This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0475
Case C-475/22: Request for a preliminary ruling from the Tribunal Supremo (Spain) lodged on 15 July 2022 — Maxi Mobility Spain, S. L. U. v Comunidad de Madrid, Asociación Nacional del Taxi, Asociación Taxi Project 2.0
Cás C-475/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 15 Iúil 2022 – Maxi Mobility Spain SLU v Comunidad de Madrid, Asociación Nacional del Taxi, Asociación Taxi Project 2.0
Cás C-475/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 15 Iúil 2022 – Maxi Mobility Spain SLU v Comunidad de Madrid, Asociación Nacional del Taxi, Asociación Taxi Project 2.0
IO C 472, 12.12.2022, p. 29–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 472/29 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 15 Iúil 2022 – Maxi Mobility Spain SLU v Comunidad de Madrid, Asociación Nacional del Taxi, Asociación Taxi Project 2.0
(Cás C-475/22)
(2022/C 472/32)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Supremo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Maxi Mobility Spain SLU
Cosantóirí: Comunidad de Madrid, Asociación Nacional del Taxi, Asociación Taxi Project 2.0
Na ceisteanna a tharchuirtear
Meastar le reachtaíocht náisiúnta na Spáinne gur modh iompair uirbigh trí mheán feithicile le tiománaí chun leas an phobail é seirbhís tacsaí a sholáthar agus cuirtear é, dá bhrí sin, faoi réir rialacháin riaracháin dhéin d’fhonn cuspóirí cáilíochta, cosaint úsáideoirí, beartas iompair agus beartas comhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear smacht ar tháillí. I bhfianaise na reachtaíochta náisiúnta sin,
1. |
an bhfuil sé i gcomhréir leis an tsaoirse bhunaíochta srianta a fhorchur, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ar sheirbhísí iompair uirbigh feithicle le tiománaí eile, amhail feithiclí fruilithe phríobháidigh, d’fhonn comhréireacht agus comhlántacht na samhlacha eile sin den ghníomhaíocht chéanna le gníomhaíocht na dtacsaithe a áirithiú? |
2. |
má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an bhfuil sé i gcomhréir leis an tsaoirse bhunaíochta seirbhísí iompair uirbigh feithicile le tiománaí nach seirbhísí tacsaí iad a sholáthar, [amhail] feithiclí fruilithe phríobháidigh, agus an beart sriantach sonrach ná uaschóimheas d’údaruithe a leagadh síos i leith ceadúnais tacsaí a fhorchur, amhail an cóimheas 1/30 arna leagan síos i reachtaíocht na Spáinne, a bhfuil a chur i bhfeidhm faoi leith ag an údarás inniúil faoi réir phrionsabal na comhréireachta? |
3. |
an bhfuil an beart sriantach d’fheithiclí fruilithe phríobháidigh chun cóimheas ceadúnais 1/30 a bhunú mar a leagadh amach sa cheist roimhe seo i gcomhréir leis an toirmeasc ar státchabhair faoi Airteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh? |