EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E065

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 4: Caipiteal agus íocaíochtaí - Airteagal 65 (sean-Airteagal 58 CCE)

OJ C 115, 9.5.2008, p. 72–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_65/oj

12008E065

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 4: Caipiteal agus íocaíochtaí - Airteagal 65 (sean-Airteagal 58 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0072 - 0073


Airteagal 65

(sean-Airteagal 58 CCE)

1. Beidh forálacha Airteagal 63 gan dochar do cheart Ballstát:

(a) forálacha ábhartha a ndlí cánach a chur chun feidhme a idirdhealaíonn idir cáiníocóirí nach bhfuil sa chor céanna maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe;

(b) gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun sáruithe ar an dlí náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta a chosc, go háirithe i réimse an chánachais agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí airgeadais, nó nósanna imeachta a leagan síos maidir le dearbhuithe um ghluaiseachtaí caipitil chun críoch faisnéise riarthaí nó staidrimh, nó bearta a ghlacadh a dhlitear ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

2. Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar d'infheidhmeacht na srianta ar an gceart bunaíochta atá ag luí leis na Conarthaí.

3. Ní fhéadfar áis a bhaint as na bearta ná na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar shaorghluaiseacht chaipitil agus íocaíochtaí mar atá sí sainithe in Airteagal 63.

4. Nuair nach mbeidh bearta de bhun Airteagal 64(3) ann, féadfaidh an Coimisiún, nó, nuair nach mbeidh cinneadh ón gCoimisiún ann laistigh de thrí mhí ón mBallstát i dtrácht iarraidh a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh á rá go measfar go bhfuil na bearta cánachais sriantacha arna nglacadh ag Ballstát i leith tríú tír amháin nó níos mó ag luí leis na Conarthaí má tá bonn cirt leo ar mhaithe le ceann de chuspóirí an Aontais agus go bhfuil siad ag luí le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar iarratas ó Bhallstát.

--------------------------------------------------

Top