This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0568
Case C-568/22 P: Appeal brought on 25 August 2022 by YT, YU against the judgment of the General Court (Eighth Chamber) delivered on 15 June 2022 in Case T-532/16, YT and YU v Commission
Cás C-568/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YT, YU i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-532/16, YT agus YU v an Coimisiún
Cás C-568/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YT, YU i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-532/16, YT agus YU v an Coimisiún
IO C 441, 21.11.2022, p. 13–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/13 |
Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YT, YU i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-532/16, YT agus YU v an Coimisiún
(Cás C-568/22 P)
(2022/C 441/18)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóirí: YT, YU (ionadaithe: L. Levi, J.-N. Louis, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-532/16, YT agus YU v an Coimisiún a chur ar neamhní; |
— |
an cás seo a bhreithniú í féin agus a chinneadh go raibh bunús maith le caingean an achomharcóra ar an gcéad chéim; |
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 45 CFAE, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua, earráid maidir le haicmiú dlíthiúil agus saobhadh an chomhaid;
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chuspóir Airteagal 8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus go ndearnadh sárú ar phrionsabal ginearálta na comhréireachta.