Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0295

    Cás C-295/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Bruxelles – an Bheilg) – Allianz Benelux SA v Stát na Beilge, SPF Finances (Tarchur chun réamhrialú – Córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí as Ballstáit difriúla – Treoir 90/435/CEE – Airteagal 4(1) – Díolúine do mháthairchuideachta ó dhíbhinní arna n-íoc ag a fhochuideachta – Ioncam barrachais a bhfuil cáin chinntitheach á iompar aici do bhlianta cánach ina dhiaidh sin – Éadáil cuideachta a bhfuil barrachas ioncaim arna cháin go cinntitheach ag cuideachta eile – Rialacha náisiúnta a chuireann teorainn le haistriú barrachais den sórt sin chuig an gcuideachta sealbhaithe)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/13


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Bruxelles – an Bheilg) – Allianz Benelux SA v Stát na Beilge, SPF Finances

    (Cás C-295/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí as Ballstáit difriúla - Treoir 90/435/CEE - Airteagal 4(1) - Díolúine do mháthairchuideachta ó dhíbhinní arna n-íoc ag a fhochuideachta - Ioncam barrachais a bhfuil cáin chinntitheach á iompar aici do bhlianta cánach ina dhiaidh sin - Éadáil cuideachta a bhfuil barrachas ioncaim arna cháin go cinntitheach ag cuideachta eile - Rialacha náisiúnta a chuireann teorainn le haistriú barrachais den sórt sin chuig an gcuideachta sealbhaithe)

    (2022/C 472/15)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour d'appel de Bruxelles

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Allianz Benelux SA

    Cosantóirí: Stát na Beilge, SPF Finances

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 4(1) de Threoir 90/435/CEE ón gComhairle an 23 Iúil 1990 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí as Ballstáit difriúla,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear go n-áirítear díbhinní a fhaigheann cuideachta ina méid inchánach sula n-asbhainfear suas le 95 % dá méid iad agus a cheadaítear leis, nuair is cuí, an asbhaint sin a thabhairt ar aghaidh chuig blianta cánach ina dhiaidh sin, ach, áfach, i gcás an chuideachta sin a fháil i ndáil le cumasc, go gcuirtear teorainn leis le haistriú an asbhainte sin atá á chur ar aghaidh chuig an gcuideachta fála i gcomhréir leis an scair arb ionann í agus glansócmhainní cánach na cuideachta atá á bhfáil i nglansócmhainní iomlána na cuideachta fála agus na cuideachta atá á fáil.


    (1)  IO C 289, 19.07.2021.


    Top