EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02013R0345-20180301

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/345/2018-03-01

02013R0345 — GA — 01.03.2018 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 345/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2013

maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 115 25.4.2013, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/1991 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017

  L 293

1

10.11.2017




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 345/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2013

maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha agus coinníollacha do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo an sonrúchán “EuVECA” sin a úsáid maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas, agus, ar an dóigh sin, cuireann an Rialachán seo le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Leagtar síos freisin leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú le hinfheisteoirí incháilithe ar fud an Aontais, maidir le comhdhéanamh punainne cistí caipitil fiontair cáilitheacha, maidir leis na hionstraimí agus na teicnící infheistíochta incháilithe atá le húsáid ag na cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus maidir le heagrú, iompraíocht agus trédhearcacht bainisteoirí a dhéanann cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.

Airteagal 2

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a) níl a gcuid sócmhainní iomlána faoi bhainistíocht níos airde ná an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;

(b) tá siad bunaithe san Aontas;

(c) tá siad faoi réir a gcláraithe le húdaráis inniúla a mBallstáit baile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE; agus

(d) déanann siad bainistíocht ar phunanna de chistí caipitil fiontair cáilitheacha.

▼M1

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 12, pointe (c) agus (i) d’Airteagal 13(1), Airteagal 14a go hAirteagal 19, an dara fomhír d’Airteagal 20(3), agus Airteagal 21 agus Airteagal 21a den Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontair cáilitheacha agus a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.

▼B

3.  Nuair is bainisteoirí seachtracha iad bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus nuair atá siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, féadfaidh siad gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a bhainistiú freisin faoi réir údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE.

Airteagal 3

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” AIF mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(b) ciallaíonn “ciste caipitil fiontair cáilitheach” gnóthas comhinfheistíochta ar fíor na nithe seo a leanas ina thaobh:

(i) go bhfuil sé ar intinn aige, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos ina rialacha nó ina ionstraimí corpraithe, 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní ar infheistíochtaí cáilitheacha iad, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;

(ii) nach n-úsáideann sé níos mó ná 30 % de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste chun sócmhainní seachas ionstraimí cáilitheacha a fháil, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;

(iii) go bhfuil sé bunaithe i gcríoch Ballstáit;

(c) ciallaíonn “bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach” duine dlítheanach arb é a ghnó rialta é ciste caipitil fiontair amháin ar a laghad a bhainistiú;

(d) ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas:

▼M1

(i) a chomhlíonann, tráth a dhéanfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach an chéad infheistíocht sa ghnóthas sin, ceann de na coinníollacha seo a leanas:

 ní ligtear an gnóthas isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (21) agus i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), agus ina bhfuil líon nach airde ná 499 nduine ag obair;

 is fiontar beag agus meánmhéide an gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus é liostaithe ar mhargadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4(1) den Treoir sin;

▼B

(ii) nach gnóthas comhinfheistíochta é féin é;

(iii) nach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas é:

 institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun ghnó institiúidí creidmheasa, agus gabháil don ghnó sin ( 2 ),

 cuideachta infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE,

 gnóthas árachas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) ( 3 ),

 cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE, nó

 cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

(iv) atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit, nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:

 nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,

 go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus le gach ceann de na Ballstáit eile ina bhfuil sé ar intinn aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú, ionas go ndéantar a áirithiú go bhfuil na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhail-Choinbhinsiún Cánach an ECFE maidir le hIoncam agus le Caipiteal á gcomhlíonadh ag an tríú tír agus go n-áirithítear malartú éifeachtach faisnéise i gcúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;

(e) ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:

(i) ionstraim chothromais nó ionstraim chuasachothromais:

 arna heisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach agus arna fáil go díreach ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach ón ngnóthas punainne cáilitheach,

 arna heisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar urrús cothromais arna eisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach, nó

 arna heisiúint ag gnóthas ar fochuideachta faoi úinéireacht thromlaigh atá sa ghnóthas punainne cáilitheach agus a fhaigheann an ciste caipitil fiontair cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais arna heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach;

(ii) iasacht urraithe nó iasacht neamhurraithe arna dheonú ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach do ghnóthas punainne cáilitheach a sealbhaíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach infheistíochtaí cáilitheacha cheana ann, ar choinníoll nach ndéantar níos mó ná 30 % de na ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus den chaipiteal geallta neamhghlaoite sa chiste caipitil fiontair cáilitheach a úsáid d’iasachtaí den sórt sin;

(iii) scaireanna i ngnóthas punainne cáilitheach a fhaightear ó scairshealbhóirí láithreacha an ghnóthais sin;

(iv) aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó de roinnt cistí caipitil fiontair cáilitheacha, ar choinníoll nár infheistigh na cistí caipitil fiontair cáilitheacha sin iad féin níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;

(f) ciallaíonn “costais ábhartha” gach táille, muirear agus speansas a sheasann na hinfheisteoirí go díreach nó go hindíreach agus atá comhaontaithe idir bainisteoir um chiste caipitil fiontair cháilitheach agus na hinfheisteoirí;

(g) ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile rannpháirteachais i gcaipiteal an ghnóthais punainne cháilithigh, arna n-eisiúint dá infheisteoirí;

(h) ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime maoinithe ar teaglaim é de chothromas agus fiachas, sa chás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó caillteanas an ghnóthais phunainne cháilithigh agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana urraithe go hiomlán;

(i) ciallaíonn “margú” tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna ciste caipitil fiontair atá faoina bhainistíocht nó a bhainistíonn sé le hinfheisteoirí a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;

(j) ciallaíonn “caipiteal geallta” aon ghealltanas ar dá bhun a bhfuil oibleagáid ar infheisteoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i rialacha nó in ionstraimí corparáide an chiste caipitil fiontair cháilithe, leas a fháil sa chiste nó ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis;

▼M1

(k) ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát sin ina bhfuil a oifig chláraithe ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;

▼B

(l) ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach margaíocht ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo;

▼M1

(m) ciallaíonn “údarás inniúil”:

(i) i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

(ii) i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2011/61/AE;

(iii) i dtaca le cistí caipitil fiontair cáilitheacha, údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach bunaithe;

▼M1

(n) ciallaíonn “údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh” údarás Ballstáit, seachas an Ballstát baile, ina ndéantar an ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú.

▼B

I ndáil le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadaíonn foirm dhlíthiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh bainistiú inmheánach a dhéanamh agus i gcás nach ndéanann comhlacht rialála an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, déanfar an ciste caipitil fiontair cáilitheach féin a chlárú mar an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 14. Ní dhéanfar ciste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste caipitil fiontair cáilitheach ar ghnóthais comhinfheistíochta eile.



CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID AN tSONRÚCHÁIN “EuVECA”

Airteagal 4

Beidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo i dteideal an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas.

Airteagal 5

1.  Áiritheoidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, le linn dóibh sócmhainní seachas infheistíochtaí cáilitheacha a fháil, nach n-úsáidfear ach 30 % ar a mhéad de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste chun sócmhainní den sórt sin a fháil. Déanfar an tairseach 30 % a ríomh ar bhonn na méideanna is in-infheistithe tar éis gach costas ábhartha a asbhaint. Ní chuirfear sealúchas in airgead tirim ná coibhéisí airgid san áireamh chun an tairseach sin a ríomh mar nach fhéachtar ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid mar infheistíochtaí.

2.  Ní úsáidfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, aon mhodh lena méadófaí neamhchosaint an chiste thar leibhéal a chaipitil gheallta, cibé trí airgead nó urrúis a fháil ar iasacht, trí shuímh dhíorthacha a ghlacadh nó trí aon mhodh eile.

3.  Ní fhéadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha iasachtaí a fháil, oibleagáidí fiachais a eisiúint nó ráthaíochtaí a thabhairt, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, ach amháin sa chás ina bhfuil na hiasachtaí, na hoibleagáidí fiachais nó na ráthaíochtaí sin clúdaithe ag gealltanais neamhghlaoite.

Airteagal 6

1.  Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha aonaid agus scaireanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú go heisiach le hinfheisteoirí a mheastar gur cliaint ghairmiúla iad i gcomhréir le Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nó a bhféadfaí, ar iarraidh a dhéanamh, déileáil leo mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE, nó le hinfheisteoirí eile sna cásanna seo a leanas:

(a) tá sé geallta ag na hinfheisteoirí eile sin EUR 100 000 ar a laghad a infheistiú; agus

(b) tá sé dearbhaithe i scríbhinn ag na hinfheisteoirí eile sin, i ndoiciméad ar leithligh ón gconradh atá le tabhairt i gcrích maidir leis an ngealltanas infheistíochta, go bhfuil siad ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis an ngealltanas nó leis an infheistíocht atá beartaithe.

2.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíochtaí a dhéanfaidh feidhmeannaigh, stiúrthóirí nó fostaithe atá páirteach i mbainistiú bainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach nuair a bheidh siad ag infheistiú sna cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu.

Airteagal 7

Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an méid seo a leanas maidir leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu:

(a) agus a ngníomhaíochtaí á seoladh acu, gníomhú go hionraic, go cothrom agus leis an scil chuí, an cúram cuí agus an dúthracht chuí;

(b) cuirfidh siad na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun míchleachtais a chosc a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leis go ndéanfaidís difear do leasanna na n-infheisteoirí agus na ngnóthas punainne cáilitheach;

(c) déanfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí gnó ar bhealach is go gcuirfear na leasanna is fearr chun cinn do na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, do na hinfheisteoirí iontu agus do shláine an mhargaidh;

(d) cuirfidh siad leibhéal ard díchill i bhfeidhm maidir le roghnú agus faireachán leanúnach na n-infheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha;

(e) beidh eolas agus tuiscint leormhaith acu ar na gnóthais phunainne cháilitheacha a ndéanann siad infheistíocht iontu;

▼M1

(f) déileálfar go cothrom lena gcuid infheisteoirí. Ní chuirfidh an méid sin bac ar chóir níos fabhraí a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha ná d’infheisteoir poiblí, ar choinníoll go mbeidh cóir den chineál sin i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair i gcomhréir go háirithe le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ( 4 ) ón gCoimisiún agus go ndéanfar é a nochtadh i rialacha an chiste nó ina ionstraimí corpraithe;

▼B

(g) áiritheoidh siad nach bhfaighidh infheisteoir ar bith cóir níos fabhraí, mura rud é go ndéantar an chóir níos fabhraí sin a nochtadh i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh.

Airteagal 8

1.  I gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach feidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, ní dhéanfar aon difear do dhliteanas an bhainisteora i leith an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus i leith na n-infheisteoirí ann. Ní dhéanfaidh an bainisteoir a oiread de tharmligean a fhágfaidh, go bunúsach, nach féidir é a mheas a thuilleadh a bheith ina bhainisteoir ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach agus a oiread agus go dtiocfaidh dó a bheith ina eintiteas bosca poist.

2.  Ní dhéanfaidh aon tarmligean feidhmeanna faoi mhír 1 dochar d’éifeachtúlacht na maoirseachta ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus, go háirithe, ní dhéanfaidh sé an bainisteoir sin a chosc ó ghníomhú, nó an ciste caipitil fiontair cáilitheach a chosc ó bheith á bhainistiú, chun sárleasa na n-infheisteoirí ann.

Airteagal 9

1.  Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha coinbhleachtaí leasa a aithint agus a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, déanfaidh siad bainistíocht agus faireachán orthu agus, i gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad na coinbhleachtaí leasa sin go pras ionas nach ndéanfaidh siad dochar do leasanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na hinfheisteoirí iontu, agus chun a áirithiú go ndéileálfar go cothrom leis na cistí caipitil fiontair cáilitheach atá á mbainistiú acu.

2.  Sainaithneoidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:

(a) bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, daoine a sheolann i ndáiríre gnó na mbainisteoirí sin, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá faoi riail acu, go díreach nó go hindíreach, agus an ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistíonn na bainisteoirí sin, nó infheisteoirí ann;

(b) an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste caipitil fiontair cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann;

(c) an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.

3.  Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha socruithe éifeachtacha eagraíochtúla agus riaracháin a chothabháil agus a oibriú chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.

4.  Déanfar nochtadh coinbhleachtaí leasa mar a dtagraítear dó i mír 1 a chur in iúl i gcás nach leor na socruithe eagraíochtúla a rinne an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena áirithiú, le muinín réasúnta, go gcoiscfear na rioscaí go ndéanfar díobháil do leas infheisteoirí. Déanfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nádúr ginearálta nó foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir d’infheisteoirí sula rachaidh siad i mbun gnó thar a gceann.

5.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a) na cineálacha coinbhleachtaí leasa amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b) na céimeanna is gá do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a ghlacadh, i dtaca le struchtúir agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.

Airteagal 10

1.  Ag gach tráth, beidh cistí dílse leordhóthanacha ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus úsáidfidh siad acmhainní daonna agus teicniúla atá leormhaith agus iomchuí de réir mar is gá chun na cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistíonn siad a bhainistiú go cuí.

▼M1

2.  Beidh EUR 50 000 de chaipiteal tosaigh ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí caipitil fiontair cáilitheacha araon.

▼M1

3.  Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstát bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag bainisteoir um chiste caipitil cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.

4.  I gcás inar mó ná EUR 250 000 000 luach na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise de chistí dílse ar fáil. Beidh suim bhreise na gcístí dílse comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha níos mó ná EUR 250 000 000 .

5.  Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile bainisteoir um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leo siúd atá leagtha síos i ndlí an Aontais.

6.  Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.

▼B

Airteagal 11

1.  Déanfar rialacha maidir le luacháil sócmhainní a leagan síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus déanfar próiseas luachála fónta agus trédhearcach a áirithiú leo sin.

2.  Áiritheofar leis na nósanna imeachta luachála go ndéantar sócmhainní a luacháil go cuí agus go ndéantar an luach sócmhainne a ríomh go bliantúil ar a laghad.

Airteagal 12

1.  Cuirfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha tuarascáil bhliantúil ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcás gach ciste caipitil fiontair cáilitheach atá á bhainistiú acu, faoi shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil ar chomhdhéanamh phunann an chiste caipitil fiontar cháilithigh agus ar ghníomhaíochtaí na bliana roimhe sin. Nochtófar inti freisin, i dtaobh bhrabúis arna dtuilleamh ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach ag deireadh a ré agus, i gcás inarb infheidhme, na brabúis arna ndáileadh le linn a ré. Beidh cuntais airgeadais iniúchta an chiste caipitil fiontar cháilithigh inti.

Déanfar an tuarascáil bhliantúil a tháirgeadh i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe atá ann cheana agus leis na téarmaí a bheidh comhaontaithe idir na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na hinfheisteoirí. Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an tuarascáil a sholáthar d’infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus infheisteoirí a chomhaontú breis nochta a dhéanamh lena chéile.

2.  Déanfar iniúchóireacht a sheoladh ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach go bliantúil ar a laghad. Dearbhóidh an iniúchóireacht go sealbhaítear airgead agus sócmhainní in ainm an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus go bhfuil taifid agus seiceálacha leormhaithe bunaithe agus á gcothabháil ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach i ndáil le húsáid aon sainordaithe nó rialaithe ar airgead agus sócmhainní an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus na hinfheisteoirí atá ann.

3.  I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar margadh rialáilte ( 5 ) i dtaca leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ar leithligh nó ina chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.

▼M1

4.  Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil d’údarás inniúil gach ciste caipitil fiontair cháilithigh lena mbaineann, d’údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh lena mbaineann agus do ÚEUM go tráthúil trí mheán na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22.

▼B

Airteagal 13

1.  Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i ndáil leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a gcuid infheisteoirí a chur ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí an cinneadh infheistíochta, ar shlí shoiléir agus intuigthe, faoi na gnéithe seo a leanas:

(a) céannacht an bhainisteora sin agus céannacht aon soláthraithe seirbhíse eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir leis an mbainistíocht a dhéanann siad ar na cistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus tuairisc ar a gcuid dualgas;

▼M1

(b) méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú go cuí;

▼B

(c) tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste caipitil fiontair cháilithigh, lena n-áirítear:

(i) na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;

(ii) aon chistí caipitil fiontair cáilitheacha eile a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;

(iii) na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé ar intinn go ndéanfadh aon chiste caipitil fiontair cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistiú iontu;

(iv) na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh;

(v) na teicnící a bhfuil sé ar intinn aige a úsáid; agus

(vi) aon srianta infheistíochta infheidhme;

(d) tuairisc ar phróifíl riosca an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a bhféadfadh an ciste infheistiú iontu nó leis na teicnící infheistíochta a d’fhéadfaí a úsáid;

(e) tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar an modheolaíocht praghsála chun na sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun na gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;

(f) tuairisc ar an tslí a dhéantar luach saothair an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a ríomh;

(g) tuairisc ar na costais ábhartha uile agus na méideanna uasta díobh sin;

(h) i gcás ina bhfuil sé ar fáil, feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh;

(i) na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile arna soláthar nó arna n-eagrú ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó, ar shlí éigin eile, oibríochtaí leanúnacha na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú ar an bhfíoras sin;

(j) tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú.

2.  Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Coimeádfar í cothrom le dáta agus déanfar í a athbhreithniú go tráthrialta i gcás inar ábhartha sin.

3.  I gcás ina gceanglófar ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú, i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ( 6 ), nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar go leithleach nó mar chuid den réamheolaire.



CAIBIDIL III

MAOIRSEACHT AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 14

1.  Bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun a gcuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil a mBallstáit baile go bhfuil sé ar intinn acu é sin a dhéanamh agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas:

(a) céannacht na ndaoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;

(b) céannacht na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú, agus a straitéisí infheistíochta;

(c) faisnéis maidir leis na socruithe a rinneadh chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d) liosta de na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach gach ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú iontu.

▼M1 —————

▼B

2.  Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) go bhfuil na daoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha de dhea-cháil leordhóthanach agus go bhfuil taithí leordhóthanach acu freisin i ndáil leis na straitéisí infheistíochta atá á saothrú ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;

(b) go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 iomlán;

(c) go bhfuil na socruithe arna gcur in iúl de réir phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh.

▼M1 —————

▼B

3.  Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus fágfaidh sé go bhféadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú faoin sonrúchán “EuVECA” ar fud an Aontais.

▼M1

4.  Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.

5.  Beidh clárú i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha.

6.  Maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.

Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin a fháil, an bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach a chur ar an eolas. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh. Féadfar na hathruithe a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.

7.  D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.  D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.  Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

Airteagal 14a

1.  Déanfaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, iarratas ar chlárú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha sin a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid ina leith.

2.  Is é údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a) rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh;

(b) faisnéis ar chéannacht na taisce;

(c) an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(d) liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí caipitil fiontair cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5 agus Airteagal 6, agus i bpointí (c) agus (i) d’Airteagal 13(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II den Rialachán seo a chomhlíonadh.

3.  I gcás nach ionann údarás inniúil chiste caipitil fiontair cháilithigh agus údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, fiafróidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cé acu an dtagann nó nach dtagann an ciste caipitil fiontair cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora maidir le CIManna a bhainistiú agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 14(2) comhlíonta.

Féadfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra laistigh d’aon mhí amháin ar fáil tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh isteach a fháil.

4.  Ní cheanglófar ar bhainisteoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá curtha ar fáil ag na bainisteoirí sin cheana féin faoi Threoir 2011/61/AE.

5.  Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht arna fáil i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó an soiléiriú agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cláróidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cáilitheach ciste mar chiste caipitil fiontair cáilitheach má shásaíonn bainisteoir an chiste sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14(2).

6.  Na bainisteoirí sin dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh fógra don bhainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an ciste sin mar chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis do na bainisteoirí sin an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

7.  Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadófar dá bharr margú a dhéanamh ar na cistí sin ar fud an Aontais faoin sonrúchán “EuVECA”.

8.  D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áithriú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.  D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.  Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

Airteagal 14b

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar údar cuí i gcás ina ndiúltaítear bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 nó ciste amhail dá dtagraítear in Airteagal 14a a chlárú, go dtabharfar fógra ina thaobh do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus go mbeidh an diúltú faoi réir ceart achomhairc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás naisiúnta riaracháin nó údarás naisiúnta eile. Beidh feidhm ag an gceart achomhairc sin freisin maidir le clárú, i gcás nach ndearnadh aon chinneadh faoin gclárú laistigh de dhá mhí i ndiaidh don bhainisteoir sin an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-úsáidfidh an bainisteoir sin aon réamhréiteach riaracháin dá bhforáiltear faoin dlí naisiúnta sula bhfeidhmeoidh siad an ceart achomhairc sin.

▼B

Airteagal 15

Cuirfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ina bhfuil sé ar intinn acu margú a dhéanamh ar:

(a) chiste caipitil fiontair cáilitheach nua; nó

(b) ciste caipitil fiontair cáilitheach atá ann cheana i mBallstát nach bhfuil luaite sa liosta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 14(1).

Airteagal 16

▼M1

1.  Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach na cistí sin a mhargú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste caipitil fiontair cháilithigh a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 14a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste caipitil fiontair cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.

2.  Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí caipitil fiontair cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áireofar le ceanglais den sórt sin nó nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.

▼B

3.  Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid fógra faoin Airteagal seo a chinneadh.

4.  Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.

5.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M1

Airteagal 16a

1.  Chun críocha athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(9) agus Airteagal 14a(10), déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó, i gcás nach ionann iad, údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh, a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ar a bhonn a deonaíodh an clárú mar a leagtar amach in Airteagal 14(1) agus (2) agus in d’Airteagal 14a(2), a chur ar fáil do ÚEUM go tráthúil tar éis an chlárúcháin. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil trí bhíthin an nóis imeachta a dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.  D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do ÚEUM i gcomhréir le mír 1 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.  Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise atá le cur ar fáil do ÚEUM i gcomhréir le mír 1.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M1

Airteagal 17

1.  Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach, a mbeidh rochtain phoiblí idirlín air, ina liostófar na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad a úsáideann an sonrúchán “EuVECA” agus na cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhfuil an sonrúchán sin á úsáid ina leith, mar aon leis na tíortha ina bhfuil na cistí sin á margú.

2.  Cuirfidh ÚEUM naisc ghréasáin ar fáil ar a shuíomh gréasáin chuig an bhfaisnéis ábhartha maidir le tríú tíortha a chomhlíonann an ceanglas is infheidhme faoi phointe (d)(iv) den chéad mhír d’Airteagal 3.

▼B

Airteagal 18

1.  Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhlíonadh na gceanglas a a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú.

▼M1

1a.  Maidir le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh an t-údarás inniúil freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leordhóthanacht na socruithe agus an eagrúcháin atá i bhfeidhm ag bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cáilithigh, ionas go mbeidh an bainisteoir sin in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad atá á mbainistiú aige a chomhlíonadh.

1b.  Maidir le ciste caipitil fiontair cáilitheach arna mbainistiú ag bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus i bpointe (c) agus i bpointe (i) d’Airteagal 13(1) ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach. Beidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an chiste.

▼B

2.  I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta lena chreidiúint go bhfuil an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit baile ar an eolas go pras dá réir. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhail bearta iomchuí.

3.  Más rud é go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag gníomhú ar shlí is léir a bheith contrártha don Rialachán seo in ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainníonn údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chosc ó aon mhargú breise eile a dhéanamh ar a chuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

Airteagal 19

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Beidh sé de chumhacht acu go háirithe:

(a) rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

(b) a cheangal ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis a sholáthar gan mhoill;

(c) a cheangal ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le gníomhaíochtaí an chiste caipitil fiontair cháilithigh faisnéis a sholáthar;

(d) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;

(e) bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo;

(f) ordú a eisiúint lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.

▼M1

Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas maidir le cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

▼B

Airteagal 20

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis riaracháin agus le bearta eile is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Faoin ►M1  2 Márta 2020 ◄ tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM i dtaobh na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

▼M1

3.  Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) an Rialachán seo i gcónaí agus beidh siad faoi dhliteanas i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo freisin, lena n-áirítear i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as.

Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) Treoir 2011/61/AE i gcónaí. Beidh siad freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus beidh siad faoi dhliteanas i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. Beidh na bainisteoirí sin faoi dhliteanas freisin i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as an Rialachán seo a shárú.

▼B

Airteagal 21

▼M1

1.  Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh an t-údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach an méid seo a leanas:

▼B

(a) go mainníonn sé na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b) go ndéanann sé, de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;

▼M1

(c) go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó nach bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;

▼B

(d) go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3;

▼M1

(e) má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha, nó ar aon bhealach neamhrialta eile, de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;

▼B

(f) go mainníonn sé gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil cuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh a chuid gnó de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;

(g) go mainníonn sé beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;

(h) go mainníonn sé arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i) go mainníonn sé arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.

▼M1

2.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:

(a) bearta chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann Airteagal 5 agus Airteagal 6, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 7, agus Airteagal 12 go hAirteagal 14a, de réir mar is infheidhme;

(b) a thoirmeasc ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann an sonrúchán “EuVECA” a úsáid agus an bainisteoir sin, nó an ciste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.

3.  Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, aon údarás inniúil ábhartha eile, údaráis inniúla aon Bhallstáit óstaigh i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 14(1), agus ÚEUM, a chur ar an eolas gan mhoill maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhaint den chlár.

4.  Maidir leis an gceart ciste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú san Aontas faoin sonrúchán “EuVECA”, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.

▼M1

5.  Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó an Bhallstáit óstaigh, de réir mar is infheidhme, ÚEUM ar an eolas gan mhoill má tá foras soiléir agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil aon cheann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 21(1) déanta ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach.

Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 21a

Déanfar na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na cumhachtaí sin a bhaineann le pionóis, a fheidhmiú i ndáil leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.

▼B

Airteagal 22

1.  Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM le chéile chun a gcuid dualgas faoi seach a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.  Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas faoi seach faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

Airteagal 23

1.  Tá gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla nó do ÚEUM, agus na hiniúchóirí agus na saineolaithe a fuair treoir ó na húdaráis inniúla nó ó ÚEUM, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin i mbun a gcuid dualgas a nochtadh le haon duine nó le húdarás ar bith, seachas i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach bhféadfar bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí caipitil fiontair cáilitheacha a shainaithint ar leithligh, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil agus le himeachtaí dlí faoin Rialachán seo.

2.  Ní chuirfear bac ar údaráis inniúla na mBallstát ná ar ÚEUM faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus le cistí caipitil fiontair cáilitheacha.

3.  I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla nó ÚEUM faisnéis rúnda i gcomhréir le mír 2, ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid ach le linn dóibh a bheith i mbun a gcuid dualgas agus chun críche imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.

Airteagal 24

I gcás ina mbíonn easaontú idir údaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ceann de na húdaráis inniúla i réimsí ina gceanglaítear comhoibriú nó comhordú idir údaráis inniúla ó níos mó ná Ballstát amháin faoin Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a mhéid is nach mbaineann an t-easaontú le pointe (iii) de phointe (b) nó le pointe (iv) de phointe (d) d’Airteagal 3 den Rialachán seo.



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

1.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.  Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana amhail ón 15 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhacht a fhadú go hintuigthe ar feadh treimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(5) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26

1.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn a gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

(a) a mhéid a bhain bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha úsáid as an sonrúchán “EuVECA” i mBallstáit éagsúla, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann;

(b) dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a dtugann cistí caipitil fiontair cáilitheacha fúthu;

(c) oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 13, go háirithe cibé ar leor iad lena chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach infheistíochta a ghlacadh;

(d) úsáid na n-infheistíochtaí cáilitheacha éagsúla ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus go háirithe cibé an gá na hinfheistíochtaí cáilitheacha a choigeartú sa Rialachán seo;

(e) an fhéidearthacht maidir le margú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a leathnú chuig infheisteoirí miondíola;

(f) éifeachtúlacht, comhréireacht agus feidhmiú na bpionós riaracháin agus na mbeart eile a bhforálann na Ballstáit dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(g) tionchar an Rialacháin seo ar an margadh caipitil fiontair;

(h) an fhéidearthacht go gceadófaí do chistí caipitil fiontair atá bunaithe i dtríú tír an sonrúchán “EuVECA” a úsáid, á chur san áireamh an taithí maidir le cur i bhfeidhm an Mholta ón gCoimisiún maidir le bearta atá ceaptha spreagadh a thabhairt do thríú tíortha caighdeáin íosta dea-rialachais a chur i bhfeidhm in ábhair chánach;

(i) a oiriúnaí atá sé an Rialachán seo a chomhlánú le réim taisclainne;

(j) meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh cur isteach ar infheistíocht i gcistí a úsáideann an sonrúchán “EuVECA”, lena n-áirítear an tionchar ar infheisteoirí institiúideacha i ndlí eile de chuid an Aontais a bhfuil nádúr stuamachta ag roinnt leo.

2.  Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 faoi:

(a) an ►M1  2 Márta 2022 ◄ maidir le pointí (a) go (g), (i) agus (j); agus

(b) an 22 Iúil 2015 maidir le pointe (h).

3.  I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

▼M1

4.  I gcomhthreo leis an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2011/61/AE, go háirithe maidir le bainisteoirí atá cláraithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(2) den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid seo a leanas:

(a) bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus a iomchuí a bheadh sé athruithe a chur ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear an rogha a bhaineann le pas bainistíochta; agus

(b) oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú le haghaidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus an tionchar a bheidh ag an sainmhíniú sin agus ag léirmhínithe náisiúnta éagsúla ar oibriú agus ar infheictheacht cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ar leithdháileadh trasteorann cistí den sórt sin.

Tar éis an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.

▼B

Airteagal 27

1.  Faoin 22 Iúil 2017, cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar an idirghníomhaíocht idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais comhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, go háirithe iad siúd a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE. Díreoidh an t-athbhreithniú sin ar réim feidhme an Rialacháin seo. Baileofar ann na sonraí chun measúnú a dhéanamh an gá an raon feidhme a leathnú chun cead a thabhairt do bhainisteoirí cistí caipitil fiontair a bhfuil sócmhainní faoi bhainistíocht acu a sháraíonn an tairseach dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) a bheith ina mbainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.  I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 28

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 22 Iúil 2013, cé is moite d’Airteagal 9(5) a mbeidh feidhm aige amhail ón 15 Bealtaine 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 2 ) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

( 3 ) IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

( 5 ) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

( 6 ) IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.

Top