Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0076

    Cás T-76/22: Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2022 – Schwa-Medico v EUIPO – Med-El Elektromedizinische Geräte (STIWELL)

    IO C 148, 4.4.2022, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 148, 4.4.2022, p. 29–29 (GA)

    4.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 148/29


    Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2022 – Schwa-Medico v EUIPO – Med-El Elektromedizinische Geräte (STIWELL)

    (Cás T-76/22)

    (2022/C 148/48)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Schwa-Medico, Medizinische Apparate, Vertriebsgesellschaft mbH (Ehringshausen, an Ghearmáin) (ionadaithe: E. Fortunet agus P. Marchiset, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Med-El Elektromedizinische Geräte GesmbH (Innsbruck, an Ostair)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “STIWELL” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 4 072 542

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 24 Samhain 2021 i gCás R 1383/2020-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú, sa mhéid is go ndiúltaítear leis géilleadh don iarratas chun cúlghairm a dhéanamh ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STIWELL Uimh 4 072 542 do na hearraí “gléasanna a dhéanann spreagadh néaramhatánach” in aicme 10, agus sa mhéid sin go ndiúltaítear leis túsphointe an dáta cúlghairme a shocrú. i gcás na n-earraí go léir ar an dáta a thagann cúig bliana ó foilsíodh clárú an trádmhairc sin in Feasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh (an 21 Feabhra 2011);

    a ordú do EUIPO agus don chomhlacht Med-El na costais arna dtabhú sa chaingean seo a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cúiseanna neamhleora lena chinneadh sa mhéid is go ndearna an Bord Achomhairc anailís mhícheart ar an gcoincheap maidir le fíorúsáid an chomhartha mar nach ndearnadh measúnú foriomlán ag cur na dtosca uile san áireamh agus bunaithe ar na fíricí ar fad;

    Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cúiseanna neamhleora lena chinneadh sa mhéid is go ndearna an Bord Achomhairc anailís mhícheart ar an gcoincheap maidir le fíorúsáid an chomhartha trí mheasúnú a dhéanamh ar shainiúlacht na dtáirgí i bhfianaise ghníomhaíocht shealbhóir an trádmhairc, seachas i bhfianaise fhoclaíocht na dtáirgí;

    Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cúiseanna neamhleora lena chinneadh sa mhéid is go ndearna an Bord Achomhairc anailís mhícheart ar an gcoincheap maidir le fíorúsáid an chomhartha trí chúiseanna contrártha a ghlacadh maidir le sainiúlacht líomhainte na dtáirgí sin;

    Earráid a rinne an Bord Achomhairc agus dáta theacht i bhfeidhm na cúlghairme á chinneadh, ar an bhfíric gur glacadh le riachtanas cúise dlisteanaí agus go ndearnadh léirmhíniú mícheart ar an gcúis dhlisteanach sin.


    Top