail 46, 59, 60, 61, 65 agus 67, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar iad a bhunú, agus a leasú dá éis sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

Airteagal 81

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 82

Athbhreithniú

Faoin 18 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ina mbeidh meastóireacht ar aon fhadhbanna praiticiúla a thiocfaidh chun cinn i ndáil le socraíochtaí comhthreomhara lasmuigh den chúirt maidir le cásanna comharbais i mBallstáit éagsúla nó i ndáil le socraíocht lasmuigh den chúirt i mBallstát amháin a chuirfear i gcrích go comhthreomhar le socraíocht a dhéanfar os comhair cúirte i mBallstát eile. Beidh tograí le haghaidh leasuithe in éineacht leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 83

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comharbas daoine a gheobhaidh bás an 17 Lúnasa 2015 nó dá éis sin.

2.   I gcás ina raibh an dlí is infheidhme maidir lena chomharbas roghnaithe ag an éagach roimh 17 Lúnasa 2015, beidh an rogha sin bailí má chomhlíontar leis an rogha sin na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III nó má tá sé bailí i gcur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a bhí i bhfeidhm, tráth a ndearnadh an rogha, sa Stát ina raibh gnáthchónaí ar an éagach nó in aon cheann de na Stáit a raibh a náisiúntacht aige.

3.   Aon diúscairt maoine tráth báis a bheidh déanta roimh 17 Lúnasa 2015, beidh sé inghlactha agus bailí i dtéarmaí substainteacha agus maidir le foirm má chomhlíontar leis an diúscairt maoine sin na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III nó má tá sé inghlachta agus bailí i dtéarmaí substainteacha agus maidir le foirm i gcur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a bhí i bhfeidhm, tráth a ndearnadh an diúscairt, sa Stát ag a raibh a ghnáthchónaí ag an éagach nó in aon cheann de na Stáit a raibh a náisiúntacht aige nó i mBallstát an údaráis a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas.

4.   Más rud é go ndearnadh an diúscairt maoine roimh 17 Lúnasa 2015 i gcomhréir leis an dlí a d’fhéadfadh a bheith roghnaithe ag an éagach i gcomhréir leis an Rialachán seo, measfar gurb é an dlí sin an dlí a roghnaíodh mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 84

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Lúnasa 2015, seachas i gcás Airteagal 77 agus Airteagal 78, a mbeidh feidhm acu ón 16 Eanáir 2014 agus i gcás Airteagal 79, Airteagal 80 agus Airteagal 81, a mbeidh feidhm acu ón 5 Iúil 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 148.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Iúil 2012.

(3)  IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.

(4)  IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.

(5)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(6)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.

(7)  IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

(8)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(9)  IO L 324, 10.12.2007, lch. 79.

(10)  IO L 160, 30.6.2000, lch. 1.


Top