Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0313

    Cás T-313/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – Stadtwerke Leipzig v an Coimisiún (Iomaíocht – Comhchruinnithe – Margadh leictreachais na Gearmáine – Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Inghlacthacht – Oibleagáid cúiseanna a lua – An coincheap “Comhchruinniú aonair” – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – An ceart éisteacht a fháil – Sainmhíniú ar an margadh – Tréimhse anailíse – Anailís ar chumhacht an mhargaidh – Tionchar cinntitheach – Earráidí follasacha measúnaithe – Dualgas cúraim)

    IO C 235, 3.7.2023, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 235/24


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – Stadtwerke Leipzig v an Coimisiún

    (Cás T-313/20) (1)

    (Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margadh leictreachais na Gearmáine - Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Inghlacthacht - Oibleagáid cúiseanna a lua - An coincheap ‘Comhchruinniú aonair’ - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - An ceart éisteacht a fháil - Sainmhíniú ar an margadh - Tréimhse anailíse - Anailís ar chumhacht an mhargaidh - Tionchar cinntitheach - Earráidí follasacha measúnaithe - Dualgas cúraim)

    (2023/C 235/30)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Stadtwerke Leipzig GmbH (Leipzig, an Ghearmáin) (ionadaithe: I. Zenke agus T. Heymann, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus I. Zaloguin, Gníomhairí, le cúnamh ó T. Funke agus A. Dlouhy, Dlíodóirí)

    Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus S. Costanzo, Gníomhairí), E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Siegmund agus J. Ziebarth, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh C(2019) 1711 final ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8871 – RWE/E.ON Assets) (IO 2020 C 111, lch. 1), a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Stadtwerke Leipzig GmbH, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach E.ON SE agus RWE AG a íoc.

    3.

    Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a costais féin a íoc.


    (1)  IO C 247, 27.7.2020.


    Top