EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R1095

Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún

OJ L 331, 15.12.2010, p. 84–119 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 06 Volume 004 P. 241 - 276

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj

15.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/84


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1095/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le linn na géarchéime airgeadais a bhí ann in 2007 agus in 2008, nochtadh easnaimh mhóra sa mhaoirseacht airgeadais, i gcásanna ar leith agus sa chóras airgeadais ina iomláine. Tá na samhlacha maoirseachta atá ann ar bhonn náisiúnta go mór chun deiridh ar an domhandú airgeadais agus ar fhíorstaid chomhtháite agus idirnasctha mhargaí airgeadais na hEorpa ar margaí iad ina bhfuil cuid mhór institiúidí airgeadais ag oibriú thar theorainneacha. Nocht an ghéarchéim go bhfuil easnaimh ann sna réimsí seo a leanas: an comhar, an comhordú, cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ar bhonn comhsheasmhach agus muinín idir maoirseoirí náisiúnta.

(2)

Roimh an ngéarchéim airgeadais, agus lena linn, d’iarr Parlaimint na hEorpa go rachfaí i dtreo maoirseachta Eorpaí níos comhtháite, chun fíorchothromaíocht a áirithiú do na gníomhaithe go léir ar leibhéal an Aontais agus chun go léireofaí comhtháthú méadaitheach na margaí airgeadais san Aontas (agus iarradh amhlaidh i rúin éagsúla uaithi, eadhon, rún an 13 Aibreán 2000 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil leis an gcreat do mhargaí airgeadais a chur chun feidhme: Plean Gníomhaíochta (4), rún an 21 Samhain 2002 maidir leis na rialacha maoirseachta stuamachta san Aontas Eorpach (5), rún an 11 Iúil 2007 maidir leis an mbeartas seirbhísí airgeadais (2005-2010) – Páipéar Bán (6), rún an 23 Meán Fómhair 2008 maille le moltaí don Choimisiún ar chistí fálaithe agus ar chothromas príobháideach (7) agus rún an 9 Deireadh Fómhair 2008 maille le moltaí don Choimisiún ar bhearta leantacha Lamfalussy: an struchtúr maoirseachta amach anseo (8), agus i seasaimh eagsúla uaithi, eadhon, seasamh an 22 Aibreán 2009 maidir leis an togra leasaithe le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (9) agus seasamh an 23 Aibreán 2009 maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa (10)).

(3)

I mí na Samhna 2008, thug an Coimisiúin sainordú do Ghrúpa Ardleibhéil, faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière, moltaí a dhéanamh i dtaobh conas socraithe maoirseachta Eorpacha a neartú d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt do na saoránaigh agus d’fhonn muinín sa chóras airgeadais a athbhunú. Ina thuarascáil deiridh a tíolacadh ar an 25 Feabhra 2009 (Tuarascáil de Larosière), mhol an Grúpa Ardleibhéil gur ghá an creat maoirseachta a neartú chun laghdú a dhéanamh ar an riosca agus ar an déine a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí. Mhol sé ardleibhéil athchóirithe a dhéanamh ar struchtúr na maoirseachta a dhéantar ar an earnáil airgeadais san Aontas. Mheas an grúpa freisin gur cheart Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a chruthú, arbh é a bheadh ann ná trí Údarás Maoirseachta Eorpacha, is é sin le rá, ceann amháin d’earnáil na baincéireachta, ceann amháin d’earnáil na n-urrús agus ceann amháin d’earnáil an árachais agus na bpinsean ceirde, agus mhol sé go gcruthófaí Comhairle Eorpach um Riosca Sistéamach. Léirigh an tuarascáil na hathchóirithe a mheas na saineolaithe a bheith riachtanach agus a mbeadh obair le tosú orthu láithreach.

(4)

Ina Theachtaireacht an 4 Márta 2009 dar teideal “Driving European Recovery”, mhol an Coimisiún dréachtreachtaíocht a chur ar aghaidh chun córas Eorpach maoirseachta airgeadais agus bord Eorpach um riosca sistéamach a chruthú. Ina Theachtaireacht an 27 Bealtaine 2009 dar teideal “European Financial Supervision”, soláthraíodh níos mó mionsonraí faoin struchtúr a d’fhéadfaí a chur ar chreat maoirseachta nua den sórt sin, rud a léirigh bunbhrí thuarascáil de Larosière.

(5)

Ina conclúidí an 19 Meitheamh 2009, dhaingnigh an Chomhairle Eorpach gur cheart go mbunófaí Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais ina mbeadh trí Údarás Maoirseachta Eorpacha nua. Ba cheart go mbeadh an córas dírithe ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na maoirseachta náisiúnta a uasghrádú, ar fhormhaoirseacht ar ghrúpaí trasteorann a neartú agus ar leabhar aonair rialacha Eorpacha a bhunú a bheadh infheidhme maidir le gach rannpháirtí margaidh airgeadais sa mhargadh inmheánach. D’áitigh an Chomhairle go tréan gur cheart go mbeadh cumhachtaí maoirseachta ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha i dtaca le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa freisin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tograí nithiúla a ullmhú faoin tslí ina bhféadfadh ról láidir a bheith ag an gCóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais i gcás staideanna géarchéime a bheith ann, ach d’áitigh sí go tréan freisin nár cheart go gcuirfeadh cinntí a dhéanann na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha isteach ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát. Tá Togra i gcomhair Rialacháin lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (11) tíolactha ag an gCoimisiún. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an togra sin a bhreithniú chun a áirithiú go mbeidh cumhachtaí maoirseachta leordhóthanacha ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“an tÚdarás” anseo feasta), á mheabhrú dóibh gur cheart go ndéanfadh an tÚdarás cumhachtaí maoirseachta eisiacha a chuirtear faoina chúram i Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a fhorfheidhmiú ar na Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí iomchuí ag an Údarás chun imscrúdú agus forfheidhmiú a dhéanamh de réir mar a shonraítear sa reachtaíocht ábhartha, chomh maith leis an bhféidearthacht go ngearrfar táillí.

(6)

An 17 Meitheamh 2010, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach “gur cheart do Bhallstáit córas tobhach agus cánacha ar institiúidí airgeadais a thabhairt isteach chun comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú agus chun dreasachtaí a chruthú chun srian a chur leis an riosca sistéamach. Ba cheart go mbeadh tobhaigh nó cánacha den sórt sin ina gcuid inchreidte de chreat i gcomhair réitithe. Is gá tuilleadh oibre a dhéanamh go práinneach ar na príomhghnéithe ina leith sin agus ba cheart saincheisteanna na cothromaíochta agus tionchair charnacha na mbeart rialála éagsúil a mheasúnú go cúramach”.

(7)

Mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch, tá riosca réadach tromchúiseach do chobhsaíocht an chórais airgeadais agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun iontaoibh agus comhleanúnachas sa mhargadh inmheánach a chaomhnú agus, sa dóigh sin, chun na dálaí a chaomhnú agus a fheabhsú maidir le bunú margaidh inmheánaigh atá iomlán lánchomhtháite agus lánfheidhmiúil i réimse na seirbhísí airgeadais, is réamhriachtanas daingean é go ndéanfaí córas cobhsaí iontaofa airgeadais a aisiriú agus a chothabháil. Thairis sin, tugann margaí airgeadais atá níos dlúithe agus níos comhtháite deiseanna níos fearr chun maoinithe agus chun éagsúlaithe riosca, agus ar an gcaoi sin cabhraíonn siad feabhas a chur ar chumas na ngeilleagar turraingí a sheasamh.

(8)

Ní féidir leis an Aontas tuilleadh a dhéanamh faoin stádas reatha atá ag Coistí na Maoirseoirí Eorpacha. Ní féidir leis an Aontas a thuilleadh glacadh le staid a fhágann nach bhfuil aon sásra ann lena áirithiú go ndéanfaidh na maoirseoirí náisiúnta na cinntí maoirseachta is fearr is féidir do na rannpháirtithe margaidh airgeadais trasteorann i gcás nach bhfuil comhar leordhóthanach ná malartú faisnéise dóthanach ann idir na maoirseoirí náisiúnta; más rud é, i gcás gníomhaíochta comhpháirtí ar thaobh údarás náisiúnta, go bhfuil gá le socruithe casta chun éagsúlacht na gceanglas rialála agus maoirseachta a chur san áireamh; i gcás inar minic gur réitigh náisiúnta an t-aon rogha féideartha amháin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna ar leibhéal an Aontais, agus i gcás ina bhfuil léirmhínithe éagsúla ann ar an téacs dlí céanna. Ba cheart an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (“an CEMA” anseo feasta) a cheapadh chun na heasnaimh sin a shárú agus chun córas a sholáthar atá i gcomhréir leis an gcuspóir go mbeadh margadh cobhsaí aonair airgeadais Aontais ann le haghaidh seirbhísí airgeadais, agus na maoirseoirí náisiúnta nasctha le chéile dá bharr laistigh de ghréasán láidir Aontais.

(9)

Ba cheart go mbeadh an CEMA ina ghréasán comhtháite d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus d’údaráis mhaoirseachta Aontais agus ba cheart go bhfágfaí an mhaoirseacht laethúil ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart freisin go mbainfí amach comhchuibhiú níos fearr agus cur i bhfeidhm comhleanúnach na rialacha do na rannpháirtithe margaidh airgeadais ar fud an Aontais. De bhreis ar an Údarás, ba cheart Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), mar aon le Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (“an Comhchoiste” anseo feasta), a bhunú. Ba cheart go mbeadh Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (“an BERS” anseo feasta) ina chuid den CEMA chun críocha na gcúraimí de réir mar a shonraítear sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(10)

Ba cheart go dtógfadh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (dá ngairtear le chéile “na ÚMEanna” anseo feasta) ionad Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (13), ionad Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Cheirde Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (14) agus ionad Choiste na Rialtóirí Urrús Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (15), agus ba cheart go dtógfaidís cúraimí agus inniúlachtaí uile na gcoistí sin chucu féin lena n-áirítear leanúint ar aghaidh le hobair leanúnach agus le tionscadail leanúnacha, i gcás inarb iomchuí sin. Ba cheart raon feidhme ghníomhaíochtaí gach ceann ar leith de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a shainiú go soiléir. Ba cheart go mbeadh na ÚMEanna cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I gcás ina mbaineann an chuntasacht sin le saincheisteanna trasearnála arna gcomhordú tríd an gComhchoiste, ba cheart go mbeadh na ÚMEanna cuntasach trí Údarás, tríd an gComhchoiste, as an gcomordú sin.

(11)

Ba cheart don Údarás gníomhú d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, go háirithe trí leibhéal ard, éifeachtach, comhsheasmhach rialála agus maoirseachta a áirithiú, agus aird á tabhairt ar leasanna éagsúla na mBallstát go léir agus ar na cineálacha éagsúla rannpháirtithe margaidh airgeadais. Ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás luachanna poiblí a chosaint, amhail cobhsaíocht an chórais airgeadais, trédhearcacht na margaí agus na dtáirgí airgeadais agus cosaint taisceoirí agus infheisteoirí. Chomh maith leis sin, ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás arbatráiste rialála a chosc agus ba cheart dó cothromaíocht a ráthú, agus comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú, ar mhaithe leis an ngeilleagar i gcoitinne, lena n-áirítear institiúidí airgeadais agus geallsealbhóirí, tomhaltóirí agus fostaithe eile. Ba cheart go n-áireofaí ar a chúraimí chomh maith cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus comhairle a sholáthar d’institiúidí an Aontais i réimsí rialála agus maoirseachta na baincéireachta, na n-íocaíochtaí agus an r-airgid, chomh maith le saincheisteanna gaolmhara an rialachais chorparáidigh, na hiniúchóireachta agus an tuairiscithe airgeadais. Ba cheart go gcuirfí de chúram ar an Údarás freisin freagrachtaí áirithe i dtaca le gníomhaíochtaí nua airgeadais agus gníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana.

(12)

Ba cheart freisin go mbeadh an tÚdarás in ann toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe airgeadais atá ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó ar chobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear sa Rialachán seo. Más gá don Údarás toirmeasc sealadach den sórt sin a dhéanamh i gcás staid éigeandála a bheith ann, ba cheart don Údarás déanamh amhlaidh i gcomhréir leis na coinníollacha agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcásanna a mbeidh tionchar trasearnála ag toirmeasc sealadach nó ag srian sealadach a chuirtear ar ghníomhaíochtaí áirithe airgeadais, ba cheart go ndéanfaí foráil le reachtaíocht earnálach gur cheart don Údarás, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus a ghníomhaíocht a chomhordú leo, agus go ndéanfaí sin tríd an gComhchoiste.

(13)

Ba cheart go dtabharfadh an tÚdarás aird chuí ar thionchar a chuid gníomhaíochtaí ar an iomaíocht agus ar an nuálaíocht laistigh den mhargadh inmheánach, ar iomaíochas domhanda an Aontais, ar uilechuimsitheacht airgeadais agus ar straitéis nua an Aontais do phoist agus don fhorás.

(14)

Chun a chuid cuspóirí a chomhall, ba cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach ag an Údarás mar aon le huathriail riaracháin agus airgeadais.

(15)

Ar bhonn obair comhlachtaí idirnáisiúnta, ba cheart riosca sistéamach a shainmhíniú mar riosca go dtarlódh suaitheadh sa chóras airgeadais ar suaitheadh é a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar. Is maith a d’fhéadfadh, go pointe áirithe, gach cineál idirghabhálaí airgeadais agus gach cineál margaidh agus bonneagair a bheith suntasach go sistéamach.

(16)

Áirítear le riosca trasteorann gach riosca a tharlaíonn de bharr neamhchothromaíochtaí eacnamaíochta nó clistí sa chóras airgeadais ina iomláine san Aontas, nó i gcodanna den Aontas, ar nithe iad a bhféadfadh iarmhairtí suntasacha diúltacha a bheith acu do na hidirbhearta idir oibreoirí eacnamaíochta in dhá Bhallstát nó níos mó, ar d’fheidhmiú an mhargaidh imheánaigh nó do chistí poiblí an Aontais nó aon cheann dá Bhallstáit.

(17)

Ina breithiúnas dar dáta an 2 Bealtaine 2006 i gCás C-217/04 (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh), chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar a leanas: “nach intuigthe as aon ní i bhfoclaíocht Airteagal 95 CE [Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) anois] gurb iad na Ballstáit aonair, agus iad sin amháin, seolaithe na mbeart arna nglacadh ag reachtas an Chomhphobail ar bhonn na forála sin. Féadfaidh an reachtas a mheas gur gá foráil a dhéanamh maidir le comhlacht Comhphobail a bhunú a bheidh freagrach as rannchuidiú le cur chun feidhme próisis comhchuibhiúcháin i gcásanna inar dealraitheach gurb iomchuí bearta neamhcheangailteacha tacaíochta agus creata a ghlacadh chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na ngníomhartha atá bunaithe ar an bhforáil sin a éascú” (16). Tá cuspóir agus cúraimí an Údaráis – cuidiú a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla chun rialacha an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, agus rannchuidiú leis an gcobhsaíocht airgeadais is gá don chomhtháthú airgeadais – nasctha go dlúth le cuspóirí acquis an Aontais a bhaineann le margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais. Ba cheart an tÚdarás a bhunú, dá bhrí sin, ar bhonn Airteagal 114 CFAE.

(18)

Leis na gníomhartha reachtacha seo a leanas, leagtar síos na cúraimí atá ar údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear an comhar idir na húdaráis féin agus idir na húdaráis agus an Coimisiún: Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (17), Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (18), Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (19), Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le comhshocraíochtaí comhthaobhacha airgeadais (20), Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (21), Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (22), Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (23), Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (24), Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht caipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (25), gan dochar d’inniúlacht an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) i dtaca le maoirseacht stuamachta, Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (26), aon reachtaíocht sa todhchaí i réimse Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

(19)

Maidir le reachtaíocht Aontais atá ann cheana agus lena ndéantar rialáil ar an réimse atá cumhdaithe faoin Rialachán seo, áirítear inti freisin Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais (27), Treoir 98/78/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar ghnóthais árachais i ngrúpa árachais (28), Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir le faisnéis ar an íocóir a ghabhann le haistrithe cistí (29), agus na codanna ábhartha de Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (30), agus de Threoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí (31).

(20)

Is inmhianaithe go gcuirfeadh an tÚdarás cur chuige comhsheasmhach chun cinn i réimse na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí chun cothromaíocht a áirithiú do na hinfheisteoirí ar fud an Aontais. Toisc go bhfuil scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi réir formhaoirseachta sna Ballstáit éagsúla ina bhfuil siad seachas faoi réir maoirseachta rialála, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann a chumhachtaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo maidir leis an scéim cúitimh d’infheisteoirí agus maidir lena n-oibreoir.

(21)

I gcomhréir leis an Dearbhú (Uimh. 39) maidir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, tá cúnamh de chineál saineolais theicniúil, i bhfoirm a bhaineann go sonrach leis an réimse seirbhísí airgeadais, ag teastáil chun caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt. Is gá cead a thabhairt don Údarás saineolas den sórt sin a sholáthar lena n-áirítear saineolas i dtaca le caighdeáin nó codanna de chaighdeáin nach bhfuil bunaithe ar dhréachtchaighdeán teicniúil rialála atá forbartha ag an Údarás é féin.

(22)

Tá gá le hionstraim éifeachtach a thabhairt isteach chun caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe rialála a bhunú sna seirbhísí airgeadais ionas go ndéanfar, trí leabhar rialacha aonair freisin, cothromaíocht a áirithiú agus cosaint leordhóthanach a thabhairt do thaisceoirí, d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe aige, is éifeachtúil agus is iomchuí é forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach bhfuil baint acu le roghanna beartais, a chur mar chúram ar an Údaráis sna réimsí sin atá sainithe le dlí an Aontais.

(23)

Ba cheart don Choimisiún tacú leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin trí bhíthinn gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun go mbeidh éifeacht cheangailteach leo ó thaobh dlí. Níor cheart iad a leasú ach amháin in imthosca an-srianta agus urghnácha, ós rud é gurb é an tÚdarás an gníomhaí a bheidh i ndlúth-theagmháil leis na margaí airgeadais ó lá go lá agus gurb é is fearr atá eolach ar fheidhmiú na margaí sin ó lá go lá. Bheadh na dréachtchaighdéain theicniúla rialála faoi réir a leasaithe dá mbeidís ar neamhréir le dlí an Aontais, dá mba rud é nach mbeadh prionsabal na comhréireachta á urramú leo nó dá mba rud é go mbeidís contrártha do phrionsabail bhunúsacha an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí airgeadais mar a léirítear in acquis an Aontais a bhaineann le reachtaíocht seirbhísí airgeadais. Níor cheart don Choimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás. Chun próiseas rianúil gasta a áirithiú i ndáil le glacadh na gcaighdeán sin, ba cheart go mbeadh cinneadh an Choimisiúin chun tacú le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi réir teorann ama.

(24)

I bhfianaise an tsaineolais theicniúil atá ag an Údarás sna réimsí inar cheart caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart aird a thabhairt ar an rún sonraithe atá ag an gCoimisiún chun brath de ghnáth ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuireann an tÚdarás faoina bhráid d’fhonn go nglacfaí na gníomhartha tarmligthe comhfhreagracha. I gcásanna nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach sa ghníomh reachtach ábhartha, áfach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar toradh na gcumhachtaí tarmligthe a bhaint amach iarbhír agus go ndéantar éifeachtúlacht an phróisis cinnteoireachta a chothabháil. Sna cásanna sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún dá bhrí sin caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh in éagmais dréachta ón Údarás.

(25)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún freisin caighdeáin teicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme faoi Airteagal 291 CFAE.

(26)

I réimsí nach bhfuil cumhdaithe le caighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme, ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an Údarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Chun trédhearcacht a áirithiú agus chun comhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí sin ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a neartú, ba cheart go bhféadfadh an tÚdarás na cúiseanna le neamhchomhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí sin ar thaobh údarás maoirseachta a fhoilsiú.

(27)

Tá áirithiú chur i bhfeidhm cuí iomlán dhlí an Aontais ina réamhriachtanas lárnach do shláine, do thrédhearcacht, d’éifeachtúlacht agus d’fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais, do chobhsaíocht an chórais airgeadais, agus do dhálaí neodracha iomaíochta le haghaidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart sásra a bhunú trína dtabharfaidh an tÚdarás aghaidh ar chásanna ina dtarlaíonn sé nach gcuirtear an dlí an Aontais i bhfeidhm nó ina gcuirtear i bhfeidhm go m*icheart é, ionas go ndéantar sárú air. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an sásra sin sna réimsí sin ina bhfuil oibleagáidí soiléire neamhchoinníollacha arna sainiú i ndlí an Aontais.

(28)

Chun gur féidir freagairt chomhréireach a thabhairt ar chásanna ina dtarlaíonn sé nach gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go cuí nó go leordhóthanach, ba cheart go mbeadh feidhm ag sásra trí chéim. Mar chéad chéim, ba cheart go gcumhachtófaí don Údarás imscrúdú a dhéanamh ar aon chás ina líomhnaítear nach ndearna údaráis náisiúnta a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go cuí nó go leordhóthanach sa chleachtas maoirseachta atá acu agus moladh a dhéanamh mar chonclúid leis an imscrúdú sin. Mar dara chéim, i gcás nach ndéanann an t-údarás inniúil náisiúnta de réir an mholta, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún tuairim fhoirmiúil a eisiúint, agus moladh an Údaráis á chur san áireamh aige, ar tuairim í lena gceanglófaí ar an údarás inniúil na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

(29)

Mar thríú céim, chun staideanna eisceachtúla ina bhfuil easpa gníomhaíochta leanúnach i gceist leis an údarás inniúil lena mbaineann a shárú, ba cheart go gcumhachtófaí don Údarás, mar rogha dheireanach, cinntí a ghlacadh atá dírithe ar rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair. Ba cheart go mbeadh an chumhacht sin teoranta d’imthosca eisceachtúla, is é sin, i gcás nach gclomhlíonann údarás inniúil ann tuairim fhoirmiúil a díríodh air agus ina bhfuil dlí an Aontais infheidhme go díreach maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais, de bhua rialacháin an Aontais atá ann cheana nó a bheidh ann sa todhchaí.

(30)

Tá freagairt thapa chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais ag teastáil i gcás bagairtí tromchúiseacha a bheith ann ar fheidhmiú ordúil nó ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an tÚdarás in ann a cheangal ar údaráis mhaoirseachta náisiúnta gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun staid éigeandála a leigheas. Ba cheart an chumhacht chun a chinneadh go bhfuil staid éigeandála ann a thabhairt don Chomhairle, tar éis iarraidh á fháil ó aon cheann de na ÚMEanna, ón gCoimisiún nó ón BERS.

(31)

Ba cheart, freisin, go mbeadh an tÚdarás in ann a cheangal ar údaráis mhaoirseachta náisiúnta gníomhaíocht shonrach a dhéanamh chun staid éigeandála a leigheas. Ba cheart go mbeadh an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an tÚdarás ina leith seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE chun imeachtaí um shárú a thionscnamh in aghaidh Bhallstát an údaráis mhaoirseachta sin mar gheall ar mhainneachtain ar a thaobh an ghníomhaíocht sin a dhéanamh agus beidh sé gan dochar do cheart an Choimisiúin in imthosca den sórt sin bearta eatramhacha a lorg i gcomhréir le rialacha nós imeachta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sí gan dochar d’aon dliteanas a d’fhéadfadh an Ballstát sin a thabhú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh más rud é go mainníonn a chuid údarás maoirseachta an ghníomhaíocht a éilíonn an tÚdarás a dhéanamh.

(32)

Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil, éifeachtach agus go ndéanfar seasaimh na n-údarás inniúil sna Ballstáit éagsúla a bhreithniú go cothrom, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann easaontais a réiteach i gcás staideanna trasteorann a bheith ann idir na húdaráis inniúla sin, lena n-áirítear easaontais laistigh de choláistí maoirseoirí, agus go mbeadh éifeacht cheangailteach leis an réiteach sin. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse idir-réitigh a bhféadfadh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú lena linn. Ba cheart go gcumhdódh inniúlacht an Údaráis easaontais maidir le nós imeachta nó inneachar aon ghníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta ar thaobh údaráis inniúil Ballstáit i gcásanna a shonraítear i ngníomhartha an Aontais a bhfuil ceangal dlí leo agus dá dtagraítear sa Rialachán seo. I staid den sórt sin, ba cheart go mbeadh ceann amháin de na maoirseoirí atá i gceist i dteideal an tsaincheist a tharchur chuig an Údarás agus ba cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go gcumhachtófaí don Údarás a cheangal ar na húdaráis inniúla gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach ionas go n-áirithítear go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus go mbeadh éifeachtaí ceangailteacha leis an méid sin do na húdaráis inniúla lena mbaineann. Más rud é nach gcomhlíonann údarás inniúil an cinneadh réitigh a dhírítear air, ba cheart go gcumhachtófaí don Údarás cinntí a ghlacadh atá dírithe ar rannpháirtithe margaidh airgeadais sna réimsí sin de dhlí an Aontais is infheidhme go díreach maidir leo. Maidir leis an gcumhacht chun cinntí den sórt sin a ghlacadh, níor cheart go mbeadh feidhm aici ach amháin mar rogha dheireanach agus, sa chás sin, níor cheart go mbeadh feidhm aici ach amháin chun feidhmiú cuí, comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú. I gcásanna ina dtugann reachtaíocht ábhartha an Aontais lánrogha d’údaráis inniúla na mBallstát, ní féidir cinntí arna nglacadh ag an Údarás a chur in ionad fheidhmiú na lánrogha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(33)

Mar thoradh ar an ngéarchéim, tá cruthúnas ann, maidir le hinstitiúidí airgeadais a oibríonn thar theorainneacha, nach leor an córas reatha le haghaidh chomhair idir na húdaráis náisiúnta a bhfuil a gcuid cumhachtaí teoranta do na Ballstáit aonair.

(34)

Tá sé daingnithe ag Grúpaí Saineolaithe, arna mbunú ag Ballstáit chun cúiseanna na géarchéime a scrúdú agus chun moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar rialáil agus ar mhaoirsiú na hearnála airgeadais, nach ionann na socruithe reatha agus bonn fónta chun rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais sa todhchaí.

(35)

De réir mar a léirítear i dTuarascáil de Larosière, “go bunúsach, tá dhá rogha againn: an chéad cheann ná réitigh an tochrais ar a gceirtlín féin agus bochtú na gcomharsan; nó an dara ceann, comhar feabhsaithe, pragmatach, ciallmhar Eorpach ar mhaithe le cách chun geilleagar oscailte domhanda a chaomhnú. Tiocfaidh gnóchain dhearfa eacnamaíochta as sin.”

(36)

Tá ról tábhachtach ag coláistí maoirseoirí i dtaca le maoirseacht éifeachtúil, éifeachtach agus chomhsheasmhach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais a oibríonn thar theorainneacha. Ba cheart go rannchuideodh an tÚdarás le feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí a chur chun cinn agus, maidir leis sin, ba cheart go mbeadh ról ceannasach aige maidir le feidhmiú comhleanúnach, comhsheasmhach na gcoláistí maoirseachta a áirithiú do na hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh cearta iomlána rannpháirtíochta ag an Údarás sna coláistí maoirseoirí d’fhonn feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí agus an próiseas malartaithe faisnéise i gcoláistí a shruthlíniú agus d’fhonn cóineasú agus comhsheasmhacht a chothú thar na coláistí le linn dóibh dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. De réir mar a luaitear i dTuarascáil de Laroisière, “ní mór saobhadh san iomaíocht agus arbatráiste rialála a eascraíonn as cleachtais mhaoirseachta éagsúla a sheachaint, mar go bhféadfaidís an bonn a bhaint de chobhsaíocht airgeadais – inter alia trí spreagadh a thabhairt i leith gníomhaíochtaí airgeadais a aistriú go dtí tíortha ina bhfuil an mhaoirseacht lag. Ní foláir go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil an córas maoirseachta cothrom agus cóir”.

(37)

I réimsí a inniúlachta, ba cheart go rannchuideodh an tÚdarás le forbairt agus comhordú a dhéanamh, agus páirt ghníomhach a ghlacadh san fhorbairt agus sa chomhordú sun, i dtaca le pleananna éifeachtacha agus comhleanúnacha téarnaimh agus réitigh, le nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus le bearta coisctheacha chun inmheánú na gcostas ag an gcóras airgeadais a áirithiú chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh, mar aon le spleáchas ar chistí cáiníocóirí chun tarrtháil a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais, a íoslaghdú. Ba cheart go rannchuideodh sé le mhodhanna a fhorbairt chun príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais atá ag cliseadh a réiteach ar bhealaí ina seachnófaí tógálacht, ina bhféadfaí iad a fhoirceannadh ar mhodh ordúil agus tráthúil, agus i gcás inarb infheidhme, ina n-áirítear sásraí cistiúcháin comhleanúnacha agus inchreidte de réir mar is cuí.

(38)

Mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar Threoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) an 30 Bealtaine 1994 agus ar Threoir 97/9/CE maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, tugtar ar aire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le comhchuibhiú breise a áirithiú ar fud an Aontais. Tugtar ar aire freisin, maidir leis an earnáil árachais, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfar rialacha Aontais a thabhairt isteach chun sealbhóirí polasaí árachais a chosaint í gcás ina gcliseann ar chuideachta árachais. Ba cheart go mbeadh ról tábhachtach ag na ÚMEanna sna réimsí seo agus ba cheart cumhachtaí iomchuí maidir le córais Eorpacha scéimeanna ráthaíochta a thabhairt dóibh.

(39)

Maidir le feidhmiú an ghréasáin maoirseoirí, is féidir le tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a bheith ina uirlis úsáideach chun dúbailt a sheachaint i ndáil le cúraimí maoirseachta, chun comhar a chothú agus, ar an gcaoi sin, chun an próiseas maoirseachta a shruthlíniú, chomh maith leis an ualach a chuirtear ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais a laghdú. Ba cheart, dá bhrí sin, go soláthródh an Rialachán seo bunús dlí soiléir do tharmligean den sórt sin. Agus urraim á tabhairt don riail ghinearálta gur cheart tarmligean a cheadú, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann coinníollacha sonracha a thabhairt isteach maidir le freagrachtaí a tharmligean, mar shampla coinníollacha. i dtaca le faisnéis agus fógra a thabhairt faoi shocruithe an tarmligin. Is ionann tarmligean cúraimí agus a rá go ndéanann an tÚdarás nó údarás maoirseachta náisiúnta, seachas an t-údarás freagrach na cúraimí a chur i gcrích in ionad an údaráis atá freagrach astu, ach go bhfanann an fhreagracht as cinntí maoirseachta faoi chúram an údaráis tarmligin. Trí na freagrachtaí a tharmligean, ba cheart go mbeadh an tÚdarás nó údarás maoirseachta náisiúnta (an tarmligí) in ann cinneadh a dhéanamh maidir le hábhar maoirseachta áirithe ina ainm féin in ionad an údaráis tarmligin. Ba cheart go mbeadh tarmligean faoi réir an phrionsabail a bhaineann le hinniúlacht maoirseachta a dháileadh ar mhaoirseoir atá sa riocht is fearr chun beart a dhéanamh maidir leis an ábhar lena mbaineann. Bheadh sé iomchuí freagrachtaí a athdháileadh, mar shampla, ar chúiseanna a bhaineann le barainneachtaí scála nó réime, le comhleanúnachas i maoirseacht ar ghrúpa, agus le húsáid optamach an tsaineolais theicniúil i measc na n-údarás maoirseachta náisiúnta. Ba cheart go n-aithneodh an t-údarás tarmligin agus údaráis inniúla eile cinntí an tarmligí mar chinntí cinntitheacha má tá na cinntí sin de réir raon feidhme an tarmligin. D’fhéadfaí na prionsabail a bhaineann le freagrachtaí a athdháileadh tar éis teacht ar chomhaontú a shonrú tuilleadh i reachtaíocht ábhartha Aontais. Ba cheart don Údarás na comhaontuithe tarmligin idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a éascú, agus faireachán a dhéanamh orthu, agus úsáid á baint as gach modh iomchuí.

Ba cheart na comhaontuithe tarmligin atá beartaithe a chur in iúl dó roimh ré ionas go mbeidh sé in ann tuairim a thabhairt nuair is iomchuí sin. Ba cheart dó foilsiú comhaontuithe den sórt sin a lárú chun a áirithiú go mbeidh faisnéis thráthúil, thrédhearcach agus inrochtana faoi na comhaontuithe ar fáil do na páirtithe go léir lena mbaineann. Ba cheart dó dea-chleachtais a bhaineann le tarmligean agus comhaontuithe tarmligin a shainaithint agus a scaipeadh.

(40)

Ba cheart don Údarás cóineasú maoirseachta a chothú go gníomhach ar fud an Aontais d’fhonn cultúr coiteann maoirseachta a bhunú.

(41)

Tá athbhreithnithe piaraí ina n-uirlis éifeachtúil agus éifeachtach chun comhsheasmhacht a chothú laistigh den ghréasán maoirseoirí airgeadais. Ba cheart don Údarás, dá bhrí sin, forbairt a dhéanamh ar an gcreat modheolaíoch a bhaineann le hathbhreithnithe den sórt sin agus na hathbhreithnithe sin a dhéanamh ar bhonn rialta. Ba cheart go ndíreodh na hathbhreithnithe ní amháin ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta ach freisin ar chumas na maoirseoirí torthaí ardchaighdeáin maoirseachta a bhaint amach agus, chomh maith leis sin, ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil sin. Ba cheart torthaí na n-athbhreithnithe piaraí a phoibliú, le comhaontú an údaráis inniúil is ábhar don athbhreithniú. Ba cheart na dea-chleachtais a shainaithint agus a phoibliú freisin.

(42)

Ba cheart don Údarás freagairt chomhordaithe mhaoirseachta ar leibhéal Aontais a chur chun cinn go gníomhach, go háirithe chun feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais agus cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a áirithiú. De bhreis ar na cumhachtaí gníomhaíochta atá aige i staideanna éigeandála, ba cheart, dá bhrí sin, feidhm ghinearálta chomhordúcháin laistigh den CEMA a thabhairt don Údarás. Ba cheart go ndíreodh gníomhaíochtaí an Údaráis a háirithe ar shreabhadh rianúil na faisnéise ábhartha go léir idir na húdaráis inniúla.

(43)

Chun cobhsaíocht airgeadais a choimirciú is gá treochtaí, rioscaí ionchasacha agus leochaileachtaí a thig ón stuamacht ar an micrileibhéal, thar theorainneacha agus thar earnálacha, a shainaithint ag céim go luath. Ba cheart don Údarás faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí den sórt sin sa réimse inniúlachta atá aige agus, nuair is gá, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile agus an BERS a chur ar an eolas ar bhonn rialta agus, más gá, ar bhonn ad hoc. Ba cheart don Údarás, freisin, i gcomhar leis an BERS, tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú chun measúnú a dhéanamh ar chumas na rannpháirtithe margaidh airgeadais déileáil le forbairtí dochracha margaidh agus ba cheart dó a áirithiú go gcuirfear modheolaíocht atá chomh comhsheasmhach agus is féidir i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin. Chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh i gceart, ba cheart don Údarás anailísí eacnamaíochta a dhéanamh ar na margaí agus ar an tionchar a bheadh ag forbairtí ionchasacha sa mhargadh.

(44)

I bhfianaise dhomhandú na seirbhísí airgeadais agus na tábhachta méadaithe atá ag caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart don Údarás idirphlé agus comhar le maoirseoirí lasmuigh den Aontas a chothú. Ba cheart go gcumhachtófaí dó teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta agus le lucht riaracháin tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus, ag an am céanna lánurraim a bheith aige do na róil agus do na hinniúlachtaí faoi seach atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais cheana féin. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht in obair an Údaráis oscailte do thíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas ar comhaontuithe iad lenar ghlac siad dlí an Aontais agus lena bhfuil dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu, agus ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann comhoibriú le tríú tíortha a bhfuil reachtaíocht á chur i bhfeidhm acu atá aitheanta mar reachtaíocht atá coibhéiseach le reachtaíocht an Aontais.

(45)

Ba cheart don Údarás fónamh mar chomhlacht comhairleach neamhspleách do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige. Gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás inniúil lena mbaineann, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann a thuairim a thabhairt ar mheasúnú stuamachta cumasc agus éadálacha faoi Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 ar mhargaí in ionstraimí airgeadais (23), arna leasú le Treoir 2007/44/CE (33), sna cásanna sin ina gceanglaítear leis an Treoir sin go ndéanfar comhairliúchán idir údaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó.

(46)

Chun a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart go mbeadh an ceart ag an Údarás gach faisnéis riachtanach a iarraidh. Chun go bhféadfaidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais dúbailt na n-oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arb iad is gaire do na margaí airgeadais agus do na rannpháirtithe margaidh airgeadais an fhaisnéis sin a sholáthar de ghnáth agus ba cheart staidreamh atá ann cheana a chur san áireamh. Mar rogha dheireanach, áfach, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann a iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe, a dhíriú go díreach chuig institiúid airgeadais i gcás nach ndéanann údarás inniúil náisiúnta, nó nach féidir le húdarás inniúil náisiúnta, faisnéis den sórt sin a sholáthar go tráthúil Ba cheart go mbeadh oibleagáid ar údaráis na mBallstát cuidiú leis an Údarás le linn iarrataí díreacha den sórt sin a fhorfheidhmiú Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach go ndéanfaí an obair ar fhormáidí coiteanna i ndáil le tuairisciú. Maidir leis na bearta le haghaidh faisnéis a bhailiú, ba cheart go mbeidís gan dochar do chreat dlíthiúil an Chórais Staidrimh Eorpaigh ná don Chóras Eorpach Banc Ceannais i réimse an staidrimh. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (34) ná do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (35).

(47)

Tá dlúthchomhar idir an tÚdarás agus an BERS riachtanach chun éifeacht iomlán a thabhairt d’fheidhmiú an BERS agus chun go ndéanfar de réir na rabhadh agus na moltaí a thagann uaidh. Ba cheart don Údarás agus don BERS aon fhaisnéis ábhartha a pháirtiú lena chéile. Níor cheart sonraí a bhaineann le gnóthais aonair a sholáthar ach amháin tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil. Tar éis rabhaidh nó moltaí arna ndíriú ag an BERS chuig an Údarás nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta a fháil, ba cheart don Údarás a áirithiú go ndéanfar beart de réir mar is iomchuí.

(48)

Ba cheart don Údarás dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir le caighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme, maidir le treoirlínte agus maidir le moltaí agus deis réasúnach a thabhairt dóibh a dtuairimí a nochtadh ar na bearta atá beartaithe. Sula nglacfar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí ba cheart don Údarás staidéar tionchair a dhéanamh. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a úsáid chun na críche sin, agus ba cheart go mbeadh sé ionadaíoch, go cothrom, do rannpháirtithe margaidh airgeadais, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), d’acadóirí agus do thomhaltóirí, agus d’úsáideoirí eile miondíola seirbhísí airgeadais. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí mar chomhéadán i gcomhair idirphlé le grúpaí úsáideoirí eile i réimse na seirbhísí airgeadais arna mbunú ag an gCoimisiún nó le reachtaíocht an Aontais.

(49)

Ba cheart go bhfaigheadh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara nó ar acadóirí iad cúiteamh leordhóthanach ionas go bhféadfaidh daoine nach bhfuil cistiú go leor ar fáil dóibh nó nach ionadaithe de chuid tionscal iad páirt iomlán a ghlacadh sa díospóireacht ar rialáil airgeadais.

(50)

Tá freagracht lárnach ar na Ballstáit as bainistiú comhordaithe géarchéime a áirithiú agus as cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú le linn staideanna géarchéime, go háirithe maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair atá ag cliseadh a chobhsú agus a réiteach. Maidir leis na cinntí a dhéanann an tÚdarás i staideanna éigeandála nó socraíochta a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúide airgeadais, níor cheart go gcuirfidís isteach ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát. Ba cheart sásra a bhunú trína bhféadfadh na Ballstáit an choimirce sin a agairt agus, sa deireadh, an t-ábhar a thabhairt os comhair na Comhairle chun cinneadh fháil ina leith. Níor cheart go ndéanfaí an sásra coimirce sin a dhroch-úsáid áfach, go háirithe i ndáil le cinneadh a dhéanann an tÚdarás agus nach bhfuil tionchar suntasach ná ábharthach fioscach aige, amhail laghdú ar ioncam atá nasctha le toirmeasc sealadach ar ghníomhaíochtaí sonracha nó ar tháirgí sonracha chun tomhaltóirí a chosaint. Nuair atá cinntí á ndéanamh aici faoin sásra coimirce, ba cheart don Chomhairle vótáil a dhéanamh i gcomhréir leis an bprionsabal ar dá réir atá vóta amháin ag gach comhalta. Is iomchuí ról a thabhairt don Chomhairle san ábhar seo i bhfianaise na bhfreagrachtaí ar leith atá ar na Ballstáit ina leith sin. I bhfianaise íogaireacht na saincheiste, ba cheart socruithe dochta rúndachta a áirithiú

(51)

Ina chuid nósanna imeachta cinnteoireachta, ba cheart go mbeadh an tÚdarás faoi cheangal ag rialacha an Aontais agus faoin bprionsabal ginearálta a bhaineann le próis chuí agus le trédhearcacht. Ba cheart lánurraim a thabhairt don cheart atá ag seolaithe chinntí an Údaráis chun éisteacht a fháil. Ba cheart go mbeadh gníomhartha an Údaráis ina gcuid dhílis de dhlí an Aontais.

(52)

Ba cheart go mbeadh Bord Maoirseoirí a bheidh comhdhéanta de chinn na n-údarás inniúil ábhartha i ngach Ballstát, agus é faoi chathaoirleacht Chathaoirleach an Údaráis, ina phríomhorgán cinnteoireachta san Údarás. Ba cheart go mbeadh ionadaithe de chuid an Choimisiúin, an BERS, an Bhainc Cheannais Eorpaigh, an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta) a bheith rannpháirteach i gcáil breathnadóirí. Ba cheart go ngníomhódh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an Aontais amháin.

(53)

Mar riail ghinearálta, ba cheart don Bhord Maoirseoirí a chinntí a dhéanamh le tromlach simplí i gcomhréir leis an bprionsabal ar dá réir atá vóta amháin ag gach comhalta. Ar a shon sin, i gcás gníomhartha de chineál ginearálta, lena n-áirítear na gníomhartha sin a bhaineann le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí, i gcás nithe a bhaineann le cúrsaí buiséadacha, agus chomh maith le sin, maidir le hiarrataí ó Bhallstát athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh ón Údarás toirmeasc nó srian sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe, is iomchuí na rialacha maidir le vótáil trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach sa Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go ndéanfadh painéal, srianta oibiachtúil, scrúdú ar chásanna a bhaineann le socrú easaontais idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta; ar painéal é a bheadh comhdhéanta de chomhaltaí nach ionadaithe de chuid na n-údarás inniúil ar páirtithe iad san easaontas ná nach bhfuil aon leas acu sa choimhlint ná nach bhfuil naisc dhíreacha acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht iomchuí ann i gcomhdhéanamh an phainéil. Ba cheart an cinneadh arna dhéanamh ag an bpainéal a fhormheasta le tromlach simplí i gcomhréir leis an bprionsabal ar dá réir atá vóta amháin ag gach comhalta. Maidir le cinntí arna ndéanamh ag maoirseoir comhdhlúthúcháin, áfach, d’fhéadfaí diúltú don chinneadh a bheidh molta ag an bpainéal i gcás ina bhfuil mionlach blocála vótaí ann de réir mar a shainítear in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha.

(54)

Ba cheart go ndéanfadh Bord Bainistíochta atá comhdhéanta de Cathaoirleach an Údaráis agus d’ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ón gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tÚdarás a mhisean agus go ndéanfaidh sé na cúraimí sin a shanntar dó a chur i gcrích. Ba cheart go dtabharfaí na cumhachtaí is gá don Bhord Bainistíochta chun go mbeidh sé in ann, inter alia, an clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheartú, cumhachtaí buiséadacha áirithe a fheidhmiú, plean beartais foirne an Údaráis a ghlacadh, forálacha speisialta a ghlacadh maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid agus an tuarascáil bhliantúil a bheartú.

(55)

Ba cheart go bhfeidhmeodh Cathaoirleach lánaimseartha mar ionadaí don Údarás agus é arna cheapadh ag an mBord Maoirseoirí.ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais agus le rialáil airgeadais tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, arna eagrú agus arna bhainistiú ag an mBord Maoirseoirí, le cúnamh ón gCoimisiún. Chun Chéad Chathaoirleach an Údaráis a ainmniú, ba cheart don Choimisiún, inter alia, gearrliosta iarrthóirí a tharraingt suas ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais agus le rialáil airgeadais. I gcás na n-ainmniúchán ina dhiaidh sin, ba cheart an deis a bheidh ann go ndéanfadh an Coimisiún gearrliosta a tharraingt suas a athbhreithniú i dtuarascáil a bheidh le bunú de bhun an Rialacháin seo. Sula rachaidh an duine a bheidh roghnaithe i mbun a dhualgas, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí é a roghnú, ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh ainmniú an duine sin tar éis éisteacht a thabhairt dó.

(56)

Ba cheart bainistiú an Údaráis a chur de chúram ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ba cheart go mbeadh an ceart ag an Stiúrthóir sin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta gan cead vótála a bheith aige.

(57)

Chun comhsheasmhacht trasearnála i ngníomhaíochtaí na ÚMEanna a áirithiú, ba cheart go ndéanfaidís comhordú dlúth le chéile trí Chomhchoiste agus ba cheart go dtiocfaidís ar chomhsheasaimh nuair is iomchuí sin. Ba cheart don Chomhchoiste feidhmeanna na ÚMEanna a chomhordú i dtaca leis na hilchuideachtaí airgeadais agus i dtaca le nithe trasearnála eile. Ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha, gníomhartha a thagann freisin faoi réim inniúlacht an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a ghlacadh an tráth céanna. Ba cheart go mairfeadh téarma chathaoirleacht an Chomhchoiste ar feadh téarma 12 mhí agus go n-eagrófaí an chathaoirleacht ar bhonn uainíochta idir Cathaoirligh na ÚMEanna. Ba cheart go mbeadh Cathaoirleach an Chomhchoiste ina Leas-Chathaoirleach ar an BERS. Ba cheart go mbeadh sainfhoireann ag an gComhchoiste, arna soláthar ag na ÚMEanna, rud éascóidh malartú faisnéise neamhfhoirmiúil agus forbairt cur chuige maoirseachta lena ngabhann cultúr maoirseachta coiteann a fhorbairt ar fud na ÚMEanna.

(58)

Is gá a áirithiú go bhféadfaidh na páirtithe a ndéanann cinntí arna nglacadh ag an Údarás difear dóibh leas a bhaint na leigheasanna is gá. Chun cearta páirtithe a chosaint go héifeachtach agus ar mhaithe le gontacht nós imeachta, i gcás ina bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta ag an Údarás, ba cheart, go ndéanfaí ceart achomhairc chuig Bord Achomhairc a dheonú do pháirtithe. Ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht agus comhsheasmhacht, ba cheart go mbeadh an Bord Achomhairc ina chomhlacht comhpháirteach de chuid na ÚMEanna, agus go mbeadh sé neamhspleách ar struchtúr riaracháin agus ar struchtúr rialála na dtrí Údarás sin. Maidir le cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Achomhairc, ba cheart go bhféadfaí achomharc a dhéanamh ina choinne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(59)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán a áirithiú don Údarás, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt dó agus go dtiocfadh a ioncam go formhór ó ranníocaíochtaí éigeantacha ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ó Bhuiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh. Tá maoiniú an Údaráis faoi réir a chomhaontaithe ag an údarás buiséadach i gcomhréir le Pointe 47 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (36). Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhme. Ba cheart go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais a iniúchadh. Tá an buiséad foriomlán faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh.

(60)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an Údarás ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (37). Ba cheart don Údarás aontú freisin do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (38).

(61)

Chun coinníollacha fostaíochta oscailte agus trédhearcacha agus cóir chomhionann don fhoireann a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm maidir le foireann iomlán an Údaráis ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach (39).

(62)

Tá sé riachtanach go ndéanfar rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile a chosaint. Ba cheart go mbeadh rúndacht na faisnéise a chuirtear ar fáil don Údarás agus a mhalartaítear sa ghréasán faoi réir rialacha rúndachta atá daingean agus éifeachtach.

(63)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus i ndáil le saorghluaiseacht na sonraí sin (40) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (41), tá siad infheidhme go hiomlán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo.

(64)

Chun oibriú trédhearcach an Údaráis a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an Údarás ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (42).

(65)

Ba cheart cead a thabhairt do thríú tíortha páirt a ghlacadh in obair an Údaráis i gcomhréir le comhaontuithe iomchuí a bheidh le tabhairt i gcrích ag an Aontas.

(66)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí leibhéal ard, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála stuamachta agus maoirseachta a áirithiú, trí thaisceoirí agus infheisteoirí a chosaint, trí shláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosaint, trí chobhsaíocht an chórais airgeadais a chothabháil, agus trí chomhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(67)

Ba cheart go nglacfadh an tÚdarás chuige féin na cúraimí agus na cumhachtaí go léir atá ag Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún a aisghairm ar an dáta a mbunófar an tÚdarás, agus ba cheart Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena mbunaítear clár Comhphobail chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta (43) a leasú dá réir. I bhfianaise struchtúir agus oibríochtaí Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha atá ann cheana féin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh comhar an-dlúth ann idir Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha agus an Coimisiún nuair a bheidh socruithe idirthréimhseacha iomchuí á mbunú, chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse ina mbeidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh an Údaráis ó thaobh riaracháin de chomh gearr agus is féidir.

(68)

Is iomchuí é teorainn ama a leagan síos chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an tÚdarás ullmhaithe go leordhóthanach chun tús a chur lena chuid oibríocht agus le haistriú rianúil ó Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha. Ba cheart an tÚdarás a mhaoiniú go hiomchuí. Ba cheart, ag an tús ar a laghad go ndéanfaí an maoiniú sin trí 40 % ó chistí an Aontais agus 60 % ó ranníocaíochtaí ó Bhallstáit, arna ndéanamh i gcomhréir le hualú na vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha.

(69)

Ionas go bhféadfar an tÚdarás a bhunú an 1 Eanáir 2011, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

BUNÚ AN ÚDARÁIS AGUS STÁDAS DLÍTHIÚIL

Airteagal 1

Bunú agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“an tÚdarás” anseo feasta).

2.   Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 97/9/CE, Threoir 98/26/CE, Threoir 2001/34/CE, Threoir 2002/47/CE, Threoir 2003/6/CE, Theoir 2003/71/CE, Threoir 2004/39/CE, Threoir 2004/109/CE, Threoir 2009/65/CE, agus Threoir 2006/49/CE gan dochar d’inniúlacht an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) i dtaca le maoirseacht stuamachta, aon reachtaíochta sa todhchaí i réimse réimse Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM), agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a mhéad a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomh-infheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, agus gníomhóidh sé faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/87/CE, Threoir 2005/60/CE, Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh eile Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás

3.   Gníomhóidh an tÚdarás freisin i réimse gníomhaíochtaí na rannpháirtithe margaidh i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach sna gníomhartha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear nithe a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht agus tuairisciú airgeadais, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanfaidh an tÚdarás riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach. Déanfaidh an tÚdarás gníomhaíocht chuí freisin i gcomhthéacs tairiscintí táthcheangail, imréitigh agus socraíochta agus saincheisteanna a bhaineann le díorthaigh.

4.   Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

5.   Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidíu a thabhairt maidir le le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás leis na nithe seo a leanas:

(a)

feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,

(b)

sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,

(c)

comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,

(d)

arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,

(e)

a áirithiú go ndéantar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar na rioscaí infheistíochta agus ar na rioscaí eile a ghlactar, agus

(f)

cosaint do thomhaltóirí a fheabhsú.

Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás, lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta, le tuairimí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún agus le hanailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar na margaí chun gnóthú chuspóir an Údaráis a chur chun cinn.

I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.

Le linn a chuid cúraimí a chomhall, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách agus go hoibiachtúil agus ar mhaithe le leasa an Aontais amháin.

Airteagal 2

An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais

1.   Beidh an tÚdarás ina chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA). Is é an príomhchuspóir a bheidh ag CEMA ná a áirithiú go ndéantar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín sa chóras airgeadais ina iomláine agus cosaint leordhóthanach do chustaiméirí na seirbhísí airgeadais a áirithiú.

2.   Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), chun críocha na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 (44) agus sa Rialachán seo;

(b)

an tÚdarás;

(c)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45);

(d)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46);

(e)

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (“Comhchoiste”), chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 54 go hAirteagal 57 den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 a chomhlíonadh;

(f)

na húdaráis inniúla nó na húdaráis mhaoirseachta sna Ballstáit de réir mar a shonraítear sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

3.   Comhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth leis an BERS agus, chomh maith leis sin, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) tríd an gComhchoiste, chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht trasearnála oibre ann agus chun teacht ar chomhsheasaimh i réimse na maoirseachta ar ilchuideachtaí airgeadais agus maidir le saincheisteanna trasearnála eile.

4.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu.

5.   Beidh oibleagáid ar na húdaráis mhaoirseachta sin ar páirtí sa CEMA iad maoirseacht a dhéanamh ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais a oibríonn san Aontas i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Cuntasacht na nÚdarás

Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) go (d) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “rannpháirtí margaidh airgeadais” aon duine a bhfuil ceanglas atá sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó i ndlí náisiúnta lena gcuirtear gníomhartha den sórt sin chun feidhme infheidhme maidir leis;

(2)

ciallaíonn “príomhrannpháirtí margaidh airgeadais” rannpháirtí margaidh airgeadais a bhfuil tionchar suntasach ag a ghníomhaíocht rialta nó a inmharthanacht airgeadais ar chobhsaíocht, ar shláine nó ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais san Aontas Eorpach, nó ar dóigh dá ghníomhaíocht rialta nó dá inmharthanacht airgeadais tionchar den sórt sin a bheith aici;

(3)

ciallaíonn “údaráis inniúla”:

(i)

údaráis inniúla agus/nó údaráis mhaoirseachta arna sainmhíniú sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(ii)

maidir le Treoir 2002/65/CE agus Treoir 2005/60/CE, na húdaráis atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna ceanglais na dTreoracha sin;

(iii)

maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, ciallaíonn sé comhlachtaí a riarann scéimeanna náisiúnta cúitimh de bhun Threoir 97/9/CE, nó i gcás ina bhfuil oibriú na scéime cúitimh d’infheisteoirí á riar ag cuideachta phríobháideach, ciallaíonn sé an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin, de bhun na Treorach sin

Airteagal 5

Stádas dlíthiúil

1.   Beidh an tÚdarás ina chomhlacht Aontais ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Feidhmeoidh Cathaoirleach an Údaráis thar ceann an Údaráis.

Airteagal 6

Comhdhéanamh

Beidh an tÚdarás comhdhéanta díobh seo a leanas:

(1)

Bord Maoirseoirí a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 43;

(2)

Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;

(3)

Cathaoirleach a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 48;

(4)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 53;

(5)

Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 60.

Airteagal 7

Suíomh

Is i bPáras a bheidh suíomh an Údaráis.

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS

Airteagal 8

Cúraimí agus Cumhachtaí an Údaráis

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag an Údarás:

(a)

rannchuidiú a thabhairt maidir le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí thuairimí a sholáthar d’institiúidí an Aontais agus trí threoirlínte, trí mholtaí agus trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt, ar caighdeáin iad a bheidh bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b)

rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, trína áirithiú go gcuirtear na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, trí arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil a dhéanamh agus easaontais idir údaráis inniúla a réiteach, trí mhaoirseacht éifeachtach chomhsheasmhach na rannpháirtithe margaidh airgeadais a áirithiú, trí fheidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;

(c)

tarmligean cúraimí agus freagrachtaí i measc údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú;

(d)

comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;

(e)

anailísí piara-athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh, lena n-áirítear treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(f)

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a chuid inniúlachtaí;

(g)

anailísí eacnamaíocha ar na margaí a dhéanamh mar mhodh chun faisnéis a fháil le linn don Údarás a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;

(h)

cosaint infheisteoirí a chothú;

(i)

rannchuidiú a thabhairt maidir le feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí, le faireachán, measúnú agus tomhas a dhéanamh ar an riosca sistéamach, le pleananna téarnaimh agus réitigh a fhorbairt agus a chomhordú, le hardleibhéal cosanta a sholáthar d’infheisteoirí ar fud an Aontais, agus modhanna a fhorbairt chun rannpháirtithe margaidh airgeadais atá ag cliseadh a réiteach agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hionstraimí maoiniúcháin iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;

(j)

aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;

(k)

faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi rannpháirtithe margaidh airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;

(l)

gach cúram atá ag Coiste na Rialtóirí Urrús Eorpach (CRUE), idir chúraimí reatha agus chúraimí leanúnacha, a ghlacadh chuige féin, de réir mar is iomchuí.

2.   Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:

(a)

chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;

(b)

chun dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)

chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;

(d)

chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(3);

(e)

chun cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);

(f)

i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig rannpháirtithe margaidh airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);

(g)

tuairimí a eisiúnt chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 34;

(h)

an fhaisnéis is gá maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;

(i)

modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar chosaint do thomhaltóirí;

(j)

bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí é de na rannpháirtithe margaidh airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 9

Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais

1.   Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sonraí a bhailiú faoi threochtaí tomhaltóra, anailís a dhéanamh orthu agus tuairisciú orthu;

(b)

athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;

(c)

caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus

(d)

rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise.

2.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn an cleachtas rialála a chóineasú.

3.   Féadfaidh an tÚdarás rabhaidh a eisiúint freisin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht airgeadais ina bagairt thromchúiseach ar na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1(5).

4.   Déanfaidh an tÚdarás Coiste um nuáil airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás agus tiocfaidh na húdaráis inniúla maoirseachta náisiúnta ábhartha go léir le chéile sa Choiste sin d’fhonn cur chuige comhardaithe a aimsiú i dtaca leis an gcóir rialála agus maoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus d’fhonn comhairle a sholáthar don Údarás lena tíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

5.   Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás staid éigeandála a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha, a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe airgeadais atá ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar athnuachan ar an gcinneadh tar éis tréimhse trí mhí, rachaidh an cinneadh in éag go huathoibríoch.

Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh i dtaobh an seasfaidh sé lena chinneadh.

Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

Airteagal 10

Caighdeáin theicniúla rialála

1.   I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin chuig an gCoimisiún chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith.

Beidh na caighdeáin theicniúla rialála teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus beidh a n-inneachar faoi theorainn ag na gníomhartha reachtacha ar a mbeidh siad bunaithe.

Sula dtíolacfaidh an tÚdarás don Choimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

I gcás ina dtíolacfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é.

Laistigh de thrí mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil rialála a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an dtacóidh sé leis. Féadfaidh an Coimisiún tacú go páirteach le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, nó tacú le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan tacú le dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nó tacú leis go páirteach nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, á mhíniú cén fáth nach dtacaíonn sé leis nó, de réir mar a bheidh, á mhíniú cad iad na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin sé seachtaine in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar, nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí dréacht den sórt sin faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua.

3.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún a dhréachtchaighdeán teicniúil rialála chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse sé seachtaine, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha. Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar an dréachtchaighdeáin teicniúil rialála arna n-ullmhú ag an Údarás comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo.

4.   Déanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse ceithre bliana ón 16 Nollaig 2010. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tharmligthe a ullmhú tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.   A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála, tabharfaidh sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 go hAirteagal 14 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh.

Airteagal 12

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige láithreach nó ar an dáta a shonraítear ann ar a dhéanaí. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na gcaighdeán teicniúil rialála atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 13

Agóidí in aghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh caighdéain theicniúil rialála laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dtabharfar an fógra i leith an chaighdeáin teicniúil rialála arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.

I gcás ina nglacann an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála atá mar a chéile leis an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a bheidh tíolactha ag an Údarás, is aon mhí amháin ó dháta an fhógra a bheidh sa tréimhse a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh lena linn. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle déanfar an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag más rud é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh caighdeáin theicniúil rialála laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an caighdeán sin i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála.

Airteagal 14

Gan tacú leis an dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó iad a leasú

1.   I gcás ina dtacaíonn an Coimisiún le dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó go leasaíonn sé é mar a fhoráiltear in Airteagal 10, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin don Údarás, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige.

2.   Más iomchuí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, laistigh de mhí amháin ó dáta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, a iarraidh ar an gCoimisinéir freagrach, mar aon le Cathaoirleach an Údaráis, teacht chuig cruinniú ad hoc le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa nó leis an gComhairle chun a gcuid easaontas a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 15

Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme faoi Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus is é a bheidh ina n-inneachar ná ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith.

Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

I gcás ina dtíolacfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é.

Laistigh de thrí mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an dtabharfar tacaíocht dó. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin. Féadfaidh an Coimisiún tacú go páirteach leis an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, nó tacú leis an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan tacú le dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, nó tacú leis go páirteach nó maille le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, á mhíniú cén fáth nach mbeartaíonn sé tacú leis nó, de réir mar a bheidh, á mhíniú cad iad na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh chuig don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa chúigiú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dhréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   I gcásanna nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí dréacht den sórt sin a chur faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua.

3.   I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den thréimhse sé seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

4.   Déanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.

Airteagal 16

Treoirlínte agus moltaí

1.   D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann, aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a bheidh dírithe ar údaráis inniúla nó ar rannpháirtithe margaidh airgeadais.

2.   I gcás inarb iomchuí, seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na rannpháirtithe margaidh airgeadais gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.

Laistigh de dhá mhí ón tráth a eiseofar treoirlíne nó moladh, tabharfaidh gach údarás inniúil daingniú i dtaobh an bhfuil an treoirlíne nó an moladh sin á comhlíonadh nó á chomhlíonadh aige nó an bhfuil sé beartaithe aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil treoirlíne nó moladh á comhlíonadh nó á chomhlíonadh ag údarás inniúil, nó i gcás nach mbeartaíonn sé treoirlíne nó moladh a chomhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.

I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin, nó nach mbeartaíonn údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh, foilseoidh an tÚdarás an méid sin. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, de réir gach cáis ar leith, na cúiseanna a sholáthraíonn an t-údarás inniúil i leith neamhchomhlíonadh na treoirlíne nó an mholta sin a fhoilsiú. Cuirfear fógra chuig an údarás inniúil roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.

Má cheanglaítear amhlaidh leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, déanfaidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais tuairisciú, ar shlí shoiléir mhionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.

4.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi eisiúint na dtreoirlínte agus na moltaí, á rá cén t-údarás inniúil nach bhfuil siad comhlíonta aige agus achoimre á tabhairt faoi conas a bheartaíonn an tÚdarás a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann de réir a chuid treoirlínte agus moltaí sa todhchaí.

Airteagal 17

Sárú ar dhlí an Aontais

1.   I gcás nach bhfuil na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) curtha i bhfeidhm ag údarás inniúil, nó i gcás ina bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú ar dhlí an Aontais é, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála agus na caighdeáin theicniula cur chun feidhme arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, go háirithe trí mhainneachtain a áirithiú go sásaíonn institiúid airgeadais na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin, gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 6 den Airteagal seo.

2.   Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle, ag an gCoimisiún nó ag an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, nó ar a thionscnamh féin agus tar éis an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, féadfaidh an tÚdarás imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan mhoill, gach faisnéis a measann an tÚdarás go bhfuil gá léi dá imscrúdú a sholáthar don Údarás.

3.   Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná dhá mhí ón imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an údarás inniúil lena mbaineann, ar moladh é ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de dheich lá oibre ón moladh a fháil, na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais a chur in iúl don Údarás.

4.   I gcás nach mbeidh dlí an Aontais á chomhlíonadh ag an údarás inniúil laistigh de mhí amháin ó mholadh an Údaráis a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, nó ar a thionscnamh féin, tuairim fhoirmiúil a eisiúint á cheangal ar an údarás inniúil an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil an Choimisiúin.

Déanfaidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin a eisiúint tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an trátha a nglactar an moladh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin.

Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún.

5.   Laistigh de dheich lá oibre ón tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an tuairim fhoirmiúil sin a chomhlíonadh.

6.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, más rud é nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa tuairim sin, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas ar shlí thráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a aisiriú nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) infheidhme go díreach maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.

Beidh cinneadh an Údaráis ar comhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.

7.   Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 6 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.

Nuair a bheidh gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4, nó faoi réir cinnidh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh.

8.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), leagfaidh an tÚdarás amach cé na húdaráis inniúla agus na rannpháirtithe margaidh airgeadais nár chomhlíon na tuairimí foirmiúla nó na cinntí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

Airteagal 18

Gníomhaíocht i staideanna éigeandála

1.   I gcás ina dtarlaíonn forbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras sin, a chur i mbaol, déanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíochtaí a dtugann na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha fúthu a éascú go gníomhach agus, má mheastar gur gá sin, a chomhordú.

Chun bheith in ann an ról sin maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfar air páirt a ghlacadh mar bhreathnadóir in aon chruinniú ábhartha de chuid na n-údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

2.   Tar éis iarraidh a fháil ón Údarás, ón gCoimisiún nó ón BERS, féadfaidh an Chomhairle, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, leis na ÚMEanna, cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an Údarás agus lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcinneadh sin ag eatraimh iomchuí agus uair amháin sa mhí ar a laghad. Más rud é nach ndéantar athnuachan ar an gcinneadh ag deireadh tréimhse míosa, rachaidh an cinneadh in éag go huathoibríoch. Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, a dhearbhú nach ann don staid éigeandála a thuilleadh.

Más rud é go measann an BERS nó an tÚdarás go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn, eiseoidh sé moladh rúnda a bheidh dírithe ar an gComhairle agus déanfaidh sé measúnú ar an staid a sholáthar don Chomhairle. Déanfaidh an Chomhairle a mheas ansin an gá cruinniú a thionól. Sa phróiseas sin, ráthófar cúram cuí maidir le rúndacht.

Má chinneann an Chomhairle go bhfuil staid éigeandála ann, cuirfidh sé an méid sin in iúl go cuí agus gan mhoill do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

3.   I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2, agus in imthosca eisceachtúla ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar thaobh na n-údarás náisiúnta chun freagairt d’fhorbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go tromchúiseach, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leithligh a ghlacadh á cheangal ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht sin.

4.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, más i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis dá dtagraítear i mír 3 laistigh den tréimhse a leagtar síos sa chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil na ceanglais ábhartha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear i gcaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha sin, infheidhme go díreach maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe. Ní bheidh feidhm aige seo ach amháin i staideanna ar ina leith nach ndeanann údarás inniúil na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha sin, a chur i bhfeidhm, nó ina gcuireann sé i bhfeidhm iad ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú follasach ar na gníomhartha sin é, agus i gcás ina bhfuil gá le leigheas práinneach chun feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais a aisiriú nó chun cobhsaíocht an chórais airgeadais in iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a aisiriú.

5.   Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.

Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

Airteagal 19

Easaontais idir údaráis inniúla i staideanna trasteorann a réiteach

1.   Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, i gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil maidir leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht nó le neamhghníomhaíocht ar thaobh údaráis inniúil Ballstáit eile sna cásanna a shonraítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann, cúnamh a thabhairt do na húdaráis chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo.

Sna cásanna a shonraítear sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus más rud é, ar bhonn critéar oibiachtúil, gur féidir a dhéanamh amach go bhfuil easaontas ann idir údaráis inniúla ó Bhallstáit éagsúla, féadfaidh an tÚdarás, ar a thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4.

2.   Déanfaidh an tÚdarás teorainn ama a leagan amach don idir-réiteach idir na húdaráis inniúla, agus aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Ag an tráth sin, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí.

3.   Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nach dtagann na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 44(1), cinneadh a dhéanamh á cheangal orthu gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach, agus beidh éifeacht cheangailteach leis an gcinneadh sin do na húdaráis inniúla lena mbaineann, chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais.

4.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.

5.   Beidh forlámhas ag cinntí nglacadh faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna. Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le fíorais atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

6.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 50(2), leagfaidh Cathaoirleach an Údaráis amach nádúr agus cineál na n-eastaontas atá ann idir na húdaráis inniúla, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

Airteagal 20

Easaontais idir údaráis inniúla trasna earnálacha a réiteach

Réiteoidh an Comhchoiste, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 56, aon easaontais trasearnála a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir údaráis inniúla de réir mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 4 den Rialachán seo agus de Rialachán (AE) 1093/2010 agus de Rialachán (AE) 1094/2010, faoi seach.

Airteagal 21

Coláistí maoirseoirí

1.   Rannchuideoidh an tÚdarás le feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí dá dtagraítear i dTreoir 2006/48/CE a chur chun cinn, agus le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin, agus déanfaidh sé comhleanúnachas chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí a chothú. Agus é mar chuspóir acu dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, beidh daoine de chuid fhoireann an Údaráis in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na gcoláistí maoirseoirí, lena n-áirítear scrúduithe ar an láthair, ar gníomhaíochtaí iad arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.

2.   Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach agus go comhleanúnach ar mhaithe le hinstitiúidí trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23.

Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur “údarás inniúil” é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.

Féadfaidh an tÚdarás:

(a)

an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a pháirtiú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun obair an choláiste a éascú agus chun córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sa choláiste ar an bhfaisnéis sin;

(b)

tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na rannpháirtithe margaidh airgeadais a mheas i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na rannpháirtithe margaidh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú;

(c)

gníomhaíochtaí maoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a dtagann rannpháirtithe margaidh airgeadais faoina lé, nó a bhféadfadh rannpháirtithe margaidh airgeadais teacht faoina lé a mheas, i staideanna struis;

(d)

i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla i gcrích; agus

(e)

a iarraidh go ndéanfadh coláiste tuilleadh plé in aon chásanna ina measann sé gurb é a leanfadh as an gcinneadh ná cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais nó nach rannchuideodh an cinneadh sin leis an gcuspóir a bhaineann le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Féadfaidh sé freisin a cheangal ar mhaoirseoir an ghrúpa cruinniú a shocrú don choláiste nó mír a chur le clár oibre cruinnithe.

3.   Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí, arna nglacadh faoi Airteagal 16, a eisiúint chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais arna nglacadh ag na coláistí maoirseoirí.

4.   Beidh ról idirghabhála atá ceangailteach le dlí ag an Údarás, ar ról é lena ndéanfar díospóidí idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19. Féadfaidh an tÚdarás cinntí maoirseachta a dhéanamh a bheidh infheidhme go díreach ar an institiúid lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 22

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh an tÚdarás breithniú cuí ar an riosca sistéamach amhail a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Tabharfaidh sé aghaidh ar aon riosca go dtarlóidh suaitheadh sna seirbhísí airgeadais, ar suaitheadh é de chineál:

(a)

arb é is cúis leis ná lagú an chórais airgeadais ina iomláine nó lagú codanna den chóras sin agus

(b)

a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás breithniú ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar an riosca sistéamach de réir mar a bheith na nithe sin forbartha ag an BERS agus ag an Údarás agus gníomhóidh sé mar fhreagairt ar rabhaidh agus ar mholtaí ón BERS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

2.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23(1), cur chuige comhchoiteann a fhorbairt i dtaca leis an riosca sistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann i leith príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais a shainaithint agus a thomhas, lena n-áirítear táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla de réir mar is iomchuí.

Beidh na táscairí sin ina ngné chriticiúil i dtaca le gníomhaíochtaí maoirseachta iomchuí a chinneadh. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar an méid cóineasaithe a bheidh ann sna cinntí a dhéantar d’fhonn cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn.

3.   Gan dochar do na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh an tÚdarás, de réir mar is gá, treoirlínte agus moltaí breise a tharraingt suas do na príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais chun an riosca sistéamach atá ann ina leith a chur san áireamh.

Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar an riosca sistéamach atá ann i leith príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais a chur san áireamh nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt sna réimsí a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

4.   Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe institiúide airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíochta chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais a mheas agus chun moltaí iomchuí le haghaidh gníomhaíochta a dhéanamh do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.

5.   Áiritheoidh an Comhchoiste comhordú foriomlán agus trasearnála na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 23

Riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas

1.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis an BERS, critéir a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, mar aon le réim tástála struis a fhorbairt ina n-áirítear meastóireacht ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais. Beidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.

2.   Déanfaidh an tÚdarás na cineálacha cur chuige idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh nuair a bheidh forbairt á déanamh ar na critéar chun riosca sistéamach i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais, lena n-áirítear na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, a shainaithint agus a thomhas.

Airteagal 24

Buanchumas freagairt do rioscaí sistéamacha

1.   Áiritheoidh an tÚdarás go mbeidh cumas speisialaithe agus leanúnach aige chun freagairt go héifeachtach ar theacht chun cinn na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 22 agus in Airteagal 23, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí a bhfuil riosca sistéamach ann ina leith.

2.   Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí a thugtar dó sa Rialachán seo agus sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chomhall, agus rannchuideoidh sé lena áirithiú go bhfuil réim chomhleanúnach chomhordaithe bainistithe agus réitithe géarchéime ann san Aontas.

Airteagal 25

Nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh

1.   Rannchuideoidh an tÚdarás le forbairt agus comhordú pleananna éifeachtacha comhsheasmhacha téarnaimh agus réitigh, nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus bearta coisctheacha chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh a íoslaghdú, agus glacfaidh sé páirt ghníomhach san fhorbairt agus sa chomhordú sin.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15, féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt de réir mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 26

Córas Eorpach um Scéimeanna Náisiúnta Cúitimh d’Infheisteoirí

1.   Rannchuideoidh an tÚdarás le córas Eorpach na Scéimeanna Cúitimh náisiúnta d’Infheisteoirí (SCI) a neartú trí ghníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo lena áirithiú go ndéantar Treoir 97/9/CE a chur i bhfeidhm i gceart agus é mar aidhm aige a áirithiú go bhfaighidh Scéimeanna Cúitimh náisiúnta d’Infheisteoirí cistiúchán leordhóthanach ó ranníocaíochtaí ó na rannpháirtithe margaidh airgeadais lena mbaineann, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhfuil a gceanncheathrú suite i dtríú tíortha agus soláthróidh sé ardleibhéal cosanta do gach infheisteoir i gcreat comhchuibhithe ar fud an Aontais.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 16 a bhaineann le cumhachtaí an Údaráis chun treoirlínte agus moltaí a ghlacadh maidir le Scéimeanna Cúitimh d’Infheisteoirí.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15, féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt de réir mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

4.   Maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo, dá bhforáiltear in Airteagal 81, déanfar scrúdú lena linn go háirithe ar chóineasú chóras Eorpach na Scéimeanna Cúitimh náisiúnta d’Infheisteoirí.

Airteagal 27

An córas Eorpach um réiteach agus um shocruithe cistiúcháin

1.   I réimsí a inniúlachta, rannchuideoidh an tÚdarás le modhanna a fhorbairt chun príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais atá ag cliseadh a réiteach ar bhealaí ina seachnaítear tógálacht, ina bhféadfar iad a fhoirceannadh ar mhodh ordúil agus tráthúil agus, i gcás inarb iomchuí, ina n-áirítear sásraí cistiúcháin comhleanúnacha agus inchreidte de réir mar is iomchuí.

2.   Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair ar an saincheisteanna cothromaíochta agus ar na tionchair charnacha a bheidh ag aon chóras tobhach agus ranníocaíochtaí a d’fhorchuirfí ar institiúidí airgeadais agus a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú agus ag aon chóras dreasachtaí chun srian a chur leis an riosca sistéamach mar chuid de chreat comhleanúnach agus inchreidte i gcomhair réitithe.

Maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo, dá bhforáiltear in Airteagal 81, déanfar scrúdú lena linn go háirithe ar an bhféidearthacht go ndéanfaí ról an Údaráis a fheabhsú i gcreat coiscthe, bainistithe agus réitithe géarchéime.

Airteagal 28

Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean

1.   Féadfaidh údaráis inniúla, le toiliú an tarmligí, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig an Údarás nó chuig údaráis inniúla eile, ach sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a leagan amach maidir le tarmligean freagrachtaí nach mór a chomhlíonadh sula ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil comhaontuithe den sórt sin maidir le tarmligean agus féadfaidh siad raon feidhme an tarmligin a theorannú do na nithe is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais trasteorann nó ar ghrúpaí airgeadais trasteorann.

2.   Déanfaidh an tÚdarás tarmligean cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú trí na cúraimí agus na freagrachtaí sin is féidir a tharmligean nó a fheidhmiú go comhpháirteach a shainaithint agus trí dhea-chleachtais a chur chun cinn.

3.   Is é a leanfaidh as tarmligean freagrachtaí ná ath-leithdháileadh na n-inniúlachtaí a leagtar síos sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Is le dlí údarás an tarmligí a rialófar an nós imeachta, an forfheidhmiú agus an t-athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach a bhaineann leis na freagrachtaí tarmligthe.

4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas faoi a bheartaíonn siad a dhéanamh chomhaontuithe maidir le tarmligean. Tabharfaidh siad éifeacht do na comhaontuithe aon mhí amháin, ar a luaithe, tar éis an tÚdarás a chur ar an eolas.

Féadfaidh an tÚdarás tuairim faoin gcomhaontú beartaithe a thabhairt laistigh de mhí amháin ón tráth a gcuirtear ar an eolas é.

Lena áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an tÚdarás aon chomhaontú maidir le tarmligean arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis inniúla a fhoilsiú ar mhodh iomchuí.

Airteagal 29

Cultúr coiteann maoirseachta

1.   Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairimí a thabhairt do na húdaráis inniúla;

(b)

malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;

(c)

rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin; agus

(e)

cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasacht foirne agus as uirlisí eile.

2.   Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, uirlisí praiticiúla nua agus uirlisí cóineasúcháin a fhorbairt chun cur chuige coiteann agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht.

Airteagal 30

Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla

1.   Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a sheoladh go tréimhsiúil ar roinnt gníomhaíochtaí de chuid na n-údarás inniúil nó ar a gcuid gníomhaíochtaí go léir chun an chomhsheasmhacht i dtorthaí oibre na maoirseachta a neartú tuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh idir na húdaráis atá a ndéantar athbhreithniú orthu. Nuair atá athbhreithnithe piaraí á seoladh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh.

2.   Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:

(a)

leordhóthanacht acmhainní agus socruithe rialachais an údaráis inniúil, ag féachaint go háirithe do chur i bhfeidhm éifeachtach na gcaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 15 agus na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus an cumas chun freagairt d’fhorbairtí margaidh;

(b)

méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh faoi Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;

(c)

dea-chleachtais arna bhforbairt ag roinnt údarás inniúil agus a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;

(d)

an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta riaracháin agus na smachtbhannaí arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.

3.   Ar bhonn athbhreithnithe piaraí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), féachfaidh na húdaráis inniúla le déanamh de réir na dtreoirlínte agus na moltaí sin. Cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15.

4.   Déanfaidh an tÚdarás na dea-chleachtais is féidir a shainaithint as na hathbhreithnithe piaraí sin a chur ar fáil go poiblí. De bhreis air sin, féadfar na torthaí eile go léir ó athbhreithnithe piaraí a nochtadh go poiblí, ach sin faoi réir comhaontú a fháil ón údarás inniúil arb é is ábhar don athbhreithniú piaraí.

Airteagal 31

Feidhm chomhordúcháin

Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol.

Déanfaidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe Aontais a chur chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:

(a)

malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;

(b)

cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise sin a fhíorú;

(c)

gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;

(d)

fógra a thabhairt gan mhoill don BERS maidir le haon staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann;

(e)

gach beart iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol, d’fhonn comhordú na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a éascú;

(f)

lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann do rannpháirtithe margaidh airgeadais atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a pháirtiú leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

Airteagal 32

Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh

1.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoireachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), an BERS agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha stuamachta ar an micrileibhéal, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí. Déanfaidh an tÚdarás a chur san áireamh ina chuid measúnachtaí, anailís eacnamaíoch ar na margaí ina n-oibríonn na rannpháirtithe margaidh airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí ionchasacha sa mhargadh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais den sórt sin.

2.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar chumas rannpháirtithe margaidh airgeadais chun déileáil le forbairtí dochracha sa mhargadh. Chun na críche sin, forbróidh sé na modhanna seo a leanas a bheidh le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla:

(a)

modheolaíochtaí coiteanna chun an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais rannpháirtí margaidh airgeadais a mheas;

(b)

modhanna coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar chumas na rannpháirtithe margaidh airgeadais déileáil le forbairtí dochracha sa mhargadh.

(c)

modheolaíochtaí coiteanna chun an éifeacht atá ag táirgí áirithe nó ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais rannpháirtí margaidh arigeadais agus ar infheisteoirí agus ar fhaisnéis do chustaiméirí.

3.   Gan dochar do chúraimí an BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice más gá, measúnuithe a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don BERS faoi na treochtaí, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige.

Sna measúnuithe sin, déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta coisctheacha agus bearta leasúcháin.

4.   Áiritheoidh an tÚdarás go bhfuil cuimsiú leordhóthanach á dhéanamh ar na forbairtí trasearnála, ar na rioscaí agus ar na leochaileachtaí trí chomhoibriú go dlúth leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) tríd an gComhchoiste.

Airteagal 33

Caidreamh idirnáisiúnta

1.   Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le lucht riaracháin tríú tíortha. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

2.   I gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), tabharfaidh an tÚdarás cúnamh maidir le hullmhú cinntí coibhéise a bhaineann le réimeanna maoirseachta i dtríú tíortha.

3.   Déanfaidh an tÚdarás na socruithe riaracháin a bheidh comhaontaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh arna sholáthar maidir le hullmhú cinntí coibhéise a leagan amach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5).

Airteagal 34

Cúraimí eile

1.   Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

2.   Maidir le measúnuithe stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/39/CE, arna leasú le Treoir 2007/44/CE agus lena gceanglaítear, i gcomhréir leis an Treoir sin, comhairliúchán idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas a fháil ó cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú stuamachta a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir in Airteagal 10b(e) de Threoir 2004/39/CE. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE, arna leasú le Treoir 2007/44/CE. Beidh feidhm ag Airteagal 35 maidir leis na réimsí ar ina leith a fhéadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint fúthu.

Airteagal 35

Faisnéis a bhailiú

1.   Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát gach faisnéis is gá a sholáthar don Údarás chun go mbeidh sé in ann na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha, agus ar choinníoll go bhfuil an iarraidh ar fhaisnéis riachtanach i ndáil le cineál an dualgais i dtrácht.

2.   Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.

3.   Tar éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil ó údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh sé aon fhaisnéis a sholáthar atá riachtanach lena chumasú don údarás inniúil a chuid dualgas a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndachta gairmiúla a leagtar síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.

4.   Sula n-iarraidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.

5.   I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis ar fáil ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig údaráis mhaoirseachta eile, chuig an aireacht atá freagrach as airgeadas i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil aici, chuig an mbanc ceannais náisiúnta nó chuig an oifig staidrimh sa Bhallstát lena mbaineann.

6.   I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig na rannpháirtithe margaidh airgeadais ábhartha. Tabharfar míniú san iarraidh réasúnaithe i dtaobh cén fáth go bhfuil gá leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair faoi seach.

Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.

Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.

7.   Ní fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fhaightear faoin Airteagal seo a úsáid ach amháin chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 36

Gaolmhaireacht leis an BERS

1.   Comhoibreoidh an tÚdarás go dlúth agus ar bhonn rialta leis an BERS.

2.   Déanfaidh an tÚdarás, go rialta agus go tráthúil, faisnéis a sholáthar don BERS, ar faisnéis í atá riachtanach chun a chúraimí a chomhlíonadh. Déanfar aon sonraí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán a sholáthar don BERS gan mhoill tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis an mBERS, nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.

3.   Áiritheoidh an tÚdarás, i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5, go ndéanfar beart cuí mar fhreagairt ar rabhaidh agus ar mholtaí an BERS dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 (BERS).

4.   Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig an Údarás a fháil ón BERS, comórfaidh an tÚdarás cruinniú den Bhord Maoirseoirí gan mhoill agus déanfaidh sé measúnú ar na himpleachtaí a ghabhann le rabhadh nó moladh den sórt sin maidir lena chúraimí a chomhall.

Déanfaidh sé cinneadh, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí.

Más rud é nach ndéanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht i ndáil le moladh, tabharfaidh sé míniú don BERS agus don Chomhairle faoi na cúiseanna a bhí aige gan gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh.

5.   Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás maoirseachta náisiúnta inniúil a fháil ón BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht thráthúil mar fhreagairt ar an moladh.

Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan déanamh de réir mholadh an BERS, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige agus déanfaidh sé na cúiseanna gan gníomhú a phlé leis an mBord Maoirseoirí.

Cuirfidh an t-údarás inniúil tuairimí an Bhoird Maoirseoirí san áireamh go cuí nuair a bheidh an Chomhairle agus an BERS á gcur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

6.   Le linn don Údarás na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh lánaird aige ar rabhaidh agus ar mholtaí an BERS.

Airteagal 37

An Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí

1.   Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin cur chun feidhme theicniúla, agus, a mhéad nach mbaineann siad le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar an eolas a luaithe is féidir.

Tiocfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí le chéile ceithre huaire ar a laghad in aghaidh na bliana.

2.   Beidh 30 comhalta ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, agus beidh siad ionadaíoch go cothrom do rannpháirtithe margaidh airgeadais a oibríonn san Aontas, d’ionadaithe a bhfostaithe chomh maith le tomhaltóirí, d’úsáideoirí seirbhísí airgeadais agus d’ionadaithe ó FBManna. Is acadóirí sár-chéimiúla neamhspleácha a bheidh i gcúigear comhaltaí ar a laghad dá chuid. Beidh deichniúr dá chomhaltaí ina n-ionadaithe do rannpháirtithe margaidh airgeadais.

3.   Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, tar éis moltaí a fháil ó na geallsealbhóirí ábhartha. Le linn a chinneadh a dhéanamh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus inscne agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais a áirithiú.

4.   Faoi réir rúndachta gairmiúla, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá don Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí agus áiritheoidh sé go mbeidh a tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

Féadfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.

5.   Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí tuairimí agus comhairle a thabhairt don Údarás ar aon saincheisteanna a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus iad ag díriú go háirithe ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 32.

6.   Glacfaidh an Grúpaí Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

7.   Déanfaidh an tÚdarás tuairimí agus comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí agus torthaí a gcuid comhairliúchán a phoibliú.

Airteagal 38

Coimircí

1.   Áiritheoidh an tÚdarás nach ndéanfaidh aon chinneadh a ghlacfar faoi Airteagal 18 nó faoi Airteagal 19 cur isteach ar shlí ar bith ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát.

2.   I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 19(3) ag cur isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chinneadh an Údaráis, fógra a thabhairt don Údarás agus don Choimisiún á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.

San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.

I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.

Laistigh de mhí amháin ón tráth a dtugann an Ballstát an fógra, cuirfidh an tÚdarás an Ballstát ar an eolas i dtaobh an seasann sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é. Má sheastar leis an gcinneadh nó má leasaítear é, luafaidh an tÚdarás nach gcuirtear isteach ar fhreagrachtaí fioscacha.

I gcás ina seasfaidh an tÚdarás lena chinneadh, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, ag ceann dá cuid cruinnithe agus dhá mhí ar a dhéanaí tar éis don Údarás an Ballstát a chur ar an eolas mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír, i dtaobh an bhfuiltear ag seasamh le cinneadh an Údaráis.

Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh seasamh le cinneadh an Údaráis, i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír, déanfar cinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.

3.   I gcás ina measann Ballstát go gcuireann cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 18(3) isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de thrí lá oibre tar éis fógra faoi chinneadh an Údaráis a thabhairt don údarás inniúil, fógra a thabhairt don Údarás, don Choimisiún agus don Chomhairle á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.

San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.

I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.

Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de dheich lá oibre, cruinniú a chomóradh agus cinneadh a dhéanamh, trí thromlach simplí dá comhaltaí, i dtaobh an gcúlghairfear cinneadh an Údaráis.

Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh chun cinneadh an Údaráis a chúlghairm, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, déanfar fionraí chinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.

4.   I gcás cinneadh a bheith déanta ag an gComhairle, i gcomhréir le mír 3, gan cinneadh de chuid an Údaráis a bhaineann le hAirteagal 18(3) a chúlghairm, agus go measfaidh an Ballstát lena mbaineann fós go gcuireann cinneadh an Údaráis isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh an Ballstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus don Údarás agus féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhairle an t-ábhar a athscrúdú. Leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach go soiléir na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh ón gComhairle.

Laistigh de thréimhse ceithre seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt, daingneoidh an Chomhairle a cinneadh bunaidh nó déanfaidh sí cinneadh nua i gcomhréir le mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle an tréimhse ceithre seachtaine a fhadú ceithre seachtaine eile, má éilítear amhlaidh in imthosca áirithe an cháis.

5.   Déanfar aon drochúsáid i leith an Airteagail seo, go háirithe i ndáil le cinneadh ón Údarás nach bhfuil tionchar fioscach suntasach nó ábharthach aige, a thoirmeasc mar ní atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach.

Airteagal 39

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1.   Sula ndéanfaidh an tÚdarás na cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cuirfidh sé aon seolaí ainmnithe ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aige an cinneadh a ghlacadh, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar laistigh di a fhéadfaidh an seolaí a thuairimí a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Tá feidhm aige seo mutatis mutandis maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

2.   Maidir le cinntí an Údaráis, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

3.   Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

4.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó (4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

5.   Déanfar na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19 a phoibliú agus luafar iontu céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhinneachar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leasanna dlisteanacha na rannpháirtithe margaidh airgeadais maidir lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN

ROINN 1

Bord Maoirseoirí

Airteagal 40

Comhdhéanamh

1.   Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

an Cathaoirleach, agus ní bheidh aon vóta aige;

(b)

ceann an údaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais i ngach Ballstát agus tiocfaidh siad le chéile i bpearsa dhá uair ar a laghad sa bhliain;

(c)

ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(d)

ionadaí amháin thar ceann an BERS, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(e)

ionadaí amháin faoi seach thar ceann gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.

2.   Comórfaidh an Bord Maoirseoirí cruinnithe leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta go rialta, agus dhá uair ar a laghad sa bhliain.

3.   Beidh gach údarás inniúil freagrach as malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a ghlacadh, nuair nach féidir leis an duine sin freastal ar chruinniú.

4.   I gcás na mBallstát ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as an maoirseacht de réir an Rialacháin seo, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann. Mar sin féin, nuair nach dtagann mír atá le plé ag an mBord Maoirseoirí faoi réim inniúlacht an údaráis náisiúnta a bhfuil an comhalta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ina ionadaí thar a cheann, féadfaidh an comhalta sin ionadaí ón údarás náisiúnta ábhartha a thabhairt leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

5.   Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Threoir 94/19/CE, féadfaidh ionadaí thar ceann na gcomhlachtaí ábhartha a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

6.   Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach.

Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige.

Airteagal 41

Coistí inmheánacha agus painéil

1.   Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha nó painéil a bhunú maidir le cúraimí sonracha a thugtar don Bhord Maoirseoirí, agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha nó chuig painéil, chuig an mBord Bainistíochta nó chuig an gCathaoirleach.

2.   Chun críocha Airteagal 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí painéal neamhspleách a chomhghairm chun réiteach neamhchlaon easaontais a éascú, agus beidh an painéal comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus de bheirt chomhaltaí dá chuid nach ionadaithe thar ceann na n-údarás inniúil atá ina bpáirtithe san easaontas iad agus nach bhfuil aon leas sa choimhlint acu ná nach bhfuil naisc dhíreacha acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

3.   Faoi réir Airteagal 19(2), molfaidh an painéal cinneadh lena ghlacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú fomhír d’Airteagal 44(1).

4.   Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta don phainéal dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 42

Neamhspleáchas

Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, gníomhóidh an Cathaoirleach agus na comhaltaí sin den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil d’aon toisc ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an BERS le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 43

Cúraimí

1.   Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gCaibidil II a dhéanamh.

2.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí na tuairimí, na moltaí agus na cinntí, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II.

3.   Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh an Cathaoirleach.

4.   Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

5.   Déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le comhlíonadh dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Poibleofar an tuarascáil.

6.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí clár oibre ilbhliantúil an Údaráis, agus cuirfidh an Bord Maoirseoirí an clár sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre ilbhliantúil gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

7.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 63.

8.   Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus féadfaidh an Bord iad a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 48(5) nó le hAirteagal 51(5) faoi seach

Airteagal 44

Cinnteoireacht

1.   Déanfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chuid comhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta.

Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 6 agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlaigh cháilithe a chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha.

Maidir le cinntí i gcomhréir le hAirteagal 19(3), i gcás cinntí arna nglacadh ag maoirseoir an ghrúpa, measfar an cinneadh arna mholadh ag an bpainéal a bheith glactha, má fhormheastar é le tromlach simplí, mura rud é go ndéanann comhaltaí arb ionann a líon agus mionlach blocála de na vótaí de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha diúltú a thabhairt don chinneadh sin.

Maidir leis na cinntí eile go léir i gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfar an cinneadh arna mholadh ag an bpainéal a ghlacadh trí thromlach simplí chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta.

2.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon trian de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

3.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

4.   Déanfar na socruithe lena rialaítear vótáil a leagan amach go mion sna rialacha nós imeachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na rialacha lena rialaítear córaim. Cé is moite den Chathaoirleach agus den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ní dhéanfaidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnadóirí freastal ar aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

ROINN 2

Bord Bainistíochta

Airteagal 45

Comhdhéanamh

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta den Chathaoirleach agus seisear comhaltaí eile ón mBord Maoirseoirí, arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin.

Ar leith ón gCathaoirleach, beidh malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta sin den Bhord Bainistíochta a ghlacadh más rud é nach féidir leis an gcomhalta sin freastal ar chruinniú.

Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí arna dtoghadh ag an mBord Maoirseoirí. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Beidh tréimshí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.

2.   Déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta a ghlacadh le tromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair. Beidh vóta amháin ag gach comhalta.

Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh aon cheart vótála acu.

Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le nithe dá dtagraítear in Airteagal 63.

Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

3.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

4.   Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ní dhéanfaidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu freastal ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.

Airteagal 46

Neamhspleáchas

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chun na leasa sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí nó ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 47

Cúraimí

1.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go gcomhlíonfadh sé na cúraimí a shanntar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.

3.   Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (“na Rialacháin Foirne” anseo feasta).

5.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.

6.   Ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.

7.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

8.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).

ROINN 3

An Cathaoirleach

Airteagal 48

Ceapachán agus cúraimí

1.   Déanfaidh Cathaoirleach, a bheidh ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha, ionadaíocht thar ceann an Údaráis.

Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an Cathaoirleach a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolais ar rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais.

Sula rachaidh an duine a bheidh roghnaithe ag an mBord Maoirseoirí i mbun a dhualgas, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí é a roghnú, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, tar éis éisteacht a thabhairt dó, agóid a dhéanamh in aghaidh ainmniú an duine sin.

Déanfaidh an Bord Maoirseoirí malartach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin agus comhlíonfaidh an malartach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an malartach sin a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin.

4.   Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an Chathaoirligh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a)

na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;

(b)

dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht sin, téarma oifige an Chathaoirligh a fadú uair amháin, ach sin faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na hEorpa.

5.   Is í Parlaimint na hEorpa amháin a fhéadfaidh an Cathaoirleach a chur as oifig, tar éis don Bhord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh chuige sin.

Ní choiscfidh an Cathaoirleach an Bord Maoirseoirí ó ábhair a bhaineann leis an gCathaoirleach a phlé, go háirithe an gá lena chur as oifig agus ní bheidh sé páirteach in aon phlé a bhaineann le hábhar den sórt sin.

Airteagal 49

Neamhspleáchas

Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí maidir le cúraimí atá an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an gCathaoirleach i gcomhlíonadh a chúraimí.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Chathaoirleach éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le glacadh le ceapacháin nó sochair áirithe.

Airteagal 50

Tuarascáil

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCathaoirleach nó ar a mhalartach ráiteas a dhéanamh, agus a neamhspleáchas á urramú go hiomlán acu. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa, nuair a iarrfar sin air nó uirthi, agus freagróidh sé aon cheisteanna a chuirfidh a comhaltaí air.

2.   Déanfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn ar phríomhghníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrtar sin air nó uirthi agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 1.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 18, agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad-hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.

ROINN 4

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 51

Ceapachán

1.   Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tÚdarás a bhainistiú agus beidh sé ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha nó ina gairmí neamhspleách lánaimseartha.

2.   Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus tar éis daingniúchán a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolais ar rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais agus ar bhonn taithí bainistíochta.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin

4.   Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;

(b)

dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin.

5.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin mar thoradh ar chinneadh ón mBord Maoirseoirí.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

Gan dochar do ról an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí faoi seach maidir leis cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chúraimí.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Stiúrthóir Feidhmiúcháin éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.

Airteagal 53

Cúraimí

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar bhainistiú an Údaráis agus ullmhóidh sé obair an Bhoird Bainistíochta.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Bainistíochta.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na bearta is gá, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás go cuí, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

5.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre don bhliain dár gcionn, ar clár oibre é dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

6.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme de bhun Airteagal 64.

7.   Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil gach bliain agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

8.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 a fheidhmiú maidir le foireann an Údaráis agus déanfaidh sé cúrsaí foirne a bhainistiú.

CAIBIDIL IV

CHOMHLACHTAÍ COMHPHÁIRTEACHA NA nÚDARÁS MAOIRSEACHTA EORPACH

ROINN 1

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach

Airteagal 54

Bunú

1.   Bunaítear leis seo Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

2.   Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth agus áiritheoidh sé comhsheasmhacht trasearnála leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), go háirithe i dtaca le:

ilchuideachtaí airgeadais,

cuntasaíocht agus iniúchóireacht,

anailísí stuamachta ar an micrileibhéal maidir le forbairt trasearnála, rioscaí agus leochaileachtaí i ndáil le cobhsaíocht airgeadais,

táirgí infheistíochta miondíola,

bearta chun sciúradh airgid a chomhrac, agus

malartú faisnéise leis an BERS agus an caidreamh idir an BERS agus na ÚMEanna a fhorbairt.

3.   Beidh a foireann féin ag an gComhchoiste arna soláthar ag na ÚMEanna a ghníomhóidh mar rúnaíocht. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachas riaracháin, bhonneagair agus oibríochta.

4.   I gcás ina síneann feidhmeanna institiúide airgeadais thar earnálacha éagsúla, réiteoidh an Comhchoiste easaontais i gcomhréir le hAirteagal 56.

Airteagal 55

Comhdhéanamh

1.   Beidh an Comhchoiste comhdhéanta de Chathaoirligh na ÚMEanna, agus, i gcás inarb infheidhme, de Chathaoirleach aon Fhochoiste arna bhunú faoi Airteagal 57.

2.   Iarrfar ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ón BERS freastal, i gcáil breathnadóirí ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe an Fhochoiste dá dtagraítear in Airteagal 57.

3.   Déanfar Cathaoirleach an Chomhchoiste a cheapadh ar bhonn uainíochta bliantúla as measc Chathaoirligh na ÚMEanna. Beidh Cathaoirleach an Chomhchoiste ina Leas-Chathaoirleach ar an BERS.

4.   Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Féadfar rannpháirtithe breise ar féidir leo freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste a shonrú sna rialacha.

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach dhá mhí.

Airteagal 56

Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

Faoi réir raon feidhme a chúraimí i gCaibidil II, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcás inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), de réir mar is iomchuí.

Maidir le gníomhartha faoi Airteagal 10 go hAirteagal 15, faoi Airteagal 17, faoi Airteagal 18, nó faoi Airteagal 19 den Rialachán seo ar gníomhartha iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomhartha eile de chuid an Aontais eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus a thagann faoi réim réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), glacfaidh an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) na gníomhartha sin, i gcomhthráth, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 57

Fochoistí

1.   Chun críocha Airteagal 56, bunófar Fochoiste um Ilchuideachtaí Airgeadais mar chuid den Chomhchoiste.

2.   Beidh an Fochoiste comhdhéanta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 55(1), agus d’ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha as gach Ballstát.

3.   Déanfaidh an Fochoiste Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí féin, agus beidh an Cathaoirleach ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhchoiste freisin.

4.   Féadfaidh an Comhchoiste Fochoistí eile a bhunú.

ROINN 2

An Bord Achomhairc

Airteagal 58

Comhdhéanamh agus oibríocht

1.   Beidh an Bord Achomhairc ina chomhlacht comhpháirteach de na ÚMEanna.

2.   Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, agus is daoine ardchlú iad a bhfuil eolas ábhartha agus taithí ghairmiúil de chineál cruthaithe acu, lena n-áirítear taithí mhaoirseachta ar leibhéal sách ard i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean ceirde, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile de chuid an Aontais agus a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis. Beidh taithí dhóthanach dlí ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht fheidhmiú a chuid cumhachtaí ag an Údaráis.

Déanfaidh an Bord Achomhairc a Uachtarán a ainmniú.

3.   Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh ó ghearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis iarraidh phoiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

Déanfar na comhaltaí eile a cheapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin.

5.   Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Bainistíochta an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí-iompar tromchúiseach agus go ndéanann an Bord Bainistíochta cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

6.   Déanfar cinntí an Bhoird Achomhairc a ghlacadh ar bhonn tromlaigh ceathrair ar a laghad as measc a sheisear comhaltaí. I gcás ina dtiocfaidh an cinneadh a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, áireofar sa tromlach cinntitheach sin duine amháin ar a laghad den bheirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc a ndearna an tÚdarás iad a cheapadh.

7.   Déanfaidh Uachtarán an Bhoird Achomhairc an Bord a chomóradh nuair is gá sin.

8.   Áiritheoidh an ÚME, tríd an gComhchoiste, go bhfuil tacaíocht leordhóthanach oibríochtúil agus rúnaíochta ann don Bhord Achomhairc.

Airteagal 59

Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht

1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Bainistíochta an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.

2.   Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomhairc.

3.   Más rud é, ar chúis amháin de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc áirithe, cuirfidh sé an Bord Achomhairc ar an eolas dá réir sin.

4.   Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach in imeachtaí ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta.

Ní fhéadfar agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí agus ní bheidh agóid inghlactha más rud é, maidir le páirtí sna himeachtaí achomhairc agus d’ainneoin é a bheith ar an eolas faoi chúis le hagóid a dhéanamh, go mbeidh céim nós imeachta glactha aige seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

5.   Cinnfidh an Bord Achomhairc cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus mír 2 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin.

Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás an malartach a bheith sa chor céanna, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as measc na malartach a bheidh ar fáil.

6.   Geallfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.

Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas.

Poibleofar na dearbhuithe sin ar bhonn bliantúil agus i scríbhinn.

CAIBIDIL V

LEIGHEASANNA

Airteagal 60

Achomhairc

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh de chuid an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 17, in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 agus in aghaidh aon chinnidh eile arna dhéanamh ag an Údarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh chuig duine eile.

2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn san Údarás, laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de dhá mhí ón lá a d’fhoilsigh an tÚdarás a chinneadh.

Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de dhá mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.

3.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.

Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.

4.   Má tá an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú i dtaobh an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Iarrfaidh sé ar na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir lena bhfógraí féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal uiríoll ó bhéal a dhéanamh.

5.   Féadfaidh an Bord Achomhairc an cinneadh a ghlacfaidh an comhlacht inniúil an Údaráis a dhaingniú nó an cás a tharchur chuig an gcomhlacht inniúil den Údarás. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht sin agus glacfaidh an comhlacht sin cinneadh leasaithe a ghlacadh maidir leis an gcás lena mbaineann.

6.   Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

7.   Beidh na cinntí a dhéanfaidh an Bord Achomhairc réasúnaithe agus poibleoidh an tÚdarás iad.

Airteagal 61

Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.   Féadfar imeachtaí a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE chun cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Achomhairc nó, i gcásanna nach bhfuil aon cheart achomhairc ann os comhair an Bhoird Achomhairc, ag an Údarás a chonspóidiú.

2.   Féadfaidh Ballstát ar leith, institiúid de chuid an Aontais nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, imeachtaí a thionscnacmh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí ón Údarás, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

3.   I gcás ina bhfuil oibleagáid ar an Údarás gníomhú agus ina mainníonn sé cinneadh a dhéanamh, féadfar imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

4.   Beidh sé de cheangal ar an Údarás na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 62

Buiséad an Údaráis

1.   Is é a bheidh, go háirithe, in ioncam an Údaráis, ar comhlacht Eorpach é i gcomhréir le hAirteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (47) (“an Rialachán Airgeadais” anseo feasta), ná aon teaglaim de na nithe seo leanas:

(a)

ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;

(b)

fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);

(c)

aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais.

2.   Áireofar i gcaiteachas an Údaráis, ar a laghad, costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus costais oibríochtúla.

3.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

4.   Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Údaráis a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis.

Airteagal 63

An Buiséad a Bhunú

1.   Faoin 15 Feabhra gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain airgeadais dar gcionn, agus cuirfidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon leis an bplean bunaíochta, chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an mBord Maoirseoirí. Gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn an réamhdhréachta a bheidh tarraingthe suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a bheidh formheasta ag an mBord Bainistíochta, ráiteas a ullmhú ar na meastacháin maidir le hioncam agus caiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais dár gcionn. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí an ráiteas sin ar mheastacháin, lena n-áirítear dréachtphlean bunaíochta, a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta. Sula nglacfar an ráiteas ar mheastacháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta an dréacht a bheidh ullmhaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhormheas.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin, mar aon le dréachtbhuiséad an Aontais Eorpaigh, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairtear le chéile “an t-údarás buiséadach” anseo feasta).

3.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé is gá maidir leis an bplean bunaíochta agus suim an fhóirdheontais a mhuirearófar ar Bhuiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais Eorpaigh.

4.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Údarás a údarú.

5.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach tar éis dréachtbhuiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacadh go críochnaitheach. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

6.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Má tá sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, déanfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an fhaisnéis faoin tionscadal a fháil, fógra a thabhairt don Údarás á rá go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a eisiúint. Cheal freagra, féadfaidh an tÚdarás dul ar aghaidh leis an oibríocht atá beartaithe.

7.   Don chéad bhliain d’oibríocht an Aontais, dar críoch an 31 Nollaig 2011, beidh maoiniú an Údaráis ag an Aontas faoi réir a chomhaontaithe ag an údarás buiséadach de réir mar a fhoráiltear i bPointe 47 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir leis an smacht buiséadach agus maidir le bainistiú fónta airgeadais.

Airteagal 64

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, mar aon leis an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséadach agus airgeadais sa bhliain airgeadais sin. Chomh maith leis sin, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta den bhliain dar gcionn.

Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe ansin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

3.   Tar éis don Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha an Údaráis suas, faoina fhreagracht féin nó faoina freagracht féin, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil uaidh ina leith.

4.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.

5.   Faoin 1 Iúil tar éis dheireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha sin, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig comhaltaí an Bhoird Mhaoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

7.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Ina theannta sin, cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún.

8.   Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 146(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

9.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid ina mbeidh an t-ioncam ó Bhuiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ó na húdaráis inniúla do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

Airteagal 65

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (48) mura rud é go n-éilítear amhlaidh mar gheall ar riachtanais shonracha oibríochtúla an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

Airteagal 66

Bearta frith-chalaoise

1.   Chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis an Údarás ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir leis an Údarás.

2.   Aontóidh an tÚdarás don Chomhaontú Idirinstitiúideach a bhaineann le himscrúduithe ag OLAF (49) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach maidir le foireann uile an Údaráis.

3.   Maidir leis na cinntí cistiúcháin agus na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, sonrófar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag an Údarás agus, chomh maith leis sin, ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 67

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE maidir leis an Údarás agus le foireann an Údaráis

Airteagal 68

Foireann

1.   Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n-áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a Chathaoirleach, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.   Déanfaidh an tÚdarás na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus na cumhachtaí a thugtar don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a fheidhmiú i ndáil lena fhoireann féin.

4.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.

Airteagal 69

Dliteanas an Údaráis

1.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna a shlánú. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.

2.   Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann an Údaráis i leith an Údaráis faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Airteagal 70

Oibleagáid maidir le sicréideacht ghairmiúil

1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus daoine d’fhoireann an Údaráis lena n-áirítear oifigigh atá fostaithe ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á gcur i gcrích aige don Údarás ar bhonn conartha, faoi réir cheanglais na sicréideachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

Beidh feidhm ag Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne maidir leo.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, tar éis do dhaoine den fhoireann éirí as an tseirbhís, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é nó í féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le glacadh le ceapacháin nó sochair áirithe.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar dhaoine d’fhoireann an Údaráis le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh.

2.   Gan dochar do chásanna atá cumhdaithe leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann daoine dá dtagraítear i mír 1 agus iad ag comhlíonadh a ndualgas, a nochtadh do dhuine nó d’údarás ar bith d’aon chineál, ach amháin i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ar chaoi nach féidir rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair a shainaithint.

Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.

3.   Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais.

Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na sicréideachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le forfheidhmiú na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.

4.   Déanfaidh an tÚdarás Cinneadh 2001/844/CE/CECG, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha i bhfeidhm (50).

Airteagal 71

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

Airteagal 72

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 31 Bealtaine 2011, bearta praiticiúla a ghlacadh, chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis achomhairc chuig an mBord Achomhairc, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

Airteagal 73

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm maidir leis an Údarás ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (51).

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.

3.   Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh i ndáil le feidhmiú an Údaráis.

Airteagal 74

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

Déanfar na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a sholáthrófar don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh suite agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, chomh maith leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann an Údaráis agus le daoine dá dteaghlaigh, a leagan síos i gComhaontú Ceanncheathrún idir an tÚdarás agus an Ballstát sin arna thabhairt i gcrích tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil.

Soláthróidh an Ballstát sin na coinníollacha is fearr is féidir lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is cuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí

Airteagal 75

Rannpháirtíocht ag tríú tíortha

1.   Beidh rannpháirtíocht in obair an Údaráis ar oscailt do thríú tíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas ar comhaontuithe iad trínar ghlac siad dlí an Aontais, agus trína bhfuil an dlí sin á chur i bhfeidhm acu, i réimsí inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.   Féadfaidh an tÚdarás comhoibriú leis na tíortha dá dtagraítear i mír 1, a bhfuil reachtaíocht á cur i bhfeidhm acu atá aitheanta mar reachtaíocht choibhéiseach i réimsí inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2), de réir mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 216 CFAE.

3.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál agus raon feidhme rannpháirtíocht na dtíortha sin dá dtagraítear i mír 1 in obair an Údaráis, agus gnéithe nós imeachta den rannpháirtíocht sin, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais agus leis an bhfoireann. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht, i gcáil breathnadóra, ar an mBord Maoirseoirí, ach áiritheoidh siad nach bhfreastalóidh na tíortha sin ar aon phléití a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, ach amháin i gcás ina bhfuil leas díreach i gceist

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 76

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

1.   Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus roimh bhunú an Údaráis, gníomhóidh an Coiste Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha CRUE i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun ullmhúchán a dhéanamh i ndáil le hionad CRUE a bheith á ghlacadh ag an Údarás.

2.   Ón tráth a mbunófar an tÚdarás, beidh an Coimisiún freagrach as bunú riaracháin agus as oibriú riaracháin tosaigh an Údaráis go dtí go mbeidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceaptha ag an Údarás.

Chun na críche sin, agus go dtí cibé tráth a rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a dhualgas tar éis é a bheith ceaptha ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 51, féadfaidh an Coimisiún oifigeach amháin a shannadh ar bhonn idirthréimhseach chun feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chomhlíonadh. Beidh an tréimhse sin teoranta don am is gá chun Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh.

Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach gach íocaíocht a údarú a chlúdaítear sna creidmheasanna a ndéantar foráil dóibh i mbuiséad an Údaráis, i ndiaidh don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne tar éis plean bunaíochta an Údaráis a ghlacadh.

3.   Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar do chumhachtaí an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta.

4.   Measfar gurb é an tÚdarás an comharba dlíthiúil ar an gCRUE. Faoi dháta bhunaithe an Údaráis, ar a dhéanaí, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile an CRUE, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch go dtí an tÚdarás. Ullmhóidh an CRUE ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh an CRUE agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.

Airteagal 77

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.   De mhaolú ar Airteagal 68, maidir le gach conradh fostaíochta agus gach comhaontú iasachta foirne arna dtabhairt i gcrích ag an CRUE nó ag a Rúnaíocht, ar conarthaí iad atá i bhfeidhm an 1 Eanáir 2011 urramófar iad go dtí a ndáta éaga. Ní fhéadfar iad a fhadú.

2.   Maidir leis na daoine go léir den fhoireann atá ar fostú faoi chonarthaí dá dtagraítear i mír 1, tabharfar an deis dóibh conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ag na gráid éagsúla, de réir mar a leagtar amach i bplean bunaíochta an Údaráis.

Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an t-údarás atá údaraithe chun conarthaí a thabhairt i gcrích roghnúchán inmheánach chun cumas, éifeachtúlacht agus ionracas na ndaoine sin atá le fostú a sheiceáil agus beidh an roghnúchán sin teoranta don fhoireann sin a bhfuil conarthaí acu leis an CRUE nó lena Rúnaíocht. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin inmheánach, tabharfar lánaird ann ar na scileanna agus ar an taithí arna léiriú trí fheidhmíocht an duine aonair roimh an gceapachán.

3.   Ag brath ar chineál agus ar leibhéal na bhfeidhmeanna a bheidh le comhlíonadh, déanfar conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thairiscint do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo agus mairfidh na conarthaí sin ar feadh tréimhse a chomhfhreagróidh ar a laghad don tréimhse atá fágtha faoin seanchonradh.

4.   Leanfaidh an dlí ábhartha náisiúnta a bhaineann le conarthaí saothair agus na hionstraimí ábhartha eile d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine den fhoireann a bhfuil seanchonarthaí acu agus nach roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar chonradh mar ghníomhaire sealadach nó nach dtairgtear conradh mar ghníomhaire sealadach dóibh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 78

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 79

Leasuithe

Déantar Cinneadh Uimh. 716/2009/CE a leasú leis seo sa mhéid go mbaintear an CRUE de liosta na dtairbhithe a leagtar amach i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

Airteagal 80

Aisghairm

Déantar Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún lena mbunaítear an CRUE a aisghairm leis seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2011.

Airteagal 81

Athbhreithniú

1.   Faoin 2 Eanáir 2014, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

an cóineasú arna bhaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta,

(i)

an cóineasú i dtaca le neamhspleáchas feidhmiúil na n-údarás inniúil agus i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;

(ii)

neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;

(b)

feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí;

(c)

an dul chun cinn arna bhaint amach maidir le cóineasú i dtaca le géarchéim a chosc, géarchéim a bhainistiú agus géarchéim a réiteach, lena n-áirítear sásraí cistiúcháin Aontais;

(d)

ról an Údaráis i dtaca leis an riosca sistéamach;

(e)

cur i bhfeidhm an chlásail coimirce a bhunaítear in Airteagal 38.

(f)

cur i bhfeidhm ról na hdirghabhála ceangailtí a bhunaítear in Airteagal 19.

2.   Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:

(a)

an bhfuil sé iomchuí leanúint de mhaoirseacht ar leithligh a dhéanamh ar bhaincéireacht, ar árachas, ar phinsin cheirde, ar urrúis agus ar na margaí airgeadais;

(b)

an bhfuil sé iomchuí maoirseacht stuamachta a dhéanamh agus seoladh gnó a mhaoirsiú mar ghníomhaíochtaí ar leithligh óna chéile, nó an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh an maoirseoir céanna na gníomhaíochtaí sin;

(c)

an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEanna;

(d)

an bhfuil éabhlóid an CEMA i gcomhréir leis an éabhlóid dhomhanda;

(e)

an bhfuil dóthain éagsúlacht agus sármhaitheasa ann laistigh den CEMA;

(f)

an leor an chuntasacht agus an trédhearcacht i dtaca le ceanglais um fhoilsiú;

(g)

an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;

(h)

an bhfuil sé iomchuí go ndéanfar suíomh an Údaráis a chothabháil nó an bhfuil sé iomchuí na ÚMEanna a aistriú go dtí an suíomh amháin chun go mbeadh comhordú níos fearr ann eatarthu.

3.   Maidir leis an tsaincheist a bhaineann le maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar institiúidí nó ar bhonneagair a bhfuil réimse uile-Eorpach acu, agus aird á thabhairt ar fhorbairtí margaidh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil ar a oiriúnaí atá sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta sa réimse seo a thabhairt don Údarás.

4.   Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 82

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011, cé is móite d’Airteagal 76 agus d’Airteagal 77(1) agus (2), a mbeidh feidhm acu amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

Bunófar an tÚdarás an 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Samhain 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 13, 20.1.2010, lch. 1.

(2)  Tuairim an 22 Eanáir 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an. 17 Samhain 2010.

(4)  IO C 40, 7.2.2001, lch. 453.

(5)  IO C 25 E, 29.1.2004, lch. 394.

(6)  IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 392.

(7)  IO C 8 E, 14.1.2010, lch. 26.

(8)  IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 48.

(9)  IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 214.

(10)  IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 292.

(11)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 1.

(12)  Féach ar leathanach 1 den Iris Oifigiúil.

(13)  IO L 25, 29.1.2009, lch. 23.

(14)  IO L 25, 29.1.2009, lch. 28.

(15)  IO L 25, 29.1.2009, lch. 18.

(16)  Tuaraiscí na Cúirte Breithiúnais 2006 Leathanach I-03771, mír 44.

(17)  IO L 84, 26.3.1997, lch. 22.

(18)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(19)  IO L 184, 6.7.2001, lch. 1.

(20)  IO L 168, 27.6.2002, lch. 43.

(21)  IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.

(22)  IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.

(23)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(24)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(25)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 201.

(26)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(27)  IO L 35, 11.2.2003, lch. 1.

(28)  IO L 330, 5.12.1998, lch. 1.

(29)  IO L 345, 8.12.2006, lch. 1.

(30)  IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

(31)  IO L 271, 9.10.2002, lch. 16.

(32)  IO L 135, 31.5.1994, lch. 5.

(33)  Treoir 2007/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leasaítear Treoir 92/49/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2002/83/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE agus 2006/48/CE maidir le rialacha nós imeachta agus critéir mheasúnachta i ndáil le measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe ar shealúchais san earnáil airgeadais, (IO L 247, 21.9.2007, lch. 1.).

(34)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(35)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 8.

(36)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1

(37)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(38)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(39)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(40)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(41)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(42)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(43)  IO L 253, 25.9.2009, lch. 8.

(44)  Féach ar leathanach 1 den iris Oifigiúil seo.

(45)  Féach ar leathanach 12 den iris Oifigiúil seo.

(46)  Féach ar leathanach 48 den iris Oifigiúil seo.

(47)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(48)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(49)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(50)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

(51)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385.


Top