EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E238

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 3 - AN CHOMHAIRLE
Airteagal 238 (sean-Airteagal 205(1) agus (2) CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 153–154 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_238/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/153


Airteagal 238

(sean-Airteagal 205(1) agus (2) CCE)

1.   Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach simplí, gníomhóidh sí trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

2.   De mhaolú ar Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, amhail ón 1 Samhain 2014 agus faoi réir na bhforálacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha, nuair nach ngníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, saineofar an tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais Eorpaigh.

3.   Amhail ón 1 Samhain 2014, agus faoi réir na bhforálacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, saineofar an tromlach cáilithe mar seo a leanas:

(a)

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do chéatadán ar mó é ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

(b)

De mhaolú ar phointe (a), nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin.

4.   Ní bac ar an gComhairle do ghlacadh le gníomhartha ar gá aontoilíocht dóibh comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trí ionadaíocht a staonadh ó vótáil.


Top