Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0117

    Cás T-117/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Reo na gcístí – Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘tacaíocht don réimeas’ – Gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit – Earráid mheasúnaithe)

    IO C, C/2024/2428, 8.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2428/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2428/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2428

    8.4.2024

    Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle

    (Cás T-117/22) (1)

    (An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Reo na gcístí - Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí - An coincheap ‘tacaíocht don réimeas’ - Gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit - Earráid mheasúnaithe)

    (C/2024/2428)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Grodno Azot AAT (Grodno, an Bhealarúis), Khimvolokno Plant (Grodno) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio-Tomasaz agus A. Antoniadis, Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 16), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha gcoinne na Bealarúise (IO 2021 L 430 I, lch. 1), agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023, lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 41), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 20), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean;

    2)

    Ordaítear do Grodno Azot AAT agus Khimvolokno Plant na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.


    (1)   IO C 222, 7.6.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2428/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top