This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0021
Case C-21/23, Lindenapotheke: Request for a preliminary ruling from the Bundesgerichtshof (Germany) lodged on 19 January 2023 — ND v DR
Cás C-21/23, Lindenapotheke: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2023 – ND v DR
Cás C-21/23, Lindenapotheke: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2023 – ND v DR
IO C 155, 2.5.2023, p. 28–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 155/28 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2023 – ND v DR
(Cás C-21/23, Lindenapotheke)
(2023/C 155/35)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus achomharcóir ar phointe dlí: ND
Iarratasóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: DR
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
Leis na rialacha i gCaibidil III den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1), an gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n-údarás maoirseachta i dtaobh an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n-ábhar sonraí – an chumhacht d’iomaitheoirí chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfianaise an choisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma? |
2. |
An ionann na sonraí a iontrálann custaiméirí poitigéara, atá ag gníomhú mar dhíoltóir ar ardán díolacháin ar líne, agus iad ag ordú leigheasanna ar an ardán nach mór a cheannach ó phoitigéir, ach ní leigheasanna a bhfuil oideas ag teastáil ina leith (ainm an chustaiméara, seoladh seachadta agus faisnéis arna teastáil chun na leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir arna n-ordú a shainoiriúint) agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte de réir bhrí Airteagal 9(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus Airteagal 8(1) den Treoir um Chosaint Sonraí (2)? |
(1) Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
(2) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).