Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0701

    Cás T-701/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Allessa v EUIPO – Dumerth (CASSELLAPARK) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh CASSELLAPARK – Dearbhfhorais le diúltú – Sainiúlacht – Easpa éagsúlachta – Easpa mhairc de siocair aige leis an bpobal a chur ar strae – Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94 de Rialachán 2017/1001)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 55–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/55


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Allessa v EUIPO – Dumerth (CASSELLAPARK)

    (Cás T-701/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh CASSELLAPARK - Dearbhfhorais le diúltú - Sainiúlacht - Easpa éagsúlachta - Easpa mhairc de siocair aige leis an bpobal a chur ar strae - Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 94 de Rialachán 2017/1001)

    (2023/C 35/65)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Allessa GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: S. Fröhlich, M. Hartmann agus H. Lerchl, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Carim Dumerth (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Wieland agus C. Corbet, Dlíodóirí)

    Ábhar:

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Lúnasa 2021 (Cás R 1043/2020-5) ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Allessa GmbH na costais a íoc.


    (1)  IO C 2, 3.1.2022.


    Top