EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1173

Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro

OJ L 306, 23.11.2011, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 01 Volume 007 P. 236 - 242

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1173/oj

23.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1173/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136, i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is chun leas, go háirithe, Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, beartais eacnamaíocha a sheoladh lena gcuirtear oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta chun cinn agus is chun a leasa freisin beartais lena gcuirfí an t-oibriú sin i mbaol a sheachaint agus is cúram de chuid na mBallstát sin an dá ní sin a dhéanamh.

(2)

Ceadaítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bearta sonracha a ghlacadh sa limistéar euro, ar bearta iad a théann thar na forálacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile, chun oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a áirithiú.

(3)

Leis an taithí a fuarthas agus leis na botúin a rinneadh le linn na chéad deich mbliana den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, léirítear go bhfuil gá le rialachas eacnamaíoch feabhsaithe san Aontas, ar rialachas é ar cheart dó a bheith bunaithe ar thiomantas níos treise do na rialacha agus do na beartais a aontaíodh i gcomhpháirt agus ar chreat níos urrúnta ar leibhéal an Aontais don fhaireachas ar bheartais náisiúnta eacnamaíocha.

(4)

Ba cheart go mbeadh an creat um rialachas eacnamaíoch feabhsaithe bunaithe ar roinnt beartas d’fhás inbhuanaithe agus do phoist, ar beartais iad a bheadh idirnasctha agus comhleanúnach, go háirithe straitéis Aontais d’fhás agus do phoist, lena mbeadh béim ar leith, go háirithe, ar an margadh inmheánach a fhorbairt agus a neartú, an trádáil idirnáisiúnta agus an t-iomaíochas a chothú, Seimeastar Eorpach le haghaidh comhordú neartaithe ar bheartas eacnamaíocha agus buiséadacha, creat éifeachtach chun easnaimh iomarcacha rialtais a chosc agus a cheartú (An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF)), creat urrúnta chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, ceanglais íosta i leith creat buiséadach náisiúnta, agus rialáil fheabhsaithe agus maoirseacht fheabhsaithe ar na margaí airgeadais, lena n-áirítear maoirseacht macrastuamachta ag mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

(5)

Ba cheart go gcomhlánfaí le CCF agus leis an gcreat iomlán um rialachas eacnamaíoch straitéis an Aontais d’fhás agus do phoist agus go mbeadh siad ag luí leí. Níor cheart go bhforálfaí do dhíolúintí ó fhorálacha CCF leis na hidirnaisc idir na snáitheanna éagsúla.

(6)

Ba cheart a mheas gur eilimint d’oibriú cuí agus rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta é margadh inmheánach dinimiciúil a ghnóthú agus a choimeád ar bun.

(7)

Ba cheart go mbeadh ról níos láidre ag an gCoimisiún sa nós imeachta faireachais feabhsaithe maidir le measúnuithe is sonrach do gach Ballstát ar leith, faireachán, misin ar an láthair, moltaí agus foláirimh. Le linn di cinntí a dhéanamh maidir le smachtbhannaí, ba cheart go mbeadh ról na Comhairle teoranta agus ba cheart úsáid a bhaint as vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe.

(8)

Chun idirphlé buan a áirithiú leis na Ballstáit, ar idirphlé é a mbeidh sé d’aidhm aige cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, ba cheart don Choimisiún misin faireachais a chur i gcrích.

(9)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht leathan a dhéanamh ar an gcóras um rialachas eacnamaíoch go tráthrialta, go háirithe maidir le héifeachtacht agus leordhóthanacht a smachtbhannaí. Ba cheart go gcomhlánófaí meastóireachtaí den sórt sin le tograí ábhartha más gá.

(10)

Le linn dó an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún staid eacnamaíoch reatha na mBallstát lena mbaineann a chur san áireamh.

(11)

Ba cheart go n-áireofaí le neartú rialachais eacnamaíoch rannpháirtíocht ní ba dhlúithe agus ní ba thráthúla a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta.

(12)

Féadfar idirphlé eacnamaíoch a bhunú le Parlaimint na hEorpa, lena gcumasófaí don Choimisiún a chuid anailísí a phoibliú agus lena gcumasófaí d’Uachtarán na Comhairle, don Choimisiún agus i gcás inarb iomchuí, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó d’Uachtarán an Ghrúpa Euro plé a dhéanamh. Le díospóireacht phoiblí den sórt sin, d’fhéadfaí a chumasú go ndéanfaí plé ar eifeachtaí iarmharta cinntí náisiúnta agus d’fhéadfaí a chumasú go ndéanfaí piarbhrú poiblí a imirt ar na páirtithe ábhartha. Agus é á aithint aige gurb iad institiúidí ábhartha an Aontais agus a n-ionadaithe contrapháirtithe Pharlaimint na hEorpa i gcomhthéacs an idirphlé seo, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint do Bhallstát is ábhar do mholadh ón gComhairle de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo páirt a ghlacadh i malartú tuairimí. Is faoin mBallstát féin é a chinneadh an nglacfaidh sé páirt i malartú tuairimí den sórt sin nó nach nglacfaidh.

(13)

Tá gá le smachtbhannaí breise chun forfheidhmiú faireachais bhuiséadaigh sa limistéar euro a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba cheart go ndéanfaí leis na smachtbhannaí sin inchreidteacht chreat faireachais fhioscaigh an Aontais a fheabhsú.

(14)

Leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart sásraí atá cóir, tráthúil, céimnithe agus éifeachtach a áirithiú ionas go gcomhlíonfaí na codanna coisctheacha agus ceartaitheacha de CCF, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus comhordú beartas eacnamaíoch, a neartú (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, i gcás ina scrúdaítear comhlíonadh an smachta bhuiséadaigh ar bhonn critéar maidir leis an easnamh rialtais agus ar bhonn critéar maidir le fiachas rialtais (5).

(15)

Leis na smachtbhannaí faoin Rialachán seo is smachtbhannaí atá bunaithe ar an gcuid choisctheach de CCF i leith Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ba cheart go ndéanfaí dreasachtaí a sholáthar chun coigeartú don chuspóir buiséadach meántéarmach agus chun an cuspóir sin a choimeád ar bun.

(16)

Chun go ndíspreagfaí mífhaisnéis a thabhairt, cibé a thugtar an mhífhaisnéis d’aonghnó nó mar gheall ar mhórfhaillí, maidir le sonraí easnaimh rialtais agus sonraí fiachais rialtais, ar sonraí iad is ionchur sár-riachtanach do chomhordú beartais eacnamaíoch san Aontas, ba cheart fíneálacha a ghearradh ar Bhallstáit atá freagrach as.

(17)

Chun forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha lena ríomhtar fíneálacha mar gheall ar mhí-ionramháil staidrimh, mar aon leis na rialacha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint ag an gCoimisiún chun gníomhaíochtaí den sórt sin a imscrúdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le critéir mhionsonraithe chun méid na fíneála a bhunú agus chun imscrúduithe an Choimisiúin a dhéanamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéantar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(18)

I ndáil leis an gcuid choisctheach de CCF, ba cheart an coigeartú don chuspóir buiséadach meántéarmach a áirithiú, agus ba cheart a áirithiú freisin go gcloítear leis an gcuspóir sin, trí oibleagáid a fhorchur ar Bhallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige agus nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh aige maidir le comhdhlúthú buiséadach chun taisce úsmhar a thaisceadh ar bhonn sealadach. Ba cheart déanamh amhlaidh i gcás ina n-imíonn Ballstát go suntasach ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ó chonair iomchuí an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin, lena n-áirítear Ballstát ar lú a easnamh ná 3 % de luach tagartha na hOlltáirgeachta Intíre (OTI), agus ina mainníonn sé an diall a cheartú.

(19)

A luaithe is atá an Chomhairle sásta go bhfuil deireadh tagtha leis an staid as a d’eascair an oibleagáid ar dá bharr a taisceadh an taisce sin, ba cheart an taisce úsmhar a forchuireadh a scaoileadh, in éineacht leis an ús a fabhraíodh ina leith, leis an mBallstát lena mbaineann.

(20)

Maidir leis an gcuid cheartaitheach de CCF, ba cheart, i gcás smachtbhannaí i leith Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, gurb é a bheadh i gceist leis na smachtbhannaí sin oibleagáid taisce neamhúsmhar, a bheadh nasctha le cinneadh ón gComhairle lena suitear go bhfuil easnamh iomarcach ann, a thaisceadh, más rud é go bhfuil taisce úsmhar forchurtha cheana féin ar an mBallstát lena mbaineann faoin gcuid choisctheach de CCF nó i gcásanna neamhchomhlíonadh fíor-thromchúiseacha i leith na n-oibleagáidí beartais buiséadach atá leagtha síos i gCCF, nó go mbeadh oibleagáid ann fíneáil a íoc i gcás neamhchomhlíonadh molta ón gComhairle go ndéanfaí easnamh rialtais iomarcach a cheartú.

(21)

Chun cur i bhfeidhm cúlghabhálach na smachtbhannaí faoin gcuid choisctheach de CCF dá bhforáiltear sa Rialachán seo a sheachaint, níor cheart go mbeadh feidhm acu ach amháin maidir leis na cinntí ábhartha arna nglacadh ag an gComhairle faoi Rialachán (CE) Uimh 1466/97 agus ar cinntí iad arna nglacadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ar an gcuma chéanna, chun cur i bhfeidhm cúlghabhálach na smachtbhannaí faoin gcuid cheartaitheach de CCF dá bhforáiltear sa Rialachán seoa sheachaint, níor cheart go mbeadh feidhm acu ach amháin maidir leis na moltaí ábhartha agus leis na cinntí ábhartha chun easnamh rialtais iomarcach a cheartú, ar moltaí agus cinntí iad arna nglacadh ag an gComhairle tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(22)

Ba cheart méid na dtaiscí úsmhara, méid na dtaiscí neamhúsmhara agus méid na bhfíneálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a leagan síos ar shlí ar dá réir a bhféadfaí céimniú cóir smachtbhannaí a áirithiú i gcodanna coisctheacha agus ceartaitheacha CCF agus ar dá réir a bhféadfaí dreasachtaí leordhóthanacha a sholáthar do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu creat fioscach an Aontais a chomhlíonadh. Is éard a bheidh sna fíneálacha faoi Airteagal 126(11) CFAE agus mar atá sonraithe in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, comhpáirt sheasta arb ionann í agus 0,2 % d’OTI agus comhpháirt athraitheach. Sa chaoi sin, áirithítear céimniú agus cóir chomhionann idir Bhallstáit más ionann an taisce úsmhar, an taisce neamhúsmhar agus an fhíneáil a shonraítear sa Rialachán seo agus 0,2 % den OTI, arb éard é méid chomhpháirt sheasta na fíneála arb ann dó faoi Airteagal 126(11) CFAE.

(23)

Ba cheart go dtabharfaí féidearthacht don Chomhairle na smachtbhannaí arna bhforchur ar Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a laghdú nó a chur ar ceal ar bhonn molta ón gCoimisiún tar éis iarraidh réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann. Sa chuid cheartaitheach de CCF, ba cheart freisin go bhféadfadh an Coimisiún a mholadh méid an smachtbhanna a laghdú nó go gcuirfí ar ceal é ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla.

(24)

Ba cheart an taisce neamhúsmhar a scaoileadh nuair a cheartaítear an t-easnamh iomarcach agus ba cheart an t-ús ar taiscí den sórt sin agus na fíneálacha a bailíodh a shannadh do shásraí cobhsaíochta chun cúnamh airgeadais a sholáthar, ar sásraí iad arna gcruthú ag na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú.

(25)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinntí aonair a ghlacadh chun na smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar chuid de chomhordú ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát arna seoladh laistigh den Chomhairle, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 121(1) CFAE, tá na cinntí aonair sin ina ndlúthchuid den obair leantach ar na bearta a ghlac an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE agus le hAirteagal 126 CFAE agus le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

(26)

Ós rud é go bhfuil rialacha ginearálta sa Rialachán seo maidir le forfheidhmiú éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, ba cheart é a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 121(6) CFAE.

(27)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córas smachtbhannaí a chruthú, chun forfheidhmiú na gcodanna coisctheacha agus na gcodanna ceartaitheacha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis sa limistéar euro a neartú a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach leis an Rialachán seo córas smachtbhannaí chun forfheidhmiú na gcodanna coisctheacha agus na gcodanna ceartaitheacha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis sa limistéar euro a neartú.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis” an córas faireachais iltaobhaigh mar atá eagraithe le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97;

(2)

ciallaíonn “an chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis” an nós imeachta chun easnaimh Ballstáit iomarcacha a sheachaint mar a rialáiltear í le hAirteagal 126 CFAE agus le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;

(3)

ciallaíonn “imthosca eacnamaíocha eisceachtúla” imthosca ina meastar go bhfuil farasbarr i leith easnaimh rialtais, ar farasbarr é atá thar an luach tagartha, eisceachtúil de réir bhrí an dara fleasc de phointe (a) d’Airteagal 126(2) CFAE agus faoi mar atá sonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

CAIBIDIL II

AN tIDIRPHLÉ EACNAMAÍOCH

Airteagal 3

An tIdirphlé eacnamaíoch

Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó Uachtarán an Ghrúpa euro láithriú os comhair an choiste chun cinntí a rinneadh de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo a phlé.

Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint don Bhallstát a mbaineann cinntí den sórt sin leis, páirt a ghlacadh i malartú tuairimí.

CAIBIDIL III

SMACHTBHANNAÍ SA CHUID CHOISCTHEACH DEN CHOMHSHOCRÚ COBHSAÍOCHTA AGUS FÁIS

Airteagal 4

Taiscí úsmhara

1.   Má ghlacann an Chomhairle cinneadh lena suitear gur mhainnigh Ballstát gníomhú mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh 1466/97, déanfaidh an Coimisiún moladh don Chomhairle, laistigh de 20 lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle, go ndéanfadh an Chomhairle, le cinneadh dá éis sin, a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann taisce úsmhar arb ionann é agus 0,2 % dá OTI sa bhliain roimhe sin a thaisceadh leis an gCoimisiún.

2.   Measfar an cinneadh lena gceanglaítear taisceadh a dhéanamh a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinneann sí, trí thromlach cáilithe, an moladh ón gCoimisiún a dhiúltú laistigh de 10 lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an moladh ón gCoimisiún a leasú, agus an téacs arna leasú amhlaidh a ghlacadh mar chinneadh ón gComhairle.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis iarraidh réasúnaithe arna díriú ag an mBallstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún laistigh de 10 lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle lena suitear gur mhainnigh Ballstát gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, a mholadh don Chomhairle méid na taisce úsmhaire a laghdú nó an taisce úsmhar a chur ar ceal.

5.   Beidh an taisce úsmhar faoi réir ráta úis lena léireofar riosca creidmheasa an Choimisiúin agus an tréimhse ábhartha infheistíochta.

6.   Mura bhfuil an staid is cúis leis an moladh ón gComhairle, is moladh maidir le mainneachtain, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, ann a thuilleadh, cinnfidh an Chomhairle, ar bhonn mholadh dá éis sin ón gCoimisiún, go ndéanfar an taisce agus an t-ús a fabhraíodh uirthi a thabhairt ar ais don Bhallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an moladh dá éis sin ón gCoimisiún a leasú.

CAIBIDIL IV

SMACHTBHANNAÍ SA CHUID CHEARTAITHEACH DEN CHOMHSHOCRÚ COBHSAÍOCHTA AGUS FÁIS

Airteagal 5

Taiscí neamhúsmhara

1.   Má chinneann an Chomhairle, ag gníomhú di faoi Airteagal 126(6) CFAE, go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát, ar Ballstát é a rinne taisce úsmhar a thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo, nó i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis neamhchomhlíonadh fíor-thromchúiseach a aithint i ndáil leis na hoibleagáidí um beartas buiséadach, ar oibleagáidí iad a leagtar síos in CCF, molfaidh an Coimisiún, laistigh de 20 lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle go ndéanfadh an Chomhairle, trí chinneadh dá éis sin, a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann, taisce neamhúsmhar arb ionann é agus 0,2 % dá OTI sa bhliain roimhe sin a thaisceadh leis an gCoimisiún.

2.   Measfar an cinneadh lena gceanglaítear taisceadh a dhéanamh a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinneann sí, trí thromlach cáilithe, an moladh ón gCoimisiún a dhiúltú laistigh de 10 lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an moladh ón gCoimisiún a leasú, agus an téacs arna leasú amhlaidh a ghlacadh mar chinneadh ón gComhairle.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó tar éis iarraidh réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann arna dhíriú chuig an gCoimisiún laistigh de 10 lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(6) CFAE dá dtagraítear i mír 1, a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle méid na taisce neamhúsmhaire a laghdú nó an taisce neamhúsmhar a chur ar ceal.

5.   Déanfar an taisce a thaisceadh leis an gCoimisiún. Má tá an Ballstát tar éis taisce úsmhar a thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4, déanfar an taisce úsmhar sin a thiontú ina taisce neamhúsmhar.

Más rud é gur mó méid taisce úsmhaire a taisceadh i gcomhréir le hAirteagal 4 agus an úis a fabhraíodh uirthi ná méid na taisce neamhúsmhaire a bheidh le taisceadh faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfar an farasbarr ar ais don Bhallstát.

Más rud é gur mó méid na taisce neamhúsmhaire ná méid taisce úsmhaire a taisceadh i gcomhréir le hAirteagal 4 mar aon leis an ús a fabhraíodh uirthi, íocfaidh an Ballstát an ghannchion nuair a thaisceann sé an taisce neamhúsmhar.

Airteagal 6

Fíneálacha

1.   Más rud é go gcinneann an Chomhairle, ag gníomhú di faoi Airteagal 126(8) CFAE, nach ndearna Ballstát aon ghníomhaíocht éifeachtach chun an t-easnamh iomarcach atá aige a cheartú, molfaidh an Coimisiún, laistigh de 20 lá ón tráth a glacadh an cinneadh sin, go ndéanfadh an Chomhairle fíneáil a fhorchur, le cinneadh dá eis sin, arb ionann í agus 0,2 % d’OTI an Bhallstáit sa bhliain roimhe sin.

2.   Measfar an cinneadh lena ndéantar fíneáil a fhorchur a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinneann sí, trí thromlach cáilithe, an moladh ón gCoimisiún a dhiúltú laistigh de 10 lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an moladh ón gCoimisiún a leasú, agus an téacs arna leasú amhlaidh a ghlacadh mar chinneadh ón gComhairle.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó tar éis iarraidh réasúnaithe arna dhéanamh ag an mBallstát lena mbaineann, ar iarraidh í arna díriú ar an gCoimisiún laistigh de 10 lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(8) CFAE dá dtagraítear i mír 1, a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle méid na fíneála a laghdú nó an fhíneáil a chur ar ceal.

5.   I gcás ina ndearna an Ballstát taisce neamhúsmhar a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfar an taisce neamhúsmhar a thiontú san fhíneáil.

Más rud é gur mó méid taisce neamhúsmhaire is taisce a rinneadh a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 5 ná méid na fíneála, tabharfar an farasbarr ar ais don Bhallstát.

Más rud é gur mó méid na fíneála ná méid taisce neamhúsmhaire a taisceadh i gcomhréir le hAirteagal 5, nó más rud é nár taisceadh aon taisce neamhúsmhar, íocfaidh an Ballstát an ghannchion nuair a íocann sé an fhíneáil.

Airteagal 7

Na taiscí neamhúsmhara a thabhairt ar ais

Má chinneann an Chomhairle, ag gníomhú di faoi Airteagal 126(12) CFAE, roinnt dá cinntí nó a cinntí uile a aisghairm, déanfar aon taisce neamhúsmhar arna taisceadh leis an gCoimisiún a thabhairt ar ais don Bhallstát lena mbaineann.

CAIBIDIL V

SMACHTBHANNAÍ A BHAINEANN LE MÍ-IONRAMHÁIL STAIDRIMH

Airteagal 8

Smachtbhannaí a bhaineann le mí-ionramháil staidrimh

1.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, fíneáil a fhorchur ar Bhallstát a thugann mífhaisnéis, cibé a dhéantar sin d’aonturas nó trí mhórfhaillí, i leith sonraí i ndáil le heasnamh agus le fiachas, ar sonraí iad atá ábhartha maidir le hAirteagal 121 CFAE nó le hAirteagal 126 CFAE a chur i bhfeidhm nó maidir leis an bPrótacal um easnamh iomarcach atá i gceangal le CAE agus le CFAE a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach i dtaca le cineál, tromchúis agus le tréimhse tugtha na mífhaisnéise. Ní rachaidh méid na fíneála thar 0,2 % d’OTI an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Féadfaidh an Coimisiún na himscrúduithe go léir is gá a sheoladh chun a shuí an ann don mhífhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh sé a chinneadh imscrúdú a thionscnamh má fhaigheann sé go bhfuil gach cosúlacht ann i dtaobh fíricí a bheith ann a d’fhéadfadh bheith ina mífhaisnéis den sórt sin. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an mífhaisnéis arna toimhdean agus aon tráchtaí a thíolaic an Ballstát lena mbaineann á gcur san áireamh. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát faisnéis a sholáthar agus féadfaidh sé cigireachtaí ar an láthair a sheoladh agus rochtain a fháil ar chuntais eintitis uile rialtais ar an leibhéal lárnach, ar leibhéal an stáit, ar an leibhéal áitiúil agus ar léibhéal na slándála sóisialta. Má cheanglaítear le dlí an Bhallstáit lena mbaineann údarú breithiúnach roimh ré i gcomhair cigireachtaí ar an láthair, déanfaidh an Coimisiún na hiarratais is gá.

Ar chríochnú a imscrúdaithe, agus sula ndéanfaidh sé aon togra a thíolacadh don Comhairle, tabharfaidh an Coimisiún an deis don Bhallstát lena mbaineann éisteacht a fháil i ndáil leis na hábhair atá faoi imscrúdú. Is ar na fíricí sin amháin a raibh an deis ag an mBallstát lena mbaineann trácht a dhéanamh ina leith a bheidh an togra chuig an gComhairle bunaithe.

Déanfaidh an Coimisiún cearta cosanta an Bhallstáit lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir mhionsonraithe lena mbunaítear méid na fíneála dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na nósanna imeachta le haghaidh na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 3, leis na bearta gaolmhara agus le tuarascáil a dhéanamh ar na himscrúduithe;

(c)

rialacha nós imeachta mionsonraithe, arb í is aidhm dóibh na cearta cosanta, rochtain ar chomhad, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha maidir le huainiú mar aon le bailiú na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1, a ráthú.

5.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón gComhairle lena ndéantar fínealacha a fhorchur faoi mhír 1. Féadfaidh sí an fhíneáil arna forchur amhlaidh a neamhniú, a laghdú nó a ardú.

CAIBIDIL VI

CINEÁL RIARACHÁIN NA SMACHTBHANNAÍ AGUS AN tÚS AGUS NA FÍNEALACHA A DHÁILEADH

Airteagal 9

Cineál riaracháin na smachtbhannaí

Beidh na smachtbhannaí arna bhforchur de bhun Airteagail 4 go 8 de chineál riaracháin.

Airteagal 10

An t-ús agus na fíneálacha a dháileadh

Beidh an t-ús a thuilleann an Coimisiún ar thaiscí arna dtaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 5 agus na fíneálacha arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8 ina n-ioncam eile, mar a thagraítear dó in Airteagal 311 CFAE, agus sannfar an t-ioncam sin don tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais. Nuair a bheidh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu tar éis sásra cobhsaíochta eile a chruthú chun cúnamh airgeadais a sholáthar d’fhonn cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú, sannfar an t-ús agus na fíneálacha don sásra sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 8(4), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ón 13 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Vótáil i dtionól na Comhairle

1.   I gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6 agus 8, ní vótálfaidh ach comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus gníomhóidh an Chomhairle gan vóta an chomhalta a ionadaíonn don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh.

2.   Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na Comhairle dá dtagraítear i mír 1 a shainiú i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 238(3) CFAE.

Airteagal 13

Athbhreithniú

1.   Faoin 14 Nollaig 2014 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcumasófaí don Chomhairle agus don Choimisiún gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar staideanna ina bhfuil baol ann go gcuirfí oibriú rianúil an aontais airgeadaíochta i gcontúirt;

(b)

an dul chun cinn a rinneadh i dtaca le comhordú níos dlúithe beartas eacnamaíoch a áirithiú agus i dtaca le cóineasú marthanach fheidhmíochtaí eacnamaíocha na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin.

3.   Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4.   Roimh dheireadh na bliana 2011 tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an bhféidearthacht go dtabharfaí “euro-urrúis” isteach.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 150, 20.5.2011, lch. 1.

(2)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 46.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2011.

(4)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

(5)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.


Top