Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0229

    Cás C-229/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Cour d'appel de Bruxelles – an Bheilg) – Port de Bruxelles, Région de Bruxelles-Capitale v Infrabel SA (Tarchur chun réamhrialú – Gréasán Tras-Eorpach Iompair – Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 – Airteagal 15(1) – Bonneagar iompair na n-uiscebhealaí intíre – Calafoirt intíre – Oibleagáid Ballstáit chun na calafoirt intíre a nascadh le bonneagar iompair de bhóthar nó d'iarnród – Deireadh a chur leis an nasc le ceachtar den dá chineál bonneagair iompair seo – Coinníollacha)

    IO C 303, 8.8.2022, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 303/7


    Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Cour d'appel de Bruxelles – an Bheilg) – Port de Bruxelles, Région de Bruxelles-Capitale v Infrabel SA

    (Cás C-229/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Gréasán Tras-Eorpach Iompair - Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 - Airteagal 15(1) - Bonneagar iompair na n-uiscebhealaí intíre - Calafoirt intíre - Oibleagáid Ballstáit chun na calafoirt intíre a nascadh le bonneagar iompair de bhóthar nó d'iarnród - Deireadh a chur leis an nasc le ceachtar den dá chineál bonneagair iompair seo - Coinníollacha)

    (2022/C 303/09)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour d'appel de Bruxelles

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Port de Bruxelles, Région de Bruxelles-Capitale

    Cosantóir: Infrabel SA

    Idiragraithe: FIF-FSI (Fonds d’Infrastructure Ferroviaire) SA, État belge, Région de Bruxelles-Capitale, Port de Bruxelles SA, Lineas SA

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór Airteagal 15(1) de Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE, a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina bhfuil naisc le bonneagar iompair de bhóthar agus d'iarnród araon ag calafort intíre atá ina chuid den ghréasán cuimsitheach de réir bhrí Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin, go gcoisctear leis, ach amháin in imthosca eisceachtúla, deireadh a chur le ceann amháin den dá chineál naisc sin. Ní hionann mainneachtain an nasc atá i gceist a chothabháil, mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na forála sin, nó luacháil eacnamaíoch na talún ar áitiú ag na bonneagair sin, agus imthosca den sórt sin.


    (1)  IO C 217, 07.06.2021


    Top