This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0670
CaseC-670/22, M.N. (EncroChat): Judgment of the Court (Grand Chamber) of 30 April 2024 (request for a preliminary ruling from the Landgericht Berlin – Germany) – Criminal proceedings against M.N. (Reference for a preliminary ruling – Judicial cooperation in criminal matters – Directive 2014/41/EU – European Investigation Order (EIO) in criminal matters – Obtaining of evidence already in the possession of the competent authorities of the executing State – Conditions for issuing an EIO – Encrypted telecommunications service – EncroChat – Need for the decision of a judge – Use of evidence obtained in breach of EU law)
Cás C-670/22, M.N. (EncroChat): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 30 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin – an Ghearmáin) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.N. (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2014/41/AE – Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla – Fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin – Coinníollacha eisiúna – Seirbhís teileachumarsáide criptithe – EncroChat – Gá le cinneadh ón gcúirt – Úsáid fianaise a fuarthas de shárú ar dhlí an Aontais)
Cás C-670/22, M.N. (EncroChat): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 30 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin – an Ghearmáin) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.N. (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2014/41/AE – Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla – Fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin – Coinníollacha eisiúna – Seirbhís teileachumarsáide criptithe – EncroChat – Gá le cinneadh ón gcúirt – Úsáid fianaise a fuarthas de shárú ar dhlí an Aontais)
IO C, C/2024/3723, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3723/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3723 |
24.6.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 30 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin – an Ghearmáin) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.N.
(Cás C-670/22 (1) , M.N. (EncroChat))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir 2014/41/AE - Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla - Fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin - Coinníollacha eisiúna - Seirbhís teileachumarsáide criptithe - EncroChat - Gá le cinneadh ón gcúirt - Úsáid fianaise a fuarthas de shárú ar dhlí an Aontais)
(C/2024/3723)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis.
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Berlin
Páirtithe sna príomhimeachtaí
M.N.
Ábhar
1. |
Maidir le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 2(c) de Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní gá Ordú Imscrúdaithe Eorpach a ghlacadh atá dírithe ar fhianaise a tharchur atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin nuair is ceart, faoi dhlí an Stáit eisiúna, i nós imeachta atá inmheánach sa Stát sin amháin, gurbh éigean do bhreitheamh bailiú tosaigh na fianaise sin a ordú, ach go bhfuil dlínse ag ionchúisitheoir inniúil chun tarchur na fianaise sin a ordú. |
2. |
Maidir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/41
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc ar ionchúisitheoir Ordú Imscrúdaithe Eorpach a eisiúint a bhfuil d’aidhm aige fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin a tharchur, nuair a bheidh an fhianaise sin faighte tar éis idircheapadh ag na húdaráis sin, i gcríoch an Stáit eisiúna, teileachumarsáid a dhéanamh do gach úsáideoir fón póca lena gceadaítear, trí bhíthin bogearraí speisialta agus le crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann, ar choinníoll go n-urramaíonn cinneadh den sórt sin na coinníollacha uile dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, le dlí an Stáit eisiúna chun fianaise den sórt sin a tharchur i gcás atá inmheánach sa Stát sin amháin. |
3. |
Maidir le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: is ionann beart atá nasctha le hinsíothlú gléasanna teirminéil, atá ceaptha chun sonraí tráchta, suímh agus cumarsáide a asbhaint ó sheirbhís cumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon, agus ‘idircheapadh teileachumarsáide’, de réir bhrí an Airteagail sin, nach mór fógra a thabhairt don údarás arna ainmniú chun na críche sin ag an mBallstát ar ar a chríoch atá sprioc an idircheaptha suite. I gcás nach bhfuil Ballstát an idircheaptha in ann údarás inniúil an Bhallstáit dá dtugtar fógra dó a shainaithint, féadfar an fógra sin a sheoladh chuig aon údarás de chuid an Bhallstáit dá dtugtar fógra dó a mheasann Ballstát an idircheaptha a bheith iomchuí chun na críche sin. |
4. |
Maidir le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tá sé mar aidhm aige freisin cearta na n-úsáideoirí lena mbaineann beart ‘idircheaptha teileachumarsáide’ a chosaint, de réir bhrí an Airteagal sin. |
5. |
Maidir le hAirteagal 14(7) de Threoir 2014/41
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ceanglaítear ar an gcúirt choiriúil náisiúnta, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne duine a bhfuiltear in amhras go bhfuil gníomhartha coiriúla déanta aige, neamhaird a dhéanamh ar fhaisnéis agus fianaise mura bhfuil an duine sin in ann trácht a dhéanamh go héifeachtach ar an bhfaisnéis sin agus ar an bhfianaise seo agus gur dócha go mbeidh tionchar trom acu sin ar na cinntí fíorais. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3723/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)