Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0349

    Cás C-349/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón First-tier Tribunal (Immigration and Asylum Chamber) – an Riocht Aontaithe) – NB, AB v Secretary of State for the Home Department (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas tearmainn agus inimirce – Caighdeáin maidir le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát le haghaidh cosaint idirnáisiúnta – Treoir 2004/83/CE – Airteagal 12 – Stádas dídeanaí a shéanadh – Duine gan stát de bhunadh na Palaistíne atá cláraithe le Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) (UNRWA) – Coinníollacha chun tairbhe Threoir 2004/83/CE a fháil ipso facto – deireadh le cosaint nó le cúnamh UNRWA)

    IO C 171, 25.4.2022, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 171, 25.4.2022, p. 8–9 (GA)

    25.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 171/8


    Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón First-tier Tribunal (Immigration and Asylum Chamber) – an Riocht Aontaithe) – NB, AB v Secretary of State for the Home Department

    (Cás C-349/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas tearmainn agus inimirce - Caighdeáin maidir le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát le haghaidh cosaint idirnáisiúnta - Treoir 2004/83/CE - Airteagal 12 - Stádas dídeanaí a shéanadh - Duine gan stát de bhunadh na Palaistíne atá cláraithe le Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) (UNRWA) - Coinníollacha chun tairbhe Threoir 2004/83/CE a fháil ipso facto - deireadh le cosaint nó le cúnamh UNRWA)

    (2022/C 171/11)

    Teanga an cháis: an Béarla

    An chúirt a rinne an tarchur

    First-tier Tribunal (Immigration and Asylum Chamber)

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: NB, AB

    Cosantóir: Secretary of State for the Home Department

    Idiragraí: United Nations High Commissioner for Refugees (UK)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a) de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoschaighdeáin i dtaca le cáiliú agus stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu ar shlí eile, agus maidir le hinneachar na cosanta sin a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sí, chun a chinneadh an bhfuil deireadh tagtha le cosaint nó le cúnamh ó Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) (UNRWA), ionas gur féidir le duine “stádas dídeanaí”, de réir bhrí na forála sin, a éileamh ipso facto, gur ceart a chur san áireamh i measúnú aonair na himthosca ábhartha mar atá siad, ní hamháin ag an tráth a imíonn an duine sin ó limistéar oibríochta UNRWA, ach freisin ag an tráth a bhíonn iarratas ar stádas dídeanaí á bhreithniú ag na húdaráis riaracháin inniúla nó ag na húdaráis bhreithiúnacha ábhartha maidir leis an achomharc i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear stádas den sórt sin a thabhairt.

    2)

    Ní mór an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a), de Threoir 2004/83 a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sí, mar chuid den anailís chun a chinneadh an bhfuil deireadh tagtha le cosaint nó le cúnamh ó Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) (UNRWA), ionas gur féidir le duine “stádas dídeanaí”, de réir bhrí na forála sin, a éileamh ipso facto nuair a shuíonn an duine lena mbaineann gur cuireadh iallach air limistéar oibríochta UNRWA a fhágáil ar chúiseanna nach raibh neart aige orthu agus nach dá dheoin féin iad, gur faoin mBallstát atá sé cinneadh a dhéanamh, má mheasann sé go bhfuil an duine in ann filleadh ar an limistéar sin feasta agus an chosaint nó an cúnamh sin a fháil, a shuíomh gurb amhlaidh atá an cás.

    3)

    Ní mór an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a) de Threoir 2004/83 a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sí, chun a chinneadh an bhfuil deireadh tagtha le cosaint nó le cúnamh ó Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) (UNRWA), de réir bhrí na forála sin, ionas gur cuireadh iallach ar dhuine a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta limistéar oibríochta an chomhlachta sin a fhágáil, ní gá a shuíomh go bhfuil sé beartaithe ag UNRWA ná ag an Stát ar ina chríoch a oibríonn sé díobháil a dhéanamh don duine ná cúnamh a bhaint de trí ghníomh nó neamhghníomh. Chun críocha na forála sin, is leor a shuíomh go bhfuil deireadh tagtha go héifeachtach le cúnamh nó le cosaint UNRWA ar chúis ar bith ionas nach bhfuil UNRWA in ann, ar chúiseanna oibiachtúla nó ar chúiseanna a bhaineann le staid aonair an duine, dálaí maireachtála a sholáthar a thuilleadh atá i gcomhréir lena shainordú.

    4)

    Ní mór an dara habairt d’Airteagal 12(1)(a) de Threoir 2004/83, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(D) den Choinbhinsiún a bhaineann le Stádas Dídeanaithe, a síníodh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951, a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sí, le linn measúnú a dhéanamh an bhfuil deireadh tagtha le cosaint nó le cúnamh ó Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) (UNRWA) ionas gur féidir le duine “stádas dídeanaí”, de réir bhrí na forála sin de Threoir 2004/83, a éileamh ipso facto, gur ceart a chur san áireamh an cúnamh a sholáthraíonn gníomhaithe na sochaí sibhialta, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, don duine sin, ar choinníoll go bhfuil caidreamh foirmiúil comhair ag UNRWA leo atá de chineál cobhsaí agus ina gcuidíonn siad le UNRWA a shainordú a chomhlíonadh.


    (1)  IO C 62 an 22.02.2021


    Top