Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2022P0004

Iarratas ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Oslo tingrett dar dáta an 14 Márta 2022 i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren (Cás E-4/22) 2022/C 345/04

IO C 345, 8.9.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/5


Iarratas ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Oslo tingrett dar dáta an 14 Márta 2022 i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren

(Cás E-4/22)

(2022/C 345/04)

Cuireadh iarratas faoi bhráid Chúirt CSTE, dar dáta an 14 Márta 2022, ó Oslo tingrett (Cúirt Dúiche Osló), a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 30 Márta 2022, ar Thuairim Chomhairleach i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren, maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

Faoi cé acu a thagann an soláthar laistigh de choincheap na seirbhíse nó nó lasmuigh de:

1.

An bhfuil conradh ar mhaithe le leas airgid lena ndéantar foráil maidir le soláthar áiteanna fadtéarmacha i dtithe altranais agus déantar an soláthar sin faoi na coinníollacha a thuairiscítear [san iarratas], a mheasfar gur chonradh é a bhaineann le soláthar “seirbhísí” faoi phointe (9) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE?

Maidir leis an eisceacht in Airteagal 32 LEE maidir le feidhmiú údaráis oifigiúil:

1.

An bhfuil tionchar ag an méid seo a leanas ar chumas údaráis chonarthaigh phoiblí bheith ag brath ar an eisceacht in Airteagal 32 de Chomhaontú LEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39:

a)

an raibh na seirbhísí lena mbaineann ina n-ábhar roimhe seo do chonarthaí seirbhíse poiblí idir an t-údarás conarthach agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus soláthraithe (neamhbhrabúsacha) eile?

b)

an roghnaíonn údaráis chonarthacha phoiblí eile sa Stát céanna fós conarthaí le haghaidh seirbhísí coibhéiseacha a thabhairt i gcrích le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus le soláthraithe eile (nach soláthraithe neamhbhrabúsacha iad)?

c)

nach dtugtar an chumhacht cinntí a dhéanamh maidir le cúram sláinte comhéigneach a riaradh i ndáil le daoine nach bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil acu cead a thabhairt agus atá i gcoinne an chúraim sláinte sin, go díreach do chonraitheoir an údaráis phoiblí chonarthaigh, ach seachas sin go dtugtar an chumhacht sin don pearsanra sláinte atá ag obair don chonraitheoir?

2.

Conas a fhorléireofar an fhoclaíocht “fiú go hócáideach” in Airteagal 32 de Chomhaontú LEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39?

Maidir le forchoimeádas eagraíochtaí neamhbhrabúsacha:

1.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 36 de Chomhaontú LEE agus Airteagail 74 – 77 de Threoir 2014/24/AE ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’údaráis chonarthacha phoiblí an ceart a fhorchoimeád chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta tairisceana a bhaineann le seirbhísí sláinte agus sóisialta do “eagraíochtaí neamhbhrabúsacha” ar na téarmaí a leagtar síos san fhoráil reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann?


Top