Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0462

    Cás C-462/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Iúil 2022 – BM v LO

    IO C 359, 19.9.2022, p. 50–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/50


    Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Iúil 2022 – BM v LO

    (Cás C-462/22)

    (2022/C 359/59)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesgerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir ar phointe dlí: BM

    Cosantóir san achomharc ar phointe dlí: LO

    An cheist a tharchuirtear

    An dtosaíonn an tréimhse cháilitheach bliana nó sé mhí faoin gcúigiú agus faoin séú fleasc d’Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (1) don iarratasóir le bunú a ghnátháite cónaithe i mBallstát na cúirte a dtugtar an cás os a comhair nó an leor é, ag tús na tréimhse cáilithí ábhartha, go bhfuil áit chónaithe, agus sin amháin, ag an iarratasóir i Stát na cúirte a dtugtar an cás os a comhair agus go ndaingníonn sé a ghnátháit chónaithe ina dhiaidh sin, le linn na tréimhse sula ndéantar an t-iarratas?


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 November 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO 2003 L 338, lch. 1).


    Top