EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R1335

Rialacháin (CE) Uimh. 1335/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (Rialachán Gníomhaireachta)

OJ L 354, 31.12.2008, p. 51–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 07 Volume 004 P. 99 - 107

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/06/2016; Arna aisghairm le 32016R0796

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1335/oj

31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

51


RIALACHÁIN (CE) Uimh. 1335/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (Rialachán Gníomhaireachta)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an 29 Aibreán 2004 bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid, dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta, chun rannchuidiú teicniúil a dhéanamh le limistéar Eorpach iarnróid gan teorainneacha a chruthú. De bharr forbairtí i reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hidirinoibritheacht agus le sábháilteacht iarnróid agus de bharr forbairtí margaidh, agus ar bhonn na taithí a fuarthas agus an Ghníomhaireacht á hoibriú agus ar bhonn an chaidrimh idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún, is gá leasuithe áirithe a dhéanamh ar an Rialachán sin, agus is gá, go háirithe, cúraimí áirithe a chur leis.

(2)

Caithfear fógra a thabhairt don Choimisiún faoi rialacha náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidirinoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (athmhúnlú) (4), (dá ngairfear ‘an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid’ anseo feasta), agus i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail (an Treoir Sábháilteachta Iarnróid) (5). Ba cheart, dá bhrí sin, an dá shraith rialacha a scrúdú d'fhonn a mheasúnú, go háirithe, an bhfuil siad comhoiriúnach leis na modhanna comhchoiteanna sábháilteachta agus leis na sonraíochtaí teicniúla idirinoibritheachta (STIanna) atá i bhfeidhm, agus freisin an gcumasaíonn siad na spriocanna comhchoiteanna sábháilteachta atá i bhfeidhm a bhaint amach.

(3)

D'fhonn an nós imeachta a éascú maidir le cur i seirbhís feithiclí nach bhfuil ag teacht leis na STIanna ábhartha a údarú, ba cheart na rialacha teicniúla agus sábháilteachta uile atá i bhfeidhm i ngach Ballstát a aicmiú i dtrí ghrúpa agus ba cheart torthaí an aicmithe sin a chur i láthair i ndoiciméad tagartha. Ceanglaítear ar an nGníomhaireacht, dá bhrí sin, dréacht a tharraingt suas chun an doiciméad sin a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta trí chrostagairt a dhéanamh idir na rialacha náisiúnta le haghaidh gach ceann de na paraiméadair theicniúla ábhartha agus trí thuairimí teicniúla ad hoc a sholáthar maidir le gnéithe sonracha de na tionscadail thrasghlactha. Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na bparaiméadar, féadfaidh an Ghníomhaireacht a mholadh go ndéanfar é a mhodhnú.

(4)

De bharr a hinniúlachta dlíthiúla agus leibhéal ard a saineolais theicniúil, is í an Ghníomhaireacht an t-eintiteas ar cheart di soiléiriú a chur ar fáil maidir le hábhair chasta a eascraíonn as an ngníomhaíocht san earnáil. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le cur i seirbhís feithiclí a údarú, ba cheart go bhféadfaí a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a eisiúint i gcás ina ndéanfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta cinneadh diúltach nó i dtaca le coibhéis na rialacha náisiúnta le haghaidh na bparaiméadar teicniúil arna mbunú sa Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid.

(5)

Ba cheart go bhféadfaí a iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a thabhairt maidir le modhnuithe práinneacha ar STIanna.

(6)

Faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, féadfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht obair na gcomhlachtaí a dtugann na Ballstáit fógra dóibh. Léirigh staidéar a rinne an Coimisiún go bhfuil neart scóipe maidir le léiriú a dhéanamh ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm chun fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin. Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit maidir leis na comhlachtaí a roghnaíonn siad fógra a thabhairt dóibh agus maidir leis na seiceálacha a dhéanann siad chun a áirithiú gur comhlíonadh na critéir sin, tá sé tábhachtach go measúnófaí an tionchar a bheadh ag difríochtaí léirithe den sórt sin agus go seiceálfaí nach gcothódh siad deacrachtaí maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do theastaischomhréireachta agus do dhearbhú fíoraithe CE. Ba cheart, dá bhrí sin, ar iarratas ón gCoimisiún go bhféadfadh an Ghníomhaireacht monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus, má tá bonn maith leis, seiceálacha a dhéanamh d'fhonn a áirithiú go bhfuil na critéir dá dtagraítear sa Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht ábhartha a dtugar fógra dó.

(7)

Údaraítear le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 don Ghníomhaireacht iarratais ar mhaoiniú Comhphobail do thionscadail bhonneagair iarnróid a mheasúnú, ar iarratas ón gCoimisiún agus ó thaobh na hidirinoibritheachta de. Ba cheart an sainmhíniú ar na tionscadail sin a leathnú sa dóigh go bhféadfaí comhchuibheas an chórais a mheasúnú chomh maith, mar a tharlaíonn i gcás tionscadal lena gcuirtear an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) chun feidhme, mar shampla.

(8)

I bhfianaise forbairtí a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leo, agus go háirithe teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún 1999 um Iompar Idirnáisiúnta d'Iarnród (COTIF), ba cheart go n-iarrfaí ar an nGníomhaireacht an caidreamh idir ghnóthais iarnróid agus coimeádaithe a mheasúnú, go háirithe i dtaca le cothabháil, mar leathnú ar a cuid oibre i réimse an deimhniúcháin ar cheardlanna cothabhála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfadh an Ghníomhaireacht moltaí a dhíriú i ndáil le cur chun feidhme an chórais deimhniúcháin ar chothabháil, i gcomhréir le hAirteagal 14a den Treoir Sábháilteachta Iarnróid.

(9)

Agus scéimeanna deimhniúcháin na n-eintiteas a bhfuil cothabháil agus ceardlanna cothabhála faoina gcúram acu á bhforbairt, ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeadh na scéimeanna sin ag teacht leis na dualgais a leithroinneadh cheana féin ar ghnóthais iarnróid agus leis an ról a bheidh ag na heintitis amach anseo a mbeidh cothabháil faoina gcúram acu. Ba cheart go n-éascódh na scéimeanna sin nós imeachta deimhniúcháin sábháilteachta na ngnóthas iarnróid agus go ndéanfaidís ualach riaracháin míchuí a sheachaint, mar aon le dúbailt rialuithe, cigireachtaí agus/nó iniúchtaí.

(10)

Tar éis ghlacadh an tríú pacáiste iarnróid, ba cheart tagairt a dhéanamh do Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (6), (dá ngairfear ‘Treoir na dTiománaithe Iarnróid’ anseo feasta), lena leagtar síos cúraimí éagsúla atá le comhlíonadh ag an nGníomhaireacht agus lena dtugtar deis di aghaidh a thabhairt ar mholtaí chomh maith.

(11)

A mhéid a bhaineann leis an bhfoireann iarnróid, ba cheart don Ghníomhaireacht roghanna féideartha a aithint le haghaidh deimhniúchán a dhéanamh ar bhaill eile foirne a chomhlíonann cúraimí atá fíorthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na roghanna éagsúla sin. Lasmuigh de thiománaithe traenacha agus baill foirne eile atá ag comhlíonadh cúraimí atá fíorthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, tá sé i gceist go machnóidh an Ghníomhaireacht ar chritéir a shonrú le haghaidh inniúlachtaí gairmiúla a shainiú i dtaobh foirne eile a bhíonn páirteach in oibriú agus i gcothabháil an chórais iarnróid.

(12)

Foráiltear leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus an Treoir Sábháilteachta Iarnróid do chineálacha éagsúla doiciméad, eadhon, dearbhuithe fíoraithe CE, ceadúnais agus teastais sábháilteachta agus rialacha náisiúnta a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé de chúram ar an nGníomhaireacht a chinntiú go mbeadh rochtain phoiblí ar na doiciméid sin chomh maith le rochtain ar chláir náisiúnta na bhfeithiclí agus an bhonneagair agus ar na doiciméid atá ar coimeád sa Ghníomhaireacht.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht scrúdú a dhéanamh ar an ioncam iomchuí le haghaidh na gcúraimí a bhaineann le hinrochtaineacht doiciméad agus clár i gcomhréir le hAirteagal 38(2) de Rialachán (CE) Uimh. 881/2004.

(14)

Ó glacadh an dara pacáiste iarnróid, táthar tar éis tabhairt faoi roinnt tionscnamh a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme an ERTMS. Áirítear orthu sin comhaontú comhair a shíniú idir an Coimisiún agus na geallsealbhóirí éagsúla san earnáil, coiste stiúrtha a bhunú leis an gcomhaontú comhair sin a chur chun feidhme, Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a ghlacadh ag an gCoimisiún maidir le himlonnú an chórais chomharthaíochta iarnróid Eorpaigh ERTMS/ETCS, ceapachán comhordaitheora Eorpaigh, ag an gCoimisiún, do thionscadal an ERTMS mar thionscadal tosaíochta atá ar leas an Chomhphobail, sainmhíniú ar ról na Gníomhaireachta mar údarás córais i gcomhthéacs na gclár oibre bliantúil éagsúil, agus glacadh an STI maidir le ‘rialú-ordú agus comharthaíocht’ don ghnáthchóras iarnróid (7). I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach ionchur na Gníomhaireachta sa réimse seo, ba cheart go sonrófaí a cuid cúraimí.

(15)

Tá ról ceannasach ag an nGníomhaireacht in imscaradh an ERTMS sa chóras iarnróid ina iomláine amach anseo. Ba cheart, chuige sin, comhchuibheas uainithe idir pleananna náisiúnta aistrithe a áirithiú.

(16)

Ba cheart go gcuirfeadh an leagan den ERTMS a ghlac an Coimisiún an 23 Aibreán 2008 ar chumas gnóthas iarnróid a rinne infheistíocht i rothra idirinoibritheach brabús imleor a bhaint amach ar a n-infheistíocht. Ba cheart go gcríochnófaí an leagan seo le sonraíochtaí tástála comhchuibhithe. Níor cheart go gcuirfeadh aon sonraíocht bhreise a iarrann údarás náisiúnta sábháilteachta cosc míchuí ar ghluaiseacht rothra a bheidh feistithe le leaganacha den ERTMS amach anseo ná leis an leagan a ghlac an Coimisiún an 23 Aibreán 2008 ar línte atá trealmhaithe cheana féin i gcomhréir leis an leagan is déanaí a luaitear.

(17)

Chun an idirinoibritheacht a chur chun cinn, ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar thionchar oirúnú aon leagan den ERTMS a suiteáladh roimh an leagan a ghlac an Coimisiún an 23 Aibreán 2008 don leagan seo.

(18)

Tá líon mór saineolaithe ag an nGníomhaireacht anois ar speisialtóirí iad in idirinoibritheacht agus i sábháilteacht an chórais Eorpaigh iarnróid. Ba cheart go mbeadh sé d'údarás aici cúraimí ad hoc a chur i gcrích ar iarratas ón gCoimisiún, fad a bheidh na cúraimí sin ag teacht le misean na Gníomhaireachta, agus fad a bheidh siad comhoiriúnach le tosaíochtaí eile na Gníomhaireachta. I bhfianaise an méid sin, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta meastóireacht a dhéanamh ar inghlacthacht an chúnaimh sin agus tuarascáil a dhéanamh don Bhord Riaracháin uair sa bhliain ar a laghad ar a sholáthar. Féadfaidh an Bord measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil sin i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004.

(19)

An chéad bhliain a bunaíodh an Ghníomhaireacht, bhí dianearcaíocht ann maidir le hoifigigh tionscadal a earcaíodh ar bhonn conarthaí cúig bliana ar a mhéid, rud a chiallaíonn gur gá do chuid mhaith den fhoireann theicniúil an Ghníomhaireacht a fhágáil laistigh de thréimhse ghearr ama. D'fhonn cainníocht agus cáilíocht leordhóthanach saineolais a áirithiú agus chun bheith réidh roimh ré do na deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann sna nósanna imeachta earcaíochta, ba cheart go mbeadh sé de chead ag an nGníomhaireacht fad trí bliana breise a chur le conarthaí oibre na foirne a bhfuil saincháilíochtaí acu.

(20)

Ba cheart an dáta a gcaithfear clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh roimhe a leasú chun go bhféadfaí sioncrónú níos fearr a dhéanamh idir é agus próiseas cinnteoireachta an bhuiséid.

(21)

Ba cheart go n-aithneofaí le clár oibre na Gníomhaireachta cuspóir gach gníomhaíochta agus a seolaí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas freisin faoi thorthaí teicniúla gach gníomhaíochta, ó tharla go dtéann an fhaisnéis sin i bhfad thar raon na tuarascála ginearálta a dhírítear chuig na hinstitiúidí go léir.

(22)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon misean na Gníomhaireachta a leathnú le go gcuimseoidh sé a rannpháirtíocht i simpliú an nós imeachta Comhphobail maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar fheithiclí iarnróid, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta sin, is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 mar a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Cineálacha ghníomhartha na Gníomhaireachta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

moltaí a dhíriú chuig an gCoimisiún maidir le feidhmiú Airteagail 6, 7, 9b, 12, 14, 16, 16a, 16b, 16c, 17 agus 18; agus

(b)

tuairimí a eisiúint don Choimisiún, de bhun Airteagail 9a, 10, 13 agus 15, agus do na húdaráis lena mbaineann sna Ballstáit, de bhun Airteagal 10.’;

2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte i mír 1:

‘1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht líon teoranta meitheal a bhunú chun na moltaí dá bhforáiltear le hAirteagail 6, 7, 9b, 12, 14, 16, 17 agus 18 a tharraingt suas.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Is iad na húdaráis náisiúnta sábháilteachta, a shainmhínítear in Airteagal 16 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid, nó, ag brath ar an ábhar, na húdaráis náisiúnta inniúla, a cheapfaidh a n-ionadaithe do na meithleacha inar mian leo páirt a ghlacadh.’;

3)

scriostar Airteagal 8;

4)

cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach i ndiaidh Airteagal 9:

‘CAIBIDIL 2a

RIALACHA NÁISIÚNTA, TRASGHLACADH AGUS TUAIRIMÍ TEICNIÚLA’;

5)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 9a

Rialacha náisiúnta

1.   Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú teicniúil ar na rialacha náisiúnta nua a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid nó le hAirteagal 17(3) de Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidirinoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (athmhúnlú) (*), (dá ngairfear “an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid” anseo feasta).

2.   Scrúdóidh an Ghníomhaireacht an comhchuibheas idir na rialacha dá dtagraítear i mír 1 agus na MSCanna (Modhanna Sábháilteachta Comhchoiteanna) agus na STIanna a bheidh i bhfeidhm. Scrúdóidh an Ghníomhaireacht an gcumasaíonn na rialacha na SSCanna (Spriocanna Sábháilteachta Comhchoiteanna) a bheidh i bhfeidhm a bhaint amach chomh maith.

3.   Má mheasann an Ghníomhaireacht, tar éis di na cúiseanna a thabharfaidh an Ballstát a chur san áireamh, nach luíonn aon cheann de na rialacha sin leis na STIanna ná leis na MSCanna nó nach ligeann sí go mbainfear SSCanna amach, cuirfidh sí tuairim faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de dhá mhí ón dáta a dtarchuirfidh an Coimisiún na rialacha chuig an nGníomhaireacht.

Airteagal 9b

Aicmiú rialacha náisiúnta

1.   Éascóidh an Ghníomhaireacht do na Ballstáit glacadh le feithiclí a chuirfear i seirbhís i mBallstát eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4.

2.   Tráth nach déanaí ná an 19 Eanáir 2009, athbhreithneoidh an Ghníomhaireacht liosta na bparaiméadar i Roinn 1 d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht agus cuirfidh sí na moltaí a mheasfaidh sí a bheith iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréacht le haghaidh doiciméid thagartha a tharraingt suas ina ndéanfar crostagairt idir na rialacha náisiúnta uile atá á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i leith feithiclí a chur i seirbhís. Beidh sa doiciméad sin rialacha náisiúnta gach Ballstáit maidir le gach ceann de na paraiméadair a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus sonrófar ann chomh maith an grúpa dá dtagraítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn sin lena mbaineann na rialacha sin. Is éard a bheidh sna rialacha sin na rialacha ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 17(3) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, lena n-áirítear na rialacha ar tugadh fógra ina leith tar éis ghlacadh na STIanna (cásanna sonracha, ceisteanna oscailte, maoluithe) agus na rialacha ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 8 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid.

4.   D'fhonn laghdú de réir a chéile a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta i nGrúpa B agus dá dtagraítear i Roinn 2 d'Iarscríbhinn VII den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, déanfaidh an Ghníomhaireacht dréacht a tharraingt suas go tráthrialta chun an doiciméad tagartha a thabhairt cothrom le dáta agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig an gCoimisiún é. Déanfar an chéad leagan den doiciméad a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2010

5.   D'fhonn an tAirteagal seo a chur chun feidhme, bainfidh an Ghníomhaireacht leas as an gcomhar idir na húdaráis sábháilteachta náisiúnta arna bhunú faoi Airteagal 6(5) agus cuirfidh sí meitheal ar bun i gcomhréir le prionsabail Airteagal 3.

(*)  IO L 191, 18.7.2008, lch. 1.’;"

6)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach in Airteagal 10:

‘2a.   Féadfaidh na comhlachtaí seo a leanas a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a chur ar fáil:

(a)

údarás náisiúnta sábháilteachta nó an Coimisiún, maidir le coibhéis rialacha náisiúnta i leith ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na paraiméadair a liostaítear i Roinn 1 d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid;

(b)

an comhlacht inniúil achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 21(7) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil náisiúnta sábháilteachta cinneadh lena ndiúltaítear feithicil iarnróid a chur i seirbhís.

2b.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a sholáthar maidir le modhnuithe práinneacha ar STIanna, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid.’;

7)

scriostar Airteagal 11;

8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh

1.   Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i leith na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus a ainmníonn siad, féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht obair na gcomhlachtaí sin. Cuirfidh sí tuairim faoi bhráid an Choimisiúin i gcás inar iomchuí.

2.   Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit, ar iarratas ón gCoimisiún i gcás ina mbeidh sé den tuairim, i gcomhréir le hAirteagal 28(4) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, nach gcomhlíonann comhlacht a dtugtar fógra dó na critéir dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht seiceáil a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil na critéir sin á gcomhlíonadh. Eiseoidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún.’;

9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Idirinoibritheacht laistigh de chóras iarnróid an Chomhphobail

Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, scrúdú, ó thaobh na hidirinoibritheachta de, ar aon tionscadal a bhaineann le dearadh agus/nó le tógáil, nó le hathnuachan nó le huasghrádú an fhochórais a bhfuil iarratas déanta ar chúnamh Comhphobail airgeadais ina leith. Laistigh de thréimhse a chomhaontófar leis an gCoimisiún de réir thábhacht an tionscadail agus de réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil, agus nach faide ná dhá mhí, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim uaithi an gcomhlíonann an tionscadal na STIanna ábhartha.’;

10)

cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach roimh Airteagal 16:

‘CAIBIDIL 3a

COTHABHÁIL FEITHICLÍ’;

11)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 16:

‘Beidh na moltaí sin comhoiriúnach leis na freagrachtaí a leithroinneadh cheana féin ar ghnóthais iarnróid mar a fhoráiltear in Airteagal 4 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus ar an eintiteas a bhfuil cothabháil faoina chúram mar a fhoráiltear in Airteagal 14a den Treoir sin, agus déanfar meicníochtaí deimhniúcháin na ngnóthas iarnróid agus na n-eintiteas a bhfuil cothabháil faoina gcúram a chur san áireamh go hiomlán.’;

12)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 16a

Deimhniúchán ar eintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht moladh chuig an gCoimisiún faoin 1 Iúil 2010 i bhfianaise chur chun feidhme an chórais deimniúcháin ar eintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram i gcomhréir le hAirteagal 14a(5) den Treoir Sábháilteachta Iarnróid.

Cumhdóidh measúnú agus moladh na Gníomhaireachta na gnéithe seo a leanas go háirithe, agus aird chuí á tabhairt ar an gcaidreamh a fhéadfaidh a bheith ag eintiteas a bhfuil cothabháil faoina chúram le páirtithe eile amhail coimeádaithe, gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair:

(a)

an bhfuil córais leordhóthanacha ag an eintiteas a bhfuil cothabháil faoina chúram, lena n-áirítear próisis oibriúcháin agus bainistíochta, chun cothabháil éifeachtach agus shábháilte feithiclí a áirithiú;

(b)

inneachar agus sonraíochtaí chórais deimhniúcháin arna chur in oiriúint do chothabháil carráistí;

(c)

an cineál comhlachtaí atá inniúil chun deimhniúchán a dhéanamh agus na ceanglais a bheidh le forchur ar chomhlachtaí den sórt sin;

(d)

formáid agus bailíocht na dteastas a bheidh le seachadadh chuig na heintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram;

(e)

an chigireacht theicniúil agus oibriúcháin agus na rialuithe teicniúla agus oibriúcháin.

2.   Laistigh de thréimhse trí bliana ón dáta a nglacfaidh an Coimisiún an córas deimhniúcháin ar chothabháil dá dtagraítear in Airteagal 14a(5) den Treoir Sábháilteachta Iarnróid, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chuig an gCoimisiún ag déanamh measúnú ar chur chun feidhme an chórais sin. Faoin dáta céanna, cuirfidh an Ghníomhaireacht moladh chuig an gCoimisiún chomh maith chun ábhar agus sonraíochtaí córais deimhniúcháin chomhchosúil a shainmhíniú i gcás eintiteas a bhfuil cothabháil feithiclí eile amhail innill féinghluaiste, carráistí paisinéirí, ilaonaid leictreacha (IAL) agus ilaonaid díosail (IAD) faoina gcúram.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar na beartais mhalartacha a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14a(8) den Treoir Sábháilteachta Iarnróid i gcomhthéacs a tuarascála ar fheidhmiúlacht sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo.’;

13)

cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach i ndiaidh Airteagal 16a:

‘CAIBIDIL 3b

FOIREANN IARNRÓID’;

14)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 16b

Tiománaithe traenach

1.   Maidir le hábhair a bhaineann le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (**) (dá ngairfear “Treoir na dTiománaithe Traenach”) anseo feasta, déanfaidh an Ghníomhaireacht na nithe seo a leanas:

(a)

ullmhóidh sí dréacht de mhúnla Comhphobail don cheadúnas, don teastas agus don chóip dheimhnithe den teastas, agus le haghaidh a dtréithe fisiciúla, agus bearta frithbhrionnacha á gcur san áireamh ann;

(b)

comhoibreoidh sí leis na húdaráis inniúla d'fhonn idirinoibritheacht chláir na gceadúnas agus na ndeimhnithe do thiománaithe traenach a áirithiú. Chun na críche sin, ullmhóidh an Ghníomhaireacht dréacht de bhunpharaiméadair na gclár a bhunófar, amhail na sonraí a thaifeadfar, a bhformáid, agus an prótacal malartaithe sonraí, cearta rochtana, an ré coinneála sonraí agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcásanna féimheachta;

(c)

ullmhóidh sí dréachtchritéir Chomhphobail maidir le scrúdaitheoirí agus scrúduithe a roghnú;

(d)

déanfaidh sí meastóireacht ar dhul chun cinn dheimhniúcháin ar na tiománaithe traenach trí thuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis ghlacadh bhunpharaiméadair na gclár, dá bhforáiltear in Airteagal 22(4) de Threoir na dTiománaithe Traenach, is tuarascáil ina mbeidh, i gcás inar iomchuí, na feabhsuithe ba cheart a dhéanamh ar an gcóras agus bearta maidir le scrúdú teoiriciúil agus praiticiúil a dhéanamh ar eolas gairmiúil iarratasóirí don teastas comhchuibhithe do rothra agus do bhonneagar ábhartha;

(e)

faoin 4 Nollaig 2012, féachfaidh sí an bhféadfaí cárta cliste a úsáid ina mbeadh teaglaim den cheadúnas agus de na teastais dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir na dTiománaithe Traenach, agus ullmhóidh sí anailís costais is tairbhe ina leith sin. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht dréacht le haghaidh sonraíochtaí teicniúla agus oibriúcháin cárta cliste den sórt sin;

(f)

rannchuideoidh sí leis an gcomhar idir Bhallstáit i gcur chun feidhme Threoir na dTiománaithe Traenach agus eagróidh sí cruinnithe iomchuí le hionadaithe na n-údarás inniúil;

(g)

má iarrann an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh sí anailís costais is tairbhe ar chur i bhfeidhm fhorálacha Threoir na dTiománaithe Traenach maidir leis na tiománaithe traenach uile a bheidh ag oibriú ar bhonn eisiach i gcríoch an Bhallstáit is iarrthóir. Cumhdóidh an anailís costais is tairbhe tréimhse deich mbliana. Cuirfear an anailís costais is tairbhe sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de dhá bhliain ó bhunú na gclár i gcomhréir le pointe 1 d'Airteagal 37 de Threoir na dTiománaithe Traenach;

(h)

má iarrann an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh sí anailís eile costais is tairbhe a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh dhul in éag don tréimhse shealadach díolúine a d'fheadfadh an Coimisiún a dheonú;

(i)

áiritheoidh sí go gcomhlíonfaidh an córas a bhunaítear faoi mhír 2(a) agus (b) d'Airteagal 22 de Threoir na dTiománaithe Traenach Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (***).

2.   Maidir le hábhair a bhaineann le Treoir na dTiománaithe Traenach, déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí:

(a)

maidir le modhnú a dhéanamh ar na Cóid Chomhphobail do na cineálacha éagsúla i gcatagóir A agus i gcatagóir B dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Threoir na dTiománaithe Traenach;

(b)

maidir le faisnéis bhreise, nó maidir le srianta leighis i leith úsáide arna bhforchur ag údarás inniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir na dTiománaithe Traenach, a léiriú sna cóid.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarratas réasúnaithe a dhéanamh chuig na húdaráis inniúla ar fhaisnéis maidir le stádas ceadúnas tiománaithe traenach.

(**)  IO L 315, 3.12.2007, lch. 51."

(***)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.’;"

15)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 16c

Foireann eile ar bord traenach

I gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir na dTiománaithe Traenach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i dtuarascáil a thíolacfar tráth nach déanaí ná 4 Meitheamh 2009, agus an STI maidir le hoibriú agus bainistiú tráchta a forbraíodh faoi Threoir 96/48/CE agus faoi Threoir 2001/16/CE á gcur san áireamh, proifíl agus cúraimí de chuid ball criú eile a aithint a bhfuil cúraimí orthu a bhaineann go dlúth le sábháilteacht agus a rannchuidíonn a gcáilíochtaí gairmiúla le sábháilteacht iarnróid dá réir agus ar cheart iad a rialú ar leibhéal an Chomhphobail trí bhíthin córais ceadúnas agus/nó teastas a d'fheadfadh a bheith comhchosúil leis an gcóras a bhunaítear le Treoir na dTiománaithe Traenach.’;

16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad teidil agus mhír 1 d'Airteagal 17:

‘Airteagal 17

Inniúlachtaí gairmiúla agus oiliúint ghairmiúil

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí maidir le critéir chomhchoiteanna a shonrú chun inniúlachtaí gairmiúla a shainiú agus maidir le measúnú foirne i gcás inar foireann í a bheidh páirteach in oibriú agus i gcothabháil an chórais iarnróid ach ar foireann í nach gcumhdaítear le hAirteagal 16b ná le hAirteagal 16c.’;

17)

cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach i ndiaidh Airteagal 17:

‘CAIBIDIL 3c

CLÁIR AGUS BUNACHAR SONRAÍ POIBLÍ NA GNÍOMHAIREACHTA’;

18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Na Cláir

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraíochtaí comhchoiteanna a tharraingt suas agus a mholadh don Choimisiún:

(a)

le haghaidh na gclár náisiúnta feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 33 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, lena n-áirítear socruithe chun sonraí a mhalartú agus foirm chaighdeánach d'iarratas ar chlárúchán;

(b)

le haghaidh an chláir Eorpaigh de chineálacha feithiclí a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 34 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, lena n-áirítear socruithe chun sonraí a mhalartú leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta;

(c)

le haghaidh an chláir bhonneagair i gcomhréir le hAirteagal 35 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid.

2.   Bunóidh agus coimeádfaidh an Ghníomhaireacht clár de na cineálacha feithiclí a údaraíonn na Ballstáit a chur i seirbhís ar an líonra iarnróid laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le hAirteagal 34 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. Ina theannta sin, ullmhóidh an Ghníomhaireacht dréachtmhúnla don dearbhú i leith cineál-chomhréireachta, i gcomhréir le hAirteagal 26(4) den Treoir sin.’;

19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Inrochtaineacht doiciméad agus clár

1.   Na doiciméid agus na cláir seo a leanas dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus leis an Treoir Sábháilteachta Iarnróid, déanfaidh an Ghníomhaireacht rochtain phoiblí a chur ar fáil orthu:

(a)

dearbhaithe CE maidir le fíorú ar fhochórais;

(b)

dearbhaithe comhréireachta CE maidir le comhdhamhnaí atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta;

(c)

na ceadúnais a eisítear i gcomhréir le Treoir 95/18/CE;

(d)

na teastais sábháilteachta a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid;

(e)

na tuarascálacha ar imscrúduithe a sheoltar chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid;

(f)

na rialacha náisiúnta a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus le hAirteagal 17(3) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid;

(g)

an nasc leis na cláir náisiúnta feithiclí;

(h)

an nasc leis na cláir bhonneagair;

(i)

an clár Eorpach de chineálacha údaraithe feithiclí;

(j)

lár na n-iarratas ar athruithe agus na n-iarratas ar athruithe a bheartaítear a dhéanamh ar shonraíochtaí an ERTMS;

(k)

clár mharcanna na gcoimeádaithe feithiclí a choimeádann an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an STI maidir le hoibriú agus bainistiú tráchta.

2.   Pléifidh agus comhaontóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na socruithe praiticiúla maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a tharchur ar bhonn dréachta ón nGníomhaireacht.

3.   Agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 á dtarchur, féadfaidh na comhlachtaí lena mbaineann cibé doiciméid a shonrú ar doiciméid iad nach nochtfar don phobal ar chúiseanna slándála.

4.   Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta a bheidh freagrach as eisiúint na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 1(c) agus i mír 1(d) fógra don Ghníomhaireacht, laistigh d'aon mhí amháin, maidir le gach cinneadh ar leith chun iad a eisiúint, a athnuachan, a leasú nó a chúlghairm.

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon doiciméad poiblí nó aon nasc a bheidh ábhartha maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a chur leis an mbunachar sonraí poiblí sin.’;

20)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 4:

‘CÚRAIMÍ SPEISIALTA’;

21)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 21a

An ERTMS

1.   Gabhfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún, na cúraimí a shonraítear i mír 2 go mír 5 uirthi féin d'fhonn

(a)

forbairt chomhréireach an ERTMS a áirithiú;

(b)

rannchuidiú le comhlíonadh threalamh an ERTMS mar a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit é leis na sonraíochtaí atá i bhfeidhm.

2.   Bunóidh an Ghníomhaireacht nós imeachta le bainistiú a dhéanamh ar iarratais ar athruithe ar shonraíochtaí an ERTMS. Chun na críche sin, bunóidh agus coimeádfaidh an Ghníomhaireacht clár d'iarratais ar athruithe, agus d'athruithe a bheartaítear, ar shonraíochtaí an ERTMS.

Ní mholfaidh an Ghníomhaireacht leagan nua a ghlacadh ach amháin nuair a bheidh an leagan roimhe sin imscartha ag ráta dóthanach. Ní dhéanfaidh forbairt leaganacha nua dochar do ráta imscartha an ERTMS, do chobhsaíocht na sonraíochtaí atá riachtanach chun táirgeadh trealamh an ERTMS a bharrfheabhsú, do bhrabús ar an infheistíocht do ghnóthais iarnróid agus do phleanáil éifeachtach imscaradh an ERTMS.

3.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le hiarrachtaí an Choimisiúin i bhforbairt phlean imscartha AE don ERTMS agus suiteáil an ERTMS ar na conairí tras-Eorpacha iompair a chomhordú.

4.   Forbróidh an Ghníomhaireacht straitéis chun na leaganacha éagsúla den ERTMS a bhainistiú d'fhonn comhchuibheas teicniúil agus oibriúcháin a áirithiú idir líonraí agus feithiclí a mbeidh leaganacha éagsúla feistithe iontu agus chun dreasachtaí a chur ar fáil chun an leagan atá i bhfeidhm agus leaganacha níos nua a d'fhéadfadh a bheith ann a chur chun feidhme go tapa.

I gcomhréir le hAirteagal 6(9) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh gach leagan leanúnach de threalamh an ERTMS comhoiriúnach go siarghabhálach, amhail ón leagan a ghlac an Coimisiún an 23 Aibreán 2008.

Maidir le trealamh an ERTMS a cuireadh i seirbhís roimh an 23 Aibreán 2008 nó a raibh a suiteáil nó a uasghrádú lena imscaradh go maith chun cinn an dáta sin, ullmhóidh an Ghníomhaireacht tuarascáil measúnaithe a aithneoidh:

(a)

na costais bhreise a bheidh le híoc ag an dream a chur chun feidhme go luath é mar thoradh ar thabhairt isteach an leagain a ghlac an Coimisiún an 23 Aibreán 2008;

(b)

na meicníochtaí uile is féidir, lena n-áirítear na cinn airgeadais, chun tacú leis an aistriú ó na leaganacha níos luaithe go dtí an leagan dá dtagraítear i bpointe (a).

Glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfaighidh sé tuarascáil measúnaithe na Gníomhaireachta.

5.   Bunóidh an Ghníomhaireacht grúpa oibre ad hoc a bheidh comhdhéanta de chomhlachtaí ar tugadh fógra dóibh, agus beidh sé ina chathaoirleach air, d'fhonn seiceáil a dhéanamh go bhfuil na nósanna imeachta fíoraithe CE a sheolann na comhlachtaí ar tugadh fógra dóibh i gcomhthéacs thionscadail shonracha an ERTMS a údarú á gcur i bhfeidhm go comhleanúnach. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta chomh maith d'fhonn seiceáil a dhéanamh go bhfuil na nósanna imeachta a bhaineann le cur i seirbhís á gcur i bhfeidhm go comhleanúnach. I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht gur baolach easpa comhoiriúnachta teicniúla agus oibríochta a bheith ann idir gréasáin agus feithiclí feistithe le trealamh atá faoi réir na nósanna imeachta seo, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill agus glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí.

6.   I gcás ina dtiocfaidh neamhchomhréireachtaí teicniúla chun cinn idir líonraí agus feithiclí i gcomhthéacs tionscadal sonrach de chuid an ERTMS, áiritheoidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus údaráis náisiúnta sábháilteachta gur féidir leis an nGníomhaireacht aon fhaisnéis a fháil is ábhartha maidir leis na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm agus a bhaineann le fíorú “CE” agus le cur i seirbhís, maille leis na coinníollacha oibriúcháin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, bearta iomchuí a mholadh don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar phróiseas deimhniúcháin threalamh an ERTMS trí thuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2011 ina mbeidh, i gcás inar iomchuí, feabhsuithe a bheidh le déanamh.

8.   Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 7, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na costais agus na tairbhithe a bhaineann le cineál aonair trealaimh saotharlainne, rian aonair tagartha agus/nó comhlacht aonair deimhniúcháin a úsáid ar leibhéal an Chomhphobail. Caithfidh comhlacht deimhniúchán den sórt sin critéir Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid a chomhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh agus, más iomchuí, togra reachtach a thabhairt chun cinn chun córas deimhniúcháin an ERTMS a fheabhsú.

Airteagal 21b

Cúnamh don Choimisiún

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, agus laistigh de theorainneacha Airteagal 30(2)(b), cúnamh don Choimisiún i gcur chun feidhme reachtaíocht an Chomhphobail a mbeidh sé de chuspóir aici leibhéal idirinoibritheachta na gcóras iarnróid a fheabhsú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt i leith na sábháilteachta sa chóras Eorpach iarnróid.

2.   Beidh an cúnamh sin teoranta ó thaobh ama agus ó thaobh scóipe de, beidh sé gan dochar do gach cúram eile a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ann:

(a)

faisnéis a chur in iúl faoin mbealach a chuirtear gnéithe sonracha de reachtaíocht an Chomhphobail chun feidhme;

(b)

comhairle theicniúil a sholáthar maidir le hábhair a éilíonn fios gnóithe sonrach;

(c)

faisnéis a bhailiú trí chomhar na n-údarás náisiúnta sábhailteachta agus na gcomhlachtaí imscrúduithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(5).

3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil don Bhord, uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n-áirítear a thionchar ar acmhainní.’;

22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24(3):

‘3.   Gan dochar d'Airteagal 26(1), is iad a bheidh ar fhoireann na Gníomhaireachta:

fostaithe sealadacha arna n-earcú ag an nGníomhaireacht ar feadh uastréimhse cúig bliana, as measc ghairmithe na hearnála ar bhonn a gcáilíochtaí agus a dtaithí i réimse na sábháilteachta agus na hidirinoibritheachta iarnróid;

oifigigh arna sannadh nó arna dtabhairt ar iasacht ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit ar feadh uastréimhse cúig bliana; agus

seirbhísigh eile, mar a shainmhínítear i gCoinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach iad, chun cúraimí cur chun feidhme nó rúnaíochta a chur i gcrích.

I rith na chéad 10 mbliana a fheidhmeoidh an Ghníomhaireacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 5 bliana sa chéad fhleasc ar feadh tréimhse eile nach faide ná 3 bliana ar a mhéid, nuair is gá sin chun leanúnachas a seirbhísí a áirithiú.’;

23)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

faoin 30 Samhain gach bliain, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh aige, glacfaidh sé clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig na Ballstáit, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é. Glacfar an clár oibre sin gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Chomhphobail. Má chuireann an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a nglacfar an clár oibre, nach n-aontaíonn sé leis an gclár, athscrúdóidh an Bord Riaracháin an clár agus glacfar é, agus é leasaithe más gá, laistigh de thréimhse dhá mhí ar an dara léamh, trí thromlach dhá thrian, agus ionadaithe an Choimisiúin san áireamh, nó d'aontoil ionadaithe na mBallstát;’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3.   Sonrófar le clár oibre na Gníomhaireachta cuspóirí gach gníomhaíochta. De ghnáth, seolfar tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le gach gníomhaíocht agus/nó gach toradh.’;

24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26(1):

‘1.   Is iad a bheidh ar an mBord Riaracháin ionadaí amháin thar ceann gach Ballstáit agus ceathrar ionadaithe thar ceann an Choimisiúin, chomh maith le seisear ionadaithe nach mbeidh sé de cheart acu vótáil agus a bheidh ina n-ionadaithe ar leibhéal na hEorpa do na grúpaí seo a leanas:

(a)

gnóthais iarnróid;

(b)

bainisteoirí bonneagair;

(c)

an tionscal iarnróid;

(d)

ceardchumainn na n-oibrithe;

(e)

paisinéirí;

(f)

custaiméirí lastais.

Ceapfaidh an Coimisiún ionadaí agus ionadaí malartach do gach ceann de na grúpaí sin ó ghearrliosta de cheithre ainm a thíolacfaidh a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach d'fhonn ionadaíocht iomchuí na leasanna uile a áirithiú.

Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a dtaithí ábhartha agus a saineolais ábhartha.’;

25)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33(1):

‘1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an mbeartas arna shainiú ag an mBord Riaracháin, d'fhonn na cúraimí a shanntar di le hAirteagail 9, 9a, 10, 13 agus 15 a chur i gcrích. Éascóidh údaráis náisiúnta na mBallstát obair fhoireann na Gníomhaireachta.’;

26)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(1):

‘1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tíortha Eorpacha agus tíortha a thagann laistigh de raon Bheartas Comharsanachta na hEorpa a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gComhphobal Eorpach faoina bhfuil reachtaíocht Chomhphobail sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo glactha agus á cur i bhfeidhm acu.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Nollaig 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 256, 27.10.2007, lch. 39.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (IO C 297 E, 20.11.2008, lch. 140), Comhsheasamh ón gComhairle an 3 Márta 2008 (IO C 93 E, 15.4.2008, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2008.

(3)  IO L 164, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 220, 21.6.2004, lch. 3.

(4)  IO L 191, 18.7.2008, lch. 1.

(5)  IO L 164, 30.4.2004, lch. 44. Leagan ceartaithe in IO L 220, 21.6.2004, lch. 16.

(6)  IO L 315, 3.12.2007, lch. 51.

(7)  Cinneadh 2006/679/CE ón gCoimisiún an 28 Márta 2006 maidir le sonraíocht theicniúil d'idirinoibritheacht a bhaineann le fochóras rialuithe-orduithe agus comharthaíochta an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh (IO L 284, 16.10.2006, lch. 1).


Top