EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E136

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VIII: BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA - Caibidil 4: Forálacha is sonrach do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu - Airteagal 136

OJ C 115, 9.5.2008, p. 106–106 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_136/oj

12008E136

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VIII: BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA - Caibidil 4: Forálacha is sonrach do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu - Airteagal 136

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0106 - 0106


Airteagal 136

1. D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 121 agus 126 seachas an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 126(14), bearta a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d'fhonn:

(a) an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht air a neartú;

(b) treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach dóibh, agus é á áirithiú go bhfuil siad ag luí leis na treoirlínte arna nglacadh don Aontas ina iomláine agus go bhfuil maoirseacht á déanamh orthu.

2. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na comhaltaí sin den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

--------------------------------------------------

Top