Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0282

    Cás C-282/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 26 Aibreán 2022 – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v P. w W.

    IO C 326, 29.8.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 326/5


    Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 26 Aibreán 2022 – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v P. w W.

    (Cás C-282/22)

    (2022/C 326/07)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Naczelny Sąd Administracyjny

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej

    Cosantóir: P. w W.

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    An ionann soláthar casta d’úsáideoirí feithiclí leictreacha ag pointí athluchtaithe lena gcuimsítear:

    (a)

    gléasanna athluchtaithe a sholáthar (lena n-áirítear an luchtóir a chomhtháthú le córas oibriúcháin na feithicle),

    (b)

    leictreachas a sholáthar, laistigh de pharaiméadair arna gcoigeartú mar is cuí, do cheallraí na feithicle leictrí,

    (c)

    an tacaíocht theicniúil de réir mar is gá d’úsáideoirí feithiclí, agus

    (d)

    ardán, suíomh gréasáin nó feidhmchlár ar leith a sholáthar trína bhféadfadh úsáideoirí nascóir áirithe a chur in áirithe agus breathnú ar stair a n-íocaíochta agus a n-idirbhearta, agus an rogha “ríomhthiacóg” a úsáid chun an t-iarmhéid atá dlite as seisiúin athluchtaithe aonair a íoc

    agus soláthar earraí de réir bhrí Airteagal 14(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (1) nó soláthar seirbhísí de réir bhrí Airteagal 24(1) de?


    (1)  IO 2006 L 347, lch. 1.


    Top