Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0241

    Cás C-241/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus – an Eastóin) – I. L. v Politsei- ja Piirivalveamet (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2008/115/CE – Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Airteagal 15(1) – Coinneáil – Forais choinneála – Critéar ginearálta bunaithe ar an riosca go gcuirfear i gcontúirt cur i gcrích éifeachtach an bhaint – Riosca cion coiriúil a dhéanamh – Iarmhairtí bhunú an chiona agus smachtbhanna a fhógairt – Castacht an phróisis bhaint – Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Teorainn leis an gceart bunúsach chun saoirse – Bunús dlí a cheangal – Riachtanais soiléire, intuarthachta agus inrochtaineachta – Cosaint i gcoinne treallach)

    IO C 451, 28.11.2022, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    28.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 451/2


    Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus – an Eastóin) – I. L. v Politsei- ja Piirivalveamet

    (Cás C-241/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2008/115/CE - Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh - Airteagal 15(1) - Coinneáil - Forais choinneála - Critéar ginearálta bunaithe ar an riosca go gcuirfear i gcontúirt cur i gcrích éifeachtach an bhaint - Riosca cion coiriúil a dhéanamh - Iarmhairtí bhunú an chiona agus smachtbhanna a fhógairt - Castacht an phróisis bhaint - Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Teorainn leis an gceart bunúsach chun saoirse - Bunús dlí a cheangal - Riachtanais soiléire, intuarthachta agus inrochtaineachta - Cosaint i gcoinne treallach)

    (2022/C 451/02)

    Teanga an cháis: an Eastóinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Riigikohus

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: I. L.

    Cosantóir: Politsei- ja Piirivalveamet

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008, maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní cheadaítear do Bhallstát náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur faoi choinneáil ar bhonn critéar ginearálta amháin atá bunaithe ar an riosca go gcuirfear i gcontúirt cur i gcrích éifeachtach an bhaint, gan ceann de na forais shonracha coinneála a shásamh dá bhforáiltear agus arna sainmhíniú go soiléir sa reachtaíocht atá beartaithe chun an fhoráil sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.


    (1)  IO C 242, 21.06.2021


    Top