This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02022R2105-20221104
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2105 of 29 July 2022 laying down rules on conformity checks of marketing standards for olive oil and methods of analysis of the characteristics of olive oil
Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2105/2022-11-04
02022R2105 — GA — 04.11.2022 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2105 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Iúil 2022 (IO L 284 4.11.2022, lch. 23) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2105 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige
Airteagal 1
Raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
na seiceálacha ar chomhréireacht leis na caighdeáin mhargaíochta maidir le holaí olóige dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 agus a gcur chun feidhme ag oibreoirí;
an comhar agus an cúnamh idir na húdaráis inniúla maidir leis na seiceálacha comhréireachta dá dtagraítear i bpointe (a);
na taifid atá le coinneáil ag oibreoirí a tháirgeann nó a choinníonn ola olóige agus formheas monarchana pacáistithe;
na modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh.
Airteagal 2
Oibleagáidí na mBallstát maidir le seiceálacha comhréireachta
Airteagal 3
Minicíocht na seiceálacha comhréireachta agus na hanailíse riosca
Is iad seo a leanas, go háirithe, na critéir chun an riosca a mheasúnú:
catagóir na hola olóige de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104, an tréimhse táirgthe, a praghas i gcomparáid le holaí plandúla eile, oibríochtaí measctha agus pacála, na saoráidí agus na dálaí stórála, an tír tionscnaimh, an tír is ceann scríbe, an modh iompair nó méid na luchtóige;
suíomh na n-oibreoirí sa slabhra margaíochta, an méid agus an luach a mhargaíonn siad, raon na gcatagóirí ola a chuireann siad ar an margadh, an cineál gnó a dhéantar amhail muilleoireacht, stóráil, scagadh, meascadh, pacáistiú nó miondíol;
torthaí a fuarthas le linn seiceálacha a rinneadh roimhe seo lena n-áirítear líon agus cineál na bhfabhtanna a aimsíodh, gnáthcháilíocht na hola olóige a mhargaítear, feidhmíocht an trealaimh theicniúil a úsáidtear;
iontaofacht chórais dearbhaithe cáilíochta na n-oibreoirí nó na gcóras féinseiceála a bhaineann le comhréireacht le caighdeáin mhargaíochta;
an áit ina ndéantar an tseiceáil comhréireachta, go háirithe más í an chéad phointe teacht isteach san Aontas í, an pointe imeachta deireanach ón Aontas nó an áit ina ndéantar na holaí a tháirgeadh, a phacáistiú, a luchtú nó a dhíol leis an tomhaltóir deiridh;
aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh riosca neamhchomhlíonta a léiriú.
Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a leagan síos roimh ré:
na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le neamhchomhréireacht luchtóg;
ar bhonn anailíse riosca le haghaidh gach catagóir riosca, an t-íoslíon oibreoirí nó luchtóg agus cainníochtaí a bheidh faoi réir seiceála comhréireachta.
Airteagal 4
Comhar idir na Ballstáit maidir le seiceálacha comhréireachta
De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, beidh an fhaisnéis go léir is gá le haghaidh an fhíoraithe ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus go háirithe:
an dáta a rinneadh an ola olóige i gceist a shampláil nó a cheannach;
ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora inar tógadh an sampla nó inar ceannaíodh an ola olóige lena mbaineann;
líon na mbaisceanna lena mbaineann;
cóip de na lipéid uile a thaispeánfar ar phacáistíocht na hola olóige lena mbaineann;
torthaí na hanailíse nó na dtuairimí saineolaí comparáideacha eile ina léirítear na modhanna a úsáideadh agus ainm agus seoladh na saotharlainne nó an tsaineolaí;
i gcás inarb infheidhme, ainm sholáthróir na hola olóige i gceist mar atá dearbhaithe ag an asraon margaíochta.
Airteagal 5
Oibleagáidí na n-oibreoirí
Arna iarraidh sin don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir atá le feiceáil ar an lipéad bunaithe, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht ar fáil maidir le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagail 6, 8 agus 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:
eilimintí fíorasacha nó fíorais a shuífear go heolaíoch;
torthaí anailísí nó taifeadtaí uathoibríocha arna dtógáil ar shamplaí ionadaíocha;
faisnéis riaracháin nó cuntasaíochta a choinnítear i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.
Airteagal 6
Formheas roghnach ar mhonarchana pacáistithe ar an leibhéal náisiúnta
Nuair a chinnfidh siad leas a bhaint as mír 1, deonóidh na Ballstáit formheas agus sannfaidh siad sainaithint alfa-uimhriúil ar aon mhonarcha pacáistíochta a iarrann amhlaidh agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
saoráidí pacáistithe a bheith aici;
a gheallann an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhailiú agus a choinneáil;
a bhfuil córas stórála aici lena bhféadfar bunáitíocht na n-olaí olóige a sheiceáil, ar olaí iad a bhfuil sé sainordaitheach an áit tionscnaimh a lipéadú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104.
Airteagal 7
Modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh
Déanfar saintréithe olaí olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 a chinneadh i gcomhréir leis na modhanna anailíse a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 8
Sampláil le haghaidh seiceálacha comhréireachta
Airteagal 9
Saintréithe olaí olóige a fhíorú
Fíoróidh na Ballstáit go bhfuil na holaí olóige i gcomhréir le saintréithe na n-olaí olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104:
in ord ar bith; nó
tríd an ord a leagtar amach ar an sreabhchairt in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint, go dtí go dtiocfar ar cheann de na cinntí atá sa tsreabhchairt.
Airteagal 10
Painéil bhlaiste
Socróidh na Ballstáit téarmaí formheasta na bpainéal blaiste agus áiritheoidh siad:
go gcomhlíonfar ceanglais an mhodha dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I maidir le saintréithe orgánaileipteacha ola olóige íon a chinneadh;
go dtabharfar oiliúint do cheannaire an phainéil a aithníonn an Ballstát chun na críche sin;
beidh formheas leanúnach ag brath ar athbhreithniú bliantúil a bheith á dhéanamh ag an mBallstát ar an bpainéal blaiste.
Airteagal 11
Saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a fhíorú
Airteagal 12
Cion ola cáca ola agus iarmhar eile
Airteagal 13
Pionóis
Airteagal 14
Tuairisciú
Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe sin. Beidh sa tuarascáil sin ar a laghad torthaí na seiceálacha comhréireachta a rinneadh ar ola olóige i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh
|
|
Saintréithe olaí olóige |
An modh IOC a úsáidfear |
|
1 |
Aigéadacht |
COI/T.20/Doc. Uimh. 34 (Cinneadh maidir le saoraigéid shailleacha, modh fuar) |
|
2 |
Luach sároscsaíde |
COI/T.20/Doc. Uimh. 35 (Cinneadh maidir le luacha sároscsaíde) |
|
3 |
Monapalmatáit 2- ghlicrile |
COI/T.20/Doc. Uimh. 23 (Cinneadh maidir le céatadán monaphalmatáite 2- ghlicrile) |
|
4 |
K232, K268 nó K270, ΔΚ |
COI/T.20/Doc. Uimh. 19(Imscrúdú speictreafótaiméadrach san ultravialait) |
|
5 |
Saintréithe orgánaileipteacha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 15 (Anailís chéadfach ar ola olóige– Modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar ola olóige íon) – cé is moite de phointí 4.4 agus 10.4 de |
|
6 |
Comhdhéanamh aigéid shailligh, lena n-áirítear tras-isiméirí |
COI/T.20/Doc. Uimh. 33 (Cinneadh maidir le heistir mheitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis) |
|
7 |
Eistir meitile aigéid shailligh, céaracha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 28 (Cinneadh maidir le cion céaracha, eistear meitile aigéid shailligh agus eistear eitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis ribeach) |
|
8 |
Iomlán stéaról, comhdhéanamh stéaról, eiritridhé-ól, úváól agus alcóil alafatacha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 26 (Comhdhéanamh agus ábhar stéaról, dé-alcól trítheirpéineach agus alcól alafatach a chinneadh le crómatagrafaíocht gháis ribeach) |
|
9 |
Stiogmastaidé-éin |
COI/T-20/Doc. Uimh. 11(An méid stiogmastaidé-éin in olaí glasraí a chinneadh) |
|
10 |
ΔΕCN42 |
COI/T.20/Doc. Uimh. 20 (Cinneadh na difríochta idir ábhar iarbhír agus ábhar teoiriciúil tríaicilgliocról ECN 42) |
IARSCRÍBHINN II
SAMPLÁIL AR OLAÍ OLÓIGE A SHEACHADTAR I bPACÁISTÍ
Cuirtear an modh samplála seo i bhfeidhm maidir le baisceanna ola olóige a chuirtear i bpacáistí. Beidh feidhm ag modhanna samplála éagsúla ag brath ar cibé acu is mó ná 5 lítear an pacáiste nó nach ea.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “pacáiste” an coimeádán a bhfuil teagmháil dhíreach idir é agus an ola olóige;
ciallaíonn “baisc” tacar pacáistí a tháirgtear, a mhonaraítear agus a phacáiltear in imthosca ina meastar go bhfuil an ola olóige, atá i ngach pacáiste, aonchineálach i dtéarmaí na saintréithe anailíseacha uile. Ní mór indibhidiú baisce a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciallaíonn “incrimint” an chainníocht ola olóige atá i bpacáiste suas go 5 lítear nó a eastósctar as pacáiste ar mó é ná 5 lítear, nuair a roghnaítear pacáistí ó phointe randamach sa bhaisce.
1. ÁBHAR AN tSAMPLA PHRÍOMHÚIL
1.1. Samplaí phríomhúla le haghaidh pacáistí suas go 5 lítear
Déanfar sampla príomhúil le haghaidh pacáistí suas go 5 lítear a chomhdhéanamh i gcomhréir le Tábla 1.
Tábla 1
Ní mór an méid seo a leanas a bheith in íosmhéid sampla phríomhúil:
|
I gcás inarb é toilleadh an phacáistithe |
Is é a bheidh sa sampla príomhúil an ola olóige ó |
|
(a) 750 ml nó níos mó |
(a) 1 phacáiste; |
|
(b) níos lú na 750 ml |
(b) an líon íosta pacáistí ina bhfuil toilleadh 750 ml ar a laghad |
Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a homaiginiú sula ndéanfar na measúnuithe agus na hanailísí éagsúla.
1.2. Samplaí phríomhúla le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear
Comhdhéanfar sampla príomhúil le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear as líon iomlán na n-incrimintí a eastósctar as an líon íosta pacáistí a leagtar amach i dTábla 2. Déanfar na pacáistí a roghnú go randamach as an mbaisce. Nuair a chomhdhéantar an sampla príomhúil beidh toilleadh leordhóthanach ann chun gur féidir é a roinnt san iliomad samplaí.
Tábla 2
An líon íosta pacáistí le roghnú go randamach
|
An líon pacáistí sa bhaisce |
An líon íosta pacáistí le roghnú |
|
Suas go 10 |
1 |
|
Ó ... 11 go 150 |
2 |
|
Ó ... 151 go 500 |
3 |
|
Ó ... 501 go 1 500 |
4 |
|
Ó ... 1 501 go 2 500 |
5 |
|
> 2 500 in aghaidh 1 000 pacáiste |
1 phacáiste sa bhreis |
Tar éis ábhar gach pacáiste a homaiginiú, eastósctar an incrimint agus doirtear isteach i gcoimeádán coiteann í lean homaiginiú trína corraí, ionas gur fearr a chosnófar ar an aer í.
Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a dhoirteadh i seicheamh pacáistí ar toilleadh dóibh 1 lítear ar a laghad, a mbeidh gach ceann acu comhdhéanta d’aonad de sampla príomhúil. Ní mór gach aonad pacáiste a líonadh ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an ciseal aeir ar barr agus a dhúnadh agus a shéalú chun a áirithiú go mbeidh an táirge crioscaíldíonach. Ní mór na pacáistí a lipéadú chun a áirithiú go ndéantar iad a shainaithint i gceart.
2. AN LÍON SAMPLAÍ PRÍOMHÚLA A MHÉADÚ
Féadfaidh gach Ballstát an líon samplaí príomhúla a mhéadú, de réir a riachtanais féin (measúnú orgánaileipteach ag saotharlann nach í an tsaotharlann a rinne na hanailísí ceimiceacha, an fhrithanailís etc.).
Féadfaidh an t-údarás inniúil an líon samplaí príomhúla a mhéadú de réir an tábla seo a leanas:
Tábla 3
An líon samplaí príomhúla arna chinneadh de réir méid baisce
|
Méid an bhaisce(lítir) |
An líon samplaí príomhúla |
|
Níos lú ná 7 500 |
2 |
|
Ó 7 500 go níos lú ná 25 000 |
3 |
|
Ó 25 000 go níos lú ná 75 000 |
4 |
|
Ó 75 000 go níos lú ná 125 000 |
5 |
|
Cothrom le agus níos mó ná 125 000 |
6 + 1 le haghaidh gach 50 000 lítear nó níos mó |
2.3. Ní mór foirmiú gach sampla phríomhúil a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2.
2.4. Agus pacáistí á roghnú go randamach le haghaidh incrimintí, ní mór na pacáistí a roghnaítear le haghaidh sampla príomhúil amháin tadhlach le pacáistí a roghnaítear le haghaidh sampla príomhúil eile. Is gá nóta a dhéanamh de shuíomh gach pacáiste a roghnaítear go randamach agus é a shainaithint i gceart agus go cinnte.
3. ANAILÍSÍ AGUS TORTHAÍ
3.1. I gcás ina bhfuil torthaí na n-anailísí comhlíontach le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, ní mór a dhearbhú go bhfuil an baisce iomlán comhlíontach chomh maith.
3.2. Nuair nach bhfuil torthaí na n-anailísí ar aon sampla príomhúil amháin comhlíontach le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, ní mór a dhearbhú go bhfuil an baisce iomlán neamhchomhlíontach chomh maith.
IARSCRÍBHINN III
SREABHCHAIRT LENA bhFÍORAÍTEAR AN bhFUIL SAMPLA OLA OLÓIGE COMHSHEASMHACH LEIS AN gCATAGÓIR A DHEARBHAÍTEAR
Tábla ginearálta
Tábla 1
Ola olóige úríon –– Critéir cháilíochta
Tábla 2
Ola olóige íon –– Critéir cháilíochta
Tábla 3
Ola olóige úríon agus ola olóige íon –– Critéir íonachta
Tábla 4
Ola olóige lampante –– Critéir cháilíochta
Tábla 5
Ola olóige scagtha –– Critéir cháilíochta
Tábla 6
Ola olóige (comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus olaí olóige íona) –– Critéir cháilíochta
Tábla 7
Ola olóige scagtha agus ola olóige atá comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus olaí olóige íona–– Critéir íonachta