Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0681

    Cás T-681/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – OC v SEGS (Dliteanas – Státseirbhís – Foireann SEGS ar phostú i dtríú tír – Tuairisciú neamhrialtachtaí – Tuarascáil chigireachta – Aistriú – Gníomhartha a dhéanann dochar d’oifigeach – Iompar nach bhfuil cinneadh i gceist leis – Ceanglais an nós imeachta réamhdhlíthíochta a chomhlíonadh – Cosaint sceithirí – Airteagal 22a de na Rialacháin Foirne – Dualgas cúraim – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha – Meas ar an saol príobháideach – Cosaint sonraí pearsanta)

    IO C 340, 5.9.2022, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 340/32


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – OC v SEGS

    (Cás T-681/20) (1)

    (Dliteanas - Státseirbhís - Foireann SEGS ar phostú i dtríú tír - Tuairisciú neamhrialtachtaí - Tuarascáil chigireachta - Aistriú - Gníomhartha a dhéanann dochar d’oifigeach - Iompar nach bhfuil cinneadh i gceist leis - Ceanglais an nós imeachta réamhdhlíthíochta a chomhlíonadh - Cosaint sceithirí - Airteagal 22a de na Rialacháin Foirne - Dualgas cúraim - Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha - Meas ar an saol príobháideach - Cosaint sonraí pearsanta)

    (2022/C 340/42)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: OC (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Marquardt agus R. Spáč, i gcáil Gníomhairí)

    Maidir le:

    Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh i leith damáiste líomhnaithe a bhain di mar thoradh ar ghníomhartha agus iompar na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ordaítear don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) suim EUR 10 000 a íoc le OC i leith damáiste neamhábhartha a fulaingíodh;

    2)

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

    3)

    Ordaítear do SEGS a chostais féin agus leath na gcostas arna dtabhú ag OC a íoc.


    (1)  IO C 19, 18.1.2021.


    Top