Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0376

    Cás C-376/21: Breithiúnas na Cúirte (an t-Ochtú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Zamestnik-ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014-2020 v Obshtina Razlog (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 – Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 – Neamh-infheidhmeacht maidir le conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag Ballstáit agus arna maoiniú ag acmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – Treoir 2014/24/AE – Tagairt dhíreach agus neamhchoinníollach sa reachtaíocht náisiúnta d’fhorálacha dhlí an Aontais – Infheidhmeacht maidir le conradh a bhfuil luach measta aige atá faoi bhun na tairsí atá leagtha síos ag an Treoir – Airteagal 32(2)(a) – Rogha d’údarás conarthach gan cuireadh a thabhairt ach d’oibreoir eacnamaíoch amháin a bheith rannpháirteach i nós imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, tar éis dó a mheas nár éirigh le nós imeachta oscailte roimhe sin – Oibleagáid coinníollacha tosaigh an chonartha a choinneáil gan athruithe suntasacha a thabhairt isteach)

    IO C 303, 8.8.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 303/8


    Breithiúnas na Cúirte (an t-Ochtú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Zamestnik-ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014-2020 v Obshtina Razlog

    (Cás C-376/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 - Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 - Neamh-infheidhmeacht maidir le conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag Ballstáit agus arna maoiniú ag acmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa - Treoir 2014/24/AE - Tagairt dhíreach agus neamhchoinníollach sa reachtaíocht náisiúnta d’fhorálacha dhlí an Aontais - Infheidhmeacht maidir le conradh a bhfuil luach measta aige atá faoi bhun na tairsí atá leagtha síos ag an Treoir - Airteagal 32(2)(a) - Rogha d’údarás conarthach gan cuireadh a thabhairt ach d’oibreoir eacnamaíoch amháin a bheith rannpháirteach i nós imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, tar éis dó a mheas nár éirigh le nós imeachta oscailte roimhe sin - Oibleagáid coinníollacha tosaigh an chonartha a choinneáil gan athruithe suntasacha a thabhairt isteach)

    (2022/C 303/10)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Varhoven administrativen sad

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Zamestnik-ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014-2020

    Cosantóir: Obshtina Razlog

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór Airteagal 160(1) agus (2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus Airteagal 102(1) agus (2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015, a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil feidhm acu maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí arna n-eagrú ag údaráis chonarthacha na mBallstát, fiú i gcás ina ndéantar na conarthaí sin a mhaoiniú le hacmhainní ó na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha.

    2)

    Ní mór Airteagal 32(2)(a) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2170 ón gCoimisiún, an 24 Samhain 2015, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18(1) den Treoir sin, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2015/2170, a léirmhíniú sa chaoi is go bhféadfaidh údarás conarthach, i gcomhthéacs nós imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, dul i dteagmháil le hoibreoir eacnamaíoch amháin nuair atá an nós imeachta sin, gan modhnú suntasach, faoi na coinníollacha céanna le coinníollacha tosaigh conradh a luaitear i nós imeachta a bhí ar oscailt roimhe sin agus ar cuireadh deireadh leis ar na forais go raibh an t-aon tairiscint amháin a cuireadh isteach mí-oiriúnach, cé nach dtugann ábhar an chonartha i dtrácht aon ghnéithe sonracha i láthair go hoibiachtúil lena dtabharfaí údar maith lena fheidhmíocht a thabhairt don oibreoir sin amháin.


    (1)  IO C 391, 27.09.2021


    Top