EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12019W/DCL

Dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

OJ C 66I, 19.2.2019, p. 185–198 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2019(1)/dcl_1/oj

19.2.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

185


Dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

(2019/C 66 I/02)

RÉAMHRÁ

1.

Tá an tAontas Eorpach, dá ngairfear ina dhiaidh seo “an tAontas” agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, dá ngairfear ina dhiaidh seo “an Ríocht Aontaithe” (“na Páirtithe”), tar éis comhaontú ar an dearbhú polaitiúil seo maidir leis an gcaidreamh a bheidh eatarthu sa todhchaí, ar an mbonn go bhforáiltear le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go ndéanfar comhaontú a chaibidil ina leagfar amach na socruithe do tharraingt siar Ballstáit a bheidh ag imeacht, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas. Ós amhlaidh atá, is ag gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, a d'fhormhuinigh na Páirtithe, faoi réir a dhaingnithe, atá an dearbhú seo.

2.

Tá rún daingean ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe oibriú as láimh a chéile chun coimirce a dhéanamh ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, an smacht reachta agus cur chun cinn an daonlathais, ardchaighdeáin maidir leis an tsaorthrádáil chóir agus cearta na n-oibrithe, cosaint tomhaltóirí agus comhshaoil, agus an comhar i gcoinne bagairtí inmheánacha agus bagairtí seachtracha ar a luachanna agus ar a leasanna.

3.

Den mheon sin, bunaíonn an dearbhú seo na paraiméadair do chomhpháirtíocht a bheidh uaillmhianach, leathan, domhain agus solúbtha ar feadh réimsí an chomhair trádála agus eacnamaíoch, forfheidhmiú dlí agus ceartas coiriúil, an beartas eachtrach, slándáil agus cosaint agus réimsí níos forleithne comhair. Féadfaidh an caidreamh sa todhchaí réimsí eile comhair a chuimsiú chomh maith leis na réimsí a ndéantar tuairisc orthu sa dearbhú polaitiúil seo, i gcás ina measfaidh na Páirtithe go ndéanfaidh sin a leas coiteann le linn na caibidlíochta. Beidh an caidreamh seo fréamhaithe sna luachanna agus leasanna atá i bpáirt ag an Aontas agus an Ríocht Aontaithe. Is as a ngeografaíocht, a stair agus a n-idéalacha atá fódaithe ina n-oidhreacht choiteann Eorpach a thagann siad. Aontaíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go gcuirtear leis an rathúnas agus leis an tslándáil nuair a ghlacaimid chugainn féin an tsaorthrádáil chóir, nuair a chosnaítear cearta an duine aonair agus an smacht reachta, nuair a chosnaítear freisin oibrithe, tomhaltóirí agus an comhshaol, agus nuair a sheasaimid le chéile i gcoinne bagairtí ar chearta agus ar luachanna, más ó lasmuigh nó laistigh iad.

4.

Beidh an caidreamh sa todhchaí bunaithe ar chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí, agus prionsabail gach aon Pháirtí á gcur san áireamh. Ní mór don chothromaíocht neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais a áirithiú agus ní mór di a bheith ag teacht le prionsabail an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le sláine an Mhargaidh Aonair agus an Aontais Custaim agus dodhealaitheacht na gceithre shaoirse. Ní mór di, freisin, ceannasacht na Ríochta Aontaithe agus cosaint an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus an toradh a bhí ar reifreann 2016 á urramú san am céanna, lena n-áirítear maidir lena polasaí trádála neamhspleách féin a fhorbairt agus deireadh a chur leis an tsaorghluaiseacht daoine idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

5.

Mar thoradh ar thréimhse ballraíochta na Ríochta Aontaithe san Aontas, is mór an comhtháthú atá idir geilleagar an Aontais agus geilleagar na Ríochta Aontaithe, agus tá pobail agus tosaíochtaí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, mar a bhí agus mar a bheidh, fite fuaite ina chéile. Ní mór don chaidreamh sa todhchaí an comhthéacs sin, nach bhfuil a leithéid eile ann, a chur san áireamh; níl aon dul as an méid sin. Cé nach bhféadfaidh sé gurb ionann an caidreamh sa todhchaí agus ballraíocht, ná go deimhin cearta ná oibleagáidí na ballraíochta sin, aontaíonn na Páirtithe nár cheart dhá leath a dhéanamh dá n-uaillmhian maidir le raon feidhme agus doimhneacht an chaidrimh, agus tuigeann siad go bhféadfadh sé go dtiocfadh athrú air seo le himeacht aimsire. Seachas rud ar bith eile, ba cheart gur caidreamh a bheadh ann a dhéanfadh leas shaoránaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, anois agus feasta.

CUID I: FORÁLACHA TOSAIGH

I.   An bonn comhair

A.   Bunluachanna agus bunchearta

6.

Aontaíonn na Páirtithe gur cheart luachanna comhroinnte, mar shampla meas agus coimirciú ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, ar phrionsabail dhaonlathacha, ar an smacht reachta agus ar an tacaíocht don neamh-iomadú a bheith mar thaca faoin gcaidreamh sa todhchaí. Aontaíonn na Páirtithe gur réamhchoinníoll bunriachtanach iad na luachanna sin don chomhar atá beartaithe a bheith ann faoin gcreat seo. Athdhearbhaíonn na Páirtithe, freisin, a thiomanta atá siad an t-iltaobhachas éifeachtach a chur chun cinn.

7.

Ba cheart, mar chuid den chaidreamh sa todhchaí, go leanfadh an Ríocht Aontaithe de bheith tiomanta meas a bheith aici ar chreat an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (ECHR), agus leanfaidh an tAontas gona Bhallstáit de bheith faoi cheangal ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a athdhearbhaíonn na cearta sin mar a eascraíonn siad go háirithe as ECHR.

B.   Cosaint sonraí

8.

I bhfianaise na tábhachta a bhainfidh le sreabha agus malartuithe sonraí sa chaidreamh sa todhchaí, tá na Páirtithe tiomanta ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú chun sreabha den sórt sin a éascú eatarthu.

9.

Le rialacha cosanta sonraí an Aontais, foráiltear do chreat a cheadaíonn don Choimisiún Eorpach caighdeáin cosanta sonraí an tríú tír a aithint mar chaighdeáin a sholáthraíonn leibhéal cosanta leordhóthanach, rud a éascaíonn aistrithe sonraí pearsanta chuig an tríú tír sin. Ar bhonn an chreata sin, tosóidh an Coimisiún Eorpach ar mheasúnuithe maidir leis an Ríocht Aontaithe a luaithe is féidir tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar, agus déanfaidh sé iarracht cinntí a ghlacadh faoi dheireadh 2020, má tá na coinníollacha is infheidhme á gcomhlíonadh. Agus é á thabhairt dá haire go mbeidh réimeas aistrithe idirnáisiúnta dá cuid féin á bhunú ag an Ríocht Aontaithe, glacfaidh an Ríocht Aontaithe bearta, laistigh den tréimhse chéanna, chun a áirithiú go ndéanfar aistriú inchomparáide sonraí pearsanta chuig an Aontas a éascú, má chomhlíontar na coinníollacha is infheidhme. Ní dhéanfaidh an caidreamh sa todhchaí difear do neamhspleáchas na bPáirtithe maidir lena rialacha cosanta sonraí pearsanta féin.

10.

Ós amhlaidh atá, ba cheart do na Páirtithe socruithe a dhéanamh do chomhar iomchuí idir rialtóirí.

II.   Réimsí leasa choitinn

A.   Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais

11.

Á thabhairt dá n-aire a fhairsinge agus a thromchúisí a bheidh an caidreamh sa todhchaí agus an dlúthnasc idir a saoránaigh, bunóidh na Páirtithe na prionsabail, na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in ionstraimí comhfhreagracha an Aontais, i réimsí amhail an eolaíocht agus an nuálaíocht, an óige, an cultúr agus an t-oideachas, an fhorbairt thar lear agus gníomhaíocht sheachtrach, cumais chosanta, an chosaint shibhialta agus an spás. Ba cheart don mhéid seo a leanas a bheith san áireamh leis sin: rannchuidiú airgeadais cothrom iomchuí, forálacha le go mbeidh an dá Pháirtí in ann bainistíocht fhónta airgeadais a fheidhmiú, le go gcuirfear cóir chothrom ar rannpháirtithe, agus le go mbeifear in ann bainistiú agus comhairliúchán a dhéanamh a bheidh iomchuí do chineál an chomhair idir na Páirtithe.

12.

Fiosróidh na Páirtithe, freisin, rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gCuibhreannais don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERICanna), faoi réir choinníollacha ionstraimí dlí an Aontais agus reachtanna aonair ERIC, agus cuirfear san áireamh leibhéal rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais maidir leis an eolaíocht agus an nuálaíocht.

13.

Meabhraítear do na Páirtithe go bhfuil siad araon tiomanta do chlár PEACE PLUS a thabhairt i gcrích amach anseo chun éitir a choinneáil san obair maidir le hathmhuintearas agus le todhchaí chomhroinnte i dTuaisceart Éireann, lena gcoimeádfar na coibhnis mhaoiniúcháin reatha don chlár a bheidh ann amach anseo.

B.   An t-idirphlé

14.

Ba cheart do na Páirtithe dul i mbun idirphlé agus tuairimí a mhalartú i réimsí lena mbaineann leas coiteann, chun deiseanna a shainaithint i dtaobh oibriú i gcomhar, dea-chleachtas agus saineolas a chomhroinnt, agus gníomhú le chéile, lena n-áirítear réimsí amhail an cultúr, an t-oideachas, an eolaíocht agus an nuálaíocht. Sna réimsí sin, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht agus gluaiseacht shealadach nithe agus trealamh má táthar chun an comhar a chumasú. Breathnóidh na Páirtithe freisin ar an gcomhar atá ann cheana féin idir grúpaí atá bainteach le cúrsaí cultúir agus le cúrsaí oideachais.

15.

Lena chois sin, tugann na Páirtithe dá n-aire go bhfuil rún ag an Ríocht Aontaithe breathnú ar roghanna éagsúla don chaidreamh sa todhchaí le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI).

CUID II: COMHPHÁIRTÍOCHT EACNAMAÍOCH

I.   Cuspóirí agus prionsabail

16.

Aithníonn na Páirtithe go bhfuil caidreamh trádála agus infheistíochta acu atá thar a bheith tábhachtach, a léiríonn breis is 45 bliana de chomhtháthú eacnamaíoch fad is a bhí an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas, aithníonn siad méid an dá gheilleagar agus a gcóngaracht gheografach dá chéile, nithe a fhágann gur casta comhtháite iad na slabhraí soláthair atá eatarthu.

17.

Ós mar sin atá, aontaíonn na Páirtithe go bhforbróidh siad comhpháirtíocht eacnamaíoch a bheidh uaillmhianach, fadréimseach agus cothrom. Comhpháirtíocht chuimsitheach a bheidh inti, lena gcuimseofar limistéar saorthrádála agus comhar fairsing earnálach i gcás ina rachaidh sin chun leasa don dá Pháirtí. Beidh forálacha mar bhonn taca ag an gcomhpháirtíocht sin lena n-áiritheofar cothroime iomaíochta ar mhaithe le hiomaíocht chóir oscailte, mar a leagtar amach i Roinn XIV den Chuid seo. Ba cheart don chomhpháirtíocht sin an trádáil agus an infheistíocht idir na Páirtithe a éascú a mhéid is féidir, agus sláine Mhargadh Aonair an Aontais agus an Aontais Custaim á hurramú mar aon le margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, agus é á aithint go mbeidh beartas neamhspleách trádála á fhorbairt ag an Ríocht Aontaithe de bhreis ar an gcomhpháirtíocht eacnamaíoch seo.

18.

Coinneoidh na Páirtithe a neamhspleáchas agus a gcumas gníomhaíochtaí eacnamaíochta a rialáil de réir na leibhéal cosanta a mheasfaidh siad araon a bheith iomchuí chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a bhaint amach amhail an tsláinte phoiblí, sláinte agus leas ainmhithe, seirbhísí sóisialta, an t-oideachas poiblí, an tsábháilteacht, an comhshaol lena n-áirítear an t-athrú aeráide, an mhoráltacht phoiblí, cosaint sóisialta nó cosaint tomhaltóirí, an phríobháideacht, cosaint sonraí, agus cosaint agus cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha. Aithneoidh an chomhpháirtíocht eacnamaíoch sin gur cuspóir uileghabhálach ag na Páirtithe í an fhorbairt inbhuanaithe. Déanfar foráil freisin sa chomhpháirtíocht eacnamaíoch d'eisceachtaí iomchuí ginearálta, lena n-áirítear i dtaca leis an tslándáil.

19.

Meabhraítear do na Páirtithe go bhfuil rún daingean acu comhaontú a chur in ionad réiteach an chúlstop maidir le Tuaisceart Éireann, ar comhaontú é lena mbunófar socruithe malartacha faoina n-áiritheofar nach mbeidh teorainn chrua go brách ar oileán na hÉireann.

II.   Earraí

A.   Cuspóirí agus prionsabail

20.

Tá sé ar intinn ag na Páirtithe dlúthchaidreamh trádála a bheith acu, a mhéid is féidir, i ndáil le hearraí, d'fhonn trádáil dhlisteanach a éascú.

21.

Cuirfear san áireamh sna socruithe sin go mbeidh na Páirtithe rannpháirteach i margaí ar leithligh agus i ndlíchórais ar leithligh tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas. Cuirtear sláine agus feidhmiú cuí na margaí sin i mbaol agus earraí á n-aistriú thar teorainneacha, agus is trí nósanna imeachta custaim agus trí sheiceálacha custaim a dhéantar an baol sin a bhainistiú.

22.

Mar sin féin, d'fhonn gluaiseacht earraí thar teorainneacha a éascú, tá sé ar intinn ag na Páirtithe socruithe cuimsitheacha a chur i bhfeidhm a chruthóidh limistéar saorthrádála, a chothóidh dlúthchomhar rialála agus custaim, a gcuirfidh forálacha lena gcinnteofar cothroime iomaíochta ar mhaithe le hiomaíocht chóir, oscailte, taca faoi.

B.   Taraifí

23.

Ba cheart a áirithiú leis an gcomhpháirtíocht eacnamaíoch nach ann do tharaifí, do mhuirir ná do shrianta cainníochtúla ar bith sna hearnálacha uile, trí bhíthin socruithe uaillmhianacha custaim a chuireann leis an gcríoch chustaim aonair dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus a fheabhsaíonn í, i gcomhréir le cuspóirí agus le prionsabail thuasluaite na bPáirtithe, rud a chealaíonn an gá atá le seiceálacha ar rialacha tionscnaimh.

C.   Gnéithe rialála

24.

Agus an neamhspleáchas rialála á chaomhnú acu, cuirfidh na Páirtithe forálacha i bhfeidhm lena gcuirfear cuir chuige rialála chun cinn atá trédhearcach, éifeachtúil, a thabharfadh orainn bacainní neamhriachtanacha ar thrádáil earraí a sheachaint agus atá comhréireach a mhéid is féidir. Disciplíní maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil (TBT) agus bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS), ba cheart dóibh dul thar a bhfuil i gcomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála faoi seach agus cur leo. Go sonrach, ba cheart do dhisciplíní TBT prionsabail choiteanna a leagan amach i dtaca le caighdeánú, rialacháin theicniúla, measúnú comhréireachta, creidiúnú, faireachas margaidh, méadreolaíocht agus lipéadú. Ba cheart do na Páirtithe caitheamh le chéile mar eintitis aonraic a mhéid a bhaineann le bearta SPS, lena n-áirítear chun críocha creidiúnaithe, agus ba cheart dóibh an réigiúnú a aithint ar bhonn faisnéis iomchuí eipidéimeolaíochta arna soláthar ag an bpáirtí onnmhairiúcháin. Breathnóidh na Páirtithe freisin ar chomhar idir údaráis na Ríochta Aontaithe agus gníomhaíochtaí an Aontais amhail an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA).

25.

Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Ríocht Aontaithe a marana maidir le teacht ar comhréim le rialacha an Aontais sna réimsí iomchuí.

D.   Custam

26.

Cuirfidh na Páirtithe socruithe uaillmhianacha custaim i bhfeidhm chun a gcuspóirí foriomlána a bhaint amach. Agus iad ag déanamh amhlaidh, tá sé ar intinn ag na Páirtithe leas a bhaint as gach socrú éascaitheach agus teicneolaíocht éascaitheach dá bhfuil ar fáil, agus a ndlíchórais faoi seach á n-urramú acu go hiomlán, agus a áirithiú go bhféadfaidh na húdaráis chustaim leasanna airgeadais na bPáirtithe faoi seach a chosaint agus beartais phoiblí a fhorfheidhmiú. Chuige sin, tá sé beartaithe acu breathnú ar aitheantas frithpháirteach do chláir iontaofa na dtrádálaithe, ar chomhar riaracháin i gcúrsaí custaim agus ar chúnamh frithpháirteach, lena n-áirítear aisghabháil éileamh i dtaca le cánacha agus dleachtanna, agus calaois chustaim agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac le malartú faisnéise.

27.

Breathnófar freisin ar na socruithe éascaitheacha agus ar na teicneolaíochtaí éascaitheacha sin i gcás ina mbeadh aon socruithe malartacha á bhforbairt faoina n-áiritheofar nach mbeidh teorainn chrua go brách ar oileán na hÉireann.

E.   Impleachtaí do sheiceálacha agus do rialuithe

28.

Tá sé i gceist ag na Páirtithe go ndéanfaí gealltanais na Ríochta Aontaithe maidir le comhar custaim agus rialála, lena n-áirítear i ndáil leis na rialacha a ailíniú, a chur san áireamh agus na seiceálacha agus na rialuithe gaolmhara á bhfeidhmiú, agus dar leo gur tosca é sin maidir le riosca a laghdú. Mar gheall ar an méid sin agus ar an úsáid a bhaintear as na socruithe éascaitheacha ar fad atá ar fáil, agus a gcuirtear síos orthu thuas, d'fhéadfadh sé go mbeadh meascán de thorthaí difriúla ann i gcás na bpróiseas riaracháin agus i gcás seiceálacha agus rialuithe, agus ós amhlaidh atá, tugann siad dá n-aire gur mian leo a bheith chomh huaillmhianach agus is féidir, agus sláine a margaí agus a ndlíchóras faoi seach á n-urramú.

III.   Seirbhísí agus infheistíocht

A.   Cuspóirí agus prionsabail

29.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe uaillmhianacha cuimsitheacha cothroma a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i seirbhísí agus infheistíocht i seirbhísí agus in earnálacha neamhsheirbhísí, agus ceart rialála gach Páirtí á urramú. Ba cheart do na Páirtithe féachaint le leibhéal léirscaoilte a thabhairt i gcrích i dtaca le trádáil i seirbhísí a rachaidh i bhfad níos faide ná mar a théann gealltanais na bPáirtithe maidir leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus a chuirfidh leis na Comhaontuithe Saorthrádála a shocraigh an tAontas le déanaí.

30.

I gcomhréir le hAirteagal V den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil i Seirbhísí, ba cheart do na Páirtithe féachaint le clúdach suntasach earnála a bhaint amach, lena gcuimseofar gach uile mhodh soláthair agus lena bhforálfar d'easnamh beagnach gach cineál idirdhealaithe sna hearnálacha a chuimsítear, agus eisceachtaí agus teorainneacha ann mar is iomchuí. Mar sin de, ba cheart earnálacha, lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla agus gnó, seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí cúiréara agus poist, seirbhísí dáileacháin, seirbhísí comhshaoil, seirbhísí airgeadais, seirbhísí iompair agus seirbhísí eile leasa choitinn, a chuimsiú faoi na socruithe sin.

B.   Rochtain ar mhargaí agus neamh-idirdhealú

31.

Ba cheart forálacha maidir le rochtain ar mhargaí agus cóireáil náisiúnta faoi rialacha an stáit óstaigh do sholáthraithe seirbhíse agus infheisteoirí na bPáirtithe a áireamh sna socruithe, agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar na ceanglais feidhmíochta a fhorchuirtear ar infheisteoirí. D'áiritheofaí leis sin go gcaithfí le soláthraithe seirbhísí agus le hinfheisteoirí na bPáirtithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus aird á tabhairt ar an mbunaíocht freisin.

32.

Faoi na socruithe sin, ba cheart do dhaoine nádúrtha a bheith in ann dul isteach agus fanacht ar bhonn sealadach chun críocha gnó i limistéir shainithe.

C.   Gnéithe rialála

33.

Agus neamhspleáchas rialála á chaomhnú, ba cheart forálacha a bheith sna socruithe chun cuir chuige rialála a chur chun cinn, ar cuir chuige iad a bheidh trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach a mhéid is féidir, agus a mbeidh inmhianaithe leo ceanglais rialála gan ghá a sheachaint.

34.

Ós amhlaidh atá, ba cheart do na Páirtithe teacht ar chomhaontú i ndáil le disciplíní maidir le rialáil intíre. Ba cheart forálacha cothrománacha a áireamh orthu sin, mar atá i gcás nósanna imeachta um cheadúnú, agus forálacha rialála sonracha in earnálacha leasa choitinn amhail seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí airgeadais, seirbhísí seachadta, agus seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta. Ba cheart forálacha, a léireoidh an dea-chleachtas rialála, a bheith ann freisin maidir le rialáil intíre a fhorbairt agus a ghlacadh.

35.

Ós amhlaidh atá, ba cheart do na Páirtithe creat a bhunú don chomhar deonach rialála i réimsí leasa choitinn, lena n-áirítear malartú faisnéise agus comhroinnt an dea-chleachtais.

36.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe iomchuí a fhorbairt freisin maidir leis na cáilíochtaí gairmiúla sin atá riachtanach chun gairmeacha rialáilte a shaothrú, más chun leas coiteann na bPáirtithe é.

IV.   Seirbhísí airgeadais

37.

Tá na Páirtithe tiomanta do chobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí agus iomaíocht chóir a chaomhnú, agus neamhspleáchas rialála agus cinnteoireachta na bPáirtithe á urramú, mar aon lena gcumas cinntí coibhéise a dhéanamh ar mhaithe leo féin. Tá an méid sin gan dochar do chumas na bPáirtithe aon bheart a ghlacadh nó a choimeád i gcás inarb iomchuí ar chúiseanna stuamachta. Comhaontaíonn na Páirtithe dul i mbun dlúthchomhar maidir le cúrsaí rialála agus maoirseachta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta.

38.

Á thabhairt ar aird go mbeidh creataí coibhéise ag an dá Pháirtí lena gcuirfear ar a gcumas a dhearbhú go mbeidh córais rialála agus mhaoirseachta de chuid tríú tír coibhéiseach chun críocha ábhartha, ba cheart do na Páirtithe tús a chur le measúnú coibhéise i dtaca le chéile faoi na creataí sin a luaithe is féidir tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus a ndícheall a dhéanamh na measúnuithe sin a thabhairt chun críche roimh dheireadh an Mheithimh 2020. Leanfaidh na Páirtithe d'athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí coibhéise faoi seach.

39.

Comhaontaíonn na Páirtithe gur chun a leasa choitinn é dlúthchomhar struchtúrtha a dhéanamh maidir le cúrsaí rialála agus maoirseachta. Ba cheart don chomhar sin a bheith fothaithe sa chomhpháirtíocht eacnamaíoch agus bunaithe ar phrionsabail an neamhspleáchais rialála, na trédhearcachta agus na cobhsaíochta. Ba cheart don mhéid seo a leanas a bheith mar chuid den chomhar sin: trédhearcacht agus comhairliúchán iomchuí sa phróiseas maidir le cinntí coibhéise a ghlacadh, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar, malartú faisnéise agus comhairliúchán i ndáil le tionscnaimh rialála agus saincheisteanna leasa choitinn eile, ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon.

V.   Cúrsaí digiteacha

40.

I gcomhthéacs dhigitiú méadaitheach na trádála lena gcuimsítear seirbhísí agus earraí araon, ba cheart do na Páirtithe forálacha a bhunú le tráchtáil leictreonach a éascú, le haghaidh a thabhairt trí mheán leictreonach ar bhacainní gan údar ar thrádáil, agus le timpeallacht ar líne oscailte shlán iontaofa a áirithiú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, amhail forálacha maidir le seirbhísí leictreonacha iontaoibhe agus fíordheimhnithe nó maidir le gan gá a bheith le húdarú roimh ré ar an bhforas go gcuirtear an tseirbhís ar fáil trí mheán leictreonach agus ar an bhforas sin amháin. Ba cheart sreabha sonraí trasteorann a éascú leis na forálacha sin freisin agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar cheanglais gan údar maidir le logánú sonraí, agus é á thabhairt ar aird nach ndéanann an t-éascú sin aon difear do na rialacha maidir le sonraí pearsanta na bPáirtithe a chosaint.

41.

Ba cheart do na Páirtithe a áirithiú, le forálacha earnála i réimse na seirbhísí teileachumarsáide, go mbeidh rochtain chothrom chomhionann ag a gcuid soláthróirí seirbhísí faoi seach ar líonraí agus ar sheirbhísí teileachumarsáide poiblí, agus ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar chleachtais fhrithiomaíocha freisin.

42.

Ba cheart do na Páirtithe oibriú as lámh a chéile trí fhóraim iltaobhacha agus ilgheallsealbhóra, agus idirphlé a bhunú chun faisnéis, taithí agus dea-chleachtas a mhalartú a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

VI.   Gluaiseachtaí caipitil agus íocaíochtaí

43.

Ba cheart do na Páirtithe forálacha a chur isteach lena n-éascófar saorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta a léirscaoileadh faoin gcomhpháirtíocht eacnamaíoch, faoi réir na n-eisceachtaí ábhartha.

VII.   Maoin intleachtúil

44.

Ba cheart do na Páirtithe a fhoráil go ndéanfar cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú chun an nuálaíocht, an chruthaíocht agus gníomhaíocht eacnamaíocht a spreagadh, agus go rachfar níos faide ná caighdeáin Chomhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil agus coinbhinsiúin na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil i gcás inarb ábhartha.

45.

Ba cheart leis sin go bhféadfaí ardleibhéil reatha na cosanta a thugann na Páirtithe a chaomhnú, inter alia, maidir le cearta áirithe faoi dhlí an chóipchirt, amhail an ceart sui generis maidir le bunachair sonraí agus ceart athdhíola na n-ealaíontóirí. Agus an chosaint a thugtar sa Chomhaontú um Tharraingt Siar do thásca geografacha atá ann cheana á tabhairt dá n-aird acu, ba cheart go bhféachfadh na Páirtithe le socruithe a dhéanamh lena dtabharfaí cosaint iomchuí dá dtásca geografacha.

46.

Ba cheart go leanfadh na Páirtithe den tsaoirse a bheith acu a gcuid réimeas féin a bhunú i ndáil le hídiú ceart intleachtúil.

47.

Ba cheart do na Páirtithe sásra a bhunú le haghaidh comhar agus comhroinnt faisnéise i ndáil le saincheisteanna maoine intleachtúla ar chun an leasa choitinn iad, amhail na cuir chuige agus na próisis faoi seach maidir le trádmharcanna, dearaí agus paitinní.

VIII.   An soláthar poiblí

48.

Agus é á thabhairt dá n-aire acu go bhfuil sé de mheon ag an Ríocht Aontaithe aontú leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais (GPA) de chuid na hEagraíochta Trádála Domhanda, ba cheart do na Páirtithe a fhoráil do dheiseanna frithpháirteacha a bheith i margaí soláthair phoiblí na bPáirtithe faoi seach de bhreis ar a ngealltanas faoi GPA i réimse an leasa choitinn, gan dochar dá rialacha inmheánacha chun a mbunriachtanais slándála a chosaint.

49.

Ba cheart do na Páirtithe gealltanas a thabhairt freisin go gcloífidh siad le caighdeáin atá bunaithe ar chaighdeáin GPA lena n-áirithítear trédhearcacht na ndeiseanna margaidh, agus na rialacha, nósanna imeachta agus cleachtais i ndáil leis an soláthar poiblí. Ag cur dóibh leis na caighdeáin sin, ba cheart do na Páirtithe aghaidh a thabhairt ar an riosca go dtarlódh iompar treallach agus conarthaí á ndeonú, agus ba cheart dóibh nósanna imeachta réitigh agus athbhreithnithe a chur ar fáil, lena n-áirítear imeachtaí os comhair údaráis bhreithiúnacha.

IX.   Soghluaisteacht

50.

Agus é á thabhairt dá n-aire gur chinn an Ríocht Aontaithe nach mbeadh feidhm a thuilleadh ag prionsabal na saorghluaiseachta daoine idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ba cheart do na Páirtithe socruithe a bhunú i ndáil le soghluaisteacht, mar a leagtar amach thíos.

51.

Beidh na socruithe soghluaisteachta sin bunaithe ar neamh-idirdhealú idir stáit an Aontais Eorpaigh agus ar chómhalartacht iomlán.

52.

Sa chomhthéacs sin, tá sé d'aidhm ag na Páirtithe, trína gcuid dlíthe intíre, foráil a dhéanamh do thaisteal gan víosa i gcás cuairteanna gearrthéarmacha.

53.

Aontaíonn na Páirtithe go mbreithneoidh siad coinníollacha dul isteach agus fanachta chun críocha amhail taighde, staidéar, oiliúint agus malartuithe ógra.

54.

Aontaíonn na Páirtithe freisin go bhféachfaidh siad an bhféadfaí cúrsaí slándála sóisialta a chomhordú i ndáil le gluaiseacht daoine amach anseo.

55.

I gcomhréir lena gcuid dlíthe infheidhme, féachfaidh na Páirtithe an bhféadfaí trasnú a gcuid teorainneacha faoi seach a éascú i gcás taisteal dlisteanach.

56.

Aon fhorálacha a dhéanfar, beidh siad gan dochar do shocruithe an Chomhlimistéir Taistil (CLT) mar is infheidhme idir an Ríocht Aontaithe agus Éire.

57.

Chun tacú leis an tsoghluaisteacht, dearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas do chur i bhfeidhm éifeachtach ionstraimí an dlí idirnáisiúnta teaghlaigh atá ann anois agus a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu. Tugann an tAontas dá aire go bhfuil sé de mheon ag an Ríocht Aontaithe aontú le Coinbhinsiún na Háige maidir le Cothabháil, 2007, a bhfuil sí faoina cheangal faoi láthair dá bharr a ballraíochta san Aontas.

58.

Féachfaidh na Páirtithe an bhféadfaí an comhar breithiúnach a dhéanamh in ábhair a bhaineann le pósadh, freagracht tuismitheora agus ábhair ghaolmhara eile.

59.

Na socruithe sin, is sa bhreis a bheidís ar na gealltanais i ndáil le daoine nádúrtha a bheith ag dul isteach agus ag fanacht ar bhonn sealadach chun críocha gnó i limistéir shainithe, mar a thagraítear dóibh i Roinn III den Chuid seo. Níor cheart na gealltanais sin a neamhniú leis an gceart atá ag ceann ar bith de na Páirtithe a chuid dlíthe, rialachán agus ceanglas faoi seach a fheidhmiú i ndáil le dul isteach, fanacht agus oibriú.

X.   Iompar

A.   Eitlíocht

60.

Ba cheart do na Páirtithe nascacht aeir do phaisinéirí agus do lastas a áirithiú le Comhaontú Cuimsitheach Aeriompair (CATA). Leis an gComhaontú Cuimsitheach Aeriompair, ba cheart go gcumhdófaí rochtain ar an margadh agus infheistíocht, sábháilteacht agus slándáil eitlíochta, agus bainistiú aerthráchta, mar aon le forálacha chun iomaíocht oscailte chothrom a áirithiú, lena n-áirítear ceanglais iomchuí ábhartha i ndáil le cosaint paisinéirí agus caighdeáin shóisialta.

61.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe breise a dhéanamh le go bhféadfaí comhar a dhéanamh ar mhaithe le hardchaighdeáin sábháilteachta agus slándála eitlíochta, lena n-áirítear trí dhlúthchomhar a dhéanamh idir EASA agus Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe (CAA).

B.   Iompar de bhóthar

62.

Ba cheart do na Páirtithe rochtain inchomparáide ar an margadh a áirithiú d'oibreoirí a iompraíonn de bhóthar paisinéirí agus lastais, arna tacú le ceanglais iomchuí ábhartha i ndáil le cosaint tomhaltóirí agus caighdeáin shóisialta d'iompar idirnáisiúnta de bhóthar, agus oibleagáidí a dhíorthaítear ó chomhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an iompair de bhóthar a bhfuil an Ríocht Aontaithe agus an tAontas agus/nó a Bhallstáit ina sínitheoirí iontu, go háirithe i ndáil le coinníollacha chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh, coinníollacha áirithe fostaíochta san iompar idirnáisiúnta de bhóthar, rialacha an bhóthair, iompar paisinéirí de bhóthar agus iompar earraí contúirteacha de bhóthar. De bhreis air sin, ba cheart do na Páirtithe socruithe comhlántacha a bhreithniú i ndáil le taisteal á dhéanamh ag tiománaithe príobháideacha.

C.   Iompar de bhóthar iarainn

63.

Comhaontaíonn na Páirtithe gur cheart socruithe déthaobhacha a bhunú, de réir mar is iomchuí, i ndáil le seirbhísí trasteorann iarnróid, lena n-áirítear a éascú go leanfadh dea-fheidhmiú agus dea-oibriú seirbhísí iarnróid, amhail seirbhís iarnróid Enterprise idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus seirbhísí trí Thollán Mhuir nIocht.

D.   Iompar muirí

64.

Tugann na Páirtithe dá n-aire go dtabharfar tacaíocht do nascacht paisinéirí agus lastais in earnáil an iompair mhuirí leis an gcreat dlíthiúil idirnáisiúnta. Ba cheart do na Páirtithe socruithe iomchuí a dhéanamh freisin i ndáil le rochtain ar an margadh do sheirbhísí idirnáisiúnta iompair mhuirí.

65.

Leis an gcaidreamh sa todhchaí, ba cheart comhar i ndáil le sábháilteacht agus slándáil mhuirí a éascú, lena n-áirítear malartú faisnéise idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus Gníomhaireacht Mhuirí agus Garda Cósta na Ríochta Aontaithe (MCA), i gcomhréir le stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír.

XI.   Fuinneamh

A.   Leictreachas agus gás

66.

Ba cheart do na Páirtithe comhar a dhéanamh chun tacú le soláthairtí costéifeachtúla, glana, slána leictreachais agus gáis a sheachadadh, bunaithe ar mhargaí iomaíocha agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí.

67.

Ba cheart do na Páirtithe creat a bhunú lena n-éascófaí an comhar teicniúil idir oibreoirí agus eagraíochtaí na líonraí leictreachais agus gáis, amhail Gréasáin Eorpacha na nOibreoirí Córas do Leictreachas agus Gás, i bpleanáil agus úsáid an bhonneagair fuinnimh lena nasctar a gcórais. Ba cheart sásraí a bheith sa chreat lena bhféadfaí slándáil an tsoláthair agus an trádáil éifeachtúil a áirithiú, a mhéid is féidir, trí idirnascairí le linn tréimhsí éagsúla ama.

B.   An tionscal núicléach sibhialta

68.

Ag aithint dóibh an tábhacht a bhaineann leis an tsábháilteacht núicléach agus an neamhleathadh núicléach, ba cheart Comhaontú Comhair Núicléach idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus an Ríocht Aontaithe a bheith ar áireamh leis an gcaidreamh sa todhchaí maidir le húsáid shíochánta fuinnimh núicléach, agus na gealltanais a tugadh cheana maidir lena n-ardchaighdeáin sábháilteachta núicléacha mar thaca leis an gcomhaontú sin. A bhuí leis an gcomhaontú sin, ba cheart do Euratom a bheith in ann comhar a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe agus lena cuid údarás náisiúnta. Ba cheart malartú faisnéise a bheith ar áireamh sa chomhaontú sin, i réimsí leasa choitinn amhail coimircí, an tsábháilteacht agus an comhar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach (IAEA). Ba cheart dó trádáil a éascú in ábhair agus trealamh núicléacha, agus foráil do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar thríú tír i gcórais an Aontais chun faireachán agus malartú faisnéise a dhéanamh ar na leibhéil radaighníomhaíochta sa timpeallacht, is é sin córas an Chomhphobail Eorpaigh don Mhalartú Faisnéise i gcás Éigeandáil Raideolaíoch agus an tArdán Eorpach um Malartú Sonraí Radaighníomhaíochta.

69.

Tugann na Páirtithe dá n-aire an rún atá ag an Ríocht Aontaithe a bheith comhlachaithe le cláir taighde agus oiliúna Euratom mar a fhoráiltear dó i Roinn II de Chuid I.

70.

Tugann na Páirtithe dá n-aire go bhfuil sé ar intinn ag Gníomhaireacht Soláthair Euratom athbhreithniú a dhéanamh ar údaruithe conarthaí agus ar cheaduithe conarthaí a rinneadh idir gnóthais an Aontais agus gnóthais na Ríochta Aontaithe le haghaidh soláthar ábhair núicléach agus a shínigh sí.

71.

Déanfaidh na Páirtithe comhar freisin trí fhaisnéis a mhalartú maidir le soláthar raidiseatóp míochaine.

C.   Praghsáil carbóin

72.

Ba cheart do na Páirtithe breathnú ar chomhar a dhéanamh maidir leis an bpraghsáil carbóin trí chóras trádála astaíochtaí náisiúnta na Ríochta Aontaithe a nascadh le córas trádála astaíochtaí an Aontais.

XII.   Deiseanna iascaireachta

73.

Á chur san áireamh dóibh gur stát cósta neamhspleách í an Ríocht Aontaithe feasta, ba cheart do na Páirtithe comhar déthaobhach agus idirnáisiúnta a dhéanamh chun a áirithiú gur ar leibhéil inbhuanaithe a dhéanfar an iascaireacht, chun caomhnú acmhainní a chur chun cinn, agus chun muirthimpeallacht ghlan fholláin tháirgiúil a chothú.

74.

Agus a n-uathriail rialála á coimeád acu, ba cheart do na Páirtithe comhoibriú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, chun bearta a fhorbairt maidir le caomhnú, bainistíocht réasúnach agus rialáil na n-iascach. Déanfaidh siad dlúthchomhar le stáit eile cósta agus i bhfóraim idirnáisiúnta. Déanfar stoic chomhroinnte a bhainistiú mar chuid den obair sin.

75.

I dtaca leis an gcomhpháirtíocht fhoriomlán eacnamaíoch, ba cheart do na Páirtithe comhaontú nua iascaigh a bhunú ar, inter alia, rochtain ar uiscí agus ar scaireanna cuóta.

76.

Déanfaidh na Páirtithe a seacht ndícheall an comhaontú iascaigh nua a thabhairt chun críche agus a dhaingniú faoin 1 Iúil 2020 ionas go mbeifear in ann é a úsáid le haghaidh na chéad bhliana i ndiaidh na hidirthréimhse.

XIII.   An comhar Domhanda

77.

Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar domhanda d'fhonn dul i ngleic le saincheisteanna maidir le comhleas eacnamaíoch, comhshaoil, agus sóisialta. Ós amhlaidh atá, ba cheart do na Páirtithe, agus a n-uathriail cinnteoireachta á coimeád acu, comhar a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta, amhail G7 agus G20, i gcás ina rachaidh sin lena gcomhleas agus i réimsí lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

a)

an t-athrú aeráide;

b)

an fhorbairt inbhuanaithe;

c)

an truailliú trasteorann;

d)

an tsláinte phoiblí agus cosaint na dtomhaltóirí;

e)

an chobhsaíocht airgeadais; agus

f)

an comhrac i gcoinne an chosantais trádála.

78.

Ba cheart gealltanais na bPáirtithe a athdhearbhú sa chaidreamh a bheidh ann sa todhchaí maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta lena dtéitear i ngleic leis an athrú aeráide, lena n-áirítear na comhaontuithe sin a chuireann Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bhfeidhm, amhail Comhaontú Pháras.

XIV.   Cothrom na Féinne a bheith ann le haghaidh iomaíochas oscailte cothrom

79.

Ní mór a áirithiú go mbeidh iomaíochas oscailte cothrom ann i ngeall ar an gcaidreamh sa todhchaí. D'fhonn an méid sin a áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann ina gcuimseofar an státchabhair, caighdeáin shóisialta agus fostaíochta, caighdeáin chomhshaoil, an t-athrú aeráide, agus cúrsaí ábhartha cánach. Ar an gcaoi sin, cuirfear leis na socruithe maidir le cothrom na Féinne dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus beidh na forálacha i gcomhréir leis an gcaidreamh fhoriomlán eacnamaíoch. Ba cheart do na Páirtithe breathnú ar chruinnchineál na ngealltanas sna réimsí ábhartha maidir le raon agus doimhneacht an chaidrimh sa todhchaí. Mar chuid den chaidreamh sa todhchaí, ba cheart do na gealltanais sin an méid seo a leanas a chuimsiú: caighdeáin chuí ábhartha an Aontais, caighdeáin chuí ábhartha idirnáisiúnta, áirithiú sásraí leordhóthanacha lena ndéanfar cur chun feidhme ar bhonn intíre, forfheidhmiú, agus réiteach díospóide.

CUID III: AN CHOMHPHÁIRTÍOCHT SLÁNDÁLA

I.   Cuspóirí agus prionsabail

80.

Ar mhaithe le slándáil na hEorpa agus le sábháilteacht a gcuid saoránach araon, ba cheart do na Páirtithe comhpháirtíocht slándála fhairsing, chuimsitheach, chothrom a bhunú. Cuirfear san áireamh sa chomhpháirtíocht sin an ghaireacht gheografach agus bagairtí a bhíonn ag síorathrú, lena n-áirítear an choireacht thromchúiseach idirnáisiúnta, an sceimhlitheoireacht, cibearionsaithe, feachtais bhréagaisnéise, bagairtí hibrideacha, an bonn atáthar a bhaint den ord riailbhunaithe idirnáisiúnta, agus athbheochan na mbagairtí státbhunaithe. Déanfaidh an chomhpháirtíocht ceannasacht na Ríochta Aontaithe agus uathriail an Aontais a urramú.

81.

Cuirfidh na Páirtithe chun cinn an tslándáil dhomhanda, an rathúnas, agus an déthaobhachas, agus beidh na comhphrionsabail, na comhluachanna agus na comhleasanna atá acu ina dtaca ag an méid sin. Ba cheart forfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, an beartas eachtrach, slándáil agus cosaint agus, lena chois sin, an comhar téamach i réimsí leasa choitinn, a chuimsiú sa chomhpháirtíocht slándála sin.

II.   Forfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

82.

Agus an ghaireacht gheografach, bagairtí ar na Páirtithe (idir bhagairtí comhroinnte agus bhagairtí a bhíonn ag síorathrú), an leas coiteann i dtaca le sábháilteacht agus slándáil a gcuid saoránach á gcur san áireamh, agus, ós rud é gur tríú tír neamh-Schengen í an Ríocht Aontaithe feasta nach bhforálfaidh do shaorghluaiseacht daoine, forálfar leis an gcaidreamh sa todhchaí d'fhorfheidhmiú dlí agus comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla a bheidh cuimsitheach, dlúth, cothrom agus cómhalartach, d'fhonn cumais láidre oibríochtúla a chur ar fáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

83.

I dtaca le scála agus scóip pé socruithe a dhéanfar amach anseo, tá na Páirtithe ar aon fhocal gur cheart don mhéid sin cothromaíocht chuí idir cearta agus oibleagáidí a bhaint amach — dá ghaire agus dá dhoimhne an chomhpháirtíocht, is tréine dá réir na hoibleagáidí a ghabhfaidh léi. Ba cheart go léireodh sí na gealltanais atá an Ríocht Aontaithe sásta a thabhairt chun urraim a léiriú ar shláine dhlíchóras an Aontais, mar shampla, i dtaca le hailíniú ar rialacha, sásraí um réiteach díospóidí agus forfheidhmiú, lena n-áirítear an ról a bheidh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) maidir le dlí an Aontais a léirmhíniú. Ba cheart gealltanais sheanbhunaithe i dtaobh chearta bunúsacha an duine aonair, lena n-áirítear go gcloífí anois agus feasta leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus go dtabharfaí éifeacht don Choinbhinsiún, agus go dtabharfaí cosaint leordhóthanach i dtaca le sonraí pearsanta, dhá réamhchoinníoll riachtanacha chun an comhar atá á bheartú ag na Páirtithe a chumasú, agus an prionsabal trasnáisiúnta ne bis in idem agus cearta nós imeachta a bheith ina dtaca freisin leis an gcomhpháirtíocht sin. Ba cheart go léireodh sí freisin gealltanas an Aontais gona Bhallstáit i leith Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

84.

I bhfianaise na ngealltanas sin, ba cheart a chuimsiú sa chaidreamh sa todhchaí socruithe sna réimsí comhair seo a leanas: malartú sonraí; comhar oibríochtúil idir údaráis forfheidhmithe dlí agus an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla; agus frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta.

A.   Malartú sonraí

85.

Á aithint dóibh go bhfuil malartú sonraí agus anailís mhear éifeachtach ar shonraí ríthábhachtach d'fhórsaí forfheidhmithe dlí an lae inniu, tá na Páirtithe ar aon fhocal go gcuirfidh siad i bhfearas socruithe a léiríonn é sin, chun freagairt do na bagairtí síorathraitheacha, chun an sceimhlitheoireacht agus an tromchoiriúlacht a chur ó mhaith, chun imscrúduithe agus ionchúisimh a éascú agus chun slándáil an phobail a áirithiú.

86.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe cómhalartacha a bhunú chun sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a mhalartú ar bhealach a bheith pras, éifeachtach, agus éifeachtúil agus torthaí próiseála na sonraí sin a stóráil i gcórais phróiseála náisiúnta PNR, faoi seach, mar aon le sonraí DNA, sonraí méarloirg, agus sonraí clárúcháin feithicle (Prüm).

87.

Ba cheart do na Páirtithe a marana a dhéanamh faoi shocruithe breise maidir le malartú sonraí, socruithe a bheidh ag teacht le stádas na Ríochta Aontaithe amach anseo – amhail malartú faisnéise i dtaca leo siúd a bhfuiltear sa tóir orthu, le daoine agus réada atá ar iarraidh, agus taifid choiriúla – ar mhaithe le hacmhainní a sholáthar a bheidh ar aon dul leo siúd a chumasaítear faoi shásraí ábhartha an Aontais, a mhéid is indéanta sin go teicniúil agus go dleathach agus a mheastar gá a bheith leis, agus nuair is chun leasa an dá Pháirtí é.

B.   Comhar oibríochtúil idir na húdaráis forfheidhmithe dlí agus an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

88.

Aithníonn na Páirtithe an luach atá le héascú an chomhair oibríochtúil idir údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha na Ríochta Aontaithe agus na mBallstát; dá bhrí sin, saothróidh siad i dteannta a chéile chun téarmaí na Ríochta Aontaithe i ndáil lena comhar le Europol agus Eurojust a shainaithint.

89.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe éifeachtacha a bhunú i dtaca le nósanna imeachta cuíchóirithe agus teorainneacha ama lena gcumasófar don Ríocht Aontaithe agus do na Ballstáit iad siúd a bhfuil amhras fúthu nó iad siúd a ciontaíodh a thabhairt ar láimh go héifeachtúil agus go mear, agus deiseanna a bheith ann ceanglas na coiriúlachta dúbailte a tharscaoileadh, agus infheidhmeacht na socruithe seo maidir lena náisiúnaigh féin agus maidir le cionta polaitiúla a fhágáil fúthu féin faoi seach.

90.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe breise a thabhairt san áireamh – socruithe a bheadh ag teacht le stádas na Ríochta Aontaithe amach anseo – maidir leis an gcomhar praiticiúil idir na húdaráis forfheidhmithe dlí, agus idir na húdaráis bhreithiúnacha i dtaca le hábhair choiriúla, amhail foirne comhpháirteacha imscrúdaitheacha, ar mhaithe le hacmhainní a sholáthar a bheidh ar aon dul leo siúd a chumasaítear faoi shásraí ábhartha an Aontais, a mhéid is indéanta sin go teicniúil agus go dleathach agus a mheastar gá a bheith leis, agus nuair is chun leas an dá Pháirtí é.

C.   Frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta

91.

Tá na Páirtithe ar aon fhocal maidir le tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí idirnáisiúnta chun frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, go sonrach trí choinbhinsiúin agus caighdeáin idirnáisiúnta an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chomhlíonadh. Tá na Páirtithe ar aon fhocal gur féidir leo dul níos faide ná caighdeáin FAFT maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla agus le deireadh a chur leis an anaithnideacht a bhaineann le húsáid airgeadraí fíorúla, lena n-áirítear oibleagáid a chur ar mhalartuithe airgeadra fíorúil agus ar sholáthraithe tiachóg taisceánach rialuithe maidir le dícheall cuí an chustaiméara a chur i bhfeidhm.

III.   An beartas eachtrach, slándáil agus cosaint

92.

Tacaíonn na Páirtithe le dlúthchomhar atá uaillmhianach buanmharthanach i dtaca le gníomhaíocht sheachtrach chun saoránaigh a chosaint ó bhagairtí seachtracha, lena n-áirítear bagairtí nua atá ag teacht chun cinn, coinbhleachtaí a chosc, an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, lena n-áirítear, trí na Náisiúin Aontaithe agus ECAT, agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na ndúshlán domhanda, amhail an sceimhlitheoireacht nó an imirce neamhdhleathach. Seasfaidh na Páirtithe an fód d'ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha agus déanfaidh siad a gcomhluachanna a theilgean ar fud na cruinne.

93.

Cuirfidh na Páirtithe chun cinn an fhorbairt inbhuanaithe agus díothú na bochtaineachta. I ndáil leis an méid sin, tabharfaidh siad tacaíocht anois agus feasta do chur chun feidhme spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus an Chomhdhearcaidh Eorpaigh maidir le Forbairt.

94.

Déanfaidh na Páirtithe a mbeartas eachtrach a mhúnlú agus a bhaint amach i gcomhréir lena leasanna straitéiseacha slándála faoi seach, agus i gcomhréir lena ndlíchórais féin. Ní mór de na Páirtithe oibriú i ndlúthchomhar ar an leibhéal déthaobhach agus laistigh d'eagraíochtaí idirnáisiúnta sna réimsí sin arb é a gcomhleas sin a dhéanamh agus nuair is é a gcomhleas sin a dhéanamh. Ba cheart do na Páirtithe comhar solúbtha indéanta a dhearadh chun a áirithiú go mbeidh ar chumas na Ríochta Aontaithe oibriú i bpáirt leis an Aontas a mhéid is mó is féidir, lena n-áirítear tráth géarchéime nó tráth a dtarlaíonn teagmhais thromchúiseacha.

95.

Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh, leis an gcaidreamh sa todhchaí, don idirphlé, comhairliúchán, comhordú, malartú faisnéise agus sásraí comhair cuí. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin ann chun gur féidir saineolaithe a thabhairt ar iasacht i gcás inarb iomchuí agus chun leas coiteann na bPáirtithe é sin.

A.   Comhairliúchán agus comhar

96.

Ba cheart do na Páirtithe comhairliúchán struchtúrtha agus idirphlé rialta téamach a bhunú lena saineofar réimsí agus gníomhaíochtaí ina bhféadfadh an dlúthchomhar cuidiú le cuspóirí comhchoiteanna a bhaint amach.

97.

I ndáil leis an méid sin, d'fhágfadh an t-idirphlé polaitiúil maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES), an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), chomh maith leis an idirphlé earnála go bhféadfaí comhairliúchán solúbtha a dhéanamh idir na Páirtithe ar leibhéil éagsúla (leibhéal na n-airí, na n-oifigeach sinsearach agus na meithle). Féadfaidh an tArdionadaí, i gcás inarb iomchuí, cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe chuig cruinnithe Aireachta de chuid Bhallstáit an Aontais.

98.

Ba cheart do na Páirtithe féachaint le dlúthchomhar a dhéanamh i dtríú tíortha, lena n-áirítear maidir le slándáil, le foráil agus cosaint chonsalach, agus le tionscadail forbartha, agus in eagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe. Ba cheart go gcuirfeadh an méid sin ar chumas na bPáirtithe, i gcás inarb iomchuí, tacú le seasaimh a chéile, gníomhaíocht sheachtrach a bhaint amach agus dúshláin dhomhanda a bhainistiú ar bhealach comhleanúnach, lena n-áirítear trí ráitis chomhaontaithe, bearta agus seasaimh chomhionanna.

B.   Smachtbhannaí

99.

Agus na Páirtithe ag saothrú beartais neamhspleácha smachtbhannaí de réir a mbeartais eachtracha féin, aithníonn siad gur uirlis iltaobhach beartais eachtrach atá i smachtbhannaí agus aithníonn siad freisin na tairbhí a bhaineann le dlúthchomhairliúchán agus dlúthchomhar.

100.

Ba cheart go n-áiritheofaí le comhairliúchán faoi smachtbhannaí malartú faisnéise maidir le liostú agus cúis an liostaithe, mar aon le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú an liostaithe, chomh maith le cúnamh teicniúil, agus idirphlé ar aon ainmniú agus córais a bheidh ann tráth is faide anonn. I gcás ina ndéantar cuspóirí beartais eachtraigh, ar cuspóirí iad lena gcuirfear bonn tráth is faide anonn faoi chóras smachtbhannaí sonrach, a ailíniú idir na Páirtithe, beidh tréanmhalartuithe faisnéise ag céimeanna cuí de thimthriall beartais an chórais smachtbhannaí seo, agus an deis ann smachtbhannaí a ghlacadh a threisíonn a chéile.

C.   Oibríochtaí agus misin

101.

Is díol sásaimh do na Páirtithe an dlúthchomhar i misin agus in oibríochtaí bainistithe géarchéime, idir shibhialta agus mhíleata, faoi stiúir an Aontais. Leis an gcaidreamh sa todhchaí, ba cheart go gcuirfí ar chumas na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach ar bhonn cás ar chás i misin agus in oibríochtaí CBSC trí bhíthin Creatchomhaontú Rannpháirtíochta.

102.

I gcás ina léiríonn an Ríocht Aontaithe, tar éis comhairliúchán agus malartú faisnéise luath tríd an Idirphlé Polaitiúil, go bhfuil rún aici rannchuidiú le misean nó oibríocht CBSC atá á mbeartú agus atá oscailte do thríú tíortha, ba cheart do na Páirtithe an idirghníomhaíocht agus an malartú faisnéise a threisiú ag céimeanna ábhartha an phróisis pleanála agus i gcomhréir le leibhéal an rannchuidithe a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe. Cheadódh sin don Ríocht Aontaithe a rannchuidiú a oiriúnú agus saineolas pras a chur ar fáil.

103.

Ina cáil mar rannchuiditheoir le misean nó oibríocht CBSC, ghlacfadh an Ríocht Aontaithe páirt sa Chomhdháil ar Bhunú Fórsaí, sa Ghlao ar Ranníocaíochtaí, agus i gcruinnithe de chuid Choiste na Rannchuiditheoirí d'fhonn malartú faisnéise maidir le cur chun feidhme an mhisin nó na hoibríochta a éascú. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith aici freisin, i gcás oibríochtaí míleata CBSC, baill foirne a thabhairt ar iasacht don cheanncheathrú oibríochtaí ainmnithe, i gcomhréir le leibhéal a rannchuidithe.

D.   Cumais chosanta a fhorbairt

104.

An comhar taighde agus tionsclaíoch idir eintitis na bPáirtithe i dtionscadail chomhoibritheacha Eorpacha shonracha chun an idir-inoibritheacht a éascú agus chun éifeachtúlacht chomhpháirteach na bhFórsaí Armtha a chur chun cinn, ba cheart an comhar sin a bheith ar leas an chaidrimh sa todhchaí. Maidir leis sin, d'ainneoin gur cheart do na Páirtithe araon a neamhspleáchas straitéiseach agus a saoirse ghníomhaíochta féin a chaomhnú, ar nithe iad a bhfuil a mboinn thionsclaíocha stóinseacha cosanta inmheánaí féin mar bhonn taca leo, aontaíonn na Páirtithe na nithe seo a leanas a cheadú a mhéid is féidir faoi choinníollacha dhlí an Aontais:

a)

comhoibriú na Ríochta Aontaithe i dtionscadail ábhartha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) trí bhíthin Socrú Riaracháin, ar tionscadail iad atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo;

b)

rannpháirtíocht eintitis incháilithe de chuid na Ríochta Aontaithe i dtionscadail chomhoibríocha cosanta lena dtugtar le chéile eintitis de chuid an Aontais dá dtugtar tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta (EDF); agus

c)

comhoibriú na Ríochta Aontaithe i dtionscadail faoi chuimsiú an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), i gcás ina dtabharfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh i bhformáid PESCO cuireadh di a bheith rannpháirteach ar bhonn eisceachtúil.

E.   Malartuithe faisnéise

105.

Ba cheart do na Páirtithe faisnéis a mhalartú ar bhonn tráthúil deonach de réir mar is iomchuí, go háirithe i réimse na frithsceimhlitheoireachta, na mbagairtí hibrideacha agus na mbagairtí cibearshlándála, agus chun tacú le misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) a mbeidh an Ríocht Aontaithe ag tacú leo. D'ainneoin go mbeidh na Páirtithe ag soláthar táirgí faisnéise go neamhspleách ar a chéile, ba cheart don mhalartú faisnéise sin cuidiú le tuiscint chomhroinnte a chothú i dtaobh thimpeallacht slándála na hEorpa.

106.

Ba cheart, leis an gcaidreamh sa todhchaí, malartuithe tráthúla faisnéise agus eolais íogair a éascú idir comhlachtaí ábhartha an Aontais agus údaráis na Ríochta Aontaithe. Ba cheart do Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh agus don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile i réimse an íomháithe spáis.

F.   An spás

107.

Ba cheart do na Páirtithe socruithe iomchuí le haghaidh comhar maidir leis an spás a mheas.

G.   An comhar um fhorbairt

108.

Ba cheart do na Páirtithe idirphlé a chur ar bun chun go mbeidh straitéisí a threisíonn a chéile ann maidir le forbairt a chlársceidealú agus a sholáthar.

109.

Ba cheart do na Páirtithe, ar bhonn a leasanna coitinn féin, féachaint ar an dóigh a bhféadfadh an Ríocht Aontaithe cuidiú le hionstraimí agus sásraí an Aontais, lena n-áirítear comhordú le toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha.

IV.   Comhar téamach

A.   An chibearshlándáil

110.

Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas i gcur chun cinn na slándála agus na cobhsaíochta sa chibearspás trí chomhar méadaithe idirnáisiúnta. Aontaíonn na Páirtithe go malartóidh siad faisnéis ar bhonn deonach tráthúil agus cómhalartach, lena n-áirítear faisnéis faoi theagmhais chibearshlándála, teicnící ionsaitheoirí agus tionscnamh na n-ionsaitheoirí sin, anailís ar bhagairtí, agus na cleachtais is fearr chun an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a chosaint ar bhagairtí comhchoiteanna.

111.

Ba cheart, go háirithe, don Ríocht Aontaithe comhoibriú go dlúth le Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire an Aontais Eorpaigh (CERT-EU) agus, ach sin a bheith faoi réir comhaontú a thabhairt i gcrích mar a fhoráiltear faoi dhlí an Aontais, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí áirithe den Ghrúpa Comhair arna bhunú faoi Threoir an Aontais maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA).

112.

Ba cheart do na Páirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile chun cleachtais éifeachtacha dhomhanda maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn i measc comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta.

113.

Cuirfidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach idirphlé maidir leis an gcibearshlándáil ar bun chun comhar a chur chun cinn agus chun deiseanna comhair amach anseo a shainaithint de réir mar a thiocfaidh bagairtí, deiseanna agus comhpháirtíochtaí nua chun cinn.

B.   An chosaint shibhialta

114.

Ba cheart do na Páirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile i réimse na cosanta sibhialta i gcás tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine. Chuirfí an comhar sin i bhfeidhm trí rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe, ina cáil mar Stát Rannpháirteach, sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

C.   An tslándáil sláinte

115.

Ba cheart do na Páirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile in ábhair a bhaineann leis an tslándáil sláinte i gcomhréir leis na socruithe atá ag an Aontas cheana le tríú tíortha. Beidh sé mar aidhm ag na Páirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile i bhfóraim idirnáisiúnta chun bagairtí ar an tslándáil sláinte, a bhfuil fianaise ina dtaobh, nó bagairtí atá ag teacht chun cinn, a chosc agus a bhrath agus chun iad féin a ullmhú do na bagairtí sin agus dul i ngleic leo ar bhealach comhsheasmhach.

D.   Imirce neamhdhleathach

116.

Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun dul i ngleic leis an imirce neamhdhleathach, lena n-áirítear na cúiseanna taobh thiar di agus a hiarmhairtí, agus, san am céanna, aithneoidh siad gur gá na daoine is leochailí a chosaint. Áireofar ar an gcomhar sin na nithe seo a leanas:

a)

comhar oibríochtúil le Europol chun an choireacht eagraithe a bhaineann leis an inimirce a chomhrac;

b)

obair a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta chun teorainn sheachtrach an Aontais a neartú; agus

c)

idirphlé maidir le cuspóirí agus comhar comhroinnte, lena n-áirítear i dtríú tíortha agus i bhfóraim idirnáisiúnta, chun dul i ngleic leis an imirce neamhdhleathach sula dtiocfaidh an fhadhb fad leis an Eoraip.

E.   An fhrithsceimhlitheoireacht agus cur i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh

117.

Ba cheart do na Páirtithe comhoibriú le chéile maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, cur i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh agus bagairtí atá ag teacht chun cinn, chun a slándáil chomhchoiteann agus a leasanna comhroinnte a chur chun cinn. Á aithint di go mbíonn buntáiste frithpháirteach mar thoradh ar idirphlé comhchoiteann agus comhar oibríochtúil, ba cheart don chomhpháirtíocht tacú leis na nithe seo a leanas:

a)

dea-chleachtas agus saineolas maidir le saincheisteanna agus téamaí ríthábhachtacha a roinnt;

b)

oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí iomchuí anailíse faisnéise chun a áirithiú go ndéanfaidh na Páirtithe measúnuithe a roinnt ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear i réimse na frithsceimhlitheoireachta; agus

c)

idirphlé dlúth maidir le bagairtí atá ag teacht chun cinn agus cumais nua.

V.   Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe

118.

Aontaíonn na Páirtithe comhaontú maidir le slándáil faisnéise a thabhairt i gcrích, mar aon le socruithe cur chun feidhme lena bhforálfaí do ráthaíochtaí cómhalartacha maidir le faisnéis rúnaicmithe na bPáirtithe a láimhseáil agus a chosaint.

119.

Más gá, ba cheart do na Páirtithe na téarmaí a leagan amach a bhaineann leis an bhfaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a sholáthraíonn siad nó a mhalartaíonn siad eatarthu a chosaint.

CUID IV: SOCRUITHE INSTITIÚIDEACHA AGUS SOCRUITHE COTHROMÁNACHA EILE

I.   Struchtúr

120.

Ba cheart an caidreamh sa todhchaí a bhunú ar chreat institiúideach uileghabhálach a chumhdódh na caibidlí agus na comhaontuithe nasctha a bhaineann le réimsí sonracha comhair, agus é á aithint gur mar chuid den chaibidlíocht fhoirmiúil a chinnfear go beacht an leagan amach dlíthiúil a bheidh ag an gcaidreamh sa todhchaí. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Páirtithe socruithe sonracha rialachais a bhunú i réimsí faoi leith.

121.

Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh, freisin, gur lasmuigh den chreat institiúideach uileghabhálach ba cheart comhaontú a shuíomh, agus, sa chás sin, ba cheart dóibh foráil do shocruithe iomchuí rialachais.

122.

Tugann na Páirtithe dá n-aire go bhféadfadh sé gur Comhaontú Comhlachais a bheadh sa chreat institiúideach uileghabhálach.

123.

Ba cheart do na Páirtithe foráil go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh sa todhchaí.

II.   Rialachas

124.

D'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an caidreamh sa todhchaí mar is ceart, geallann na Páirtithe go rachaidh siad i mbun idirphlé go rialta agus go ndéanfaidh siad socruithe stóinsithe éifeachtúla éifeachtacha chun bainistiú, faireachán, cur chun feidhme, athbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh sin de réir a chéile, agus chun díospóidí a réiteach agus forfheidhmiú a dhéanamh, bunaithe ar na socruithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus a ndlíchórais féin á n-urramú acu go hiomlán.

A.   Treoir agus idirphlé straitéiseach

125.

Ba cheart idirphlé idir na Páirtithe a áireamh sa chaidreamh sa todhchaí, ar leibhéal an chruinnithe mullaigh, ar leibhéal aireachta agus ar an leibhéal teicniúil, agus ar an leibhéal parlaiminteach. Ba cheart do na Páirtithe idirphlé sa tsochaí shibhialta a spreagadh.

126.

Ós amhlaidh atá, ar leibhéal an chruinnithe mullaigh agus ar leibhéal aireachta, ba cheart maoirsiú a dhéanamh ar an gcaidreamh sa todhchaí, treoir straitéiseach a sholáthar agus deiseanna don chomhar i réimsí leasa choitinn a phlé, an comhar maidir le saincheisteanna réigiúnacha agus domhanda san áireamh. Chothódh an méid sin an-chaidreamh idir na Páirtithe, thacódh sé le feidhmiú na gcomhaontuithe, agus chuirfeadh sé ar chumas na comhpháirtíochta forbairt de réir mar a bheadh imthosca ag athrú nó a mbeadh imthosca nach raibh coinne leo ann.

127.

Ba cheart idirphlé sonrach téamach a bheith ann freisin ar leibhéal aireachta agus ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach, idirphlé a bhunófaí mar chuid de na comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus slándála agus ar cheart é a bheith ann a mhinice is gá chun go bhfeidhmeodh an caidreamh sa todhchaí go héifeachtach.

128.

Tacaíonn na Páirtithe le bunú idirphlé idir Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe, nuair is cuí leo, chun go roinnfeadh na reachtais tuairimí agus saineolas maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcaidreamh sa todhchaí.

B.   Bainistiú, riaradh agus faireachán

129.

Ba cheart do na Páirtithe Comhchoiste a bhunú a bheidh freagrach as bainistiú, riaradh agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú an chaidrimh sa todhchaí, as éascaíocht a dhéanamh ar dhíospóidí, mar a leagtar amach thíos, agus as moltaí a dhéanamh i dtaobh éabhlóid an chaidrimh sin.

130.

Ba cheart ionadaithe na bPáirtithe ar leibhéal iomchuí a bheith ar an gComhchoiste, agus ba cheart don Chomhchoiste a rialacha nós imeachta féin a bhunú, teacht ar chinntí trí chomhthoil, agus teacht le chéile a mhinice is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. I gcomhréir le riachtanais, d'fhéadfadh sé fochoistí speisialaithe a bhunú chun tacú leis a chúraimí a chomhlíonadh.

C.   Léirmhíniú

131.

Agus neamhspleáchas dhlíchórais na bPáirtithe á urramú go hiomlán, déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe iarracht a áirithiú go ndéanfar an caidreamh sa todhchaí a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

D.   Díospóidí a réiteach

132.

Is ar na socruithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar a bhunóidh na Páirtithe na socruithe maidir le díospóidí a réiteach agus forfheidhmiú. Chun na críche sin, ba cheart do na Páirtithe gach iarracht a dhéanamh ar dtús, trí dhul i mbun idirphlé agus comhairliúcháin le chéile, chun aon ábhar a bhaineann le hoibriú an chaidrimh sa todhchaí a réiteach. I gcás ina measfadh ceachtar den dá Pháirtí gur ghá sin, ba cheart don Pháirtí sin a bheith in ann an t-ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste lena réiteach go foirmiúil.

133.

Mura bhforáiltear a mhalairt, féadfaidh an Comhchoiste comhaontú an díospóid a tharchur chuig painéal neamhspleách eadrána ag am ar bith; ba cheart do cheachtar Páirtí a bheith in ann sin a dhéanamh i gcás nach mbeadh an Comhchoiste tagtha ar réiteach ba shásúil don dá thaobh faoi thréimhse shainithe ama. Beidh cinntí ón bpainéal neamhspleách eadrána ina gceangal ar na Páirtithe.

134.

I gcás ina n-ardóidh díospóid ceist maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais, ar ceist í is féidir le ceachtar Páirtí a chur in iúl, ba cheart don phainéal eadrána an cheist a tharchur chuig CBAE, ós é an t-aon réiteoir amháin é ar dhlí an Aontais, chun rialú ceangailteach a fháil. Ba cheart don phainéal eadrána an díospóid a chinneadh i gcomhréir le haon rialú arna thabhairt ag CBAE. I gcás ina measann Páirtí go raibh de cheart ag an bpainéal eadrána ceist maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais a tharchur chuig CBAE, féadfaidh sé a iarraidh ar an bpainéal athbhreithniú a dhéanamh ar a mheasúnú agus pé cúiseanna atá leis sin a chur ar fáil.

135.

I gcás nach nglacfadh Páirtí na bearta is gá chun réiteach ceangailteach ar dhíospóid a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnach, bheadh an Páirtí eile i dteideal cúiteamh airgeadais a iarraidh nó bearta comhréireach sealadacha a ghlacadh, lena n-áirítear pé oibleagáidí dá bhfuil air faoi raon an chaidrimh sa todhchaí a chur ar fionraí. Is é an caidreamh sa todhchaí a leagfaidh amach freisin na dálaí faoinar féidir oibleagáidí a eascraíonn as aon chuid de chomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chur ar fionraí, lena n-áirítear an méid dá bhforáiltear in Airteagal 178 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Féadfaidh ceachtar Páirtí comhréireacht na mbeart sin a chur faoi bhráid an phainéil neamhspleách eadrána.

III.   Eisceachtaí agus coimircí

136.

Ba cheart foráil a dhéanamh sa chaidreamh sa todhchaí i dtaca le heisceachtaí iomchuí i gcúrsaí slándála; faoi Bhallstáit an Aontais agus faoin Ríocht Aontaithe, faoi seach, agus fúthu siúd amháin, a fhágfar cúrsaí slándála náisiúnta.

137.

Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an gcaidreamh sa todhchaí ar an bhféidearthacht seo: gur ceadmhach do Pháirtí bearta sealadacha coimirce a chur chun gnímh, a bheadh ina sárú ar a chuid gealltanas i ngach cás eile, i gcás mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sóisialta nó comhshaoil. Ba cheart coinníollacha géara a leagan síos ina leith sin lena n-áirítear ceart an Pháirtí eile chun bearta athchothromúcháin. Déanfar eadránú neamhspleách ar chomhréireacht na mbeart a ghlacfar.

CUID IV: AN PRÓISEAS FEASTA

138.

Ós sa dearbhú seo a leagtar amach creat an chaidrimh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, dearbhaítear leis seo, mar a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, gurb é rún réil an dá Pháirtí comhaontuithe a cheapadh de mheon macánta lena dtabharfar éifeacht don chaidreamh sin agus lena gcuirfear tús leis an bpróiseas foirmiúil caibidlíochta a luaithe is féidir tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar, ionas go mbeifear in ann feidhm a thabhairt dóibh faoi dheireadh na bliana 2020.

139.

Is mian leis an dá Pháirtí a dhearbhú gur den ríthábhacht don tsíocháin, don chobhsaíocht, agus don athmhuintearas anois agus feasta sochair agus gealltanais phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann, maille le gach a bhfuil bainte amach aige. Tá siad ar aon fhocal nach mór cosaint a thabhairt do gach cuid de Chomhaontú Bhéal Feirste, dá ngairtear freisin Comhaontú Aoine an Chéasta, a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann, agus rannpháirtithe eile na caibidlíochta ilpháirtí, ar an 10 Aibreán 1998 (“Comhaontú 1998”), agus go gcuimsítear sa chosaint sin cur chun feidhme praiticiúil Chomhaontú 1998 ar oileán na hÉireann, mar aon le gach caidreamh dá leagtar amach ann.

140.

In dhá staid a rachfar chun cinn le forbairt na gcomhaontuithe dlíthiúla a thabharfaidh éifeacht don chaidreamh sa todhchaí.

I.   Roimh tharraingt siar

141.

Idir formheas an dearbhaithe seo agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, déanfaidh gach uile Pháirtí réamhobair eagrúcháin ionas gur féidir tús sciobtha a chur leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil agus dul chun cinn a dhéanamh ina leith gan mhoill.

142.

Mar chuid den obair sin, ba cheart sceideal molta a réiteach faoina gcuirfear i gcrích an clár oibre a theastóidh ach a sainaithneofar na réimsí sin ar dóibh is dóichí is dlite an mharana is mó, amhail na gnéithe sin a bhaineann leis na socruithe malartacha faoina n-áiritheofar nach mbeidh teorainn chrua go brách ar oileán na hÉireann.

143.

Déanfaidh na Páirtithe a marana ar na riachtanais lóistíochtúla a bheidh i gceist leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil.

II.   Ar tharraingt siar

144.

Ach a nglacfaidh an tAontas pé bearta is gá chun tús foirmiúil a chur leis an gcaibidlíocht, faoi Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé i gceist go ndéanfadh na Páirtithe na comhaontuithe a theastóidh chun bonn dlíthiúil a chur faoin gcaidreamh sa todhchaí a chaibidil go comhthreomhar.

145.

Láithreach bonn tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar, déanfaidh na Páirtithe clár a chomhaontú, bunaithe ar a gcuid oibre ullmhúcháin, ina gcuimseofar:

a)

struchtúr agus formáid na mbabhtaí caibidlíochta, lena n-áirítear a mbaineann leis na conairí comhthreomhara; agus

b)

sceideal foirmiúil na mbabhtaí caibidlíochta.

146.

Déanfar an clár sin a dhearadh ar shlí a cheadóidh do na Páirtithe a bhfuil de rún acu araon, mar a leagtar amach i mír 138, a thabhairt i gcrích.

III.   Pointí athbhreithniúcháin

147.

Déanfaidh na Páirtithe comhdháil ardleibhéil a thionól gach sé mhí, ar a laghad, ón dáta a dtarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas, chun a ngrinnmheas a dhéanamh ar a mbeidh bainte amach, agus gníomhaíochtaí a chomhaontú eatarthu, a mhéid is féidir, maidir leis na chéad bhearta eile.

Top