This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0097
Case C-97/22: Request for a preliminary ruling from the Landgericht Essen (Germany) lodged on 10 February 2022 — DC v HJ
Cás C-97/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Essen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – DC v HJ
Cás C-97/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Essen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – DC v HJ
IO C 165, 19.4.2022, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 165, 19.4.2022, p. 28–28
(GA)
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 165/28 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Essen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – DC v HJ
(Cás C-97/22)
(2022/C 165/42)
Teanga an chais: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Essen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DC
Cosantóir: HJ
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 14(5) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a léirmhíniú sa chaoi is go n-eisiatar, i gcás nach dtarraingíonn an custaiméir a dhearbhú intinne siar maidir le conradh tógála a chur i gcrích lasmuigh d’áitreabh gnó ach go dtí tar éis don chonraitheoir a sheirbhísí a chur ar fáil (ina n-iomláine), aon éileamh de chuid an chonraitheora ar chúiteamh nó maidir le cailleadh luacha nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le hiarratas ar chúiteamh le haghaidh cailleadh luacha faoi na forálacha i ndáil leis na hiarmhairtí dlí a bhaineann le tarraingt siar, cé go bhfuil gnóthachan caipitiúil faighte ag an gcustaiméir mar thoradh ar sheirbhísí tógála an chonraitheora, eadhon, go ndearnadh é a shaibhriú?