Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0234

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Márta 5.
    Défense Active des Amateurs d’Armes ASBL e.a. v Conseil des ministres.
    Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Treoir 91/477/CEE – Fáil agus seilbh arm a rialú – Airm thine atá toirmiscthe nó atá faoi réir údarú – Airm thine leath-uathoibríoch – Treoir 91/477 arna leasú le Treoir (AE) 2017/853 – Airteagal 7(4a) – Rogha ag na Ballstáit údaruithe a dhaingniú, a athnuachan nó a shíneadh – Neamhfhéidearthacht amhrasta an rogha sin a fheidhmiú a mhéid a bhaineann le hairm thine leath-uathoibríoch atá tiontaithe chun urchair chaocha nó airm chúirtéise nó acústacha a scaoileadh – Bailíocht – Airteagal 17(1) agus Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal na cosanta ionchais dlisteanacha.
    Cás C-234/21.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:200

    Eagrán sealadach

    BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    5 Márta 2024 (*)

    (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Treoir 91/477/CEE – Fáil agus seilbh arm a rialú – Airm thine atá toirmiscthe nó atá faoi réir údarú – Airm thine leath-uathoibríoch – Treoir 91/477 arna leasú le Treoir (AE) 2017/853 – Airteagal 7(4a) – Rogha ag na Ballstáit údaruithe a dhaingniú, a athnuachan nó a shíneadh – Neamhfhéidearthacht amhrasta an rogha sin a fheidhmiú a mhéid a bhaineann le hairm thine leath-uathoibríoch atá tiontaithe chun urchair chaocha nó airm chúirtéise nó acústacha a scaoileadh – Bailíocht – Airteagal 17(1) agus Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal na cosanta ionchais dlisteanacha)

    I gCás C‑234/21,

    Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón gCúirt Bhunreachtúil (an Bheilg), trí bhreithiúnas an 25 Márta 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Aibreán 2021, sna himeachtaí


    Défense Active des Amateurs d’Armes ASBL,

    NG,

    WL

    v

    Conseil des ministres,

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev (Rapóirtéir), K. Jürimäe, C. Lycourgos, T. von Danwitz, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, A. Kumin, I. Ziemele, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: Campos Sánchez-Bordona,

    Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir, ansin I. Illéssy, Riarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 19 Meán Fómhair 2022,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    –        Défense Active des Amateurs d’Armes ASBL, NG agus WL, ag F. Judo, advocaat,

    –        Rialtas na Beilge, ag C. Pochet agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó S. Ronse agus G. Vyncke, advocaten,

    –        Parlaimint na hEorpa, ag J. Étienne, M. Menegatti agus R. van de Westelaken, i gcáil Gníomhairí,

    –        Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag J. Lotarski, K. Pleśniak agus L. Vétillard, i gcáil Gníomhairí,

    –        an Coimisiún Eorpach, ag R. Tricot agus C. Valero, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 24 Samhain 2022,

    ag féachaint don ordú an 28 Feabhra 2023 go ndéanfaidh an nós imeachta ó bhéal a athoscailt agus i dtaca le héisteacht an 8 Bealtaine 2023,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    –        Rialtas na Beilge, ag C. Pochet, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó S. Ronse agus G. Vyncke, advocaten,

    –        Parlaimint na hEorpa, ag M. Menegatti agus R. van de Westelaken, i gcáil Gníomhairí,

    –        Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag K. Pleśniak agus L. Vétillard, i gcáil Gníomhairí,

    –        an Coimisiún Eorpach, ag R. Tricot agus C. Valero, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 7 Meán Fómhair 2023,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le bailíocht Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO 1991 L 256, lch. 51), arna leasú le Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 (IO 2017 L 137, lch. 22).

    2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Défense Active des Amateurs d’Armes ASBL, NG agus WL (‘DAAA agus páirtithe eile’) i gcoinne an Conseil des ministres (Comhairle na nAirí, an Bheilg), maidir le, go háirithe, bailíocht forála dlí de chuid na Beilge nach dtugann an deis, mar bheart idirthréimhseach, leanúint ag sealbhú airm thine leath-uathoibríocha atá tiontaithe chun urchair chaocha a scaoileadh nó a úsáid mar airm chúirtéise nó acústacha agus a fuarthas go dleathach agus a cláraíodh roimh an 13 Meitheamh 2017, ach a thugann an deis sin nuair nár tiontaíodh na hairm thine leath-uathoibríocha sin.

     An dlí lena mbaineann

     Dlí an Aontais Eorpaigh

    3        De réir aithris 5 de Threoir 91/477:

    ‘de bhrí go bhfuil an riail seo ina chúis le muinín fhrithpháirteach níos mó idir na Ballstáit i limistéir choimirciú shlandáil na ndaoine a mhéid a bhfuil sé fréamhaithe i reachtaíocht chomhchuibhithe go páirteach; go bhfuil sé úsáideach, chuige sin, catagóirí arm tine a chinneadh ar cheart a bhfáil agus a sealbhú ag daoine príobháideacha a thoirmeasc nó ar cheart a bheith faoi réir údaraithe nó dearbhaithe’.

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4        Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht in Airteagal 1(1) de Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 21 Bealtaine 2008 (IO 2008 L 179, lch. 5):

    ‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “arm tine” aon arm iniompartha a bhfuil bairille air agus a dhíchuireann urchair, piléar nó diúracán trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite nó atá ceaptha chun iad a dhíchur, nó a d’fhéadfaí a thiontú chun iad a dhíchur, ach amháin má tá sé eisiata ón sainmhíniú sin ar cheann amháin de na cúiseanna a liostaítear i gCuid III d’Iarscríbhinn I. Déantar airm thine a aicmiú i gCuid II d’Iarscríbhinn I.

    Chun críocha na Treorach seo, measfar go bhféadfaí réad a thiontú chun urchair, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite más fíor an méid seo a leanas ina leith:

    –        tá cuma airm tine air; agus

    –        is féidir, de bharr a dhéanaimh nó de bharr an ábhair as a bhfuil sé déanta, é a thiontú amhlaidh;’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5        Luaitear i gCuid II d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51, go háirithe faoi ‘Chatagóir B — Airm thine faoi réir údarú’:

    ‘1.      Airm thine ghearra athchaite.

    [...]

    4.      airm thine fhada leath-uathoibríocha ar féidir a bpiléarlann agus a gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil;

    5.      airm thine fhada leath-uathoibríocha nach féidir a bpiléarlann ná a gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil, i gcás go mbeidh an gléas lódála inbhainte nó i gcás nach mbeifear cinnte nach féidir an t‑arm sin a thiontú, le gnáthuirlisí, ina arm ar féidir a bpiléarlann agus a gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil.

    6.      airm thine fhada athchaite agus airm thine fhada leath-uathoibríocha le bairillí mínchró nach faide ná 60 cm.

    7.      airm thine leath-uathoibríocha, le húsáid ag sibhialtaigh, atá cosúil le hairm thine ag a bhfuil meicníochtaí uathoibríocha.

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6        Foráiltear le Cuid III d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51:

    ‘Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní áireofar réada nach gcomhfhreagraíonn don sainmhíniú ar “arm tine” sa sainmhíniú sin más:

    a)       airm thine a rinneadh neamhoiriúnach d’úsáid go buan trí dhíghníomhachtú, á áirithiú go ndéanfar comhpháirteanna bunriachtanacha uile an airm tine atá i gceist do-úsáidte go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t‑arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith;

    [...]’.

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    7        In Airteagal 1(1) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, i bpointí 1 agus 3 go 5, tá na sainmhínithe seo a leanas:

    ‘1.       ciallaíonn “arm tine” aon arm iniompartha a bhfuil bairille air agus a dhíchuireann urchair, piléar nó diúracán trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite nó atá ceaptha chun iad a dhíchur, nó a d’fhéadfaí a thiontú chun iad a dhíchur, ach amháin má tá sé eisiata ón sainmhíniú sin ar cheann amháin de na cúiseanna a liostaítear i gCuid III d’Iarscríbhinn I. Déantar airm thine a aicmiú i gCuid II d’Iarscríbhinn I.

    Measfar go bhféadfar réad a thiontú chun urchair, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite más fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (a) tá cuma airm tine air; agus

    (b) is féidir, de bharr a dhéanaimh nó de bharr an ábhair as a bhfuil sé déanta, é a thiontú amhlaidh;

    [...]

    3.      ciallaíonn “armlón” an t‑urchar iomlán nó na comhpháirteanna de, lena n‑áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, a úsáidtear in arm tine, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údarú sa Bhallstát lena mbaineann;

    4.      ciallaíonn “airm rabhaidh agus chomhartha” gléasanna le coinneálaí cartús nach bhfuil deartha ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthacha phiriteicniúla, agus an méid sin amháin, a scaoileadh, agus nach féidir iad a thiontú chun urchair, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite;

    5.      ciallaíonn “airm chúirtéise agus acústacha” airm thine atá tiontaithe go sonrach lena n‑úsáid chun urchair chaocha a scaoileadh, agus an méid sin amháin, lena n‑úsáid i gcásanna amhail léirithe amharclainne, seisiúin ghrianghrafadóireachta, taifeadtaí teilifíse agus scannánaíochta, athléirithe stairiúla, paráidí, imeachtaí agus traenáil spóirt’.

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    8        Sonraítear in Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853:

    ‘Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh údaruithe maidir le hairm thine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6, 7 nó 8 de chatagóir A a dhaingniú, a athnuachan nó a shíneadh i leith arm tine a bhí aicmithe i gcatagóir B, agus arna fháil agus arna chlárú go dleathach, roimh an 13 Meitheamh 2017, faoi réir na gcoinníollacha eile a leagtar síos sa Treoir seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a lamháil go bhfaighidh daoine eile a bheidh údaraithe ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir seo, airm thine den sórt sin [...]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    9        Luaitear i gCuid II d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, go háirithe faoi ‘Chatagóir A — Airm thine thoirmiscthe’:

    ‘1.      Diúracáin agus lainseálaithe míleata pléascacha.

    2.      Airm thine uathoibríocha;

    3.      Airm thine á gceilt mar nithe eile;

    4.      Armlón a bhfuil diúracáin threáiteacha, phléascacha nó loiscneacha ann, agus na diúracáin don armlón sin;

    5.      Armlón piostail agus gunnáin a bhfuil diúracáin mhéadaitheacha ag gabháil leis agus na diúracáin don armlón sin, seachas i gcás airm le haghaidh fiach nó lámhach targaidí, i gcomhair daoine atá i dteideal iad a úsáid;

    6.      Airm thine uathoibríocha atá tiontaithe ina n‑airm thine leath-uathoibríocha gan dochar d’Airteagal 7(4a);

    7.      Aon cheann de na hairm thine leath-uathoibríocha lárlámhaigh seo a leanas:

    (a)      airm thine ghearra a lamhálann níos mó ná 21 urchar a scaoileadh gan athlódáil, más fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (i) tá gléas lódála ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 20 urchar mar chuid den arm tine sin; nó

    (ii) cuirtear gléas lódála inbhainte ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 20 urchar aige isteach ann;

    (b) airm thine fhada a lamhálann níos mó ná 11 urchar a scaoileadh gan athlódáil, más fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (i) tá gléas lódála ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 10 urchar mar chuid den arm tine sin; nó

    (ii) cuirtear gléas lódála inbhainte ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 10 urchar aige isteach ann.

    8.      Airm thine leath-uathoibríocha fhada, is é sin le rá airm thine a bheartaítear i dtosach a scaoileadh ón ngualainn, is féidir a laghdú go fad is lú ná 60 cm gan feidhmíocht a chailleadh trí stoc infhillte nó stoc teileascópála nó stoc is féidir a thabhairt chun siúil gan uirlisí a úsáid;

    9.      Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    10      Leagtar amach in aithrisí 20 agus 31 de Threoir 2017/853:

    ‘(20)      Is ard an riosca é go ndéanfar airm acústacha agus cineálacha eile arm lámhaigh caocha a thiontú ina bhfíorairm tine. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n‑arm tine tiontaithe sin a bheith á n‑úsáid i ndéanamh cionta coiriúla, go háirithe trína n‑áireamh laistigh de raon feidhme Threoir [91/477]. Anuas air sin, chun go seachnófar an riosca go mbeidh airm rabhaidh agus chomhartha á monarú ar shlí a chumasaíonn iad a thiontú chun go bhféadfar urchair, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú amhlaidh.

    [...]

    (31)      Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. [(‘an Chairt’)]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    11      Rinneadh Treoir 91/477 a aisghairm agus a ionadú le Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021, maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO 2021 L 115, lch. 1).

     Dlí na Beilge

    12      Le hAirteagail 151 go 163 den Dlí lena leagtar síos forálacha ilghnéitheacha in ábhair choiriúla agus reiligiúnacha, lena leasaítear dlí an 28 Bealtaine 2002, maidir le heotanáis agus an Cód coiriúil sóisialta, an 5 Bealtaine 2019 (Moniteur belge an 24 Bealtaine 2019, lch. 50023, ‘Dlí an 5 Bealtaine 2019’), leasaíodh roinnt forálacha an Dlí lena rialaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus daoine le hairm, an 8 Meitheamh 2006 (Moniteur belge, an 9 Meitheamh 2006, lch. 29840, ‘Dlí an 8 Meitheamh 2006’), agus é mar aidhm acu, go háirithe Treoir 2017/853 a thrasuí i bpáirt i ndlíchóras na Beilge.

    13      Glacadh Airteagal 153(3) de Dhlí an 5 Bealtaine 2019, agus é mar aidhm acu pointí 6 agus 8 faoi Chatagóir A i gcuid II d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/477 a thrasuí sa dlíchóras seo, trí Airteagal 3(1) de dhlí an 8 Meitheamh 2006 a leasú mar seo a leanas:

    ‘Meastar go bhfuil na hairm seo a leanas toirmiscthe:

    [...]

    19. airm thine uathoibríocha atá tiontaithe ina n‑airm thine leath-uathoibríocha

    20. airm thine leath-uathoibríocha fhada is féidir a laghdú go fad is lú ná 60 cm gan feidhmíocht a chailleadh trí stoc infhillte nó stoc teileascópála nó stoc is féidir a thabhairt chun siúil gan uirlisí a úsáid’.

    14      Leasaigh Airteagal 153(5) de Dhlí an 5 Bealtaine 2019 Airteagal 3 sin trí mhír 4 a thabhairt isteach, lena sonraítear:

    ‘Tá airm thine a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha nó airm chúirtéise nó greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, agus airm thine nár tiontaíodh chun é sin a bhaint amach, nach bhfuil d’fheidhm leis ach amháin a cartúis agus substaintí dá bhfuil réamhráite a urchair, fós ann sa chatagóir inar dáileadh iad ar bhonn Airteagail 1 agus 3.’

    15      Leasaigh an dlí sin dlí an 8 Meitheamh 2006 freisin, trí phointe 26(1), a leagtar amach in Airteagal 2 de dhlí an 8 Meitheamh 2006, a thabhairt isteach trí choincheap ‘airm chúirtéise agus acústacha’ a shainmhíniú mar ‘airm thine atá tiontaithe go sonrach lena n‑úsáid chun urchair chaocha a scaoileadh, agus an méid sin amháin, lena n‑úsáid i gcásanna amhail léirithe amharclainne, seisiúin ghrianghrafadóireachta, taifeadtaí teilifíse agus scannánaíochta, athléirithe stairiúla, paráidí, imeachtaí agus traenáil spóirt’

    16      In Airteagal 163 de Dhlí an 5 Bealtaine 2019, bhain Rialtas na Beilge úsáid as an bhféidearthacht arna cur ar fáil le hAirteagal 7(4a) de Threoir 91/477 arna leasú le Treoir 2017/853, trína áireamh i ndlí an 8 Meitheamh 2006 Airteagal 45/2, lena bhforáiltear:

    ‘Is féidir le duine a fuair agus a chláraigh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017 arm dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(19) agus (20), faoi údarú nó faoi chlárú ar bhonn ceadúnas sealgaireachta, teastas garda slandála príobháideach, nó ceadúnas lámhachóir, nó faoi chlárú sa chlárlann duine údaraithe, leanúint an t-arm sin a shealbhú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais dhlíthiúla maidir le seilbh airm. Ní féidir an t-arm sin a dhíol ach amháin go lámhachóirí [...] agus déileálaí, bailitheoirí nó músaeim údaraithe. Is féidir an t-arm tine a neodrú [...] nó a thréigean.’

     An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

    17      Trí iarraidh an 22 Samhain 2019, thaisc DAAA agus páirtithe eile caingean le haghaidh neamhniú os comhair na cúirte bunreachtúla (an Bheilg), go háirithe maidir le hAirteagal 153(5) de Dhlí an 5 Bealtaine 2019. Dar leo, sáraítear leis an bhforáil sin, inter alia, roinnt forálacha de Bhunreacht na Beilge, Airteagal 49 den Chairt agus
    prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, lena bhforáiltear, go bunúsach, go bhfuil na hairm thine arna gceannach go héasca sa Bheilg go dtí an 2 Meitheamh 2019, i.e. airm thine leath-uathoibríoch atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, agus na hairm thine nár tiontaíodh chun é sin a bhaint amach, nach bhfuil d’fheidhm leis ach amháin a cartúis agus substaintí dá bhfuil réamhráite a urchair, ón dáta sin, faoi réir údarú nó toirmiscthe, gan foráil idirthréimhseach a dhéanamh do na daoine a fuair agus a chláraigh a n’airm thine go dleathach roimh an dáta sin. Amhail ón dáta céanna, féadfaidh na daoine seo a bheith faoi réir imeachtaí coiriúla as seilbh na n-arm sin, nuair nach mbíonn an deis acu ullmhú d’Airteagal 153(5) a chomhlíonadh.

    18      Ina theannta sin, dar le DAAA agus páirtithe eile, déanann Airteagal 153(5) idirdhealú idir an tslí a chaitear le sealbhóirí arm tine tiontaithe agus arm tine eile a thagann chun bheith ina n-airm thoirmiscthe tar éis do Dhlí an 5 Bealtaine 2019 teacht i bhfeidhm, ach a thagann faoi raon feidhme an tsocraithe idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 163 den Dlí sin. Ní bheadh an t-idirdhealú ábhartha i bhfianaise cuspóir deimhneachta dlíthiúla a chothú, nó údar réasúnach leis, toisc nach mbeadh an deis ag sealbhóirí arm tine tiontaithe na rialacha nua a chomhlíonadh imeachtaí coiriúla féideartha a sheachaint.

    19      Ina theannta sin, measann DAAA agus páirtithe eile go gcruthaíonn an fhoráil sin díshealbhú de facto, ós rud é go bhfuil sé d’éifeacht aici nach féidir le seilbheoirí dleathach arm tine a sheilbh a tuilleadh go tobann. Ós rud é nach ngabhann réamh-cúiteamh iomlán leis an sárú ar an gceart maoine sin, sháródh an fhoráil sin an dlí.

    20      Tá sé tugtha le fios ag an gCúirt Bhunreachtúil nach ndéantar foráil le hAirteagal 153(5) de Dhlí an 5 Bealtaine 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 163 den Dlí sin, maidir le socrú idirthréimhseach chun tairbhe na ndaoine a fuair agus a chláraigh arm tine a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha a scaoileadh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017. Ní rialófaí leis an dlí sin ach an oiread an chaoi a gcomhlíonann daoine a fuair agus a chláraigh arm tine mar sin go dleathach roimh an dáta stádas nua na n-arm a eascraíonn as an ndlí céanna sin, i.e. arm toirmiscthe, nó arm faoi réir údarú. I gcás go ndéanfar dianú ar an gcóras atá ann cheana, ba cheart dó a áirithiú go mbíonn an deis ag daoine a bhfuil arm den sórt sin faighte acu go dleathach faoin seanchóras cloí leis na rialacháin nua.

    21      Maidir leis sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, roimh theacht i bhfeidhm Airteagail 153(5) de Dhlí an 5 Bealtaine 2019, bhí airm thine atá tiontaithe lena n‑úsáid chun urchair chaocha a scaoileadh ar fáil thar an gcuntar, gan beann ar an gcatagóir faoina dtagann siad in éagmais an tiontaithe sin. Tar éis theacht i bhfeidhm na forála seo, maidir le daoine a fuair agus a chláraigh a n‑arm tine go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017 a thagann, in éagmais an tiontaithe sin, faoin gcatagóir d’airm thoirmiscthe, fuarthas amach go tobann go raibh siad i seilbh arm toirmiscthe, nach féidir leo a choimeád nó a dhiúscairt.

    22      Ar an gcaoi chéanna, tar éis don fhoráil sin teacht i bhfeidhm, go tobann bhí arm tine ina seilbh ag daoine nach raibh an t‑údarú riachtanach acu d’arm tine atá tiontaithe chun a úsáid ach amhán chun urchair chaocha a scaoladh agus a raibh, roimh an 13 Meitheamh 2017, tar éis arm tine den sórt sin a fháil agus a chlárú, dá uireasa sin, a bhí gan an tiontú sin, a tháinig faoi chatagóir na n‑arm atá faoi réir údarú, nach bhféadfadh siad a shealbhú faoi Airteagal 11(1) de Dhlí an 8 Meitheamh 2006. Ós rud é go gceanglaítear leis an bhforáil dheireanach sin údarú den sórt sin a fháil ‘roimh seo’ chun an t‑arm i dtrácht a fháil, ní bheadh deis ar bith ag na daoine lena mbaineann a gcás a thabhairt chun rialtachta.

    23      Measann an Chúirt Bhunreachtúil go suitear in Airteagal 153(5) de Dhlí an 5 Bealtaine 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 163 den Dlí sin, difríocht sa chóireáil idir, ar thaobh amháin, daoine a raibh, roimh an 13 Meitheamh 2017, tar éis arm tine leath-uathoibríoch, a fháil agus a chlárú go dleathach de réir bhrí Airteagal 3(1), (19) agus (20) de Dhlí an 8 Meitheamh 2006 agus, ar an taobh eile, iad siúd a bhí, roimh an dáta sin, tar éis a fháil agus a chlárú go dleathach arm tine atá tiontaithe chun urchair chaocha a scaoileadh agus chuige sin amháin de réir bhrí Airteagal 3(4) de Dhlí an 8 Meitheamh 2006. Cé go mbeadh a n‑arm tine faighte agus cláraithe go dleathach ag an dá chatagóir seo nuair nach raibh a fhios acu fós go n‑athrófaí an stádas, ní bhaineann ach daoine sa chéad chatagóir leas as socrú idirthréimhseach a cheadaíonn dóibh leanúint dá n‑arm tine leath-uathoibríoch, atá toirmiscthe faoi láthair, a shealbhú ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla eile maidir le hairm a shealbhú.

    24      De réir na cúirte a rinne an tarchur, is as Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, a eascraíonn an difríocht sin sa chóireáil, lena gceadaítear do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha ar mhaithe le daoine a fuair go dleathach agus cláraithe, roimh an 13 Meitheamh 2017, arm tine leath-uathoibríoch de réir bhrí phointí 6 go 8 de ‘Chatagóir A – Airm thine thoirmiscthe’, atá liostaithe in Iarscríbhinn I, Cuid II, A, a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853 (‘catagóirí A.6 go A.8’), cé nach gceadódh aon ní i dTreoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, socrú idirthréimhseach chun sochair daoine a fuair agus a chláraigh go dleathach, roimh an dáta sin, airm tine atá tiontaithe go sonrach lena n-úsáid chun urchair chaocha a scaoileadh, agus an méid sin amháin.

    25      Dá réir sin, tagann an cheist an bhfuil Airteagal 7(4a) ag luí le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagail 20 agus 21 den Chairt agus le prionsabal cosanta an ionchais dhlisteanaigh, sa mhéid nach n‑údaraíonn sé do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha do na hairm thine dá dtagraítear i bpointe 9 de ‘Chatagóir A – Airm thine thoirmiscthe’ in Iarscríbhinn I, Cuid II, A, a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853 (‘catagóir A.9’), a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017, ach údaraíonn sé dóibh socrú a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach d’arm tine i gcatagóirí A.6 go A.8 a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an dáta sin.

    26      Sna himthosca seo, chinn an Chúirt Bhunreachtúil bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

    ‘An sáraítear le hAirteagal 7(4a) de Threoir [91/477, arna leasú le Treoir 2017/853], arna léamh i gcomhar le [pointí 6 go 9 de “C[h]atagóir A – Airm thine toirmiscthe’, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid II, A, a ghabhann leis an Treoir sin] [Airteagal] 17(1), [agus Airteagail] 20 agus 21 den [Chairt] agus prionsabail an ionchais dlisteanaigh sa mhéid nach n‑údaraíonn sé do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach do na hairm thine dá dtagraítear i (gcatagóir A.9) a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017, ach údaraíonn sé dóibh foráil a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach do na hairm thine dá dtagraítear i [gcatagóirí A.6 go A.8] a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017?’

     Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

    27      Tugann an Coimisiún le fios, ar an gcéad dul síos, nach n‑údaraíonn Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, ach amháin do na Ballstáit údaruithe atá ann cheana a dhaingniú, a athnuachan nó a leathnú agus, ar an dara dul síos, is léir ón tarchur le haghaidh réamhrialú is léir ón tagairt do réamhrialú nach raibh, sa Bheilg, airm thine leath-uathoibríocha atá tiontaithe ina n‑arm chun urchair chaocha a scaoileadh, roimh thrasuí Threoir 2017/853 i ndlí na Beilge, faoi réir údarú, ach go raibh siad ar fáil lena ndíol go furasta.

    28      Sna himthosca sin, fiú ag glacadh leis go ndearna Airteagal 7(4a) tagairt freisin d’airm thine i gcatagóir A.9, ní bheadh Ríocht na Beilge in ann an rogha a thairgeann an fhoráil sin maidir leis na hairm thine sin a fheidhmiú. Dá bhrí sin ní bheadh aon éifeacht ag freagra na ceiste a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú ar chás na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí, mar a thuairiscítear san ordú tarchuir, rud a fhágann go bhfuil an cheist sin hipitéiseach.

    29      I dtaca leis sin, ag féachaint don toimhde ábharthachta atá ag ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais, ní mór a thabhairt le tuiscint, i gcás, mar atá sa chás seo, nach léir nach bhfuil baint ar bith ag léiriú nó ag measúnú bailíochta forála de dhlí an Aontais le fíorais ná le hábhar na bpríomhimeachtaí, ní bhaineann an agóid atá bunaithe ar neamh-infheidhmeacht na forála sin maidir leis na príomhimeachtaí inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, ach baineann sí le substaint na ceiste a tarchuireadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023 in BMW Bank agus páirtithe eile, C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, EU:C:2023:1014, mír 114 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    30      Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

     An cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

    31      Lena ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, arna léamh i gcomhar le pointí 6 go 9 de ‘Chatagóir A – Airm thine thoirmiscthe’, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid II, A, a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, bailí i bhfianaise Airteagal 17(1), agus Airteagail 20 agus 21 den Chairt agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh.

    32      Mar is léir ó na míniúcháin a thug an chúirt sin agus ó fhoclaíocht na ceiste sin, tá an dara ceann bunaithe ar an mbonn go n‑údaraíonn Airteagal 7(4a) do Bhallstáit socrú a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach arm tine i gcatagóirí A.6 go dtí A.8 a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017, ach ní údaraíonn sé dóibh amhlaidh a dhéanamh maidir le hairm thine i gcatagóir A.9.

    33      Sna himthosca sin, ní mór a fhionnadh ón tús an bhfuil Airteagal 7(4a) le léirmhíniú mar ní a údaraíonn do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha d’airm thine i gcatagóir A.9 a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017.

    34      Chun a chinneadh an amhlaidh atá, is gá, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, an fhoráil sin a léiriú, ag cur san áireamh ní hamháin a téarmaí ach freisin an comhthéacs ina n‑oibríonn sí agus na cuspóirí arna saothrú ag an reachtaíocht ar cuid di é (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, C‑14/21 agus C‑15/21 Sea Watch, EU:C:2022:604, mír 115 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    35      Ina theannta sin, de réir prionsabal ginearálta léirmhínithe, ní mór gníomh de chuid an Aontais a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach nach gcuireann aon amhras faoi a bhailíocht agus nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí príomhúil uile an Aontais agus, go háirithe, le forálacha na Cairte. Mar sin, i gcás inar féidir níos mó ná léiriú amháin a dhéanamh ar fhoráil de dhlí tánaisteach an Aontais, ba cheart tosaíocht a thabhairt don léiriú a thugann an fhoráil sin i gcomhréir le dlí príomhúil an Aontais seachas don léiriú as a dtagann cinneadh nach bhfuil sé ag luí le dlí príomhúil an Aontais (breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C‑817/19, EU:C:2022:491, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    36      Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, ba cheart a mheabhrú go gceadaíonn an fhoráil sin do na Ballstáit, inter alia, ‘cinneadh a dhéanamh údaruithe maidir le hairm thine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6, 7 nó 8 de chatagóir A a dhaingniú, a athnuachan nó a shíneadh i leith arm tine a bhí aicmithe i gcatagóir B, agus arna fháil agus arna chlárú go dleathach, roimh an 13 Meitheamh 2017, faoi réir na gcoinníollacha eile a leagtar síos sa Treoir seo’.

    37      Leanann sé ón bhfoclaíocht sin nach bhfuil feidhm ag an rogha a thairgtear do na Ballstáit leis an bhforáil sin, eadhon an rogha maidir le daingniú, athnuachan nó síneadh a chur le húdaruithe, ach amháin maidir le hairm thine leath-uathoibríocha i gcatagóirí A.6 go A.8 a bhí, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853, aicmithe i ‘gCatagóir B - Airm thine faoi réir údarú’ in Iarscríbhinn I, Cuid II, A, a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51 (‘Catagóir B’), agus a fuarthas agus cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017. Ina theannta sin, is léir ón bhfoclaíocht nach ndeonaítear an rogha seo ach amháin faoi réir na gcoinníollacha eile a leagtar síos i dTreoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, a chomhlíonadh.

    38      Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, is léir ón ordú tarchuir go mbaineann an ghné de na príomhimeachtaí lena mbaineann an cheist le hairm thine leath-uathoibríocha a thagann faoi chatagóir A.9 agus a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017.

    39      Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil difríocht idir tuairimí na bpáirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh airm thine leath-uathoibríocha atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853, aicmithe i gcatagóir B. Ag tagairt go háirithe do léirmhínithe éagsúla na mBallstát ar Threoir 91/477, áitíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh, sular cuireadh catagóir A.9 le Treoir 2017/853, nach raibh sé soiléir cé acu ar thit nó nár thit na hairm thine sin faoi raon feidhme chatagóir B.

    40      Ar an taobh eile, agus ar deireadh, d’áitigh na rannpháirtithe go léir san éisteacht an 8 Bealtaine 2023 go bhféadfadh airm thine i gcatagóir A.9 a chomhlíonann na critéir don chatagóir sin agus iad siúd do cheann de chatagóirí A.6 go A.8 titim freisin isteach sna catagóirí deiridh sin.

    41      Sna himthosca sin, ar an dara dul síos, chun comhthéacs Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, a chur san áireamh, is gá a fháil amach an raibh na hairm thine lena mbaineann, ar thaobh amháin de, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853, aicmithe i gcatagóir B agus, ar an taobh eile, más féidir go dtagann siad faoi chatagóir A.9 agus faoi cheann de chatagóirí A.6 go A.8 araon.

    42      Ar an gcéad dul síos, maidir le cibé an raibh na hairm thine lena mbaineann, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853, aicmithe i gcatagóir B, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a dúirt an tAbhcóide Ginearálta, go substaintiúil, i míreanna 52 go 55 dá Thuairim an 24 Samhain 2022, go sásaíonn airm thine leath-uathoibríocha a thagann faoi chatagóir A.9, is é sin le rá, airm atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, d’ainneoin iad a thiontú, na critéir lena sainítear an coincheap ‘arm tine’ a leagtar síos in Airteagal 1(1)(1) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, agus san Airteagal sin 1(1) sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853.

    43      Is léir ó fhoclaíocht gach ceann de na forálacha seo, faoi réir eisceachtaí áirithe, go n‑áirítear in arm tine ní hamháin aon arm bairille iniompartha atá ceaptha chun go bhféadfar urchair, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, ach freisin aon arm bairille iniompartha is féidir a thiontú chun na críche sin, á thuiscint go measfar go bhféadfar réad a thiontú amhlaidh má tá cuma airm tine air agus, de bharr a dhéanaimh nó de bharr an ábhair as a bhfuil sé déanta, go bhféadfar é a thiontú amhlaidh.

    44      I ndáil leis sin, áfach, sonraítear in aithris 20 de Threoir 2017/853 go bhfuil ard riosca ann go ndéanfar airm acústacha agus cineálacha eile arm lámhaigh caocha a thiontú ina bhfíorairm thine. Ina theannta sin, maidir le hairm thine leath-uathoibríoch a thagann, go háirithe, faoi cheann de chatagóirí A.6 go A.8, sa mhéid is gur ceapadh iad chun go bhféadfar urchair, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, atá tiontaithe ansin chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, agus dá bhrí sin go dtagann siad faoi chatagóir A.9, is léir gur féidir leo an leibhéal contúirte a bhí acu roimhe seo a fháil ar ais trí iad a thiontú arís chun go bhféadfar urchair, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite.

    45      Déantar a leithéid measúnú a dhaingniú le Cuid III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51, sa mhéid go n‑eisiann reachtóir an Aontais Eorpaigh go sainráite ón sainmhíniú ar arm tine, inter alia, réada a rinneadh mí-oiriúnach go buan lena n‑úsáid trí dhíghniomhactú, á áirithiú go ndéanfar comhpháirteanna bunriachtanacha uile an airm tine atá i gceist do-úsáidte agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí é a athghníomhachtú. Ar an taobh eile de, ní dhearna Cuid III d’Iarscríbhinn I sin, foráil maidir le haon eisiamh den chineál seo i gcás airm atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

    46      Ar ndóigh, sonraítear in aithris 20 de Threoir 2017/853 freisin go bhfuil sé bunriachtanach aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n‑arm tine tiontaithe sin trína n‑áirítear iad faoi raon feidhme Threoir 91/477. Mar sin féin, ní féidir tátal a bhaint as seo nach bhfuil na hairm thine tiontaithe sin tagtha faoi raon feidhme na Treorach seo ach ó tháinig Treoir 2017/853 i bhfeidhm. Ós rud é go gcomhlíonann na hairm sin an sainmhíniú ar airm thine a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51, ní mór a thuiscint gurb é an chiall atá leis an soiléiriú atá san aithris sin i dTreoir 2017/853, maidir leis na léirmhínithe éagsúla dá dtagraítear i mír 39 den bhreithiúnas seo, tá sé beartaithe a dheimhniú go dtagann airm thine thiontaithe faoi raon feidhme Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853.

    47      Leanann sé ó na breithnithe roimhe seo nach mór a mheas go raibh na hairm thine lena mbaineann, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853, aicmithe i gcatagóir B, a thagair, i bpointí 1 agus 4 go 7, airm thine leath-uathoibríocha.

    48      Ar an dara dul síos, maidir le cibé an féidir le hairm thine leath-uathoibríocha atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach a bheith faoi chuimsiú chatagóir A.9 agus faoi cheann de chatagóirí A.6 go A.8, ba chóir a thabhairt faoi deara, go n‑áirítear i gcatagóir A.9 ‘aon arm tine sa chatagóir seo’ a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

    49      Dá réir sin, leanann sé ó fhoclaíocht chatagóir A.9 go gcaithfidh arm tine den sórt sin, ar dtús, na critéir atá leagtha amach i bpointí 2, 3, 6, 7 nó 8 a chomhlíonadh chun go dtagann arm tine faoi ‘Chatagóir A - Airm thine thoirmiscthe’, a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid II, A, a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853 (‘catagóirí A.2, A.3, A.6, A.7 nó A.8’), agus, ar an dara dul síos, atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

    50      Mar sin is gnách go dtugann an fhoclaíocht seo le fios nach bhfuil d’éifeacht ag an bhfíoras go bhfuil a leithéid de thiontú déanta ar arm, lena gcuimsítear é i gcatagóir A.9, é a bhaint óna rangú i gcatagóirí A.2, A.3 , A.6, A.7 nó A.8. Ar an gcéad dul síos, mar a shonraítear i mír 42 den bhreithiúnas seo, comhlíonann na hairm i gcatagóir A.9 na critéir lena sainítear an coincheap ‘arm tine’ in Airteagal 1(1)(1) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853 agus ar an dara dul síos, ní dhéanann na catagóirí sin A.2, A.3, A.6, A.7 nó A.8 aon idirdhealú de réir cibé an ndearnadh nó nach ndearnadh tiontú ar na hairm thine lena mbaineann siad.

    51      Ar an tríú dul síos, maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoracha 91/477 agus 2017/853, ar an gcéad dul síos, is léir ó aithris 20 sa bhrollach a ghabhann le Treoir 2017/853 agus ó shonraí an nós imeachta reachtaigh as a n‑eascródh glacadh Threoir 2017/853 os comhair na Cúirte go raibh sé beartaithe le catagóir A.9 a chur isteach, le linn an nós imeachta reachtaigh sin, chun a shoiléiriú, i bhfianaise staid dhifriúil sna Ballstáit, gur tháinig airm thine atá tiontaithe chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, faoi raon feidhme Threoir 91/477.

    52      Ar an taobh eile, mar a chuir an Coimisiún in iúl go háirithe, ní thugann aon cheann de na heilimintí sin le fios go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais, tríd an gcomhlíonadh sin, airm thine a ndearnadh a leithéid de thiontú a bhaint de chatagóirí A.2, A.3, A.6, A.7, A.8 nó ó raon feidhme Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853. Go háirithe, ní leanann sé ó aon aithris sa bhrollach a ghabhann le Treoir 2017/853 go ndéanfaí airm a thagann faoi chatagóir A.9 a eisiamh ó na catagóirí sin nó ón raon feidhme sin.

    53      Ar an dara dul síos, ós rud é gur thug reachtóir an Aontais dá aire, in aithris 31 sa bhrollach a ghabhann le Treoir 2017/853, go n‑urramaíonn an Coimisiún na cearta bunúsacha agus go gcomhlíonann sé na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt, ní mór a mheas go bhfuil sé beartaithe d’Airteagal 7(4a) urraim a áirithiú do chearta faighte agus, go háirithe, don cheart chun maoine a ráthaítear le hAirteagal 17(1) den Chairt, sa mhéid is go gceadaíonn sé go bunúsach do Bhallstáit údaruithe a deonaíodh cheana féin a choimeád maidir le hairm thine i gcatagóirí A.6 go A.8, a bhí, roimh theacht i bhfeidhm na Treorach sin, aicmithe i gcatagóir B agus a bhí faighte agus cláraithe go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017, ionas nach gceanglaítear le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, sealbhóirí arm den sórt sin a dhíshealbhú (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 135).

    54      Ag féachaint don chuspóir sin urraim do chearta maoine faighte a ráthú, ní féidir an tAirteagal 7(4a) sin, cé go ndéantar foráil d’eisceacht ón bprionsabal toirmeasc a chur ar shealbhú arm tine a thagann faoi chatagóirí A.6 go A.8, a léiriú sa chaoi is go mbeidh an éifeacht aige airm den sórt sin a eisiamh óna raon feidhme i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir bhreise atá leagtha amach i gcatagóir A.9. D’ardódh léiriú den sórt sin, mar a léirítear san iarraidh ar réamhrialú seo, ceisteanna i dtaobh an bhfuil Airteagal 7(4a) den Chairt ag luí le hAirteagal 17 den Chairt, cé go bhfuil an fhoráil deiridh sin beartaithe go sonrach chun urraim don cheart chun maoine a áirithiú.

    55      Ar an tríú dul síos, trí Threoir 2017/853 a ghlacadh, lean reachtóir an Aontais de shaothrú, i gcomhthéacs mhéadú na rioscaí slándála, an cuspóir a fógraíodh sa chúigiú haithris sa bhrollach a ghabhann le Treoir 91/477 maidir le muinín fhrithpháirteach a fheabhsú idir na Ballstáit i réimse na slándála pearsanta a choimirciú trí chuspóir a chur ar fáil, chuige sin, do chatagóirí arm tine a bhfuil cosc ar dhaoine aonair príobháideacha iad a fháil agus a shealbhú, faoi réir údarú nó faoi réir dearbhú faoi seach, cuspóir atá beartaithe ann féin chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 54).

    56      Ina theannta sin, saothraíonn Treoir 91/477 an cuspóir maidir le slándáil phoiblí shaoránaigh an Aontais a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, míreanna 49 agus 126).

    57      Mar sin féin, ní chuireann aon cheann de na cuspóirí sin bac ar shealbhóirí arm tine a thagann faoin dá chatagóir A.6 go A.8 agus de chatagóir A.9 tairbhe a bhaint as an socrú idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853.

    58      Ar thaobh amháin, is dócha go mbainfear amach an cuspóir maidir le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh a éascú le léiriú den sórt sin.

    59      Ar an taobh eile, maidir leis an gcuspóir chun slándáil phoiblí shaoránaigh an Aontais a áirithiú, ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 72 dá chonclúidí an 24 Samhain 2022, dealraíonn sé go bhfuil baol níos lú láithreach ag baint le hairm thine a chomhlíonann critéir chatagóir A.9 ná na cinn a thagann go heisiach faoi chatagóirí A.6 go A.8, sa mhéid is go bhféadtar urchair nó teilgeáin a chur go díreach leis na hairm thine a chomhlíonann na critéir sin, cé nach ndéanann an chéad cheann díobh ach maidhm agus gáis a dhíbirt, sa chaoi go mbeidh an chéad cheann ina gcontúirt iarbhír, ach nach bhfuil i gceist leis an dara ceann ach baol féideartha, i gcás tuilleadh tiontaithe.

    60      Ansin, leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, nach bhfuil feidhm ag an rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin ach amháin maidir le hairm thine a fuarthas agus a cláraíodh go dleathach roimh an 13 Meitheamh 2017. Tugann sé sin le tuiscint go háirithe gur comhlíonadh na ceanglais, go háirithe na ceanglais a bhaineann le sábháilteacht, a leagtar síos i ndáil leis seo le Treoir 91/477, sa leagan is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2017/853.

    61      Ar deireadh, tugtar le tuiscint leis an bhfoclaíocht sin, nuair a mheasann Ballstát, de bhun na forála sin, údarú le haghaidh arm tine leath-uathoibríoch i gcatagóirí A.6 go A.8 a dhaingniú, a athnuachan nó a fhadú, na coinníollacha eile, go háirithe iad sin a bhaineann sábháilteacht, a leagtar síos i dTreoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, a shásamh.

    62      Dá bhrí sin, mar a d’áitigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ag éisteacht an 8 Bealtaine 2023, ní dealraitheach go bhféadfaí an cuspóir maidir le sábháilteacht phoiblí shaoránaigh an Aontais a chur i gcontúirt toisc go bhféadfadh sealbhóirí arm tine a thagann faoi chatagóir A.6 go A.8 agus chatagóir A.9 araon leas a bhaint as coinneáil, faoi Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, de údaruithe a deonaíodh cheana féin le haghaidh airm sna catagóirí A.6 go A.8 sin.

    63      Ar an gceathrú dul síos, níl de thoradh ar léiriú den sórt sin ar Airteagal 7(4a), atá comhsheasmhach, mar is léir ó na breithnithe roimhe seo, le foclaíocht na forála sin agus leis an gcomhthéacs ina bhfuil sé leagtha síos, agus le scéim agus le cuspóirí na reachtaíochta ar cuid di é, go mbainfí éifeacht usáideach na forála sin nó go gcuirtear aon éifeacht úsáideach leis an bhforáil sin, ag Treoir 2017/853, le catagóir A.9.

    64      Ar thaobh amháin, mar a shonraítear, inter alia, i míreanna 53 agus 54 den bhreithiúnas seo, áirithíonn an léiriú sin, os a choinne sin, éifeachtacht Airteagal 7(4a) sa mhéid is go bhféachann sé le hurraim a ráthú ar chearta faighte agus, go háirithe, an ceart chun maoine a n‑urramaítear le hAirteagal 17(1) den Chairt.

    65      Ar an láimh eile, ní dhéanann an léiriú sin difear ar dhóigh ar bith don chuspóir soiléirithe, dá dtagraítear i mír 51 den bhreithiúnas seo, a raibh sé d’aidhm ag reachtóir an Aontais a bhaint amach trí chatagóir A.9 a chur leis. Thairis sin, mar is léir ó fhoclaíocht na catagóire sin féin, clúdaíonn sé ní hamháin airm thine i gcatagóirí A.6 go A.8 atá tiontaithe lena n‑úsáid chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó earraí piriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach, ach freisin iad siúd i gcatagóirí A.2 agus A.3 a ndearnadh tiontaithe den sórt sin orthu, nach raibh clúdaithe ag an rogha a thugtar do na Ballstáit le hAirteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853.

    66      I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist, nach mór Airteagal 7(4a), de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, a léiriú sa chaoi go n‑údaraítear leis na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear léi a fheidhmiú maidir le gach arm tine leath-uathoibríoch a thagann faoi chatagóirí A.6 go A.8, lena n‑áirítear iad siúd a thagann faoi réim na gcatagóirí sin agus catagóir A.9.

    67      Leanann sé go bhfuil an bonn ar a bhfuil an cheist bunaithe, mar atá leagtha amach i mír 32 den bhreithiúnas seo, mícheart.

    68      Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh nár nochtadh le breithniú ar an gceist a tarchuireadh aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht d’Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477, arna leasú le Treoir 2017/853, i bhfianaise Airteagal 17(1), Airteagail 20 agus 21 den Chairt agus prionsabal i dtaobh an ionchais dhlisteanaigh a chosaint.

     Costais

    69      Os rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

    Níor nochtadh le breithniú ar an gceist a tarchuireadh aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 7(4a) de Threoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú, arna leasú le Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017, i bhfianaise Airteagal 17(1), Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an phrionsabail maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint.

    Sínithe


    *      Teanga an cháis: an Fhraincis.

    Top