Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0591

    Cás T-591/22: Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – Polaroid IP v EUIPO – Klimeck (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog)

    IO C 441, 21.11.2022, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 441/22


    Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – Polaroid IP v EUIPO – Klimeck (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog)

    (Cás T-591/22)

    (2022/C 441/30)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Polaroid IP BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: G. Vos, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Thomas Klimeck (Kevelaer, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog) de chuid an Aontais Eorpaigh – Trádmharc Uimh. 16 217 267 den Aontas Eorpach

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cúlghairme

    An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Meitheamh 2022 i gCás R 1646/2021-4

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    an cás a tharchur chuig an Rannán Cúlghairme;

    a ordú do EUIPO costais an iarratais seo a íoc agus a ordú do Klimeck costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Cúlghairme agus an Bhoird Achomhairc a íoc.

    Saincheisteanna dlí

    Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top